This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0911
Council Decision (EU) 2023/911 of 28 September 2021 on the conclusion, on behalf of the European Union, of a Protocol to the Agreement on the international occasional carriage of passengers by coach and bus (Interbus Agreement) regarding the international regular and special regular carriage of passengers by coach and bus
Cinneadh (AE) 2023/911 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (níl leagan Gaeilge ann)
Cinneadh (AE) 2023/911 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (níl leagan Gaeilge ann)
ST/11441/2020/INIT
IO L 122, 5.5.2023, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/911/oj
5.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 122/1 |
CINNEADH (AE) 2023/911 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Meán Fómhair 2021
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (níl leagan Gaeilge ann)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2020/1705 (1) ón gComhairle, an Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta paisinéirí agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (an "Prótacal") a bhí ar oscailt lena shíniú idir an 23 Deireadh Fómhair 2020 agus an 23 Deireadh Fómhair 2022, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. |
(2) |
Ba cheart go n-éascóidh an Prótacal soláthar idirnáisiúnta tráthrialta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus idir na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú Interbus (na "Páirtithe Conarthacha") agus, dá bhrí sin, ba cheart go dtiocfaidh feabhas ar naisc iompair paisinéirí eatarthu dá bharr. |
(3) |
Chun cur i bhfeidhm an Phrótacail a éascú, agus go háirithe oibríocht an Chomhchoiste a bunaíodh le hAirteagal 18 de, tá an Prótacal, den chuid is mó, ar aon dul leis na forálacha a bunaíodh le Comhaontú Interbus. |
(4) |
Chun nach gcuirfear rómhoill ar na tairbhí a bhaineann leis, foráiltear leis an bPrótacal dá theacht i bhfeidhm, le haghaidh na bPáirtithe Conarthacha a shínigh agus d’fhormheas nó a dhaingnigh é, i gcás ina bhfuil sé sínithe agus formheasta nó daingnithe ag trí Pháirtí Chonarthacha, lena n-áirítear an tAontas. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Prótacal a fhormheas thar ceann an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, an Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus, a thagann in ionad an Phrótacail a ghabhann le Comhaontú Interbus a bhí ar oscailt lena shíniú idir an 16 Iúil 2018 agus an 16 Aibreán 2019 (2).
Airteagal 2
Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine (nó na daoine) a chumhachtófar chun an ionstraim formheasa nó dhaingniúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 20(2) den Phrótacal a thaisceadh, thar ceann an Aontais, chun toiliú an Aontais a chur in iúl maidir lena bheith faoi cheangal ag an bPrótacal.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha (3).
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. SVANTESSON
(1) Cinneadh (AE) 2020/1705 ón gComhairle, an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le síniú Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú maidir le hiompar idirnáisiúnta ócáideach paisinéirí de chóiste agus de bhus (Comhaontú Interbus) maidir le hiompar tráthrialta idirnáisiúnta agus iompar tráthrialta speisialta paisinéirí de chóiste agus de bhus (IO L 385, 17.11.2020, lch. 1).
(2) (Féach leathanach ... den Iris Oifigiúil).
(3) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Phrótacail in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.