Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0444

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/444 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2022 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

C/2022/9394

IO L 65, 2.3.2023, p. 1–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 02/03/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/444/oj

2.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 65/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/444 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Nollaig 2022

lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112”

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 109 (8) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 109 (8) de Threoir (AE) 2018/1972, chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála chuig an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” sna Ballstáit a áirithiú, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, leis an gcéad ghníomh den sórt sin le glacadh faoin 21 Nollaig 2022. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, déanfar míreanna 2, 5 agus 6 d’Airteagal 109 den Treoir maidir leis na bearta is gá chun comhoiriúnacht, idir-inoibritheacht, cáilíocht, iontaofacht agus leanúnachas na cumarsáide éigeandála san Aontas a áirithiú maidir le réitigh faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, rochtain d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus ródú chuig an bpointe freagartha glaonna éigeandála (PSAP) is iomchuí.

(2)

Gné thábhachtach is ea an chumarsáid éigeandála maidir le sábháilteacht, slándáil agus sláinte an phobail. Le breis agus 30 bliain anuas, bhí saoránaigh den Aontas ag brath ar rochtain ar sheirbhísí éigeandála agus an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” á húsáid acu. Ba cheart go mbeadh siad ábalta é sin a dhéanamh sa domhan digiteach fós. Ba cheart go mbainfeadh saoránaigh tairbhe as faisnéis chomhthéacsúil chuimsitheach agus thráthúil a sheachadadh chun aghaidh a thabhairt ar chás éigeandála. Leis an ardleibhéal nascachta ar a ndíríonn aistriú digiteach na hEorpa, mar a léirítear sa Chinneadh lena mbunaítear Clár Beartais na Deacáide Digití 2030 (2), tá ascnamh teicneolaíoch á thabhairt isteach i dteicneolaíochtaí uile-IP na seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáideann saoránaigh, go háirithe daoine faoi mhíchumas. Spreagtar leis an aistriú ó theicneolaíochtaí ciorcadlasctha go teicneolaíochtaí paicéadlasctha i líonraí cumarsáide leictreonaí úsáid seirbhísí gutha trí Fhochóras Ilmheán IP atá bunaithe ar theicneolaíochtaí VoIP fostaithe agus móibíleacha arna mbainistiú amhail Éabhlóid Fhadtéarmach Ghuthaithe (VoLTE), Raidió Nua Guthaithe (VoNR in 5G) agus Wi-Fi Guthaithe (VoWiFi). Cumasaíonn teicneolaíochtaí paicéadlasctha seirbhísí téacs agus físeánbhunaithe amhail téacs fíor-ama agus seirbhísí comhrá iomláin. Ní féidir leis na líonraí oidhreachta ciorcadlasctha, ar nós líonraí 2G agus 3G atá á ndíchoimisiúnú, tacú leis na seirbhísí cumarsáide sin bunaithe ar IP. Dá bhrí sin, tá gá le cumarsáid éigeandála a ascnamh go teicneolaíochtaí paicéadlasctha freisin. Tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo a áirithiú go ndéanfar cáilíocht agus iontaofacht na cumarsáide éigeandála a áirithiú sa phróiseas bunathraitheach sin.

(3)

Is é is aidhm do na seirbhísí éigeandála éifeachtaí teagmhais éigeandála a sheachaint, a mhaolú nó a bhainistiú trí idirghabháil éigeandála. Bíonn tionchar bunúsach ag an am is gá don idirghabháil éigeandála ar thoradh na dteagmhas éigeandála. Éilítear le hidirghabháil éigeandála éifeachtach slógadh tapa na n-acmhainní idirghabhála a d’fhéadfadh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an teagmhas éigeandála, agus teacht go tapa chuig an láthair idirghabhála.

(4)

Is é is cuspóir don chumarsáid éigeandála go mbeidh úsáideoirí deiridh ábalta rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála chun faoiseamh éigeandála a iarraidh agus a fháil ó na seirbhísí éigeandála. Cé go gcuirtear an chumarsáid éigeandála ar bun idir an t-úsáideoir deiridh agus an PSAP, ba cheart é a bheith ina ról ag an PSAP is iomchuí an fhaisnéis a fhaightear a phróiseáil agus an t-iarratas a chur in iúl do na seirbhísí éigeandála, rud a áiritheoidh rochtain ar sheirbhísí éigeandála. Ag brath ar eagrú náisiúnta na gcóras PSAP agus na gcóras seirbhísí éigeandála, is féidir le PSAPanna agus seirbhísí éigeandála a bheith ina n-eintitis fhorluiteacha nó uathrialacha.

(5)

Chun rochtain ar sheirbhísí éigeandála a chumasú, ba cheart cumarsáid éifeachtach éigeandála a áirithiú idir an t-úsáideoir deiridh agus an PSAP is iomchuí agus faisnéis chomhthéacsúil a chur ar fáil go tráthúil, lena n-áirítear faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora. Leis an bhfaisnéis chomhthéacsúil cuirtear leis an tuairisc ar an teagmhas éigeandála, mar shampla, an timpeallacht fhisiciúil, riocht agus cumais na ndaoine lena mbaineann, logánú an teagmhais, etc. Le hinfhaighteacht agus cruinneas faisnéise comhthéacsúla féadfar na hacmhainní idirghabhála cuí a aithint go pras agus teacht go tapa ar an láthair idirghabhála, e.g. nuair atá suíomh cruinn an ghlaoiteora ar fáil. Féadfaidh an t-úsáideoir deiridh an fhaisnéis sin a chur in iúl do na seirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála, nó féadfar í a fháil go huathoibríoch ó ghléas an úsáideora deiridh nó an líonra.

(6)

Tá suíomh an ghlaoiteora ar cheann de na cineálacha faisnéise comhthéacsúla is tábhachtaí a bhaineann le cumarsáid éigeandála agus bíonn tionchar mór aige ar a n-éifeachtacht. Bíonn tionchar ag cruinneas agus iontaofacht faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora ar an am is gá chun suíomh na héigeandála a shainaithint agus teacht na seirbhísí éigeandála ar an láthair.

(7)

Le Treoir (AE) 2018/1972 ceanglaítear ar údaráis rialála inniúla critéir chruinnis agus iontaofachta shuíomh an ghlaoiteora a bhunú. Is ionann na critéir sin agus na híosleibhéil chruinnis agus iontaofachta maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora nach mór a chur chun feidhme ar chríoch an Bhallstáit trí theicneolaíochtaí gréasánbhunaithe agus teicneolaíochtaí a fhaightear ón sás láimhe. De réir chásdlí Cúirte Breithiúnais na hEorpa, ba cheart a áirithiú leis na critéir (3), laistigh de theorainneacha na féidearthachta teicniúla, go ndéanfar staid an úsáideora deiridh a aimsiú ar bhealach chomh hiontaofa agus chomh cruinn agus is gá le gur féidir leis na seirbhísí éigeandála cuidiú go húsáideach leis an úsáideoir deiridh. Áirithítear le meascán na dteicneolaíochtaí sin, fiú nuair a theipeann ar réiteach shuíomh an ghlaoiteora a fhaightear ón sás láimhe faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a chur ar fáil don PSAP is iomchuí, gur féidir leis na seirbhísí éigeandála brath ar shuíomh gréasánbhunaithe chun cuidiú úsáideach a thabhairt don úsáideoir deiridh, i.e. i gcomhréir leis na critéir maidir le cruinneas agus iontaofacht shuíomh an ghlaoiteora arna mbunú ag na Ballstáit. Maidir le critéir maidir le suíomh an ghlaoiteora, nach féidir íosleibhéil chruinnis agus iontaofachta a chruthú leo, d’fhéadfadh cur chun feidhme a bheith mar thoradh orthu nach n-áirithíonn go bhfaighidh na seirbhísí éigeandála faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora, ar féidir leo í a úsáid go héifeachtach. Ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé éifeacht chomhcheangailte réitigh shuíomh an ghlaoiteora atá indéanta go teicniúil a mheasúnú, agus íoschritéir a bhunú maidir le cruinneas agus iontaofacht shuíomh an ghlaoiteora, a chuirfeadh ar chumas na seirbhísí éigeandála, dá gcuirfí chun feidhme iad, idirghabháil a dhéanamh ar bhealach úsáideach. D’fhéadfadh an úsáid a bhaintear as cruinneas na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora a bheith éagsúil ag brath ar an limistéar ónar tháinig an chumarsáid éigeandála (e.g. uirbeach nó tuaithe) agus d’fhéadfaí é a léiriú dá réir sin sna critéir a leagtar síos. Chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú laistigh den Aontas maidir le socrú na gcritéar cruinnis agus iontaofachta lena n-áirithítear íosleibhéal faisnéise comhthéacsúla, is gá na paraiméadair a shainiú ar cheart do na húdaráis rialála inniúla a chur san áireamh agus critéir den sórt sin á leagan síos acu. Thairis sin, tá sé tábhachtach a mheabhrú, de bhun phrionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nach mór do na húdaráis rialála inniúla comhoibriú lena chéile agus na critéir á leagan síos acu maidir le cruinneas agus iontaofacht na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora trí dhul i gcomhairle le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) nó le fóraim ábhartha eile atá inniúil chun treoir a thabhairt ina leith sin, chun éifeachtacht iomlán Airteagal 109(6) de Threoir (AE) 2018/1972 a áirithiú.

(8)

Féadfar cruinneas na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora a shloinneadh mar gha uasta an limistéir cuardaigh don idirghabháil a chuirtear i láthair na seirbhísí éigeandála. D’fhéadfaí agaí idirghabhála éigeandála a laghdú go mór nuair a bhíonn faisnéis ghréasánbhunaithe chruinn iontaofa maidir le suíomh an ghlaoiteora agus an fhaisnéise a fhaightear ón sás láimhe ar fáil don PSAP is iomchuí, go háirithe nuair nach bhfuil úsáideoirí deiridh a iarrann cúnamh éigeandála ábalta suíomh a shonrú. Dá bhrí sin, i gcás líonraí fosaithe, ba cheart do na Ballstáit na híosleibhéil cruinnis a chuirfear chun feidhme ar a gcríoch a chur in iúl mar fhaisnéis ó shuíomh an ghlaoiteora a bhaineann le seoladh fisiciúil chríochphointe an líonra, mar shampla, faoi threoir an tseolta nithiúil sráide, an árasáin, an urláir nó na faisnéise comhchosúla. Maidir le líonraí móibíleacha, ba cheart na híosleibhéil chruinnis a shloinneadh i méadair chun ga uasta an limistéir chuardaigh chothrománaigh a thugtar do na seirbhísí éigeandála chun críocha idirghabhála a léiriú. Más infheidhme agus más indéanta go teicniúil é, ba cheart an critéar maidir le cruinneas airde nó ingearach a shloinneadh i méadair freisin. Ba cheart do na Ballstáit a mheas an féidir na paraiméadair sin a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe atá neamhspléach ar líonra a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe nuair a úsáidtear iad i líonraí fosaithe nó i líonraí móibíleacha.

(9)

Ba cheart go mbainfeadh iontaofacht shuíomh an ghlaoiteora le dhá ghné d’fhaisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora: cruthú agus tarchur. Ba cheart iontaofacht na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora a chruthú de réir na dtomhas staidrimh lena léirítear an ráta ratha lena meaitseáiltear suíomh iarbhír an ghléis a thionscnaíonn an chumarsáid éigeandála an limistéar fhisiciúil a léirítear ar bhonn na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora. Ba cheart go spreagfadh cumarsáid éigeandála faisnéis ghréasánbhunaithe agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a fhaightear ón sás láimhe, nuair a bheidh an fhaisnéis deiridh sin ar fáil. Ba cheart iontaofacht na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora do na seirbhísí éigeandála a chruthú mar chomhéifeacht idir an dá theicneolaíocht sin. Ba cheart iontaofacht tharchur na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora a shloinneadh mar ráta ratha an réitigh theicniúil chun faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a tharchur chuig an PSAP is iomchuí. Braitheann an ráta ratha ar chumais an líonra an fhaisnéis a chur in iúl, i gcás shuíomh an ghlaoiteora bunaithe ar an ngréasán, nó ar an idir-inoibritheacht idir an sás láimhe agus acmhainní an líonra chun an tarchur a éascú, i gcás shuíomh an ghlaoiteora a fhaightear ón sás láimhe, chomh maith leis na cumais PSAP is iomchuí chun an fhaisnéis a fháil.

(10)

Lena chur ar chumas an Choimisiúin faireachán a dhéanamh ar na critéir maidir le suíomh an ghlaoiteora a bhunaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar ghlacadh na gcritéar agus míniú a thabhairt maidir leis an dóigh ar chuir siad na paraiméadair a bhunaítear sa Rialachán seo san áireamh.

(11)

Ceanglaítear le Treoir (AE) 2018/1972 go mbeidh rochtain ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas comhionann leis an rochtain atá ag úsáideoirí deiridh eile. Le prionsabal na coibhéise tugtar le tuiscint gur cheart go mbeadh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ábalta rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála ar bhealach atá coibhéiseach go feidhmiúil leis an mbealach a bhfaigheann úsáideoirí deiridh eile rochtain ar sheirbhísí éigeandála, go háirithe trí ghlao chur ar an uimhir “112” trí sheirbhísí guthbhunaithe. Ós rud é nach bhfuil aon chomhthuiscint ann ar na ceanglais maidir le coibhéis fheidhmiúil, ba cheart na ceanglais lena n-athchruthaítear feidhmiúlachtaí na cumarsáide éigeandála atá ag úsáideoirí deiridh eile, seirbhísí guthbhunaithe den chuid is mó, a bhunú. Más rud é, ar chúiseanna teicniúla, nach féidir leis na Ballstáit na ceanglais maidir le coibhéis fheidhmiúil a bhunaítear leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na cúiseanna sonracha nach féidir é sin a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit a chur in iúl don Choimisiún nuair nach gá nó nach féidir an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” a úsáid, de bharr dhearadh teicniúil an mhodha rochtana sainordaithe ar sheirbhísí éigeandála, agus an dóigh a n-áirithítear go mbainfear an fheasacht chéanna nó an fheasacht níos airde amach i measc úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas maidir leis an modh rochtana sin a chur in iúl.

(12)

Ionas go mbeidh an Coimisiún ábalta faireachán a dhéanamh ar chomhoiriúnacht, ar cháilíocht, ar iontaofacht, ar idir-inoibritheacht agus ar leanúnachas na modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála d’úsáideoirí deiridh atá faoi mhíchumas, ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar na modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála atá sainordaithe ina ndlínse d’úsáideoirí deiridh atá faoi mhíchumas, lena n-áirítear iad siúd a úsáideann seirbhísí fánaíochta. Ba cheart an chéad mheasúnú ar chomhlíonadh na modhanna rochtana a thuairiscítear i gcomhréir leis an Rialachán seo a bheith sa tuarascáil. A bhuí leis an ascnamh chuig líonraí uile-IP, beifear ábalta seirbhísí cumarsáide inrochtana nua a chur chun feidhme amhail téacs fíor-ama agus seirbhísí comhrá iomláin. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar shaincheisteanna idir-inoibritheachta, comhoiriúnachta nó leanúnachais a thagann chun cinn agus seirbhísí den sórt sin á n-úsáid acu, go háirithe d’úsáideoirí deiridh seirbhísí fánaíochta. Chun a n-oibleagáid faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le tuairisc a thabhairt do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) maidir leis an modh rochtana ar sheirbhísí éigeandála atá sainordaithe ina mBallstát agus atá indéanta go teicniúil lena n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta nó d’údaráis inniúla eile na cúiseanna teicniúla a chruthú, más infheidhme, maidir le heaspa infhaighteacht na seirbhíse cumarsáide éigeandála d’úsáideoirí deiridh seirbhísí fánaíochta i gcás ina bhfuil na seirbhísí sin ar fáil d’úsáideoirí deiridh baile. Sa chéad tuarascáil, chomh maith le faisnéis a sholáthrófar sna blianta ina dhiaidh sin, cuirfear ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar an ngá le bearta breise a ghlacadh, lena n-áirítear sainorduithe um chaighdeánú, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna dá leithéid.

(13)

Ní mór cumarsáid éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a chur ar aghaidh chuig an PSAP is oiriúnaí chun freagairt agus láimhseáil chuí na cumarsáide éigeandála a éascú. Ba cheart ródú éifeachtach na cumarsáide éigeandála a áirithiú freisin i gcomhthéacs an ascnaimh theicneolaíoch ó theicneolaíochtaí ciorcadlasctha go teicneolaíochtaí paicéadlasctha. Is gnách gurb é an Ballstát a chinneann an PSAP is iomchuí ar bhonn inniúlacht chríochach chun cumarsáid éigeandála a láimhseáil nó ar bhonn na hinniúlachta chun cineál áirithe cumarsáide a láimhseáil, mar shampla PSAP atá feistithe chun cumarsáid téacs fíor-ama nó cumarsáid teanga comharthaíochta a láimhseáil. Féadfar na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta a chuirtear ar fáil trí theicneolaíochtaí paicéadlasctha a sholáthraíonn guth, téacs — lena n-áirítear téacs fíor-ama — agus físeán a ródú i bhfearann an líonra phoiblí nó i bhfearann an PSAP. Ag brath ar eagraíocht náisiúnta na PSAPanna, cé go sroicheann an chumarsáid éigeandála córas PSAP trí na líonraí poiblí, d’fhéadfadh go mbeadh gá le ródú breise laistigh d’fhearann PSAP chun an PSAP is iomchuí a bhaint amach. Chun a áirithiú go mbeidh cumarsáid éifeachtach éigeandála ar fáil chun leas úsáideoirí deiridh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú ródú go ndéanfar gach cineál cumarsáide éigeandála agus faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora atá sainorduithe ina gcríoch a ródú go pras chuig an PSAP is iomchuí.

(14)

Braitheann éifeachtacht na rochtana ar sheirbhísí éigeandála ar thráthúlacht iompar na faisnéise comhthéacsúla chuig na seirbhísí éigeandála. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an PSAP is iomchuí, a ródófar an chumarsáid éigeandála chuige, ábalta an fhaisnéis chomhthéacsúil a tharchur go pras chuig na seirbhísí éigeandála ón nóiméad a gcuirfidh an PSAP na seirbhísí sin ar an eolas. De réir eagraíocht náisiúnta PSAPanna, féadfaidh an PSAP is iomchuí measúnú a dhéanamh ar áisiúlacht na sonraí comhthéacsúla agus an fhaisnéis a sholáthrófar do na seirbhísí éigeandála a scagadh.

(15)

Chun gur féidir leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an ródaithe chuig an PSAP is iomchuí, ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar fheidhmíocht an ródaithe ar chumarsáid éigeandála chuig an PSAP is iomchuí ó thaobh a tráthúlachta de, lena n-áirítear nuair a bhíonn seirbhísí gutha, téacs nó físeáin á n-úsáid acu.

(16)

D’fhéadfadh sé nach mbeadh rochtain réidh ar sheirbhísí éigeandála á áirithiú, gan réamhchlárú, d’úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, agus iad ag taisteal i mBallstát eile faoi rialú Ballstáit amháin agus go dteastódh ceanglais idir-inoibritheachta a chomhaontaítear le chéile a chomhlíonadh. Gan dochar do chur chun feidhme téacs fíor-ama agus seirbhísí comhrá iomláin de bhun Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ba cheart go mbeifí ábalta rochtain ar na seirbhísí éigeandála a chur chun feidhme trí sheirbhísí gutha, téacs nó físeáin trí chumarsáid éigeandála trí fheidhmchláir mhóibíleacha. D’fhéadfadh feidhmchláir mhóibíleacha tarchur méithshonraí comhthéacsúla chuig an PSAP is oiriúnaí a éascú. A luaithe a dhéanfar feidhmchlár móibíleach a íoslódáil agus a shuiteáil, féadfaidh an t-úsáideoir deiridh cumarsáid a dhéanamh leis an PSAP is iomchuí ar fud an Aontais más féidir é sin a dhéanamh de réir na gceanglas coiteann idir-inoibritheachta, agus má chomhlíonann na soláthraithe feidhmchlár móibíleach agus na córais náisiúnta PSAP na ceanglais sin. Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún de mheon macánta chun na ceanglais chomhchoiteanna idir-inoibritheachta a shainaithint, rud a éascódh cumarsáid éigeandála den sórt sin a úsáid chuig an PSAP is iomchuí trí fheidhmchláir mhóibíleacha ar fud an Aontais.

(17)

D’fhéadfadh sé nach mbeadh córais PSAP a forbraíodh chun cumarsáid ciorcadlasctha a fhreagairt agus a láimhseáil ábalta gach gné de chumarsáid éigeandála a tionscnaíodh trí theicneolaíocht phaicéadlasctha a fhreagairt, a láimhseáil agus a phróiseáil. Chun trédhearcacht le páirtithe ábhartha a áirithiú, go háirithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus soláthraithe líonraí, agus chun uasghrádú comhleanúnach agus tráthúil ar chórais PSAP laistigh dá gcríoch a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit treochlár a ullmhú chun cumais a gcóras PSAP a uasghrádú chun cumarsáid éigeandála a sholáthraítear trí theicneolaíochtaí paicéadlasctha a fhreagairt, a láimhseáil agus a phróiseáil. Ba cheart go mbeadh sa treochlár an t-amlíne mheasta agus an dáta a n-úsáidfear bealaí nuálacha rochtana ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála trí theicneolaíochtaí paicéadlasctha, cibé acu an gcumasaítear iad sin sa chroílíonra mar sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe nó an n-úsáidtear iad trí fheidhmchlár móibíleach. Ba cheart faisnéis a bheith sa treochlár maidir le hamlíne an uasghrádaithe ar chumais na gcóras PSAS, agus na hoibleagáidí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/882 agus na spriocdhátaí dlíthiúla dá bhforáiltear inti á gcur san áireamh. Baineann sé sin go háirithe leis an bhfreagra iomchuí ón PSAP is iomchuí ar chumarsáid éigeandála chuig an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112”, trí úsáid a bhaint as guth agus téacs sioncrónaithe (lena n-áirítear téacs fíor-ama), nó, i gcás ina soláthraítear físeán, guth, téacs (lena n-áirítear téacs fíor-ama) agus físeán sioncrónaithe mar chomhrá iomlán. Más infheidhme, ba cheart an sainordú dlíthiúil a bhfuiltear ag súil leis maidir le cumarsáid éigeandála a úsáid trí theicneolaíochtaí paicéadlasctha faoin reachtaíocht náisiúnta a léiriú. Ba cheart tagairt a dhéanamh sa treochlár do na garspriocanna idirmheánacha, mar shampla comhairliúcháin phoiblí agus comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, bearta reachtacha, tástáil idir-inoibritheachta, leanúnachais agus iontaofachta, soláthar poiblí, etc. Ba cheart do na Ballstáit an treochlár a sholáthar don Choimisiún agus nuashonruithe maidir lena chur chun feidhme a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt freisin ar na saincheisteanna idir-inoibritheachta agus leanúnachais a thagann chun cinn maidir le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála chun cur ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar an ngá bearta breise a ghlacadh, lena n-áirítear sainorduithe um chaighdeánú, lena dtabharfaí aghaidh ar bhaic den sórt sin.

(18)

Is gá le bailiú rialta agus struchtúrach faisnéise ó na Ballstáit maidir le roinnt gnéithe a bhaineann le héifeachtacht na cumarsáide éigeandála san Aontas chun cur ar chumas an Choimisiúin faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 109 de Threoir (AE) 2018/1972, arna fhorlíonadh leis an Rialachán seo. I ndiaidh na chéad tuarascála dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit faisnéis nuashonraithe a sholáthar don Choimisiún mar a iarradh i gcomhthéacs gach bailithe sonraí a thionscnaíonn an Coimisiún chun críocha a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle de bhun Airteagal 109 (4) de Threoir (AE) 2018/1972.

(19)

Chuathas i gcomhairle le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 109(8) de Threoir (AE) 2018/1972 agus thug sé a thuairim an 14 Deireadh Fómhair 2022.

(20)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus thug sé tuairim uaidh an 15 Samhain 2022.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Leis an Rialachán seo, bunaítear bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála maidir le réitigh faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, rochtain d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus ródú chuig an PSAP is iomchuí.

Airteagal 2

Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “cumarsáid éigeandála éifeachtach” cumarsáid éigeandála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (38) de Threoir (AE) 2018/1972 lena n-áirithítear an méid seo a leanas:

(a)

cumarsáid phras idir an t-úsáideoir deiridh agus an PSAP is iomchuí, agus

(b)

faisnéis chomhthéacsúil a chur ar fáil go pras, lena n-áirítear faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora;

(2)

ciallaíonn “faisnéis chomhthéacsúil” an fhaisnéis a chuireann an t-úsáideoir deiridh in iúl trí chumarsáid éigeandála nó a fhaightear agus a tharchuirtear go huathoibríoch ó ghléas an úsáideora deiridh nó ón ngréasán ábhartha chun gur féidir acmhainní idirghabhála na seirbhísí éigeandála a shainaithint go pras agus chun gur féidir leis na seirbhísí éigeandála teacht go tapa chuig láthair na hidirghabhála.

CAIBIDIL 2

FAISNÉIS FAOI SHUÍOMH AN GHLAOITEORA

Airteagal 3

1.   Agus critéir á leagan síos acu maidir le cruinneas agus iontaofacht na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora de bhun Airteagal 109 (6) de Threoir (AE) 2018/1972, áiritheoidh na húdaráis rialála inniúla, laistigh de theorainneacha na féidearthachta teicniúla, go n-aimseofar suíomh an úsáideora deiridh ar bhealach chomh hiontaofa agus chomh cruinn agus is gá le go mbeidh na seirbhísí éigeandála ábalta cuidiú leis an úsáideoir deiridh. Leagfaidh na húdaráis inniúla rialála síos na critéir agus na paraiméadair a shonraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo á gcur san áireamh acu.

2.   Maidir leis na líonraí fosaithe:

(a)

déanfar an critéar cruinnis maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a shloinneadh mar fhaisnéis a bhaineann le seoladh fisiciúil chríochphointe an líonra;

(b)

sloinnfear an critéar iontaofachta maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora mar ráta ratha, i gcéatadán, an réitigh theicniúil nó an mheascáin de réitigh theicniúla chun faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a chomhfhreagraíonn don chritéar cruinnis a chruthú agus a tharchur chuig an PSAP is iomchuí.

3.   Maidir leis na líonraí móibíleacha:

(a)

déanfar an critéar cruinnis maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a shloinneadh i méadair. Más infheidhme, déanfar an critéar um chruinneas airde nó ingearach a shloinneadh i méadair chomh maith;

(b)

sloinnfear an critéar iontaofachta maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora mar ráta ratha, i gcéatadán, an réitigh theicniúil nó an mheascáin de réitigh theicniúla chun limistéar cuardaigh a chomhfhreagraíonn don chritéar cruinnis a chruthú agus a tharchur chuig an PSAP is iomchuí.

CAIBIDIL 3

ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ ÉIGEANDÁLA D’ÚSÁIDEOIRÍ DEIRIDH FAOI MHÍCHUMAS

Airteagal 4

Agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála á cur chun feidhme acu trí chumarsáid éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, áiritheoidh na Ballstáit, faoi réir na féidearthachta teicniúla, go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le coibhéis fheidhmiúil seo a leanas:

(a)

gur féidir cumarsáid idirghníomhach dhá threo a dhéanamh leis an gcumarsáid éigeandála idir an t-úsáideoir deiridh faoi mhíchumas agus an PSAP;

(b)

go mbeidh an chumarsáid éigeandála ar fáil go héasca, gan réamhchlárú, d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas atá ag taisteal i mBallstát eile;

(c)

go soláthrófar an chumarsáid éigeandála saor in aisce d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas;

(d)

go ródófar an chumarsáid éigeandála gan mhoill chuig an PSAP is iomchuí atá cáilithe agus feistithe chun an chumarsáid éigeandála ó úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas a fhreagairt agus a phróiseáil;

(e)

go n-áiritheofar leibhéil choibhéise cruinnis agus iontaofachta faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora don chumarsáid éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas mar atá do ghlaonna éigeandála ó úsáideoirí deiridh eile;

(f)

go mbeidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ábalta an leibhéal céanna feasachta, ar a laghad, faoi na modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála a bhaint amach agus a bhaineann úsáideoirí deiridh eile faoi ghlaonna éigeandála ar “112” amach, trí na modhanna rochtana a dhearadh nó trí bhearta múscailte feasachta.

CAIBIDIL 4

RÓDÚ CHUIG AN BPOINTE FREAGARTHA GLAONNA ÉIGEANDÁLA IS OIRIÚNAÍ

Airteagal 5

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cumarsáid éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a ródú gan mhoill chuig an PSAP is iomchuí a bheidh ábalta, go teicniúil, an fhaisnéis chomhthéacsúil a chur in iúl do na seirbhísí éigeandála agus na seirbhísí sin a chur ar an eolas.

Airteagal 6

Chun an fhéidearthacht theicniúil do rochtain réidh ar sheirbhísí éigeandála dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) den Rialachán seo a áirithiú, gan dochar do chur chun feidhme Threoir (AE) 2019/882, comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun ceanglais idir-inoibritheachta chomhchoiteanna a shainaithint lena n-éascófar an chumarsáid éigeandála chuig an PSAP is iomchuí trí fheidhmchlár móibíleach áit ar bith san Aontas.

CAIBIDIL 5

Tuairisciú

Airteagal 7

1.   Déanfaidh na Ballstáit feidhmíocht an ródaithe chuig an PSAP is iomchuí a thuairisciú go rialta don Choimisiún faoi Airteagal 5, arna chur chun feidhme le haghaidh cumarsáid éigeandála agus faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora.

2.   Tráth nach déanaí ná an 5 Samhain 2023 ullmhóidh agus tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún treochlár chun an córas náisiúnta PSAP a uasghrádú chun go mbeidh siad ábalta cumarsáid éigeandála a ghlacadh, a fhreagairt agus a phróiseáil trí theicneolaíocht phaicéadlasctha. Léireofar sa treochlár an dáta a mbeifear ag súil le húsáid na cumarsáide éigeandála bunaithe ar ghutha, ar théacs nó ar fhíseán trí theicneolaíochtaí paicéadlasctha. Áireofar sa treochlár freisin an dáta táscach faoina mbeidh PSAPanna réidh chun cumarsáid éigeandála den sórt sin a ghlacadh. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis nuashonraithe ar fáil maidir le cur chun feidhme gharspriocanna idirmheánacha an treochláir i gcomhréir le hAirteagal 8.

Airteagal 8

1.   Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 5 Márta 2024:

(a)

na critéir maidir le cruinneas agus iontaofacht na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, arna sloinneadh i gcomhréir leis na paraiméadair dá dtagraítear in Airteagal 3,

(b)

an modh rochtana ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála a úsáidfidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, lena n-áirítear iad siúd a úsáideann seirbhísí fánaíochta, agus measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le coibhéis fheidhmiúil in Airteagal 5.

2.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear san airteagal seo agus in Airteagal 7 a sholáthar don Choimisiún gan dochar don spriocdháta tosaigh dá bhforáiltear ann, i gcomhthéacs gach bailithe sonraí a thionscnóidh an Coimisiún chun críocha a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle de bhun Airteagal 109 (4) de Threoir (AE) 2018/1972.

CAIBIDIL 6

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 9

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 321, 17.12.2018, lch. 36.

(2)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais na Deacáide Digití 2030 (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

(3)  Cás C 417/18; Breithiúnas na Cúirte (An Ceathrú Dlísheomra) an 5 Meán Fómhair 2019, AW agus Daoine eile v Lietuvos valstybė

(4)  Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (athmhúnlú) (IO L 115, 13.4.2022, lch. 1).

(5)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí, (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


Top