Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2822

    Rialachán (AE) 2023/2822 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 1

    C/2023/8823

    IO L, 2023/2822, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2822/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2822/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2822

    20.12.2023

    RIALACHÁN (AE) 2023/2822 ÓN gCOIMISIÚN

    an 19 Nollaig 2023

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 1

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún (2), glacadh caighdeáin agus léirmhínithe idirnáisiúnta cuntasaíochta áirithe a bhí ann an 8 Meán Fómhair 2022.

    (2)

    An 23 Eanáir 2020, d’eisigh an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (‘IASB’) leasuithe ar Chaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 1 – Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (‘IAS 1’). Sonraítear sna leasuithe conas a chinnfidh cuideachta, sa ráiteas ar an staid airgeadais, fiachas agus dliteanais eile a bhfuil dáta socraíochta neamhchinnte acu. De réir na leasuithe sin, tá an fiachas nó na dliteanais eile sin le haicmiú mar fhiachas nó dliteanais eile reatha (atá dlite nó a d’fhéadfadh a bheith dlite lena shocrú/lena socrú laistigh de bhliain amháin) nó neamh-reatha.

    (3)

    An 15 Iúil 2020, mar gheall ar phaindéim COVID, d’eisigh IASB leasú raoin feidhme chúng chun dáta éifeachtach na leasuithe ar IAS 1 a d’eisigh IASB an 23 Eanáir 2020 a chur siar 1 bhliain.

    (4)

    Le linn chur chun feidhme na leasuithe sin ar IAS 1, d’iarr roinnt páirtithe leasmhara ar IASB soiléiriú a thabhairt ar conas ba cheart do chuideachta dliteanas a eascraíonn as socrú iasachta le cúnaint a aicmiú mar dhliteanas reatha nó neamh-reatha. Mar fhreagairt air sin, d’eisigh IASB leasuithe breise ar IAS 1 an 31 Deireadh Fómhair 2022. Leis na leasuithe sin, cuirtear feabhas freisin ar an bhfaisnéis ba cheart do chuideachta a sholáthar nuair atá a ceart chun socraíocht dliteanais a chur siar ar feadh 12 mhí ar a laghad faoi réir cúnant.

    (5)

    Tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais, chinn an Coimisiún go bhfuil na leasuithe ar IAS 1 i gcomhréir leis na critéir maidir le glacadh mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

    (6)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1803 a leasú dá réir sin.

    (7)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Rialála Cuntasaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1803, leasaítear Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 1 – Cur i láthair Ráiteas Airgeadais mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Cuirfidh gach cuideachta na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 1 i bhfeidhm ó dháta tosaithe a céad bhliana airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024, nó dá éis, ar a dhéanaí.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 243, 11.9.2002, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 237, 26.9.2023, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Aicmiú Dliteanas mar Dhliteanais Reatha nó Neamh-reatha agus Dliteanais Neamhreatha le Cúnaint

    Leasuithe ar IAS 1

    Leasuithe ar IAS 1 – Cur i láthair Ráitis Airgeadais

    Leasaítear míreanna 60, 69, 71, 73, 74 agus 76. Cuirtear isteach míreanna 72A, 72B, 75A, 76A, 76B, 139U agus 139W. Cuirtear mír 76ZA isteach díreach i ndiaidh mhír 76. Scriostar mír 139D. Cuirtear ceannteidil isteach roimh mhíreanna 70 agus 71, mír 72A agus mír 76A. Ní leasaítear míreanna 70, 72 agus 75, ach cuirtear san áireamh iad ar mhaithe leis an léitheoireacht a éascú.

    ‘STRUCHTÚR AGUS ÁBHAR

    ...

    Ráiteas staid airgeadais

    ...

    Idirdhealú idir reatha agus neamhreatha

    60.

    Cuirfidh eintiteas sócmhainní reatha agus neamhreatha, agus dliteanais reatha agus neamhreatha, i láthair mar aicmithe ar leithligh ina ráiteas maidir le staid airgeadais i gcomhréir le míreanna 66–76B seachas nuair a sholáthraítear le cur i láthair atá bunaithe ar leachtacht faisnéis atá níos iontaofa agus níos ábhartha. Nuair atá feidhm ag an eisceacht sin, cuirfidh eintiteas gach sócmhainn agus dliteanas i láthair in ord leachtachta.

    ...

    Dliteanais reatha

    69.

    Aicmeoidh eintiteas dliteanas mar dhliteanas reatha sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    tá súil aige go socróidh sé an dliteanas ina ghnáth-thimthriall oibriúcháin;

    (b)

    tá an dliteanas ina sheilbh aige go príomha chun críche trádála;

    (c)

    tá an dliteanas le socrú laistigh de dhá mhí dhéag tar éis na tréimhse tuairiscithe; nó

    (d)

    níl sé de cheart aige, ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, socrú an dliteanais a chur siar go ceann dhá mhí dhéag ar a laghad tar éis na tréimhse tuairiscithe.

    Aicmeoidh eintiteas gach dliteanas eile mar dhliteanais neamh-reatha.

    Gnáth-thimthriall oibriúcháin (mír 69(a))

    70.

    Tá roinnt dliteanas reatha, amhail suimeanna iníochta trádála agus fabhruithe áirithe le haghaidh fostaithe agus costais oibriúcháin eile, mar chuid de chaipiteal oibre a mbaintear úsáid as i ngnáth-thimthriall oibriúcháin an eintitis. Aicmíonn eintiteas míreanna oibríochta den sórt sin mar dhliteanais reatha fiú má tá siad le socrú laistigh de dhá mhí dhéag tar éis na tréimhse tuairiscithe. Tá feidhm ag an ngnáth-thimthriall oibriúcháin céanna maidir le haicmiú sócmhainní agus dliteanas eintitis. Nuair nach bhfuil gnáth-thimthriall oibriúcháin an eintitis inaitheanta go soiléir, glactar leis gur dhá mhí dhéag atá ann.

    Á shealbhú go príomha chun críche trádála (mír 69(b)) nó atá le socrú laistigh de dhá mhí dhéag (mír 69(c))

    71.

    Ní shocraítear dliteanais reatha eile mar chuid den ghnáth-thimthriall oibriúcháin, ach tá siad le socrú laistigh de dhá mhí dhéag tar éis na tréimhse tuairiscithe nó sealbhaítear iad go príomha chun críche trádála. Is samplaí iad roinnt dliteanas airgeadais a chomhlíonann an sainmhíniú arna shealbhú le trádáil in IFRS 9, rótharraingtí bainc, agus an chuid reatha de dhliteanais airgeadais neamh-reatha, díbhinní iníoctha, cánacha ioncaim agus suimeanna iníoctha eile nach mbaineann le trádáil. Maidir le dliteanais airgeadais lena soláthraítear maoiniú ar bhonn fadtéarmach (i.e. ní cuid den chaipiteal oibre a mbaintear úsáid i ngnáth-thimthriall oibriúcháin an eintitis é) agus nach bhfuil le socrú laistigh de dhá mhí dhéag tar éis na tréimhse tuairiscithe, ní dliteanais neamh-reatha iad, faoi réir mhíreanna 72A – 75.

    72.

    Aicmíonn eintiteas a dhliteanais airgeadais mar dhliteanais airgeadais reatha nuair atá siad le socrú laistigh de dhá mhí dhéag tar éis na tréimhse, fiú sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    ba thréimhse níos faide ná dhá mhí dhéag é an téarma bunaidh; agus

    (b)

    cuirtear i gcrích comhaontú chun íocaíochtaí a athmhaoiniú, nó chun íocaíochtaí a athsceidealú, ar bhonn fadtéarmach tar éis na tréimhse tuairiscithe agus sula n-údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint.

    Ceart chun socraíocht a chur siar ar feadh dhá mhí dhéag ar a laghad (mír 69(d))

    72A

    Maidir le ceart eintitis socrú dliteanais a chur siar go ceann dhá mhí dhéag ar a laghad tar éis na tréimhse tuairiscithe, ní mór dó bunús a bheith aige agus, mar a léirítear i míreanna 72B – 75, ní mór dó a bheith ann ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    72B

    An ceart atá ag eintiteas socrú dliteanais a eascraíonn as socrú iasachta a chur siar go ceann dhá mhí dhéag ar a laghad tar éis na tréimhse tuairiscithe, féadfaidh sé a bheith faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a shonraítear sa socrú iasachta sin (dá ngairtear ‘cúnaint’ anseo feasta). Chun críocha mhír 69(d) a chur i bhfeidhm, ní mór do na cúnaint sin:

    (a)

    difear a dhéanamh ó thaobh an ann don cheart sin ag deireadh na tréimhse tuairiscithe — mar a léirítear i míreanna 74–75—má cheanglaítear ar eintiteas an cúnant a chomhlíonadh roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe nó roimhe sin. Déanann cúnant den sórt sin difear i dtaca le cé acu an ann nó nach ann don cheart ag deireadh na tréimhse tuairiscithe fiú mura ndéantar measúnú ar chomhlíonadh an chúnaint ach amháin tar éis na tréimhse tuairiscithe (mar shampla, cúnant bunaithe ar staid airgeadais an eintitis ag deireadh na tréimhse tuairiscithe ach gan measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh ach amháin tar éis na tréimhse tuairiscithe);

    (b)

    ní dhéanfaidh siad difear i dtaca le cé acu an ann nó nach ann don cheart sin ag deireadh na tréimhse tuairiscithe más rud é nach gceanglaítear ar eintiteas an cúnant a chomhlíonadh ach amháin tar éis na tréimhse tuairiscithe (mar shampla, cúnant bunaithe ar staid airgeadais an eintitis sé mhí tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe).

    73.

    Má tá sé de cheart ag an eintiteas, ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, oibleagáid a thar-rolladh ar feadh dhá mhí dhéag ar a laghad tar éis na tréimhse tuairiscithe faoi shaoráid iasachta atá ann cheana, aicmítear an oibleagáid mar oibleagáid neamh-reatha, fiú dá mbeadh sí dlite laistigh de thréimhse níos giorra murach sin. Mura bhfuil ceart den sórt sin ag an eintiteas, ní mheasann an t-eintiteas go bhféadfaí an oibleagáid a athmhaoiniú agus aicmíonn sé an oibleagáid mar oibleagáid reatha.

    74.

    Nuair a sháraíonn eintiteas cúnant a bhaineann le socrú iasachta fadtéarmach ar nó roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe leis an éifeacht go mbeidh an dliteanas iníoctha ar éileamh, aicmíonn sé an dliteanas mar dhliteanas reatha, fiú más rud é gur aontaigh an t-iasachtóir, tar éis na tréimhse tuairiscithe agus roimh údarú na ráiteas airgeadais le haghaidh eisiúna, gan íocaíocht a éileamh mar thoradh ar an sárú. Aicmíonn eintiteas dliteanas mar dhliteanas reatha toisc, ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, nach bhfuil sé de cheart aige a shocraíocht a chur siar go ceann dhá mhí dhéag ar a laghad tar éis an dáta sin.

    75.

    Aicmíonn eintiteas dliteanas mar dhliteanas neamh-reatha, áfach, má chomhaontaigh an t-iasachtóir faoi dheireadh na tréimhse tuairiscithe tréimhse chairde a chur ar fáil a chríochnóidh ar a laghad dhá mhí dhéag tar éis na tréimhse tuairiscithe, is féidir leis an eintiteas an sárú a chur ina cheart agus nach féidir leis an iasachtóir aisíocaíocht láithreach a éileamh lena linn.

    75A

    Níl tionchar ag an dóchúlacht go bhfeidhmeoidh eintiteas a cheart chun socrú an dliteanais a chur siar go ceann dhá mhí dhéag ar a laghad tar éis na tréimhse tuairiscithe ar aicmiú dliteanais. Má chomhlíonann dliteanas na critéir i mír 69 maidir le haicmiú mar dhliteanas neamh-reatha, aicmítear é mar dhliteanas neamh-reatha fiú má bheartaíonn an bhainistíocht go socróidh an t-eintiteas an dliteanas laistigh de dhá mhí dhéag tar éis na tréimhse tuairiscithe nó má tá sé ag súil lena leithéid, nó fiú má shocraíonn an t-eintiteas an dliteanas idir deireadh na tréimhse tuairiscithe agus an dáta ar a n-údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint. I gceachtar de na himthosca sin, áfach, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an eintiteas faisnéis a nochtadh maidir le huainiú socraíochta chun a chur ar chumas úsáideoirí a ráitis airgeadais tionchar an dliteanais ar staid airgeadais an eintitis a thuiscint (féach mír 17(c) agus mír 76(d)).

    76.

    Má tharlaíonn na teagmhais seo a leanas idir deireadh na tréimhse tuairiscithe agus an dáta ar a n-údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint, nochtfar na teagmhais sin mar theagmhais neamhchoigeartúcháin i gcomhréir le Teagmhais IAS 10 tar éis na Tréimhse Tuairiscithe:

    (a)

    athmhaoiniú dliteanais ar bhonn fadtéarmach, dliteanais arna aicmiú mar dhliteanas reatha (féach mír 72);

    (b)

    sárú ar shocrú iasachta fadtéarmaí arna aicmiú mar shocrú reatha a cheartú (féach mír 74);

    (c)

    deonú tréimhse chairde ón iasachtóir chun sárú ar shocrú iasachta fadtéarmaí arna aicmiú mar shocrú reatha a cheartú (féach mír 75); agus

    (d)

    socrú dliteanais arna aicmiú mar dhliteanas neamh-reatha (féach mír 75A).

    76ZA

    Agus míreanna 69 - 75 á gcur i bhfeidhm, d’fhéadfadh eintiteas dliteanais a eascraíonn as socruithe iasachta a aicmiú mar dhliteanais neamhreatha nuair atá sé de cheart ag an eintitis socraíocht na ndliteanas sin a chur siar faoi réir cúnaint a chomhlíonadh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis na tréimhse tuairiscithe (féach mír 72B(b)). Sna cásanna sin, nochtfaidh an t-eintiteas faisnéis sna nótaí lena gcuirtear ar chumas úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar an riosca go bhféadfadh na dliteanais a bheith inaisíoctha laistigh de dhá mhí dhéag tar éis na tréimhse tuairiscithe, lena n-áirítear:

    (a)

    faisnéis faoi na cúnaint (lena n-áirítear cineál na gcúnant agus an tráth a cheanglaítear ar an eintiteas iad a chomhlíonadh) agus suim ghlanluacha na ndliteanas gaolmhar.

    (b)

    fíorais agus imthosca, más ann dóibh, a léiríonn go bhféadfadh deacracht a bheith ag an eintiteas na cúnaint a chomhlíonadh — mar shampla, an t-eintiteas a ghníomhaigh le linn na tréimhse tuairiscithe nó ina dhiaidh chun sárú féideartha a sheachaint nó a mhaolú. D’fhéadfaí a áireamh freisin sna fíorais agus sna himthosca sin nach gcomhlíonfadh an t-eintiteas na cúnaint dá ndéanfaí measúnú orthu lena gcomhlíonadh bunaithe ar imthosca an eintitis ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    Socraíocht (míreanna 69(a), 69(c) agus 69(d))

    76A

    Chun dliteanas a aicmiú mar dhliteanas reatha nó neamh-reatha, tagraíonn socraíocht d’aistriú chuig an gcontrapháirtí a mbíonn múchadh an dliteanais mar thoradh air. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis an aistriú:

    (a)

    airgead nó acmhainní eacnamaíocha eile - mar shampla, earraí nó seirbhísí; nó

    (b)

    ionstraimí cothromais dílse an eintitis, ach amháin má tá feidhm ag mír 76B.

    76B

    Téarmaí dliteanais a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh orthu, de rogha an chontrapháirtí, socrú an dliteanais sin trí ionstraimí cothromais dílse an eintitis a aistriú, rud nach ndéanann difear dá aicmiú mar ionstraim airgeadais reatha nó neamh-reatha, más rud é, agus Ionstraimí Airgeadais IAS 32 á gcur i bhfeidhm: Cur i láthair, aicmíonn an t-eintiteas an rogha seo mar ionstraim chothromais, déantar é a aithint ar leithligh ón dliteanas mar chomhpháirt chothromais d’ionstraim chumaisc airgeadais.

    ...

    DÁTA TRASDULA AGUS DÁTA ÉIFEACHTACH

    ...

    139D

    [Arna scriosadh]

    ...

    139U

    Aicmiú Dliteanas mar Dhliteanais Reatha nó Neamh-reatha, a eisíodh in Eanáir 2020 míreanna 69, 73, 74 agus 76 a leasaíodh agus a cuireadh isteach míreanna 72A, 75A, 76A agus 76B. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8. Ceadaítear iarratas níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse níos luaithe tar éis Dliteanais Neamhreatha le Cúnaint a eisiúint (féach mír 139W), cuirfidh sé Dliteanais Neamh-reatha le Cúnaint i bhfeidhm don tréimhse sin freisin. Má chuireann eintiteas Aicmiú Dliteanas mar Dhliteanais Reatha nó Neamhreatha i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    ...

    139W

    Le Dliteanais Neamhreatha le Cúnaint, a eisíodh i mí Dheireadh Fómhair 2022, leasaíodh míreanna 60, 71, 72A, 74 agus 139U agus cuireadh míreanna 72B agus 76ZA leis. Cuirfidh eintiteas an méid seo a leanas i bhfeidhm:

    (a)

    an leasú ar mhír 139U láithreach maidir le Dliteanais Neamhreatha le Cúnaint a eisiúint;

    (b)

    gach leasú eile le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8. Ceadaítear iarratas níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse níos luaithe, cuirfidh sé Aicmiú Dliteanais mar Dhliteanais Reatha nó Neamhreatha i bhfeidhm freisin don tréimhse sin. Má chuireann eintiteas Dliteanais Neamhreatha le Cúnaint i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.’.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2822/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top