Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0844

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/844 ón gComhairle an 24 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    ST/7468/2023/INIT

    IO L 109I, 24.4.2023, p. 1–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/844/oj

    24.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 109/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/844 ÓN gCOMHAIRLE

    an 24 Aibreán 2023

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

    (2)

    Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria. Tar éis níos mó ná 10 mbliana, is fada ó bheith thart an choinbhleacht sa tSiria agus tá sí fós ina húdar fulaingthe agus éagobhsaíochta.

    (3)

    Tugann an Chomhairle dá haire go leanann réimeas na Siria dá bheartas cur faoi chois a shaothrú. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid i gcónaí, measann an Chomhairle gur gá éifeachtacht na mbeart sriantach atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun agus a áirithiú, trína bhforbairt a thuilleadh agus a gcur chuige spriocdhírithe difreáilte á choimeád agus dálaí daonnúla mhuintir na Siria á gcur san áireamh. Measann an Chomhairle go bhfuil ábharthacht ar leith ag baint le catagóirí áirithe daoine agus eintiteas maidir le héifeachtacht na mbeart sriantach sin, i bhfianaise an chomhthéacs shonraigh atá ann i gcónaí sa tSiria

    (4)

    De réir mheasúnaithe ón gComhairle tacaíonn mílístí atá cleamhnaithe leis an réimeas le réimeas na Siria ina bheartais cos ar bolg, go ndéanann siad mí-úsáid ar chearta an duine agus sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta thar ceann réimeas na Siria agus go bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaidh a gcomhaltaí tuilleadh sáruithe den sórt sin. Le blianta beaga anuas tá méadú tagtha ar chuideachtaí slándála príobháideacha atá ag feidhmiú sa tSiria, a ghníomhaíonn mar chuideachtaí caocha do mhílístí atá cleamhnaithe leis an réimeas agus a thacaíonn leo trí ghníomhaíochtaí, mar shampla trí bhaill a earcú. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, go bhfuil gá le bearta sriantacha breise chun reo a dhéanamh ar na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile a bhaineann le mílístí atá cleamhnaithe le réimeas na Siria, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na mílístí sin, chomh maith le daoine agus eintitis atá nasctha le cuideachtaí slándála príobháideacha áirithe a thacaíonn leis na mílístí sin atá cleamhnaithe leis an réimeas, agus chun srianta a chur ar dhaoine den sórt sin a ligean isteach, mar a shainaithin an Chomhairle iad agus mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

    (5)

    Is cúis mhór imní don Chomhairle an méadú atá ag teacht ar thrádáil támhshuanach de thionscnamh na Siria. Mheas an Chomhairle go háirithe go bhfuil an trádáil in amfataimíní tagtha chun a bheith ina samhail ghnó faoi stiúir an réimis, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis, agus a chuireann ioncam ar fáil dó agus a chuireann lena chumas a chuid beartas cos ar bolg a chothabháil. Measann an Chomhairle gur cheart di foráil a dhéanamh maidir le bearta sriantacha chun na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le daoine agus eintitis áirithe iad a bhfuil baint acu le táirgeadh nó gáinneáil támhshuanach de thionscnamh na Siria, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na ndaoine sin, mar a shainaithin an Chomhairle iad agus mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, a reo, agus chun srianta a chur ar ligean isteach na ndaoine sin, ionas nach mbeidh siad in ann tacaíocht a thabhairt don réimeas, agus chun cur leis an mbrú atá ar an réimeas a chuid beartas cos ar bolg a athrú. Tá sé d’aidhm ag na bearta sin freisin an baol go mbainfí an bonn d’éifeachtacht na mbeart sriantach a laghdú trí dhíriú ar chumas an réimis dul i muinín fáltais ó thrádáil támhshuanach chun leanúint dá bheartas cos ar bolg.

    (6)

    I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 25 duine agus 8 eintitis a chur ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012

    (7)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Aibreán 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine):

     

    Ainm

    Faisnéis chéannachta

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “327.

    Wasim Badia AL-ASSAD

    وسيم بديع الأسد

    Dáta bhreithe: 18.7.1980

    Áit bhreithe: Qardaha/an tSiria;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Inscne: fireann

    Is col ceathrar le Bashar al-Assad é Wasim Badia al-Assad; dá bhrí sin, tá sé ina bhall de theaghlach Assad.

    Tá Wasim Badia al-Assad rannpháirteach freisin i dtáirgeadh agus i ngáinneáil Captagon. Go háirithe, bhí sé rannpháirteach i dtáirgeadh Captagon agus tá sé freagrach as lastais drugaí. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    328.

    Samer Kamal AL-ASSAD

    ar a dtugtar freisin ‘Samir’

    سامر كمال الأسد

    Dáta breithe: 19.5.1973;

    Áit bhreithe: Quardaha, an tSiria

    Náisiúntacht: Siriach;

    Inscne: fireann

    Tá Samer Kamal al-Assad ina bhall de theaghlach Assad.

    Feidhmíonn sé i gcomhthéacs na trádála támhshuanach, go háirithe i dtáirgeadh na támhshuanach. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    329.

    Mudar Rifaat AL ASSAD

    ar a dtugtar freisin ‘Rifa’at’

    مضر رفعت الأسد

    Dáta breithe: 1964;

    Áit bhreithe: an tSiria;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Inscne: fireann

    Is col ceathrar le Bashar al-Assad é Mudar Rifaat al-Assad; dá bhrí sin, tá sé ina bhall de theaghlach Assad.

    24.4.2023

    330.

    Mohammad SHALISH

    محمد شاليش

    Náisiúntacht: Siriach;

    Inscne: fireann

    Tá dlúthcheangal ag Mohammad Shalish leis an réimeas.

    Tá sé nasctha le hoibríochtaí drugaí agus go sonrach le trádáil Captagon i réigiún Lattakia. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    331.

    Waseem Omar AL-MASALMA

    وسيم عمر المسالمة

    Dáta breithe: 27.8.1981;

    Áit bhreithe: Bosra Al-Sham/an tSiria;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Inscne: fireann

    Tá Waseem Omar al-Masalma ina cheannaire ar mhílíste atá cleamhnaithe le réimeas.

    Tá Waseem Omar al-Masalma rannpháirteach sa trádáil Captagon faoi stiúir an réimis i nDeisceart na Siria, go háirithe in Deraa. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    332.

    Amer Tayseer KHITI

    عامرتيسير خيتي

    Dáta breithe: 31.7.1980;

    Áit bhreithe: Douma/Gobharnóireacht Rif Dimashq/an tSiria;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Inscne: fireann

    Is mórphearsa gnó é Amer Tayseer Khiti atá ag feidhmiú sa tSiria agus leasanna aige i réadmhaoin, i dtógáil agus i dtionscal. Tá dlúthcheangail aige le teaghlach Assad. Tacaíonn sé leis an uachtarán al-Assad agus d’eagraigh sé slógaí dó.

    Tá Amer Tayseer Khiti rannpháirteach freisin in oibríochtaí smuigleála Captagon agus cheannaigh sé réadmhaoin chun infheistíocht a dhéanamh i saoráidí pacáistithe a úsáidtear le haghaidh smuigleáil drugaí. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    333.

    Abdellatif HAMID

    ar a dtugtar freisin ‘Hamida’

    عبد اللطيف حميدة

    Dáta breithe: 1.12.1977;

    Áit bhreithe: Aleppo, an tSiria

    Náisiúntacht: Siriach;

    Inscne: fireann

    Tá dlúthcheangail ag Abdellatif Hamid le teaghlach Assad.

    Tá monarcha ag Abdellatif Hamid in Aleppo atá luaite le táirgeadh agus gáinneáil Captagon. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    334.

    Nouh ZAITER

    Noah ZAITER

    Noah ZAYTAR

    نوح زعيتر

    Dáta breithe: 1977;

    Áit bhreithe: Zahle, an Liobáin;

    Náisiúntacht: Liobánach;

    Inscne: fireann

    Tá baint ag Nouh Zaiter le baill den teaghlach Assad.

    Tá sé rannpháirteach i ngáinneáil Captagon sa Liobáin agus sa tSiria. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    335.

    Taher AL-KAYALI

    طاهر الكيالي

    Dáta breithe: 13.12.1959;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Inscne: fireann.

    Is fear gnó Siriach é Taher Al-Kayali ar leis roinnt cuideachtaí, lena n-áirítear Neptunus LLC.

    Trína chuideachtaí tá sé rannpháirteach i dtáirgeadh agus gáinneáil Captagon, go háirithe ó thaobh é a iompar ó chalafort Latakia. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    336.

    Imad Abu ZUREIQ

    Emad Abu ZURAIQ

    Imad Abu ZREIK

    عماد أبو زريق

    Dáta breithe: 1982;

    Áit bhreithe: Nasib, Daraa (an tSiria);

    Náisiúntacht: Siriach;

    An áit a meastar ina bhfuil sé: Daraa, an tSiria;

    Inscne: fireann

    Tá Imad Abu Zureiq ina phríomhchomhalta de mhílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas in Iardheisceart na Siria a thuairiscíonn go díreach do bhrainse Slándála Míleata réimeas na Siria.

    Faoi láthair, déanann a mhílíste brabús ó gheilleagar an chogaidh, lena n-áirítear an gháinneáil ar Captagon. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    337.

    Mustafa AL-MASALMAH

    ar a dtugtar freisin Mustafa AL-KASAM/QASIM

    مصطفى المسالمة/الكسم

    Náisiúntacht: Siriach;

    An áit a meastar ina bhfuil sé: Daraa al-Balad, an tSiria;

    Inscne: fireann

    Tá Mustafa al-Maslamah i gceannas ar mhílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas agus a thuairiscíonn go díreach do bhrainse Slándála Míleata réimeas na Siria.

    Faoi láthair, déanann a mhílíste brabús ó gheilleagar an chogaidh, lena n-áirítear an gháinneáil ar an druga sintéiseach Captagon. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó.

    Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    338.

    Hassan Muhammad DAQQOU

    حسن محمد دقو

    Dáta breithe: 1.2.1985;

    Áit bhreithe: Tfail, an Liobáin;

    Náisiúntacht: Siriach/Liobánach;

    Inscne: fireann

    Tá dlúthcheangail ag Hassan Muhammad Daqqou le Ceathrú Rannán Arm na Siria. Tá líonra leathan gáinneála drugaí bunaithe ag Daqqou sa Liobáin agus sa tSiria agus tá monarchana déantúsaíochta Captagon tógtha aige gar don teorainn idir an tSiria agus an Liobáin. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    339.

    Jihad BARAKAT

    جهاد بركات

    Dáta breithe: 1964;

    Áit bhreithe: Qardahah/an tSiria;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Inscne: fireann

    Tá baint trí phósadh ag Jihad Barakat leis an teaghlach Assad.

    Tá sé ina cheannaire freisin ar mhílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas, agus tá feidhmeanna míleata agus faisnéise éagsúla don réimeas aige i gcónaí.

    24.4.2023

    340.

    Raji FALHOUT

    راجي فلحوط

    Dáta breithe: 3.10.1985;

    Áit bhreithe: Atil, an tSiria;

    Post: Ceannaire mílíste atá cleamhnaithe le réimeas na Siria;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Inscne: fireann

    Tá Raji Falhout i gceannas ar mhílíste atá bainteach le Faisnéis Mhíleata na Siria.

    Tá Raji Falhout rannpháirteach freisin i ngáinneáil ar dhrugaí a bhaineann le Captagon. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    341.

    Muhammad ABDO ASSAAD

    ar a dtugtar freisin Asa’ad

    محمد عبده أسعد

    Dáta breithe: 19.7.1975;

    Áit bhreithe: Ain Tineh, Dúiche na Damaisce, an tSiria;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Seoladh: Foirgneamh Assaad, Príomhshráid, Ain Tineh, Dúíche na Damaisce;

    Faisnéis eile aitheantais: Athair: Abdo Assaad;

    Inscne: fireann

    Is é Muhammad Abdo Assaad ceannaire mhílíste Hosn al-Watan, a throid thar ceann réimeas na Siria.

    Le déanaí, bhunaigh sé an chuideachta Aman for Protection and Security LLC, a thairgeann seirbhísí slándála príobháideacha agus a fheidhmíonn mar chuideachta chaoch do mhílíste Hosn al-Watan. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    342.

    Samer AL-DIBIS

    سامر الدبس

    (ar a dtugtar freisin Samer AL-DIBS, Samir)

    Dáta breithe: 30.3.1962;

    Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Seoladh: Naher Street, Rawda, Damascus, Syria;

    Inscne: fireann

    Is mórphearsa gnó é Samer al-Dibis atá ag feidhmiú sa tSiria, atá gníomhach i roinnt earnálacha den gheilleagar, go háirithe i dtionscal na gceimiceán agus i réadmhaoin. Is comhalta é de Bhord Stiúrthóirí Chomhairle Ghnó na Siria-na Síne agus tá sé ina chathaoirleach ar Chumann Tionscail na Damaisce agus Dhúiche na Damaisce. Is feisire parlaiminte agus dlúthchomhlach le Maher-al-Assad é. Sna feidhmeanna sin, tá Samer al-Dibis ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    343.

    Ali Najib IBRAHIM

    علي نجيب إبراهيم

    (ar a dtugtar freisin Ali Najeeb IBRAHIM)

    Dáta breithe: 1991;

    Post: pearsa gnó;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Seoladh: Al-Malki, Damascus, Syria;

    Inscne: Fireann

    Is mórphearsa gnó é Ali Najib Ibrahim atá ag feidhmiú sa tSiria agus tá sé gníomhach in earnáil na teileachumarsáide freisin. Tá roinnt cuideachtaí caocha aige, a raibh baint acu le réimeas na Siria agus iarrachtaí á ndéanamh acu teacht timpeall ar smachtbhannaí. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    344.

    Jamal ISMAIL

    ar a dtugtar freisin Ismael

    جمال إسماعيل

    Náisiúntacht: Siriach;

    Eintitis chomhlachaithe: An Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata;

    Inscne: fireann

    Bhí Jamal al-Ismail ina cheannasaí ar Bhrainse 227 den Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata de chuid réimeas na Siria an 13 Aibreán 2013 nuair a mharaigh a aonad 41 shibhialtach ar a laghad i mbaile Tadamon (‘sléacht Tadamon’). Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois le foréigean.

    24.4.2023

    345.

    Jamal AL-KHATIB

    جمال الخطيب

    Eintitis chomhlachaithe: An Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata

    Bhí Jamal al-Khatib ina oifigeach ceannais i mBrainse 227 den Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata de chuid réimeas na Siria an 13 Aibreán 2013 nuair a ghlac sé páirt i marú 41 shibhialtach ar a laghad i mbaile Tadamon (‘sléacht Tadamon’). Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois le foréigean.

    24.4.2023

    346.

    Osama AL-MALIKI

    ar a dtugtar freisin Usama

    أسامة المالكي

    Dáta breithe: 1963;

    Áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Seoladh: Villa 98, Sharqiyat, Jazira al-Khamisa, Qura al-Assad, Dúiche na Damaisce, an tSiria;

    Faisnéis eile aitheantais: Athair: Mohammad al-Maliki – محمد المالكي;

    Inscne: fireann

    Is é Osama al-Maliki úinéir tromlaigh Al-Jabal Security and Protection LLC. Feidhmíonn Al-Jabal Security and Protection LLC mar chuideachta chaoch chun go bhféadfar leanúint de ghníomhaíochtaí mhílíste Saraya al-Areen 313, mílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas. Dá bhrí sin, tá Osama al-Maliki ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    347.

    Fadi SAQR

    فادي أحمد

    (ar a dtugtar freisin Fady SAKR, Fadi SAQER, Fadi SAQIR)

    Dáta breithe: 1975

    Áit bhreithe: Jablah, an tSiria;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Inscne: fireann

    Is ceannaire é Fadi Saqr ar mhílíste ‘na bhFórsaí Cosanta Náisiúnta’ sa Damaisc a throid thar ceann an réimis ó 2012 ar a laghad. Dá bhrí sin, tá Fadi Saqr ina bhall de mhílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas.

    Bhí Fadi Saqr mar chuid den slabhra ceannais sa sléacht a rinneadh ar 41 shibhialtach ar a laghad i mbaile Tadamon an 13 Aibreán 2013 (‘sléacht Tadamon’). Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois le foréigean.

    24.4.2023

    348.

    Ahmad Ali TAHER

    احمد علي طاهر

    Dáta breithe: 1982;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Seoladh: an Damaisc, Mazze, Western Villas, Foirgneamh Saraya 36, 3ú hUrlár;

    Daoine aonair comhlachaithe: Deartháir: Khodr Taher;

    Eintitis chomhlachaithe: Castle Security and Protection LLC;

    Faisnéis eile aitheantais: Athair: Ali Taher;

    Inscne: fireann

    Tá scaireanna ag Ahmad Ali Taher i Castle Security and Protection LLC, a fheidhmíonn mar chuideachta chaoch don Cheathrú Rannán d’Arm Arabach na Siria, faoi stiúir Maher al-Assad. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    349.

    Amjad YOUSSEF

    ar a dtugtar freisin Yusuf Yousef

    أمجد يوسف

    Náisiúntacht: Siriach;

    Inscne: fireann

    Is Oifigeach Barántas é Amjad Youssef sa Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata na Siria.

    Bhí sé ina bhall de Bhrainse 227 den Stiúrthóireacht um Fhaisnéis Mhíleata de chuid réimeas na Siria an 13 Aibreán 2013 nuair a ghlac sé páirt i marú 41 shibhialtach ar a laghad i mbaile Tadamon (‘sléacht Tadamon’). Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois le foréigean.

    24.4.2023

    350.

    Osama RAMADAN

    ar a dtugtar freisin Usama

    أسامة رمضان

    Dáta breithe: 1973;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Seoladh: an Damaisc, Mazze, Western Villas, Foirgneamh Saraya 36, 3ú hUrlár;

    Comhlach gnó: Ahmad Ali Taher;

    Eintitis chomhlachaithe: Castle Security and Protection LLC;

    Faisnéis eile aitheantais: Athair: Hassan Ramadan;

    Inscne: fireann

    Tá scaireanna ag Osama Ramadan i Castle Security and Protection LLC, a fheidhmíonn mar chuideachta chaoch don Cheathrú Rannán d’Arm Arabach na Siria, faoi stiúir Maher al-Assad. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    351.

    Ali Mhanna SULEIMAN

    علي مهنا سليمان

    Dáta breithe: 1987;

    Áit bhreithe: Al-Raml, Kherbet Maaza, Tartus, an tSiria;

    Náisiúntacht: Siriach;

    Seoladh: Tartus, Khirbit Maaza, an 36ú hEastát, Limistéar Eastát Ghaya;

    Uimhir aitheantais náisiúnta: 10040018920;

    Ainm an athar: Mhanna;

    Ainm na máthar: Insaf;

    Inscne: fireann

    Bhí Ali Suleiman ina cheannaire ar Reisimint Sahab de rannán de chuid Arm Arabach na Siria ar a dtugtar ‘Fórsaí na dTíogar’. Is dlúthchomhlach le Suhayl Hassan é. Bhí baint aige leis an réimeas a mhaoiniú, lena n-áirítear trí bhreosla a smuigleáil. Baineann sé tairbhe freisin as an mbaint atá aige leis an réimeas, mar shampla ó dheiseanna maidir le forbairt réadmhaoine. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023”

    (2)

    cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn B (eintitis):

     

    Ainm

    Faisnéis chéannachta

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “83.

    Fourth Armoured Division of the Syrian Army

    الفرقة الرابع

    Áit chláraithe: an Damaisc;

    Príomhionad gnó: Críoch réimeas na Siria sa tSiria;

    Daoine aonair comhlachaithe: Maher al-Assad, Ghassan Belal

    Tá the Fourth Armoured Division ar cheann de na haonaid mhíleata is suntasaí d’arm na Siria faoi stiúir Maher al-Assad agus faoi cheannas Ghassan Bilal.

    Tá the Fourth Armoured Division freagrach as an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois le foréigean.

    Déanann the Fourth Armoured Divisio brabús freisin ó gheilleagar an chogaidh, go háirithe an gháinneáil ar Captagon. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá the Fourth Armoured Division ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023;

    84.

    Neptunus LLC/Neptune LLC company

    شركة نبتونوس المحدودة المسؤولية

    نبتونس أوفرسيز المحدودة

    Áit chláraithe: Lattakia, an tSiria;

    Dáta clárúcháin: 2017

    Tá Neptunus LLC rannpháirteach in oibríochtaí drugaí i gcalafort Latakia. Dá bhrí sin, tá Neptunus LLC ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacaú leis.

    Chomhbhunaigh Taher Al-Kayali Neptunus LLC.

    24.4.2023

    85.

    Areen foundation/مؤسسة العرين

    Áit chláraithe: an tSiria;

    Dáta clárúcháin: 1999;

    Príomhionad gnó: an tSiria;

    Daoine aonair comhlachaithe: Asma al-Assad (bean chéile Bashar al-Assad agus í ina Stiúrthóir)

    Ligeann the al-Areen foundation uirthi féin gur fondúireacht charthanachta atá inti, ach tá dlúthcheangal aici le mílístí réimeas na Siria.

    Tá the al-Areen foundation faoi stiúr Asma al-Assad, bean chéile an uachtaráin.

    Tá cabhair á cur ar fáil ag an bhfondúireacht i gcomhréir le beartais agus tosaíochtaí an réimis, agus dá bhrí sin, tá sí ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    86.

    Stroytransgaz/Стройтрансгаз

    Faisnéis eile:

    Stroytransgaz Group

    Stroytransgaz (STG) Logistic,

    Stroytransgaz (STG) Engineering,

    STG Engineering

    Is cuideachta innealtóireachta agus tógála Rúiseach é Stroytransgaz atá ag feidhmiú sa tSiria, a ghlac ceannas ar na mianaigh fosfáite is mó sa tSiria, i measc rudaí eile.

    Dá bhrí sin, tá Stroytransgaz ag baint tairbhe asréimeas na Siria agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    87.

    Gecopham, the General Company for Phosphate and Mines

    الشركة العامة للفوسفات و المناجم

    Seoladh: Bóthar Palmyra, Homs, Poblacht Arabach na Siria

    Fón: 00963312751122

    Ríomhphost: info@gecopham.sy

    Bainisteoir ginearálta: Younes Ramadan

    Rialaíonn Aireacht Peitriliam agus Acmhainní Mianraí na Siria Gecopham agus tugann sé tacaíocht airgeadais don réimeas. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú leis an réimeas.

    24.4.2023

    88.

    Al-Jabal Security and Protection LLC

    شركة الجبل لخدمات الحماية والحراسة

    Seoladh: F6XR+495, Malek Bin Rabeaa, an Damaisc, an tSiria

    Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

    Áit chláraithe: an Damaisc

    Dáta clárúcháin: 19.10.2017

    Príomhionad gnó: an Damaisc, an tSiria

    Daoine aonair comhlachaithe: Osama Mohammad al-Maliki

    Is le Osama al-Maliki an chuideachta Al-Jabal Security and Protection LLC agus bainistíonn sé freisin é.

    Feidhmíonn Al-Jabal Security and Protection LLC mar chuideachta chaoch chun go bhféadfar leanúint de ghníomhaíochtaí mhílíste Saraya al-Areen 313, mílíste atá cleamhnaithe leis an réimeas. Dá bhrí sin, tá Al-Jabal Security and Protection LLC ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    89.

    Castle for Security and Protection LLC

    شركة القلعة للحماية والحراسة والخدمات الأمني

    ar a dtugtar freisin Castle Security and Protection LLC, Citadel for Security and Protection

    Seoladh: Timpeallán Saraya, Western Villas, Mazze, an Damaisc, an tSiria

    Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

    Áit chláraithe: an Damaisc, an tSiria

    Dáta clárúcháin: 18.10.2017

    Uimhir chlárúcháin: /

    Príomhionad gnó: an Damaisc, an tSiria

    Faisnéis eile: Earnáil: Mílíste a ndearnadh Cuideachta Slándála de

    Uimhir ghutháin: +963116119331; +963943800808

    Is cuideachta phríobháideach é Castle for Security and Protection LLC, a ghníomhaíonn mar chuideachta chaoch don Cheathrú Rannán d’Arm Arabach na Siria, faoi stiúir Maher al-Assad.

    Tá baint ag Castle for Security freisin le gáinneáil ar thámhshuanaigh. Is samhail ghnó faoi stiúir an réimis í trádáil an Captagon anois, rud a shaibhríonn ciorcal inmheánach an réimis agus a thugann líne tharrthála dó. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023

    90.

    Aman for Protection and Security LLC

    شركة أمان للحماية والحراسة الأمنية

    Seoladh: Dúiche na Damaisce

    Cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

    Áit chláraithe: Dúiche na Damaisce

    Dáta clárúcháin: 10.10.2018

    Uimhir chlárúcháin: 2906

    Príomhionad gnó: Dúiche na Damaisce, an tSiria

    Daoine aonair comhlachaithe: Muhammad Abdo Assad

    Is cuideachta phríobháideach é Aman for Protection and Security LLC, a ghníomhaíonn mar chuideachta chaoch do mhílíste Hosn al-Watan, a bhunaigh Muhammad Abdo Assaad. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an réimeas agus ag tacú leis.

    24.4.2023”.


    Top