Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1467

    Cinneadh (CBES) 2023/1467 ón gComhairle an 14 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    ST/10988/2023/INIT

    IO L 180, 17.7.2023, p. 41–42 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1467/oj

    17.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 180/41


    CINNEADH (CBES) 2023/1467 ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Iúil 2023

    lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (1).

    (2)

    Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria. Tar éis níos mó ná 10 mbliana, is fada ó bheith thart atá an choinbhleacht sa tSiria agus tá sí fós ina húdar fulaingthe agus éagobhsaíochta. Cuireann crith talún tragóideach an 6 Feabhra 2023 a thuilleadh le fulaingt mhuintir na Siria.

    (3)

    Sna conclúidí uaithi an 9 Feabhra 2023, rinne an Chomhairle Eorpach comhbhrón ó chroí le híospartaigh chrith talún tragóideach an 6 Feabhra 2023, agus chuir sí a dlúthpháirtíocht le muintir na Tuirce agus na Siria in iúl. D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil an tAontas faoi réir le tuilleadh cúnaimh a chur ar fáil chun an fhulaingt a mhaolú sna réigiúin uile atá buailte. D’iarr sí ar chách rochtain dhaonnúil ar íospartaigh an chreatha talún sa tSiria a áirithiú gan beann ar an áit a bhfuil siad agus d’iarr sí ar an bpobal daonnúil, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, seachadadh tapa na cabhrach a áirithiú.

    (4)

    Sna conclúidí uaithi an 20 Bealtaine 2021, maidir leis an ‘Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le gníomhaíocht dhaonnúil an Aontais: dúshláin nua, na prionsabail chéanna’, d’athdhearbhaigh an Chomhairle a tiomantas aon tionchair dhiúltacha neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag bearta sriantacha an Aontais ar ghníomhaíocht dhaonnúil phrionsabálta a sheachaint agus nuair nach féidir iad a sheacaint, iad a mhaolú a mhéid is féidir. D’athdhearbhaigh an Chomhairle go gcomhlíonann bearta sriantacha an Aontais na hoibleagáidí uile faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe. Chuir sí i dtreis a thábhachtaí atá sé cloí go hiomlán le prionsabail dhaonnúla agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta i mbeartas smachtbhannaí an Aontais, lena n-áirítear trí eisceachtaí daonnúla a áireamh go comhsheasmhach i gcórais beart sriantach i gcás inarb ábhartha, agus trína áirithiú go mbeidh creat éifeachtach i bhfeidhm le haghaidh na húsáide a bhaineann eagraíochtaí daonnúla as na heisceachtaí sin.

    (5)

    Meabhraítear don Chomhairle nach bhfuil sé i gceist le bearta sriantacha an Aontais, lena n-áirítear na bearta sin a glacadh i bhfianaise na staide sa tSiria, go gcuirfí isteach ar sholáthar na cabhrach daonnúla, lena n-áirítear cúnamh leighis, ná bac a chur ar an soláthar sin. Níl na bearta sriantacha a glacadh i bhfianaise na staide sa tSiria dírithe ar fhormhór na n-earnálacha — ina measc bia, cógais agus trealamh leighis. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le bearta aonair, tá eisceachtaí i bhfeidhm cheana chun gur féidir cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus d’eintitis ainmnithe, i gcás ina bhfuil gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria nó chun cúnamh a thabhairt don phobal sibhialta sa tSiria amháin. I gcásanna áirithe, is gá réamhúdarú a fháil ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha.

    (6)

    An 23 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/408 (2), lenar tugadh isteach díolúine maidir le sócmhainní daoine nádúrtha nó dlítheanacha agus eintiteas ainmnithe a reo agus maidir leis na srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh, ar mhaithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus catagóirí sainithe áirithe gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí daonnúla. Chinn an Chomhairle gur cheart don díolúine sirin, nach n-éilíonn réamhúdarú ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha, a bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse tosaigh sé mhí, i.e. go dtí an 24 Lúnasa 2023.

    (7)

    I bhfianaise thromchúis na géarchéime daonnúla sa tSiria, agus d’fhonn seachadadh tapa na cabhrach a éascú, is iomchuí síneadh a chur leis an díolúine sin go dtí an 24 Feabhra 2024.

    (8)

    Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón chun bearta áirithe den Chinneadh seo a chur chun feidhme.

    (9)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Airteagal 28a(1) de Chinneadh 2013/255/CBES, cuirtear an dáta ‘24 Feabhra 2024’ in ionad ’24 Lúnasa 2023’.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    N. CALVIÑO SANTAMARÍA


    (1)  Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2023/408 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 56 I, 23.2.2023, lch. 4).


    Top