EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2194

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2194 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte céatapróifein i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch

C/2023/6952

IO L, 2023/2194, 20.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2194/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2194/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2194

20.10.2023

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2194 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Deireadh Fómhair 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte céatapróifein i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14, i gcomhar le hAirteagal 17 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Coimisiún, trí bhíthin rialacháin, le huasteorainneacha iarmhar (‘MRLanna’) a bhunú le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san Aontas i dtáirgí íocshláinte tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe, nó i dtáirgí bithicídeacha a úsáidtear i bhfeirmeoireacht ainmhithe.

(2)

Le Tábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú maidir le MRLanna i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch.

(3)

Áirítear an tsubstaint céatapróifein cheana féin sa tábla sin mar shubstaint cheadaithe i gcás bó-ainmhithe, muc-ainmhithe agus eachainmhithe. Tá an t-aicmiú ‘níl gá le huasteorainn iarmhar’ ag an iontráil atá ann cheana.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, an 14 Nollaig 2020 chuir Huvepharma nv iarraidh faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (‘an Ghníomhaireacht’) chun an iontráil atá ann cheana maidir le céatapróifein a leathnú chun sicín a chumhdach.

(5)

An 12 Bealtaine 2022, trí thuairim ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta, mhol an Ghníomhaireacht aicmiú ‘níl gá le huasteorainn iarmhar’ a bhunú le haghaidh na substainte céatapróifein i sicín.

(6)

An 1 Márta 2023 d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht athmhachnamh a dhéanamh ar an tuairim uaithi an 12 Bealtaine 2022 chun scrúdú breise a dhéanamh ar na cúiseanna imní sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le meitibilítí áirithe agus, i gcás inarb iomchuí, MRLanna uimhriúla a mholadh le haghaidh céatapróifeine i bhfíocháin sicíní.

(7)

An 16 Bealtaine 2023 is é a mhol an Ghníomhaireacht, bunaithe ar thuairim an Choiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta, agus tar éis breithniú a dhéanamh ar iarratas Huvepharma nv agus ar iarraidh an Choimisiúin, MRLanna uimhriúla a bhunú le haghaidh úsáid céatapróifeine i sicín, rud b’infheidhme maidir le matán, le craiceann agus le saill i gcoibhneas nádúrtha, leis an ae agus leis an duán, ach gan é a úsáid in ainmhithe as a dtáirgtear uibheacha lena gcaitheamh ag an duine.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Ghníomhaireacht chun breithniú a dhéanamh maidir le MRLanna a bunaíodh i leith substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de in mbia-ábhar áirithe a úsáid le haghaidh bia-ábhar eile a dhíorthaítear ón speiceas céanna, nó MRLanna a bunaíodh i leith substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i speiceas amháin nó i níos mó ná speiceas amháin a úsáid le haghaidh speicis eile. Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid gurb iomchuí MRLanna a eachtarshuí le haghaidh céatapróifeine ó fhíocháin sicíní chuig fíocháin speiceas éanlaithe clóis eile, ach nach iomchuí é a eachtarshuí chuig uibheacha éanlaithe clóis toisc nár soláthraíodh aon sonraí maidir le hídiú iarmhair le haghaidh na substainte céatapróifein in uibheacha.

(9)

I bhfianaise na tuairime ón nGníomhaireacht, measann an Coimisiún gurb iomchuí an MRL le haghaidh céatapróifeine i bhfíocháin sicíní a bhunú agus é a eachtarshuí i gcás speicis éanlaithe clóis eile, ach nach iomchuí é a dhéanamh i gcás uibheacha éanlaithe clóis.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a leasú dá réir.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Táirgí Íocshláinte Tréidliachta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 152, 16.6.2009, lch. 11.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú maidir le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh na substainte ‘céatapróifein’:

Substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de

Iarmhar marcála

Speiceas Ainmhíoch

MRL

Spriocfhíocháin

Forálacha Eile (de réir Airteagal 14(7) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009)

Aicme Theiripeach

‘Céatapróifein

NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR

Bó-ainmhithe,

Muc-ainmhithe,

Eachainmhithe

Níl gá le huasteorainn iarmhar

NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR

GAN IONTRÁIL

GAN IONTRÁIL

Céatapróifein

Éanlaith chlóis

10 μg/kg

30 μg/kg

10 μg/kg

10 μg/kg

Matán

Craiceann agus saill i gcoibhneas nádúrtha

An t-ae

An duán

Níor cheart é seo a úsáid in ainmhithe as a dtáirgtear uibheacha lena gcaitheamh ag an duine

GAN IONTRÁIL’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2194/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top