EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R1435

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1435 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an teimpléad le haghaidh fógra aisghairme

C/2024/3383

IO L, 2024/1435, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1435/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 27/05/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1435/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1435

27.5.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1435 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Bealtaine 2024

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an teimpléad le haghaidh fógra aisghairme

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 34(3) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialáil Ghinearálta maidir le Sábháilteacht Táirgí,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2023/988, má chuirtear faisnéis maidir le haisghairm sábháilteachta táirge ar fáil i scríbhinn do thomhaltóirí, ba cheart í a bheith i bhfoirm fógra aisghairme. De bhun Airteagal 35(4) den Rialachán sin, i gcás nach féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na tomhaltóirí uile a ndéanann aisghairm difear dóibh, scaipfidh oibreoirí eacnamaíocha agus soláthraithe margaí ar líne, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, fógra aisghairme atá soiléir agus infheicthe.

(2)

Chun a áirithiú go bhfreagróidh tomhaltóirí d’aisghairmeacha sábháilteachta táirgí, ba cheart an fógra aisghairme a bheith soiléir, trédhearcach, agus ba cheart dó tuairisc shoiléir a dhéanamh ar an nguais atá i gceist. Leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/988 an fhaisnéis éigeantach ba cheart a bheith i bhfógra aisghairme.

(3)

Chun cur chuige comhsheasmhach agus cleachtais aonfhoirmeacha a éascú agus a chur chun cinn ar fud an Aontais maidir le fógraí aisghairme, is gá teimpléad a leagan síos le haghaidh fógraí maidir le sábháilteacht táirgí a aisghairm. Le teimpléad aonair caighdeánaithe le haghaidh aisghairmeacha sábháilteachta táirgí, ba cheart dó é a éascú do thomhaltóirí fógraí aisghairme a shainaithint agus a thuiscint, agus ba cheart comhlíonadh níos éasca agus níos aonfhoirmí a áirithiú leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2023/988 le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus soláthraithe margaí ar líne.

(4)

Le Rialachán (AE) 2023/988 ceanglaítear ar an gCoimisiún teimpléad a leagan amach le haghaidh fógra aisghairme agus forbairtí eolaíocha agus margaidh á gcur san áireamh, agus é a chur ar fáil i bhformáid a chuireann ar chumas d’oibreoirí eacnamaíocha fógra aisghairme a chruthú go héasca. An réiteach is iomchuí go teicniúil chun an teimpléad sin a chur ar fáil, is é go bhfoilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin é.

(5)

Ceanglaítear le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/988 gur cheart an fógra aisghairme a bheith i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Tugtar le tuiscint leis sin, mar shampla, nuair a chomhroinntear fógra aisghairme ar líne, go gcuirtear san áireamh ann caighdeáin agus dea-chleachtais maidir le hinrochtaineacht gréasáin. Go háirithe, má tá faisnéis thábhachtach faoin táirge aisghairthe nó faoi shainaithint na dtáirgí lena mbaineann an aisghairm le fáil i bpictiúr, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfar an fhaisnéis sin a litriú chun go mbeidh sí inléite ag meaisín.

(6)

Chun a ndóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha a bpróisis inmheánacha a oiriúnú i ndáil le fógra aisghairme, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an dáta céanna le Rialachán (AE) 2023/988,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunaítear leis an Rialachán seo an teimpléad le haghaidh fógra aisghairme i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) 2023/988.

Tá an teimpléad leagtha amach san Iarscríbhinn.

Foilseoidh an Coimisiún an teimpléad sin ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 13 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 135, 23.5.2023, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Image 1

Image 2


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1435/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top