Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0399

    Cinneadh (CBES) 2022/399 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

    ST/6836/2022/INIT

    IO L 82, 9.3.2022, p. 9–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/399/oj

    9.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 82/9


    CINNEADH (CBES) 2022/399 ÓN gCOMHAIRLE

    an 9 Márta 2022

    lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1).

    (2)

    An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin, lena n-áirítear ó chríoch na Bealarúise. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

    (3)

    Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin. Leis na gníomhaíochtaí mídhleathacha míleata atá ar siúl aici, tá an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á sárú go trom ag an Rúis agus tá an bonn á bhaint aici de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. Cháin an Chomhairle Eorpach go láidir freisin rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha sin faoin Úcráin agus d’iarr sí ar an mBealarúis staonadh ó ghníomh den sórt sin agus cloí lena hoibleagáidí idirnáisiúnta. D’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí pacáiste smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha breise a ullmhú agus a ghlacadh ar bhonn práinne, lena gcumhdófar an Bhealarúis freisin.

    (4)

    An 2 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2022/356 (2), lenar leasaíodh teideal Chinneadh 2012/642/CBES agus lenar tugadh isteach bearta sriantacha breise mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin.

    (5)

    I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, is iomchuí bearta sriantacha breise a bhaineann leis an earnáil airgeadais a thabhairt isteach.

    (6)

    Is iomchuí an méid seo a leanas a dhéanamh ach go háirithe: toirmeasc a chur ar liostú agus ar sholáthar seirbhísí i ndáil le scaireanna eintiteas de chuid na Bealarúise atá faoi úinéireacht stáit ar ionaid trádála an Aontais; teorainn a chur leis an insreabhadh airgeadais ón mBealarúis chuig an Aontas; idirbhearta le Banc Ceannais na Bealarúise a thoirmeasc; teorainn a chur leis an soláthar seirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais d’institiúidí creidmheasa áirithe na Bealarúise agus dá bhfochuideachtaí Bealarúiseacha. Is iomchuí freisin oibleagáidí a chur ar an mBainisteoir Líonra le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair i dtaca le le toirmisc ar thraseitilt.

    (7)

    Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

    (8)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

    (1)

    cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

    “Airteagal 2ha

    1.   Toirmeasctar idirbhearta a bhaineann le cúlchistí a bhainistiú chomh maith le sócmhainní Bhanc Ceannais na Bealarúise, lena n-áirítear idirbhearta le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Bealarúise nó ar threoir uaidh.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla idirbheart a údarú ar choinníoll go bhfuil géarghá leis sin chun cobhsaíocht airgeadais an Aontais ina iomláine nó an Bhallstáit lena mbaineann a áirithiú.

    3.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir leis an rún atá aige údarú a dheonú faoi mhír 2.

    Airteagal 2hb

    I gcás urrúis inaistrithe aon duine dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta atá bunaithe sa Bhealarúis agus a bhfuil níos mó ná 50% di faoi úinéireacht phoiblí, ón 12 Aibreán 2022, toirmeascfar seirbhísí a liostú agus a sholáthar ar ionaid trádála a bheidh cláraithe nó aitheanta san Aontas.”;

    (2)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2k:

    “Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon turas, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh, go díreach nó go hindíreach, dul timpeall ar na toirmisc sin a leagtar amach sa Chinneadh seo.”;

    (3)

    cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

    “Airteagal 2t

    1.   Toirmeascfar maoiniú poiblí nó cúnamh airgeadais a sholáthar le haghaidh trádáil leis an mBealarúis nó le haghaidh infheistíocht sa Bhealarúis.

    2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    ceangaltais cheangailteacha i dtaca le maoiniú nó ceangaltais maidir le cúnamh airgeadais, ar ceangaltais iad a bunaíodh roimh an 10 Márta 2022;

    (b)

    maoiniú poiblí nó cúnamh airgeadais dar luach suas le EUR 10 000 000 ina iomláine in aghaidh an tionscadail a sholáthar ar théann chun tairbhe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá bunaithe san Aontas; nó

    (c)

    maoiniú poiblí nó cúnamh airgeadais a sholáthar le haghaidh trádáil i mbia agus chun críoch talmhaíochta, leighis nó daonnúil.

    Airteagal 2u

    1.   Toirmeascfar glacadh le haon taisce ó náisiúnaigh na Bealarúise nó ó dhaoine nádúrtha a chónaíonn sa Bhealarúis, nó ó dhaoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Bhealarúis, más mó ná EUR 100 000 luach iomlán na dtaiscí ón duine nádúrtha nó dlítheanach, ón eintiteas nó ón gcomhlacht in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa.

    2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit, le náisiúnaigh tíre sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ná le náisiúnaigh na hEilvéise, ná le daoine nádúrtha ag a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstáit, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis.

    3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le taiscí atá riachtanach le haghaidh trádála trasteorann neamhchoiscthe in earraí agus i seirbhísí idir an tAontas agus an Bhealarúis.

    4.   De mhaolú ar mír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú go nglacfar le taisce den sórt sin, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas i dtaca le glacadh le taisce den sórt sin:

    (a)

    tá gá leis chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, agus chun bunriachtanais a mball teaghlaigh chleithiúnacha a chomhlíonadh, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

    (b)

    tá sé ceaptha chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

    (c)

    tá gá leis i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé ar ar cheart údarú sonrach a dheonú, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

    (d)

    tá gá leis chun críocha oifigiúla misin taidhleoireachta nó poist chonsalachta nó eagraíochta idirnáisiúnta.

    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de dhá sheachtain ón údarú.

    5.   De mhaolú ar mír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla a údarú go nglacfar le taisce den sórt sin, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas i dtaca le glacadh le taisce den sórt sin:

    (a)

    tá gá leis chun críoch daonnúil, amhail seachadadh cúnaimh nó seachadadh cúnaimh a éascú, lena n-áirítear soláthairtí liachta, bia, nó oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar a aistriú nó le haghaidh aslonnaithe; nó

    (b)

    tá gá leis le haghaidh ghníomhaíochtaí na sochaí sibhialta lena ndéantar an daonlathas, cearta an duine nó an smacht reachta a chur chun cinn go díreach sa Bhealarúis.

    Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de dhá sheachtain ón údarú.

    Airteagal 2v

    1.   Toirmeascfar taisclanna lárnacha urrús an Aontais aon seirbhís a sholáthar mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) i gcás urrúis inaistrithe a eiseofar tar éis an 12 Aibreán 2022 d’aon náisiúnach de chuid na Bealarúise nó d’aon duine nádúrtha a bhfuil cónaí air sa Bhealarúis nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis.

    2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit ná le daoine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát.

    Airteagal 2w

    1.   Beidh toirmeasc ar urrúis inaistrithe atá ainmnithe in euro agus a eisítear tar éis an 12 Aibreán 2022, nó aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a chuireann neamhchosaint ar na hurrúis sin ar fáil, a dhíol le haon náisiúnach de chuid na Bealarúise nó le haon duine nádúrtha a chónaíonn sa Bhealarúis nó le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dlíthiúil atá bunaithe sa Bhealarúis.

    2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit ná le daoine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstát.

    Airteagal 2x

    1.   Toirmeascfar nótaí bainc atá ainmnithe in euro a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig an mBealarúis nó chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, lena n-áirítear an Rialtas agus Banc Ceannais na Bealarúise, nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

    2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú nótaí bainc atá ainmnithe in euro ar choinníoll go bhfuil gá iad a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú le haghaidh an méid seo a leanas:

    (a)

    úsáid phearsanta daoine nádúrtha a thaistealaíonn go dtí an Bhealarúis nó baill dá ngartheaghlaigh atá ag taisteal leo; nó

    (b)

    críocha oifigiúla misin taidhleoireachta, post consalachta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Bhealarúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

    Airteagal 2y

    Toirmeascfar an méid seo a leanas ón 20 Márta 2022 seirbhísí speisialaithe teachtaireachta airgeadais, ar seirbhísí iad a úsáidtear chun sonraí airgeadais a mhalartú, a sholáthar do na daoine dlítheanacha, do na heintitis nó do na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn V nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn V.

    (*1)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).”;"

    (4)

    cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

    “Airteagal 2ab

    1.   An Bainisteoir Líonra le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair, tacóidh sé leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit maidir le cur chun feidhme agus comhlíonadh Airteagail 2a agus 4(2) den Chinneadh seo a áirithiú. Diúltóidh an Bainisteoir Líonra, go háirithe, do na pleananna eitilte uile arna gcomhdú ag oibreoirí aerárthaí, ar pleananna iad ina bhfuil sé léirithe go bhfuil sé beartaithe gníomhaíochtaí a dhéanamh ar chríoch an Aontais nó ar chríoch na Bealarúise, arb ionann iad agus sárú ar fhorálacha an Chinnidh seo, sa chaoi nach gceadaítear don phíolóta eitilt.

    2.   Cuirfidh an Bainisteoir Líonra tuarascálacha ar chur chun feidhme Airteagal 2a ar fáil go rialta don Choimisiún agus do na Ballstáit, bunaithe ar anailís ar phleananna eitilte.”;

    (5)

    In Airteagal 2n(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear in Airteagail 2h, 2i, 2j, 2y nó a liostaítear in Iarscríbhinn II nó in Iarscríbhinn V”;

    (6)

    Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo isteach mar Iarscríbhinn V a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Márta 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J.-Y. LE DRIAN


    (1)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 67, 2.3.2022, lch. 103).


    IARSCRÍBHINN

    “IARSCRÍBHINN V

    LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2Y

    Belagroprombank

    Bank Dabrabyt

    Development Bank of the Republic of Belarus


    Top