Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2743

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2743 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Quercus petraea agus Quercus robur le haghaidh plandú ar de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

    C/2023/8394

    IO L, 2023/2743, 11.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2743/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2743/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2743

    11.12.2023

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2743 ÓN gCOIMISIÚN

    an 8 Nollaig 2023

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Quercus petraea agus Quercus robur le haghaidh plandú ar de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an tríú fomhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2) bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo.

    (2)

    Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, liostaíodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha go sealadach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Ceann de na géinis liostaithe is ea Quercus L.

    (3)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (3) leagtar amach na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, ach nach ndearnadh measúnú iomlán go fóill ar na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leo. Déantar an méid sin toisc nach n-áirítear go fóill sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (4) ceann de na lotnaidí nó níos mó ná sin a bhfuil na plandaí sin mar óstaigh acu, ach d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun go n-áireofaí iad sa liosta sin tar éis measúnú riosca iomlán breise.

    (4)

    An 16 Meitheamh 2022, chuir an Ríocht Aontaithe (5) dhá iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na plandaí seo a leanas le haghaidh plandú a onnmhairiú chuig an Aontas (‘na plandaí ábhartha’):

    plandaí Quercus petraea agus Quercus robur atá suas le 2 bhliain d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 10 mm an trastomhas acu;

    plandaí Quercus petraea agus Quercus robur atá fréamhlom agus atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 40 mm an trastomhas acu;

    plandaí Quercus petraea agus Quercus robur atá suas le 15 bliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 80 mm an trastomhas acu.

    Cuireadh na sainchomhaid theicniúla ábhartha isteach leis na hiarrataí sin.

    (5)

    An 19 Meán Fómhair 2023, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) dhá thuairim eolaíocha a mhéid a bhaineann leis an measúnú riosca ar na plandaí ábhartha de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (6) , (7). Shainaithin an tÚdarás Coniella castaneicola, Cronartium quercuum, Cryphonectria parasitica, Meloidogyne mali, Phytophthora kernoviae, Phytophthora ramorum, Thaumetopoea processionea agus Trinophylum cribratum, mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sin.

    (6)

    Rinne an tÚdarás meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sna sainchomhaid le haghaidh na lotnaidí a sainaithníodh. Tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil ard-dóchúlacht ann go bhfuil na plandaí ábhartha saor ó lotnaidí, ar choinníoll go gcuirtear na bearta maolaithe riosca ábhartha i bhfeidhm.

    (7)

    Ar bhonn na tuairime sin, meastar go laghdaítear an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leis na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais go dtí leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcuirtear bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar riosca na lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin.

    (8)

    Na bearta a thuairiscíonn an Ríocht Aontaithe sna sainchomhaid theicniúla, meastar go bhfuil siad leordhóthanach chun an riosca a bhaineann leis na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a laghdú go dtí leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a glacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais ar an riosca a bhaineann le tabhairt isteach na bplandaí ábhartha inti a áirithiú.

    (9)

    An riosca fíteashláintíochta a bhaineann le tabhairt isteach phlandaí Quercus petraea agus Quercus robur atá fréamhlom agus atá 15 bliana d’aois le haghaidh plandú i gcríoch an Aontais, meastar go bhfuil sé níos ísle ná an riosca a bhaineann le tabhairt isteach phlandaí Quercus petraea agus Quercus robur le haghaidh plandú den aois chéanna i ndamhna fáis, nó comhchosúil leis an riosca sin.

    (10)

    Dá réir sin, plandaí Quercus petraea agus Quercus robur atá suas le 15 bliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 80 mm an trastomhas acu, lena n-áirítear na plandaí ábhartha ann, níor cheart iad a mheas a thuilleadh mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo.

    (11)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir.

    (12)

    Liostaítear Cronartium quercuum agus Phytophthora ramorum (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad) mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinní II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, agus liostaítear Cryphonectria parasitica agus Thaumetopoea processionea mar lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

    (13)

    Níl Coniella castaneicola agus Phytophthora kernoviae san áireamh fós sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Ní mór measúnú riosca lotnaide iomlán ar Coniella castaneicola agus measúnú riosca lotnaide nuashonraithe ar Phytophthora kernoviae a chur ar fáil, chun a chinneadh an gcomhlíonann siad na coinníollacha chun iad a liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus an bhfuil na plandaí ábhartha de thionscnamh na Ríochta Aontaithe le liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin, mar aon leis na bearta iomchuí.

    (14)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir.

    (15)

    Maidir le Trinophylum cribratum, luaitear sa tuairim ón Údarás nach bhfuil aon fhianaise ann gurb ionann na plandaí ábhartha agus bealach chun an lotnaid a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais. Thairis sin, níor taifeadadh go raibh aon tionchar mór ag an lotnaid ar a hóstaigh phlandaithe. Ar na cúiseanna sin, níl gá le haon cheanglas allmhairiúcháin maidir leis an lotnaid sin.

    (16)

    Ní áirítear Meloidogyne mali sa liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais. D’fhoilsigh an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí anailís riosca lotnaide ar an lotnaid sin i mí Mheán Fómhair 2017 (8). Thángthas ar an gconclúid nár cheart an lotnaid a rialáil mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais ná mar lotnaid neamhchoraintín a rialaíonn an tAontas, mar go meastar go bhfuil an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leis íseal, cé gurb ann di i mBallstáit éigin le fada gan bearta rialála oifigiúla. Ar an gcúis sin, níl gá le haon cheanglas allmhairiúcháin maidir leis an lotnaid sin.

    (17)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 igcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2019/oj).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada áirithe eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1213/oj).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).

    (5)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an ghnímh seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.

    (6)   Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2023. Measúnú riosca tráchtearra ar phlandaí Quercus petraea ón Ríocht Aontaithe. EFSA Journal [Iris EFSA] 21(10), 1–234. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8313.

    (7)   Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2023. Measúnú riosca tráchtearra ar phlandaí Quercus robur ón Ríocht Aontaithe. EFSA Journal [Iris EFSA] 21(10), 1–243. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8314

    (8)  EPPO (2017) Anailís riosca lotnaide le haghaidh Meloidogyne enterolobii. EPPO, Páras. Le fáil ag http://www.eppo.int/QUARANTINE/Pest_Risk_Analysis/PRA_intro.htm agus https://gd.eppo.int/taxon/MELGMA.


    IARSCRÍBHINN I

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún ‘Tuairisc’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le ‘ Quercus L.’:

    Quercus L., seachas:

    plandaí Quercus petraea suas le 15 bliana d’aois nach mó ná 80 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe; agus

    plandaí Quercus robur suas le 15 bliana d’aois nach mó ná 80 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.’


    IARSCRÍBHINN II

    Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas i ndiaidh na hiontrála ‘ Persea americana Mill., beangáin gan fréamhacha le haghaidh plandú nach mó ná 2 cm an trastomhas acu’:

    Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile

    Cód AC

    Tríú tíortha tionscnaimh

    Bearta

    Quercus petraea agus Quercus robur,

    plandaí atá suas le 15 bliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 80 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais

    ex 0602 10 90

    ex 0602 90 41

    ex 0602 90 45

    ex 0602 90 46

    An Ríocht Aontaithe

    (a)

    Ráiteas oifigiúil ina ndeirtear:

    (i)

    go bhfuil na plandaí saor ó Coniella castaneicola agus Phytophthora kernoviae;

    (ii)

    go bhfuarthas an láithreán táirgthe saor ó Coniella castaneicola agus Phytophthora kernoviae le linn cigireachtaí oifigiúla, lena n-áirítear tástáil i saotharlann ar aon chomhartha soghabhálach de Phytophthora kernoviae, a rinneadh ag amanna iomchuí ó thús an tséasúir fáis deiridh;

    (iii)

    gur cuireadh córas i bhfeidhm chun a áirithiú gur glanadh na huirlisí agus an t-innealra le bheith saor ó ithir agus ó bhruscar plandaí agus go ndearnadh iad a dhíghalrú le bheith saor ó Coniella castaneicola agus Phytophthora kernoviae, sular tugadh isteach sa láithreán táirgthe iad; agus

    (iv)

    díreach sula ndearnadh onnmhairiú, go raibh na coinsíneachtaí plandaí faoi réir cigireacht oifigiúil chun láithreacht Coniella castaneicola agus Phytophthora kernoviae a aimsiú, lena n-áirítear tástáil agus sampláil randamach a dhéanamh ar Coniella castaneicola agus tástáil i saotharlann a dhéanamh ar aon chomhartha soghabhálach de Phytophthora kernoviae;

    (b)

    go n-áirítear i ndeimhnithe fíteashláintíochta na bplandaí sin faoin gceannteideal “Dearbhú Breise”:

    (i)

    an ráiteas seo a leanas: “Comhlíonann an choinsíneacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún”; agus

    (ii)

    sonraíocht na láithreán táirgthe cláraithe.’


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2743/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top