EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0885

Cinneadh (CBES) 2022/885 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/8835/2022/INIT

IO L 153, 3.6.2022, p. 139–139 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/885/oj

3.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 153/139


CINNEADH (CBES) 2022/885 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Meitheamh 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

Measann an Chomhairle gur cheart tuilleadh roghanna maolaithe ar an reo sócmhainní agus ar an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus d’eintitis ainmnithe a thabhairt isteach.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 2 de Chinneadh 2014/145/CBES, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“13.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 ná 2 maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha atá fíor-riachtanach i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar ag oibreoirí teileachumarsáide an Aontais, i dtaca le soláthar saoráidí gaolmhara agus seirbhísí gaolmhara is gá le haghaidh oibriú, chothabháil agus shlándáil na seirbhísí cumarsáide leictreonaí sin, sa Rúis, san Úcráin, san Aontas, idir an Rúis agus an tAontas, agus idir an Úcráin agus an tAontas, agus i dtaca le seirbhísí lárionaid sonraí san Aontais.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. COLONNA


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


Top