EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0627

Cinneadh (CBES) 2022/627 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/8101/2022/INIT

IO L 116, 13.4.2022, p. 6–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/627/oj

13.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 116/6


CINNEADH (CBES) 2022/627 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Aibreán 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

An 21 Feabhra 2022, shínigh Uachtarán Chónaidhm na Rúise foraithne ina n-aithnítear “neamhspleáchas agus ceannasacht” limistéir réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine nach bhfuil faoi smacht rialtais agus d’ordaigh sé fórsaí armtha na Rúise isteach sna limistéir sin.

(3)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin.

(4)

Trína gníomhaíochtaí míleata neamhdhleathacha atá ar siúl aici, tá iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith leis an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, á sárú go trom ag an Rúis.

(5)

I bhfianaise na géarchéime daonnúla atá ann mar thoradh ar ionradh gan údar na hÚcráine a rinne fórsaí armtha Chónaidhm na Rúise, measann an Chomhairle, gur cheart, i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta, do ghníomhaithe daonnúla neamhchlaonta, a thugann aghaidh ar riachtanais dhaonnúla phobal shibhialta na hÚcráine, leanúint de ghníomhaíocht dhaonnúil ar bhonn prionsabal a dhéanamh san Úcráin.

(6)

Dá bhrí sin, measann an Chomhairle gur cheart eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí áirithe a fheidhmíonn mar chomhpháirtithe daonnúla a dhíolmhú ón toirmeasc i leith cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine, eintitis agus comhlachtaí ainmnithe, chun críocha daonnúla san Úcráin agus chun na gcríoch sin amháin

(7)

Ina theannta sin, measann an Chomhairle gur cheart sásra maolaithe chun críocha daonnúla san Úcráin a thabhairt isteach i ndáil le reo sócmhainní daoine, eintiteas agus comhlachtaí ainmnithe, agus leis na srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 2 de Chinneadh 2014/145/AE, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“11.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 2 maidir le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a ndéanann an tAontas measúnú colúin orthu agus lenar shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais ar chomhaontú é ar bunaithe air a ghníomhaíonn na heagraíochtaí agus na gníomhaireachtaí mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil gá le soláthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha dá dtagraítear i mír 2 go heisiach chun críoch daonnúil san Úcráin.

12.   I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 11, agus de mhaolú ar mhír 1 agus mír 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstát, faoi cibé coinníollacha ginearálta agus sonracha is iomchuí leo, údaruithe sonracha nó ginearálta a dheonú chun go scaoilfear cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe nó chun go gcuirfear cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar fáil, ar choinníoll go mbeidh gá le soláthar cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin chun críoch daonnúil san Úcráin, agus chun na gcríoch sin amháin.

Mura ndéanann an t-údarás inniúil cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a bhfaightear iarraidh ar údarú, measfar gur deonaíodh an t-údarú.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


Top