Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0421

    Cinneadh (CBES) 2024/421 ón gComhairle an 29 Eanáir 2024 lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

    ST/17103/2023/INIT

    IO L, 2024/421, 30.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/421/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/421/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/421

    30.1.2024

    CINNEADH (CBES) 2024/421 ÓN gCOMHAIRLE

    an 29 Eanáir 2024

    lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 31 Eanáir 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/72/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis.

    (2)

    Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/72/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha go dtí an 31 Eanáir 2025 agus, san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le triúr a scriosadh.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/72/CBES a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

    ‘Airteagal 5

    1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2025.

    2.   Déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar an gCinneadh seo. Féadfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh na cuspóirí atá leis.’

    ;

    (2)

    leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)  Cinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle an 31 Eanáir 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (IO L 28, 2.2.2011, lch. 62).


    IARSCRÍBHINN

    I ranna A agus B den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/72/CBES, scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine seo a leanas:

    14.   

    Samira Bent Mohamed Ben Rhouma TRABELSI;

    26.   

    Dorsaf Bent Zine El Abidine Ben Haj Hamda BEN ALI;

    27.   

    Sirine (Cyrine) Bent Zine El Abidine Ben Haj Hamda.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/421/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top