Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1498

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1498 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    IO L 183I, 20.7.2023, p. 27–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1498/oj

    20.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 183/27


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1498 ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Iúil 2023

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

    (2)

    Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria. Tar éis níos mó ná 10 mbliana, is fada ó bheith thart atá an choinbhleacht sa tSiria agus tá sí fós ina húdar fulaingthe agus éagobhsaíochta.

    (3)

    Tugann an Chomhairle dá haire go leanann réimeas na Siria dá bheartas cos ar bolg a shaothrú. Measann an Chomhairle gur gá éifeachtacht na mbeart sriantach atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun agus a áirithiú, trína bhforbairt a thuilleadh agus a gcur chuige spriocdhírithe difreáilte á choimeád agus dálaí daonnúla mhuintir na Siria á gcur san áireamh. Measann an Chomhairle go bhfuil ábharthacht ar leith ag baint le catagóirí áirithe daoine agus eintiteas maidir le héifeachtacht na mbeart sriantach sin, i bhfianaise an chomhthéacs shonraigh atá ann i gcónaí sa tSiria.

    (4)

    De réir measúnú ón gComhairle, tá tacaíocht mhíleata á tabhairt ag an Iaráin do réimeas na Siria. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart duine amháin a raibh baint aige le córais aerchosanta a fhorbairt agus a sholáthar don tSiria a chur ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an iontráil seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (‘Daoine’) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    ‘352

    Fereydoun Mohammadi SAGHAEI

    فریدون محمدی سقایی

    Dáta breithe: 1964;

    Náisiúntacht: Iaránach;

    Inscne: fireann

    Is é Fereydoun Mohammadi Saghaei Leascheannasaí an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Aerospace Force (Fórsa Aeraspáis Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí). Tá sé i gceannas ar thionscadal aerchosanta IGRC sa tSiria. Feidhmíonn an tionscadal sin i gcomhthéacs na tacaíochta a thugann an Iaráin do réimeas na Siria trí threalamh agus pearsanra míleata a chur chuig an tSiria. Tá Fereydoun Mohammadi Saghaei, dá bhrí sin, ag tacú le réimeas na Siria.

    20.7.2023’.


    Top