EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0695

Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/12/2021/INIT

IO L 170, 12.5.2021, p. 1–68 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/03/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj

12.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 170/1


RIALACHÁN (AE) 2021/695 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Aibreán 2021

lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3), Airteagal 182(1), Airteagal 183, agus an dara mír d’Airteagal 188 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é cuspóir de chuid an Aontais an bonn eolaíochta agus an bonn teicneolaíochta atá aige a neartú tríd an limistéar Eorpach taighde (LET) a neartú ina mbeidh taighdeoirí, eolas eolaíoch agus teicneolaíocht ag gluaiseacht faoi shaoirse agus trí bhreis iomaíochais a spreagadh ann, lena n-áirítear an t-iomaíochas ina earnáil thionsclaíoch, agus, ag an am céanna, gach gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta (T&N) á cur chun cinn chun tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach, tosaíochtaí arb é is aidhm dóibh i ndeireadh thiar an tsíocháin, luachanna an Aontais agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn.

(2)

Chun tionchar a imirt ar bhonn eolaíoch, eacnamaíoch, comhshaoil agus sochaíoch chun an cuspóir ginearálta seo a shaothrú agus chun breisluach infheistíochtaí T&N de chuid an Aontais a uasmhéadú, ba cheart don Aontas infheistíocht a dhéanamh in T&N trí Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht 2021-2027 (“an Clár”). Leis an gClár, ba cheart tacú le heolas ardcháilíochta den scoth agus teicneolaíochtaí ardcháilíochta san Aontas a chruthú, a scaipeadh ar bhealach níos fearr agus a aistriú, daoine tréitheacha a mhealladh ar gach leibhéal agus rannchuidiú le rannpháirteachas iomlán dhíorma tréitheach an Aontais, naisc chomhoibríocha a éascú agus tionchar T&N a neartú ó thaobh beartais an Aontais a fhorbairt, a thacú agus a chur chun cinn, tacú le réitigh nuálacha agus inbhuanaithe i ngeilleagar an Aontais a ghlacadh agus a chur chun úsáide, go háirithe i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus sa tsochaí, agus an glacadh agus an cur chun úsáide sin a neartú, dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear an t-athrú aeráide agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna), poist a chruthú, borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch, iomaíochas tionsclaíoch a chur chun cinn agus tarraingteacht an Aontais a mhéadú i réimse T&N. Leis an gClár, ba cheart gach cineál nuálaíochta a chothú, lena n-áirítear nuálaíocht cheannródaíoch, réitigh nuálacha a chur chun úsáide ar an margadh agus é sin a chothú, agus soláthar infheistíochta den sórt sin a optamú le go mbeidh tionchar níos mó aici laistigh de LET neartaithe.

(3)

Ba cheart an Clár a bhunú ar feadh ré an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 mar a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (4), gan dochar do na teorainneacha ama a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (5).

(4)

Leis an gClár, ba cheart rannchuidiú leis an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach in T&N sna Ballstáit a mhéadú, agus ar an gcaoi sin, cuidiú le méid sprioc fhoriomlán na hinfheistíochta i réimse an taighde agus na forbartha a ardú go de 3 %, ar a laghad, d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais a bhaint amach i réimse na taighde agus na forbartha. Chun an sprioc sin a bhaint amach, bheadh ar na Ballstáit agus ar an earnáil phríobháideach an Clár a chomhlánú le gníomhaíochtaí infheistíochta treisithe dá gcuid féin i réimse an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta.

(5)

D’fhonn cuspóirí an Chláir a bhaint amach, agus prionsabal an bharr feabhais á urramú ag an am céanna, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár, i measc nithe eile, naisc chomhoibríocha san Eoraip a neartú agus, ar an gcaoi sin, cabhrú leis an deighilt i réimse T&N a laghdú.

(6)

Chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach, le gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár seo, ba cheart rialáil atá dírithe ar an nuálaíocht a spreagadh agus leas a bhaint aisti, i gcomhréir le prionsabal na nuálaíochta, chun tacú le haistriú níos gasta agus níos déine de shócmhainní eolais suntasacha an Aontais ina nuálaíocht.

(7)

Le coincheapa na “heolaíochta oscailte”, na “nuálaíochta oscailte” agus na “hoscailteachta don domhan”, ba cheart barr feabhais agus tionchar infheistíocht an Aontais a áirithiú in T&N, agus leasanna an Aontais á gcosaint ag an am céanna.

(8)

D’fhéadfadh an eolaíocht oscailte, lena n-áirítear rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíochta agus sonraí taighde, chomh maith le scaipeadh agus saothrú eolais ar an dóigh is fearr is féidir, cáilíocht, tionchair agus leasanna na heolaíochta a mhéadú. Leis na nithe sin, d’fhéadfaí borradh a chur faoi dhul chun cinn an eolais trína dhéanamh níos iontaofa, níos éifeachtúla agus níos cruinne, níos éasca le tuiscint ag an tsochaí agus níos freagraí ar dhúshláin shochaíocha freisin. Ba cheart forálacha a leagan síos chun a áirithiú go dtabharfaidh na tairbhithe rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíocha phiarmheasúnaithe. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart a áirithiú go dtabharfaidh na tairbhithe rochtain oscailte ar shonraí taighde i gcomhréir leis an bprionsabal “a oscailte is féidir, a dhúnta is gá”, agus é á áirithiú, ag an am céanna, gur féidir eisceachtaí a bheith ann lena gcuirtear san áireamh leasanna dlisteanacha na dtairbhithe. Ba cheart tuilleadh béime a leagan go háirithe ar bhainistiú freagrach sonraí taighde, agus ba cheart don bhainistiú sin cloí le prionsabail na “so-aimsitheachta”, “na hinrochtaineachta”, “na hidir-inoibritheachta” agus “na hin-athúsáideachta” (“prionsabail FAIR”), go háirithe trí Phleananna Bainistithe Sonraí a phríomhshruthú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na tairbhithe úsáid a bhaint as na féidearthachtaí atá ann a bhuí leis an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte (NEEO) agus maidir leis an mBonneagar Sonraí Eorpach agus cloí le prionsabail agus cleachtais bhreise na heolaíochta oscailte. Ba cheart cómhalartacht san eolaíocht oscailte a spreagadh i ngach comhaontú comhlachais agus comhair le tríú tíortha.

(9)

Táthar le tairbhithe an Chláir, go háirithe FBManna, a spreagadh chun leas a bhaint as ionstraimí ábhartha an Aontais atá ann cheana, amhail an Deasc Chabhrach Eorpach a thacaíonn le FBManna agus le rannpháirtithe eile sa Chlár maidir lena gcearta maoine intleachtúla (IP) a chosaint agus a fhorfheidhmiú araon.

(10)

I mbunsmaoineamh agus i gceapadh an Chláir, ba cheart freagairt ar an ngá atá le mais chriticiúil a bhunú do na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh, ar fud an Aontais, lena spreagtar na Ballstáit go léir chun rannpháirtíocht bharr feabhais-bhunaithe a ghlacadh, agus tríd an gcomhar idirnáisiúnta, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (“Clár 2030”), leis na SDGanna agus le Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (6) (“Comhaontú Pháras”). Le cur chun feidhme an Chláir, ba cheart go n-atreiseofar saothrú na SDGanna agus tiomantas an Aontais agus a Bhallstáit i dtaca le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme chun a trí ghné – eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil – a bhaint amach ar bhealach comhleanúnach comhtháite.

(11)

Na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár, ba cheart dóibh rannchuidiú chun cuspóirí, tosaíochtaí agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a bhaint amach.

(12)

Ba cheart don Chlár tairbhiú de chomhlántacht le treochláir agus straitéisí ábhartha Eorpacha atá ann cheana maidir le T&N, chomh maith le tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna), i gcás inarb ábhartha, ar choinníoll go ndéanfar riachtanais ghaolmhara T&N a shainaithint i bpleanáil straitéiseach an Chláir.

(13)

Leis an gClár, ba cheart trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú maidir le cistiú poiblí i dtionscadail T&N, ionas go gcosnófar leas an phobail dá réir.

(14)

Leis an gClár, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí T&N i réimse na n-eolaíochtaí sóisialta agus na ndaonnachtaí (SSH). Is éard atá i gceist leis sin an t-eolas eolaíoch a chur chun cinn sa réimse sin agus úsáid a bhaint as léargais agus dul chun cinn ó SSH chun tionchar eacnamaíoch agus sochaíoch an Chláir a mhéadú. Faoin gcolún “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch na hEorpa”, ba cheart SSH a lánpháirtiú go hiomlán ar fud na mbraislí ar fad. Anuas ar SSH a chur chun cinn i dtionscadail, ba cheart tacú le lánpháirtiú SSH freisin trí shaineolaithe neamhspleácha seachtracha ó réimse SSH a áireamh i gcoistí saineolaithe agus i bpainéil mheastóireachta, agus trí fhaireachán agus tuairisciú tráthúil a dhéanamh ar SSH i ngníomhaíochtaí taighde a chistítear. Go háirithe, ba cheart faireachán a dhéanamh ar leibhéal an phríomhshruthaithe maidir le SSH ar fud an Chláir.

(15)

Leis an gClár, ba cheart cur chuige cothrom a choimeád ar bun idir taighde, ar thaobh amháin, agus infheistíocht, ar an taobh eile, agus idir cistiú ón mbun aníos (arna thiomáint ag taighdeoirí nó nuálaithe) agus cistiú ón mbarr anuas (arna chinneadh ag tosaíochtaí a shainmhínítear go straitéiseach), trí thagairt do chineál phobail T&N atá páirteach ar fud an Aontais, cineálacha agus cuspóir na ngníomhaíochtaí a dhéantar agus na tionchair atáthar a iarraidh a bhaint amach. Ba cheart an cur chuige a roghnófar do na codanna ábhartha den Chlár a chinneadh bunaithe ar an meascán de na fachtóirí sin, agus ba cheart dóibh go léir rannchuidiú le cuspóirí ginearálta agus sonracha uile an Chláir.

(16)

An buiséad foriomlán don chomhchuid “rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a scaipeadh” den chuid “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú” den Chlár, ba cheart é a bheith chomh mór, ar a laghad, le 3,3 % de bhuiséad foriomlán an Chláir agus ba cheart an buiséad sin a chur, den chuid is mó, chun tairbhe d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe sna tíortha a thagann faoin bhfairsingiú.

(17)

Ba cheart tionscnaimh barr feabhais a bheith dírithe ar bharr feabhais T&N sna tíortha incháilithe a neartú, lena n-áirítear tacú le hoiliúint a chuirfeadh feabhas ar scileanna bainistithe T&N, duaiseanna, na héiceachórais nuálaíochta a neartú chomh maith le líonraí T&N a chruthú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh ar bhonn bonneagair thaighde arna maoiniú ag an Aontas. Chun bheith incháilithe cur isteach ar chistiú faoin gcomhchuid “rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a scaipeadh” den chuid dar teideal “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú” den Chlár, ba cheart d’iarrthóirí a thaispeáint go soiléir go bhfuil a gcuid tionscadal nasctha le straitéisí náisiúnta agus/nó réigiúnacha T&N.

(18)

Ba cheart gur féidir nós imeachta mear i ndáil le T&N a chur i bhfeidhm, áit nár cheart níos mó ná 6 mhí a bheith i gceist leis an am chun deontas a thabhairt, chun go bhféadfaí rochtain níos gasta, ón mbun aníos, a chur ar fáil ar chistí le haghaidh cuibhreannais bheaga chomhoibríocha faoina gclúdófaí gníomhaíochtaí ó thaighde bunúsach go cur i bhfeidhm sa mhargadh.

(19)

Leis an gClár, ba cheart tacú le céimeanna uile T&N, go háirithe laistigh de thionscadail chomhoibríocha agus i misin agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha, de réir mar is iomchuí. Is é atá sa taighde bhunúsach ná sócmhainn bhunriachtanach de chumas an Aontais na heolaithe is fearr atá ann a mhealladh ionas go dtiocfaidh an tAontas chun bheith ina mhol domhanda barr feabhais agus is coinníoll tábhachtach é an taighde bhunúsach i dtaca le méadú a dhéanamh ar an gcumas sin. Ba cheart cóimheá idir taighde bunúsach agus feidhmeach a áirithiú sa Chlár. Ach an nuálaíocht a bheith ann ina theannta sin, leis an gcóimheá sin, tacófar le hiomaíochas eacnamaíoch an Aontais, leis an bhfás san Aontas agus le fostaíocht.

(20)

Léiríonn an fhianaise gur ríthábhachtach glacadh leis an éagsúlacht, ar an uile bhealach, ar mhaithe leis an eolaíocht den scoth, toisc go mbaineann an eolaíocht tairbhe as an éagsúlacht. Cuireann an éagsúlacht agus an chuimsitheacht le barr feabhais in T&N comhoibríoch: má dhéantar comhar i measc disciplíní, earnálacha agus ar fud LET, bíonn taighde níos fearr agus tograí tionscadail ar cháilíocht níos fearr ann mar thoradh air sin, is féidir glacadh níos mó sa tsochaí a bheith ann mar thoradh air sin agus is féidir na buntáistí a bhaineann le nuálaíocht a chothú, rud a chuirfidh an Eoraip chun tosaigh.

(21)

Chun go mbeadh an tionchar is mó is féidir ag an gClár, ba cheart aird a thabhairt go háirithe ar chuir chuige ildisciplíneacha, idirdhisciplíneacha agus thrasdisciplíneacha mar phríomheilimintí den dul chun cinn mór san eolaíocht.

(22)

Ba cheart gníomhaíochtaí taighde arna ndéanamh faoin gcolún “Eolaíocht den Scoth” a chinneadh i gcomhréir le riachtanais agus deiseanna na heolaíochta agus ba cheart barr feabhais eolaíoch a chur chun cinn leo. Ba cheart an clár oibre taighde a shocrú i ndlúthchomhar le pobal na heolaíochta agus ba cheart béim a chur ar dhaoine tréitheacha nua i réimse T&N agus taighdeoirí luathchéime a mhealladh, agus ag an am céanna, LET a neartú, imirce daoine oilte a sheachaint agus cúrsaíocht daoine oilte a chur chun cinn.

(23)

Leis an gClár, ba cheart tacú leis an Aontas agus a Bhallstáit i ndáil leis na daoine is tréithí agus na scileanna is fearr a mhealladh, agus an iomaíocht idirnáisiúnta an-dian atá ann á cur san áireamh.

(24)

Ba cheart an colún “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch na hEorpa” a bhunú trí bhraislí de ghníomhaíochtaí T&N, chun comhtháthú a uasmhéadú sna réimsí téamacha faoi seach agus, ag an am céanna, leibhéil arda inbhuanaithe tionchair a chinntiú don Aontas i ndáil leis na hacmhainní arna n-ídiú. Spreagfadh sé comhar trasdisciplíneach, trasearnála, trasbheartais agus trasteorann chun na SFInna a bhaint amach trí phrionsabail Chlár Oibre 2030, Chomhaontú Pháras agus iomaíochas thionscail an Aontais a leanúint. Dá ndéanfaí tionscnaimh an-uaillmhianach, forleathana a eagrú i bhfoirm misin T&N, bheifí in ann, leis an gClár, tionchar claochlaitheach córasach le haghaidh na sochaí a bhaint amach mar thaca leis na SFInna, agus tríd an gcomhar idirnáisiúnta agus an taidhleoireacht eolaíochta chomh maith. Trí na gníomhaíochtaí a dhéanfaí faoin gcolún sin, ba cheart raon iomlán gníomhaíochtaí T&N a chumhdach lena áirithiú go gcoinneoidh an tAontas a áit cheannródaíochta sa taighde i réimsí tosaíochta a shainítear de réir straitéise.

(25)

Ba cheart don chnuasach “An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach” rannchuidiú go mór leis an taighde a bhaineann le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, lena n-áirítear taighde a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha an Aontais, agus go háirithe éascú a dhéanamh ar bhunú spás comhoibríoch Eorpach maidir leis an oidhreacht chultúrtha.

(26)

Dá mbeadh rannpháirteachas iomlán tráthúil ann i ndáil le gach cineál earnála tionsclaíochta sa Chlár, idir fiontraí aonair agus FBManna go fiontair mhórscála, rannchuideofaí go substaintiúil le cuspóirí an Chláir a bhaint amach agus go sonrach le poist inbhuanaithe a chruthú san Aontas agus fás inbhuanaithe a chothú ann. Le rannpháirteachas den sórt sin ón earnáil tionsclaíochta, ba cheart rannpháirtíocht na hearnála tionsclaíochta sna gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh a bheith ar leibhéil atá ar chomhchéim ar a laghad leis na leibhéil a bhí ann faoin gclár réime roimhe, Fís 2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (Fís 2020).

(27)

Rannchuideodh gníomhaíochtaí faoin gCláir go substaintiúil leis an acmhainneacht atá ag earnálacha straitéiseacha an Aontais a scaoileadh, lena n-áirítear eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin lena léirítear cuspóirí straitéis beartais tionsclaíochta an Aontais.

(28)

Ba cheart do chomhairliúcháin le geallsealbhóirí iomadúla, lena n-áirítear leis an tsochaí shibhialta agus an earnáil tionsclaíochta, cur leis na peirspictíochtaí agus na tosaíochtaí a bunaíodh tríd an bpróiseas pleanála straitéisí. Ba cheart go dtiocfadh pleananna straitéiseacha T&N tréimhsiúla arna nglacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme chun ábhar na gclár oibre a ullmhú as sin.

(29)

Ionas go ndéanfar gníomhaíocht ar leith a chistiú, ba cheart a chur san áireamh sa chlár oibre an méid arna bhaint amach i gcás na dtionscadal sonrach a cuireadh i gcrích roimh ré chomh maith le staid na heolaíochta, na teicneolaíochta agus na nuálaíochta ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ba cheart a chur san áireamh staid na bhforbairtí ábhartha i réimse an bheartais, an mhargaidh agus na sochaí sula gcisteofar gníomhaíocht ar leith.

(30)

Tá sé tábhachtach tacú le tionscal an Aontais a áit cheannaireachta a choinneáil nó a bhaint amach sa nuálaíocht, sa digitiú agus san aeráidneodracht, go háirithe trí infheistíocht sna príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin a bheidh ina gcrann taca ag an ngnó i saol an lae amárach. Le gníomhaíochtaí an Chláir, ba cheart aghaidh a thabhairt ar chlistí sa mhargadh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, borradh a chur faoin infheistíocht ar mhodh comhréireach agus trédhearcach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú, agus ba cheart breisluach Eorpach soiléir mar aon le toradh poiblí ar infheistíochtaí a bheith acu. Leis sin, áiritheofar comhsheasmhacht idir gníomhaíochtaí an Chláir agus rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair, chun an nuálaíocht a dhreasú agus chun saobhadh míchuí ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a sheachaint.

(31)

Leis an gClár, ba cheart tacú le T&N ar mhodh comhtháite, agus gach foráil ábhartha i gcreat na hEagraíochta Domhanda Trádála á hurramú. Ba cheart coincheap an taighde, lena n-áirítear forbairt thurgnamhach, a úsáid i gcomhréir le Lámhleabhar Frascati atá forbartha ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), agus ba cheart coincheap na nuálaíochta a úsáid i gcomhréir le Lámhleabhar Osló atá forbartha ag ECFE agus Eurostat, rud a leanann cur chuige leathan lena gcumhdaítear nuálaíocht shóisialta agus dearadh sóisialta. Mar a rinneadh in Fís 2020, ba cheart leanúint de bheith ag cur sainmhínithe ECFE i ndáil le leibhéal réidhe teicneolaíochta (LRTanna) san áireamh in aicmiú an taighde theicneolaíoch, na forbartha táirge agus na ngníomhaíochtaí taisealbhaidh, agus i sainiú an chineáil gníomhaíochtaí a bheidh ar fáil sna glaonna ar thograí. Níor cheart deontais a dhámhachtain i leith gníomhaíochtaí ina dtéann na gníomhaíochtaí os cionn LRT 8. Leis an gclár oibre, ba cheart a bheith in ann deontais a cheadú le haghaidh bailíochtú táirgí agus macasamhlú an mhargaidh ar mórscála maidir le glao ar leith faoin gcolún “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch na hEorpa”.

(32)

Leis an gClár, ba cheart rannchuidiú le cuspóirí maidir le spás ar leibhéal caiteachais atá ar a laghad ag teacht go comhréireach leis an gcaiteachas faoi Fís 2020.

(33)

Le teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2018 dar teideal “Horizon 2020 interim evaluation: maximising the impact of EU research and innovation” [Meastóireacht eatramhach ar Fhís 2020: tionchar a bhíonn ag taighde agus nuálaíocht an Aontais a uasmhéadú], rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meitheamh 2017 maidir leis an measúnú ar chur chun feidhme Fís 2020 i bhfianaise na meastóireachta eatramhaí ar an gclár sin agus togra Chlár Réime 9 (8) agus Conclúidí ón gComhairle an 1 Nollaig 2017 dar teideal “Ón Meastóireacht Eatramhach ar Fís 2020 i dtreo an naoú Clár Réime”, cuireadh ar fáil sraith moltaí le haghaidh an Chláir, lena n-áirítear moltaí le haghaidh rialacha an Chláir maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh. Leis na moltaí sin, cuirtear leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó Fís 2020 seo chomh maith le hionchur ó institiúidí agus geallsealbhóirí an Aontais. Áirítear leis na moltaí sin bearta a mholadh chun cúrsaíocht daoine oilte a chur chun cinn agus chun oscailteacht líonraí T&N a éascú infheistiú a dhéanamh ar bhealach níos uaillmhianaí chun mais chriticiúil a bhaint amach agus an tionchar is mó is féidir a imirt; chun tacú le nuálaíocht cheannródaíoch; chun tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí T&N an Aontais i réimsí lena mbaineann breisluach ard, go háirithe trí threorú an mhisin, rannpháirtíocht na saoránach atá iomlán, eolasach agus tráthúil, agus cumarsáid fhorleathan; chun eagrú réasúnaithe a dhéanamh ar chreat cistiúcháin an Aontais chun úsáid iomlán a bhaint as poitéinseal T&N lena n-áirítear bonneagair thaighde ar fud an Aontais, amhail trí athchóiriú a dhéanamh ar raon tionscnamh Comhpháirtíochta Eorpach agus na scéimeanna comhchistiúcháin; níos mó sineirgí nithiúla a fhorbairt idir ionstraimí cistiúcháin éagsúla an Aontais, go háirithe trí loighicí idirghabhála neamhchomhlántachta agus castacht rialachán cistiúcháin agus rialachán eile a shárú agus é mar aidhm freisin poitéinseal tearcshaothraithe T&N a shlógadh ar fud an Aontais; chun comhar idirnáisiúnta a fheabhsú agus oscailteacht roimh rannpháirtíocht tríú tíortha a threisiú; agus chun leanúint leis an simpliú bunaithe ar an taithí a fuarthas agus Fís 2020 á chur chun feidhme.

(34)

Ó tharla gur gá aird ar leith a thabhairt ar an gcomhordú agus ar an gcomhlántacht idir beartais éagsúla an Aontais, ba cheart don Chlár sineirgí a lorg le cláir eile an Aontais, óna gceapadh agus pleanáil straitéise, go roghnú tionscadal, bainistiú, cumarsáid, scaipeadh agus saothrú torthaí, go faireachán, iniúchadh agus rialachas. Maidir le cistiú le haghaidh ghníomhaíochtaí T&N, ba cheart a bheith in ann, leis na sineirgí, rialacha a chomhchuibhiú a oiread agus is féidir, lena n-áirítear rialacha incháilitheachta costais. D’fhonn dúbláil nó forluí a sheachaint, d’fhonn éifeacht ghiarála an chistithe ón Aontas a mhéadú agus d’fhonn an t-ualach riaracháin a bhíonn ar na hiarrthóirí agus na tairbhithe a laghdú, ba cheart a bheith in ann sineirgí a chur chun cinn, go háirithe trí chistiú malartach, comhcheangailte, carnach agus trí aistrithe acmhainní.

(35)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/2094 agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní arna leithdháileadh ann, ba cheart bearta téarnaimh agus athléimneachta faoin gClár a dhéanamh chun dul i ngleic le hiarmhairtí ghéarchéim COVID-19 nach bhfacthas a leithéid riamh. Ba cheart acmhainní breise den sórt sin a úsáid ar bhealach a áiritheoidh go gcloífear leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/2094. Ba cheart acmhainní breise den sórt sin a leithdháileadh go heisiach ar ghníomhaíochtaí le haghaidh T&N a dhíreofar ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 agus go háirithe na hiarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus sochaíocha a ghabhann léi.

(36)

Ionas go mbeidh an tionchar is fearr is féidir ag an gcistiú ón Aontas agus chun rannchuidiú le cuspóirí beartais agus gealltanais an Aontais ar an dóigh is éifeachtaí is féidir, ba cheart don Aontas a bheith in ann dul i mbun Comhpháirtíochtaí Eorpacha le comhpháirtithe ón earnáil phríobháideach agus/nó phoiblí. Áirítear ar na comhpháirtithe sin lucht tionscail, FBManna, ollscoileanna, eagraíochtaí taighde, geallsealbhóirí T&N, comhlachtaí a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear fondúireachtaí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) a thacaíonn le taighde agus nuálaíocht, nó a mbíonn T&N ar bun acu, ar choinníoll gur féidir na tionchair inmhianaithe a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí i gcomhpháirtíocht ná mar a dhéanann an tAontas ina aonar.

(37)

Ba cheart a bheith in ann, ag brath ar chinneadh an Bhallstáit, na ranníocaíochtaí ó chláir arna gcómhaoiniú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ag Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), ag an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) a mheas mar ranníocaíocht ón mBallstát rannpháirteach le Comhpháirtíochtaí Eorpacha faoin gClár. Mar sin féin, níor cheart gur dochar an fhéidearthacht sin don ghá atá le gach foráil is infheidhme maidir leis na ranníocaíochtaí sin a chomhlíonadh mar a leagtar amach i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosa (“Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027”) agus sna rialacháin chiste-shonracha.

(38)

Leis an gClár, ba cheart an comhar idir Comhpháirtíochtaí Eorpacha agus comhpháirtithe san earnáil phríobháideach agus/nó phoiblí a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí chláir T&N agus infheistíocht trasteorann in T&N a thabhairt le chéile, chun sochair fhrithpháirteacha a sholáthar do dhaoine agus gnólachtaí agus a áirithiú ag an am céanna gur féidir leis an Aontas seasamh lena leasanna i réimsí straitéiseacha.

(39)

Tá sé léirithe gur ionstraim éifeachtach agus éifeachtúil iad Tionscnaimh Shuaitheanta i réimse na dTeicneolaíochtaí sa Todhchaí agus na dTeicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn (FET) agus, trí iarracht chomhpháirteach chomhordaithe ón Aontas agus ó na Ballstáit, go gcuireann siad tairbhí ar fáil don tsochaí. Gníomhaíochtaí a dhéantar mar chuid de Thionscnaimh Shuaitheanta FET maidir le Graiféin, maidir leis an Tionscadal “An Inchinn Dhaonna” agus maidir leis an Teicneolaíocht Chandamach, ar tionscnaimh iad a fhaigheann tacaíocht faoi Fís 2020, leanfaidh siad de bheith ag fáil tacaíochta faoin gClár trí ghlaonna ar thograí a áirítear sa chlár oibre. Leis na réamhghníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi chuimsiú na dTionscnamh Suaitheanta FET de Fís 2020, cuirfear leis an bpróiseas pleanála straitéisí faoin gClár agus déanfar eolas don obair a dhéantar ar mhisin, ar Chomhpháirtíochtaí Eorpacha comhchistithe agus/nó comhchláraithe agus ar ghnáthghlaonna ar thograí.

(40)

Ba cheart don Áirmheán Comhpháirteach Taighde (ACT) leanúint d’fhianaise neamhspleách eolaíochta a bheidh dírithe ar chustaiméirí agus tacaíocht theicniúil a sholáthar do bheartais an Aontais ar feadh thimthriall iomlán na mbeartas. Ba cheart gníomhaíochtaí díreacha ACT a chur chun feidhme ar bhealach solúbtha, éifeachtúil agus trédhearcach, agus riachtanais bheartais an Aontais agus riachtanais ábhartha úsáideoirí ACT á gcur san áireamh, agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais á háirithiú. Ba cheart do ACT leanúint d’acmhainní breise a ghiniúint.

(41)

Faoin gcolún “An Eoraip Nuálach”, ba cheart sraith beart a bhunú chun tacaíocht chomhtháite a sholáthar chun freagairt do na riachtanais fiontraithe agus fiontraíochta arb é is aidhm dóibh nuálaíocht cheannródaíoch a bhaint amach agus borradh a chur fúithi le go mbeidh fás tapa ar na margaí agus uathriail straitéiseach an Aontais a chur chun cinn, agus geilleagar oscailte á chaomhnú ag an am céanna. Leis sin, ba cheart ionad ilfhreastail a chur ar fáil chun gach cineál nuálaí agus cuideachta nuálaigh a mhealladh, agus chun tacú leo, amhail FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí beaga meánchaipitilithe, a d’fhéadfaí a mhéadú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Leis an gcolún, ba cheart deontais thapa sholúbtha agus comh-infheistíochtaí tapa solúbtha a chur ar fáil, lena n-áirítear le hinfheisteoirí príobháideacha. Ba cheart na cuspóirí sin a leanúint trí Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (EIC) a chruthú. Leis an gcolún, ba cheart tacú freisin leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) agus le héiceachórais nuálaíochta na hEorpa i gcoitinne, go háirithe trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha le gníomhaithe tacaíochta nuálaíochta náisiúnta agus réigiúnacha.

(42)

Chun críoch an Rialacháin seo agus go háirithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí a dhéantar faoi EIC, ba cheart “gnólacht nuathionscanta” a thuiscint mar FBM atá i gcéim luath a shaolré, lena n-áirítear iad siúd a chruthaítear mar sheach-chuideachtaí de ghníomhaíochtaí taighde ollscoile, arb é is aidhm dó réitigh nuálacha agus samhlacha gnó inscálaithe a aimsiú, agus atá féinrialaithe de réir bhrí Airteagal 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (9); ba cheart “cuideachta meánchaipitlithe” a thuiscint mar fhiontar nach FBM é agus a bhfuil idir 250 agus 3 000 fostaí ag obair ann, i gcás ina ndéantar an líon foirne a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 de Theideal I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh sin; agus ba cheart “cuideachta meánchaipitlithe bheag” a thuiscint mar chuideachta meánchaipitlithe a bhfuil suas le 499 bhfostaí ag obair inti.

(43)

Táthar le haghaidh a thabhairt ar chuspóirí beartais an Chláir freisin trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíocht bhuiséadach ó Chlár InvestEU, rud a chuirfidh chun cinn sineirgí idir an dá chlár.

(44)

Ba cheart do EIC, in éineacht le comhchodanna eile den Chlár, gach cineál nuálaíochta a spreagadh, ón nuálaíocht incriminteach go dtí an nuálaíocht cheannródaíoch agus an nuálaíocht shuaiteach atá dírithe go háirithe ar an nuálaíocht, lena gcruthaítear margadh nua. Trína chuid ionstraimí Treo-aimsitheora agus Luasaire, ba cheart é a bheith d’aidhm ag EIC nuálaíochtaí ardriosca den uile chineál a shainaithint, a fhorbairt agus a chur chun úsáide, lena n-áirítear nuálaíochtaí incriminteacha, agus príomhbhéim á leagan ar nuálaíochtaí ceannródaíocha, suaiteacha agus domhainteicneolaíochta a d’fhéadfadh a bheith ina nuálaíochtaí lena gcruthaítear margaí. Trí thacaíocht chomhleanúnach chuíchóirithe, ba cheart do EIC an folús atá ann faoi láthair sa tacaíocht phoiblí agus san infheistíocht phríobháideach don nuálaíocht cheannródaíoch a líonadh. Bíonn gnéithe tiomnaithe dlíthiúla agus bainistíochta de dhíth ar ionstraimí EIC chun a chuid cuspóirí a léiriú, go háirithe gníomhaíocht cur chun úsáide ar an margadh.

(45)

Leis an Luasaire, tá sé beartaithe “gleann an bháis” idir an taighde, réamh-olltráchtálú agus fás cuideachtaí a líonadh. Tabharfaidh an Luasaire tacaíocht d’oibríochtaí ardphoitéinsil a bhfuil rioscaí teicneolaíochta, eolaíochta, airgeadais, bainistithe nó margaidh ag baint leo sa mhéid nach meastar gur oibríochtaí iontaofa ó thaobh brabúis iad go fóill agus nach féidir leo, dá bhrí sin, infheistíochtaí suntasacha a shlógadh ón margadh, rud a dhéanfaidh comhlánú ar Chlár InvestEU.

(46)

I ndlúthshineirge le Clár InvestEU, ba cheart don Luasaire, ina fhoirmeacha de mhaoiniú measctha agus de thacaíocht airgeadais cothromais, maoiniú a thabhairt do thionscadail a bhíonn á reáchtáil ag FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, nach bhfuil in ann ioncam a ghiniúint fós, nó nach bhfuil brabúsach fós, nó nach bhfuil in ann fós go leor infheistíochta a mhealladh chun plean gnó a dtionscadal a chur chun feidhme go hiomlán. Mheasfaí gur eintitis atá neamhiontaofa ó thaobh brabúis iad eintitis incháilithe den sórt sin, mar go bhféadfadh sé go raibh nó go mbeadh cuid dá riachtanas infheistíochta comhlíonta ag infheisteoir amháin nó roinnt infheisteoirí, amhail banc poiblí nó príobháideach, riarthóir teaghlaigh, ciste caipitil fiontair nó aingeal gnó. Ar an gcaoi sin, tá sé beartaithe leis an Luasaire cliseadh sa mhargadh a shárú agus maoiniú a thabhairt d’eintitis a bhfuil gealladh fúthu ach nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis fós agus atá i mbun tionscadal ceannródaíochta nuálaíochta lena gcruthaítear margaí. A luaithe a bheidh na tionscadail sin iontaofa ó thaobh brabúis, d’fhéadfaí na tionscadail sin a mhaoiniú faoi Chlár InvestEU.

(47)

Cé gur cheart buiséad an Luasaire a dháileadh go príomha trí mhaoiniú measctha, chun críoch Airteagal 48, ba cheart dá thacaíocht de chineál deontais amháin do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a bheith ag comhfhreagairt don mhéid sin a thugtar faoi bhuiséad ionstraim FBM de Fís 2020.

(48)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag EIT, go príomha trí na Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) atá aige agus trína Scéim Nuálaíochta Réigiúnach a leathnú, éiceachórais nuálaíochta a théann i ngleic le dúshláin dhomhanda a neartú. Ba cheart an méid sin a bhaint amach trí chomhtháthú nuálaíochta, taighde, ardoideachais agus fiontraíochta a chothú. I gcomhréir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (“Rialachán EIT”) agus lena Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht dá dtagraítear i gCinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht ón Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) le haghaidh 2021-2027, ba cheart do EIT nuálaíocht a chothú trína chuid gníomhaíochtaí agus dlús suntasach a chur leis an tacaíocht a thugann sé do chomhtháthú an ardoideachais laistigh den éiceachóras nuálaíochta, go háirithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: spreagadh a thabhairt don oideachas fiontraíoch, comhar neamhdhisciplíneach láidir a chothú idir an earnáil tionsclaíochta agus lucht léinn; agus scileanna ionchasacha a shainaithint le haghaidh nuálaithe amach anseo le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear ardscileanna digiteacha agus nuálaíochta. Ba cheart do na scéimeanna tacaíochta a chuireann EIT ar fáil dul chun tairbhe thairbhithe EIC, agus ba cheart rochtain shimplithe, a bheidh níos tapa dá réir, a bheith ag na gnólachtaí nuathionscanta a thagann amach as PENanna EIT ar ghníomhaíochtaí EIC freisin. Cé gur cheart go bhfágfadh béim EIT ar éiceachórais nuálaíochta go dtiocfadh sé go nádúrtha faoin gcolún “An Eoraip Nuálach”, ba cheart dó tacaíocht a thabhairt freisin do na colúin eile, de réir mar is iomchuí. Ba cheart dúbláil gan ghá idir PENanna agus ionstraimí eile sa réimse céanna, go háirithe Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, a sheachaint.

(49)

Ba cheart cothrom na Féinne a áirithiú agus a chaomhnú le haghaidh cuideachtaí a bhíonn san iomaíocht i margadh ar leith, toisc gur ceanglas bunriachtanach é le haghaidh gach cineáil nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíocht cheannródaíoch, nuálaíocht shuaiteach agus nuálaíocht incriminteach, rud a fhágfaidh go mbeidh, go háirithe, líon mór nuálaithe beaga agus meánmhéide in ann cur lena n-acmhainneacht T&N, leas a bhaint as na tairbhí ar a n-infheistíochtaí agus sciar den mhargadh a ghabháil chucu féin.

(50)

Leis an gClár, ba cheart comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí agus le tionscnaimh idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a chomhtháthú bunaithe ar leasanna an Aontais, sochair fhrithpháirteacha, gealltanais idirnáisiúnta, an taidhleoireacht eolaíochta agus, a mhéid is féidir, cómhalartacht. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcomhar idirnáisiúnta neartú a dhéanamh ar bharr feabhais an Aontais in T&N, ar mhealltacht agus iomaíochas tionsclaíoch agus eacnamaíoch an Aontais agus ar an acmhainneacht atá aige na daoine is tréithí a choinneáil, dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear SDGanna trí phrionsabail Chlár Oibre 2030 agus Chomhaontú Pháras a leanúint, agus tacú le beartais sheachtracha an Aontais. Ba cheart cur chuige d’oscailteacht ghinearálta i dtaca le rannpháirtíocht idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe comhair idirnáisiúnta a leanúint, lena n-áirítear trí incháilitheacht oiriúnach le haghaidh eintitis atá bunaithe i dtíortha ísealioncaim go meánleibhéal ioncaim a chistiú. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas comhaontuithe comhair idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích le tríú tíortha i réimse T&N. San am céanna, ba cheart comhlachas tríú tíortha, go háirithe do chodanna comhoibríocha an Chláir, a chur chun cinn, i gcomhréir le comhaontuithe comhlachais agus béim á leagan ar an mbreisluach don Aontas. Agus ranníocaíochtaí airgeadais tíortha comhlachaithe á leithdháileadh ar an gClár, ba cheart don Choimisiún leibhéal rannpháirtíochta eintitis dhlíthiúla na dtríú tíortha sin sna codanna éagsúla den Chlár a chur san áireamh.

(51)

D’fhonn an caidreamh idir an eolaíocht agus an tsochaí a láidriú agus an leas is mó is féidir a bhaint as an idirghníomhaíocht eatarthu, ba cheart, faoin gClár, ról agus rannpháirtíocht a bheith ag gach gníomhaí sa tsochaí, amhail saoránaigh agus eagraíochtaí den tsochaí shibhialta, maidir le cláir oibre don taighde agus nuálaíocht fhreagrach (RRI), agus ábhar agus próisis feadh shlí an taighde agus na nuálaíochta freagraí sin, a chomhcheapadh agus a chomhchruthú a théann i ngleic le hábhair imní, le riachtanais agus le hionchais na saoránach agus na sochaí sibhialta, trí eolas eolaíochta a chur ar fáil go poiblí, agus trí rannpháirtíocht na saoránach agus eagraíochtaí den tsochaí shibhialta i ngníomhaíochtaí an Chláir a éascú. Ba cheart an méid sin a dhéanamh ar fud an Chláir agus trí ghníomhaíochtaí tiomnaithe sa chuid “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú”. Ba cheart rannpháirteachas na saoránach agus na sochaí sibhialta in T&N a chur le chéile le gníomhaíochtaí for-rochtana poiblí chun tacaíocht phoiblí don Chlár a ghiniúint agus a choimeád. Ba cheart, leis an gClár, iarracht a dhéanamh freisin bacainní a bhaint agus sineirgí a mhéadú idir an eolaíocht, an teicneolaíocht, an cultúr agus na healaíona chun teacht ar chaighdeán nua de nuálaíocht inbhuanaithe. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar na bearta arna nglacadh chun rannpháirtíocht na saoránach agus na sochaí sibhialta sna tionscadail dá dtugtar tacaíocht a fheabhsú.

(52)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart a chur san áireamh sa Chlár saintréithe sonracha na réigiún is forimeallaí a shainaithnítear in Airteagal 349 de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontas Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal “A stronger and renewed strategic partnership with the EU”s outermost regions” [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas] ar thacaigh an Chomhairle léi.

(53)

Ba cheart é a bheith d’aidhm leis na gníomhaíochtaí arna bhforbairt faoin gClár deireadh a chur le laofacht inscne agus neamhionannas inscne, cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a bhaint amach agus comhionannas idir fir agus mná in T&N a chur chun cinn, lena n-áirítear prionsabal an phá chomhionainn gan idirdhealú bunaithe ar inscne, i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus Airteagail 8 agus 157 CFAE. Ba cheart an ghné inscne a chomhtháthú in ábhar T&N agus cloí leis ag gach céim den timthriall taighde. Thairis sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag na gníomhaíochtaí faoin gClár deireadh a chur le neamhionannais agus comhionannas agus éagsúlacht a chur chun cinn i ngach gné de T&N maidir le haois, míchumas, cine agus eitneacht, reiligiún nó creideamh agus claonadh gnéasach.

(54)

I bhfianaise sainiúlachtaí earnáil thionscal na cosanta, ba cheart na forálacha mionsonraithe don chistiú ón Aontas le tionscadail thaighde chosanta a shocrú i Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (“an Ciste Eorpach Cosanta”) lena sainítear na rialacha rannpháirtíochta don taighde i réimse na cosanta. Ba cheart do na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gCiste Eorpach Cosanta a bheith dírithe go heisiach ar thaighde agus forbairt i réimse na cosanta, agus ba cheart do na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gclár sonrach a bhunaítear le Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle (11) (“an clár sonrach”) agus EIT a bheith dírithe go heisiach ar iarratais shibhialta. Ba cheart dúbláil gan ghá a sheachaint.

(55)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán an Chláir arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (12), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Is é atá san imchlúdach airgeadais sin suim dar luach EUR 580 000 000 i bpraghsanna reatha don chlár sonrach a bhunaítear le Cinneadh (AE) 2021/764 agus do EIT, i gcomhréir le dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le cláir shonracha a atreisiú agus bunghníomhartha a oiriúnú (13).

(56)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár seo. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(57)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní incháilithe na costais a thabhófar roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach a sheachaint ar thacaíocht de chuid an Aontais, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, ba cheart an deis a bheith ann foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin, ar feadh tréimhse teoranta ag tús CAI 2021-2027, agus i gcásanna cuí-réasúnaithe amháin, d’incháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas ó thús na bliana airgeadais 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme iad agus gur tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

(58)

Ba cheart iarracht a dhéanamh simpliú riaracháin a bhaint amach tríd an gClár ar bhonn leanúnach, go háirithe laghdú ar an ualach riaracháin agus ar an moill do thairbhithe a shaothrú go leanúnach tríd an gclár ar fad. Ba cheart don Choimisiún a uirlisí agus a threoir a shimpliú ar bhealach go gcuireann siad ualach íosta ar thairbhithe. Go sonrach, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar leagan giorraithe den treoir a eisiúint.

(59)

Ní mór infheistíochtaí a mhéadú mar gheall ar thabhairt i gcrích an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus na deiseanna atá ag méadú de bharr chóineasú na dteicneolaíochtaí digiteacha agus fisiciúla. Ba cheart don Chlár rannchuidiú leis na hiarrachtaí sin agus tiocfaidh méadú suntasach ar an gcaiteachas maidir leis na príomhghníomhaíochtaí T&N i gcomparáid le Fís 2020 (15). Ba cheart a áirithiú leis sin go bhfanfadh an Eoraip ar thús cadhnaíochta in T&N dhomhanda sa réimse digiteach.

(60)

Ba cheart tosaíocht a thabhairt don taighde candamach faoin gcnuasach “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás” faoi Cholún II, i bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá aige san aistriú digiteach, eadhon trí cheannaireacht eolaíoch na hEorpa agus barr feabhais sna teicneolaíochtaí candamacha a leathnú, chun gur féidir an buiséad atá beartaithe, a socraíodh in 2018, a bhaint amach.

(61)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (17), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (18) agus (AE) 2017/1939 (19) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur.

Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(62)

Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (21), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(63)

De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (22), tá daoine agus eintitis atá bunaithe i dtíortha nó críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(64)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (23), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe agus faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit agus ar thairbhithe faoin gClár, go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh.

(65)

Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE, i ndáil le hIarscríbhinn V a leasú maidir le táscairí na conaire tionchair, i gcás ina measfar gur gá, agus chun bonnlínte agus spriocanna a leagan síos agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(66)

A bhuí le comhleanúnachas agus sineirgí idir an Clár agus Clár Spáis an Aontais, déanfar earnáil spáis Eorpach a chothú a bheidh nuálach agus iomaíoch ar an leibhéal domhanda; neamhspleáchas na hEorpa a atreisiú maidir le rochtain ar an spás agus leas a bhaint as an spás i dtimpeallacht shlán, shábháilte; agus ról na hEorpa mar ghníomhaí domhanda a neartú. Tacóidh sonraí agus seirbhísí a chuirfear ar fáil le Clár Spáis an Aontais le barr feabhais sa taighde, réitigh cheannródaíocha agus úsáideoirí iartheachtacha a chur i gcrích sa Chlár.

(67)

A bhuí le comhleanúnachas agus sineirgí idir an Clár agus Erasmus+, cothófar glacadh torthaí taighde trí ghníomhaíochtaí oiliúna, scaipfear meon nuálaíochta ar an gcóras oideachais agus áiritheofar go mbeidh gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna ag brath ar na gníomhaíochtaí T&N is nuashonraithe. Maidir leis an méid sin, i ndiaidh na ngníomhaíochtaí píolótacha a seoladh faoin gclár Erasmus+ 2014-2020 a bhaineann le hOllscoileanna Eorpacha, déanfaidh an Clár, i gcás inarb iomchuí, ar bhealach sineirgeach, an tacaíocht a thugann Erasmus+ do na hOllscoileanna Eorpacha a chomhlánú.

(68)

Chun tionchar an Chláir a mhéadú maidir le dul i ngleic le tosaíochtaí an Aontais, ba cheart sineirgí le cláir agus le hionstraimí atá dírithe ar fhreagairt do riachtanais an Aontais atá ag teacht chun cinn a spreagadh agus a lorg, lena n-áirítear leis an Sásra um Aistriú Cóir, leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le Clár EU4Health.

(69)

Ní mór do na rialacha don rannpháirtíocht agus scaipeadh léiriú leordhóthanach a thabhairt ar riachtanais an Chláir, agus aird á tabhairt ar na hábhair imní agus moltaí arna ndéanamh ag geallsealbhóirí éagsúla, chomh maith leo siúd a rinneadh le linn na meastóireachta eatramhaí ar an gclár Fís 2020, meastóireacht a rinneadh le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha seachtracha.

(70)

Le comhrialacha ar fud an Chláir, ba cheart creat comhleanúnach a áirithiú a éascódh rannpháirtíocht i gcláir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Chláir, lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcláir a bhíonn á mbainistiú ag comhlachtaí cistiúcháin amhail EIT, comhghnóthais nó aon struchtúr eile faoi Airteagal 187 CFAE, agus rannpháirtíocht i gcláir a ghabhann na Ballstáit ar láimh faoi Airteagal 185 CFAE. Ba cheart a bheith in ann rialacha sonracha a ghlacadh ach ba cheart eisceachtaí den sórt sin a theorannú do na cásanna sin a bhfuil fíorghá leo agus a bhfuil údar cuí leo.

(71)

Le gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Chláir seo ba cheart na cearta bunúsacha a urramú agus cloí leis na prionsabail atá luaite i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) go háirithe. Ba cheart do ghníomhaíochtaí den sórt sin a bheith i gcomhréir le gach oibleagáid dhlíthiúil, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta agus le gach cinneadh ábhartha ón gCoimisiún, amhail fógra an 28 Meitheamh 2013 (24), agus le prionsabail eiticiúla, lena n-áirítear aon sárú sláine taighde a sheachaint. Ba cheart tuairimí ón nGrúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí. Ba cheart Airteagal 13 CFAE a chur san áireamh freisin i ngníomhaíochtaí taighde agus ba cheart úsáid ainmhithe sa taighde agus sa tástáil a laghdú d’fhonn deireadh a chur le húsáid ainmhithe faoi dheoidh.

(72)

Chun barr feabhais eolaíoch a ráthú, agus i gcomhréir le hAirteagal 13 den Chairt, ba cheart don Chlár urraim ar shaoirse acadúil a chur chun cinn i ngach tír a thairbhíonn dá chistí.

(73)

I gcomhréir le cuspóirí an chomhair idirnáisiúnta a leagtar amach in Airteagail 180 agus 186 CFAE, ba cheart rannpháirtíocht eintiteas dlíthiúil atá bunaithe i dtríú tíortha agus rannpháirtíocht eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn, bunaithe ar shochair fhrithpháirteacha agus ar leasanna an Aontais. Ba cheart cur chun feidhme an Chláir a bheith i gcomhréir leis na bearta a glacadh i gcomhréir le hAirteagail 75 agus 215 CFAE agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. I gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, uathrialachas nó slándáil an Aontais, ba cheart gur féidir rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha an Chláir a bheith teoranta d’eintitis atá bunaithe sna Ballstáit amháin, nó d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe áirithe nó i dtríú tíortha eile maille leis na Ballstáit. In aon eisiamh a dhéantar ar eintitis dhlíthiúla atá bunaithe san Aontas nó i dtíortha comhlachaithe arna rialú go díreach nó go hindíreach ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis dhlíthiúla de chuid tríú tíortha neamhchomhlachaithe, ba cheart a chur san áireamh na rioscaí a bheadh i gcuimsiú na n-eintiteas sin, ar thaobh amháin, agus na sochair a bheadh ann mar gheall ar a rannpháirtíocht, ar an taobh eile.

(74)

Leis an gClár, tugtar aitheantas don athrú aeráide mar cheann de na dúshláin dhomhanda agus de na dúshláin shochaíocha is mó agus léirítear an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais chun Comhaontú Pháras agus na SFInna a chur chun feidhme. Dá réir sin, ba cheart don Chlár rannchuidiú le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus leis an sprioc fhoriomlán go gcaithfear 30 % de chaiteachas buiséid an Aontais mar thacaíocht do chuspóirí aeráide a bhaint amach. Ba cheart príomhshruthú aeráide a chomhtháthú ar bhealach leormhaith in ábhar T&N agus an méid sin a chur i bhfeidhm ag gach céim den timthriall taighde.

(75)

I gcomhthéacs na conaire tionchair a bhaineann leis an aeráid, ba cheart don Choimisiún tuairisciú ar thorthaí, nuálaíochtaí agus éifeachtaí comhiomlánaithe measta na dtionscadal a bhaineann leis an aeráid, lena n-áirítear iad a thuairisciú de réir cuid den Chlár agus de réir an mhodha cur chun feidhme. Agus a anailís á déanamh aige, ba cheart don Choimisiún costais fhadtéarmacha eacnamaíocha, shochaíocha agus chomhshaoil na ngníomhaíochtaí faoin gClár a bheidh ar shaoránaigh an Aontais, agus sochair fhadtéarmacha eacnamaíocha, shochaíocha agus chomhshaoil na ngníomhaíochtaí faoin gClár dóibh, a chur san áireamh, lena n-áirítear glacadh le réitigh nuálacha maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, an tionchar measta ar phoist agus ar chruthú cuideachtaí, fás eacnamaíoch agus iomaíochas, fuinneamh glan, sláinte agus dea-bhail, lena n-áirítear cáilíocht an aeir, na hithreach agus an uisce. Ba cheart torthaí na hanailíse tionchair sin a chur ar fáil don phobal, ba cheart iad a mheasúnú i gcomhthéacs spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais agus ba cheart dóibh rannchuidiú leis an bpróiseas pleanála straitéisí ina dhiaidh sin agus leis na cláir oibre a bheidh ann amach anseo.

(76)

De léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le cailliúint thubaisteach na bithéagsúlachta, ba cheart do ghníomhaíochtaí T&N faoin gClár rannchuidiú le caomhnú agus athbhunú na bithéagsúlachta agus leis an uaillmhian fhoriomlán a bhaint amach maidir le 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta sa bhliain 2024 agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus 2027, agus an forluí atá ann idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a chur san áireamh i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach.

(77)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(78)

D’fhéadfadh úsáid réamheolais íogair nó torthaí íogaire a bheith á rochtain ag daoine neamhúdaraithe tionchar neamhfhabhrach a bheith aige ar leasanna an Aontais nó leas Ballstáit amháin nó níos mó. Dá bhrí sin ba cheart láimhseáil sonraí rúnda agus faisnéis rúnaicmithe a rialú le dlíthe ábhartha uile an Aontais, lena n-áirítear rialacha inmheánacha na nInstitiúidí, amhail Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (25).

(79)

Is gá na coinníollacha íosta rannpháirtíochta a bhunú, mar riail ghinearálta faoinar cheart eintiteas dlítheanach amháin ar a laghad ó Bhallstát a bheith san áireamh i gcuibhreannas, agus i ndáil le sainiúlachtaí na gcineálacha gníomhaíochtaí ar leith faoin gClár araon.

(80)

Is gá téarmaí agus coinníollacha a bhunú maidir le cistiú ón Aontas a sholáthar do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí faoin gClár. Ba cheart deontais a bheith ar an bpríomhfhoirm thacaíochta sa Chlár. Ba cheart iad a chur chun feidhme, agus gach cineál ranníocaíochta a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais á gcur san áireamh, cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe nó costais aonaid san áireamh, d’fhonn leanúint den simpliú. Leis an gcomhaontú deontais ba cheart cearta agus oibleagáidí na dtairbhithe a bhunú, lena n-áirítear ról agus cúraimí an chomhordaitheora, i gcás inarb infheidhme. Ba cheart dlúthchomhar le saineolaithe na mBallstát a áirithiú agus na comhaontuithe deontais samplacha á dtarraingt suas agus i gcás ina ndéanfar aon leasú suntasach orthu, i bhfianaise, i measc nithe eile, tuilleadh simplithe a dhéanamh do thairbhithe.

(81)

Déantar tagairt do na rátaí aisíocaíochta a luaitear sa Rialachán seo mar uasrátaí chun prionsabal an chómhaoinithe a chomhlíonadh.

(82)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ba cheart, leis an gClár, bonn a sholáthar le haghaidh glacadh níos forleithne le gnáthchleachtais cuntasaíochta costála na dtairbhithe i ndáil le costais phearsanra agus costais aonaid le haghaidh earraí agus seirbhísí arna sonrascadh go hinmheánach, lena n-áirítear na costais sin le haghaidh bonneagair mhóra thaighde de réir bhrí Fís 2020. Úsáid costas aonaid le haghaidh earraí agus seirbhísí arna sonrascadh go hinmheánach agus arna ríomh i gcomhréir le gnáthchleachtais cuntasaíochta costála na dtairbhithe ina mbeidh costais dhíreacha agus costais indíreacha iarbhír, ba cheart é sin a bheith ina rogha a d’fhéadfadh na tairbhithe uile a dhéanamh. I ndáil leis sin, ba cheart an deis a bheith ag tairbhithe costais indíreacha iarbhír arna ríomh ar bhonn scálaí cionroinnte a chur san áireamh sna costais aonaid sin le haghaidh earraí agus seirbhísí arna sonrascadh go hinmheánach.

(83)

Ba cheart an córas reatha d’aisíocaíocht na gcostas pearsanra iarbhír a shimpliú tuilleadh, ag tógáil ar an gcur chuige um luach saothair tionscadalbhunaithe a forbraíodh faoi Fís 2020, agus a ailíniú tuilleadh leis an Rialachán Airgeadais, agus é mar aidhm aige sin an bhearna luach saothair idir taighdeoirí an Aontais atá páirteach sa Chlár a laghdú.

(84)

Tá sé léirithe gur sásra tábhachtach cosanta atá sa Chiste um Ráthaíocht Rannpháirtithe a cuireadh ar bun de bhun Fís 2020 agus a ndéanann an Coimisiún bainistiú air, agus maolaítear leis na rioscaí a bhaineann leis na méideanna atá dlite agus nár aisíoc rannpháirtithe mainneachtana. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint ar aghaidh leis an gCiste um Ráthaíocht Rannpháirtithe, a athainmníodh mar an Sásra árachais fhrithpháirtigh (“an Sásra”), agus é a mhéadú go comhlachtaí cistiúcháin eile, go háirithe go tionscnaimh de bhun Airteagal 185 CFAE. Ba cheart gur féidir an Sásra a leathnú amach chuig tairbhithe aon chlár eile de chuid an Aontais atá á bhainistiú go díreach. Ar bhonn dlúthfhaireacháin ar na torthaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar na hinfheistíochtaí arna ndéanamh ag an Sásra, ba cheart don Choimisiún bearta maolaitheacha iomchuí a dhéanamh ionas go bhféadfaidh an Sásra leanúint dá idirghabhálacha chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun an ranníocaíochtaí a chur ar ais chuig na tairbhithe tráth a íocfar an iarmhéid.

(85)

Ba cheart rialacha maidir le saothrú agus scaipeadh torthaí a leagan síos chun a áirithiú go ndéanann na rannpháirtithe na torthaí sin a chosaint, a shaothrú agus a scaipeadh agus rochtain orthu a chur ar fáil de réir mar is iomchuí. Ba cheart níos mó béime a chur ar shaothrú na dtorthaí sin, agus ba cheart don Choimisiún na deiseanna sin do thairbhithe a shainaithint agus cuidiú leis an leas is mó is féidir a bhaint astu le go bhféadfaidh na tairbhithe torthaí a shaothrú, go háirithe san Aontas. Maidir le saothrú na dtorthaí, ba cheart prionsabail an Chláir a chur san áireamh, lena n-áirítear an nuálaíocht a chur chun cinn san Aontas agus LET a neartú.

(86)

Na príomheilimintí den chóras meastóireachta agus roghnúcháin tograí ón gclár a bhí ann roimhe, an Clár Fís 2020, a leag béim ar leith ar an mbarr feabhais agus, i gcás inarb infheidhme, ar “tionchar” agus “cáilíocht agus éifeachtúlacht cur chun feidhme”, ba cheart iad a choinneáil. Ba cheart leanúint de thograí a roghnú bunaithe ar an meastóireacht a rinne saineolaithe seachtracha neamhspleácha. Ba cheart an próiseas meastóireachta a cheapadh chun coinbhleachtaí leasa agus claontacht a sheachaint. Ba cheart an fhéidearthacht go mbeadh nós imeachta tíolactha dhá chéim ann a chur san áireamh agus, i gcás inarb iomchuí, d’fhéadfaí meastóireacht a dhéanamh ar thograí i ndíth ainm le linn na chéad chéime den mheastóireacht. Ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith ag spreagadh breathnóirí neamhspleácha a bheith rannpháirteach sa phróiseas meastóireachta, i gcás inarb infheidhme. Maidir le gníomhaíochtaí Treo-aimsitheora, misin agus i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo, féadfar a riachtanaí atá sé comhleanúnachas foriomlán na punainne tionscadal a áirithiú a chur san áireamh, ar choinníoll go mbeidh na tairseacha is infheidhme sáraithe ag na tograí. Ba cheart na cuspóirí agus na nósanna imeachta chun an méid sin a dhéanamh a fhoilsiú roimh ré. I gcomhréir le hAirteagal 200(7) den Rialachán Airgeadais, ba cheart do na hiarratasóirí aiseolas a fháil ar an meastóireacht ar a dtogra, lena n-áirítear, go háirithe, i gcás inarb infheidhme, na cúiseanna lena dhiúltú.

(87)

Ba cheart trasiontaoibh chórasach ar measúnuithe agus iniúchtaí atá ag cláir eile de chuid an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagail 126 agus 127 den Rialachán Airgeadais do gach cuid den Chlár, i gcás inar féidir, chun an t-ualach riaracháin ar thairbhithe chistí an Aontais a laghdú. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le trasiontaoibh go sainráite trí ghnéithe eile den phróiseas um dhearbhú a chur san áireamh, amhail iniúchtaí ar chórais agus ar phróisis.

(88)

Ba cheart dul i ngleic le dúshláin shonracha i réimsí T&N le duaiseanna, lena n-áirítear trí dhuaiseanna coiteanna nó comhdhuaiseanna i gcás inarb iomchuí, arna n-eagrú ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht cistiúcháin ábhartha i gcomhar le comhlachtaí eile de chuid an Aontais, tíortha comhlachaithe, tríú tíortha eile, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha. Ba cheart do dhuaiseanna tacú le cuspóirí an Chláir a bhaint amach.

(89)

Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, ba cheart iad a roghnú ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin agus ar na rioscaí a mheastar a bheith ann mar gheall ar neamh-chomhlíonadh. Ba cheart go mbeadh ar áireamh seo go ndéantar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus scálaí costas aonaid a bhreithniú.

(90)

Chun an leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus ionas gur féidir tús a chur leis an gcur chun feidhme ó thús CAI 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021.

(91)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr dúbláil a sheachaint, mais chriticiúil i bpríomhréimsí a bhaint amach agus breisluach Aontais is mó a imirt, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí sin a ghnóthú.

(92)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) agus Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 a aisghairm dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (“an Clár”) ar feadh ré CAI 2021-2027, leagtar amach na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh a bhaineann le gníomhaíochtaí indíreacha faoin gClár agus déantar an creat lena rialaítear tacaíocht ón Aontas le haghaidh ghníomhaíochtaí T&N a chinneadh ar feadh na tréimhse céanna.

Leis an Rialachán seo, leagtar síos cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021 go 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha maidir leis an gcistiú sin a sholáthar.

2.   Cuirfear an Clár chun feidhme trí na nithe seo a leanas:

(a)

an clár sonrach a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2021/764;

(b)

ranníocaíocht airgeadais leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) a bunaíodh le Rialachán EIT;

(c)

an clár sonrach maidir le taighde cosanta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/697.

3.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gclár sonrach maidir le taighde cosanta dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, seachas i gcás Airteagail 1 agus 5, Airteagal 7(1) agus Airteagal 12(1).

4.   Leis na téarmaí “Fís Eorpach”, “an Clár” agus “clár sonrach” a úsáidtear sa Rialachán seo, is do nithe atá ábhartha don chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 atáthar ag tagairt, agus dó sin amháin, mura sonraítear a mhalairt.

5.   Cuirfidh EIT an Clár chun feidhme i gcomhréir lena chuspóirí straitéiseacha don tréimhse 2021 go 2027, mar a leagtar síos sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht ó EIT, agus aird á tabhairt ar an bpleanáil straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 6 agus sa chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “bonneagair thaighde” saoráidí lena soláthraítear acmhainní agus seirbhísí do na pobail taighde chun taighde a dhéanamh agus nuálaíocht a chothú ina réimsí féin, lena n-áirítear na hacmhainní daonna gaolmhara, mórthrealamh nó tacair ionstraimí; saoráidí a bhfuil baint acu le heolas amhail bailiúcháin, cartlanna nó bonneagair sonraí eolaíocha; córais ríomhaireachta, líonraí cumarsáide agus aon bhonneagar eile ar de chineál uathúil é agus é oscailte d’úsáideoirí seachtracha, atá riachtanach chun barr feabhais a bhaint amach in T&N; féadfar iad a úsáid, i gcás inarb ábhartha, chun críoch eile seachas taighde, mar shampla le haghaidh seirbhísí oideachais nó seirbhísí poiblí agus féadfar iad a bheith “suite ar shuíomh amháin”, “fíorúil” nó “dáilte”;

(2)

ciallaíonn “straitéis um speisialtóireacht chliste” na straitéisí nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnacha lena leagtar síos tosaíochtaí chun buntáiste iomaíochta a fhorbairt trí láidreachtaí dílse T&N a fhorbairt agus a mheaitseáil le riachtanais ghnó chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach comhleanúnach, ar dheiseanna atá ag teacht chun cinn agus ar fhorbairtí sa mhargadh, agus ag an am céanna dúbailt agus ilroinnt na n-iarrachtaí á seachaint, lena n-áirítear iad siúd arb é atá iontu creat náisiúnta nó réigiúnach um beartais straitéiseacha T&N, nó iad siúd a áirítear i gcreat den sórt sin, agus lena gcomhlíontar an coinníoll cumasúcháin a leagtar amach san fhoráil ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027;

(3)

ciallaíonn “Comhpháirtíocht Eorpach” tionscnamh, a raibh Ballstáit agus tíortha comhlachaithe páirteach go luath ina ullmhúchán, lena dtugann an tAontas gealltanas, i gcomhar le comhpháirtithe príobháideacha agus/nó poiblí (amhail an tionscal, ollscoileanna, eagraíochtaí taighde, comhlachtaí a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta lena n-áirítear forais agus ENRanna), tacaíocht a thabhairt go comhpháirteach le clár de ghníomhaíochtaí T&N a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu leis an nglacadh atá ag an margadh leo, le glacadh rialála nó le glacadh beartais;

(4)

ciallaíonn “rochtain oscailte” rochtain ar líne, a chuirtear ar fáil saor ó tháille don úsáideoir deiridh, d’aschuir thaighde a eascraíonn as gníomhaíochtaí faoin gClár i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le hAirteagal 39(3);

(5)

ciallaíonn “eolaíocht oscailte” cur chuige a bhaineann leis an bpróiseas eolaíoch atá bunaithe ar obair, uirlisí agus scaipeadh eolais ar bhonn oscailte agus chomhoibríoch, agus áirítear leis na heilimintí a liostaítear in Airteagal 14;

(6)

ciallaíonn “misean” punann de ghníomhaíochtaí T&N barr feabhais-bhunaithe agus tionchar-bhunaithe ar fud disciplíní agus earnálacha, arb é is aidhm dóibh: (i) sprioc intomhaiste a bhaint amach laistigh de thréimhse ama socraithe nach bhféadfaí a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí aonair; (ii) tionchar a imirt ar an tsochaí agus ar cheapadh beartais trí bhíthin na heolaíochta agus na teicneolaíochta; agus (iii) a bheith ábhartha do chuid shuntasach de dhaonra na hEorpa agus do réimse leathan saoránach Eorpach;

(7)

ciallaíonn “soláthar réamhthráchtála” soláthar seirbhísí taighde agus forbartha a bhfuil baint acu le comhroinnt riosca-sochair faoi dhálaí margaidh, agus forbairt iomaíoch i gcéimeanna, i gcás ina bhfuil dealú soiléir idir na seirbhísí taighde agus forbartha a sholáthraítear ó chainníochtaí tráchtála de na táirgí deiridh a chur chun úsáide;

(8)

ciallaíonn “soláthar poiblí réiteach nuálach” soláthar i gcás ina bhfeidhmíonn údaráis chonarthacha mar chustaiméir céadtrialach le haghaidh earraí nó seirbhísí nuálacha nach bhfuil ar fáil fós ar bhonn tráchtála ar mhórscála, agus féadfar tástáil chomhlíontachta a áireamh leis sin;

(9)

ciallaíonn “cearta rochtana” cearta chun torthaí nó réamheolas a úsáid faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(10)

ciallaíonn “réamheolas” aon sonraí, saineolas nó faisnéis, is cuma cad é an fhoirm nó an cineál atá acu, aige nó aici, bíodh siad, sé nó sí inláimhsithe nó doláimhsithe, lena n-áirítear aon chearta amhail cearta maoine intleachtúla, ar fíor an méid seo a leanas ina leith: (i) tá siad, sé nó sí i seilbh tairbhithe roimh a n-aontachas i ngníomhaíocht ar leith; agus (ii) sainaithníonn na tairbhithe iad, é nó í i gcomhaontú i scríbhinn mar rudaí a bhfuil gá leo, leis nó léi chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme nó chun a cuid torthaí a shaothrú;

(11)

ciallaíonn “scaipeadh” nochtadh poiblí na dtorthaí trí mheán iomchuí, seachas nochtadh mar thoradh ar na torthaí a chosaint nó a shaothrú, lena n-áirítear trí bhíthin foilseacháin eolaíocha in aon mheán;

(12)

ciallaíonn “saothrú” torthaí a úsáid i ngníomhaíochtaí T&N breise seachas iad sin a chumhdaítear faoin ngníomhaíocht lena mbaineann, lena n-áirítear, i measc nithe eile, saothrú tráchtála amhail táirge nó próiseas a fhorbairt, a chruthú, a mhonarú agus a mhargú, seirbhís a chruthú agus a sholáthar, nó i ngníomhaíochtaí i ndáil le caighdeánú;

(13)

ciallaíonn “coinníollacha córa réasúnacha” coinníollacha iomchuí, lena n-áirítear téarmaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann nó coinníollacha saor ó ríchíosanna, agus aird á tabhairt ar imthosca sonracha na hiarrata ar rochtain, mar shampla luach iarbhír nó féideartha na dtorthaí nó an réamheolais a bhfuil rochtain á lorg ina leith agus/nó raon feidhme, ré nó saintréithe eile an tsaothraithe atá beartaithe;

(14)

ciallaíonn “comhlacht cistiúcháin” comhlacht nó eagraíocht, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, a ndéanann an Coimisiún cúraimí cur chun feidhme buiséid faoin gClár a chur ar a n-iontaoibh;

(15)

ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta um thaighde Eorpach” eagraíocht idirnáisiúnta, ar Ballstáit nó tíortha comhlachaithe tromlach a gcomhaltaí, agus arb é is príomhchuspóir léi an comhar eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn san Eoraip;

(16)

ciallaíonn “eintiteas dlítheanach” duine nádúrtha, nó duine dlítheanach a bunaíodh agus a aithnítear mar sin faoi dhlí an Aontais, faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a bhfuil an acmhainneacht aige chun gníomhú ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais;

(17)

ciallaíonn “tíortha a thagann faoin bhfairsingiú” nó “tíortha ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N” tíortha inar gá eintitis a bheith bunaithe chun go mbeidh siad incháilithe mar chomhordaitheoirí faoin gcomhchuid “rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathadh” den chuid “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú” den Chlár; as measc Ballstáit AE, is iad na tíortha sin ná an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an tSeicia, an Eastóin, an Ghréig, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin, le haghaidh ré iomlán an Chláir; maidir leis na tíortha comhlachaithe, ciallaíonn sé an liosta de na tíortha incháilithe arna shainiú bunaithe ar tháscaire agus arna fhoilsiú sa chlár oibre. Beidh eintitis dhlítheanacha ó na réigiúin is forimeallaí mar a shainmhínítear in Airteagal 349 CFAE lán-incháilithe freisin le bheith ina gcomhordaitheoirí faoin gcomhchuid seo;

(18)

ciallaíonn “eintiteas dlítheanach neamhbhrabúsach” eintiteas dlítheanach atá neamhbhrabúsach de réir na foirme dlíthiúla atá aige nó a bhfuil oibleagáid dhlithiúil nó reachtúil air gan brabús a roinnt ar a gheallsealbhóirí ná ar a chomhaltaí aonair;

(19)

ciallaíonn “fiontar beag nó meánmhéide” nó “FBM” micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE (27);

(20)

ciallaíonn “cuideachta meánchaipitlithe bheag” eintiteas nach FBM é agus a bhfuil suas le 499 bhfostaí ag obair ann, i gcás ina ndéantar líon na foirne a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 de Theideal I den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(21)

ciallaíonn “torthaí” aon éifeacht inláimhsithe nó doláimhsithe de chuid gníomhaíochta ar leith, amhail sonraí, saineolas nó faisnéis, is cuma cad é foirm nó cineál na héifeachta agus cibé acu is féidir í a chosaint nó nach féidir, mar aon le haon chearta atá ag gabháil léi, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla;

(22)

ciallaíonn “aschur taighde” na torthaí a ghintear de bharr gníomhaíocht ar leith ar féidir rochtain a thabhairt orthu i bhfoirm foilseachán eolaíochta, sonraí nó torthaí agus próiseas eile a ndearnadh innealtóireacht orthu amhail bogearraí, algartaim, prótacail agus leabhair nótaí leictreonacha;

(23)

ciallaíonn “Séala Barr Feabhais” lipéad cáilíochta a léiríonn go raibh togra a cuireadh isteach le haghaidh glao ar thograí os cionn na dtairseach meastóireachta ar fad a leagtar amach sa chlár oibre, ach nach bhféadfaí é a chistiú de dheasca easpa buiséid a bheith ar fáil don ghlao sin ar thograí sa chlár oibre agus a d’fhéadfadh tacaíocht a fháil ó fhoinsí eile cistiúcháin de chuid an Aontais nó ó fhoinsí náisiúnta eile cistiúcháin;

(24)

ciallaíonn “plean straitéiseach T&N” gníomh cur chun feidhme lena leagtar amach straitéis chun ábhar sa chlár oibre a fhíorú lena gcumhdaítear uastréimhse 4 bliana, lena leantar próiseas comhairliúcháin leathan éigeantach i gcomhar le hilgheallsealbhóirí agus lena sonraítear na tosaíochtaí, na cineálacha oiriúnacha gníomhaíochtaí agus na cineálacha cur chun feidhme atá le húsáid;

(25)

ciallaíonn “clár oibre” an doiciméad a glacann an gCoimisiún chun an clár sonrach a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 14 de Chinneadh (AE) 2021/764 nó doiciméad coibhéiseach ó thaobh ábhair agus struchtúir de a ghlacann comhlacht cistiúcháin;

(26)

ciallaíonn “conradh” comhaontú a thugann an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha i gcrích le heintiteas dlítheanach lena gcuirtear chun feidhme gníomhaíocht nuálaíochta agus cur chun úsáide ar an margadh agus a fhaigheann tacaíocht ó mhaoiniú measctha faoi Fís Eorpach nó ó mhaoiniú measctha faoi EIC;

(27)

ciallaíonn “airleacan in-aisíoctha” an chuid de mhaoiniú measctha faoi Fís Eorpach nó de mhaoiniú measctha faoi EIC a chomhfhreagraíonn d’iasacht faoi Theideal X den Rialachán Airgeadais, ach a dhámhann an tAontas go díreach agus ar bhonn neamhbhrabúsach chun costais gníomhaíochtaí a chumhdach a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíocht nuálaíochta, agus atá le haisíoc ag an tairbhí leis an Aontas faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa chonradh;

(28)

ciallaíonn “faisnéis rúnaicmithe” faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún chomh maith le faisnéis rúnaicmithe na mBallstát, faisnéis rúnaicmithe tríú tíortha a bhfuil comhaontú slándála ag an Aontas leo agus faisnéis rúnaicmithe eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil comhaontú slándála ag an Aontas leo;

(29)

ciallaíonn “oibríocht mheasctha” gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráid mheasctha nó ardán measctha mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-in-aisíoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha in-aisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí tráchtála;

(30)

ciallaíonn “maoiniú measctha faoi Fís Eorpach” tacaíocht airgeadais do chlár lena gcuirtear chun feidhme gníomhaíocht nuálaíochta agus cur chun úsáide ar an margadh, arb é atá inti comhcheangal sonrach de dheontas nó d’airleacan in-aisíoctha agus infheistíocht i gcothromas nó aon fhoirm eile de thacaíocht in-aisíoctha;

(31)

ciallaíonn “maoiniú measctha faoi EIC” tacaíocht airgeadais dhíreach a sholáthraítear faoi EIC do ghníomhaíocht nuálaíochta agus cur chun úsáide ar an margadh arb é atá inti comhcheangal sonrach de dheontas nó d’airleacan in-aisíoctha agus infheistíocht i gcothromas nó aon fhoirm eile tacaíochta in-aisíoctha;

(32)

ciallaíonn “gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta” gníomhaíocht arb é atá inti go príomha gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh eolas nua a shuíomh nó iniúchadh a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé teicneolaíocht, táirge, próiseas, seirbhís nó réiteach nua nó feabhsaithe a bheith ann. Féadfaidh taighde bunúsach agus feidhmeach, forbairt agus comhtháthú teicneolaíochta, tástáil, taispeáint agus bailíochtú ar fhréamhshamhail ar scála beag i saotharlann nó i dtimpeallacht ionsamhlaithe a bheith i gceist leis sin;

(33)

ciallaíonn “gníomhaíocht nuálaíochta” gníomhaíocht arb é atá inti go príomha gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh, go díreach, pleananna agus socruithe nó dearaí a tháirgeadh i gcomhair táirgí, próisis nó seirbhísí nua, athraithe nó feabhsaithe, agus a bhféadfadh fréamhshamhlú, tástáil, taispeáint, píolótú, bailíochtú táirgí ar mhórscála agus macasamhlú an mhargaidh a bheith san áireamh leo;

(34)

ciallaíonn “gníomhaíocht taighde ceannródaíoch ERC” gníomhaíocht taighde atá faoi cheannas príomhthaighdeora, lena n-áirítear Cruthúnas Coincheapa ERC, arna óstáil ag tairbhithe aonair nó iolracha a fhaigheann cistiú ón gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC);

(35)

ciallaíonn “gníomhaíocht oiliúna agus soghluaisteachta” gníomhaíocht arb é is aidhm dí na scileanna, an t-eolas agus na hionchais ghairme atá ag taighdeoirí a fheabhsú, bunaithe ar shoghluaisteacht idir tíortha agus, más ábhartha, idir earnálacha nó disciplíní;

(36)

ciallaíonn “gníomhaíocht chomhchistiúcháin le haghaidh cláir” gníomhaíocht chun comhchistiú ilbhliantúil a sholáthar do chlár gníomhaíochtaí arna bhunú nó arna chur chun feidhme ag eintitis dhlítheanacha, seachas comhlachtaí cistiúcháin de chuid an Aontais, a bhainistíonn nó a chistíonn cláir T&N; le clár gníomhaíochtaí den sórt sin, féadfar tacú le líonrú agus comhordú, taighde, nuálaíocht, gníomhaíochtaí píolótacha, agus gníomhaíocht nuálaíochta agus cur chun úsáide ar an margadh, gníomhaíocht oiliúna agus soghluaisteachta, múscailt feasachta agus cumarsáid, scaipeadh agus saothrú, agus féadfar aon tacaíocht ábhartha airgeadais, amhail deontais, duaiseanna agus soláthar, chomh maith le maoiniú measctha faoi Fís Eorpach nó meascán díobh sin a sholáthar. Maidir leis an ngníomhaíocht chomhchistiúcháin le haghaidh cláir, féadfaidh na heintitis dhlítheanacha sin í a chur chun feidhme go díreach nó féadfaidh tríú páirtithe í a chur chun feidhme thar a gceann;

(37)

ciallaíonn “gníomhaíocht soláthair réamhthráchtála” gníomhaíocht arb é is príomhaidhm léi soláthar réamhthráchtála a bhaint amach, ar soláthar é a dhéanann tairbhithe, ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad, a chur chun feidhme;

(38)

ciallaíonn “gníomhaíocht soláthair phoiblí réiteach nuálach” gníomhaíocht arb é is príomhaidhm léi soláthar poiblí comhpháirteach nó comhordaithe réiteach nuálach a bhaint amach, ar soláthar é a dhéanfaidh tairbhithe, ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad, a chur chun feidhme;

(39)

ciallaíonn “gníomhaíocht chomhordúcháin agus tacaíochta” gníomhaíocht a chuireann le cuspóirí an Chláir, gan gníomhaíochtaí T&N a chur san áireamh, ach amháin nuair a dhéantar í faoin gcomhchuid “rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathadh” den chuid “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú”; agus comhordú ón mbun aníos gan comhchistiú gníomhaíochtaí taighde ón Aontas a fhágann gur féidir comhar a bhunú idir eintitis dhlítheanacha ó na Ballstáit agus ó thíortha comhlachaithe chun LET a neartú;

(40)

ciallaíonn “duais dreasachta” duais chun infheistíocht a spreagadh i dtreo ar leith trí sprioc a shonrú sula ndéantar an obair;

(41)

ciallaíonn “duais aitheantais” duais chun aitheantas a thabhairt don mhéid a baineadh amach roimhe seo agus d’obair thar barr i ndiaidh a déanta;

(42)

ciallaíonn “gníomhaíocht nuálaíochta agus cur chun úsáide ar an margadh” gníomhaíocht a bhfuil gníomhaíocht nuálaíochta neadaithe inti chomh maith leis na gníomhaíochtaí eile is gá chun nuálaíocht a chur chun úsáide ar an margadh, lena n-áirítear méadú cuideachtaí agus maoiniú measctha faoi Fís Eorpach nó maoiniú measctha faoi EIC;

(43)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí indíreacha” gníomhaíochtaí T&N a sholáthraíonn an tAontas tacaíocht airgeadais dóibh agus a dhéanann na rannpháirtithe;

(44)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí díreacha” gníomhaíochtaí T&N a dhéanann an Coimisiún trína ACT;

(45)

ciallaíonn “soláthar” soláthar mar a shainmhínítear i bpointe (49) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais;

(46)

ciallaíonn “eintiteas cleamhnaithe” eintiteas mar a shainmhínítear in Airteagal 187(1) den Rialachán Airgeadais;

(47)

ciallaíonn “éiceachóras nuálaíochta” éiceachóras lena dtugtar le chéile gníomhaithe nó eintitis ar leibhéal an Aontais arb é an sprioc fheidhmiúil atá acu forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a chumasú; cuimsítear leis an caidreamh idir acmhainní ábhartha (amhail cistí, trealamh agus saoráidí), eintitis institiúideacha (amhail institiúidí ardoideachais agus seirbhísí tacaíochta, eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta, cuideachtaí, caipitlithe fiontair agus idirghabhálaithe airgeadais) agus eintitis ceaptha beartais agus cistiúcháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla;

(48)

ciallaíonn “luach saothair tionscadalbhunaithe” luach saothair atá nasctha le rannpháirtíocht duine i dtionscadail, agus is cuid é de ghnáthchleachtais an tairbhí maidir le luach saothair agus íoctar é ar dhóigh chomhsheasmhach.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.   Is é cuspóir ginearálta an Chláir tionchar a imirt ar bhonn eolaíoch, teicneolaíoch, eacnamaíoch agus sochaíoch a bhuí le hinfheistíochtaí an Aontais in T&N chun bunúis eolaíocha agus theicneolaíocha an Aontais a neartú agus iomaíochas an Aontais a chothú sna Ballstáit uile, lena n-áirítear ina chuid tionscal, chun tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach agus chun rannchuidiú le cuspóirí agus beartais an Aontais a bhaint amach, chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear na SFInna trí phrionsabail Chlár Oibre 2030 agus Chomhaontú Pháras a leanúint, agus chun LET a neartú. Ar an gcaoi sin, déanfar breisluach Aontais a uasmhéadú leis an gClár trí dhíriú ar chuspóirí agus ar ghníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go héifeachtach agus iad ag gníomhú ina n-aonar, ach ar féidir leo iad a bhaint amach agus iad ag gníomhú i gcomhar le chéile.

2.   Seo a leanas cuspóirí sonracha an Chláir:

(a)

barr feabhais eolaíoch a fhorbairt, a chur chun cinn agus a chur ar aghaidh, tacú le heolas bunúsach agus feidhmeach nua ar ardcháilíocht, scileanna, teicneolaíochtaí agus réitigh a chruthú agus a scaipeadh, tacú le hoiliúint ar thaighdeoirí agus soghluaisteacht na dtaighdeoirí, daoine tréitheacha a mhealladh ag gach leibhéal agus rannchuidiú le rannpháirteachas iomlán dhíorma thréithigh an Aontais sna gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár;

(b)

eolas a ghiniúint, tionchar T&N a neartú chun beartais an Aontais a cheapadh, chun tacú leo agus chun iad a chur chun feidhme, agus tacú leis an rochtain atá ar réitigh nuálacha sa tionscal Eorpach, go háirithe in FBManna, agus sa tsochaí, agus le glacadh na réiteach sin, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear an t-athrú aeráide agus na SFInna;

(c)

gach cineál nuálaíochta a chothú, forbairt theicneolaíoch, léiriú agus malartú eolais agus teicneolaíochta a éascú, agus cur chun úsáide agus saothrú réiteach nuálaíochta a neartú;

(d)

an leas is fearr is féidir a bhaint as an gClár d’fhonn LET a neartú agus a thionchar agus a tharraingt a mhéadú, rannpháirtíocht bunaithe ar bharr feabhais ó thaobh na mBallstáit go léir, lena n-áirítear na tíortha ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N, a chothú sa Chlár agus naisc chomhoibríocha a éascú in T&N na hEorpa.

Airteagal 4

Struchtúr an Chláir

1.   I gcás an chláir shonraigh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus EIT, déanfar an Clár a struchtúrú i gcodanna mar a leanas, rud a rannchuidíonn leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3:

(a)

Colún I “Eolaíocht den Scoth”, ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:

(i)

ERC;

(ii)

Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCAnna);

(iii)

bonneagair thaighde;

(b)

Colún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach”, ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas, agus á chur san áireamh go mbíonn ról tábhachtach ag SSH sna cnuasaigh ar fad:

(i)

an cnuasach “Sláinte”;

(ii)

an cnuasach “an Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach”;

(iii)

an cnuasach “an tSlándáil Shibhialta don tSochaí”;

(iv)

an cnuasach “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”;

(v)

an cnuasach “an Aeráid, Fuinneamh agus an tSoghluaisteacht”;

(vi)

an cnuasach “Bia, an Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, an Talmhaíocht agus an Comhshaol”;

(vii)

gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha de chuid ACT;

(c)

Colún III “Eoraip na Nuálaíochta”, ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:

(i)

EIC;

(ii)

éiceachórais nuálaíochta na hEorpa;

(iii)

EIT.

(d)

an Chuid “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú”, ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:

(i)

an rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathadh;

(ii)

Córas T&N na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú.

2.   Leagtar amach imlínte ghníomhaíochtaí an Chláir in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Taighde agus forbairt na cosanta

Na gníomhaíochtaí atá le déanamh faoin gclár sonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2) agus a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/697, leagfaidh siad béim eisiach ar thaighde agus forbairt na cosanta, agus beidh acu cuspóirí agus imlínte na ngníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh iomaíochas, éifeachtúlacht agus acmhainneacht nuálaíochta bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch na cosanta Eorpaí a chothú.

Airteagal 6

Pleanáil straitéiseach agus cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin de chuid an Aontais

1.   Is trí bhíthin bainistíocht dhíreach nó trí bhíthin bainistíocht indíreach ag na comhlachtaí cistiúcháin a chuirfear an Clár chun feidhme.

2.   Féadfar cistiú faoin gClár a sholáthar trí bhíthin gníomhaíochtaí indíreacha in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, ach beidh deontais mar phríomhfhoirm tacaíochta faoin gClár. Féadfar cistiú faoin gClár a sholáthar freisin trí dhuaiseanna, soláthair agus ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha agus de thacaíocht chothromais faoin Luasaire.

3.   Na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh a leagtar síos sa Rialachán seo, beidh feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí indíreacha.

4.   Na príomhchineálacha gníomhaíochtaí atá le húsáid faoin gClár, sainmhínítear in Airteagal 2 iad. Úsáidfear na foirmeacha cistiúcháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar dhóigh sholúbtha síos trí gach cuspóir den Chlár agus cinnfear an úsáid a bheidh leo bunaithe ar riachtanais agus saintréithe na gcuspóirí sonracha.

5.   Leis an gClár, tacófar freisin le gníomhaíochtaí díreacha. I gcás ina rannchuideoidh na gníomhaíochtaí díreacha sin le tionscnaimh a bhunaítear faoi Airteagal 185 nó 187 CFAE, ní mheasfar an rannchuidiú sin a bheith mar chuid den ranníocaíocht airgeadais arna leithdháileadh ar na tionscnaimh sin.

6.   Tacófar le cur chun feidhme an chláir shonraigh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus PENanna EIT trí phleanáil thrédhearcach agus straitéiseach ar ghníomhaíochtaí T&N faoi mar a leagtar síos sa chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2), go háirithe le haghaidh an cholúin “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach” agus cumhdófar freisin gníomhaíochtaí ábhartha i gcolúin eile agus an chuid “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú”.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na Ballstáit páirteach go luath agus go ndéanfar malartuithe forleathana le Parlaimint na hEorpa, agus, mar chomhlánú air sin, beidh comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus leis an bpobal i gcoitinne.

Leis an bpleanáil straitéiseach, áireofar ailíniú le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais mar aon le comhsheasmhacht le tosaíochtaí agus gealltanais an Aontais agus méadófar comhlántacht agus sineirgí le cláir chistiúcháin náisiúnta agus réigiúnacha agus tosaíochtaí cistiúcháin náisiúnta agus réigiúnacha, agus dá réir sin déanfar LET a neartú. Déanfar réimsí le haghaidh misin fhéideartha agus réimsí le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe féideartha a leagan síos in Iarscríbhinn VI.

7.   I gcás inarb iomchuí, chun go bhféadfaidh rochtain níos tapúla ag cuibhreannais chomhoibríocha bheaga ar chistí a bheith ann, féadfar nós imeachta mear i ndáil le taighde agus nuálaíocht (nós imeachta FTRI) a mholadh faoi chuid de na glaonna ar thograí atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta nó do ghníomhaíochtaí nuálaíochta faoin gcolún “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach” agus faoi Threo-aimsitheoir na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí.

Beidh na saintréithe carnacha seo a leanas le glao ar thograí faoi nós imeachta FTRI:

(a)

glaonna ar thograí ón mbun aníos;

(b)

am níos giorra chun deontas a thabhairt, nach mó ná 6 mhí;

(c)

tacaíocht nach dtabharfar ach do chuibhreannais chomhoibríocha bheaga a bheidh comhdhéanta de shé eintiteas dhlítheanacha incháilithe éagsúla agus neamhspleácha ar a mhéad;

(d)

tacaíocht airgeadais uasta nach mó ná EUR 2,5 milliún in aghaidh an chuibhreannais.

Sainaithneofar sa chlár oibre na glaonna ar thograí a úsáideann nós imeachta FTRI.

8.   Soláthrófar gníomhaíochtaí an Chláir, go príomha, trí ghlaonna oscailte iomaíocha ar thograí, lena n-áirítear laistigh de mhisin agus de Chomhpháirtíochtaí Eorpacha.

Airteagal 7

Prionsabail an Chláir

1.   Le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéantar faoin gclár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus faoi EIT, díreofar go heisiach ar iarratais shibhialta. Ní cheadófar aistrithe buiséadacha idir an méid a leithdháiltear ar an gclár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus EIT agus an méid a leithdháiltear ar an gclár sonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2), agus seachnófar dúbláil gan ghá idir an dá chlár.

2.   Leis an gClár, áiritheofar cur chuige ildisciplíneach agus déanfar foráil, i gcás inarb iomchuí, maidir le comhtháthú SSH ar fud na gcnuasach agus na ngníomhaíochtaí a fhorbraítear faoin gClár, lena n-áirítear glaonna sonracha ar thograí a bhaineann le hábhair SSH.

3.   Le codanna comhoibríocha an Chláir, áiritheofar cothromaíocht idir LRTanna níos ísle agus níos airde, agus ar an gcaoi sin cumhdófar an slabhra luacha ar fad.

4.   Leis an gClár, áiritheofar cur chun cinn agus comhtháthú éifeachtach comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí agus tionscnaimh idirnáisiúnta atá bunaithe ar shochair fhrithpháirteacha, ar leasanna an Aontais, ar ghealltanais idirnáisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar chómhalartacht.

5.   Leis an gClár, cuideofar le tíortha a thagann faoin bhfairsingiú cur lena rannpháirtíocht sa Chlár agus clúdach geografach leathan a chur chun cinn i dtionscadail chomhoibríocha, lena n-áirítear trí bhíthin barr feabhais eolaíoch a scaipeadh, naisc chomhoibríocha nua a threisiú, cúrsaíocht daoine oilte a spreagadh agus trí bhíthin Airteagal 24(2) agus Airteagal 50(5) a chur chun feidhme. Déanfaidh na Ballstáit na hiarrachtaí sin a mhacasamhlú trí bhearta comhréireacha dá gcuid féin, lena n-áirítear trí thuarastail tharraingteacha a shocrú do thaighdeoirí, le tacaíocht ó chistí an Aontais, ó chistí náisiúnta agus ó chistí réigiúnacha. Gan an bonn a bhaint de na critéir bairr feabhais, tabharfar aird faoi leith ar chothromaíocht gheografach, faoi réir an cháis i réimse T&N lena mbaineann, i bpainéil mheastóireachta agus i gcomhlachtaí amhail boird agus grúpaí saineolaithe.

6.   Leis an gClár, áiritheofar cur chun cinn éifeachtach comhdheiseanna do chách agus cur chun feidhme príomhshruthaithe inscne, lena n-áirítear comhtháthú na gné inscne in ábhair T&N. Beidh sé d’aidhm ag an gClár aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna a bhíonn leis an míchothromaíocht inscne. Tabharfar aird ar leith ar an gcothromaíocht inscne a áirithiú a mhéid agus is féidir ar phainéil mheastóireachta agus ar chomhlachtaí comhairleacha ábhartha eile amhail boird agus grúpaí saineolaithe.

7.   Déanfar an Clár a chur chun feidhme i sineirge le cláir eile de chuid an Aontais, agus é mar aidhm aige ag an am céanna simpliú uasta riaracháin a bhaint amach. Tá liosta neamh-uileghabhálach de shineirgí i gcomhar le cláir eile de chuid an Aontais ar áireamh in Iarscríbhinn IV.

8.   Leis an gClár, rannchuideofar le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach a mhéadú in T&N sna Ballstáit, agus ar an gcaoi sin cuideofar le méid fhoriomlán na hinfheistíochta i réimse an taighde agus na forbartha a ardú go 3 %, ar a laghad, de OTI an Aontais.

9.   Agus an Clár á chur chun feidhme aige, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag féachaint le simpliú riaracháin agus laghdú an ualaigh d’iarratasóirí agus do thairbhithe a bhaint amach.

10.   Mar chuid de chuspóir ginearálta an Aontais maidir le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú i ndáil le beartais earnála an Aontais agus le cistí an Aontais, ranníocfar, le gníomhaíochtaí faoin gClár seo, ar a laghad 35 % den chaiteachas ar chuspóirí aeráide i gcás inarb iomchuí. Comhtháthófar príomhshruthú aeráide go leormhaith in ábhar T&N.

11.   Leis an gClár, cuirfear comhchruthú agus comhdhearadh chun cinn trí bhíthin rannpháirteachas na saoránach agus na sochaí sibhialta.

12.   Leis an gClár, áiritheofar trédhearcacht agus cuntasacht maidir le cistiú poiblí i dtionscadail T&N, agus ar an gcaoi sin caomhnófar leas an phobail.

13.   Áiritheoidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha go gcuirfear treoir leordhóthanach agus faisnéis leordhóthanach ar fáil do na rannpháirtithe uile a d’fhéadfadh a bheith ann an tráth a fhoilseofar an glao ar thograí, go háirithe an comhaontú deontais samplach is infheidhme.

Airteagal 8

Misin

1.   Déanfar misin a chlársceidealú laistigh den cholún “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach”, ach féadfaidh siad freisin tairbhiú de ghníomhaíochtaí a dhéantar laistigh de chodanna eile den Chlár chomh maith le gníomhaíochtaí comhlántacha a dhéantar faoi chláir eile de chuid an Aontais. Le misin, ceadófar réitigh iomaíocha a bheith ann, rud a fhágann go mbeidh breisluach agus tionchar uile-Eorpach ann mar thoradh air sin.

2.   Déanfar misin a shainiú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an gclár sonrach, rud a áiritheoidh go mbeidh na Ballstáit páirteach go gníomhach agus go luath agus go ndéanfar malartuithe forleathana le Parlaimint na hEorpa. Déanfar na misin, a gcuspóirí, a mbuiséad, a spriocanna, a raon feidhme, a dtáscairí agus a gclocha míle a shainaithint i bpleananna straitéiseacha T&N nó sna cláir oibre de réir mar is iomchuí. Déanfar meastóireachtaí ar thograí faoi na misin i gcomhréir le hAirteagal 29.

3.   Le linn na chéad trí bliana den Chlár, déanfar uasmhéid 10 % de bhuiséad bliantúil Cholún II a chlársceidealú trí ghlaonna sonracha ar thograí chun na misin a chur chun feidhme. Maidir leis na blianta atá fágtha den Chlár, féadfar an céatadán sin a mhéadú faoi réir measúnú dearfach ar an bpróiseas roghnúcháin agus ar an bpróiseas bainistíochta. Cuirfidh an Coimisiún in iúl cad é an sciar buiséadach iomlán a bhaineann le gach clár oibre atá tiomnaithe do na misin.

4.   Maidir leis na misin:

(a)

agus úsáid á baint acu as SFInna mar fhoinsí chun iad a cheapadh agus a chur chun feidhme, beidh ábhar soiléir T&N acu agus beidh breisluach Aontais ag baint leo, agus rannchuideoidh siad le tosaíochtaí agus gealltanais an Aontais agus le cuspóirí an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach;

(b)

cuimseoidh siad réimsí a bhfuil ábharthacht choiteann Eorpach ag baint leo, beidh siad cuimsitheach, spreagfaidh siad rannpháirteachas leathan agus rannpháirtíocht ghníomhach ó gheallsealbhóirí de gach cineál ón earnáil phoiblí agus phríobháideach, lena n-áirítear saoránaigh agus úsáideoirí deiridh, agus bainfidh siad torthaí T&N amach a d’fhéadfadh dul chun tairbhe na mBallstát uile;

(c)

beidh siad misniúil agus spreagúil, agus, dá bhrí sin, beidh ábharthacht agus tionchar leathan ag baint leo ó thaobh na heolaíochta, na teicneolaíochta, na sochaí, an gheilleagair, an chomhshaoil nó an bheartais de;

(d)

cuirfidh siad treo soiléir agus cuspóirí soiléire in iúl, beidh siad spriocdhírithe, intomhaiste agus faoi cheangal ama agus beidh imchlúdach buiséadach soiléir ag gabháil leo;

(e)

roghnófar iad ar bhealach trédhearcach agus beidh siad dírithe ar spriocanna atá uaillmhianach, barr feabhais-bhunaithe agus tionchar-threallúsaithe, ach atá réalaíoch san am céanna, agus ar ghníomhaíochtaí taighde, forbartha agus nuálaíochta;

(f)

beidh an raon feidhme agus an scála is gá acu, agus slógfaidh siad na hacmhainní mar is gá, agus beidh giaráil na gcistí breise poiblí agus príobháideacha is gá acu chun go mbeidh siad in ann an méid atá le baint amach acu a sholáthar;

(g)

spreagfaidh siad gníomhaíochtaí i mórán disciplíní (lena n-áirítear SSH) agus cumhdófar leo gníomhaíochtaí ó réimse leathan LRTanna, lena n-áirítear LRTanna níos ísle;

(h)

beidh siad oscailte do chuir chuige agus réitigh iomadúla ón mbun aníos lena gcuirtear riachtanais dhaonnúla agus shochaíocha agus tairbhí daonnúla agus sochaíocha san áireamh agus lena n-aithnítear tábhacht rannchuidithe éagsúla lena mbaint amach;

(i)

bainfidh siad tairbhe as sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais ar bhealach trédhearcach agus le héiceachórais nuálaíochta náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, le héiceachórais nuálaíochta réigiúnacha.

5.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus meastóireacht ar gach misean i gcomhréir le hAirteagail 50 agus 52 agus le hIarscríbhinn V, lena n-áirítear an dul chun cinn i dtreo spriocanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, lena gcumhdaítear cur chun feidhme, faireachán agus céimniú amach na misean. Déanfar measúnú ar na chéad mhisin a bhunaítear faoin gClár tráth nach déanaí ná 2023 agus sula ndéanfar aon chinneadh maidir le misin nua a chruthú, nó maidir le leanúint de mhisin atá ar bun, iad a fhoirceannadh nó iad a atreorú. Déanfar torthaí an mheasúnaithe sin a phoibliú agus áireofar iontu anailís ar phróiseas roghnúcháin na misean agus a rialachas, ar a mbuiséad, a bhfócas agus a ndul chun cinn go dtí seo, gan a bheith teoranta don mhéid sin go léir.

Airteagal 9

An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach

1.   Bunóidh an Coimisiún EIC mar ionad ilfhreastail chun na gníomhaíochtaí faoi Cholún III, “Eoraip na Nuálaíochta”, a bhaineann le EIC a chur chun feidhme. Díreoidh EIC go príomha ar an nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach, agus díreoidh sé go háirithe ar an nuálaíocht lena gcruthaítear margaí, agus tacóidh sé le nuálaíocht de gach sórt ag an am céanna, lena n-áirítear nuálaíocht incriminteach.

Feidhmeoidh EIC i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)

breisluach soiléir Aontais;

(b)

neamhspleáchas;

(c)

an cumas rioscaí a ghlacadh;

(d)

éifeachtúlacht;

(e)

éifeachtacht;

(f)

trédhearcacht;

(g)

cuntasacht.

2.   Beidh EIC oscailte do gach cineál nuálaithe, lena n-áirítear daoine aonair, ollscoileanna, eagraíochtaí taighde agus cuideachtaí (FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga) mar aon le tairbhithe aonair agus cuibhreannais ildisciplíneacha. Beidh ar a laghad 70 % de bhuiséad EIC tiomnaithe do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta.

3.   Tugtar tuairisc ar Bhord EIC agus ar ghnéithe bainistíochta EIC i gCinneadh (AE) 2021/764.

Airteagal 10

Comhpháirtíochtaí Eorpacha

1.   Féadfar codanna den Chlár a chur chun feidhme trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha. Is in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas a bheidh rannpháirtíocht an Aontais i gComhpháirtíochtaí Eorpacha:

(a)

rannpháirtíocht i gcomhpháirtíochtaí Eorpacha a bhunaítear ar bhonn meabhrán tuisceana nó socruithe conarthacha idir an Coimisiún agus na comhpháirtithe dá dtagraítear i bpointe (3) d’Airteagal 2, lena sonraítear cuspóirí na Comhpháirtíochta Eorpaí, gealltanais ghaolmhara an Aontais agus na gcomhpháirtithe eile maidir lena ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil, eochairtháscairí feidhmíochta agus tionchair, na torthaí atá le soláthar agus socruithe tuairiscithe. Áirítear orthu sin gníomhaíochtaí comhlántacha T&N a chuireann na comhpháirtithe agus an Clár chun feidhme (Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comh-chlársceidealaithe);

(b)

rannpháirtíocht i gclár ghníomhaíochtaí T&N agus ranníocaíocht airgeadais leis, lena sonraítear na cuspóirí, eochairtháscairí feidhmíochta agus tionchair, agus na torthaí atá le soláthar, bunaithe ar ghealltanas na gcomhpháirtithe maidir lena ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil agus maidir lena gcuid gníomhaíochtaí ábhartha a chomhtháthú trí ghníomhaíocht chomhchistiúcháin le haghaidh Cláir a úsáid (Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchistithe);

(c)

rannpháirtíocht i gcláir T&N agus ranníocaíocht airgeadais leo, ar cláir iad a dhéanfaidh roinnt Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE nó a dhéanfaidh comhlachtaí arna mbunú de bhun Airteagal 187 CFAE, amhail Comhghnóthais nó na PENanna EIT i gcomhréir le Rialachán EIT (Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe).

Ní chuirfear Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe chun feidhme ach amháin i gcás nach mbainfear amach, le codanna eile den Chlár, lena n-áirítear foirmeacha eile de Chomhpháirtíochtaí Eorpacha, na cuspóirí nó nach gcruthófar na tionchair is gá a mbeifí ag súil leo, agus i gcás ina bhfuil údar cuí leis trí pheirspictíocht fhadtéarmach agus ardleibhéal comhtháthaithe. I gComhpháirtíochtaí Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE nó Airteagal 187 CFAE, déanfar bainistiú lárnach ar na ranníocaíochtaí airgeadais uile, seachas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. I gcás bainistiú lárnach ar na ranníocaíochtaí airgeadais uile, déanfar ranníocaíochtaí ar leibhéal an tionscadail ó stát rannpháirteach amháin ar bhonn cistiú arna iarraidh i dtograí ó eintitis dhlítheanacha atá bunaithe sa stát rannpháirteach sin, mura gcomhaontaítear a mhalairt i measc na stát rannpháirteach uile lena mbaineann.

Sonrófar sna rialacha le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe, i measc nithe eile, na cuspóirí, eochairtháscairí feidhmíochta agus tionchair, agus na torthaí atá le soláthar, mar aon leis na gealltanais ghaolmhara le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil na gcomhpháirtithe.

2.   Maidir le Comhpháirtíochtaí Eorpacha:

(a)

bunófar iad chun na críche aghaidh a thabhairt ar dhúshláin Eorpacha nó ar dhúshláin dhomhanda sna cásanna sin amháin ina mbainfí cuspóirí an Chláir amach ar bhealach níos éifeachtaí trí Chomhpháirtíocht Eorpach ná mar a d’éireodh leis an Aontas ina aonar agus nuair a chuirtear i gcomparáid iad le foirmeacha eile tacaíochta faoin gClár; déanfar sciar iomchuí de bhuiséad Fís Eorpach a leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí sin den Chlár a chuirtear chun feidhme trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha; déanfar formhór na mbuiséad i gColún II a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí lasmuigh de Chomhpháirtíochtaí Eorpacha;

(b)

cloífidh siad leis na prionsabail a bhaineann le breisluach Aontais, trédhearcacht agus oscailteacht, agus le tionchar a bheith acu laistigh den Eoraip agus ar son na hEorpa, an éifeacht láidir ghiarála ar scála leordhóthanach, gealltanais fhadtéarmacha na gcomhpháirtithe páirteacha uile lena mbaineann, solúbthacht ó thaobh cur chun feidhme de, comhleanúnachas, comhordú agus comhlántacht le tionscnaimh de chuid an Aontais agus tionscnaimh áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, idirnáisiúnta nó Comhpháirtíochtaí Eorpacha agus misin eile;

(c)

beidh cur chuige soiléir maidir le saolré acu, beidh siad teoranta ó thaobh ama de agus beidh coinníollacha iontu maidir le cistiú ón gClár a chéimniú amach.

3.   Déanfar Comhpháirtíochtaí Eorpacha faoi phointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo a shainaithint i bpleananna straitéiseacha T&N sula gcuirfear chun feidhme mar chuid de chláir oibre iad.

4.   Na forálacha agus na critéir maidir le Comhpháirtíochtaí Eorpacha a roghnú agus a chur chun feidhme, maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus maidir lena gcéimniú amach, leagtar amach in Iarscríbhinn III iad.

Airteagal 11

Athbhreithniú ar mhisin agus ar réimsí comhpháirtíochta

Faoin 31 Nollaig 2023, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Iarscríbhinn VI a ghabhann leis Rialachán seo mar chuid den fhaireachán foriomlán a dhéantar ar an gClár, lena n-áirítear misin agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe a bhunaítear de bhun Airteagal 185 nó Airteagal 187 CFAE, agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 12

Buiséad

1.   Maidir leis an imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2027, is é EUR 86 123 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh i gceist don chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus do EIT agus is é EUR 7 953 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh i gceist don chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2).

2.   Maidir le dáileadh táscach an mhéid dá dtagraítear i mír 1 don chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus do EIT, is é a bheidh ann:

(a)

EUR 23 546 000 000 le haghaidh Cholún I “Eolaíocht den Scoth” don tréimhse 2021 go 2027, as a dtiocfaidh:

(i)

EUR 15 027 000 000 do ERC;

(ii)

EUR 6 333 000 000 do MSCAnna;

(iii)

EUR 2 186 000 000 do bhonneagair thaighde;

(b)

EUR 47 428 000 000 le haghaidh Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach” don tréimhse 2021 go 2027, as a dtiocfaidh:

(i)

EUR 6 893 000 000 don chnuasach “An tSláinte”;

(ii)

EUR 1 386 000 000 don chnuasach “An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach”;

(iii)

EUR 1 303 000 000 don chnuasach “Slándáil Shibhialta don tSochaí”;

(iv)

EUR 13 462 000 000 don chnuasach “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”;

(v)

EUR 13 462 000 000 don chnuasach “Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht”;

(vi)

EUR 8 952 000 000 don chnuasach “Bia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus an Comhshaol”;

(vii)

EUR 1 970 000 000 do ghníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT;

(c)

EUR 11 937 000 000 le haghaidh Cholún III “An Eoraip Nuálach” don tréimhse 2021 go 2027, as a dtiocfaidh:

(i)

EUR 8 752 000 000 do EIC;

(ii)

EUR 459 000 000 d’éiceachórais nuálaíochta na hEorpa;

(iii)

EUR 2 726 000 000 don EIT;

(d)

EUR 3 212 000 000 don chuid sin dar teideal “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú” don tréimhse 2021 go 2027, as a dtiocfaidh:

(i)

EUR 2 842 000 000 don chuid dar teideal “rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a scaipeadh”;

(ii)

EUR 370 000 000 do “Córas T&N na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú”.

3.   Mar thoradh ar an gcoigeartú Clárshonrach dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, déanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 don chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) den Rialachán seo agus do EIT a mhéadú le leithdháileadh breise de EUR 3 000 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093.

4.   Maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 3, seo a leanas a dháileadh táscach:

(a)

EUR 1 286 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 le haghaidh Cholún I “Eolaíocht den”, as a dtiocfaidh:

(i)

EUR 857 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 do ERC;

(ii)

EUR 236 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 do MSCAnna;

(iii)

EUR 193 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 do bhonneagair thaighde;

(b)

EUR 1 286 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 le haghaidh Cholún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach”, as a dtiocfaidh:

(i)

EUR 686 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don chnuasach “An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach”;

(ii)

EUR 257 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don chnuasach “Slándáil Shibhialta don tSochaí”;

(iii)

EUR 171 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don chnuasach “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”;

(iv)

EUR 171 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don chnuasach “Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht”;

(c)

EUR 270 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 do Cholún III “An Eoraip Nuálach” don tréimhse 2021-2027, as a dtiocfaidh:

(i)

EUR 60 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 d’éiceachórais nuálaíochta na hEorpa;

(ii)

EUR 210 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT);

(d)

EUR 159 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 don chuid sin dar teideal “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú” don tréimhse 2021-2027, as a dtiocfaidh:

(i)

EUR 99 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 do “rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a scaipeadh”;

(ii)

EUR 60 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 do “Córas T&N na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú”.

5.   Chun freagairt ar chásanna gan choinne nó ar riachtanais agus ar fhorbairtí nua, féadfaidh an Coimisiún, laistigh den nós imeachta buiséadach bliantúil, diall ó na méideanna dá dtagraítear i mír 2 suas le 10 % ar a mhéad. Ní bheidh aon diall den sórt sin ann i ndáil leis na méideanna dá dtagraítear i bpointe (b)(vii) de mhír 2 agus an méid iomlán arna leagan amach le haghaidh na Coda dar teideal “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LET a Neartú” de mhír 2.

6.   Leis an méid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo le haghaidh an chláir shonraigh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus le haghaidh EIT, féadfar costais a chumhdach freisin maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí agus speansais eile is gá chun an Clár a bhainistiú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear gach caiteachas riaracháin, chomh maith le meastóireacht a dhéanamh ar bhaint amach a chuspóirí. Ní rachaidh na costais riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí indíreacha thar 5 % de mhéid iomlán ghníomhaíochtaí indíreacha an chláir shonraigh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus EIT. Thairis sin, féadfar, leis an méid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo le haghaidh an chláir shonraigh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus le haghaidh EIT, an méid seo a leanas a chumhdach:

(a)

a mhéid a bhaineann siad sin le cuspóirí an Chláir, costais a bhaineann le staidéir, le cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

(b)

costais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise a dhíríonn ar phróiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leis i dtaca le bainistiú an Chláir.

7.   Más gá, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na costais dá bhforáiltear i mír 6 a chumhdach.

8.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí is faide ná aon bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

9.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo agus a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin agus ar feadh tréimhse theoranta, féadfar a mheas gurb incháilithe ón 1 Eanáir 2021 gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Rialachán seo agus na costais bhunúsacha, fiú má cuireadh chun feidhme iad agus má tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

Airteagal 13

Acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

1.   Faoi réir Airteagal 3(3), (4), (7) agus (9) de Rialachán (AE) 2020/2094, déanfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin a chur chun feidhme faoin gClár trí bhíthin méideanna dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) d’Airteagal 2(2)(a) den Rialachán sin.

2.   Ioncam sannta seachtrach mar a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094 a bheidh sna méideanna dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) d’Airteagal 2(2) den Rialachán sin. Leithdháilfear na méideanna breise sin go heisiach ar ghníomhaíochtaí T&N a dhíreofar ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ghéarchéim COVID-19, go háirithe na hiarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus sochaíocha a ghabhann léi. Tabharfar tosaíocht do FBManna nuálacha agus tabharfar aird ar leith ar chomhtháthú na FBManna sin i dtionscadail chomhoibríocha faoi Cholún II.

3.   Maidir le dáileadh táscach na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2020/2094, is é a bheidh ann:

(a)

25 % don bhraisle “An tSláinte”;

(b)

25 % don bhraisle “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”;

(c)

25 % don bhraisle “Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht”;

(d)

25% do EIC.

Airteagal 14

An eolaíocht oscailte

1.   Leis an gClár, spreagfar an eolaíocht oscailte mar chur chuige maidir leis an bpróiseas eolaíoch, ar cur chuige é atá bunaithe ar obair chomhoibríoch agus ar eolas a scaipeadh, go háirithe i gcomhréir leis na gnéithe seo a leanas, gnéithe a áiritheofar i gcomhréir le hAirteagal 39(3) den Rialachán seo:

(a)

rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíocha a eascraíonn as taighde arna chistiú faoin gClár;

(b)

rochtain oscailte ar shonraí taighde, lena n-áirítear na sonraí sin is bunús le foilseacháin eolaíocha, i gcomhréir leis an bpriosabal “a oscailte is féidir, a iata is gá”.

2.   Déanfar prionsabal na cómhalartachta san eolaíocht oscailte a chur chun cinn agus a spreagadh i ngach comhaontú comhlachais agus comhair le tríú tíortha, lena n-áirítear comhaontuithe arna síniú ag comhlachtaí cistiúcháin a bhfuil bainistíocht dhíreach an Chláir curtha ar a n-iontaoibh.

3.   Déanfar bainistíocht fhreagrach ar shonraí taighde a áirithiú i gcomhréir leis na prionsabail “in-aimsitheacht”, “inrochtaineacht”, “idir-inoibritheacht” agus “in-athúsáideacht” (“prionsabail FAIR”). Tabharfar aird ar chaomhnú fadtéarmach sonraí freisin.

4.   Déanfar cleachtais eolaíochta oscailte eile a chur chun cinn agus a spreagadh, lena n-áirítear chun tairbhe FBManna.

Airteagal 15

Cistiú malartach, comhcheangailte agus carnach agus aistrithe acmhainní

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme i sineirge le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, i gcomhréir leis an bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 7(7).

2.   Déanfar an Séala Barr Feabhais a dhámhachtain i gcomhair glaonna ar thograí a shonraítear sa chlár oibre. I gcomhréir leis an bhforáil ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 agus leis an bhforáil ábhartha den “Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha faoi CBT”, féadfaidh CFRE, CSE+ nó CETFT na gníomhaíochtaí seo a leanas a thacú:

(a)

gníomhaíochtaí comhchistithe arna roghnú faoin gClár; agus

(b)

gníomhaíochtaí ar dámhadh Séala Barr Feabhais dóibh ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas go léir:

(i)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

(ii)

comhlíonann siad na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí; agus

(iii)

níor tugadh maoiniú dóibh faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha agus orthu sin amháin.

3.   Ranníocaíochtaí airgeadais faoi chláir arna gcómhaoiniú ag CFRE, CSE+, CEMID agus CETFT, féadfar a mheas gur ranníocaíocht de chuid an Bhallstáit rannpháirtigh le Comhpháirtíochtaí Eorpacha faoi phointí (b) agus (c) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo iad, ar choinníoll go gcomhlíontar na forálacha ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027 agus na rialacháin chiste-shonracha.

4.   Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht dí ó chlár eile de chuid an Aontais, féadfar ranníocaíocht a thabhairt dí faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht comhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

5.   Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoi bhainistíocht roinnte a aistriú, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, chuig an gClár faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sna forálacha ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann.

6.   I gcás nach bhfuil gealltanas dlíthiúil tugtha ag an gCoimisiún faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach le haghaidh acmhainní arna n-aistriú i gcomhréir le mír 5, féadfar na hacmhainní comhfhreagracha nár gealladh a aistriú ar ais chuig clár foinseach amháin nó níos mó faoi seach, arna iarraidh sin don Bhallstát, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sna forálacha ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027.

Airteagal 16

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.   Beidh an Clár in ann comhlachas a dhéanamh leis na tríú tíortha (tíortha comhlachais) seo a leanas:

(a)

Comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad de LEE, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)

tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)

tríú tíortha agus críocha a chomhlíonann gach ceann de na critéir seo a leanas:

(i)

acmhainneacht mhaith eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta a bheith acu;

(ii)

gealltanas a bheith tugtha acu maidir le geilleagar margaidh oscailte bunaithe ar rialacha, lena n-áirítear a bheith ag caitheamh ar bhealach cóir agus cothrom le cearta maoine intleachtúla, cearta an duine a bheith á n-urramú acu, faoi choimirce institiúidí daonlathacha;

(iii)

beartais lena ndéantar dea-bhail eacnamaíoch agus sóisialta na saoránach a fheabhsú a bheith á gcur chun cinn acu.

2.   Aon chomhlachas a dhéanfar le gach ceann de na tríú tíortha faoi phointe (d) de mhír 1, déanfar é i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcomhaontú:

(a)

áirithítear leis cothromaíocht chóir a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus tairbhí an tríú tír atá rannpháirteach i gcláir an Aontais;

(b)

leagtar síos leis coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir Aontais, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair, agus costais riaracháin na gclár;

(c)

ní thugtar don tríú tír leis aon chumhacht chinnteoireachta i ndáil le clár an Aontais;

(d)

ráthaítear leis cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Ioncaim shannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo.

3.   I raon feidhme an chomhlachais le gach tríú tír sa Chlár, cuirfear san áireamh anailís ar na tairbhí don Aontas agus an cuspóir maidir le fás eacnamaíoch a thiomáint san Aontas trí bhíthin na nuálaíochta. Dá réir sin, diomaite de chomhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, d’fhéadfaí codanna den Chlár a eisiamh de chomhaontú comhlachais i dtaca le tír shonrach.

4.   Déanfaidh an comhaontú comhlachais, a mhéid is féidir, foráil maidir le rannpháirtíocht chómhalartach eintiteas dlítheanach atá bunaithe san Aontas i gcláir chomhchosúla i dtíortha comhlachais i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna cláir sin.

5.   Na coinníollacha lena gcinnfear leibhéal na ranníocaíochta airgeadais, áiritheoidh siad go ndéanfar ceartú uathoibríoch go tráthrialta ar aon mhíchothromaíocht shuntasach i gcomparáid leis an méid a fhaigheann eintitis atá bunaithe sa tír chomhlachaithe trína bheith rannpháirteach sa Chlár, agus costais maidir le bainistiú, cur i bhfeidhm agus oibriú an Chláir á gcur san áireamh. Cuirfear san áireamh i leithdháileadh na ranníocaíochtaí airgeadais leibhéal rannpháirtíochta eintitis dhlítheanacha na dtíortha comhlachaithe i ngach cuid den Chlár.

TEIDEAL II

RIALACHA MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT AGUS SCAIPEADH

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 17

Comhlachtaí cistiúcháin agus gníomhaíochtaí díreacha ACT

1.   Níl feidhm ag na rialacha a leagtar amach sa Teideal seo maidir le gníomhaíochtaí díreacha a dhéanann ACT.

2.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ní fhéadfaidh na comhlachtaí cistiúcháin imeacht ó na rialacha a leagtar amach sa Teideal seo, ach amháin i gcás Airteagail 18, 19 agus 20, más rud é gur fíor an méid seo a leanas:

(a)

déantar foráil maidir le himeacht den sórt sin sa bhunghníomh lena mbunaítear an comhlacht cistiúcháin nó lena gcuirtear cúraimí cur chun feidhme buiséid ar a iontaoibh; nó

(b)

maidir le comhlachtaí cistiúcháin faoi phointí (ii), (iii) nó (v) de phointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, déantar foráil maidir leis sa chomhaontú ranníocaíochta agus éilítear sin i ngeall ar a riachtanais oibríochtúla shonracha nó an cineál gníomhaíochta.

Airteagal 18

Gníomhaíochtaí incháilithe agus prionsabail eiticiúla

1.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.

Ní dhéanfar na réimsí taighde seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

gníomhaíochtaí taighde arb é is aidhm dóibh daoine a chlónáil chun críoch atáirgthe;

(b)

gníomhaíochtaí taighde arb é is aidhm dóibh oidhreacht ghéiniteach daoine a athrú ar bhealach go bhféadfadh modhnuithe den sórt sin teacht in oidhreacht (28);

(c)

gníomhaíochtaí taighde arb é is aidhm dóibh suthanna daonna a chruthú chun críche taighde a dhéanamh agus chun na críche sin amháin, nó chun gaschealla a sholáthar, lena n-áirítear trí bhíthin aistriú núicléas cille sómaí.

2.   Taighde ar ghaschealla daonna, idir ghaschealla daoine fásta agus ghaschealla suthacha, féadfar é a mhaoiniú ag brath ar ábhair an togra eolaíochta agus ar chreat dlíthiúil an Bhallstáit lena mbaineann araon. Ní dhéanfar, laistigh nó lasmuigh den Aontas, aon chistiú a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí taighde a bhfuil toirmeasc orthu sna Ballstáit uile. Ní dhéanfar cistiú a sholáthar i mBallstát le haghaidh gníomhaíocht taighde atá toirmiscthe sa Bhallstát sin.

Airteagal 19

Eitic

1.   Na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gClár, comhlíonfaidh siad prionsabail eiticiúla agus dlí ábhartha an Aontais, an dlí ábhartha náisiúnta agus an dlí ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Chairt agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus na Prótacail Fhorlíontacha a ghabhann leis.

Tabharfar aird faoi leith ar phrionsabal na comhréireachta, ar an gceart chun príobháideachta, ar an gceart chun cosaint sonraí pearsanta, ar an gceart chun shláine fhisiceach agus intinne an duine, ar an gceart chun neamh-idirdhealaithe agus ar an ngá atá le cosaint an chomhshaoil agus ardleibhéil chosanta ar shláinte an duine a áirithiú.

2.   Na heintitis dhlítheanacha atá rannpháirteach i ngníomhaíocht, soláthróidh siad an méid seo a leanas:

(a)

féinmheasúnú eitice lena sainaithneofar agus lena sonrófar na saincheisteanna intuartha eitice ar fad a bhaineann leis an gcuspóir, leis an gcur chun feidhme agus leis an tionchar is dócha a bheidh ag na gníomhaíochtaí a bheidh le cistiú, lena n-áirítear deimhniú ar chomhlíonadh mhír 1 agus tuairisc ar an dóigh a dhéanfar é sin a áirithiú;

(b)

deimhniú go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí an Cód Iompair Eorpach maidir leis an tSláine Taighde a fhoilsíonn Acadaimh Uile na hEorpa agus nach ndéanfar aon cheann de na gníomhaíochtaí atá eisiata ón gcistiú;

(c)

maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar lasmuigh den Aontas, deimhniú go gceadófaí na gníomhaíochtaí sin más rud é gur i mBallstát a rinneadh iad; agus

(d)

maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann úsáid as gaschealla suthacha daonna, de réir mar is iomchuí, sonraí faoi bhearta ceadúnaithe agus rialaithe a dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann mar aon le sonraí faoi na formheasanna eitice a gheofar sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann.

3.   Déanfar tograí a scagthástáil go córasach chun na gníomhaíochtaí sin a bhfuil saincheisteanna tromchúiseacha eitice nó casta ag baint leo a shainaithint agus chun iad a chur faoi réir measúnú eitice. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an measúnú eitice mura ndéantar é a tharmligean don chomhlacht cistiúcháin. Na gníomhaíochtaí uile a bhfuil baint acu le gaschealla suthacha daonna nó suthanna daonna a úsáid, beidh siad faoi réir measúnú eitice. Déanfar scagthástáil agus measúnuithe eitice le tacaíocht ó shaineolaithe eitice. Déanfaidh an Coimisiún agus na comhlachtaí cistiúcháin trédhearcacht na nósanna imeachta eitice a áirithiú gan dochar do rúndacht ábhar na nósanna imeachta sin.

4.   Na heintitis dhlítheanacha atá rannpháirteach i ngníomhaíocht, gheobhaidh siad gach formheas nó gach doiciméad éigeantach eile ó na coistí ábhartha eitice náisiúnta agus áitiúla nó ó chomhlachtaí eile, amhail údaráis cosanta sonraí, sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí ábhartha. Coinneofar na doiciméid sin ar taifead agus tabharfar don Choimisiún nó don chomhlacht cistiúcháin ábhartha iad ar a iarraidh sin.

5.   Más iomchuí, déanfaidh an Coimisiún nó comhlacht cistiúcháin ábhartha seiceálacha eitice. I gcás saincheisteanna eitice tromchúiseacha nó casta, is é an Coimisiún a dhéanfaidh na seiceálacha eitice mura ndeánann an Coimisiúin an cúram seo a tharmligean don chomhlacht cistiúcháin.

Déanfar seiceálacha eitice le tacaíocht ó shaineolaithe eitice.

6.   Na gníomhaíochtaí nach gcomhlíonann na ceanglais eitice dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 agus, dá bhrí sin, nach mbeidh inghlactha ó thaobh eitice de, déanfar iad a dhiúltú nó a fhoirceannadh a luaithe a bheidh an neamh-inghlacthacht eitice suite.

Airteagal 20

Slándáil

1.   Na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gClár, comhlíonfaidh siad na rialacha slándála is infheidhme agus go háirithe rialacha maidir le cosaint sonraí rúnaicmithe ar nochtadh neamhúdaraithe, lena n-áirítear aon dlí ábhartha de chuid an Aontais nó aon dlí náisiúnta ábhartha a chomhlíonadh. I gcás taighde a dhéantar lasmuigh den Aontas a úsáideann nó a ghineann faisnéis rúnaicmithe, beidh sa riachtanach freisin, sa bhreis ar na ceanglais sin a chomhlíonadh, comhaontú slándála a bheith tugtha i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír ina mbeidh an taighde le déanamh.

2.   I gcás inarb iomchuí, áireofar ar thograí féinmheasúnú slándála lena sainaithneofar aon saincheisteanna slándála agus lena sonrófar an dóigh a dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin chun dlí ábhartha an Aontais agus an dlí náisiúnta ábhartha a chomhlíonadh.

3.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha nós imeachta um ghrinnscrúdú slándála maidir le tograí a bhfuil saincheisteanna slándála ag baint leo.

4.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gClár Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 agus a rialacha cur chun feidhme a chomhlíonadh.

5.   Na heintitis dhlítheanacha atá rannpháirteach i ngníomhaíocht, áiritheoidh siad go dtabharfar cosaint ar nochtadh neamhúdaraithe aon fhaisnéise rúnaicmithe a úsáidtear leis an ngníomhaíocht nó a ghintear leis an ngníomhaíocht. Soláthróidh siad cruthúnas ar imréiteach pearsanta slándála nó imréiteach le haghaidh saoráide ó na húdaráis slándála náisiúnta ábhartha, sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann.

6.   Más rud é go mbeidh ar shaineolaithe seachtracha neamhspleácha déileáil le faisnéis rúnaicmithe, beidh gá leis an imréiteach slándála iomchuí sula gceapfar na saineolaithe sin.

7.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha seiceálacha slándála a dhéanamh.

8.   Gníomhaíochtaí nach gcomhlíonfaidh na rialacha slándála faoin Airteagal seo, féadfar iad a dhiúltú nó a fhoirceannadh tráth ar bith.

CAIBIDIL II

Deontais

Airteagal 21

Deontais

Déanfar deontais faoin gClár a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais, mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo.

Airteagal 22

Eintitis dhlítheanacha is incháilithe le haghaidh rannpháirtíochta

1.   Féadfaidh aon eintiteas dlítheanach, gan beann ar a áit bhunaíochta agus lena n-áirítear eintitis dhlítheanacha as tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí faoin gClár, ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo mar aon le haon choinníoll a leagtar síos sa chlár oibre nó sa ghlao ar thograí comhlíonta.

2.   Ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ina bhforáiltear a mhalairt leis an gclár oibre, beidh eintitis dhlítheanacha atá mar chuid de chuibhreannas incháilithe chun a bheith rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí faoin gClár, ar choinníoll go mbeidh na nithe seo a leanas san áireamh sa chuibhreannas:

(a)

ar a laghad eintiteas dlítheanach neamhspleách amháin atá bunaithe i mBallstát; agus

(b)

ar a laghad dhá eintiteas dhlítheanacha neamhspleácha agus an dá eintiteas sin bunaithe i mBallstáit dhifriúla nó i dtíortha comhlachaithe difriúla;

3.   Maidir le gníomhaíochtaí taighde ar thús cadhnaíochta de chuid ERC, gníomhaíochtaí de chuid EIC, gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaiseachta nó gníomhaíochtaí comhchistiúcháin le haghaidh cláir, féadfaidh eintiteas dlítheanach amháin nó níos mó iad a chur chun feidhme, ar choinníoll go bhfuil ceann amháin de na heintitis dhlítheanacha sin bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe ar bhonn comhaontú arna thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 16.

4.   Féadfaidh eintiteas dlítheanach amháin nó níos mó, a fhéadfaidh a bheith bunaithe i mBallstát, i dtír chomhlachaithe nó, i gcásanna eisceachtúla, i dtríú tír eile, gníomhaíochtaí comhordúcháin agus tacaíochta a chur chun feidhme.

5.   I gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, uathriail nó slándáil an Aontais, féadfar foráil a dhéanamh sa chlár oibre gur féidir an rannpháirtíocht a bheith teoranta d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe sna Ballstáit amháin nó d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe sonraithe nó i dtríú tíortha eile maille leis na Ballstáit. Aon teorannú a dhéanfar ar rannpháirtíocht na n-eintiteas dlítheanach, atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe ar comhaltaí de LEE iad, is i gcomhréir le téarmaí agus le coinníollacha Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bheidh sé. Leis an gclár oibre, ar chúiseanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, chun cosaint ar leasanna straitéiseacha an Aontais agus na mBallstát a ráthú, féadfar rannpháirtíocht eintiteas dlítheanach atá bunaithe san Aontas nó i dtíortha comhlachaithe a theorannú arna rialú go díreach nó go hindíreach ag tríú tíortha neamhchomhlachaithe nó ag eintitis dhlíthiúla de chuid thríú tíortha neamhchomhlachaithe a eisiamh ó ghlaonna ar thograí aonair freisin, nó féadfar a rannpháirtíocht a chur faoi réir coinníollacha a leagtar amach sa chlár oibre.

6.   I gcás inarb iomchuí agus ina bhfuil údar cuí leis, féadfar foráil a dhéanamh sa chlár oibre maidir le critéir incháilitheachta sa bhreis orthu sin a leagtar amach i míreanna 2 go 5 chun ceanglais shonracha beartais nó cineál agus cuspóirí na gníomhaíochta a chur san áireamh, lena n-áirítear líon na n-eintiteas dlítheanach, cineál an eintitis dhlítheanaigh agus an áit bhunaíochta.

7.   I gcás gníomhaíochtaí a thairbhíonn de mhéideanna faoi Airteagal 15(5), beidh an rannpháirtíocht teoranta d’eintiteas dlítheanach amháin arna bhunú i ndlínse an údaráis bainistíochta a dhéanann an tarmligean, seachas má chomhaontaítear a mhalairt leis an údarás bainistíochta sin.

8.   I gcás ina léirítear sin sa chlár oibre, féadfaidh ACT a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí.

9.   ACT, eagraíochtaí taighde Eorpacha idirnáisiúnta agus eintitis dhlítheanacha arna gcruthú faoi dhlí an Aontais, measfar iad a bheith bunaithe i mBallstát nach ionann é agus na Ballstáit ina bhfuil na heintitis dhlítheanacha eile atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht bunaithe.

10.   I gcás gníomhaíochtaí taighde ar thús cadhnaíochta de chuid ERC, gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaiseachta agus, nuair a fhoráiltear dóibh sa chlár oibre, eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil a gceanncheathrú acu sa Bhallstát sin nó i dtír chomhlachaithe, measfar iad a bheith bunaithe sa Bhallstát sin nó sa tír chomhlachaithe sin. Maidir le codanna eile den Chlár, measfar eagraíochtaí idirnáisiúnta seachas eagraíochtaí taighde Eorpacha idirnáisiúnta a bheith bunaithe i dtríú tír neamhchomhlachaithe.

Airteagal 23

Eintitis dhlítheanacha is incháilithe le haghaidh cistiúcháin

1.   Beidh eintitis dhlítheanacha incháilithe le haghaidh cistiúcháin má tá siad bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe. Is iad na heintitis dhlítheanacha atá bunaithe i ndlínse an údaráis bainistíochta a dhéanann an tarmligean, agus na heintitis sin amháin, a bheidh incháilithe le haghaidh cistiúchán le haghaidh gníomhaíochtaí a thairbhíonn de na méideanna faoi Airteagal 15(5), seachas má chomhaontaíonn an t-údarás bainistíochta a mhalairt.

2.   Eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír neamhchomhlachaithe, tabhóidh siad costais a rannpháirtíochta. Mar sin féin, maidir le heintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtríú tíortha neamhchomhlachaithe ísealioncaim agus meánioncaim agus, go heisceachtúil, tríú tíortha neamhchomhlachaithe eile, beidh sé incháilithe le haghaidh cistiúchán i ngníomhaíocht más rud é:

(a)

go sainaithnítear an tríú tír sa chlár oibre arna ghlacadh ag an gCoimisiún; nó

(b)

go measann an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha go bhfuil rannpháirtíocht an eintitis dhlítheanaigh lena mbaineann ríthábhachtach chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme;

3.   Tá eintitis chleamhnaithe incháilithe le haghaidh cistiúchán i ngníomhaíocht má tá siad bunaithe i mBallstát, i dtír chomhlachaithe nó i dtríú tír arna sainaithint sa chlár oibre arna ghlacadh ag an gCoimisiún.

4.   Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le méid ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais a sholáthraítear d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tíortha comhlachaithe agus neamhchomhlachaithe. A mhéid a bhaineann le tíortha comhlachaithe, áireofar leis an bhfaisnéis sin freisin faisnéis maidir lena gcomhardú airgeadais.

Airteagal 24

Glaonna ar thograí

1.   Déanfar ábhar na nglaonna ar thograí le haghaidh gach gníomhaíochta a chur san áireamh sa chlár oibre.

2.   Más gá chun a gcuspóirí a bhaint amach, féadfar, i gcásanna eisceachtúla, srian a chur ar ghlaonna ar thograí chun gníomhaíochtaí breise a fhorbairt nó chun comhpháirtithe breise a chur le gníomhaíochtaí atá ann cheana. Sa bhreis air sin, féadfar a fhoráil leis an gclár oibre go bhféadfadh eintitis dhlítheanacha ó thíortha ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhoibríocha T&N atá roghnaithe cheana, ach é sin faoi réir comhaontú a fháil ón gcuibhreannas lena mbaineann agus ar choinníoll nach bhfuil eintitis dhlítheanacha ó thíortha den sórt sin rannpháirteach ann cheana féin.

3.   Níl glao ar thograí de dhíth le haghaidh gníomhaíochtaí comhordúcháin agus tacaíochta nó gníomhaíochtaí comhchistiúcháin le haghaidh cláir, más amhlaidh:

(a)

go bhfuil siad le déanamh ag ACT nó eintitis dhlítheanacha a shainaithnítear sa chlár oibre;

(b)

nach dtagann siad faoi raon feidhme glao ar thograí, i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais.

4.   Saineofar sa chlár oibre glaonna ar thograí a bhféadfar Séalaí Barr Feabhais a dámhachtain ina leith. Le réamhúdarú ón iarratasóir, féadfar faisnéis a bhaineann leis an iarratas agus leis an meastóireacht a chomhroinnt le húdaráis mhaoiniúcháin ar suim leo í, faoi réir comhaontuithe rúndachta a bheith tugtha i gcrích.

Airteagal 25

Glaonna comhpháirteacha ar thograí

Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha glao comhpháirteach ar thograí a eisiúint i gcomhar leo seo a leanas:

(a)

tríú tíortha, lena n-áirítear eagraíochtaí nó gníomhaireachtaí eolaíochta agus teicneolaíochta na dtíortha sin;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha.

I gcás glao comhpháirteach ar thograí, comhlíonfaidh na hiarratasóirí na ceanglais faoi Airteagal 22 agus bunófar nósanna imeachta comhpháirteacha le haghaidh tograí a roghnú agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Beidh baint ag grúpa saineolaithe comhardaithe, arna cheapadh ag gach comhpháirtí, le nósanna imeachta den sórt sin.

Airteagal 26

Soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí réiteach nuálach

1.   Féadfaidh soláthar réamhthráchtála nó soláthar poiblí réiteach nuálach a bheith i gceist le gníomhaíochtaí nó a bheith mar phríomhaidhm acu, ar soláthar é a dhéanfaidh tairbhithe ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE (29) agus 2014/25/AE (30) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2.   Leis na nósanna imeachta soláthair:

(a)

comhlíonfar rialacha iomaíochta agus prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainne, na bainistíochta fónta airgeadais, na comhréireachta;

(b)

féadfar dámhachtain conarthaí iolracha a údarú laistigh den nós imeachta céanna (ilfhoinsiú);

(c)

forálfar maidir le dámhachtain na gconarthaí ar na tairiscintí lena dtugtar an luach airgid is fearr, á áirithiú ag an am céanna nach bhfuil aon choinbhleachtaí leasa ann.

I gcás soláthair réamhthráchtála, i gcás inarb iomchuí agus gan dochar do na prionsabail a áirítear i bpointe (a), féadfar an nós imeachta soláthair a shimpliú nó a bhrostú agus féadfar foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha sonracha amhail ionad feidhmíochta na ngníomhaíochtaí arna soláthar a bheith teoranta do chríoch na mBallstát agus na dtíortha comhlachais.

3.   An conraitheoir a ghinfidh na torthaí agus é i mbun soláthair réamhthráchtála, beidh ar a laghad na cearta maoine intleachtúla a ghabhann leis na torthaí sin aige. Beidh ar a laghad cearta rochtana saor ó ríchíosanna ar na torthaí le haghaidh a n-úsáide féin ag na húdaráis chonarthacha, agus beidh an ceart acu ceadúnais neamheisiacha a dheonú do thríú páirtithe, nó an ceart ceangal a chur ar chonraitheoirí rannpháirteacha iad a dheonú do tríú páirtithe, chun na torthaí a shaothrú ar mhaithe leis an údarás conarthach faoi choinníollacha córa réasúnacha gan aon cheart a bheith ag na tríú páirtithe sin focheadúnas a dheonú. Má mhainníonn conraitheoir na torthaí a shaothrú ar bhonn tráchtála laistigh de thréimhse shocraithe tar éis an tsoláthair réamhthráchtála mar a shainaithnítear é sa chonradh, féadfaidh na húdaráis chonarthacha, tar éis dul i gcomhairle leis an gconraitheoir maidir leis na cúiseanna nach ndearnadh an saothrú sin, a cheangal air aon úinéireacht ar na torthaí a aistriú chuig na húdaráis chonarthacha.

Airteagal 27

Cumas airgeadais iarratasóirí

1.   Sa bhreis ar na heisceachtaí a luaitear in Airteagal 198(5) den Rialachán Airgeadais, ní fhíorófar an cumas airgeadais ach le haghaidh an chomhordaitheora agus sa chás amháin go bhfuil an cistiú arna iarraidh ón Aontas le haghaidh na gníomhaíochta comhionann le EUR 500 000 nó níos mó ná sin.

2.   D’aineoinn mhír 1, má tá forais ann le bheith in amhras faoi chumas airgeadais iarratasóra, nó má tá riosca níos airde ann de dheasca na rannpháirtíochta i roinnt gníomhaíochtaí atá fós ar siúl arna gcistiú ag cláir T&N de chuid an Aontais, déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha cumas airgeadais iarratasóirí eile, nó comhordaitheoirí fiú i gcás ina bhfuil an cistiú arna iarraidh faoi bhun na tairsí dá dtagraítear i mír 1, a fhíorú freisin.

3.   Más rud é go ndéanfaidh eintiteas dlítheanach eile an cumas airgeadais a ráthú go struchtúrach, déanfar cumas airgeadais an eintitis dhlítheanaigh eile sin a fhíorú.

4.   I gcás ina bhfuil cumas airgeadais iarratasóra lag, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha é a chur de choinníoll le rannpháirtíocht an iarratasóra go soláthróidh eintiteas cleamhnaithe dearbhú maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach.

5.   An ranníocaíocht leis an Sásra a leagtar amach in Airteagal 37 den Rialachán seo, measfar gur ráthú leordhóthanach í faoi Airteagal 152 den Rialachán Airgeadais. Ní ghlacfar le haon ráthú nó urrús breise ó thairbhithe ná ní fhorchuirfear orthu iad.

Airteagal 28

Critéir dhámhachtana agus roghnú

1.   Déanfar meastóireacht ar thogra ar bhonn na gcritéar dámhachtana seo a leanas:

(a)

barr feabhais;

(b)

tionchar;

(c)

cáilíocht agus éifeachtúlacht an chur chun feidhme.

2.   Ní bheidh feidhm ach ag an gcritéar dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 maidir le tograí le haghaidh gníomhaíochtaí taighde ar thús cadhnaíochta de chuid ERC.

3.   Leagfar síos sa chlár oibre tuilleadh mionsonraí a bhaineann le cur i bhfeidhm na gcritéar dámhachtana a leagtar síos i mír 1 lena n-áirítear aon ualú, tairseacha agus, i gcás inarb ábhartha rialacha maidir le déileáil le tograí ex aequo, agus cuspóirí an ghlao ar thograí á gcur san áireamh. Féadfar na critéir seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh, a áireamh ar na coinníollacha maidir le déileáil le tograí ex aequo: FBManna, inscne agus an éagsúlacht gheografach.

4.   Déanfaidh an Coimisiún agus na comhlachtaí cistiúcháin eile an fhéidearthacht go mbeadh nós imeachta tíolactha agus meastóireachta dhá chéim ann a chur san áireamh agus, i gcás inarb iomchuí, féadfar meastóireacht a dhéanamh ar thograí i ndíth ainm le linn na chéad chéime den mheastóireacht bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na critéir dhámhachtana dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 29

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an coiste meastóireachta, a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha neamhspleácha, meastóireacht ar thograí.

I gcás ghníomhaíochtaí EIC, misean agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo mar a leagtar amach sa chlár oibre arna ghlacadh ag an gCoimisiún, féadfaidh an coiste meastóireachta a bheith comhdhéanta go páirteach nó, i gcás gníomhaíochtaí comhordúcháin agus tacaíochta, go páirteach nó go hiomlán, d’ionadaithe ó institiúidí nó comhlachtaí an Aontais amhail dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais.

Féadfaidh breathnóirí neamhspleácha an próiseas meastóireachta a leanúint.

2.   I gcás inarb infheidhme, déanfaidh an coiste meastóireachta na tograí a bhfuil na tairseacha is infheidhme bainte amach acu a aicmiú, dá réir seo a leanas:

(a)

na scóir mheastóireachta;

(b)

a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí sonracha beartais a bhaint amach, lena n-áirítear bunú punainne comhsheasmhaí tionscadal eadhon tionscadail le haghaidh gníomhaíochtaí Treo-aimsitheora, misean agus i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo mar a leagtar amach go mionsonrach sa chlár oibre arna ghlacadh ag an gCoimisiún.

I gcás ghníomhaíochtaí EIC, misean agus i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo mar a leagtar amach sa chlár oibre arna ghlacadh go mionsonrach ag an gCoimisiún, féadfaidh an coiste meastóireachta coigeartuithe ar na tograí a mholadh freisin a mhéid is gá na coigeartuithe sin ar mhaithe le comhsheasmhacht chur chuige na punainne. Beidh na coigeartuithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha rannpháirtíochta agus comhlíonfaidh siad prionsabal na córa comhionainne. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir le cásanna den sórt sin.

3.   Ceapfar an próiseas meastóireachta chun coinbhleachtaí leasa agus claontacht a sheachaint. Ráthófar trédhearcacht na gcritéar meastóireachta agus an modh chun na tograí a scóráil.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 200(7) den Rialachán Airgeadais, gheobhaidh na hiarratasóirí aiseolas ag gach céim den mheastóireacht agus, i gcás ina ndiúltófar don togra, na cúiseanna lena dhiúltú.

5.   Eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtíortha ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N agus a ghlac páirt go rathúil sa chomhchuid “rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathadh”, gheobhaidh siad, arna iarraidh sin, taifead dá rannpháirtíocht a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le tograí le haghaidh na gcodanna comhoibríocha den Chlár atá á gcomhordú acu.

Airteagal 30

Nós imeachta um athbhreithniú meastóireachta, fiosruithe agus gearáin

1.   Féadfaidh iarratasóir athbhreithniú meastóireachta a iarraidh má mheasann an t-iarratasóir sin nár cuireadh an nós imeachta meastóireachta is infheidhme i bhfeidhm mar is ceart maidir lena thogra (31).

2.   Ní fhéadfar ach na gnéithe nós imeachta a bhaineann le meastóireacht a bheith ina n-ábhar d’iarraidh ar athbhreithniú meastóireachta. Ní bheidh an mheastóireacht ar fhiúntais togra ina hábhar d’athbhreithniú meastóireachta.

3.   Bainfidh iarratas ar athbhreithniú meastóireachta le togra sonrach, agus tíolacfar é laistigh de 30 lá tar éis chur in iúl thorthaí na meastóireachta.

Tabharfaidh coiste um athbhreithniú meastóireachta tuairim ar na gnéithe nós imeachta a bhaineann leis an meastóireacht, agus déanfaidh baill foirne de chuid an Choimisiúin nó de chuid an chomhlachta cistiúcháin ábhartha, ar baill foirne iad nach raibh baint acu leis an meastóireacht ar na tograí, cathaoirleacht air agus áireofar iad mar chomhaltaí air. Féadfaidh an coiste um athbhreithniú meastóireachta ceann acu seo a leanas a mholadh:

(a)

athmheastóireacht ar an togra a dhéanfaidh meastóirí go príomha nach raibh baint acu leis an meastóireacht roimhe sin; nó

(b)

an mheastóireacht tosaigh a dhearbhú.

4.   Ní chuirfidh athbhreithniú meastóireachta moill ar an bpróiseas roghnúcháin le haghaidh tograí nach bhfuil ina n-ábhar don athbhreithniú sin.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh nós imeachta ann chun gur féidir le rannpháirtithe fiosruithe díreacha nó gearáin dhíreacha a dhéanamh faoina rannpháirtíocht sa Chlár. Cuirfear ar fáil ar líne faisnéis maidir le conas fiosruithe nó gearáin a chlárú.

Airteagal 31

Am chun deontais a thabhairt

1.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 194(2) den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na tréimhsí seo a leanas:

(a)

maidir leis na hiarratasóirí go léir a chur ar an eolas faoin méid arna bhaint amach i gcás na meastóireachta ar a n-iarratais, uastréimhse 5 mhí ón dáta deiridh chun tograí iomlána a thíolacadh;

(b)

maidir le comhaontuithe deontais a shíniú le hiarratasóirí, uastréimhse 8 mí ón dáta deiridh chun tograí iomlána a thíolacadh.

2.   Leis an gclár oibre, féadfar tréimhsí níos giorra ná na tréimhsí dá bhforáiltear i mír 1 a leagan síos.

3.   De bhreis ar na heisceachtaí a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 194(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar dul thar na tréimhsí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás ghníomhaíochtaí ERC, i gcás misean agus nuair a chuirtear gníomhaíochtaí faoi mheasúnú eitice nó faoi ghrinnscrúdú slándála.

Airteagal 32

Cur chun feidhme an deontais

1.   Má mhainníonn an tairbhí a oibleagáidí chomhlíonadh maidir le cur chun feidhme teicniúil na gníomhaíochta, comhlíonfaidh na tairbhithe eile na hoibleagáidí sin gan aon chistiú breise ón Aontas, mura rud é go bhfuil siad saortha go sainráite ón oibleagáid sin. Beidh freagracht airgeadais gach tairbhí teoranta dá fhiacha féin faoi réir na bhforálacha a bhaineann leis an Sásra.

2.   Féadfaidh an comhaontú deontais clocha míle agus tráthchodanna a bhaineann le réamh-mhaoiniú a leagan síos. Mura mbaintear clocha míle amach, féadfar an ghníomhaíocht a chur ar fionraí, a leasú nó, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, a fhoirceannadh.

3.   Féadfar gníomhaíocht a fhoirceannadh freisin más amhlaidh nach bhfuil na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ábhartha a thuilleadh maidir leis an Aontas nó maidir le cúiseanna eolaíocha nó teicneolaíocha nó, i gcás an Luasaire, maidir le cúiseanna eacnamaíocha freisin nó, i gcás EIC agus i gcás misean, de dheasca a n-ábharthachta mar chuid de phunann gníomhaíocht freisin. Déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis an gcomhordaitheoir gníomhaíochta agus, más iomchuí, le saineolaithe seachtracha neamhspleácha, nós imeachta a leanúint sula gcinnfidh sé an ghníomhaíocht a fhoirceannadh, i gcomhréir le Airteagal 133 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 33

Comhaontuithe deontais

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, comhaontuithe deontais samplacha a tharraingt suas idir an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha agus na tairbhithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Má tá gá le modhnú suntasach ar chomhaontú deontais samplach, i bhfianaise, i measc nithe eile, tuilleadh simplithe do na tairbhithe, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, an comhaontú deontais samplach sin a athbhreithniú de réir mar is iomchuí.

2.   Bunófar le comhaontuithe deontais cearta agus oibleagáidí na dtairbhithe, agus cearta agus oibleagáidí an Choimisiúin nó an chomhlachta cistiúcháin ábhartha i gcomhréir leis an Rialachán seo. Bunófar leo, freisin, cearta agus oibleagáidí na n-eintiteas dlítheanach a ndéantar tairbhithe díobh le linn chur chun feidhme na gníomhaíochta, chomh maith le ról agus cúraimí comhordaitheora.

Airteagal 34

Rátaí cistiúcháin

1.   Beidh feidhm ag ráta cistiúcháin aonair in aghaidh na gníomhaíochta maidir le gach gníomhaíocht arna cistiú aige. Socrófar an t-uasráta in aghaidh na gníomhaíochta sa chlár oibre.

2.   Féadfar suas le 100 % de chostais incháilithe gníomhaíochta faoin gClár a aisíoc, seachas i gcás an mhéid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí nuálaíochta, cás ina bhféadfar suas le 70 % de na costais iomlána incháilithe a aisíoc, seachas i gcás eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúis, cás ina bhféadfar suas le 100 % de na costais iomlána incháilithe a aisíoc;

(b)

gníomhaíochtaí comhchistiúcháin le haghaidh cláir, cás ina bhféadfar ar a laghad 30 % agus, i gcásanna sainaitheanta a bhfuil údar cuí leo, suas le 70 % de na costais iomlána incháilithe a aisíoc.

3.   Beidh feidhm freisin ag na rátaí cistiúcháin a chinntear san Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí ina bhfuil maoiniú ar ráta comhréidh, maoiniú aonaid nó maoiniú cnapshuime socraithe don ghníomhaíocht ar fad nó do chuid de.

Airteagal 35

Costais indíreacha

1.   Is é a bheidh i gcostais incháilithe indíreacha 25 % de na costais incháilithe dhíreacha iomlána, seachas na costais incháilithe dhíreacha le haghaidh fochonraitheoireachta, tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe agus aon chostais aonaid nó cnapshuimeanna a bhfuil costais indíreacha san áireamh leo.

I gcás inarb iomchuí, na costais indíreacha atá san áireamh i gcostais aonaid nó i gcnapshuimeanna, déanfar iad a ríomh leis an ráta comhréidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, seachas i gcás costais aonaid le haghaidh earraí agus seirbhísí a ghearrtar ar an sonrasc go hinmheánach, rudaí a ríomhfar ar bhonn na gcostas iarmhír, i gcomhréir le gnáthchleachtas cuntasaíochta costála na dtairbhithe.

2.   D’aineoinn mhír 1, má dhéantar foráil maidir leis sa chlár oibre, áfach, féadfar costais indíreacha a dhearbhú i bhfoirm cnapshuime nó i bhfoirm costais aonaid.

Airteagal 36

Costais incháilithe

1.   De bhreis ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 186 den Rialachán Airgeadais, i gcás tairbhithe ar luach saothair tionscadalbhunaithe é a luach saothair, tá costais phearsanra incháilithe suas go dtí an luach saothair a d’íocfaí leis an duine as obair i dtionscadail T&N arna cistiú le scéimeanna náisiúnta, lena n-áirítear muirir slándála sóisialta agus costais eile a bhaineann le luach saothair pearsanra a shanntar don ghníomhaíocht, mar a eascraíonn as an dlí náisiúnta nó as an gconradh fostaíochta.

2.   De mhaolú ar Airteagal 190(1) den Rialachán Airgeadais, costais na n-acmhainní a chuireann tríú páirtithe ar fáil trí bhíthin ranníocaíochtaí comhchineáil, beidh siad incháilithe suas go dtí costais incháilithe dhíreacha an tríú páirtí.

3.   De mhaolú ar Airteagal 192 den Rialachán Airgeadais, aon ioncam a ghintear trí na torthaí a shaothrú, ní mheasfar gur fáltais na gníomhaíochta é.

4.   Féadfaidh tairbhithe a ngáthchleachtais chuntasaíochta a úsáid chun na costais arna dtabhú i ndáil le gníomhaíocht a shainaithint agus a dhearbhú i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha uile a leagtar amach sa chomhaontú deontais, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le hAirteagal 186 den Rialachán Airgeadais.

5.   De mhaolú ar Airteagal 203(4) den Rialachán Airgeadais, beidh deimhniú maidir leis na ráitis airgeadais éigeantach tráth a íocfar an t-iarmhéid, más rud é go bhfuil an méid arna éileamh mar chostais iarbhír agus na costais aonaid arna ríomh i gcomhréir le gnáthchleachtais chuntasaíochta costála comhionann le EUR 325 000 nó níos mó ná sin.

Deimhnithe maidir le ráitis airgeadais, féadfaidh iniúchóir seachtrach formheasta iad a tháirgeadh nó, i gcás comhlachtaí poiblí, féadfaidh oifigeach poiblí inniúil agus neamhspleách iad a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 203(4) den Rialachán Airgeadais.

6.   I gcás inarb iomchuí, le haghaidh ghníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaisteachta MSCA agus deontais soghluaisteachta, tabharfar aird chuí i ranníocaíocht an Aontais ar aon chostas breise ar an tairbhí, ar costais iad a bhaineann le saoire mháithreachais, saoire tuismitheora, saoire bhreoiteachta, saoire speisialta nó le hathrú ar eagraíocht óstach earcaíochta nó athrú ar stádas teaghlaigh taighdeora le linn ré an chomhaontaithe deontais.

7.   Beidh costais a bhaineann le rochtain oscailte, lena n-áirítear pleananna bainistíochta sonraí, incháilithe le haghaidh aisíocaíochta mar a fhoráiltear tuilleadh sa chomhaontú deontais.

Airteagal 37

Sásra árachais fhrithpháirtigh

1.   Déantar leis seo sásra árachais fhrithpháirtigh (an “Sásra”) a bhunú agus gabhfaidh sé ionad an chiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus tiocfaidh sé i gcomharbas air. Leis an Sásra, cumhdófar an riosca a ghabhann le suimeanna dlite nach ngnóthaítear ó na tairbhithe:

(a)

don Choimisiún faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32);

(b)

don Choimisiún agus do chomhlachtaí an Aontais faoi “Fís 2020”;

(c)

don Choimisiún agus do chomhlachtaí cistiúcháin faoin gClár.

Féadfar cumhdach an riosca maidir leis na comhlachtaí cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a chur chun feidhme trí chóras cumhdaigh indírigh a leagtar amach sa chomhaontú is infheidhme agus cineál an chomhlachta cistiúcháin á chur san áireamh.

2.   Is é an tAontas, a ndéanfaidh an Coimisiún ionadaíocht dó ina cháil mar ghníomhaire feidhmiúcháin, a bhainisteoidh an Sásra. Leagfaidh an Coimisiún amach rialacha sonracha le haghaidh oibríocht an tSásra.

3.   Déanfaidh tairbhithe ranníocaíocht atá cothrom le 5 % de chistiú ón Aontas le haghaidh na gníomhaíochta. Ar bhonn meastóireachtaí tréimhsiúla trédhearcacha, féadfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht sin a mhéadú go dtí 8 % nó é a laghdú faoi bhun 5 %. Déanfar ranníocaíocht na dtairbhithe leis an Sásra a chúiteamh ón réamh-mhaoiniú tosaigh agus íocfar í leis an Sásra thar ceann na dtairbhithe. Ní sháróidh an ranníocaíocht sin méid an réamh-mhaoinithe tosaigh.

4.   Tabharfar ar ais ranníocaíocht na dtairbhithe tráth a íocfar an t-iarmhéid.

5.   Cuirfear aon toradh airgeadais a ghinfidh an Sásra leis an Sásra. I gcás nach leor an toradh sin, ní dhéanfaidh an Sásra idirghabháil, agus déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha aon mhéid atá dlite go díreach ó na tairbhithe nó ó thríú páirtithe a ghnóthú.

6.   Ioncam atá sannta don Sásra de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna méideanna a dhéanfar a ghnóthú. A luaithe a bheidh na deontais ar fad a bhfuil an riosca cumhdaithe ina leith go díreach nó go hindíreach leis an Sásra tugtha chun críche, gnóthóidh an Coimisiún suimeanna ar bith a bheidh fós gan íoc agus cuirfear isteach i mbuiséad an Aontais iad, faoi féir chinntí an údaráis reachtaigh.

7.   Féadfar an Sásra a leathnú amach chuig tairbhithe aon chláir eile de chuid an Aontais atá á bhainistiú go díreach. Glacfaidh an Coimisiún coinníollacha le haghaidh rannpháirtíocht tairbhithe clár eile.

Airteagal 38

Úinéireacht agus cosaint

1.   Beidh úinéireacht ag tairbhithe ar aon toradh a ghinfidh siad. Áiritheoidh siad, maidir le haon cheart de chuid a bhfostaithe nó aon pháirtithe eile i ndáil leis na torthaí, gur féidir iad a fheidhmiú ar dhóigh atá ag teacht le hoibleagáidí na dtairbhithe atá sa chomhaontú deontais.

Beidh úinéireacht ag beirt thairbhithe nó níos mó ar na torthaí go comhpháirteach i gcás inar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá siad ginte acu go comhpháirteach; agus

(b)

ní féidir:

(i)

ranníocaíocht gach tairbhí ar leith a shuíomh; nó

(ii)

iad a dhealú óna chéile nuair atá a gcosaint á hiarraidh, á fáil nó á coinneáil.

Tiocfaidh na comhúinéirí ar chomhaontú i scríbhinn maidir leis an leithdháileadh agus maidir le téarmaí fheidhmiú a n-úinéireachta comhpháirtí. Mura gcomhaontaítear a mhalairt sa chomhaontú cuibhreannais nó sa chomhaontú comhúinéireachta, féadfaidh gach comhúinéir ceadúnais neamheisiacha a dheonú do thríú páirtithe chun na torthaí atá faoi chomhúinéireacht a shaothrú (gan aon cheart a bheith ann focheadúnas a dheonú), má thugtar réamhfhógra agus cúiteamh cóir réasúnach do na comhúinéirí eile. Féadfaidh na comhúinéirí a chomhaontú i scríbhinn córas eile a chur i bhfeidhm seachas comhúinéireacht.

2.   Na tairbhithe a bhfuil cistiú ón Aontas faighte acu, cosnóidh siad a gcuid torthaí go leormhaith más féidir iad a chosaint agus má tá údar cuí leis an gcosaint sin, agus gach ní ábhartha á chur san áireamh, lena n-áirítear féidearthachtaí maidir le saothrú tráchtála agus aon leasanna dlisteanacha eile. Nuair a dhéantar cinneadh maidir le cosaint, déanfaidh tairbhithe leasanna dlisteanacha tairbhithe eile sa ghníomhaíocht a mheas freisin.

Airteagal 39

Saothrú agus scaipeadh

1.   Gach tairbhí a fuair cistiú ón Aontas, déanfaidh sé a dhícheall na torthaí a bhfuil úinéireacht aige orthu a shaothrú, nó cuirfidh sé iad á saothrú ag eintiteas dlítheanach eile. Féadfaidh na tairbhithe an saothrú a dhéanamh go díreach nó féadfar é a dhéanamh go hindíreach go háirithe trí thorthaí a aistriú agus a cheadúnú i gcomhréir le hAirteagal 40.

Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáidí breise i ndáil le saothrú.

Más rud é nach ndéantar na torthaí a shaothrú faoi cheann tréimhse áirithe arna bunú sa chomhaontú deontais, d’ainneoin a dhícheall a bheith déanta ag tairbhí a thorthaí a shaothrú go díreach nó go hindíreach, úsáidfidh an tairbhí ardán iomchuí ar líne arna shainaithint sa chomhaontú deontais chun páirtithe leasmhara a aimsiú chun na torthaí sin a shaothrú. Féadfar an oibleagáid sin a tharscaoileadh arna iarraidh sin don tairbhí, má tá údar cuí leis.

2.   Déanfaidh tairbhithe a gcuid torthaí a scaipeadh a luaithe is féidir, i bhformáid atá ar fáil go poiblí, faoi réir aon sriain a bhaineann le cosaint maoine intleachtúla, rialacha slándála nó leasanna dlisteanacha.

Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáidí breise i ndáil le scaipeadh, agus leasanna airgeadais agus eolaíochta an Aontais á gcoimirciú ag an am céanna.

3.   Áiritheoidh tairbhithe go mbeidh feidhm ag rochtain oscailte maidir le foilseacháin eolaíochta faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú deontais. Go háirithe, áiritheoidh na tairbhithe go gcoinneoidh siad féin nó na húdair cearta maoine intleachtúla leordhóthanacha chun a gceanglais maidir le rochtain oscailte a chomhlíonadh.

Is é an riail ghinearálta a chuirfear i bhfeidhm faoi théarmaí agus coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú deontais go mbeidh rochtain oscailte ar shonraí taighde, á áirithiú go bhféadfadh sé go mbeadh eisceachtaí ann de réir an phrionsabail “a oscailte is féidir, a iata is gá”, agus leasanna dlisteanacha na dtairbhithe, lena n-áirítear saothrú tráchtála agus aon srianta eile, á gcur san áireamh, amhail rialacha maidir le cosaint sonraí, príobháideachas, rúndacht, rúin cheirde, leasanna iomaíochais an Aontais, rialacha maidir le slándáil nó cearta maoine intleachtúla.

Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh maidir le dreasachtaí nó oibleagáidí breise chun na críche cloí le cleachtais i dtaca leis an eolaíocht oscailte.

4.   Déanfaidh tairbhithe na sonraí taighde ar fad arna nginiúint i ngníomhaíocht faoin gClár a bhainistiú i gcomhréir le prionsabail FAIR agus i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais, agus bunóidh siad Plean Bainistithe Sonraí.

Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, maidir le hoibleagáidí breise chun NEEO a úsáid chun sonraí taighde a stóráil agus chun rochtain a thabhairt orthu.

5.   Na tairbhithe a bheartaíonn a gcuid torthaí a scaipeadh, tabharfaidh siad réamhfhógra do na tairbhithe eile sa ghníomhaíocht. Féadfaidh aon tairbhí eile agóid a dhéanamh más féidir leis a léiriú go ndéanfadh scaipeadh na dtorthaí dochar mór dá leasanna dlisteanacha i ndáil lena thorthaí nó lena réamheolas. I gcásanna den sórt sin, ní dhéanfar na torthaí a scaipeadh mura ndéantar na bearta is gá chun na leasanna dlisteanacha sin a chosaint.

6.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa chlár oibre, áireofar sna tograí plean le haghaidh shaothrú agus scaipeadh na dtorthaí. Más amhlaidh go ndéanfar táirge nó próiseas a fhorbairt, a chruthú, a mhonarú agus a chur ar an margadh, nó seirbhís a chruthú agus a sholáthar, mar chuid de shaothrú na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leis, áireofar plean sa straitéis le haghaidh saothrú den sórt sin. Má dhéanann an plean foráil maidir le saothrú na dtorthaí i dtríú tíortha neamhchomhlachaithe go príomha, míneoidh na heintitis dhlítheanacha cén chaoi a bhfuil an saothrú sin le meas mar bheith fós chun leas an Aontais.

Déanfaidh na tairbhithe an plean le haghaidh shaothrú agus scaipeadh na dtorthaí a nuashonrú le linn na gníomhaíochta agus ina diaidh, i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais.

7.   Chun críocha an fhaireacháin agus an scaipthe a dhéanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha, soláthróidh na tairbhithe aon fhaisnéis arna hiarraidh i dtaca le saothrú agus scaipeadh a gcuid torthaí, i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais. Faoi réir leasanna dlisteanacha na dtairbhithe, cuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 40

Aistriú agus ceadúnú

1.   Féadfaidh tairbhithe úinéireacht a gcuid torthaí a aistriú. Áiritheoidh siad go mbeidh feidhm ag a n-oibleagáidí maidir leis an úinéir nua freisin agus go bhfuil oibleagáid air seo iad a chur ar aghaidh ina aon aistriú a bheidh ann ina dhiaidh sin.

2.   Mura gcomhaontaítear a mhalairt i scríbhinn le haghaidh tríú páirtithe arna sainaithint go sonrach, lena n-áirítear eintitis chleamhnaithe, nó murar féidir é a dhéanamh faoin dlí is infheidhme, na tairbhithe a bheartaíonn a n-úinéireacht ar thorthaí a aistriú, tabharfaidh siad réamhfhógra d’aon tairbhí eile a bhfuil cearta rochtana aige fós ar na torthaí sin. Cuirfear faisnéis leordhóthanach san áireamh san fhógra maidir leis an úinéir nua ionas go mbeidh tairbhí in ann measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bheidh aige sin ar a chearta rochtana.

Mura gcomhaontaítear a mhalairt i scríbhinn le haghaidh tríú páirtithe arna sainaithint go sonrach, lena n-áirítear eintitis chleamhnaithe, féadfaidh tairbhí agóid a dhéanamh in aghaidh aistriú na húinéireachta a dhéanann tairbhí eile más féidir leis a léiriú go ndéanfadh an t-aistriú difear diúltach dá chearta rochtana. Sa chás sin, ní dhéanfar an t-aistriú go dtí go dtiocfaidh na rannpháirtithe lena mbaineann ar chomhaontú. Déanfar teorainneacha ama i ndáil leis sin a leagan síos sa chomhaontú deontais.

3.   Féadfaidh tairbhithe ceadúnais a dheonú ar a gcuid torthaí nó an ceart chun iad a shaothrú ar dhóigh eile, lena n-áirítear ar bhonn eisiach, a thabhairt mura ndéanfaidh an méid sin difear do chomhlíonadh a gcuid oibleagáidí. Féadfar ceadúnais eisiacha le haghaidh torthaí a dheonú faoi réir thoiliú na dtairbhithe uile eile lena mbaineann go ndéanfaidh siad a gcearta rochtana ina leith a tharscaoileadh.

4.   I gcás ina bhfuil údar cuí leis, déanfar foráil leis an gcomhaontú deontais maidir leis an gceart don Choimisiún nó don chomhlacht cistiúcháin ábhartha chun agóid a dhéanamh in aghaidh aistrithe úinéireachta torthaí, nó in aghaidh ceadúnas eisiach a dheonú maidir le torthaí, más fíor an méid seo a leanas:

(a)

tá cistiú ón Aontas faighte ag na tairbhithe a ghin na torthaí;

(b)

déantar an t-aistriú nó an ceadúnú a dheonú d’eintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtríú tír neamhchomhlachaithe; agus

(c)

ní an t-aistriú nó an ceadúnú i gcomhréir le leasanna an Aontais.

Má dhéantar foráil don cheart chun agóid a dhéanamh, tabharfaidh an tairbhí réamhfhógra go bhfuil sé beartaithe aige úinéireacht ar thorthaí a aistriú nó ceadúnas eisiach a dheonú maidir le torthaí. An ceart chun agóid a dhéanamh, féadfar é a tharscaoileadh i scríbhinn maidir le haistrithe nó deontais le haghaidh eintitis dhlítheanacha shonracha arna sainaithint má tá bearta ann lena ndéantar leasanna an Aontais a choimirciú.

Airteagal 41

Cearta rochtana

1.   Is i scríbhinn a dhéanfar iarrataí ar chearta rochtana a fheidhmiú agus cearta rochtana a tharscaoileadh.

2.   Mura gcomhaontaítear a mhalairt i gcomhar leis an deontóir, ní bheidh aon cheart focheadúnas a dheonú san áireamh sna cearta rochtana.

3.   Roimh dóibh aontú don chomhaontú deontais, cuirfidh na tairbhithe a chéile ar an eolas maidir le haon srian ar rochtain a dheonú ar a réamheolas.

4.   Mura bhfuil baint ag tairbhí le gníomhaíocht a thuilleadh, ní dhéanfaidh an méid sin difear dá chuid oibleagáidí maidir le rochtain a dheonú.

5.   Má dhéanann tairbhí mainneachtain ar a chuid oibleagáidí, féadfaidh na tairbhithe eile a chomhaontú nach bhfuil cearta rochtana ag an tairbhí sin a thuilleadh.

6.   Déanfaidh tairbhithe rochtain a dheonú ar an méid seo a leanas:

(a)

a gcuid torthaí saor ó ríchíosanna d’aon tairbhí eile sa ghníomhaíocht a bhfuil siad ag teastáil uaidh chun a chúraimí féin a chur chun feidhme;

(b)

a réamheolas d’aon tairbhí eile sa ghníomhaíocht a bhfuil sé ag teastáil uaidh chun a chúraimí féin a chur chun feidhme, faoi réir aon srianta dá dtagraítear i mír 3; deonófar an rochtain sin saor ó ríchíosanna, mura gcomhaontaíonn na tairbhithe a mhalairt sula n-aontóidh siad don chomhaontú deontais;

(c)

a dtorthaí agus, faoi réir aon srianta dá dtagraítear i mír 3, ar a réamheolas d’aon tairbhí eile sa ghníomhaíocht a bhfuil siad ag teastáil uaidh chun a chuid torthaí féin a shaothrú; deonófar an rochtain sin faoi choinníollacha córa réasúnacha a dtiocfar ar chomhaontú maidir leo.

7.   Mura gcomhaontaíonn na tairbhithe a mhalairt, deonóidh siad rochtain ar a gcuid torthaí freisin agus, faoi réir aon srianta dá dtagraítear i mír 3, ar a réamheolas d’eintiteas dlítheanach ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá sé bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe;

(b)

tá sé faoi rialú díreach nó indíreach tairbhí eile, nó tá sé faoin rialú díreach nó indíreach céanna leis an tairbhí sin, nó rialaíonn sé an tairbhí sin go díreach nó go hindíreach; agus

(c)

teastaíonn an rochtain uaidh chun torthaí an tairbhí sin a shaothrú, i gcomhréir le hoibleagáidí an tairbhí i ndáil le saothrú.

Deonófar rochtain faoi choinníollacha córa réasúnacha a dtiocfar ar chomhaontú maidir leo.

8.   Féadfar iarraidh ar rochtain chun críoch saothraithe a dhéanamh suas le bliain amháin tar éis dheireadh na gníomhaíochta, mura gcomhaontaíonn na rannpháirtithe ar theorainn ama eile.

9.   Na tairbhithe a bhfuil cistiú ón Aontas faighte acu, deonóidh siad rochtain ar a gcuid torthaí saor ó ríchíosanna d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais chun beartais agus cláir an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu. Beidh an rochtain teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch.

Ní áireofar ar na cearta rochtana sin réamheolas na dtairbhithe.

I ngníomhaíochtaí faoin gcnuasach “an tSlándáil Shibhialta don tSochaí”, maidir leis na tairbhithe a bhfuil cistiú ón Aontas faighte acu, tabharfaidh siad freisin rochtain ar a gcuid torthaí saor ó ríchíosanna d’údaráis náisiúnta na mBallstát chun a mbeartais nó a gcláir sa réimse sin a fhorbairt, a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu. Beidh an rochtain teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch agus beidh sí faoi réir comhaontú déthaobhach lena saineofar coinníollacha sonracha arb é is aidhm dóibh a áirithiú nach n-úsáidtear na cearta rochtana sin ach chun na críche a bhí beartaithe agus go bhfuil na hoibleagáidí iomchuí maidir le rúndacht i bhfeidhm. Tabharfaidh an Ballstát iarrthach nó an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht iarrthach de chuid an Aontais fógra do gach Ballstát maidir le hiarrataí den sórt sin.

10.   Sa chlár oibre, féadfar foráil a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, maidir le cearta breise rochtana.

Airteagal 42

Forálacha sonracha

1.   Féadfaidh feidhm a bheith ag forálacha sonracha maidir le húinéireacht, saothrú agus scaipeadh, aistriú agus ceadúnú chomh maith le cearta rochtana le haghaidh ghníomhaíochtaí ERC, gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaisteachta, gníomhaíochtaí soláthair réamhthráchtála, gníomhaíochtaí soláthair phoiblí réiteach nuálach, gníomhaíochtaí comhchistiúcháin le haghaidh cláir agus gníomhaíochtaí comhordúcháin agus tacaíochta.

2.   Na forálacha sonracha dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach sa chomhaontú deontais iad agus ní athrófar leo na prionsabail ná na hoibleagáidí maidir le rochtain oscailte.

Airteagal 43

Duaiseanna

1.   Mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo, déanfar duaiseanna dreasachta nó aitheantais faoin gClár a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal IX den Rialachán Airgeadais.

2.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa chlár oibre nó i rialacha an chomórtais, aon eintiteas dlítheanach, gan beann ar a áit bhunaíochta, féadfaidh sé a bheith rannpháirteach i gcomórtas.

3.   Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha, i gcás inarb iomchuí, comórtais duais a eagrú i gcomhar leis an méid seo a leanas:

(a)

comhlachtaí eile de chuid an Aontais;

(b)

tríú tíortha, lena n-áirítear eagraíochtaí nó gníomhaireachtaí eolaíochta agus teicneolaíochta na dtíortha sin;

(c)

eagraíochtaí idirnáisiúnta; nó

(d)

eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha.

4.   Beidh oibleagáidí maidir le cumarsáid agus, i gcás inarb iomchuí, saothrú agus scaipeadh, úinéireacht agus cearta rochtana lena n-áirítear forálacha ceadúnaithe san áireamh sna cláir oibre nó i rialacha an chomórtais.

CAIBIDIL III

Soláthar

Airteagal 44

Soláthar

1.   Mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo, déanfar soláthar faoin gClár i gcomhréir le Teideal VII den Rialachán Airgeadais.

2.   Chomh maith leis sin, féadfaidh soláthar a bheith i bhfoirm soláthar réamhthráchtála nó soláthar poiblí réiteach nuálach arna ndéanamh ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht cistiúcháin ábhartha thar a cheann féin nó i gcomhpháirt le húdaráis chonarthacha ó Bhallstáit agus ó thíortha gaolmhara. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 26.

CAIBIDIL IV

Oibríochtaí measctha agus maoiniú measctha

Airteagal 45

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha faoin gClár chun feidhme i gcomhréir le Clár InvestEU agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 46

Maoiniú measctha faoi Fís Eorpach agus maoiniú measctha faoi EIC

1.   Maidir leis na comhchodanna a bhaineann le deontais agus le hairleacan in-aisíoctha atá i maoiniú measctha faoi Fís Eorpach nó maoiniú measctha faoi EIC, beidh siad faoi réir Airteagail 34 go 37.

2.   Cuirfear maoiniú measctha faoi EIC chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 48 den Rialachán seo. Féadfar an tacaíocht faoi mhaoiniú measctha faoi EIC a dheonú go dtí gur féidir an ghníomhaíocht a mhaoiniú mar oibríocht mheasctha nó mar oibríocht mhaoinithe agus infheistíochta faoi chumhdach iomlán ráthú an Aontais faoi Chlár InvestEU. De mhaolú ar Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais, na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal sin agus, go háirithe i bpointí (a) agus (d) de, ní bheidh feidhm acu tráth a dhéantar maoiniú measctha faoi EIC a dhámhachtain.

3.   Féadfar maoiniú measctha faoi Fís Eorpach a dhámhachtain ar ghníomhaíocht chomhchistiúcháin le haghaidh cláir ina ndéantar foráil, i gclár comhpháirteach de chuid Ballstát agus tíortha comhlachaithe, maidir le hionstraimí airgeadais a chur chun úsáide mar thaca le bearta roghnaithe. Déanfar meastóireacht agus roghnú na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagail 15, 23, 24, 27, 28 agus 29. Leis na coinníollacha maidir leis an maoiniú measctha faoi Fís Eorpach a chur chun feidhme, comhlíonfar Airteagal 32, de réir analaí le hAirteagal 48(10) agus aon choinníollacha breise a bhfuil údar cuí leo a leagtar amach sa chlár oibre.

4.   Aisíocaíochtaí lena n-áirítear airleacain in-aisíoctha agus ioncaim ó mhaoiniú measctha faoi Fís Eorpach agus maoiniú measctha faoi EIC, measfar gur ioncam sannta inmheánach iad i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 21(3) agus le hAirteagal 21(4) den Rialachán Airgeadais.

5.   Soláthrófar maoiniú measctha faoi Fís Eorpach agus maoiniú measctha faoi EIC ar bhealach lena gcuirtear iomaíochas an Aontais chun cinn agus, ag an am céanna, nach ndéantar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh.

Airteagal 47

An Treo-aimsitheoir

1.   Leis an Treo-aimsitheoir, cuirfear deontais ar fáil do thionscadail cheannródaíochta ardriosca, arna gcur chun feidhme ag cuibhreannais nó ag tairbhithe aonair, arb é is aidhm dóibh nuálaíochtaí radacacha agus deiseanna margaidh nua a fhorbairt. Leis an Treo-aimsitheoir, soláthrófar tacaíocht do na céimeanna is luaithe sa taighde agus forbairt eolaíoch, theicneolaíoch nó domhainteicneolaíochta, lena n-áirítear cruthúnas an choincheapa agus fréamhshamhlacha maidir le bailíochtú teicneolaíochta.

Cuirfear an Treo-aimsitheoir chun feidhme go príomha trí ghlao oscailte ar thograí ón mbun aníos le scoithdhátaí rialta in aghaidh na bliana, agus déanfar foráil leis freisin maidir le dúshláin iomaíocha chun príomhchuspóirí straitéiseacha a fhorbairt ina n-éilítear an domhainteicneolaíocht agus an smaointeoireacht radacach.

2.   Le gníomhaíochtaí aistrithe an Treo-aimsitheora, cabhrófar le gach cineál taighdeoirí agus nuálaithe an chonair a fhorbairt don fhorbairt tráchtála san Aontas, amhail gníomhaíochtaí taisealbhaidh agus staidéir indéantachta chun cásanna gnó ionchasacha a mheasúnú, agus tacófar le seach-chuideachtaí agus gnólachtaí nuathionscanta a chruthú.

Cinnfear seoladh agus ábhar na nglaonna ar thograí le haghaidh ghníomhaíochtaí aistrithe an Treo-aimsitheora agus cuspóirí agus an buiséad arna leagan amach ag an gclár oibre i ndáil le punann na ngníomhaíochtaí lena mbaineann á gcur san áireamh;

Féadfar deontais bhreise de mhéid socraithe nach mó ná EUR 50 000 a dhámhachtain ar gach togra a roghnaíodh cheana faoin Treo-aimsitheoir, agus i gcás inarb ábhartha gníomhaíochtaí aistrithe an Treo-aimsitheora, trí ghlao ar thograí chun gníomhaíochtaí comhlántacha a dhéanamh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí práinneacha comhordúcháin agus tacaíochta, chun pobal na dtairbhithe atá ag an bpunann a neartú, amhail trí mheasúnú a dhéanamh ar sheach-chuideachtaí féideartha nó ar nuálaíochtaí a d’fhéadfadh margaí nua a chruthú nó trí phlean gnó a fhorbairt. Cuirfear Coiste an Chláir, a bhunaítear faoin gclár sonrach, ar an eolas maidir le cásanna den sórt sin.

3.   Beidh feidhm ag na critéir dhámhachtana dá dtagraítear in Airteagal 28 maidir leis an Treo-aimsitheoir.

Airteagal 48

An Luasaire

1.   Beidh sé d’aidhm ag an Luasaire, go bunúsach, tacú le nuálaíocht lena gcruthaítear margaí. Leis an Luasaire, ní thabharfar tacaíocht ach do thairbhithe aonair, agus soláthrófar leis, go príomha, maoiniú measctha. Faoi choinníollacha áirithe, féadfar tacaíochtaí de chineál deontais amháin agus de chineál cothromais amháin a sholáthar leis.

Leis an Luasaire, soláthrófar na cineálacha tacaíochta seo a leanas:

(a)

tacaíocht maoinithe mheasctha do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, a bhfuil nuálaíocht cheannródaíoch, shuaiteach agus neamhiontaofa ó thaobh brabúis á déanamh acu;

(b)

tacaíocht de chineál deontais amháin do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, atá i mbun aon chineál nuálaíochta, ó nuálaíocht chéimneach go nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach, agus a bhfuil sé mar aidhm leo uas-scálú a dhéanamh ina dhiaidh sin;

(c)

féadfar freisin tacaíocht de chineál cothromais amháin a sholáthar do FBManna atá neamhiontaofa ó thaobh brabúis, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, ar FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta iad a bhfuil tacaíocht de chineál deontais amháin faighte acu cheana.

Tacaíocht de chineál deontais amháin, ní sholáthrófar í faoin Luasaire ach amháin faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

beidh faisnéis ag gabháil leis an tionscadal maidir le hacmhainneachtaí agus toilteanas an iarratasóra uas-scálú a dhéanamh;

(b)

beidh an tairbhí ina ghnólacht nuathionscanta nó FBM;

(c)

ní sholáthrófar tacaíocht de chineál deontais amháin faoin Luasaire ach uair amháin do thairbhí le linn thréimhse chur chun feidhme an Chláir agus go huasmhéid EUR 2,5 milliún.

2.   Eintiteas dlítheanach a cháilíonn mar ghnólacht nuathionscanta, FBM nó, i gcásanna eisceachtúla, cuideachta meánchaipitlithe bheag a bhfuil sé ar intinn aici uas-scálú, arna bhunú i mBallstát nó i dtír comhlachaithe, a bheidh i dtairbhí an Luasaire. Féadfaidh an tairbhí nó, faoi réir réamh-chomhaontú ón tairbhí, duine nádúrtha amháin nó níos mó nó eintiteas dlítheanach amháin nó níos mó a bhfuil sé beartaithe aige nó acu an tairbhí sin a bhunú nó a thacú an togra a thíolacadh. Sa chás deireanach sin, ní shíneofar an comhaontú ach leis an tairbhí agus leis sin amháin.

3.   Le cinneadh aonair dámhachtana, cumhdófar agus soláthrófar cistiú le haghaidh na bhfoirmeacha uile ranníocaíochta ón Aontas arna soláthar faoi mhaoiniú measctha faoi EIC.

4.   Déanfaidh saineolaithe seachtracha neamhspleácha meastóireacht ar thograí de réir a bhfiúntas aonair féin agus roghnófar iad le haghaidh cistiúcháin trí ghlao ar thograí a bheidh oscailte ina mbeidh scoithdhátaí, bunaithe ar Airteagail 27, 28 agus 29, faoi réir mhír 5 den Airteagal seo.

5.   Na tograí arna dtíolacadh, déanfar iad a mheasúnú ar bhonn na gcritéar dámhachtana seo a leanas:

(a)

barr feabhais;

(b)

tionchar;

(c)

leibhéal riosca na gníomhaíochta lena gcuirfí cosc ar infheistíochtaí, cáilíocht agus éifeachtúlacht an chur chun feidhme, agus an gá le tacaíocht ón Aontas.

6.   Le comhaontú ó na hiarratasóirí lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún nó na comhlachtaí cistiúcháin a bhfuil an Clár á chur chun feidhme acu (lena n-áirítear PENanna EIT), faoin gcritéar dámhachtana dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 5, togra le haghaidh gníomhaíocht nuálaíochta agus cur chun úsáide ar an margadh lena gcomhlíontar na critéir dhámhachtana dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 5 cheana a thíolacadh go díreach le haghaidh meastóireacht, faoi réir na gcoinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

eascróidh an togra as aon ghníomhaíocht eile arna chistiú faoi Fís 2020, ón gClár nó, faoi réir céim phíolótach thaiscéalaíoch atá le seoladh faoin gcéad chlár oibre, ó chláir náisiúnta agus/nó réigiúnacha, ag tosú le mapáil an éilimh i gcomhair scéim den sórt sin. Leagfar síos forálacha mionsonraithe sa chlár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2);

(b)

tá an togra bunaithe ar athbhreithniú ar thionscadal a rinneadh laistigh den 2 bhliain roimhe sin lena ndéantar measúnú ar bharr feabhais agus tionchar an togra agus faoi réir coinníollacha agus próiseas arna mionsonrú tuilleadh sa chlár oibre.

7.   Féadfar Séala Barr Feabhais a dhámhachtain faoi réir na gcoinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

is gnólacht nuathionscanta, FBM nó cuideachta meánchaipitlithe bheag é an tairbhí;

(b)

bhí an togra incháilithe agus bhain sé amach na tairseacha is infheidhme i dtaca leis na critéir dámhachtana dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 5;

(c)

bheadh an ghníomhaíocht incháilithe faoi ghníomhaíocht nuálaíochta.

8.   Maidir le togra ar éirigh leis sa mheastóireacht, molfaidh saineolaithe seachtracha neamhspleácha tacaíocht chomhfhreagrach ón Luasaire, bunaithe ar an riosca a thabhaítear agus ar na hacmhainní agus an t-am is gá chun an nuálaíocht a thabhairt isteach sa mhargadh agus a chur chun úsáide ar an margadh.

Féadfaidh an Coimisiún tionscadal arna mholadh ag saineolaithe seachtracha neamhspleácha a dhiúltú ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, lena n-áirítear mar gheall ar neamhchomhlíonadh chuspóirí bheartais an Aontais. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir leis na cúiseanna atá le diúltú den sórt sin.

9.   Ní mó ná 70 % de chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta nuálaíochta roghnaithe a bheidh an deontas nó comhchuid an airleacain in-aisíoctha den tacaíocht ón Luasaire.

10.   Na coinníollacha maidir le cur chun feidhme chomhchuid an chothromais agus chomhchuid na tacaíochta in-aisíoctha den tacaíocht ón Luasaire, leagtar amach iad i gCinneadh (AE) 2021/764.

11.   Sa chonradh le haghaidh na gníomhaíochta roghnaithe, bunófar clocha míle sonracha intomhaiste agus an réamh-mhaoiniú comhfhreagrach agus na híocaíochtaí comhfhreagracha i dtráthchodanna den tacaíocht ón Luasaire.

I gcás maoiniú measctha faoi EIC, féadfar gníomhaíochtaí a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíocht nuálaíochta a sheoladh, agus féadfar an chéad réamh-mhaoiniú den deontas nó an t-airleacan in-aisíoctha a íoc, roimh chur chun feidhme comhchodanna eile den mhaoiniú measctha faoi EIC a bheidh dáfa. Beidh cur chun feidhme na gcomhchodanna sin faoi réir clocha míle sonracha arna mbunú sa chonradh a bheith bainte amach.

12.   I gcomhréir leis an gconradh, déanfar an ghníomhaíocht a chur ar fionraí, a leasú nó, má tá údar cuí leis, a fhoirceannadh mura mbaintear clocha míle intomhaiste amach. Féadfar í a fhoirceannadh freisin i gcás nach féidir an cur chun úsáide ar an margadh, go háirithe san Aontas, a chomhlíonadh.

I gcásanna eisceachtúla agus ar chomhairle Bhord EIC, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an tacaíocht ón Luasaire a mhéadú faoi réir athbhreithniú ar an tionscadal arna dhéanamh ag saineolaithe seachtracha neamhspleácha. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir le cásanna den sórt sin.

CAIBIDIL V

Saineolaithe

Airteagal 49

Saineolaithe seachtracha neamhspleácha a cheapadh

1.   Déanfar saineolaithe seachtracha neamhspleácha a shainaithint agus a roghnú ar bhonn glaonna ar léiriú spéise ó dhaoine aonair agus trí ghlaonna atá dírithe ar eagraíochtaí ábhartha amhail gníomhaireachtaí taighde, institiúidí taighde, ollscoileanna, eagraíochtaí um chaighdeánú, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta nó fiontair d’fhonn bunachar sonraí iarratasóirí a bhunú.

De mhaolú ar Airteagal 237(3) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha, go heisceachtúil agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, saineolaí aonair nach bhfuil sa bhunachar sonraí ach a bhfuil na scileanna iomchuí aige nó aici a roghnú ar bhealach trédhearcach, ar choinníoll nár sainaithníodh saineolaithe seachtracha neamhspleácha oiriúnacha i nglao ar léiriú spéise.

Dearbhóidh saineolaithe den sórt sin a neamhspleáchas agus a n-acmhainneacht chun tacú le cuspóirí an Chláir.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 273(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais, íocfar na saineolaithe seachtracha neamhspleácha bunaithe ar choinníollacha caighdeánacha. Má tá údar cuí leis, agus i gcásanna eisceachtúla, féadfar leibhéal iomchuí íocaíochta os cionn na gcoinníollacha caighdeánacha a dheonú bunaithe ar chaighdeáin mhargaidh ábhartha, go háirithe le haghaidh saineolaithe sonracha ardleibhéil. Déanfar costais den sórt sin a chumhdach faoin gClár.

3.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 38(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais, foilseofar ainmneacha na saineolaithe seachtracha neamhspleácha a dhéanann meastóireacht ar iarratais ar dheontais, ar saineolaithe iad a cheaptar ina gcáil phearsanta, mar aon lena réimse saineolais, ar a laghad uair amháin sa bhliain ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin nó an chomhlachta cistiúcháin. Déanfar faisnéis den sórt sin a bhailiú, a phróiseáil agus a fhoilsiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33).

4.   Glacfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha na bearta iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint maidir le rannpháirtíocht saineolaithe seachtracha neamhspleácha i gcomhréir le hAirteagal 61 agus le hAirteagal 150(5) den Rialachán Airgeadais.

Áiritheoidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha, maidir le saineolaí a bhfuil aghaidh á tabhairt aige nó aici ar choinbhleacht leasa maidir le hábhar a mbeidh ar an saineolaí tuairim a thabhairt ina leith, nach ndéanfaidh an saineolaí sin meastóireacht ar an gceist shonrach i dtrácht, agus nach dtabharfaidh an té sin comhairle ná cúnamh maidir léi.

5.   Agus saineolaithe seachtracha neamhspleácha á gceapadh aige, glacfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha bearta iomchuí chun ballraíocht chothrom sna grúpaí saineolaithe agus sna painéil mheastóireachta a lorg ó thaobh scileanna, taithí, eolais, lena n-áirítear ó thaobh speisialtóireachta, go háirithe in SSH, éagsúlacht gheografach agus inscne, agus aird á tabhairt ar an staid atá i réim i réimse na gníomhaíochta.

6.   I gcás inarb iomchuí, áiritheofar líon leordhóthanach saineolaithe seachtracha neamhspleácha le haghaidh gach togra chun cáilíocht na meastóireachta a ráthú.

7.   Déanfar faisnéis ar leibhéal an luacha saothair do gach saineolaí seachtrach neamhspleách a chur ar fáil do Parlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

TEIDEAL III

FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ A DHÉANAMH AR AN gCLÁR AGUS CUMARSÁID MAIDIR LEIS

Airteagal 50

Faireachán agus tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar bhainistiú agus ar chur chun feidhme an Chláir, ar an gclár sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus ar ghníomhaíochtaí EIT. Chun trédhearcacht a fheabhsú, cuirfear sonraí ar fáil go poiblí ar bhealach inrochtana ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin de réir an nuashonraithe is déanaí. Go sonrach, sa bhunachar sonraí céanna, áireofar sonraí le haghaidh tionscadail arna gcistiú faoi ERC, Comhpháirtíochtaí Eorpacha, misean, EIC agus EIT.

Áireofar sa bhunachar sonraí:

(a)

táscairí atá faoi cheangal ama chun tuairisciú a dhéanamh, ar bhonn bliantúil, ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus a leagtar amach in Iarscríbhinn V, iad bunaithe ar na conairí tionchair;

(b)

faisnéis faoi leibhéal phríomhshruthú SSH, an cóimheas idir LRTanna níos ísle agus níos airde i dtaighde comhoibríoch, an dul chun cinn maidir le rannpháirtíocht na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú, comhdhéanamh geografach na gcuibhreannas i dtionscadail chomhoibríocha, an fhorbairt ar thuarastail na dtaighdeoirí, nós imeachta taiscthe agus meastóireachta dhá chéim a úsáid, na bearta atá dírithe ar naisc chomhoibríocha in T&N na hEorpa a éascú, an t-athbhreithniú meastóireachta a úsáid agus líon agus cineálacha na ngearán, leibhéal an phríomhshruthaithe aeráide agus caiteachais lena mbaineann, rannpháirtíocht FBManna, rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, rannpháirtíocht ó thaobh inscne de i ngníomhaíochtaí cistithe, painéil mheastóireachta, boird agus grúpaí comhairleacha, na “Séalaí Barr Feabhais”, na Comhpháirtíochtaí Eorpacha, chomh maith leis an ráta comhchistiúcháin, an cistiú comhlántach agus carnach ó chláir eile de chuid an Aontais, bonneagair thaighde, am chun deontas a thabhairt, leibhéal an chomhair idirnáisiúnta, rannpháirteachas na saoránach agus na sochaí sibhialta;

(c)

leibhéil an chaiteachais arna n-imdhealú ar leibhéal an tionscadail chun go bhféadfar anailís shonrach a dhéanamh, lena n-áirítear in aghaidh an réimse idirghabhála;

(d)

leibhéal an ró-shuibscríofa, go háirithe líon na dtograí agus in aghaidh an ghlao ar thograí, a meánscór, sciar na dtograí os cionn agus faoi bhun na dtairseach cáilíochta.

2.   Chun an measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach a chuspóirí a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 55 chun Iarscríbhinn V a leasú i ndáil le táscairí na gconairí tionchair, i gcás ina measfar gur gá sin, agus chun bunlínte agus spriocanna a leagan síos agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil gan an t-ualach riaracháin a mhéadú do thairbhithe. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas, lena n-áirítear ar leibhéal na dtaighdeoirí a bheidh páirteach sna gníomhaíochtaí chun go bhféadfaidh siad a ngairm agus a soghluaisteacht a rianú, agus, i gcás inarb iomchuí, ar Bhallstáit.

4.   Le hanailís cháilíochtúil ón gCoimisiún agus ón Aontas nó ó chomhlachtaí cistiúcháin náisiúnta, comhlánófar sonraí cainníochtúla a mhéid is féidir.

5.   Déanfar faireachán ar na bearta arb é is aidhm dóibh naisc chomhoibríocha i T&N na hEorpa a éascú, agus déanfar athbhreithniú orthu i gcomhthéacs na gclár oibre.

Airteagal 51

Faisnéis, cumarsáid, poiblíocht agus scaipeadh agus saothrú

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn (lena n-áirítear le haghaidh duaiseanna), trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise iomadúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chláir agus leis na torthaí a baineadh amach. Sa bhreis air sin, soláthróidh sé faisnéis chríochnaitheach agus thráthúil do na Ballstáit agus do na tairbhithe. Déanfar seirbhísí fianaise-bhunaithe meaitseála bunaithe ar anailísíocht agus finíochtaí líonraí a sholáthar do na heintitis leasmhara chun cuibhreannais a bhunú i ndáil le tionscadail chomhoibríocha, agus aird ar leith á tabhairt ar na deiseanna líonraithe a shainaithint le haghaidh eintitis dhlítheanacha ó thíortha ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N. Ar bhonn na hanailíse sin, féadfar imeachtaí meaitseála a eagrú ar bhonn glaonna sonracha ar thograí.

3.   Bunóidh an Coimisiún straitéis maidir le scaipeadh agus saothrú chun infhaighteacht agus scaipeadh thorthaí agus eolas an Chláir maidir le T&N a mhéadú chun dlús a chur le saothrú chun cur leis an nglacadh sa mhargadh agus borradh a chur faoi thionchar an Chláir.

4.   Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, chomh maith le gníomhaíochtaí faisnéise, cumarsáide, poiblíochta, scaipthe agus saothraithe a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 52

Meastóireacht ar an gClár

1.   Déanfar meastóireachtaí ar an gClár go tráthúil ionas go bhféadfar faisnéis ó na meastóireachtaí sin a úsáid i bpróiseas cinnteoireachta an Chláir, an chéad chlár réime eile agus tionscnaimh eile is ábhartha maidir le T&N.

2.   Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha arna roghnú ar bhonn próiseas trédhearcach a luaithe agus a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, tráth nach déanaí ná 4 bliana ó thús an chur chun feidhme sin. Áireofar uirthi sin anailís phunainne agus measúnú ar thionchar fadtéarmach na gclár réime a chuaigh roimhe agus úsáidfear í mar bhonn chun an Clár a choigeartú nó a athdhíriú, de réir mar is iomchuí. Leis an meastóireacht, déanfar measúnú ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht agus comhsheasmhacht an Chláir agus ar bhreisluach Aontais.

3.   Ag deireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh a thabhairt i gcrích ar an gClár. Áireofar uirthi sin measúnú ar thionchar fadtéarmach na gclár réime a chuaigh roimhe.

4.   Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí i dteannta a bharúlacha féin a fhoilsiú agus a chur in iúl, agus déanfaidh sé iad a chur i láthair do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 53

Iniúchtaí

1.   Áiritheofar leis an gcóras rialaithe le haghaidh an Chláir go mbeidh cothromaíocht iomchuí ann idir iontaoibh agus rialú, agus costais riaracháin agus costais eile a bhaineann le rialú ar gach leibhéal á gcur san áireamh, go háirithe i dtaca le tairbhithe. Beidh rialacha iniúchóireachta soiléir, comhsheasmhach agus comhleanúnach le linn an Chláir.

2.   Beidh an straitéis iniúchóireachta le haghaidh an Chláir bunaithe ar iniúchóireacht airgeadais arna déanamh ar shampla ionadaíoch den chaiteachas ar fud an Chláir trí chéile. Comhlánófar an sampla ionadaíoch le rogha a bhunófar ar mheasúnú ar na rioscaí a bhaineann leis an gcaiteachas. Gníomhaíochtaí a fhaigheann comhchistiú ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, ní dhéanfar iniúchadh orthu sin ach uair amháin, lena gcumhdófar na cláir uile lena mbaineann agus a rialacha is infheidhme faoi seach.

3.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha brath ar iniúchtaí ar chórais agus ar phróisis ar leibhéal na dtairbhithe. Beidh na hiniúchtaí sin roghnach maidir le cineálacha áirithe tairbhithe agus scrúdófar leo córais agus próisis tairbhí, rud a bheidh á chomhlánú le hiniúchadh ar idirbhearta. Is iniúchóir neamhspleách inniúil atá cáilithe chun iniúchtaí reachtúla a dhéanamh ar dhoiciméid chuntasaíochta i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) a dhéanfaidh iad. Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha na hiniúchtaí ar chórais agus ar phróisis a úsáid chun an chinnteacht fhoriomlán a chinneadh maidir le bainistíocht fhónta airgeadais an chaiteachais agus chun leibhéal na n-iniúchtaí ex post agus na ndeimhnithe maidir le ráitis airgeadais a athmheas.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 127 den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha brath ar iniúchtaí maidir le húsáid ranníocaíochtaí an Aontais arna ndéanamh ag daoine nó eintitis eile atá neamhspleách agus inniúil, lena n-áirítear daoine nach bhfuil sainordú tugtha dóibh ag institiúidí nó comhlachtaí an Aontais.

5.   Féadfar iniúchtaí a dhéanamh suas le dhá bhliain tar éis íocaíocht an iarmhéid.

6.   Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte iniúchóireachta, agus é mar aidhm leo cur i bhfeidhm agus léiriú iontaofa agus aonfhoirmeach na nósanna imeachta agus rialacha iniúchóireachta le linn ré an Chláir a áirithiú.

Airteagal 54

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar leis na cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

Airteagal 55

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 50(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 50(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 50(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 56

Aisghairm

Aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 57

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013, ar Rialacháin iad a leanfaidh d’fheidhm a bheith acu maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu. Na pleananna oibre agus na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear i bpleananna oibre arna nglacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus faoi ghníomhartha bunúsacha na gcomhlachtaí comhfhreagracha cistiúcháin, leanfar dá rialáil le Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus leis na gníomhartha bunúsacha sin freisin go dtí go dtabharfar i gcrích iad.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na costais theicniúla agus cúnaimh riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 a áirithiú.

Airteagal 58

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Aibreán 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 33 agus IO C 364, 28.10.2020, lch. 124.

(2)  IO C 461, 21.12.2018, lch. 79.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 16 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(5)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I , 22.12.2020, lch. 23).

(6)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(8)  IO C 331, 18.9. 2018, lch. 30.

(9)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(10)  Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (féach leathanach 149 den Iris Oifigiúil seo).

(11)  Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 maidir leis an gclár sonrach a bhunú chun Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO LI 167, 12.5.2021, lch. 1).

(12)  IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.

(13)  IO C 444I, 22.12.2020, lch. 1.

(14)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(15)  I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2018 dar teideal “A new, modern Multiannual Financial Framework for a European Union that deliver efficiently on its priorities post-2020” (Creat Airgeadais Ilbhliantúil úr nua-aimseartha d’Aontas Eorpach a chuireann go héifeachtach lena thosaíochtaí tar éis 2020), sainaithnítear EUR 13 bhilliún a caitheadh i bpríomhghníomhaíochtaí digiteacha faoin gClár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht Fís 2020.

(16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch.1).

(18)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(19)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (”OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(20)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(21)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(22)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(23)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(24)  IO C 205, 19.7.2013, lch. 9.

(25)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO l 72, 17.3.2015, lch. 53).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i "Fís 2020 - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020)" agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 81).

(27)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiúin an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(28)  Is féidir taighde a bhaineann leis an gcóireáil i gcás ailse na ngónad a mhaoiniú.

(29)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE. (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(30)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(31)  Déanfar an nós imeachta a mhíniú i ndoiciméad a fhoilseofar roimh thús an phróisis meastóireachta.

(32)  Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 a bhaineann le Seachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007-2013) (IO L 412, 30.12.2006, lch. 1.)

(33)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(34)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).


IARSCRÍBHINN I

IMLÍNTE NA nGNÍOMHAÍOCHTAÍ

Na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, saothrófar iad tríd an gClár ina iomláine, trí na réimsí idirghabhála agus imlínte na ngníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu san Iarscríbhinn seo agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/764 .

(1)   

Colún I “Eolaíocht Den Scoth”

Leis an gcolún seo, i gcomhréir le hAirteagal 4, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas, déanfar eolaíocht barr feabhais a chur chun cinn, scoth na ndaoine is tréithí a mhealladh chun na hEorpa, tacaíocht iomchuí a sholáthar do thaighdeoirí luathchéime agus tacófar le cruthú agus scaipeadh eolaíochta barr feabhais, mar aon le heolas, modheolaíochtaí agus scileanna ardchaighdeáin, teicneolaíochtaí agus réitigh ar dhúshláin dhomhanda shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha. Rannchuideofar leis freisin le cuspóirí sonracha eile an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3.

(a)

ERC: cistiú tarraingteach solúbtha a sholáthar le go mbeidh taighdeoirí aonair tréitheacha agus cruthaitheacha, le béim ar thaighdeoirí luathchéime, agus a bhfoirne, in ann na goirt is mó a bhfuil gealladh fúthu a threabhadh san eolaíocht cheannródaíoch, gan beann ar a náisiúntacht ná ar a dtír thionscnaimh agus ar bhonn iomaíochta ar fud an Aontais inarb é an barr feabhais an t-aon chritéar.

Réimse idirghabhála: an Eolaíocht cheannródaíoch.

(b)

MSCAnna: deis a thabhairt do taighdeoirí eolas agus scileanna nua a shealbhú trí shoghluaisteacht thar theorainneacha, earnálacha agus disciplíní agus trí thaithí tharastu a áirithiú dóibh, feabhas a chur ar chórais oiliúna agus forbartha gairme agus, chomh maith leis sin, an t-earcú institiúideach agus náisiúnta a struchtúrú agus a fheabhsú, agus an Chairt Eorpach do Thaighdeoirí agus an Cód Iompair um earcú taighdeoirí á gcur san áireamh; agus sin á dhéanamh, cabhraítear, le MSCAnna, le bunchlocha a chur, ó cheann ceann na hEorpa, faoin gcreat taighde den scoth atá san Eoraip, rud a rannchuidíonn le borradh a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht, agus a réitíonn dúshláin shochaíocha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Réimsí idirghabhála: barr feabhais a chothú trí shoghluaisteacht taighdeoirí thar theorainneacha, earnálacha agus disciplíní; scileanna nua a chothú trí oiliúint den scoth a chur ar thaighdeoirí; acmhainní daonna agus forbairt scileanna a neartú ar fud LET; sineirgí a fheabhsú agus a éascú; for-rochtain phoiblí a chur chun cinn.

(c)

Bonneagair thaighde: bonneagair thaighde inbhuanaithe de scoth an domhain atá oscailte a bhronnadh ar an Eoraip, ar bonneagair iad a bhfuil rochtain ag na taighdeoirí is fearr ón Eoraip agus ó áiteanna níos faide i gcéin orthu. Úsáid na mbonneagar taighde atá ann cheana a chothú, lena n-áirítear na bonneagair atá á maoiniú ó chistí faoi Bheartas Comhtháthaithe an Aontais. Agus sin á dhéanamh, feabhas a chur ar phoitéinseal an bhonneagair taighde tacú le dul chun cinn eolaíochta agus leis an nuálaíocht, agus an eolaíocht den scoth oscailte a chumasú, i gcomhréir le prionsabail FAIR, é sin taobh le taobh le gníomhaíochtaí a bhaineann le beartais an Aontais agus le comhar idirnáisiúnta.

Réimsí idirghabhála: creat na mbonneagar taighde Eorpach a chomhdhlúthú agus a fhorbairt; bonneagair thaighde a oscailt, a chomhtháthú agus a idirnascadh; poitéinseal nuálaíochta na mbonneagar taighde Eorpach agus na ngníomhaíochtaí taighde Eorpacha ar mhaithe leis an nuálaíocht agus oiliúint; an beartas Eorpach maidir le bonneagar taighde agus an comhar idirnáisiúnta a neartú.

(2)   

Colún II “Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach”

Leis an gcolún seo, i gcomhréir le hAirteagal 4, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas, tacófar le heolas, teicneolaíochtaí agus réitigh inbhuanaithe nua ardchaighdeáin a chruthú agus a scaipeadh ar bhealach níos fearr, neartófar an t-iomaíochas tionsclaíoch Eorpach, neartófar tionchar T&N maidir le beartais an Aontais a fhorbairt, a thacú agus a chur chun feidhme, agus tacófar leis an nglacadh le réitigh nuálacha sa tionsclaíocht, go háirithe in FBManna agus i ngnólachtaí nuathionscanta, agus sa tsochaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Rannchuideofar leis freisin le cuspóirí sonracha eile an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3.

Déanfar SSH a lánpháirtiú go hiomlán ar fud na gcnuasach ar fad, lena n-áirítear gníomhaíochtaí sonracha agus gníomhaíochtaí tiomnaithe.

Chun tionchar, solúbthacht agus sineirgí a uasmhéadú, eagrófar gníomhaíochtaí T&N i sé chnuasach, agus iad idirnasctha trí bhonneagair thaighde uile-Eorpacha, a dhéanfaidh comhar idirdhisciplíneach, trasearnálach, trasbheartais, trasteorann agus idirnáisiúnta a dhreasú, ina n-aonar agus le chéile. Le Colún II den Chlár, cumhdófar gníomhaíochtaí ó réimse leathan LRTanna, lena n-áirítear LRTanna níos ísle.

Rannchuidíonn gach cnuasach le roinnt SFInna agus is iomaí SFI atá á thacú le níos mó ná cnuasach amháin.

Cuirfear na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta chun feidhme sna cnuasaigh seo a leanas agus trasna na gcnuasach sin:

(a)

An Cnuasach “Sláinte”: sláinte agus dea-bhail na saoránach ag gach aois a fheabhsú agus a chosaint, trí eolas nua a ghiniúint, réitigh nuálacha a fhorbairt, agus trína áirithiú go ndéantar gné na hinscne a chomhtháthú, i gcás inarb ábhartha, chun galair a chosc, a dhiagnóisiú, a chóireáil agus a leigheas agus chun faireachán a dhéanamh orthu agus trí theicneolaíochtaí na sláinte a fhorbairt; rioscaí don tsláinte a mhaolú; an pobal a chosaint agus an dea-shláinte agus an dea-bhail a chur chun cinn, san ionad oibre freisin; córais sláinte phoiblí a dhéanamh níos costéifeachtaí, níos cothroime agus níos inbhuanaithe; galair atá bainteach leis an mbochtaineacht a chosc agus dul i ngleic leo; agus tacú le rannpháirtíocht agus féinbhainistiú na n-othar, agus é sin a chumasú.

Réimsí idirghabhála: sláinte ó thús go deireadh saoil; deitéarmanaint an chomhshaoil agus na sláinte sóisialta; galair neamhthógálacha agus galair neamhchoitianta; galair thógálacha, lena n-áirítear galair a bhaineann leis an mbochtaineacht agus galair a ndearnadh faillí iontu; uirlisí, teicneolaíochtaí agus réitigh dhigiteacha don tsláinte agus don chúram, lena n-áirítear leigheas pearsantaithe; córais cúraim sláinte.

(b)

An Cnuasach “an Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach”: luachanna daonlathacha a neartú, lena n-áirítear an smacht reachta agus na cearta bunúsacha; ár n-oidhreacht chultúrtha a choimirciú; poitéinseal na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a thaiscéaladh, agus claochluithe socheacnamaíocha a chur chun cinn a rannchuidíonn le cuimsiú agus fás, lena n-áirítear bainistiú ar imirce agus lánpháirtiú imirceach.

Réimsí idirghabhála: daonlathas agus rialachas; cultúr, oidhreacht chultúrtha agus cruthaitheacht; claochluithe sóisialta agus eacnamaíocha.

(c)

An Cnuasach “an tSlándáil Shibhialta don tSochaí”: ag freagairt ar na dúshláin a eascraíonn as bagairtí leanúnacha slándála, lena n-áirítear an chibearchoireacht, chomh maith le tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine.

Réimsí idirghabhála: sochaithe athléimneacha tar éis tubaistí; an chosaint agus an tslándáil; an chibearshlándáil.

(d)

An cnuasach “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”: acmhainneachtaí a neartú agus ceannasacht na hEorpa a chinntiú in eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin don digitiú agus táirgeadh, agus sa teicneolaíocht spáis, feadh an tslabhra breisluacha; tionscal iomaíoch, digiteach, ísealcharbóin agus ciorclach a thógáil; soláthar inbhuanaithe amhábhar a áirithiú; ábhair ardfhorbartha a fhorbairt agus bonn a chur ar fáil don dul chun cinn agus don nuálaíocht maidir le dúshláin shochaíocha dhomhanda.

Réimsí idirghabhála: teicneolaíochtaí monaraíochta; eochairtheicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí candamacha; teicneolaíochtaí cumasúcháin atá ag teacht chun cinn; ábhair ardfhorbartha; intleacht shaorga agus an róbataic; idirlíon den chéad ghlúin eile; an ríomhaireacht ardfhorbartha agus mórshonraí; tionscail chiorclacha; tionscal ísealcharbóin glan; an spás, lena n-áirítear faire na cruinne.

(e)

An Cnuasach “an Aeráid, Fuinneamh agus an tSoghluaisteacht”: an t-athrú aeráide a chomhrac trí thuiscint níos fearr a fháil ar na cúiseanna is bonn leis, a éabhlóid, na rioscaí, na tionchair agus na deiseanna a bhaineann leis, trí earnálacha an fhuinnimh agus an iompair a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don aeráid agus don chomhshaol, níos éifeachtaí agus níos iomaíche, níos cliste, níos sábháilte agus níos buanseasmhaí, trí úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, trí fheabhas a chur ar athléimneacht an Aontais i leith suaití seachtracha agus tríd an iompar sóisialta a oiriúnú i bhfianaise na SFInna.

Réimsí idirghabhála: an eolaíocht aeráide agus réitigh aeráide; soláthar fuinnimh; córais agus eangacha fuinnimh; foirgnimh agus saoráidí tionsclaíocha maidir le haistriú fuinnimh; pobail agus cathracha; iomaíochas tionsclaíoch san iompar; iompar agus soghluaisteacht atá glan, sábháilte agus inrochtana; soghluaisteacht chliste; stóráil fuinnimh.

(f)

An Cnuasach “Bia, an Bithgheilleagar, Acmhainní Nadúrtha, an Talmhaíocht agus an Comhshaol”: an comhshaol a chosaint, acmhainní nádúrtha agus bitheolaíocha ón talamh, ó uiscí intíre agus ón bhfarraige a athshlánú, a bhainistiú go hinbhuanaithe agus a úsáid chun stop a chur le creimeadh na bithéagsúlachta, chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil an tsoláthair bia agus an chothaithe do chách agus an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach ísealcharbóin atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus chuig bithgheilleagar inbhuanaithe.

Réimsí idirghabhála: breathnóireacht chomhshaoil; an bhithéagsúlacht agus acmhainní nádúrtha; an talmhaíocht, an fhoraoiseacht agus ceantair thuaithe; farraigí, aigéin agus uiscí intíre; córais bhia; córais nuálaíochta bhithbhunaithe i mbithgheilleagar an Aontais; córais chiorclacha.

(g)

Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha ACT: fianaise eolaíoch ardchaighdeáin a chruthú le haghaidh beartais phoiblí mhaithe a bheidh éifeachtúil agus iníoctha. Teastaíonn fianaise thrédhearcach, chuimsitheach, chothromaithe mar bhonn ciallmhar do thionscnaimh agus tograí nua le haghaidh gníomhartha dlí de chuid an Aontais agus, ag an am céanna, teastaíonn fianaise freisin le bheith in ann cur chun feidhme na mbeartas a thomhas agus le faireachán a dhéanamh air. Maidir le beartais an Aontais, soláthraíonn ACT fianaise eolaíoch neamhspleách agus tacaíocht theicniúil dóibh feadh thimthriall iomlán na mbeartas. Díríonn ACT a thaighde ar thosaíochtaí beartais an Aontais.

Réimsí idirghabhála: an bonn eolais le haghaidh ceapadh beartais a neartú; dúshláin dhomhanda (an tsláinte; an cultúr, an chruthaitheacht agus an tsochaí chuimsitheach; slándáil shibhialta don tsochaí; cúrsaí digiteacha, an tionscal agus an spás; an aeráid, fuinneamh agus an tsoghluaisteacht; bia, an bithgheilleagar, acmhainní nádúrtha, an talmhaíocht agus an comhshaol); nuálaíocht, forbairt eacnamaíoch, agus iomaíochas; barr feabhais eolaíoch; forbairt chríochach agus tacaíocht do Bhallstáit agus do réigiúin

(3)   

Colún III “Eoraip na Nuálaíochta”

Leis an gcolún seo, i gcomhréir le hAirteagal 4, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas, déanfar gach cineál nuálaíochta a chothú, lena n-áirítear nuálaíocht neamhtheicneolaíoch, go príomha in FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, tríd an bhforbairt theicneolaíoch, an taispeáint agus aistriú eolais a éascú, agus neartófar cur chun úsáide réiteach nuálach. Rannchuideofar leis freisin le cuspóirí sonracha eile an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3. Déanfar EIC a chur chun feidhme trí dhá ionstraim go príomha, an Treo-aimsitheoir, arna chur chun feidhme go príomha trí thaighde comhoibritheach, agus an Luasaire.

(a)

EIC: ag díriú go príomha ar nuálaíocht atá ceannródaíoch agus suaiteach, spriocdhírithe go háirithe ar nuálaíocht lena gcruthaítear margaí agus, ag an am céanna, ag tacú le gach cineál nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíocht chéimneach.

Réimsí idirghabhála: Treo-aimsitheoir i leith ardtaighde, ag tacú le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn anois agus a bheidh ag teacht chun cinn amach anseo, ar teicneolaíochtaí ceannródaíocha, teicneolaíochtaí lena gcruthaítear margaí agus/nó teicneolaíochtaí doimhne iad; an Luasaire, ag dúnadh bhearna an mhaoinithe idir céimeanna déanacha ghníomhaíochtaí T&N agus an glacadh ar an margadh, nuálaíocht cheannródaíoch lena gcruthaítear margaí a chur chun úsáide go héifeachtach agus cuideachtaí a uas-scálú i gcásanna nach soláthraíonn an margadh maoiniú inmharthana; gníomhaíochtaí breise EIC, amhail duaiseanna agus comhaltachtaí, agus seirbhísí breisluacha gnó.

(b)

Éiceachórais nuálaíochta na hEorpa

Réimsí idirghabhála: gníomhaíochtaí lena n-áirítear go háirithe nascadh, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le EIT, le gníomhaithe nuálaíochta náisiúnta agus réigiúnacha agus ag tacú le Ballstáit, réigiúin agus tíortha comhlachaithe chun cláir nuálaíochta chomhpháirteacha thrasteorann a chur chun feidhme, ó mhalartú cleachtas agus eolais i ndáil le rialáil na nuálaíochta go scileanna boga a fheabhsú i ndáil le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíocht oscailte nó nuálaíocht úsáideoir-stiúrtha, chun borradh a chur faoi éifeachtacht an chórais nuálaíochta Eorpaigh. Ba cheart é sin a chur chun feidhme i sineirge le, i measc nithe eile, tacaíocht ó CFRE d’éiceachórais nuálaíochta agus do chomhpháirtíochtaí idir-réigiúnacha i dtaca le speisialtóireacht chliste.

(c)

An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

Réimsí idirghabhála (a shainítear in Iarscríbhinn II): éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe ar fud na hEorpa; scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear acmhainneachtaí na n-institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa a mhéadú; réitigh nua don mhargadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda; sineirgí agus breisluach laistigh den Chlár.

(4)   

An Chuid “Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus LTE a Neartú”

Trí na gníomhaíochtaí seo a leanas, leis an gcuid seo, saothrófar na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (d) d’Airteagal 3(2). Rannchuideofar léi freisin le cuspóirí sonracha eile an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3. Agus é mar fhothaca leis an gClár ar fad, leis an gcuid seo, tacófar le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le daoine tréitheacha a mhealladh, cúrsaíocht daoine oilte a chothú agus imirce daoine oilte a chosc, agus gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le hEoraip a bheidh níos eolasbhunaithe agus níos nuálaí, agus cothrom ó thaobh inscne de, a bheidh ar thús cadhnaíochta san iomaíochas domhanda, agus an comhar trasnáisiúnta á chothú agus, ar an gcaoi sin, láidreachtaí agus poitéinseal náisiúnta á n-optamú san Eoraip trí chéile in LET a bheidh ag feidhmiú go maith, limistéar ina mbeidh eolas agus lucht saothair ardoilte ag gluaiseacht thart faoi shaoirse ar bhealach cothrom, ina mbeidh tuiscint agus iontaoibh ag saoránaigh eolasacha as na torthaí ó T&N, torthaí a bheidh á scaipeadh go forleathan agus a rachadh chun tairbhe don tsochaí ina hiomláine, agus ina mbeidh beartas an Aontais, go háirithe beartas T&N, bunaithe ar fhianaise eolaíoch ardchaighdeáin.

Leis an gCuid seo, tacófar freisin le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar cháilíocht na dtograí a thagann ó eintitis dhlítheanacha ó thíortha ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N, amhail seiceálacha proifisiúnta réamhthogra agus comhairle phroifisiúnta réamhthogra, agus borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí na bPointí Teagmhála Náisiúnta chun tacú le líonrú idirnáisiúnta, chomh maith le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh tacú le heintitis dhlítheanacha ó thíortha ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N páirt a ghlacadh i dtionscadail chomhoibríocha atá roghnaithe cheana, ar tionscadail iad nach bhfuil eintitis dhlítheanacha ó thíortha den sórt sin rannpháirteach iontu.

Réimsí idirghabhála: rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathadh, lena n-áirítear trí theacht le chéile i bhfoirne, nascadh, Cathaoirligh LET, Comhar Eorpach san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht (COST), tionscnaimh barr feabhais agus gníomhaíochtaí chun cúrsaíocht daoine oilte a chothú; córas T&N na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú, lena n-áirítear, mar shampla trí thacú le hathchóiriú a dhéanamh ar bheartas náisiúnta maidir le T&N, gairmeacha beatha tarraingteacha a sholáthar, agus tacú le heolaíocht inscne agus eolaíocht na saoránach.


IARSCRÍBHINN II

AN INSTITIÚID EORPACH UM NUÁLAÍOCHT AGUS TEICNEOLAÍOCHT (EIT)

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí EIT:

(1)

An Réasúnaíocht

Mar a luaitear go soiléir sa Tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil maidir leis an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag T&N an Aontais (Grúpa Ardleibhéil Lamy), is é an bealach chun tosaigh “oideachas a chur ar dhaoine don todhchaí agus infheistiú sna daoine a chuirfidh an t-athrú i gcrích”. Go háirithe, iarrtar ar institiúidí ardoideachais Eorpacha an fhiontraíocht a spreagadh, teorainneacha disciplíneacha a bhaint as a chéile agus comhar láidir idirdhisciplíneach idir an earnáil acadúil agus an earnáil thionsclaíoch a bhuanú. De réir suirbhéanna a rinneadh le déanaí, is é an rochtain ar dhaoine tréitheacha an fachtóir is tábhachtaí ar fad a bhfuil tionchar aige ar an rogha a dhéanfaidh fiontraithe gnólachtaí nuathionscanta Eorpacha maidir le suíomh dá ngnó. Tá an t-oideachas fiontraíochta, deiseanna oiliúna agus forbairt scileanna cruthaitheacha ríthábhachtach chun nuálaithe na todhchaí a chothú agus chun cumas na nuálaithe atá ann cheana a fhorbairt chun go mbeidh na gnólachtaí atá acu níos rathúla fós. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh rochtain ar dhaoine tréitheacha fiontraíocha, mar aon le rochtain ar sheirbhísí gairmiúla, ar chaipiteal agus ar mhargaí ar leibhéal an Aontais, agus go dtabharfar gníomhaithe ábhartha na nuálaíochta le chéile faoi chuimsiú cuspóir comhchoiteann chun go bhféadfar éiceachóras nuálaíochta a chothú. Is gá iarrachtaí ar fud an Aontais a chomhordú chun mais chriticiúil de chnuasaigh agus d’éiceachórais fiontraíochta idirnasctha ar fud an Aontais a chruthú.

Is é EIT an t-éiceachóras comhtháite nuálaíochta is mó atá ann san Eoraip inniu, lena dtugtar comhpháirtithe le chéile ón réimse gnó, taighde, oideachais agus ó réimsí eile. Leanann EIT de thacaíocht a thabhairt dá chuid PENanna, ar Comhpháirtíochtaí Eorpacha ar mhórscála iad a thugann aghaidh ar dhúshláin shonracha dhomhanda, agus déanfaidh siad na héiceachórais nuálaíochta timpeall orthu a neartú. Déanann sé é sin trí chomhtháthú an oideachais a chothú, T&N den chaighdeán is airde a cothú, agus, ar an gcaoi sin, timpeallachtaí a chruthú a chabhróidh leis an nuálaíocht, agus trí ghlúin nua fiontraithe a chur chun cinn agus tacú leo agus trí chruthú cuideachtaí nuálacha i ndlúthshineirgí agus i gcomhlántacht le EIC a spreagadh.

Ní mór iarrachtaí a dhéanamh go fóill, ar fud na hEorpa, chun éiceachórais a fhorbairt lenar féidir le taighdeoirí, nuálaithe, tionscail agus rialtais idirghníomhú le chéile go héasca. Go deimhin, ní bhíonn éiceachórais na nuálaíochta ag feidhmiú go héifeachtach go fóill mar gheall ar roinnt cúiseanna amhail an méid seo a leanas:

(a)

cuirtear bac ar ghníomhaithe na nuálaíochta go fóill a bheith ag idirghníomhú le chéile mar go bhfuil bacainní eagrúcháin, rialála agus cultúir rompu;

(b)

sna hiarrachtaí chun éiceachórais na nuálaíochta a neartú, bainfear tairbhe as comhordú agus fócas soiléir ar chuspóirí sonracha agus ar thionchar sonrach.

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin amach anseo, chun teacht i dtír ar na deiseanna a bheidh ann mar thoradh ar theicneolaíochtaí nua agus chun rannchuidiú le fás eacnamaíoch atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, poist, iomaíochas agus dea-bhail shaoránaigh na hEorpa, is gá acmhainneacht na hEorpa chun bheith i mbun nuálaíochta a neartú tuilleadh tríd an méid seo a leanas: timpeallachtaí atá ann cheana atá fabhrach don chomhar agus don nuálaíocht a neartú agus timpeallachtaí nua den chineál sin a chothú; cumas nuálaíochta na hearnála acadúla agus earnáil an taighde a neartú; tacú le glúin nua fiontraithe; cruthú agus forbairt fiontar nuálach a spreagadh, mar aon le hinfheictheacht agus aitheantas ghníomhaíochtaí T&N arna gcistiú ag an Aontas a neartú, go háirithe cistiú EIT don phobal i gcoitinne.

Mar gheall ar chineál agus ar scála na ndúshlán nuálaíochta, is gá idirchaidreamh a dhéanamh le gníomhaithe agus acmhainní a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais trí chomhar trasteorann a chothú. Is gá fáil réidh leis na bacainní idir disciplíní agus feadh na slabhraí luacha agus cruthú timpeallachta fabhraí a chothú ina ndéanfar eolas agus saineolas a mhalartú go héifeachtach, agus ina ndéanfar daoine tréitheacha fiontraíocha a fhorbairt agus fiontraithe a mhealladh. Áiritheofar le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht ó EIT go mbeidh comhréireacht ann le dúshláin an Chláir, mar aon le comhlántacht le EIC.

(2)

Réimsí Idirghabhála

2.1.

Éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe ar fud na hEorpa

I gcomhréir le Rialachán EIT agus an Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht ó EIT, tá ról treisithe ag EIT in éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe atá dírithe ar dhúshláin a neartú ar fud na hEorpa. Go háirithe, leanann EIT de bheith ag feidhmiú go príomha trína chuid PENanna, trí na Comhpháirtíochtaí Eorpacha ar mhórscála lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin shochaíocha shonracha. Leanann sé de bheith ag neartú éiceachórais nuálaíochta thart timpeall orthu trí iad a chur ar fáil agus trí lánpháirtiú an taighde, na nuálaíochta agus an oideachais a chothú. Lena chois sin, neartaíonn EIT éiceachórais nuálaíochta ar fud na hEorpa trína Scéim Nuálaíochta Réigiúnach (RIS) a leathnú. Oibreoidh EIT i gcomhar le héiceachórais nuálaíochta ina léirítear ardphoitéinseal nuálaíochta atá bunaithe ar straitéis, ailíniú téamach agus tionchar atá beartaithe, i ndlúthshineirge le straitéisí agus Ardáin um speisialtóireacht chliste:

Imlínte

(a)

chun éifeachtacht PENanna atá ann cheana agus a n-oscailteacht i leith comhpháirtithe nua a neartú, lena gcumasófar an t-aistriú chuig féin-inbhuanaitheacht san fhadtéarma agus lena ndéanfar anailísiú ar an ngá atá le PENanna nua a bhunú chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda. Sainítear na réimsí téamacha sonracha sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht ó EIT, agus an phleanáil straitéiseach á cur san áireamh;

(b)

chun dlús a chur faoi réigiúin dul i dtreo barr feabhais sna tíortha dá dtagraítear sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht ó EIT i ndlúthchomhair le cistí struchtúracha agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais i gcás inarb iomchuí.

2.2.

Scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear acmhainneachtaí na n-institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa a mhéadú

Neartaítear gníomhaíochtaí oideachais EIT chun an nuálaíocht agus an fhionraíocht a chothú trí oideachas agus oiliúint dhiongbháilte. Tá fócas níos láidre ar fhorbairt an chaipitil dhaonna bunaithe ar chláir oideachais de chuid PENanna EIT atá ann cheana a leathnú d’fhonn leanúint de bheith ag cur ar fáil curaclaim ardchaighdeáin atá bunaithe ar an nuálaíocht agus ar an bhfiontraíocht i gcomhréir go háirithe le straitéis an Aontais um an tionscal agus le stráitéis an Aontais um scileanna do mhic léinn agus do lucht gairme. Féadfar a áireamh orthu na taighdeoirí agus nuálaithe dá dtugtar tacaíocht le codanna eile den Chlár, go háirithe le MSCAnna. Tacaíonn EIT le nuachóiriú a dhéanamh ar institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa freisin agus iad a lánpháirtiú in éiceachórais nuálaíochta trína bpoitéinseal agus a gcumas fiontraíochta a chothú agus a mhéadú agus iad a spreagadh le riar níos fearr ar riachtanais scileanna nua roimh ré;

Imlínte

(a)

curaclaim nuálacha a fhorbairt, lena gcuirfear san áireamh riachtanais na sochaí agus an tionscail amach anseo, agus cláir thrasearnálacha a fhorbairt atá le tairiscint do mhic léinn, fiontraithe agus lucht gairme ar fud na hEorpa agus lasmuigh di ina gcomhcheanglófar saineolas earnála sonraí le scileanna atá dírithe ar an nuálaíocht agus scileanna fiontraíochta, amhail scileanna ardteicneolaíochta a bhaineann le heochair-theicneolaíochtaí cumasúcháin digiteacha agus inbhuanaithe;

(b)

branda EIT a neartú agus a leathnú chun feabhas a chur ar infheictheacht agus aitheantas chláir oideachais EIT atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais éagsúla, ionaid taighde éagsúla agus comhlachtaí taighde éagsúla agus, ag an am céanna, feabhas a chur ar cháilíocht EIT ina iomláine trí churaclaim, agus oideachas fiontraíochta diongbháilte a bhfuil cuspóir leis, mar aon le soghluaisteacht idirnáisiúnta, idir-eagraíochtaí agus idir-earnálacha, a chur ar fáil ina bhfoghlaimeofar ábhar an churaclaim trí chleachtadh a dhéanamh;

(c)

cumas nuálaíochta agus fiontraíochta earnáil an ardoideachais a fhorbairt, trí ghiaráil agus cur chun cinn a dhéanamh ar shaineolas phobal EIT chun oideachas, taighde agus gnó a nascadh le chéile;

(d)

ról phobal Alumni EIT a neartú ina eiseamláir do mhic léinn nua agus ina ionstraim láidir chun an tionchar a bheidh ag EIT a léiriú.

2.3.

Réitigh nua don mhargadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda

Le EIT, déantar fiontraithe, nuálaithe, taighdeoirí, oideoirí, mic léinn agus gníomhaithe eile nuálaíochta a éascú, a chumhachtú agus a dhámhachtain, agus príomhshruthú inscne á áirithiú ag an am céanna, ionas go mbeidh siad in ann obair i gcomhar le chéile i bhfoirne trasdisciplíneacha chun smaointe a ghiniúint agus déanfar iad a chlaochlú ina nuálaíocht incriminteach agus shuaiteach araon. Is iad príomhghnéithe na ngníomhaíochtaí an nuálaíocht oscailte agus an cur chuige trasteorann, lena ndíreofar ar ghníomhaíochtaí ábhartha Thriantán an Eolais a chur san áireamh atá an-tábhachtach le go mbeidh rath orthu (amhail gur féidir le tionscnóirí tionscadal feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar chéimithe atá cáilithe in ábhair shonracha, úsáideoirí tosaigh, gnólachtaí nuathionscanta a bhfuil smaointe nuálacha acu, gnólachtaí nach gnólachtaí intíre iad a bhfuil sócmhainní comhlántacha acu etc.);

Imlínte

(a)

tacú le táirgí, seirbhísí agus deiseanna margaidh nua a fhorbairt lena mbíonn gníomhaithe Thriantán an Eolais ag obair i gcomhar le chéile chun réitigh a fháil ar dhúshláin dhomhanda;

(b)

slabhra luacha na nuálaíochta ar fad a chomhtháthú go hiomlán: ó mhac léinn go fiontraí, ó smaoineamh go táirgeadh, ón tsaotharlann go dtí an custaiméir. Áirítear air sin tacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis;

(c)

seirbhísí agus tacaíocht ardleibhéil a sholáthar do ghnólachtaí nuálacha, lena n-áirítear cúnamh teicniúil a thabhairt ar mhaithe le táirgí agus seirbhísí a mhionchoigeartú, meantóireacht shubstainteach, tacaíocht chun custaiméirí spriocdhírithe a áirithiú agus caipiteal a thógáil, chun go mbeidh rochtain gan mhoill acu ar an margadh agus chun go gcuirfear dlús faoina bpróiseas fáis.

2.4.

Sineirgí agus breisluach laistigh den Chlár

Cuireann EIT dlús lena iarrachtaí chun leas a bhaint as na sineirgí agus na comhlántachtaí idir PENanna atá ann cheana agus le gníomhaithe agus tionscnaimh éagsúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda agus leathnóidh sé an líonra eagraíochtaí dlúthchomhair atá aige ar an leibhéal straitéiseach agus ar an leibhéal oibríochtúil araon, agus dúbláil á seachaint aige ag an am céanna.

Imlínte

(a)

dlúthchomhar le EIC agus Clár InvestEU maidir le cuíchóiriú a dhéanamh ar an tacaíocht (eadhon cistiú agus seirbhísí) a thairgtear d’fhiontair nuálacha sna céimeanna nuathionscanta agus uas-scálaithe araon, go háirithe trí PENanna;

(b)

gníomhaíochtaí EIT a phleanáil agus a chur chun feidhme chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as sineirgí agus comhlántachtaí le codanna eile den Chlár;

(c)

dul i dteagmháil le Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon, lena rachfar i mbun idirphlé struchtúrtha agus lena ndéanfar iarrachtaí a chomhordú chun sineirgí le tionscnaimh náisiúnta agus réigiúnacha a chumasú, lena n-áirítear straitéisí um speisialtóireacht chliste, agus trí chur chun feidhme “éiceachórais nuálaíochta na hEorpa” a bhreithniú freisin, chun dea-chleachtais agus dea-fhoghlaim a shainaithint, a chomhroinnt agus a scaipeadh;

(d)

cleachtais agus foghlaim nuálacha a chomhroinnt agus a scaipeadh ar fud na hEorpa agus níos faide anonn, ionas go rannchuideofar le beartas nuálaíochta san Eoraip i gcomhar le codanna eile den Chlár;

(e)

ionchur a thabhairt faoi phléití ar bheartais nuálaíochta agus rannchuidiú le tosaíochtaí bheartais an Aontais a dhearadh agus a chur chun feidhme trína bheith ag obair go leanúnach le seirbhísí ábhartha uile an Choimisiúin, le cláir eile de chuid an Aontais agus lena ngeallsealbhóirí, agus deiseanna a iniúchadh tuilleadh i dtionscnaimh cur chun feidhme beartais;

(f)

sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais a shaothrú, lena n-áirítear na cláir sin ina dtacaítear le forbairt caipitil dhaonna agus nuálaíochta (amhail COST, CSE+, CFRE, Erasmus +, Eoraip na Cruthaitheachta agus COSME Plus/Margadh Aonair, Clár InvestEU);

(g)

comhghuaillíochtaí straitéiseacha a chruthú le príomhghníomhaithe nuálaíochta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus tacaíocht do PENanna chun comhoibriú agus naisc le príomh-chomhpháirtithe Thriantán an Eolais ó thríú tíortha a fhorbairt, arb é is aidhm dóibh margaí nua a oscailt do réitigh de bhun PENanna mar aon le maoiniú agus daoine tréitheacha a mhealladh ó thar lear. Cuirfear rannpháirtíocht tríú tíortha chun cinn maidir le prionsabail na cómhalartachta agus na dtairbhí frithpháirteacha.


IARSCRÍBHINN III

COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ EORPACHA

Déanfar Comhpháirtíochtaí Eorpacha a roghnú agus a chur chun feidhme, a chéimniú amach nó a athnuachan, nó déanfar faireachán nó meastóireacht orthu, ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

1.

Roghnú:

A léiriú go bhfuil an Chomhpháirtíocht Eorpach níos éifeachtaí ó thaobh cuspóirí gaolmhara an Chláir a bhaint amach trí rannpháirtíocht agus tiomantas na gcomhpháirtithe, go háirithe maidir le tionchair shoiléire a ghnóthú don Aontas agus dá shaoránaigh, go háirithe i bhfianaise na dúshláin dhomhanda agus cuspóirí T&N a ghnóthú, iomaíochas agus inbhuanaitheacht an Aontais a chinntiú agus rannchuidiú le neartú LET agus, i gcás inarb ábhartha, le tiomantais idirnáisiúnta;

I gcás Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE, tá rannpháirtíocht 40 % de Bhallstáit ar a laghad éigeantach;

(a)

leanúnachas agus sineirgí na Comhpháirtíochta Eorpaí laistigh de chreat T&N an Aontais, agus rialacha an Chláir á leanúint a mhéid is féidir;

(b)

trédhearcacht agus oscailteacht na Comhpháirtíochta Eorpaí i ndáil le tosaíochtaí agus cuspóirí a shainaithint maidir le torthaí agus tionchar a bhfuiltear ag súil leo agus maidir le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe agus na ngeallsealbhóirí feadh an tslabhra luacha ina iomláine, ó earnálacha, cúlraí agus disciplíní éagsúla, lena n-áirítear cinn idirnáisiúnta nuair is ábhartha agus gan cur isteach ar an iomaíochas Eorpach; socruithe soiléire maidir le rannpháirtíocht FBManna a chur chun cinn agus maidir le torthaí a scaipeadh agus a shaothrú, go háirithe ag FBManna, lena n-áirítear trí eagraíochtaí idirmheánacha;

(c)

léiriú ex ante ar bhreisíocht agus treoíocht na Comhpháirtíochta Eorpaí, lena n-áirítear fís straitéiseach chomhchoiteann de chuspóir na Comhpháirtíochta Eorpaí. Áirítear na nithe seo a leanas, go háirithe, san fhís sin:

(i)

an méid atá le baint amach, torthaí agus tionchair a bhfuiltear ag súil leo agus atá intomhaiste a shainaithint laistigh d’amchláir shonracha, lena n-áirítear luach bunúsach eacnamaíoch agus/nó sóisialta don Aontas;

(ii)

éifeachtaí giarála cáilíochtúla agus cainníochtúla suntasacha a bhfuiltear ag súil leo a thaispeáint, lena n-áirítear modh lena ndéanfaí eochairtháscairí feidhmíochta a thomhas;

(iii)

cuir chuige chun solúbthacht an chur chun feidhme a áirithiú agus chun coigeartú a dhéanamh má athraíonn riachtanais bheartais, shochaíocha agus/nó an mhargaidh, nó má dhéantar dul chun cinn ó thaobh na heolaíochta, chun comhleanúnachas beartais a mhéadú idir an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus leibhéal an Aontais;

(iv)

straitéisí scoir agus bearta don chéimniú amach ón gClár;

(d)

léiriú ex ante ar thiomantas fadtéarmach na gcomhpháirtithe, lena n-áirítear sciar íosta infheistíochtaí poiblí agus/nó príobháideacha;

I gcás Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe, a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 185 nó 187 CFAE, is ionann na ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó na ranníocaíochtaí comhchineáil ó chomhpháirtithe seachas an tAontas agus 50 %, ar a laghad, de ghealltanais bhuiséadacha chomhiomlánaithe na Comhpháirtíochta Eorpaí agus féadfaidh siad a bheith chomh hard le 75 %. I gcás gach Comhpháirtíochta Eorpaí Institiúidithe den sórt sin, beidh sciar den rannchuidiú ó chomhpháirtithe eile seachas an tAontas i bhfoirm ranníocaíochtaí airgeadais. I gcás comhpháirtithe eile seachas an tAontas agus stáit rannpháirteacha, ba cheart ranníocaíochtaí airgeadais a bheith dírithe go príomha ar chostais riaracháin, mar aon le comhordú agus tacaíocht agus gníomhaíochtaí neamhiomaíocha eile, a chumhdach.

2.

Cur chun feidhme:

(a)

cur chuige córasach lena n-áirithítear go mbeidh na Ballstáit páirteach go gníomhach agus go luath agus go mbainfear amach tionchair na Comhpháirtíochta Eorpaí a bhfuiltear ag súil leo trí chur chun feidhme solúbtha gníomhaíocht chomhpháirteach a bhfuil breisluach ard Aontais ag gabháil leo agus a rachaidh thar ghlaonna comhpháirteacha ar thograí le haghaidh ghníomhaíochtaí T&N freisin, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil baint acu leis an nglacadh atá ag an margadh leo, le glacadh rialála nó le glacadh beartais;

(b)

bearta iomchuí lena n-áirithítear oscailteacht leanúnach an tionscnaimh agus trédhearcacht le linn an chur chun feidhme, go háirithe le haghaidh socrú tosaíochtaí agus le haghaidh rannpháirtíocht i nglaonna ar thograí, faisnéis ar fheidhmiú an rialachais, infheictheacht an Aontais, bearta cumarsáide agus for-rochtana, scaipeadh agus saothrú torthaí, lena n-áirítear straitéis shoiléir i dtaca le rochtain oscailte/úsáideoirí feadh an tslabhra breisluacha; bearta iomchuí chun FBManna a chur ar an eolas agus chun a rannpháirtíocht a chur chun cinn;

(c)

gníomhaíochtaí comhordúcháin nó gníomhaíochtaí comhpháirteacha le tionscnaimh T&N ábhartha eile chun barrleibhéal na n-idirnasc agus sineirgí éifeachtacha a áirithiú, i measc nithe eile, chun bacainní cur chun feidhme a d’fhéadfadh a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta a shárú agus cost-éifeachtúlacht a mhéadú;

(d)

gealltanais, i dtaca le ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil, ó gach comhpháirtí i gcomhréir le forálacha náisiúnta le linn ré an tionscnaimh;

(e)

i gcás gach Comhpháirtíochta Eorpaí Institiúidithe, rochtain ag an gCoimisiún ar na torthaí agus ar fhaisnéis eile a bhaineann le gníomhaíochtaí chun na críche beartais nó cláir an Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu.

3.

Faireachán:

(a)

córas faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an dul chun cinn i dtreo cuspóirí beartais, bunspriocanna agus eochairtháscairí feidhmíochta sonracha a rianú, a fhágann gur féidir measúnú a dhéanamh thar thréimhse ama ar an méid a baineadh amach, ar thionchair agus ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le bearta ceartaitheacha;

(b)

tuairisciú tréimhsiúil tiomnaithe ar éifeachtaí giarála cáilíochtúla agus cainníochtúla, lena n-áirítear maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus comhchineáil a ghealltar agus a sholáthraítear go hiarmhír, infheictheacht agus suí sa chomhthéacs idirnáisiúnta, an tionchar ar rioscaí ó thaobh T&N de a bhaineann le hinfheistíochtaí na hearnála príobháidí;

(c)

faisnéis mhionsonraithe ar an bpróiseas meastóireachta agus torthaí ó gach glao ar thograí laistigh de Chomhpháirtíochtaí Eorpacha, atá le cur ar fáil ar bhealach tráthúil inrochtana i ríomhbhunachar sonraí comhchoiteann.

4.

Meastóireacht, céimniú amach agus athnuachan:

(a)

meastóireacht ar na tionchair arna mbaint amach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i ndáil leis na spriocanna sainithe agus eochairtháscairí feidhmíochta sainithe, a úsáidfear sa mheastóireacht ar an gClár a leagtar amach in Airteagal 52, lena n-áirítear measúnú ar an modh idirghabhála ó thaobh beartais de is éifeachtaí le haghaidh aon ghníomhaíocht amach anseo; agus an áit a bheidh ag aon athnuachan féideartha ar Chomhpháirtíocht Eorpach i gcreat foriomlán na gComhpháirtíochtaí Eorpacha agus a thosaíochtaí beartais;

(b)

in éagmais athnuachana, bearta iomchuí lena n-áiritheofar go ndéanfar cistiú an Chláir a chéimniú amach de réir na gcoinníollacha agus an amchláir arna gcomhaontú ex ante leis na comhpháirtithe a thug gealltanas dlíthiúil, gan dochar do chistiú leanúnach trasnáisiúnta a d’fhéadfadh teacht ó chláir eile náisiúnta nó de chuid an Aontais, agus gan dochar don infheistíocht phríobháideach agus tionscadail leanúnacha.


IARSCRÍBHINN IV

SINEIRGÍ LE CLÁIR EILE DE CHUID AN AONTAIS

Is ar chomhlántacht idir ceapadh agus cuspóirí clár agus ar chomhoiriúnacht na rialacha agus na bpróiseas airgeadais ar leibhéal an chur chun feidhme a bhíonn sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais bunaithe.

Ní bhainfear úsáid as cistiú ón gClár ach amháin chun gníomhaíochtaí T&N a mhaoiniú. Áiritheofar le próiseas na pleanála straitéisí go ndéanfar na tosaíochtaí do chláir éagsúla de chuid an Aontais a ailíniú agus go mbeidh roghanna cistiúcháin comhleanúnacha ann ag céimeanna éagsúla den timthriall T&N. Bainfidh misin agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha, i measc nithe eile, tairbhe as sineirgí le cláir agus beartais eile de chuid an Aontais.

Déanfar cur chun úsáide torthaí taighde agus réitigh nuálacha arna bhforbairt faoin gClár Réime a éascú le tacaíocht ó chláir eile de chuid an Aontais, go háirithe trí straitéisí leata agus saothraithe, aistriú eolais, foinsí cistiúcháin chomhlántaigh charnaigh, agus bearta beartais a ghabhann leo. Bainfidh cistiú le haghaidh gníomhaíochtaí T&N leas as rialacha comhchuibhithe a cheaptar chun breisluach Aontais a áirithiú, forluí le cláir éagsúla an Aontais a sheachaint agus chun an éifeachtúlacht agus an simpliú riaracháin is mó is féidir a bhaint amach.

Leagtar amach sna míreanna thíos, tuilleadh sonraí conas a bheidh feidhm ag na sineirgí sin idir an Clár Réime agus na cláir éagsúla de chuid an Aontais.

1.

Le sineirgí leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) agus leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) faoin gComhbheartas talmhaíochta (CBT), áireofar an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfar riachtanais T&N na hearnála talmhaíochta agus na limistéar tuaithe san Aontas a shainaithint, mar shampla, laistigh den Chomhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta “Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta” agus go gcuirfear san áireamh iad i bpleanáil straitéiseach an Chláir agus sna cláir oibre araon;

(b)

go mbainfidh CBT an úsáid is fearr as torthaí T&N agus go gcuirfidh sé úsáid, cur chun feidhme agus cur chun úsáide réiteach nuálach chun cinn, lena n-áirítear iad sin a thagann as tionscadail a chistítear leis na cláir réime le haghaidh T&N agus as an gComhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta “Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta” agus as PENanna ábhartha de chuid EIT;

(c)

go dtacaíonn CETFT le glacadh agus leathadh eolais agus réiteach a eascraíonn as torthaí an Chláir a mbeidh earnáil feirmeoireachta níos dinimiciúla agus deiseanna nua i dtaca le forbairt na gceantar tuaithe ann dá mbarr.

2.

Le sineirgí leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), áireofar an méid seo a leanas:

(a)

go mbeidh dlúthnasc idir an Clár agus CEMID, toisc go ndéantar riachtanais T&N an Aontais i réimse an bheartais mara agus an bheartais mhuirí chomhtháite a chur san áireamh trí phróiseas pleanála straitéisí an Chláir;

(b)

go dtacóidh CEMID le soláthar céimneach teicneolaíochtaí úra agus táirgí, próiseas agus seirbhísí nuálacha, go háirithe iad siúd a thagann ón gClár i réimse an bheartais mara agus i réimse an bheartais mhuirí chomhtháite; go gcuirfidh CEMID bailiú, próiseáil agus faireachán sonraí ar an láthair chun cinn freisin, agus go ndéanfaidh sé gníomhaíochtaí ábhartha a dtacaítear leo faoin gClár a leathadh, rud a rannchuideoidh ina dhiaidh sin leis an gComhbheartas Iascaigh, le Beartas Muirí Comhtháite an Aontais, le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan a chur chun feidhme agus le gealltanais idirnáisiúnta.

3.

Le sineirgí le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), áireofar an méid seo a leanas:

(a)

agus é d’aidhm acu LET a neartú agus rannchuidiú leis na SFInna, go dtacóidh socruithe le haghaidh cistiú malartach, carnach ó CFRE agus ón gClár le gníomhaíochtaí a dhúnann an bhearna, go háirithe, idir straitéisí um speisialtóireacht chliste agus barr feabhais in T&N, lena n-áirítear cláir chomhpháirteacha thrasréigiúnacha/thrasnáisiúnta agus Bonneagair Thaighde uile-Eorpacha,;

(b)

go ndíreoidh CFRE, i measc nithe eile, ar éiceachórais agus líonraí T&N réigiúnacha agus áitiúla a fhorbairt agus a neartú agus ar an gclaochlú tionsclaíoch, lena n-áirítear tacú le fothú acmhainneachtaí T&N, le glacadh torthaí agus le soláthar céimneach teicneolaíochtaí úra agus réiteach nuálach atá neamhdhíobhálach don aeráid ó na cláir réime le haghaidh T&N trí CFRE.

4.

Le sineirgí le Ciste Sóisialta na hEorpa+ (CSE+), áireofar an méid seo a leanas:

(a)

trí chláir náisiúnta nó réigiúnacha, gur féidir le CSE+ curaclaim nuálacha a dtacaíonn an Clár leo a phríomhshruthú agus a mhéadú ó thaobh scála, chun na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá d’éilimh an mhargaidh saothair a bhíonn ag síorathrú a thabhairt do dhaoine;

(b)

gur féidir na socruithe don chistiú malartach, comhcheangailte ó CSE+ a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí an Chláir lena gcuirtear forbairt an chaipitil dhaonna in T&N chun cinn, d’fhonn LET a neartú;

(c)

go ndéanfaidh CSE+ teicneolaíochtaí nuálacha agus samhlacha nua gnó agus réitigh nua tráchtála, go háirithe iad siúd a thagann as an gClár, a phríomhshruthú, ionas go rannchuideofar le córais sláinte nuálacha, éifeachtúla agus inbhuanaithe agus chun gur fusa do shaoránaigh Eorpacha cúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte a rochtain.

5.

Le sineirgí le clár EU4Health, áireofar an méid seo leanas:

(a)

go ndéanfar riachtanais T&N an Aontais i réimse na sláinte a shainaithint agus a shuíomh trí phleanáil straitéiseach an Chláir;

(b)

go rannchuideofar, le clár EU4Health, lena áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr as torthaí taighde, go háirithe iad siúd a thagann as an gClár.

6.

Le sineirgí leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), áireofar an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfar riachtanais T&N i réimse an iompair, i réimse an fhuinnimh agus san earnáil dhigiteach laistigh den Aontas a shainaithint agus a shuíomh trí phleanáil straitéiseach an Chláir;

(b)

go dtacóidh SCE le soláthar céimneach ar mhórscála na dteicneolaíochtaí agus na réiteach nuálach nua agus iad a chur chun úsáide i réimse an iompair, i réimse an fhuinnimh agus sna bonneagair fhisiciúla dhigiteacha, go háirithe iad siúd a thagann as na cláir réime le haghaidh T&N;

(c)

go ndéanfar malartú faisnéise agus sonraí idir an Clár Réime agus tionscadail SCE a éascú, go háirithe trí bhéim a leagan ar theicneolaíochtaí ón gClár Réime a bhfuil leibhéal ard ullmhachta don mhargadh ag baint leo a d’fhéadfaí a chur chun úsáide a thuilleadh trí SCE.

7.

Le sineirgí leis an gClár don Eoraip Dhigiteach (CED), áireofar an méid seo a leanas:

(a)

cé go dtagann roinnt réimsí téamacha a dtugtar aghaidh orthu leis an gClár agus le CED le chéile, go mbeidh na cineálacha gníomhaíochtaí atá le maoiniú, a dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo agus a loighic idirghabhála, éagsúil agus comhlántach;

(b)

go ndéanfar riachtanais T&N a bhaineann le gnéithe digiteacha an Chláir a shainaithint agus a shuíomh trína phleanáil straitéiseach; áirítear leis sin, mar shampla, T&N le haghaidh na ríomhaireachta ardfheidhmíochta, na hintleachta saorga, na cibearshlándála, teicneolaíochtaí mórleabhair dáilte, teicneolaíochtaí candamacha lena gcomhcheanglaítear an ghné dhigiteach le teicneolaíochtaí cumasúcháin eile agus nuálaíochtaí neamhtheicneolaíocha; tacú le huas-scálú cuideachtaí trí nuálaíochtaí ceannródaíocha a thabhairt isteach (go leor acu a mbíonn teicneolaíochtaí digiteacha agus fisiciúla á gcur le chéile iontu); agus tacú le bonneagair thaighde dhigiteacha;

(c)

go ndíreofar, le CED, ar acmhainneacht agus bonneagar digiteach ar mórscála a fhothú sa ríomhaireacht ardfheidhmíochta, san intleacht shaorga, sa chibearshlándáil, i dteicneolaíochtaí mórleabhair dáilte, i dteicneolaíochtaí candamacha agus in ardscileanna digiteacha ionas go mbeidh glacadh agus cur chun úsáide forleathan ann ar fud an Aontais i dtaca le réitigh dhigiteacha nuálacha bharrthábhachtacha, atá ann cheana nó a ndearnadh tástáil orthu, laistigh de chreat de chuid an Aontais i réimsí a bhaineann le leas an phobail (amhail sláinte, riarachán poiblí, an ceartas agus an t-oideachas) nó cliseadh margaidh (amhail digitiú gnólachtaí, go háirithe FBManna); go gcuirfear CED chun feidhme go príomha trí infheistíochtaí comhordaithe agus straitéiseacha leis na Ballstáit, go háirithe trí sholáthar poiblí comhpháirteach, in acmhainní digiteacha atá le roinnt ar fud an Aontais agus i ngníomhaíochtaí uile-Aontais lena dtacaítear le hidir-inoibritheacht agus le caighdeánú mar chuid den phróiseas chun Margadh Aonair Digiteach a fhorbairt;

(d)

go gcuirfear acmhainní agus bonneagair CED ar fáil do lucht T&N, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gClár lena n-áirítear tástáil, turgnamhaíocht agus taispeántas thar gach earnáil agus disciplín;

(e)

go ndéanfar teicneolaíochtaí digiteacha úra arna bhforbairt tríd an gClár a ghlacadh agus a chur chun úsáide le CED de réir a chéile;

(f)

na tionscnaimh faoin gClár le haghaidh forbairt curaclam scileanna agus inniúlachtaí, lena n-áirítear iad sin arna soláthar in PENanna ábhartha EIT, go ndéanfar iad a chomhlánú le fothú acmhainneachta in ardscileanna digiteacha le tacaíocht ó CED;

(g)

go bhfuil sásraí comhordaithe i gcomhair clársceidealú straitéiseach, nósanna imeachta oibriúcháin agus struchtúir rialachais ann don dá chlár.

8.

Le sineirgí le Clár an Mhargaidh Aonair, áireofar an méid seo a leanas:

(a)

go rachaidh Clár an Mhargaidh Aonair i ngleic le haon chliseadh margaidh a imríonn tionchar ar FBManna agus go gcuirfidh sé fiontraíocht agus cruthú agus fás cuideachtaí chun cinn, agus go mbeidh comhleanúnachas ann idir Clár an Mhargaidh Aonair agus gníomhaíochtaí EIT agus EIC araon le haghaidh cuideachtaí nuálacha, agus i réimse na seirbhísí tacaíochta le haghaidh FBManna chomh maith, go háirithe i gcásanna nach gcuireann an margadh maoiniú inmharthana ar fáil;

(b)

go bhfeidhmeoidh an Líonra Fiontar Eorpach, de bhreis ar struchtúir tacaíochta eile do FBManna (e.g. Pointí Teagmhála Náisiúnta, Gníomhaireachtaí Nuálaíochta, Moil Nuálaíochta Digití, Lárionaid Inniúlachta, gorlanna), chun seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil faoin gClár, lena n-áirítear EIC.

9.

Le sineirgí leis an gClár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), áireofar an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfar riachtanais T&N chun dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil, aeráide agus fuinnimh laistigh den Aontas a shainaithint agus a shuíomh trí phleanáil straitéiseach an Chláir;

(b)

leanfaidh clár LIFE de bheith ag gníomhú mar chatalaíoch chun reachtaíocht agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol, leis an aeráid agus le gnéithe áirithe fuinnimh a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí bhíthin glacadh torthaí taighde agus nuálaíochta ón gClár agus cuidiú iad a chur chun úsáide ar scála náisiúnta agus (idir)réigiúnach áit a bhféadfaidh siad aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhshaoil, aeráide agus aistrithe fuinnimh. Go háirithe, leanfaidh LIFE de shineirgí leis an gClár a dhreasú trí bhónas a dhámhachtain le linn na meastóireachta ar thograí ar gné díobh úsáid a bhaint as na torthaí ón gClár;

(c)

tacóidh tionscadail gníomhaíochtaí caighdeánacha LIFE le teicneolaíochtaí nó modheolaíochtaí oiriúnacha a fhorbairt, a thástáil nó a thaispeáint chun beartas comhshaoil agus aeráide an Aontais a chur chun feidhme, ar féidir iad a chur chun úsáide ar mhórscála ina dhiaidh sin, arna gcistiú ó fhoinsí eile, lena n-áirítear ón gClár. Is féidir le EIT an Chláir, chomh maith le EIC, tacaíocht a sholáthar chun tráchtálú a dhéanamh ar smaointe nua ceannródaíocha a d’fhéadfadh a bheith ina dtoradh ar chur chun feidhme thionscadail LIFE, agus chun na smaointe sin a mhéadú ó thaobh scála de.

10.

Le sineirgí le Erasmus+, áireofar an méid seo leanas:

(a)

go mbainfear úsáid as acmhainní comhcheangailte ón gClár, lena n-áirítear ó EIT, agus ó Erasmus+ chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú atá tiomnaithe d’institiúidí ardoideachais Eorpacha a neartú, a nuachóiriú agus a athrú ó bhonn. I gcás inarb iomchuí, déanann an Clár comhlánú ar thacaíocht Erasmus+ do Thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, ina ghné thaighde, mar chuid d’fhorbairt straitéisí nua comhpháirteacha lánpháirtithe inbhuanaithe fadtéarmacha i leith oideachais, T&N atá bunaithe ar chineálacha trasdisciplíneacha trasearnálacha chun triantán an eolais a chruthú. D’fhéadfadh gníomhaíochtaí EIT comhlánú a dhéanamh ar na straitéisí atá le cur chun feidhme ag Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha;

(b)

go gcothóidh an Clár agus Erasmus+ comhtháthú an oideachais agus an taighde trí chuidiú le hinstitiúidí ardoideachais straitéisí agus líonraí coiteanna oideachais T&N a cheapadh agus a chur ar bun, trí chórais oideachais, múinteoirí agus oiliúnóirí a chur ar an eolas faoi na torthaí agus cleachtais is déanaí maidir leis an taighde agus maidir le taithí ghníomhach taighde a chur ar fáil do gach mac léinn agus gach ball foirne ardoideachais, go háirithe taighdeoirí, agus chun tacú le gníomhaíochtaí eile lena ndéantar an t-ardoideachas agus T&N a chomhtháthú.

11.

Le sineirgí le Clár Spáis an Aontais, áireofar an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfar riachtanais T&N Chlár Spáis an Aontais agus iadsan atá ag an earnáil réamhtheachtach agus iartheachtach spáis laistigh den Aontas a shainaithint agus a shuíomh mar chuid de phleanáil straitéiseach an Chláir; na gníomhaíochtaí taighde spáis arna gcur chun feidhme tríd an gClár, déantar iad a chur chun feidhme agus aird á tabhairt ar sholáthar agus incháilitheacht eintiteas dlítheanach i gcomhréir le Clár Spáis an Aontais, i gcás inarb iomchuí;

(b)

go n-úsáidfear na sonraí agus seirbhísí spáis a chuirtear ar fáil mar earraí poiblí faoi Chlár Spáis an Aontais chun réitigh cheannródaíocha a fhorbairt trí T&N, lena n-áirítear sa Chlár, go háirithe maidir le hinbhuanaitheacht bia agus acmhainní nádúrtha, faireachán ar an aeráid, an t-atmaisféar, an ithir, an timpeallacht mhuirí agus chósta, cathracha cliste, soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe, an tslándáil agus bainistiú tubaistí;

(c)

go rannchuideoidh Seirbhísí um Rochtain ar Shonraí agus ar Fhaisnéis Copernicus le NEEO agus go ndéanfaidh siad rochtain taighdeoirí, eolaithe agus nuálaithe ar shonraí Copernicus a éascú dá bharr; tá bonneagair thaighde, go háirithe líonraí breathnóireachta in situ, ina ngnéithe ríthábhachtacha den bhonneagar breathnóireachta in situ lena gcumasaítear seirbhísí Copernicus, agus baineann siad tairbhe ina dhiaidh sin as an bhfaisnéis arna giniúint ag seirbhísí Copernicus.

12.

Le sineirgí leis an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), áireofar an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfar riachtanais T&N i réimse NDICI agus i réimse IPA III a shainaithint trí phleanáil straitéiseach an Chláir, i gcomhréir leis na SFInna;

(b)

go ndéanfar, le gníomhaíochtaí T&N an Chláir, agus le rannpháirtíocht tríú tíortha agus le gníomhaíochtaí spriocdhírithe comhair idirnáisiúnta, ailíniú agus comhleanúnachas a lorg le gníomhaíochtaí comhthreomhara i dtaca le dul i bhfód ar an margadh agus fothú acmhainneachta faoi NDICI agus IPA III, bunaithe ar shainiú comhpháirteach ar riachtanais agus ar réimsí idirghabhála.

13.

Le sineirgí leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus leis an ionstraim um bainistiú teorainneacha mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, áireofar an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfar riachtanais T&N i réimse na slándála agus i réimse an bhainistithe chomhtháite teorainneacha a shainaithint agus a shuíomh trí phleanáil straitéiseach an Chláir;

(b)

go dtacóidh an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha le teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha úra a chur chun úsáide, go háirithe iad siúd a thagann as na cláir réime le haghaidh T&N i réimse an taighde slándála.

14.

Le sineirgí le Clár InvestEU, áireofar an méid seo a leanas:

(a)

leis an gClár, go soláthrófar maoiniú measctha faoi Fís 2020 agus maoiniú measctha faoi EIC le haghaidh nuálaithe, arb é leibhéal ard riosca is saintréith dó agus nach gcuireann an margadh maoiniú inmharthana inbhuanaithe ábhartha ar fáil ina leith; san am céanna, leis an gClár, tugtar tacaíocht chun an chuid phríobháideach den mhaoiniú measctha a sholáthar agus a bhainistiú go héifeachtach trí chistí agus idirghabhálaithe a fhaigheann tacaíocht ó Chlár InvestEU agus ó rudaí eile;

(b)

go ndéanfar ionstraimí airgeadais do T&N agus do FBManna a ghrúpáil le chéile faoi Chlár InvestEU, go háirithe trí ghné téamach T&N tiomnaithe, agus trí tháirgí arna gcur chun úsáide faoin ngné i ndáil le FBManna, rud a chuideodh le cuspóirí an dá chlár a bhaint amach chomh maith le naisc chomhlántacha láidre a bhunú idir an dá chlár;

(c)

go dtabharfar tacaíocht iomchuí, faoin gClár, chun cabhrú le treo nua a thabhairt do thionscadail atá iontaofa ó thaobh brabúis de, ar cinn iad nach bhfuil oiriúnach do chistiú EIC, i dtreo Chlár InvestEU, i gcás inarb ábhartha.

15.

Le sineirgí leis an gCiste Nuálaíochta faoin Scéim Trádála Astaíochtaí (“an Ciste Nuálaíochta”), áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfaidh an Ciste Nuálaíochta nuálaíocht a dhíriú go sonrach i dteicneolaíochtaí agus i bpróisis ísealcharbóin, lena n-áirítear gabháil agus úsáid charbóin atá sábháilte don chomhshaol agus a rannchuidíonn go suntasach le tionchair an athraithe aeráide a mhaolú, chomh maith le táirgí a úsáidtear in ionad cinn atá dian ó thaobh úsáid carbóin de, agus le cabhrú chun spreagadh a thabhairt le tionscadail a thógáil agus a oibriú arb é is aidhm dóibh CO2 a ghabháil agus a stóráil go geolaíoch ar dhóigh atá sábháilte don chomhshaol, agus spreagadh a thabhairt freisin do theicneolaíochtaí nuálacha a bhaineann le fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, agus chun táirgí “níos glaise” a chumasú agus a dhreasú;

(b)

go dtabharfaidh an Clár cistiú chun teicneolaíochtaí a fhorbairt agus a chur os comhair an phobail, lena n-áirítear réitigh cheannródaíocha, ar teicneolaíochtaí iad a bheidh in ann cuspóirí an Aontais maidir le haeráidneodracht, fuinneamh agus claochlú tionsclaíoch a bhaint amach, go háirithe trí ghníomhaíochtaí Cholún II agus Cholún III an Chláir;

(c)

go bhféadfaidh an Ciste Nuálaíochta, ar choinníoll go ndéanfar a chritéir roghnúcháin agus dhámhachtana a chomhlíonadh, tacú le céim taispeána tionscadal incháilithe a bhféadfadh tacaíocht a bheith faighte acu ón gClár, agus go mbunófar naisc chomhlántacha láidre idir an dá chlár.

16

Le sineirgí leis an Sásra um Aistriú Cóir, áireofar an méid seo leanas:

(a)

go sainaithneofar riachtanais T&N trí phleanáil straitéiseach an Chláir chun tacú le haistriú cóir cothrom i dtreo na haeráidneodrachta;

(b)

go ndéanfar glacadh agus cur chun úsáide réiteach nuálach atá neamhdhíobhálach don aeráid, go háirithe iad siúd a thagann as an gClár, a chur chun cinn.

17.

Le sineirgí le Clár Taighde agus Oiliúna Euratom, áireofar an méid seo a leanas:

(a)

go bhforbróidh an Clár agus Clár Taighde agus Oiliúna Euratom gníomhaíochtaí cuimsitheacha lena dtacaítear le hoideachas agus oiliúint (lena n-áirítear MSCAnna) agus é mar aidhm leo scileanna ábhartha a choimeád ar an leibhéal reatha agus a fhorbairt san Eoraip;

(b)

go bhforbrófar leis an gClár agus le Clár Taighde agus Oiliúna Euratom gníomhaíochtaí comhpháirteacha taighde a bheidh dírithe ar ghnéithe cothrománacha den úsáid shlán shábháilte a bhaintear as feidhmeanna neamhchumhachta na radaíochta ianúcháin in earnálacha amhail an leigheas, an tionscal, an talmhaíocht, an spás, an t-athrú aeráide, an tslándáil agus ullmhacht i gcás éigeandála agus rannchuidiú na heolaíochta núicléiche.

18.

Le sineirgí féideartha leis an gCiste Eorpach Cosanta, rachfar chun tairbhe taighde sibhialta agus cosanta d’fhonn dúbláil gan ghá a sheachaint agus i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 7(1).

19.

Cothófar sineirgí le Clár Eoraip na Cruthaitheachta trí riachtanais T&N i réimse na mbeartas cultúrtha agus cruthaitheach a shainaithint i bpleanáil straitéiseach an Chláir.

20.

Le sineirgí leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

go sainaithneofar, trí phleanáil straitéiseach an Chláir, riachtanais T&N chun tacú le geilleagair agus sochaí na mBallstát a bheith níos athléimní agus níos ullmhaithe don todhchaí;

(b)

go dtacófar le glacadh agus le cur chun úsáide réiteach nuálach, go háirithe iad siúd a thagann as an gClár.


IARSCRÍBHINN V

EOCHAIRTHÁSCAIRÍ NA gCONAIRÍ TIONCHAIR

Déanfaidh conairí tionchair, agus eochairtháscairí na gconairí tionchair gaolmhara, struchtúrú ar an bhfaireachán ar dhul chun cinn an Chláir i dtreo a chuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. Beidh na conairí tionchair spleách ar an am agus léireoidh siad trí chatagóir chomhlántacha tionchair, catagóirí a léiríonn an nádúr neamhlíneach atá ag infheistíocht T&N: eolaíoch, sochaíoch agus teicneolaíoch nó eacnamaíoch. I gcás gach ceann de na catagóirí tionchair sin, úsáidtear táscairí ionadacha chun rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn, lena ndéanfar idirdhealú idir an gearrthéarma, an meántéarma agus téarmaí níos faide, lena n-áirítear thar ré an Chláir, le deiseanna miondealaithe, lena n-áirítear de réir Ballstáit agus tír chomlachaithe. Déanfar na táscairí sin a chur le chéile ag baint úsáid as modheolaíochtaí cainníochtúla agus cáilíochtúla. Rannchuidíonn codanna aonair den Chlár leis na táscairí sin ar leibhéal éagsúil agus trí mheicníochtaí éagsúla. Is féidir táscairí breise a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar chodanna aonair den Chlár, i gcás inarb ábhartha.

Bailítear na micreashonraí ar a bhfuil eochairtháscairí na gconairí tionchair bunaithe le haghaidh gach coda den Chlár agus le haghaidh gach sásra seachadta ar dhóigh a bheidh bainistithe go lárnach agus comhchuibhithe agus ar an leibhéal iomchuí gráinneachta, a fhágfaidh go mbeidh an t-ualach tuairiscithe ar na tairbhithe chomh beag agus is féidir.

Sa bhreis air sin agus thar eochairtháscairí na gconairí tionchair, mar chuid de na sonraí cur chun feidhme agus bainistithe, dá dtagraítear in Airteagal 50, déantar na sonraí maidir le seachadadh an Chláir chun LET a neartú, lena ndéantar na rannpháirtíochtaí barrfheabhas-bhunaithe ó na Ballstáit go léir sa Chlár a chothú agus naisc chomhoibríocha a éascú maidir le T&N na hEorpa a bhailiú agus a thuairisciú gar le fíor-am. Áirítear leis sin faireachán ar naisc chomhoibríocha, ar anailís líonra, ar shonraí maidir le tograí, iarratais, rannpháirtíochtaí, tionscadail, iarratasóirí agus rannpháirtithe (lena n-áirítear sonraí ar chineál na heagraíochta, amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta, FBManna agus an earnáil phríobháideach), tír (amhail aicmiú sonrach le haghaidh grúpaí tíortha amhail Ballstáit, tíortha comhlachaithe agus tríú tíortha), inscne, ról sa tionscadal, disciplín nó earnáil eolaíoch, lena n-áirítear SSH), agus faireachán ar leibhéal an phríomhshruthaithe aeráide agus méid an chaiteachais a bhaineann leis an aeráid.

Táscairí na gconairí tionchair eolaíocha

Táthar ag súil leis go mbeidh tionchar eolaíoch ag an gClár trí eolas nua ardchaighdeáin a chruthú, caipiteal daonna in T&N a neartú, agus scaipeadh eolais agus na heolaíochta oscailte a chothú. Déantar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo an tionchair sin le táscairí ionadacha a shocrófar feadh na dtrí eochairchonair tionchair seo a leanas:

Tábla 1

I dtreo tionchar eolaíoch

Gearrthéarmach

Meántéarmach

Fadtéarmach

Eolas nua ardchaighdeáin a chruthú

Foilseacháin -

Líon na bhfoilseachán eolaíochta a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu a thagann as an gClár

Luanna -

Innéacs na Luanna Ualaithe de réir Réimse do na foilseacháin a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu a thagann as an gClár

Eolaíocht den chéad scoth -

Líon agus sciar na bhfoilseachán a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu as thagann as na tionscadail arna gcistiú ag an gClár a rannchuidíonn ar leibhéal bunúsach le réimsí eolaíochta

Caipiteal daonna in T&N a neartú

Scileanna -

Líon na dtaighdeoirí atá páirteach i ngníomhaíochtaí uas-scilithe (oiliúint, meantóireacht/cóitseáil, soghluaisteacht agus rochtain ar bhonneagair T&N) i dtionscadail arna gcistiú ag an gClár

Gairmeacha -

Líon agus sciar na dtaighdeoirí uas-scilithe atá páirteach sa Chlár a imríonn níos mó tionchair aonair ina réimse T&N

Dálaí oibre -

Líon agus sciar na dtaighdeoirí uas-scilithe atá páirteach sa Chlár a bhfuil dálaí oibre feabhsaithe acu, lena n-áirítear tuarastail na dtaighdeoirí

Scaipeadh eolais agus na heolaíochta oscailte a chothú

Eolas comhroinnte -

An sciar d’aschuir thaighde (sonraí oscailte/foilseacháin/bogearraí etc.) a thagann as an gClár arna gcomhroinnt faoi bhonneagair um eolas oscailte

Scaipeadh eolais -

An sciar d’aschuir thaighde faoi rochtain oscailte a thagann as an gClár arna n-úsáid go gníomhach/arna lua

Comhoibriú nua -

An sciar de thairbhithe an Chláir a d’fhorbair comhoibriú nua trasdiciplíneach/trasearnálach le húsáideoirí a n-aschuir thaighde faoi rochtain oscailte a thagann as an gClár

Táscairí na gconairí tionchair shochaíoch

Táthar ag súil leis go mbeidh tionchar sochaíoch ag an gClár trí aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear SFInna na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir le prionsabail Chlár Oibre 2030 agus spriocanna Chomhaontú Pháras, trí T&N, tairbhí agus tionchar a sholáthar trí mhisin T&N agus trí na Comhpháirtíochtaí Eorpacha agus trí ghlacadh na nuálaíochta sa tsochaí a neartú, rud a rannchuideoidh, ar deireadh, le dea-bhail na ndaoine. Déantar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo an tionchair sin le táscairí ionadacha a shocrófar feadh na dtrí eochairchonair tionchair seo a leanas.

Tábla 2

I dtreo tionchar sochaíoch

Gearrthéarmach

Meántéarmach

Fadtéarmach

Aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus ar dhúshláin dhomhanda trí T&N

Torthaí -

Líon agus sciar na dtorthaí arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus ar dhúshláin dhomhanda (lena n-áirítear SFInna) (ilghnéitheach: maidir le gach tosaíocht a sainaithníodh)

Áirítear orthu sin: Líon agus sciar na dtorthaí a bhaineann leis an aeráid arb é is aidhm dóibh gealltanas an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh

Réitigh -

Líon agus sciar na nuálaíochtaí agus an méid arna bhaint amach i gcás taighde lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí beartais an Aontais a sainaithníodh agus ar dhúshláin dhomhanda (lena n-áirítear SFInna) (ilghnéitheach: le haghaidh gach tosaíochta a sainaithníodh)

Áirítear orthu sin: Líon agus sciar na nuálaíochtaí agus an méid arna bhaint amach i gcás taighde a bhaineann leis an aeráid lena ndéantar gealltanas an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh

Tairbhí -

Éifeachtaí measta comhiomlána a thiocfaidh as úsáid/saothrú torthaí arna gcistiú ag an gClár maidir le dul i ngleic le tosaíochtaí beartais an Aontais arna sainaithint agus dúshláin dhomhanda (lena n-áirítear SFInna), lena n-áirítear rannchuidiú leis an timthriall déanta beartas agus dlíthe (amhail noirm agus caighdeáin) (ilghnéitheach: maidir le gach tosaíocht a sainaithníodh)

Áirítear orthu sin: Éifeachtaí measta comhiomlána a thiocfaidh as úsáid/saothrú torthaí arna gcistiú ag an gClár a bhaineann leis an aeráid, maidir le gealltanas an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, lena n-áirítear rannchuidiú leis an timthriall déanta beartas agus dlíthe (amhail noirm agus caighdeáin)

Tairbhí agus tionchair a sholáthar trí mhisin T&N

Torthaí mhisin T&N -

Torthaí i misin shonracha T&N

(ilghnéitheach: maidir le gach misean a sainaithníodh)

An méid arna bhaint amach i gcás mhisin T&N -

An méid arna bhaint amach i gcás mhisin shonracha T&N

(ilghnéitheach: le haghaidh gach misin a sainaithníodh)

Spriocanna a baineadh amach i misin T&N -

Spriocanna a baineadh amach i misin shonracha T&N

(ilghnéitheach: le haghaidh gach misin a sainaithníodh)

Glacadh T&N sa tsochaí a neartú

Comhchruthú -

Líon agus sciar na dtionscadal arna gcistiú ag an gClár ina rannchuidíonn saoránaigh den Aontas agus úsáideoirí deiridh le hábhar T&N a chomhchruthú

Rannpháirteachas -

Líon agus sciar na n-eintiteas dlítheanach rannpháirteach a bhfuil sásraí rannpháirteachas maidir le saoránaigh agus úsáideoirí deiridh acu tar éis tionscadail arna gcistiú ag na Cláir teacht chun deiridh

Glacadh T&N sa tsochaí

Glacadh agus for-rochtain na dtorthaí eolaíochtaí agus réiteach nuálach arna gcomhchruthú a ghintear faoin gClár

Táscairí na gconairí tionchair theicneolaíoch agus eacnamaíoch

Táthar ag súil leis go mbeidh tionchar teicneolaíoch agus eacnamaíoch ag an gClár go háirithe laistigh den Aontas trí thionchar a imirt ar chruthú agus fás cuideachtaí, go háirithe FBManna lena n-airítear gnólachtaí nuathionscanta, rud a chruthófar fostaíocht dhíreach agus indíreach go háirithe laistigh den Aontas, agus trí ghiaráil ar infheistíochtaí do T&N. Déantar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo an tionchair sin le táscairí ionadacha a shocrófar feadh na dtrí eochairchonair tionchair seo a leanas.

Tábla 3

I dtreo tionchar teicneolaíoch / eacnamaíoch

Gearrthéarmach

Meántéarmach

Fadtéarmach

Fás atá bunaithe ar nuálaíocht a ghiniúint

Torthaí nuálacha –

Líon na dtáirgí nuálacha, na bpróiseas nuálach nó na modhanna nuálacha a thagann as an gClár (de réir cineál nuálaíochta) & feidhmeanna ó thaobh Cearta Maoine Intleachtúla (CMInna)

Nuálaíochtaí –

Líon na nuálaíochtaí a thagann as na tionscadail arna gcistiú ag an gClár (de réir cineál nuálaíochta) lena n-áirítear cinn ó CMInna a dámhadh

Fás eacnamaíoch –

Cruthú, fás agus sciartha margaidh cuideachtaí a ndearnadh nuálaíochtaí a fhorbairt sa Chlár

Tuilleadh post agus poist níos fearr a chruthú

Fostaíocht ar tacaíodh léi –

Líon na bpost de choibhéis lánaimseartha (FTE) arna chruthú, agus líon na bpost arna choimeád in eintitis dhlítheanacha rannpháirteacha don tionscadal arna chistiú ag an gClár (de réir cineál poist)

Fostaíocht arna coinneáil ar bun –

An méadú ar phoist FTE in eintitis dhlítheanacha rannpháirteacha tar éis an tionscadail arna chistiú ag an gClár (de réir cineál poist)

Fostaíocht iomlán –

Líon na bpost díreach agus indíreach arna chruthú nó arna choinneáil ar bun de thoradh ar thorthaí ón gClár a scaipeadh (de réir cineál poist)

Giaráil ar infheistíochtaí in T&N

Comhinfheistíocht –

Méid na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí arna shlógadh a bhuí leis an infheistíocht tosaigh ón gClár

Uas-scálú –

Méid na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí arna shlógadh chun torthaí ón gClár a shaothrú nó a uas-scálú (lena n-áirítear infheistíocht dhíreach choigríche)

Rannchuidiú le “sprioc 3 %” –

Dul chun cinn an Aontais i dtreo na sprice 3 % de OTI de bharr an Chláir


IARSCRÍBHINN VI

RÉIMSÍ LE hAGHAIDH MISIN FHÉIDEARTHA AGUS RÉIMSÍ LE hAGHAIDH COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ EORPACHA INSTITIÚIDITHE FÉIDEARTHA ATÁ LE BUNÚ FAOI AIRTEAGAL 185 NÓ 187 CFAE

I gcomhréir le hAirteagail 8 agus 12 den Rialachán seo, leagtar amach san Iarscríbhinn seo na réimsí le haghaidh misin fhéideartha agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha féideartha atá le bunú faoi Airteagal 185 nó 187 CFAE.

I.

Réimsí le haghaidh misin fhéideartha

Réimse Misin 1: Oiriúnú don Athrú Aeráide, lena n-áirítear Claochlú Sochaíoch

Réimse Misin 2: Ailse

Réimse Misin 3: Aigéin, Farraigí, Uiscí Cósta agus Uiscí Intíre Sláintiúla;

Réimse Misin 4: Cathracha atá Neodrach ó thaobh na hAeráide de agus Cathracha Cliste

Réimse Misin 5: Sláinte na hIthreach agus Bia

Leanann gach misean na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 8(4) den Rialachán seo.

II.

Réimsí le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe féideartha ar bhonn Airteagal 185 nó 187 CFAE

Réimse Comhpháirtíochta 1: Forbairt níos gasta ar nuálaíochtaí sláinte agus úsáid níos sábháilte díobh d’othair Eorpacha, agus an tsláinte dhomhanda

Réimse Comhpháirtíochta 2: Dul chun cinn a dhéanamh maidir le heochair-theicneolaíochtaí digiteacha agus cumasúcháin agus a n-úsáid, lena n-áirítear theicneolaíochtaí nua amhail an intleacht shaorga, an fhótónaic agus teicneolaíochtaí candamacha ach gan a bheith teoranta dóibh.

Réimse Comhpháirtíochta 3: Ceannaireacht Eorpach i Méadreolaíocht lena n-áirítear córas Méadreolaíochta comhtháite.

Réimse Comhpháirtíochta 4: Dlús a chur le hiomaíochas, sábháilteacht agus feidhmíocht chomhshaoil i dtaca le haertrácht, eitlíocht agus iarnróid an Aontais.

Réimse Comhpháirtíochta 5: Réitigh bhithbhunaithe atá inbhuanaithe, cuimsitheach agus ciorclach.

Réimse Comhpháirtíochta 6: Teicneolaíochtaí stórála hidrigine agus fuinnimh inbhuanaithe a bhfuil lorg comhshaoil níos lú agus táirgeacht íseal-astaíochta acu.

Réimse Comhpháirtíochta 7: Réitigh ar na héilimh shoghluaisteachta a bheidh ag daoine agus earraí amach anseo a bheidh glan, nasctha, comhoibríoch, uathrialaithe agus uathoibríoch.

Réimse Comhpháirtíochta 8: FBManna atá nuálach agus dírithe ar T&F.

D’fhéadfadh togra reachtach i gcomhréir le ceart tionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh a bheith mar thoradh ar an bpróiseas chun an gá le Comhpháirtíocht Eorpach Institiúidithe a mheas i gceann amháin de na Réimsí Comhpháirtíochta thuasluaite. Seachas sin, is féidir leis an Réimse Comhpháirtíochta ábhartha a bheith faoi réir Comhpháirtíochta Eorpacha de bhun phointe (a) d’Airteagal 10(1) nó phointe (b) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo nó is féidir é a chur chun feidhme trí ghlaonna eile ar thograí laistigh den Chlár seo.

Toisc go bhfuil réimsí leathana de réir téama cumhdaithe sna réimsí féideartha le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe, is féidir, bunaithe ar na riachtanais measúnaithe, le níos mó ná Comhpháirtíocht Eorpach amháin iad a chur chun feidhme.


Top