Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1535

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1535 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2023 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus 2020/1213 a mhéid a bhaineann le plandaí Acer campestre, Acer palmatum, Acer platanoides agus Acer pseudoplatanus le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe

    C/2023/4909

    IO L 187, 26.7.2023, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1535/oj

    26.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 187/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1535 ÓN gCOIMISIÚN

    an 24 Iúil 2023

    lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus 2020/1213 a mhéid a bhaineann le plandaí Acer campestre, Acer palmatum, Acer platanoides agus Acer pseudoplatanus le haghaidh plandú de thionscnamh na Ríochta Aontaithe

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an tríú fomhír de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2) bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo.

    (2)

    Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, liostaíodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha go sealadach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Ceann de na géinis liostaithe is ea Acer L.

    (3)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (3) leagtar amach na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, ach nach ndearnadh measúnú iomlán go fóill ar na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leo. Déantar an méid sin toisc nach n-áirítear go fóill sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (4) ceann de na lotnaidí nó níos mó ná sin a bhfuil na plandaí sin mar óstaigh acu, ach d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun go n-áireofaí iad tar éis measúnú riosca iomlán breise.

    (4)

    An 3 Bealtaine 2022, chuir an Ríocht Aontaithe (5) iarrataí faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na plandaí seo a leanas le haghaidh plandú a onnmhairiú chuig an Aontas (‘na plandaí ábhartha’):

    plandaí Acer campestre atá suas le 15 bliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 88 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais;

    plandaí Acer palmatum atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais;

    plandaí Acer platanoides atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais; agus

    plandaí Acer pseudoplatanus atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 88 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais.

    Cuireadh leis na hiarrataí sin leis na sainchomhaid theicniúla ábhartha.

    (5)

    An 24 Bealtaine 2023, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) 4 thuairim eolaíocha maidir leis an measúnú riosca ar na plandaí ábhartha de thionscnamh na Ríochta Aontaithe (6)(7)(8)(9). Shainaithin an tÚdarás Bemisia tabaci, Coniella castaneicola, Cryphonectria parasitica, Entoleuca mammata, Eulecanium excrescens, Meloidogyne fallax, Meloidogyne mali, Phytophthora ramorum, Scirtothrips dorsalis agus Takahashia japonica mar lotnaidí atá ábhartha do gach ceann de na speicis de na plandaí ábhartha.

    (6)

    Rinne an tÚdarás meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sna sainchomhaid agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht go mbeadh na plandaí ábhartha saor ó na lotnaidí sin. Tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil dóchúlacht mhaith ann go mbeadh ‘na plandaí ábhartha’ saor ó na lotnaidí sin.

    (7)

    Ar bhonn na dtuairimí sin, meastar go laghdaíodh an riosca fíteashláintíochta ó na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais go leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcuirfear bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar riosca na lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin.

    (8)

    Na bearta a thuairiscíonn an Ríocht Aontaithe sna sainchomhaid theicniúla, meastar go bhfuil siad leordhóthanach chun an riosca a bhaineann leis na plandaí ábhartha a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a laghdú go dtí leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a glacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais ar thabhairt isteach na bplandaí ábhartha inti a áirithiú.

    (9)

    Dá réir sin, níor cheart na plandaí ábhartha a mheas a thuilleadh mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo.

    (10)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir.

    (11)

    Liostaítear Bemisia tabaci, Cryphonectria parasitica agus Entoleuca mammata mar lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta, le haghaidh criosanna cosanta áirithe i gcríoch an Aontais, in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Liostaítear Meloidogyne fallax, Phytophthora ramorum agus Scirtothrips dorsalis mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

    (12)

    Níl Coniella castaneicola, Eulecanium excrescensTakahashia japonica san áireamh fós sa liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Is gá go mbeadh measúnú riosca iomlán ar na lotnaidí sin ar fáil chun a shuí an gcomhlíonann na lotnaidí sin na coinníollacha chun iad a liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus an gcomhlíonann na plandaí ábhartha de thionscnamh na Ríochta Aontaithe na coinníollacha chun iad a liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin, mar aon leis na bearta iomchuí.

    (13)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir.

    (14)

    Ní áirítear Meloidogyne mali sa liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais. D’fhoilsigh an Eagraíocht Eorpach agus Meánmhara um Chosaint Plandaí (‘EPPO’) anailís riosca lotnaide ar an lotnaid sin i mí Mheán Fómhair 2017 (10). Ar bhonn an phlé leis na Ballstáit, thángthas ar an gconclúid nár cheart an lotnaid a rialáil mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais ná mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais mar, cé go raibh an lotnaid i láthair i mBallstáit áirithe ar feadh i bhfad gan bearta rialaithe oifigiúla, meastar go bhfuil a tionchar ar na Ballstáit sin íseal. Ar an gcúis sin, ní gá aon cheanglas allmhairiúcháin maidir leis an lotnaid sin.

    (15)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada áirithe eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

    (5)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an ghnímh seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.

    (6)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2023. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Acer campestre plants from the UK [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Acer campestre ón Ríocht Aontaithe]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2023; 21(7):8071, 291 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8071

    (7)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2023. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Acer palmatum plants from the UK [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Acer palmatum ón Ríocht Aontaithe]. Iris EFSA 2023;21(7):8075, 228 lch. https://doi. org/10.2903/j.efsa.2023.8075

    (8)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2023. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Acer platanoides plants from the UK [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Acer platanoides ón Ríocht Aontaithe]. Iris EFSA 2023;21(7):8073, 268 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8073

    (9)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2023. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Acer psuedoplatanus plants from the UK [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Acer psuedoplatanus ón Ríocht Aontaithe]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2023; 21(7):8074, 271 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.8074

    (10)  EPPO (2017) Anailís riosca lotnaide le haghaidh Meloidogyne enterolobii. EPPO, Páras. Le fáil ar http://www.eppo.int/QUARANTINE/Pest_Risk_Analysis/PRA_intro.htm agus https://gd.eppo.int/taxon/MELGMA.


    IARSCRÍBHINN I

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún ‘Tuairisc’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘Acer L.’,:

    Acer L., seachas:

    Plandaí Acer japonicum Thunberg, Acer palmatum Thunberg, agus Acer shirasawanum Koidzumi, iad fréamhlom, suanach, saor ó dhuilleoga, beangaithe nó a bhfuil bachlóga orthu agus iad idir bliain agus trí bliana d’aois, le haghaidh plandú, de thionscnamh na Nua-Shéalainne;

    plandaí Acer campestre suas le 15 bliana d’aois nach mó ná 88 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe;

    plandaí Acer palmatum suas le 7 mbliana d’aois nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe;

    plandaí Acer palmatum suas le 7 mbliana d’aois nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe; agus

    plandaí Acer pseudoplatanus suas le 7 mbliana d’aois nach mó ná 88 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais le haghaidh plandú agus de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.’


    IARSCRÍBHINN II

    Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach roimh ‘Acer japonicum Thunberg, Acer palmatum Thunberg agus Acer shirasawanum Koidzumi, iad fréamhlom, suanach, saor ó dhuilleoga, beangaithe nó a bhfuil bachlóga orthu agus iad idir bliain agus trí bliana d’aois, le haghaidh plandú, de thionscnamh na Nua-Shéalainne:

    Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile

    Cód CN

    Tríú tíortha tionscnaimh

    Bearta

    ‘—

    plandaí Acer campestre, atá suas le 15 bliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 88 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais;

    plandaí Acer palmatum atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais;

    plandaí Acer platanoides atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais; agus

    plandaí Acer pseudoplatanus atá suas le 7 mbliana d’aois le haghaidh plandú nach mó ná 88 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais.

    ex 0602 90 41 ex 0602 90 45 ex 0602 90 46 ex 0602 90 48

    an Ríocht Aontaithe

    (a)

    Ráiteas oifigiúil ina ndeirtear:

    (i)

    go bhfuil na plandaí saor ó Coniella castaneicola, Eulecanium excrescens agus Takahashia japonica;

    (ii)

    go bhfuarthas an láithreán táirgthe saor ó Coniella castaneicola, Eulecanium excrescens, agus Takahashia japonica le linn cigireachtaí oifigiúla a rinneadh ag amanna iomchuí, ó thús an tséasúir fáis deiridh;

    (iii)

    gur cuireadh córas i bhfeidhm chun a áirithiú gur glanadh na huirlisí agus an t-innealra le bheith saor ó ithir agus ó bhruscar plandaí agus go ndearnadh iad a dhíghalrú le bheith saor ó Coniella castaneicola, sular tugadh isteach sa láithreán táirgthe iad; agus

    (iv)

    díreach sula ndearnadh onnmhairiú, go ndearnadh cigireacht oifigiúil ar choinsíneachtaí de na plandaí chun Eulecanium excrescens, agus Takahashia japonica, a aimsiú agus gur leor méid an tsampla chun leibhéal inmhíolaithe 1 % ar a laghad a bhrath ar leibhéal muiníne 99 %; agus go ndearnadh cigireacht oifigiúil chun Coniella castaneicola a aimsiú, lena n-áirítear trí shampláil randamach agus trí thástáil a dhéanamh ar na plandaí;

    (b)

    go n-áirítear i ndeimhnithe fíteashláintíochta na bplandaí sin faoin gceannteideal “Dearbhú Breise”:

    (i)

    an ráiteas seo a leanas: “Comhlíonann an choinsíneacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún”; agus

    (ii)

    sonraíocht na láithreán táirgthe cláraithe.’


    Top