This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0149
Council Regulation (EU) 2022/149 of 3 February 2022 amending Regulation (EU) No 101/2011 concerning restrictive measures directed against certain persons, entities and bodies in view of the situation in Tunisia
Rialachán (AE) 2022/149 ón gComhairle an 3 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
Rialachán (AE) 2022/149 ón gComhairle an 3 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
ST/5360/2022/INIT
IO L 25, 4.2.2022, p. 7–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
4.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 25/7 |
RIALACHÁN (AE) 2022/149 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Feabhra 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle an 31 Eanáir 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle (2), cuirtear calcadh sócmhainní de bhun Chinneadh 2011/72/CBES i gcoinne daoine agus eintitis áirithe a aithníodh mar dhaoine nó mar eintitis atá freagrach as míleithreasú chistí Stáit na Túinéise chun bhfeidhme. |
(2) |
An 3 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/154 (3), lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a mhéid a bhaineann le coinníollacha ar a bhféadfar leanúint de chistí duine éagtha a chalcadh. |
(3) |
Tagann an leasú sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomh rialála ar leibhéal an Aontais chun é a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú sna Ballstáit go léir. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 2a I gcás éag duine a liostaítear in Iarscríbhinn I:
|
(2) |
in Airteagal 12, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “5. Déanfaidh an Chomhairle an liosta in Iarscríbhinn I a leasú de réir mar is gá a luaithe a shuífidh sí nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2a maidir le calcadh cistí agus acmhainní eacnamaíocha ba leis an duine éagtha nó a bhí faoina úinéireacht, ina sheilbh nó faoina rialú, nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(1) IO L 28, 2.2.2011, lch. 62.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle an 4 Feabhra 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe i gcoinne daoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (IO L 31, 5.2.2011, lch. 1).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/154 ón gComhairle an 3 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2011/72/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (féach leathanach 2022/154 den Iris Oifigiúil seo).