EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0153

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/153 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

ST/5158/2023/INIT

IO L 20I, 23.1.2023, p. 23–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/153/oj

23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 20/23


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2023/153 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Eanáir 2023

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES.

(2)

An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go géar úsáid fhorleathan agus dhíréireach fornirt ag fórsaí slándála na hIaráine ina gcoinne siúd a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach, ag tabhairt dá aire go raibh básanna mar aon le líon mór gortuithe mar thoradh air. Sonraíodh freisin sa dearbhú nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais, agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh a shoiléiriú, gach duine a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach a scaoileadh saor agus próis chuí a chur ar fáil do gach duine atá á choinneáil. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir sa dearbhú, i ndáil leis an gcinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus ardáin teachtaireachtaí meandracha a bhlocáil, gur sárú follasach atá ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ar deireadh, luaitear sa dearbhú go ndéanfaidh an tAontas machnamh ar na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini, agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine ar na léirsithe ina dhiaidh sin.

(3)

Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach saincheist imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, ba cheart 18 nduine agus 19 n-eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa 23 Eanáir 2023,

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘156.

SAJJADI Seyed Hamid Hazaveh

هزاوه حمید سید سجادی

Dáta breithe: 21.3.1969

Áit bhreithe: an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Aire Spóirt agus Óige na hIaráine

Is é Hamid Sajjadi Aire Spóirt agus Óige na hIaráine.

Tá sé freagrach as brú a chur ar lúthchleasaithe na hIaráine a bheith ina dtost agus as cosc a chur orthu a bheith ag labhairt amach go hidirnáisiúnta i gcoinne an chos ar bolg san Iaráin. Bhí sé bainteach go pearsanta le cás Elnaz Rekabi, dreapadóir agus lúthchleasaí ón Iaráin a chuaigh san iomaíocht gan hijab a chaitheamh i gcomórtas dreapadóireachta carraigeacha Chraobhchomórtas na hÁise i Súl i bhfómhar 2022. Tar éis di dul san iomaíocht sa chomórtas, buaileadh bob uirthi chun go rachadh sí isteach i bhfoirgneamh ambasáid na hIaráine i Súl, áit ar tógadh a pas agus a fón póca uaithi ar ordú ó na húdaráis in Tehran. Nuair a chuaigh sí ar ais go Tehran, rud is dócha a rinne sí faoi éigeantas, rinne dhá cheann d’institiúidí polaitiúla agus spóirt na hIaráine diancheistiú uirthi agus bhuail sí le Sajjadi. Cuireadh ceangal uirthi sa chruinniú sin ráiteas a dhéanamh inar ghabh sí a leithscéal as dul san iomaíocht gan hijab a chaitheamh agus bagraíodh coigistiú thalamh a muintire uirthi. I mí na Nollag 2022, tháinig sé chun solais go rabhthas tar éis teach theaghlach Elnaz Rekabi a leagan.

Tá Hamid Sajjadi freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

157.

GOLPAYEGANI Seyyed Mohammed Saleh Hashemi

گلپایگانی سید محمد صالح هاشمی

Dáta breithe: 1967

Áit bhreithe: an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Ina Cheann ar an Headquarters for Enjoining Right and Forbidding Evil (Headquarters for the Promotion of Virtue and Prevention of Vice)

Eintitis ghaolmhara: Headquarters For Enjoining Right And Forbidding Evil (Headquarters for the Promotion of Virtue and Prevention of Vice), Póilíní Moráltachta

Tá Seyyed Mohammed Saleh Hashemi Golpayegani ina cheann ar an Headquarters for Enjoining Right and Forbidding Evil (ar a dtugtar freisin an Office/Headquarters for the Promotion of Virtue and Prevention of Vice) ón 25 Lúnasa 2021. Is institiúid rialtais é The Headquarters for Enjoining Right and Forbidding Evil atá freagrach as samhlacha iompraíochta fíordhiana a chinneadh agus a fhorfheidhmiú sa tsochaí.

In 2022, bhí dlúthbhaint ag an Headquarters For Enjoining Right and Forbidding Evil le cóid mhoráltachta nua níos déine a bhunú do mhná atá ina sárú soiléir ar chearta na mban sin. Anuas air sin, tá ról lárnach ag an Headquarters For Enjoining Right and Forbidding Evil i mbunú an fhaireacháin agus na smachtbhannaí, a bhíonn brúidiúil go minic, a fhorchuirtear ar mhná agus ar fhir nach mbíonn na cóid sin á n-urramú acu. Bíonn na cóid dhochta sin á bhforfheidhmiú go brúidiúil ansin ag na Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) (go háirithe ag a bPóilíní Moráltachta), dream atá ar liosta ag an Aontas.

Ina cháil mar cheann ar an Headquarters For Enjoining Right and Forbidding Evil, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

158.

ASGARI Hassan

حسن عسگری

ar a dtugtar freisin ASKARI Hassan

حسن عسکری

Áit bhreithe: Bijar, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: gobharnóir Sanandaj, cúige na Cordastáine

Eintitis ghaolmhara: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Tá Hassan Asgari ina ghobharnóir ar chathair Sanandaj i gcúige na Cordastáine san Iaráin, agus ina iar-Cheannasaí ar fhórsaí áitiúla an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC).

Agus é ina ghobharnóir ar Sanandaj, tá sé freagrach as an bhfreagairt fhoréigneach bhrúidiúil a tugadh sa chathair sin ar na hagóidí tar éis do bhean óg Choirdíneach, Mahsa Amini, bás a fháil i mí Mheán Fómhair 2022. Nuair a tuairiscíodh gur mharaigh na fórsaí slándála agóideoir 16 bliana d’aois in Sanandaj, dúirt Asgari agus oifigigh eile go bhfuair sí bás de ródháileog drugaí agus go mb’fhéidir gur féinmharú a bhí i gceist. Beart coitianta ag oifigigh na hIaráine is ea é cúiseanna eile bréagacha a lua le bás agóideoirí a mharaigh fórsaí slándála chun cuntasacht as na sáruithe atá déanta acu ar chearta an duine a sheachaint.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

159.

KHIABANI Hossein Modarres

مدرس حسین خیابانی

Dáta breithe: Márta 1968/1969

Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: iar-ghobharnóir ar chúige Sistan agus Baluchestan

Bhí Hossein Modarres Khiabani ina ghobharnóir ar chúige Sistan agusBaluchestan na hIaráine ó Mheán Fómhair 2021 go mí na Nollag 2022 agus bhí sé freagrach as Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine a mhaoirsiú sa chúige.

Agus é ina ghobharnóir, chuir LEF agus fórsaí slándála eile crua ar agóidí éagsúla agus d’imir an lámh láidir gan trua gan taise ar agóideoirí. Tá cuid mhór fianaise ann ar an lámh láidir a bheith á himirt gan trua gan taise, rud ba chúis le marú 66 dhuine ar a laghad i gcathair Zahedan i gcúige Sistan agus Baluchestan an 30 Meán Fómhair 2022.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

160.

KOUSHA Esmaeil Zarei

کوشا اسماعیل زارعی

ar a dtugtar freisin KOSHA Ismail

کشا یسمیل

Dáta breithe: 1978

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: ina ghobharnóir ar chúige na Cordastáine

Tá Esmaeil Zarei Kousha ina ghobharnóir ar chúige na Cordastáine san Iaráin, agus tá sé freagrach as Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine a mhaoirsiú sa chúige.

Dá réir sin, tá sé freagrach as an bhfreagairt bhrúidiúil gan trua gan taise a thug LEF agus na fórsaí slándála ar na hagóidí a tionóladh sa Chordastáin sa tar éis do Mahsa Amini, a bhí 22 bhliain d’aois, bás a fháil i mí Mheán Fómhair 2022.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

161.

KOWSARI Mohammad Esmail

اسماعیل محمد کوثری

Dáta breithe: 3.5.1955

Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Grád: Briogáidire-Ghinearál

Feidhm: comhalta de Pharlaimint na hIaráine

Tá Mohammad Esmail Kowsari ina chomhalta de Pharlaimint na hIaráine (MP) ó 2020. Is reachtóir neamhghéilliúil é, chomh maith lena bheith ina bhall den Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC). Sula raibh sé ina Chomhalta den Pharlaimint, bhí Kowsari ina cheannasaí ar cheanncheathrú IRGC in Sarallah in Tehran ó 2017 go dtí 2020.

Le linn agóidí 2022/2023, bhagair sé iarmhairtí ar na fórsaí slándála arís agus arís eile murar chomhlíon siad a ndualgas chun crua a chur ar agóidí. D’iarr sé tuilleadh gníomhaíochta míleata i gcoinne léirsithe síochánta chomh maith. Agus é ina Chomhalta den Pharlaimint, thathantaigh sé ar bhreithiúna na hIaráine pionós an bháis a ghearradh ar agóideoirí.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

162.

MIRSALIM Mostafa

میرسلیم مستفا

ar a dtugtar freisin MIR-SALIM Mostafa; MIRSALIM Sayyid Mostafa Agha

میر-سالم مستفا

میرسلیم سید مستفا آقا

Dáta breithe: 9.6.1947

Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimh. Pas: Q5956077 (an Iaráin)

Feidhm: comhalta de Pharlaimint na hIaráine

Is comhalta de Pharlaimint na hIaráine é Mostafa Mirsalim.

Le linn agóidí 2022/2023, labhair sé amach go glórach ar son pionós an bháis a ghearradh ar agóideoirí gafa, agus an Pharlaimint á húsáid aige chun a mbású a chur chun cinn agus a iarraidh go díograiseach. Mhaígh sé gur cheart agóideoirí a chur chun chun báis gan iad a bheith gafa ach ar feadh roinnt bheag laethanta Is minic saoirse an phreasa a bheith á hionsaí aige agus tá sé ar son srianta a chur leis na meáin shóisialta.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

163.

NAGHDALI Mohammad Taghi

تقی محمد نقدعلی

Dáta breithe: 6.6.1972

Áit bhreithe: Khomeinishahr- Isfahan, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: comhalta de Pharlaimint na hIaráine

Tá Mohammad Taghi Naghdali ina chomhalta de Pharlaimint na hIaráine agus ina chomhalta de choimisiún dlíthiúil agus breithiúnach na Parlaiminte.

Le linn agóidí 2022/2023, tá sé tar éis labhairt amach go glórach ar son pionós an bháis a ghearradh ar agóideoirí gafa, agus an Pharlaimint á húsáid aige chun a mbású a chur chun cinn agus a iarraidh go díograiseach. Is minic saoirse an phreasa a bheith á hionsaí aige agus tá sé páirteach i ndlíthe a dhréachtú chun srian a chur le saorshreabhadh faisnéise.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

164.

GHAZANFARABADI Mousa

موسا غضنفرآبادی

Dáta breithe: 1966

Áit bhreithe: an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: comhalta de Pharlaimint na hIaráine, ina cheann ar choimisiún dlíthiúil agus breithiúnach na Parlaiminte

Tá Mousa Ghazanfarabadi ina chomhalta de Pharlaimint na hIaráine agus ina cheann ar choimisiún dlíthiúil agus breithiúnach na Parlaiminte. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as athbhreithniú breithiúnach agus dlíthiúil a dhéanamh ar phleananna beartaithe na n-airí sa Pharlaimint, as athbhreithniú agus faomhadh pleananna a bhaineann leis an dlí coiriúil, agus as imscrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht oifigigh agus bhainisteoirí na tíre ó dhearcadh breithiúnach agus dlíthiúil.

Níl cáineadh déanta aige ar na sáruithe tromchúiseacha arna ndéanamh ag oifigigh na hIaráine ar chearta an duine le linn agóidí 2022/2023. I gcodarsnacht leis sin, tá sé ráite go pearsanta aige gur cheart a gcearta sóisialta a bhaint de mhná a sháraíonn rialacha an hijab agus d’áitigh sé an lámh láidir a imirt orthu mar phionós. Ina theannta sin tá na coireanna a dhéanann fórsaí na hIaráine a gcur faoi cheilt aige trí insint an rialtais ar ar thit amach i gcás bhás Mahsa Amini a chosaint.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

165.

NOROOZI Ahmad

نوروزی احمد

ar a dtugtar freisin NOROUZI Ahmad; NEWROUZI Ahmad; NAWROUZI Ahmad

Dáta breithe: 1988

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: ceann Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) World Service; Príomhoifigeach feidhmiúcháin Press TV

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB); Press TV

Is ceann Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) World Service agus príomhoifigeach Press TV - an príomhchainéal Béarla i bhfabhar an rialtais a dhéanann maoirseacht ar eagraíochtaí teangacha iasachta IRIB - é Ahmad Noroozi.

Is corparáid meán de chuid na hIaráine atá faoi stiúir an rialtais é IRIB, a chraol na céadta admhálacha faoi iallach a rinne príosúnaigh Iaránacha, dénáisiúnacha agus idirnáisiúnta. Gníomhaíonn IRIB agus a fochuideachtaí mar uirlis chriticiúil sa chur faoi chois a dhéanann rialtas na hIaráine ar scála ollmhór agus san fheachtas cinsireachta i gcoinne a dhaonra féin. Léirigh agus chraol IRIB le déanaí agallaimh le daoine aonair inar cuireadh iallach orthu a admháil nár mharaigh údaráis na hIaráine a ndaoine muinteartha le linn na n-agóidí a bhí ar siúl ar fud na tíre, ach go bhfuair siad bás i ngeall ar chúinsí neamhghaolmhara de thimpiste.

Tá Press TV freagrach as admhálacha faoi iallach arna ndéanamh ag príosúnaigh a léiriú agus a chraoladh, lena n-áirítear iriseoirí, gníomhaithe polaitiúla agus daoine ar de ghrúpaí mionlaigh Choirdíneacha agus Arabacha iad, lena sáraítear cearta a aithnítear go hidirnáisiúnta chun triail chóir agus próis chuí a fháil.

Ina cháil mar cheann IRIB agus príomhoifigeach feidhmiúcháin Press TV, tá Ahmad Noroozi freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

166.

POURANVARI Youssef

یوسف پورانواری

ar a dtugtar freisin POURANVARI Youssuf

Dáta breithe: 26.5.1983

Áit bhreithe: Tehran, (an Iaráin)

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimh. Cárta Aitheantais Náisiúnta: 0492699836 (an Iaráin)

Feidhm: stiúrthóir an Programs and Scheduling Department ag cainéal suaitheanta teangacha iasachta Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB)

Eintitis chomhlachaithe: Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB)

Is é Youssef Pouranvari an stiúrthóir ar an Programs and Scheduling Department ag cainéal suaitheanta teangacha iasachta Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB).

Mar ilchuideachta meán de chuid rialtas na hIaráine atá faoi stiúir an rialtais, tá monaplacht ag IRIB ar sheirbhísí teilifíse agus raidió san Iaráin agus tá príomhról aige i srian a chur ar fheidhmiú an chirt chun saoirse tuairimí a nochtadh agus i gcosc a chur ar an saorsreabhadh faisnéise san Iaráin trí ghníomhaíochtaí cinsireachta. Léiríonn, urraíonn agus scaipeann IRIB bolscaireacht an rialtais san Iaráin agus go hidirnáisiúnta. Sa bhreis air sin, craolann IRIB go rialta cúisimh bhréagacha, gan bonn i gcoinne shaoránaigh na hIaráine, dénáisiúnaigh agus eachtrannaigh agus úsáideann sé nuacht fhalsaithe chun mífhaisnéis a chur ar fáil agus chun daoine a fheictear don réimeas gur naimhde iad a ionchóiriú go bréagach. Comhoibríonn IRIB go mór le gníomhaireachtaí slándála agus feasachta, lena n-áirítear Ministry of Intelligence and Security (MOIS) na hIaráine agus Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), chun admhálacha faoi iallach arna ndéanamh ag Iaránaigh, dénáisiúnaigh agus príosúnaigh eachtrannacha a fháil agus a scaipeadh. Le teistiméireachtaí agus fianaise eile, tugtar le fios go n-úsáidtear céastóireacht, idir fhisiciúil agus shíceolaíoch; bagairtí i gcoinne daoine muinteartha; agus íde tháireach chun admhálacha faoi iallach a fháil. Ó 2009 i leith, craoladh i gcláir de chuid IRIB na céadta admhálacha faoi iallach chomh maith le hábhar maslach i gcoinne na gcéadta daoine eile. Úsáideann IRIB admhálacha faoi iallach go háirithe chun dénáisiúnaigh agus eachtrannaigh a chrochadh mar spiairí, gníomhairí cearta an duine a dhíspeagadh agus an cur faoi chois i gcoinne grúpaí mionlaigh creidimh amhailpobal Baha’i a dhlisteanú.

Ina cháil mar stiúrthóir an Programs and Scheduling Department ag cainéal suaitheanta teangacha iasachta IRIB, rannchuidíonn Youssef Pouranvari le cur faoi chois agóideoirí síochánta, iriseoirí, cosantóirí chearta an duine, mic léinn nó daoine eile a labhraíonn amach ar son a gcearta dlisteanacha.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

167.

KADEM Ahmad

کادم احمد

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Grád: Briogáidire-Ghinearál

Feidhm: ceann cheanncheathrú réigiúnach de Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) in Karbala

Is é an Briogáidire-Ghinearál Ahmad Kadem ceann Bhunáit Oibriúcháin (ceanncheathrú réigiúnach) Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) in Karbala, atá i gceannas ar thrúpaí IRGC i gcúigí Khusestan, Lorestan agus Kohgiluyeh agus Boyer-Ahmad.

Le linn agóidí 2022, rinne trúpaí faoina cheannaireacht oibríochtaí i gcoinne agóideoirí, go háirithe i réigiúin Khusestan agus Lorestan, lena n-áirítear i mbailte Khorramabad (Lorestan) agus Izeh (Khusestan). Bhain trúpaí IRGC úsáid as fórsa díréireach sna hoibríochtaí sin, agus armlón beo in úsáid acu i gcoinne agóideoirí. Mar cheannasaí foriomlán ar thrúpaí IRGC sna réigiúin sin, tá Kadem freagrach as an bhforéigean a rinne na trúpaí sin i gcoinne agóideoirí.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

168.

AZIMI Mohammad Nazar

نظر محمد عظیمی,

ar a dtugtar freisin AZIMI Mohammadnazar

عظیمی موهاممادنازار

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Grád: Briogáidire-Ghinearál

Feidhm: ceannasaí ar cheanncheathrú Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in Najaf Al-Ashraf

Is é an Briogáidire-Ghinearál Mohammad Nazar Azimi an ceannasaí ar cheanncheathrú Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in Najaf Al-Ashraf atá i gceannas ar thrúpaí IRGC i gcúigí Kermanshah, Hamedan and Ilam.

Rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear IRGC, cniogbheartaíocht fhoréigneach i gcúige Kermanshah le linn agóidí 2022. Mar cheannasaí ar cheanncheathrú réigiúnach IRGC do thrúpaí IRGC atá sa réigiún seo, tá sé freagrach as foréigean IRGC i gcoinne agóideoirí i gcúige Kermanshah.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

169.

NILFRUSHAN Abbas Mortaza

نیلفروشان عباس مرتاضا

ar a dtugtar freisin NILFOROUSHAN Abbas; NILFOROUSHAN DARDASHTI Abbas; NILFOROUSHAN DARDASHTI Abbas; NILFOROUSHAN Abbas; NILFRUSHAN DARDASHTI Abbas Mortaza

نیلفروشان دردشتی عباس

Dáta breithe: 23.8.1966

Áit bhreithe: Isfahan, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimh. Pas: P46631463 (an Iaráin)

Feidhm: leas-cheannasaí oibríochtaí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Is é Abbas Nilfrushan leas-cheannasí oibríochtaí Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) agus tá sé freagrach as Ceannaireacht Oibriúcháin IRGC, ceann de na heagraíochtaí slándála atá i gceannas ar bhealach díreach ar chur faoi chois na n-agóidí.

Ina cháil sin, chuir sé i leith gluaiseacht agóidíochta phobail shibhialta 2022 gur gluaiseacht sceimhlitheoireachta atá ann agus gur bagairt slándála dhíreach í ar an Iaráin, agus leis sin rinne sé an fhreagairt chrua ar na hagóidí shíochánta a dhlisteanú.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

170.

MOEIN Moslem

مسلم معین

Dáta breithe: 22.9.1985

Áit bhreithe: Eslamabad, an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Uimh. Cárta Aitheantais Náisiúnta: 3341588477 (an Iaráin)

Seoladh: Part 7, Block 25, Ground Floor, 16th Street, Sarvestan Street, Chaghamirza Phase 2 Shahid Mehrabi, Kermanshah, Iran

Feidhm: ceann cheanncheathrú cibearshlándála Basji Resistance Force (Basij)

Is oifigeach sinsearach in Basji Resistance Force (Basij) atá liostaithe ag an Aontas é Moslem Moein; is eagraíocht pharaimíleata dheonach cháiliúil é Basij Resistance Force atá ag feidhmiú faoin Islamic Revolutionary Guard Corps le brainsí ar fud na hIaráine.

Tá príomhról ag Basij i gcniogbheartaíocht uafásach an réimis ar agóidí a leath ar fud na tíre ó bhí Meán Fómhair 2022 ann. Mar cheann Cheanncheathrú Cibearshlándála Basij, déanann Moein maoirseacht ar iarrachtaí chun gníomhaíochtaí ar líne san Iaráin a rialú agus cinsireacht a dhéanamh orthu. Labhair sé go poiblí faoi thosaíocht Basij chun faireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann Iaránaigh as an idirlíon. Ina theannta sin, mhol Moein go bhforbrófaí inlíon náisiúnta na hIaráine lena mbeadh an réimeas in ann an Iaráin a dhícheangal den idirlíon domhanda. Leanann rialtas na hIaráine de shaorsreabhadh faisnéise san Iaráin a scagadh agus a chosc.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

171.

KARAMI Mohammad

محمد کرمی

Dáta breithe: 27.1.1966

Áit bhreithe: an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Grád: Briogáidire-Ghinearál

Uimh. Pas: K50849392 (an Iaráin), dáta éaga 23.9.2024

Feidhm: Ceannasaí cheanncheathrú Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in Quds do Sistan agus do chúige Baluchestan agus do chúige Kerman

Is é an Briogáidire-Ghinearál Mohammad Karami an ceannasaí ar cheanncheathrú Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) in Quds atá i gceannas ar thrúpaí IRGC in Sistan agus do chúige Baluchestan agus do chúige Kerman.

Is i gcúige Sistan agus Baluchestan a chonacthas an chuid is foréigní de na cniogbheartaíochtaí a rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear fórsaí IRGC, le linn agóidí 2022. An 30 Meán Fómhair 2022, ba i Zahedan, príomhchathair an chúige, a tharla an eachtra ‘Aoine na fola’, nuair a scaoil fórsaí slándála urchair le harmlón beo ar agóid a bhí ag dul ar aghaidh ag am phaidir na hAoine i Zahedan. Lámhachadh agus maraíodh 70 agóideoir ar a laghad. Leanadh den fhoréigean i gcoinne rannpháirtithe in agóidí níos déanaí ó shin i leith. Mar cheannasaí ar cheanncheathrú réigiúnach IRGC do thrúpaí IRGC atá sa réigiún seo, tá Karami freagrach as foréigean IRGC i gcoinne agóideoirí i gcúige Sistan agus Baluchestan go háirithe thart ar ‘Aoine na Fola’.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

172.

JAVIDAN Ali Akbar

جاویدان علی اکبر

Dáta breithe: 21.3.1967

Áit bhreithe: an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: ceannasaí Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) i gcúige Kermanshah

Tá Ali Akbar Javidan ina cheannasaí ar Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) i gcúige Kermanshah ó mhí an Mheithimh 2019 i leith.

Ina cháil sin, tá sé freagrach as an fhreagairt fhoréigneach a thug LEF ar agóidí 2022 in Kermanshah a ordú. Tá sé freagrach freisin as cur chun feidhme docht bheartais moráltachta LEF a áirithiú, beartais a sháraíonn cearta an duine go mór, lena n-áirítear trí chur faoi chois gníomhach na mban nach gcloíonn leis na cóid maidir le caifirín a chaitheamh. Tá sé freagrach freisin as gabhálacha ban a rinne LEF le linn agóidí mhí Iúil 2022. Tá sé freagrach as foréigean, idirdhealú, iompar crua agus táireach, agus coinneáil threallach na mban.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

173.

AZARPENDAR Abbas

آذرپندار عباس

Áit bhreithe: an Iaráin

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: príomhoifigeach feidhmiúcháin / Radis Vira Tejarat Co; bainisteoir réigiúnach Tiandy Technologies san Iaráin

Is é Abbas Azarpendar príomhoifigeach feidhmiúcháin Radis Vira Tejarat Co atá ina phríomh-idirghabhálaí san Iaráin agus a chuireann roinnt den trealamh faireachais is ardfhorbartha ar fáil do rialtas na hIaráine.

Le linn na n-agóidí a bhí ann tar éis bhás Mahsa Amini agus í faoi choimeád na bpóilíní i lár mhí Mheán Fómhair 2022, d’úsáid fórsaí slándála na hIaráine, Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), a Basij agus Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) san áireamh, trealamh de chuid Radis Vira Tejarat Co chun agóidí ar fud na tíre a chur faoi chois go brúidiúil agus mar thoradh air sin céasadh nó maraíodh 516 agóideoir ar a laghad, 70 páiste san áireamh.

Tá Azarpendar freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.’

23.1.2023

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘13.

Ravin Academy

آکادمی راوین

Áit chláraithe: Tehran, (an Iaráin)

Dáta clárúcháin: 2019

Cláruimhir: 49135

Príomhionad gnó: Second Floor, No. 36, Naqdi Street, North Sohrevardi Street, Shahid Ghandi-Niloufar Neighborhood, Tehran, Iran

Is cuideachta cibearshlándála atá lonnaithe san Iaráin é Ravin Academy; cuireann sé oideachas agus oiliúint chibearshlándála ar fáil sna réimsí na cosanta agus an ionsaithe araon agus oiliúint haiceálaithe chomh maith.

Sa bhreis air sin, oibríonn Ravin Academy thar ceann Ministry of Intelligence (MOIS) na hIaráine agus Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) agus tacaíonn sé leo agus haiceálaithe á n-earcú acu.

Bhí baint dhíreach ag haiceálaithe a cuireadh faoi oiliúint in Ravin Academy sa suaitheadh ar chumarsáid na ndaoine a bhí i mbun agóidíochta i gcoinne réimeas na hIaráine agus leis sin cuireadh na hagóidí faoi chois.

Dá bhrí sin, tá Ravin Academy freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

14.

Samane Gostar Sahab Pardaz Private Limited Company

شرکت سامان گستر سحاب پرداز با مسئولیت محدود

ar a dtugtar freisin Sahab Pardaz

سحاب پرداز

Áit chláraithe: Tehran, an Iaráin

Príomhionad gnó:

Tehran, No. 22, Khorramshahr Street

Tehran, North Shohvardi Street, Korramshahr Street, Number 24, Floor 1

Is cuideachta atá bunaithe san Iaráin é Samane Gostar Sahab Pardaz Private Limited Company a sholáthraíonn seirbhísí scagtha ar na meáin shóisialta.

Tá sí i mbun gníomhaíochtaí cinsireachta agus faireachais do Rialtas na hIaráine, lena n-áirítear le linn agóidí 2022, lena gcuirtear toirmeasc, teorainn nó pionós ar shaoránaigh na hIaráine saoirse tuairimí a nochtadh nó saoirse comhthionóil a fheidhmiú, nó lena gcuirtear teorainn le rochtain ar na meáin chlóite nó chraolacháin.

Tá Samane Gostar Sahab Pardaz Private Limited Company freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

15.

Communication Regulatory Authority (CRA)

ارتباطات و مقررات تنظیم سازمان رادیویی

ar a dtugtar freisin Communication Regulation Authority (CRA)

Áit chláraithe: Tehran, an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe eile: Iranian Ministry for Information and Communications Technology (ICT)

Tá an Communication Regulatory Authority (CRA) faoi údarás an Iranian Ministry for Information and Communications Technology (ICT). Forfheidhmíonn CRA ceanglais rialtas na hIaráine ábhar idirlín a scagadh trí earraí spiaireachta ar a dtugtar SIAM.

Le linn agóidí 2022, bhain CRA úsáid as an smacht a bhí aici ar an rochtain ar an idirlíon agus ar fhóin phóca chun agóideoirí a rianú agus chun léargas mionsonraithe a thabhairt ar ghníomhaíochtaí easaontach agus agóideoirí ionas gurbh fhéidir leis na húdaráis iad sin a úsáid nuair ba mhian leo. Tá CRA freagrach, dá bhrí sin, as cur faoi chois agóideoirí síochánta, iriseoirí, cosantóirí chearta an duine, mic léinn nó daoine eile a labhraíonn amach ar son a gcearta dlisteanacha.

Tá CRA freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

16.

Headquarters for Enjoining Right and Forbidding Evil

ستاد امر به معروف و نهی از منکر

ar a dtugtar freisin Office for Enjoining Right And Forbidding Evil; Headquarters for Promotion of Virtue and Prevention of Vice; Setad-PV

ستاد پو

Cineál eintitis: institiúid rialtais

Áit chláraithe: an Iaráin

Príomhionad gnó: an Iaráin

Daoine aonair comhachaithe: GOLPAYEGANI Seyyed Mohammed Saleh Hashemi, Ceann an Headquarters for Enjoining Right and Forbidding Evil

Eintitis chomhlachaithe eile: Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF)

Is institiúid rialtais é an Headquarters for Enjoining Right and Forbidding Evil, atá freagrach as samhlacha ró-dhian iompraíochta sa tsochaí a chinneadh agus a fhorfheidhmiú.

In 2022, bhí ról lárnach ag an Headquarters for Enjoining Right and Forbidding Evil maidir le cóid mhoráltachta nua agus níos déine a leagan síos do mhná ar sárú soiléir iad ar chearta an duine. Anuas air sin, tá ról lárnach ag an Headquarters for Enjoining Right and Forbidding Evil i mbunú an fhaireacháin agus na smachtbhannaí, a bhíonn brúidiúil go minic, a fhorchuirtear ar mhná agus ar fhir nach mbíonn na cóid sin a n-urramú acu. Bíonn na cóid dhochta sin á bhforfheidhmiú go brúidiúil ansin ag na Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) (go háirithe ag a bPóilíní Moráltachta), dream atá ar liosta ag an Aontas.

Tá an Headquarters for Enjoining Right and Forbidding Evil, freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

17.

Imen Sanat Zaman Fara Company

شرکت ایمن صنعت زمان فرا

Seoladh: Shahrak-e-Jafar Abad-e-Jangal Rd, Naseriyeh, Tehran, an Iaráin;

Number 16, Kolezar alley, Farsian Street, Shahid Rezaiee Street, Azadegan Autobahn, Tehran, an Iaráin;

Number 16, Gholshan 14, Golestan Boulevard, Negarestan Boulevard, Sham Abad, Tehran, an Iaráin

Cineál eintitis: cuideachta phríobháideach

Áit chláraithe: an Iaráin

Dáta clárúcháin: 2010

Uimh. Cárta Aitheantais Náisiúnta: 103201991293 (an Iaráin)

Uimhir chlárúcháin ghnó: 369541 (an Iaráin)

Príomhionad gnó: an Iaráin

Daoine aonair comhachaithe: Mohammad Zandi Aliabadi, cathaoirleach ar an mbord Stiúrthóirí;

Hossein Zandi Aliabadi, Leas-chathaoirleach ar an mbord Stiúrthóirí;

Fatemeh Haghshenas, POF

Eintitis chomhlachaithe eile: Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF)

Is cuideachta Iaránach í Imen Sanat Zaman Fara Company a mhonaraíonn agus a allmhairíonn trealamh slándála d’fhórsaí slándála na hIaráine.

Úsáideann fórsaí slándála na hIaráine a threalamh chun agóidí síochánta a chur faoi chois go foréigneach, lena n-áirítear na hagóidí a tharla tar éis bhás Mahsa Amini 22 bliana d’aois in 2022, as ar tháinig céasadh nó bás 516 agóideoir ar a laghad, lena n-áirítear 70 leanbh ar a laghad.

Tá Imen Sanat Zaman Fara Company freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

18.

Iranian Special Police Forces

نیروی ویژه پاد وحشت

ar a dtugtar freisin NOPO; Fórsaí Speisialta Frithsceimhlitheoireachta na hIaráine; Niroo-ye Vizhe Pasdar-e Velayat; Supreme Leader's Guardian Special Forces; Provincial Special Forces; Special Counter-Terrorism Force

Seoladh: an Iaráin

An cineál eintitis: fórsa póilíneachta

Áit chláraithe: an Iaráin

Príomhionad gníomhaíochta: an Iaráin

Daoine aonair comhachaithe: Mohsen Ebrahimi (Ceannasaí)

Eintitis chomhlachaithe eile: Iran’s Special Unit Forces, Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF)

Is foroinn iad Iranian Special Police Forces (NOPO) de Special Unit Forces na hIaráine agus do na Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF). Is aonad speisialaithe ardoilte é NOPO ar a nglaoitear go minic chun agóidí a dhíscaoileadh.

Le linn agóidí 2022 tar éis bhás Mahsa Amini, 22 bliain d’aois, bhain NOPO úsáid as foréigean iomarcach agus fórsa marfach i gcoinne agóideoirí neamharmáilte, lena n-áirítear mná agus leanaí, e.g. trí armáin uathoibríocha a scaoileadh le hagóideoirí.

Tá na Iranian Special Police Forces (NOPO) freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

19.

Radis Vira Tejarat Co.

شرکت رادیس ویرا تجارت

Seoladh: Tehran, Pasdaran St., West Gilan St., No. 5, Unit 1, Corner of Mohed Dou Alley

Cineál eintitis: soláthraí slándála fisiciúla, fiontar príobháideach

Príomhionad gnó: an Iaráin

Daoine aonair comhachaithe: Abbas Azarpendar, POF Radis Vira Tejarat Co agus Bainisteoir Réigiúnach san Iaráin ar Tiandy Technologies

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) agus Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) (custaiméirí), Pars Ertebat Afzar Co (dáileoir)

Is é Radis Vira Tejarat Co ionadaí an chomhlachta Tiandy Technologies san Iaráin. Léirítear an dlúthbhaint idir na comhlachtaí sa mhéid gurb é Abbas Azarpendar, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Radis Vira Tejarat Co, atá ina bhainisteoir réigiúnach san Iaráin ar Tiandy Technologies. Is príomh-idirghabhálaí san Iaráin é Radis Vira Tejarat Co agus cuireann sé roinnt den trealamh faireachais is ardfhorbartha ar fáil do rialtas na hIaráine

Le linn na n-agóidí a bhí ann tar éis bhás Mahsa Amini agus í faoi choimeád na bpóilíní i lár mhí Mheán Fómhair 2022, d’úsáid fórsaí slándála na hIaráine, Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), a Basij agus Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) san áireamh, trealamh Tiandy chun agóidí ar fud na tíre a chur faoi chois go brúidiúil as ar tháinig céasadh nó bás 516 agóideoir ar a laghad, lena n-áirítear 70 leanbh ar a laghad.

Tá Radis Vira Tejarat Co freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

20.

Cór réigiúnach Sohanda an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in West-Azerbaijan

شهداء

سپاه پاسداران انقلاب اسلامی

Seoladh: West-Azerbaijan, an Iaráin

An cineál eintitis: Aonad míleata an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Áit chláraithe: West-Azerbaijan, an Iaráin

Príomhionad gníomhaíochta: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Oibríonn Cór réigiúnach Sohanda an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige West-Azerbaijan.

Is é an Briogáidire-Ghinearál Habib Shahsavari, atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, ceannasaí an eintitis seo.

Le linn agóidí 2022, rinne Cór réigiúnach Sohanda IRGC oibríochtaí i gcoinne agóideoirí i réigiúin Choirdíneacha na hIaráine. Go háirithe, ag tosú an 15 Samhain 2022, rinneadh na hoibríochtaí sin i gcoinne agóideoirí i mbailte Piranshahr, Mahabad agus Bukan i West Azerbaijan. Bhain trúpaí IRGC úsáid as fórsa díréireach sna hoibríochtaí sin. In oibríochtaí IRGC i mbailte Mahabad agus Bukan, maraíodh ar a laghad ceathrar agus dáréag faoi seach ón 15 Samhain 2022 i leith.

Tá Cór réigiúnach Sohanda IRGC freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

21.

Cór réigiúnach Hazrat Nabi Akram an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in Kermanshah

حضرت نبی اکرم

سپاه پاسداران انقلاب اسلامی

Seoladh: Kermanshah, an Iaráin

An cineál eintitis: Aonad míleata an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Áit chláraithe: Kermanshah, an Iaráin

Príomhionad gníomhaíochta: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Oibríonn Cór réigiúnach Hazrat Nabi Akram an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Khuzestan.

Is é an Briogáidire-Ghinearál Bahman Reyhani, atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, ceannasaí an eintitis seo.

Rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear IRGC, cniogbheartaíocht fhoréigneach i gcúige Kermanshah le linn agóidí 2022.

Tá Cór réigiúnach Harzat Nabi Akram IRGC freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

22.

Cór réigiúnach Quds an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in Gilan

قدس

سپاه پاسداران انقلاب اسلامی

Seoladh: Gilan, an Iaráin

An cineál eintitis: Aonad míleata an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Áit chláraithe: Gilan, an Iaráin

Príomhionad gníomhaíochta: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Oibríonn Cór réigiúnach Quds an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Gilan.

Is é an Briogáidire-Ghinearál Mohammad Abdollahpour, atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, ceannasaí an eintitis seo.

Le linn agóidí 2022, rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear IRGC, cniogbheartaíocht fhoréigneach i gcúige Gilan.

Tá Cór réigiúnach Quds IRGC freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

23.

Cór réigiúnach Karbala an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in Mazandaran

کربلای

سپاه پاسداران انقلاب اسلامی

Seoladh: Mazandaran, an Iaráin

An cineál eintitis: Aonad míleata an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Áit chláraithe: Mazandaran, an Iaráin

Príomhionad gníomhaíochta: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Oibríonn Cór réigiúnach Karbala an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Mazandaran.

Is é an Briogáidire-Ghinearál Siavash Moslemi, atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, ceannasaí an eintitis seo.

Le linn agóidí 2022, rinne an t-eintiteas oibríochtaí i gcoinne agóideoirí i gcúige Mazandaran. Sna hoibríochtaí sin, bhain sé úsáid as fórsa díréireach agus as foréigean i gcoinne agóideoirí.

Tá Cór réigiúnach Karbala IRGC freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

24.

Cór réigiúnach Seyyed al-Shohada an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Tehran.

الشهداء سید

سپاه پاسداران انقلاب اسلامی

Seoladh: Tehran, (an Iaráin)

An cineál eintitis: Aonad míleata an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Áit chláraithe: Tehran (an Iaráin)

Príomhionad gníomhaíochta: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Oibríonn Cór réigiúnach Seyyed al-Shohada an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Tehran.

Is é an Briogáidire-Ghinearál Ahmad Zulqadr, atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, ceannasaí an eintitis seo.

Le linn agóidí 2022, bhí an cur faoi chois foréigneach a rinne fórsaí slándála na hIaráine ar agóidí i gcúige Tehran an-láidir agus iomarcach.

Tá Cór réigiúnach Seyyed al-Shohada IRGC freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

25.

Bunáit Oibriúcháin Karbala an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

کربلا

سپاه پاسداران انقلاب اسلامی

Seoladh: Iardheisceart na hIaráine (cúigí Khusestan, Lorestan agus Kohgiluyeh agusagus Boyer-Ahmad)

An cineál eintitis: Aonad míleata an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Príomhionad gníomhaíochta: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Oibríonn Bunáit Oibriúcháin (ceanncheathrú réigiúnach) Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) in Karbala in Iardheisceart na hIaráine, lena gcumhdaítear cúigí Khusestan, Lorestan agus Kohgiluyeh agus Boyer-Ahmad.

Is é an Briogáidire-Ghinearál Ahmad Kadem, atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, ceannasaí an eintitis seo.

Le linn agóidí 2022, rinne an t-eintiteas oibríochtaí i gcoinne agóideoirí, go háirithe i gcúigí Khusestan agus Lorestan, lena n-áirítear i mbaile Khorramabad in Lorestan. Le linn na n-oibríochtaí sin, bhain trúpaí IRGC úsáid as fórsa díréireach, agus armlón beo in úsáid acu i gcoinne agóideoirí.

Tá Bunáit Oibriúcháin Karbala IRGC freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

26.

Bunáit Oibriúcháin Quds an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

قدس

سپاه پاسداران انقلاب اسلامی

An cineál eintitis: Aonad míleata an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Príomhionad gníomhaíochta: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Is é Bunáit Oibriúcháin Quds an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) ceanncheathrú réigiúnach IRGC in oirdheisceart na hIaráine agus a dhéanann maoirsiú ar chúige Kerman agus ar chuige Sistan agus Baluchestan.

Is é an Briogáidire-Ghinearál Mohammad Karami, atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, ceannasaí an eintitis seo.

Is sa chúige Sistan agus Baluchestan a chonacthas an chuid is foréigní den chniogbheartaíocht a rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear fórsaí IRGC, le linn agóidí 2022. An 30 Meán Fómhair 2022, ba i Zahedan, príomhchathair an chúige, a tharla an eachtra ‘Aoine na fola’, nuair a scaoil fórsaí slándála urchair - armlón beo - ar agóid a bhí ag dul ar aghaidh ag am phaidir na hAoine i Zahedan. Lámhachadh agus maraíodh 70 agóideoir ar a laghad. Leanadh den fhoréigean i gcoinne rannpháirtithe in agóidí níos déanaí ó shin i leith.

Tá Bunáit Oibriúcháin Quds IRGC freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

27.

Bunáit Oibriúcháin Najaf-e-Ashraf an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

الاشرف نجف

سپاه پاسداران انقلاب اسلامی

An cineál eintitis: Aonad míleata an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Príomhionad gníomhaíochta: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Déanann Bunáit Oibriúcháin Najaf-e-Ashraf (ceanncheathrú réigiúnach) an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) maoirsiú ar chúigí Kermanshah, Hamedan agus Ilam.

Is é an Briogáidire-Ghinearál Nazar Azimi, atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, ceannasaí an eintitis seo.

Rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear IRGC, cniogbheartaíocht fhoréigneach i gcúige Kermanshah le linn agóidí 2022.

Tá Bunáit Oibriúcháin Najaf-e-Ashraf IRGC freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

28.

Cór réigiúnach Valiasr an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in Khuzestan

عصر ولی

سپاه پاسداران انقلاب اسلامی

Seoladh: Khuzestan, an Iaráin

An cineál eintitis: Aonad míleata an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Áit chláraithe: Khuzestan, an Iaráin

Príomhionad gníomhaíochta: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Oibríonn Cór réigiúnach Valiasr an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Khuzestan.

Is é an Briogáidire-Ghinearál Hassan Shahvarpour, atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, ceannasaí an eintitis seo.

Tá Cór réigiúnach Valiasr IRGC freagrach as sléacht a dhéanamh ar agóideoirí in Khuzestan i mí na Samhna 2020. Ina theannta sin, le linn agóidí 2022 san Iaráin, rinne sé oibríochtaí i gcoinne agóideoirí i mbaile Izeh go háirithe. Bhain trúpaí IRGC úsáid as fórsa díréireach sna hoibríochtaí sin inar maraíodh agóideoirí mar thoradh air sin.

Tá Cór réigiúnach Valiasr IRGC freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

29.

Cór réigiúnach Hazrat Abufazl an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in Lorestan

حضرت ابوالفضل

سپاه پاسداران انقلاب اسلامی

Seoladh: Lorestan, an Iaráin

An cineál eintitis: Aonad míleata an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Áit chláraithe: Lorestan, an Iaráin

Príomhionad gníomhaíochta: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Oibríonn Cór réigiúnach Hazrat Abufazl an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Lorestan.

Le linn agóidí 2022, rinne sé oibríochtaí i gcoinne agóideoirí i réigiúin Choirdíneacha na hIaráine. Go háirithe, rinneadh oibríochtaí i mbaile Khorramabad in Lorestan. Bhain trúpaí IRGC úsáid as fórsa díréireach sna hoibríochtaí sin, agus armlón beo in úsáid acu i gcoinne agóideoirí.

Tá Cór réigiúnach Hazrat Abufazl IRGC freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

30.

Cór réigiúnach Beit-al-Moqadas an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gCordastáin.

المقدس بيت

سپاه پاسداران انقلاب اسلامی

Seoladh: Kurdistan, an Iaráin

An cineál eintitis: Aonad míleata an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Áit chláraithe: Kurdistan, an Iaráin

Príomhionad gníomhaíochta: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Oibríonn Cór réigiúnach Beit-al-Moqadas an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Kurdistan.

Is é an Briogáidire-Ghinearál Sadegh Hosseini, atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, ceannasaí an eintitis seo.

Le linn agóidí 2022, rinne an t-eintiteas seo oibríochtaí i gcoinne agóideoirí i réigiúin Choirdíneacha na hIaráine. Go háirithe, ag tosú an 15 Samhain 2022, rinneadh na hoibríochtaí sin i gcoinne agóideoirí i mbailte Kurdistan agus i mbailte Sanandaj, Kamyaran agus Saqqez i West Azerbaijan. Bhain trúpaí IRGC úsáid as fórsa díréireach sna hoibríochtaí sin. In oibríochtaí IRGC i mbailte Kamyaran agus Saqqez, maraíodh ar a laghad seachtar ón 15 Samhain 2022.

Tá Cór réigiúnach Beit-al-Moqadas IRGC freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023

31.

Cór réigiúnach Salaman an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in Sistan agus Baluchestan

سلمان

سپاه پاسداران انقلاب اسلامی

Seoladh: Sistan agus Baluchestan, an Iaráin

An cineál eintitis: Aonad míleata an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Áit chláraithe: Sistan agus Baluchestan, an Iaráin

Príomhionad gníomhaíochta: an Iaráin

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Déanann Cór réigiúnach Salaman an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) maoirsiú ar chúige Sistan agus Baluchestan.

Is é an Briogáidire-Ghinearál Amanollah Garshasbi, atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, ceannasaí an eintitis seo.

Is in Sistan agus Baluchestan a chonacthas an chuid is foréigní den chniogbheartaíocht a rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear fórsaí IRGC, le linn agóidí 2022. An 30 Meán Fómhair 2022, ba i Zahedan, príomhchathair an chúige, a tharla an eachtra ‘Aoine na fola’, nuair a scaoil fórsaí slándála urchair le harmlón beo ar agóid a bhí ag dul ar aghaidh ag am phaidir na hAoine i Zahedan. Lámhachadh agus maraíodh 70 agóideoir ar a laghad. Leanadh den fhoréigean i gcoinne agóideoirí ó shin i leith.

Tá Cór réigiúnach Salaman IRGC freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

23.1.2023’


Top