This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1983
Council Implementing Regulation (EU) 2021/1983 of 15 November 2021 implementing Regulation (EU) No 36/2012 concerning restrictive measures in view of the situation in Syria
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1983 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1983 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
ST/13219/2021/INIT
IO L 402I, 15.11.2021, p. 1–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
15.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 402/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1983 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Samhain 2021
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, De bharr an mhéid seo a leanas:
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
(2) |
I bhfianaise thromchúis na staide sa tSiria, agus i bhfiainise na n-athruithe i Rialtas na Siria le déanaí, ba cheart ceathrar a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. Chomh maith leis sin, ba cheart an fhaisnéis a bhaineann le cúigear a liostaítear cheana in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a thabhairt cothrom le dáta. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear na daoine seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (“Daoine”):
|
(2) |
I Roinn A (Daoine), in ionad na n-iontrálacha seo a leanas cuirtear an méid seo a leanas:
|