EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0329

Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/6557/2022/INIT

IO L 50, 25.2.2022, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/329/oj

25.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 50/1


CINNEADH (CBES) 2022/329 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Feabhra 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 24 agus an 25 Meitheamh 2021, d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an Rúis freagracht a ghlacadh go hiomlán as cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a áirithiú mar an príomhchoinníoll le haghaidh aon athrú suntasach ar sheasamh an Aontais. Chuir sí i bhfios go láidir gur gá freagairt láidir chomhordaithe ón Aontas agus óna Bhallstáit ar aon ghníomhaíocht mhailíseach, neamhdhleathach, shuaiteach bhreise a dhéanfadh an Rúis, agus leas iomlán á bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil don Aontas, agus comhordú á áirithiú leis na comhpháirtithe. Chuige sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún agus ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála ('an tArdionadaí') freisin, roghanna a chur i láthair maidir le bearta sriantacha breise, lena n-áirítear smachtbhannaí eacnamaíocha.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 16 Nollaig 2021, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir a phráinní atá sé go mbainfeadh an Rúis an lasair den bharrach atá ann de bharr an tóstail mhíleata feadh theorainn na Rúise leis an Úcráin agus de bharr na reitrice ionsaithí. D’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn an Chomhairle Eorpach go hiomlán le ceannasacht agus le hiomláine chríochach na hÚcráine. Agus an Chomhairle Eorpach ag moladh go ndéanfaí iarrachtaí taidhleoireachta agus ag tacú le formáid na Normainne mar bhealach chun cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a bhaint amach, luaigh an Chomhairle Eorpach go mbeadh iarmhairtí ollmhóra agus costais throma ann mar fhreagairt ar aon ghreas míleata eile a dhéanfaí i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear bearta sriantacha arna gcomhordú lenar gcomhpháirtithe.

(5)

An 24 Eanáir 2022, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí inar cháin sí gníomhaíochtaí agus bagairtí ionsaitheacha leanúnacha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus inar iarr sí ar an Rúis an lasóg a bhaint den bharrach, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus páirt chuiditheach a ghlacadh in idirphlé trí na sásraí idirnáisiúnta atá bunaithe. D’athdhearbhaigh an Chomhairle tiomantas iomlán an Aontais do na croíphrionsabail ar a bhfuil slándáil na hEorpa bunaithe, agus atá cumhdaithe i gCairt na Náisiún Aontaithe agus i ndoiciméid bhunaitheacha na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, lena n-áirítear Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus Cairt Pháras. Áirítear leis na croíphrionsabail sin go háirithe comhionannas ceannasach agus iomláine chríochach Stát, dosháraitheacht na dteorainneacha, staonadh ó fhorneart a bhagairt nó a úsáid, agus saoirse Stát a socruithe slándála féin a roghnú nó a athrú. Luaigh an Chomhairle nach bhfuil na prionsabail sin inchaibidle ná faoi réir athbhreithniú ná athléiriú, agus gur bac é sárú na Rúise ar spás slándála coiteann agus doroinnte san Eoraip, agus go gcuireann sé an tsíocháin agus an chobhsaíocht ar an mór-roinn seo againne i mbaol. Á mheabhrú di na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 16 Nollaig 2021, d’athdhearbhaigh an Chomhairle go n-eascródh iarmhairtí ollmhóra agus costais thromchúiseacha as aon ionsaí míleata breise a dhéanfadh an Rúis ar an Úcráin, agus go n-áirítear air sin réimse leathan beart sriantach ar earnálacha agus ar dhaoine aonair a ghlacfaí i gcomhar le comhpháirtithe.

(6)

An 19 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar léiríodh gur cúis imní é tóstail ollmhór fhórsaí armtha na Rúise san Úcráin agus thart ar an Úcráin, agus thathantaigh sé ar an Rúis páirt a ghlacadh in idirphlé fónta agus i dtaidhleoireacht, guaim a choinneáil uirthi féin agus an lasóg a bhaint den bharrach trí go leor fórsaí míleata a tharraingt siar ó theorainneacha na hÚcráine.

(7)

An 21 Feabhra 2022, shínigh Uachtarán Chónaidhm na Rúise foraithne ina n-aithnítear “neamhspléachas agus ceannasacht” limistéir réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine nach bhfuil faoi smacht an rialtais, agus d'ordaigh sé fórsaí armtha na Rúise isteach sna limistéir sin. Luaigh an tAontas go mbeadh iarmhairtí ollmhóra agus costais throma ann mar fhreagairt ar aon ghreas míleata eile a dhéanfar i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear bearta sriantacha arna gcomhordú lenar gcomhpháirtithe.

(8)

An 22 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh an ghníomhaíocht neamhdhleathach sin, lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine a thuilleadh agus is sárú tromchúiseach í ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras agus Meabhrán Bhúdaipeist, chomh maith le Comhaontuithe Mhionsc agus Rún 2202 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. D'áitigh an tArdionadaí ar an Rúis, mar pháirtí sa choinbhleacht, an t-aitheantas sin a aisiompú, seasamh lena gealltanais, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus filleadh ar an bplé faoi chuimsiú fhormáid na Normainne agus an Ghrúpa Teagmhála Thríthaobhaigh. D’fhógair sé go bhfreagródh an tAontas do na sáruithe is déanaí sin ag an Rúis trí bhearta breise sriantacha a ghlacadh mar ábhar práinne.

(9)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin. Is sárú follasach ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine an t-ionsaí sin.

(10)

An 24 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go fíorghéar an t-ionradh ar an Úcráin a rinne fórsaí armtha de chuid Chónaidhm na Rúise agus rannpháirtíocht na Bealarúise sa fogha sin faoin Úcráin. Chuir an tArdionadaí in iúl go n-áireofar i bhfreagairt an Aontais bearta sriantacha earnálacha agus bearta sriantacha aonair araon.

(11)

I bhfianaise a thromchúisí atá cúrsaí, measann an Chomhairle gur cheart na critéir ainmniúcháin a leasú le go n-áireofaí iontu daoine agus eintitis a thacaíonn le Rialtas Chónaidhm na Rúise agus a bhaineann tairbhe as an Rialtas sin chomh maith le daoine agus eintitis a bhfuil foinse mhór ioncaim á sholáthar dó, agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil baint acu le daoine nó eintitis liostaithe.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach nó idirthuras na ndaoine seo a leanas ar a gcríocha a chosc:

(a)

daoine nádúrtha atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó den cobhsaíocht nó den tslándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, nó lena gcuirtear bac ar obair eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin, nó as na gníomhaíochtaí nó beartais sin a chur chun feidhme;

(b)

daoine nádúrtha atá ag tacú le lucht déanta cinntí na Rúise, ar bhonn ábhartha nó airgeadais, lucht atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, nó a bhaineann tairbhe as an lucht sin;

(c)

daoine nádúrtha a dhéanann idirbhearta leis na grúpaí scarúnaíocha i réigiún Donbas na hÚcráine;

(d)

daoine nádúrtha atá ag tacú le Rialtas Chónaidhm na Rúise, ar bhonn ábhartha nó ar bhonn airgeadais, nó atá ag baint tairbhe as an Rialtas sin, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine; nó

(e)

príomhdhaoine gnó atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine,

agus daoine nádúrtha a bhfuil baint acu leo, arna liostú san Iarscríbhinn.”.

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Na cistí, agus na hacmhainní eacnamaíocha uile, ar leis na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí seo a leanas iad, nó atá faoina n-úinéireacht nó atá ina seilbh nó á rialú acu:

(a)

daoine nádúrtha atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó den cobhsaíocht nó den tslándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, nó lena gcuirtear bac ar obair eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin, nó as na gníomhaíochtaí nó beartais sin a chur chun feidhme;

(b)

daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag tacú, ar bhonn ábhartha nó airgeadais, le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

(c)

daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí sa Chrimé nó in Sevastopol ar aistríodh a n-úinéireacht de shárú ar dhlí na hÚcráine, nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhain tairbhe as an aistriú sin;

(d)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag tacú le lucht déanta cinntí na Rúise, ar bhonn ábhartha nó airgeadais, lucht atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, nó a bhaineann tairbhe as an lucht sin, nó baill teaghlaigh an luchta sin;

(e)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a dhéanann idirbhearta leis na grúpaí scarúnaíocha i réigiún Donbas na hÚcráine;

(f)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag tacú go gníomhach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, ar bhonn ábhartha nó ar bhonn airgeadais, nó atá ag baint tairbhe as an Rialtas sin, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine; nó

(g)

príomhdhaoine gnó nó príomhdhaoine dlítheanacha, príomheintitis nó príomhchomhlachtaí atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine,

agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo, arna liostú san Iarscríbhinn, déanfar iad a chalcadh.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


Top