This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D0766
Commission Implementing Decision (EU) 2024/766 of 1 March 2024 amending Implementing Decision (EU) 2019/1119 as regards the calculation of the CO2 savings and of the statistical margin for certain not off-vehicle charging hybrid electric passenger cars
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/766 ón gCoimisiún an 1 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119 a mhéid a bhaineann le ríomh na gcoigilteas CO2 agus an chorrlaigh staidrimh le haghaidh gluaisteáin paisinéirí hibrideacha leictreacha nach feithiclí leictreacha hibrideacha le luchtú seachtrach iad
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/766 ón gCoimisiún an 1 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119 a mhéid a bhaineann le ríomh na gcoigilteas CO2 agus an chorrlaigh staidrimh le haghaidh gluaisteáin paisinéirí hibrideacha leictreacha nach feithiclí leictreacha hibrideacha le luchtú seachtrach iad
C/2024/1263
IO L, 2024/766, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/766/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/766 |
5.3.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/766 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Márta 2024
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119 a mhéid a bhaineann le ríomh na gcoigilteas CO2 agus an chorrlaigh staidrimh le haghaidh gluaisteáin paisinéirí hibrideacha leictreacha nach feithiclí leictreacha hibrideacha le luchtú seachtrach iad
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 11(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 25 Iúil 2023, chuir an monaróir BMW AG (‘an t-iarratasóir’) iarraidh isteach i gcomhréir le hAirteagal 12a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 725/2011 ón gCoimisiún (2) is infheidhme ón dáta sin maidir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/1119 ón gCoimisiún (3) a leasú chun ríomh na gcoigilteas CO2 agus an chorrlaigh staidrimh le haghaidh feithiclí leictreacha hibrideacha nach feithiclí leictreacha hibrideacha le luchtú seachtrach iad a chur in oiriúint don mhodheolaíocht a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún (4). |
(2) |
Le Rialachán (AE) 2017/1151, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/443 ón gCoimisiún (5), déantar foráil maidir le cur chuige malartach chun éagothroime luchtaithe ceallraí feithiclí leictreacha hibrideacha áirithe nach bhfuil inluchtaithe go seachtrach a cheartú, ar cur chuige é a bhraitheann ar fhachtóir astaíochta cineálach de réir an chineáil innill. D’iarr an t-iarratasóir go gceadófaí dó an cur chuige sin a úsáid chun an coigilteas CO2 a ríomh agus chun an corrlach staidrimh le haghaidh na teicneolaíochta nuálaí a formheasadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119 a ríomh. |
(3) |
Agus na hargóintí a chuir an t-iarratasóir i láthair á gcur san áireamh, is iomchuí an mhodheolaíocht tástála a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119 a mhodhnú chun a áirithiú nach mbeidh ualach tástála neamhriachtanach ar mhonaróirí feithiclí a chuireann an cur chuige malartach a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2023/443 i bhfeidhm agus iarratas á dhéanamh acu ar dheimhniú na gcoigilteas CO2 i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119. |
(4) |
Cé gur iarr an t-iarratasóir úsáid a bhaint as an gcur chuige malartach bunaithe ar éifeachtúlacht ailtéarnóra 0,67, is iomchuí an cur chuige a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1151 a leanúint go comhsheasmhach agus éifeachtúlacht ailtéarnóra 1 a chur i bhfeidhm chun coigilteas CO2 agus an corrlach staidrimh a chinneadh, agus an mhodheolaíocht tástála a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119 a oiriúnú dá réir. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119 ón gComhairle a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119 ón gCoimisiún mar a leagtar san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 111, 25.4.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/631/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 725/2011 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2011 lena mbunaítear nós imeachta maidir le teicneolaíochtaí nuálaíocha a cheadú agus a dheimhniú i ndáil le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí a laghdú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 194, 26.7.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/725/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 maidir le formheas soilse seachtracha éifeachtúla feithiclí a úsáideann dé-óidí astaithe solais agus atá lena n-úsáid i bhfeithiclí innill dócháin inmheánaigh agus i bhfeithiclí leictreacha hibrideacha nach féidir a luchtú go seachtrach mar theicneolaíocht nuálach chun astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí a laghdú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 176, 1.7.2019, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2019/1119/oj).
(4) Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1151/oj).
(5) Rialachán (AE) 2023/443 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1151 a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta um chineálcheadú astaíochtaí le haghaidh feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (IO L 66, 2.3.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/443/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2019/119 mar a leanas:
1. |
i bpointe 4.1.2., cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘De rogha air sin, ar iarraidh a fháil ón monaróir, déanfar coigilteas CO2 iomlán an phacáiste soilsithe a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i bpointe 4.1.1., agus socrófar an chomhéifeacht ηΑ ag 1.’; |
2. |
i bpointe 4.2.2., cuirtear an mhír seo a leanas leis tar éis Fhoirmle 9: ‘Má chuirtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear i bpointe 4.1.2, an mhír dheireanach, i bhfeidhm, déanfar corrlach staidrimh an phacáiste soilsithe a ríomh i gcomhréir le pointe 4.2.1., agus socrófar an chomhéifeacht ηΑ ag 1.’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/766/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)