EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0829

Cinneadh (AE) 2023/829 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus le díolúine ó CBL ar allmhairiú arna ndeonú le haghaidh earraí atá le tabhairt nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 2490) (Is iad na téacsanna san Eastóinis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Rómáinis agus sa tSlóvaicis amháin atá barántúil)

C/2023/2490

IO L 104, 19.4.2023, p. 25–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/829/oj

19.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 104/25


CINNEADH (AE) 2023/829 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Aibreán 2023

maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus le díolúine ó CBL ar allmhairiú arna ndeonú le haghaidh earraí atá le tabhairt nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 2490)

(Is iad na téacsanna san Eastóinis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Rómáinis agus sa tSlóvaicis amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/132/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena gcinntear raon feidhme Airteagal 143(b) agus (c) de Threoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le díolúine ó cháin bhreisluacha ar allmhairiú deiridh earraí áirithe (1), agus go háirithe Airteagal 53, an chéad mhír, de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail um fhaoisimh ó dhleacht chustaim (2), agus go háirithe Airteagal 76, an chéad mhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 24 Feabhra 2022, thug an Rúis fogha míleata gan chúis gan údar faoin Úcráin. Dá thoradh sin, theith na milliúin daoine as an Úcráin, agus thug Ballstáit san Aontas Eorpach cosaint shealadach (3) do thart ar 4 mhilliún duine. An sruth isteach de dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin, is dúshlán é fós do na Ballstáit lena mbaineann ó thaobh cúnamh daonnúil leordhóthanach a áirithiú agus freastal ar phríomhriachtanais na ndaoine sin.

(2)

An 24 Feabhra 2022, d’iarr an Úcráin cúnamh i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le soláthairtí cosanta sibhialta.

(3)

Mar léiriú dlúthpháirtíochta agus tacaíochta, thug na Ballstáit agus an comhphobal idirnáisiúnta freagra trí earraí cabhrach daonnúla a chur ar fáil lena ndáileadh ar dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata agus ag teacht isteach san Aontas agus ar dhaoine atá thíos leis an bhfogha míleata san Úcráin.

(4)

An 1 Iúil 2022, glacadh Cinneadh (AE) 2022/1108 ón gCoimisiún (5). Leis an gCinneadh sin, deonaítear, i ndáil le Ballstáit áirithe, faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine ó cháin bhreisluacha (“CBL”) maidir le hallmhairiú earraí atá le tabhairt nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin, ón 24 Feabhra 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022.

(5)

An 25 Samhain 2022, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit maidir le cé acu ba ghá nó nár ghá síneadh a chur le bailíocht na mbeart a leagtar síos sa Chinneadh sin. I ndiaidh an chomhairliúcháin sin, d’iarr an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn agus an Rómáin, an 2 Nollaig 2022, d’iarr an tSlóvaic, an 5 Nollaig 2022, agus d’iarr an Fhrainc, an 30 Nollaig 2022, na bearta sin a chur i bhfeidhm, nó leanúint de chur i bhfeidhm na mbeart sin (“na Ballstáit iarrthacha”).

(6)

Ós rud é gurb ann fós don ghéarchéim dhaonnúil a tháinig de thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus ós rud é go bhfuil iarmhairtí móra ag an ngéarchéim sin ní hamháin san Úcráin ach i roinnt Ballstát eile freisin, tubaiste atá ann a chuireann isteach ar chríoch roinnt Ballstát de réir bhrí Theideal II, Caibidil XVII, Roinn C, de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Theideal VIII, Caibidil 4, de Threoir 2009/132/CE.

(7)

Is iomchuí, dá bhrí sin, a údarú do na Ballstáit iarrthacha faoiseamh a dheonú ó dhleachtanna allmhairiúcháin is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus díolúine a dheonú ó CBL is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 51 de Threoir 2009/132/CE ag eagraíochtaí Stáit, agus ag eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla arna bhformheas ag údaráis inniúla na mBallstát iarrthach, nó thar a gceann sin. I bhfianaise na staide seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, is iomchuí a údarú do na Ballstáit iarrthacha faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine ó CBL a dheonú i leith earraí le haghaidh cúnamh daonnúil a allmhairítear lena scaoileadh i saorchúrsaíocht freisin ag eagraíochtaí Stáit nó ag eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla eile atá formheasta agus a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla i mBallstát iarrthach eile a bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid ann. Chun freagairt d’iarrataí ó na Ballstáit i leith cúnamh a thabhairt do dhaoine a d’fhan san Úcráin agus a bhfuil tionchar tromchúiseach ag an bhfogha míleata orthu, is gá freisin údarú a thabhairt na hearraí sin a aistriú a thuilleadh chuig eagraíochtaí de chuid Stát na hÚcráine nó chuig eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla atá formheasta ag údaráis inniúla na hÚcráine chun na hearraí a dháileadh saor in aisce ar dhaoine atá i ngátar san Úcráin. Is iomchuí, ina theannta sin, a údarú do na Ballstáit iarrthacha faoiseamh a dheonú ó dhleachtanna allmhairiúcháin is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus díolúine a dheonú ó CBL is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 51 de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina n-allmhairítear iad, lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, ag gníomhaireachtaí fóirithinte tubaistí, nó thar a gceann, chun freastal ar a gcuid riachtanas le linn na tréimhse a mbeidh siad ag soláthar faoiseamh tubaistí do dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin.

(8)

Chun faireachán a dhéanamh ar allmhairithe dá ndeonaítear faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin nó díolúine ó CBL, ba cheart do na Ballstáit iarrthacha an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chineál, cainníocht agus luach na n-earraí éagsúla a ligeadh isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus ó CBL lena ndáileadh nó lena gcur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin, faoi na heagraíochtaí a d’fhormheas siad chun na hearraí sin a dháileadh nó a chur ar fáil agus faoi na bearta a rinneadh chun cosc a chur ar úsáid na n-earraí chun críocha seachas aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin.

(9)

D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo, go gcoiscfear neamhrialtachtaí agus go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint, ba cheart do na Ballstáit iarrthacha a áirithiú go gcuirfear bainistiú riosca agus bearta rialaithe ábhartha custaim i bhfeidhm maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht agus maidir le húsáid agus aistriú earraí chuig an Úcráin ina dhiaidh sin, ar earraí iad dá ndeonaítear faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin nó díolúine ó CBL. Ba cheart bearta arna nglacadh a thuairisciú don Choimisiún laistigh den spriocdháta a leagtar síos sa Chinneadh seo.

(10)

Agus na mórdhúshláin atá roimh na Ballstáit iarrthacha á gcur san áireamh, ba cheart faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine ó CBL a dheonú i ndáil le hallmhairithe arna ndéanamh ón 1 Eanáir 2023. Ba cheart an faoiseamh agus an díolúine a bheith i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2023.

(11)

An 16 Eanáir 2023, chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 76, an chéad mhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus i gcomhréir le hAirteagal 53, an chéad mhír, de Threoir 2009/132/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ligfear earraí isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus díolmhófar iad ó cháin bhreisluacha (CBL) ar na hallmhairí de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is ceann de na húsáidí seo a leanas a bheartaítear a bhaint as na hearraí:

(i)

dáileadh saor in aisce ag na comhlachtaí agus na heagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) chun tairbhe na ndaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin;

(ii)

cuirtear ar fáil saor in aisce iad chun tairbhe na ndaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin, cé go mbíonn siad fós ina maoin de chuid na gcomhlachtaí agus na n-eagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c);

(b)

comhlíonann na hearraí na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 75, 78, 79 agus 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus in Airteagail 52, 55, 56 agus 57 de Threoir 2009/132/CE;

(c)

déantar na hearraí a allmhairiú lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, agus is eagraíochtaí Stáit, lena n-áirítear comhlachtaí Stáit, comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí eile arna rialú ag an dlí poiblí, a dhéanann an t-allmhairiú sin, nó is thar a gceann a dhéantar é, nó is eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla atá formheasta ag údaráis inniúla na mBallstát iarrthach a bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid iontu a dhéanann an t-allmhairiú sin, nó is thar a gceann a dhéantar é.

2.   Féadfar earraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ligean isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus iad a dhíolmhú ó CBL tráth a n-allmhairithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2009/132/CE, i mBallstát iarrthach seachas an Ballstát iarrthach a bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid ann, ar choinníoll go ndéantar iad a allmhairiú, lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, ag eagraíocht Stáit nó ag eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla eile atá formheasta ag na húdaráis inniúla a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla i mBallstát iarrthach eile a bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid ann.

3.   Beidh aistriú na n-earraí idir an dá Bhallstát faoi réir fógra a bheith tugtha roimh ré ag eagraíocht charthanachta nó dhaonchairdiúil fhormheasta d’údaráis inniúla an Bhallstáit iarrthaigh a dheonaíonn an faoiseamh ó dhleacht agus an díolúine ó CBL.

4.   Faoi réir réamhfhógra a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit iarrthaigh a dheonaíonn an faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin, féadfaidh eagraíochtaí a thairbhíonn den fhaoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus den díolúine ó CBL i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 na hearraí dá dtagraítear i mír 1, ar earraí iad ar deonaíodh faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine ó CBL ina leith, a aistriú chuig eagraíochtaí de chuid Stát na hÚcráine nó chuig eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla eile arna bhformheas ag údaráis inniúla na hÚcráine, chun na hearraí a dháileadh saor in aisce ar dhaoine atá i ngátar san Úcráin.

5.   Faoi réir Airteagail 75 go 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Airteagail 52 go 57 de Threoir 2009/132/CE, ligfear earraí isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus díolmhófar ó CBL iad tráth a n-allmhairithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina n-allmhairítear iad, lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, ag gníomhaireachtaí fóirithinte tubaistí, nó thar a gceann, chun freastal ar a gcuid riachtanas le linn na tréimhse a mbeidh siad ag soláthar faoiseamh tubaistí do dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin.

Airteagal 2

Déanfaidh na Ballstáit, ar bhonn míosúil, ar an gcúigiú lá déag den mhí i ndiaidh na míosa tuairiscithe, faisnéis a thuairisciú chuig an gCoimisiún maidir le cineál, cainníochtaí agus luach na n-earraí a lig siad isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus ó CBL de bhun Airteagal 1.

Faoin 31 Márta 2024, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Choimisiún:

(a)

liosta de na heagraíochtaí a d’fhormheas na húdaráis inniúla sna Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (c);

(b)

an fhaisnéis chomhdhlúite seo a leanas maidir leis na hearraí a ligeadh isteach saor ó dhleachtanna agus ó CBL de bhun Airteagal 1:

(i)

uimhir an dearbhaithe custaim;

(ii)

dáta glactha an dearbhaithe custaim;

(iii)

an cód nós imeachta custaim;

(iv)

an Ballstát iarrthach nó an tír cinn scríbe a raibh sé beartaithe na hearraí a úsáid ann;

(v)

an cód Ainmníochta Comhcheangailte;

(vi)

cód Tharaif Chomhtháite na gComhphobal Eorpach (TARIC);

(vii)

an ghlanmhais;

(viii)

an t-aonad forlíontach, más infheidhme;

(ix)

luach na n-earraí;

(x)

an ráta dleachta;

(xi)

an ráta CBL;

(xii)

an méid dleachtanna agus CBL neamhbhailithe;

(xiii)

tionscnamh na n-earraí;

(xiv)

teidil na gcomhlachtaí agus na n-eagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (c);

(c)

na bearta a glacadh chun a áirithiú go gcomhlíontar Airteagail 78, 79 agus 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Airteagail 55, 56 agus 57 de Threoir 2009/132/CE agus, de réir mar is iomchuí, bearta bainistithe riosca agus rialaithe custaim arna nglacadh de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), maidir leis na hearraí a thagann faoi raon feidhme an Chinnidh seo.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag Airteagal 1 maidir le hallmhairithe isteach san Eastóin, sa Fhrainc, sa Laitvia, sa Liotuáin, i Lucsamburg, san Ísiltír, san Ostair, sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Airteagal 4

Is chuig Poblacht na hEastóine, Poblacht na Fraince, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, an Rómáin agus Poblacht na Slóvaice a dhírítear an Cinneadh seo.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Paolo GENTILONI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 292, 10.11.2009, lch. 5.

(2)  IO L 324, 10.12.2009, lch. 23.

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).

(4)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(5)  Cinneadh ón gCoimisiún (AE) 2022/1108 an 1 Iúil 2022 maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus le díolúine ó CBL ar allmhairí arna ndeonú i leith earraí atá le tabhairt nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin (IO L 178, 5.7.2022, lch. 57).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


Top