Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0665

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/665 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra bainistithe aerthráchta eile san aerspás U-spáis arna ainmniú san aerspás rialaithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/2672

    IO L 139, 23.4.2021, p. 184–186 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/665/oj

    23.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 139/184


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/665 ÓN gCOIMISIÚN

    an 22 Aibreán 2021

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra bainistithe aerthráchta eile san aerspás U-spáis arna ainmniú san aerspás rialaithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 43 pointe de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún (2), leagtar síos ceanglais choiteanna maidir le soláthar seirbhísí bainistithe aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta (“BAT/SAL”) agus feidhmeanna líonra bainistithe aerthráchta (“feidhmeanna líonra BAT”) eile maidir leis an ngnáth-aerthrácht agus maoirseacht an ghnáth-aerthráchta.

    (2)

    Le glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664 (3) ón gCoimisiún, d’fhéadfaí aerspás U-spáis a ainmniú laistigh den aerspás rialaithe mar a n-oibríonn aerárthaí foireannaithe i dteannta aerárthaí gan foireann. Chun sábháilteacht na n-oibríochtaí sin a áirithiú, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún a leasú chun go n-áireofaí ann na ceanglais is gá maidir le soláthraithe seirbhísí aerthráchta i dtaca le comhordú le soláthraithe seirbhísí U-spáis agus, nuair is infheidhme, le soláthraithe aonair seirbhísí coiteanna faisnéise.

    (3)

    Laistigh den aerspás U-spáis ainmnithe san aerspás rialaithe, ba cheart soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta a bheith freagrach fós as seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar d’oibreoirí aerárthaí foireannaithe. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí aerthráchta athchumrú dinimiciúil, mar a thugtar air, a dhéanamh ar an aerspás U-spáis freisin chun a áirithiú go mbeidh aerárthaí foireannaithe agus aerárthaí gan foireann fós leithscartha go sábháilte óna chéile.

    (4)

    Ba cheart nósanna imeachta sonracha agus saoráidí cumarsáide sonracha a bhunú idir aonaid seirbhísí aerthráchta iomchuí, soláthraithe seirbhísí U-spáis, oibreoirí UAS agus, nuair is infheidhme, soláthraithe aonair seirbhísí coiteanna faisnéise chun a áirithiú go ndéanfaidh na geallsealbhóirí oibríochtúla go léir an t-athchumrú dinimiciúil ar an aerspás U-spáis a chur i bhfeidhm ar bhealach comhordaithe.

    (5)

    Chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur chun feidhme go cuí, ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit agus do na geallsealbhóirí lena mbaineann a gcuid nósanna imeachta a chur in oiriúint don chreat rialála nua sula mbeidh feidhm ag an Rialachán seo.

    (6)

    Mhol Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh bearta i dTuairim Uimh. 1/2020 uaithi (4) i gcomhréir le pointí (b) agus (c) d’Airteagal 75(2) agus le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

    (7)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a leasú dá réir.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373

    Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 mar a leanas:

    (1)

    In Iarscríbhinn I, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

    “(260)

    ciallaíonn ‘aerspás U-spáis’ crios geografach UAS arna ainmniú ag na Ballstáit, nach lamháiltear oibríochtaí UAS a dhéanamh ann ach le tacaíocht ó sheirbhísí U-spáis;

    (261)

    ciallaíonn ‘seirbhís de chuid an U-spáis’ seirbhís atá ag brath ar sheirbhísí digiteacha agus ar uathoibriú feidhmeanna atá ceaptha tacú le rochtain shábháilte, shlán agus éifeachtúil ar aerspás an U-spáis do líon mór UAS;

    (262)

    ciallaíonn ‘seirbhís faisnéise coitinne’ seirbhís ina ndéantar sonraí statacha agus dinimiciúla a scaipeadh chun soláthar sheirbhísí an U-spáis a chumasú ar mhaithe le trácht aerárthaí gan foireann a bhainistiú;

    (263)

    ciallaíonn ‘athchumrú dinimiciúil aerspáis’ modhnú sealadach aerspás an U-spáis chun freastal ar athruithe gearrthéarmacha ar éileamh tráchta foireannaithe, trí choigeartú a dhéanamh ar theorainneacha geografacha aerspás sin an U-spáis.”

    (2)

    I Roinn 1 d’Fhochuid A d’Iarscríbhinn IV, cuirtear isteach pointe ATS.OR.127 seo a leanas:

    ATS.OR.127 Comhordú idir soláthraithe seirbhísí aerthráchta in aerspás an U-spáis

    Déanfaidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta na nithe seo a leanas:

    (a)

    soláthróidh siad, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, an fhaisnéis ábhartha maidir le trácht le haghaidh aerárthaí foireannaithe, ar faisnéis í is gá a sholáthar mar chuid de na seirbhísí faisnéise coiteanna dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664 (*1) i gcomhair aerspás U-Spáis arna bhunú sa limistéar rialaithe faoi dhlínse an tsoláthraí seirbhísí aerthráchta;

    (b)

    bunóidh siad na nósanna imeachta comhordúcháin agus na saoráidí cumarsáide idir aonaid seirbhísí aerthráchta iomchuí agus soláthraithe seirbhísí U-spáis agus, nuair is infheidhme, soláthraithe aonair seirbhísí coiteanna faisnéise lena lamhálfar soláthar na sonraí sin.”;

    (*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664 an 22 Aibreán 2021 maidir le creat rialála don U-spás (IO L 139, 23.4.2021, lch. 161).”;"

    (3)

    I Roinn 2 d’Fhochuid B d’Iarscríbhinn IV, cuirtear isteach pointe ATS.TR.237 seo a leanas:

    ATS.TR.237 Athchumrú dinimiciúil ar an aerspás U-spáis

    Déanfaidh aonaid rialaithe aerthráchta an méid seo a leanas:

    (a)

    teorainn shealadach a chur leis an limistéar laistigh den aerspás U-spáis ainmnithe ar féidir oibríochtaí UAS a dhéanamh ann chun go mbeifear in ann athruithe gearrthéarmacha a dhéanamh ar an éileamh tráchta foireannaithe trí theorainneacha taobhacha nó ingearacha an aerspáis U-spáis a choigeartú;

    (b)

    a áirithiú go dtabharfar fógra do na soláthraithe ábhartha seirbhísí U-spáis agus, nuair is infheidhme, do na soláthraithe aonair seirbhísí coiteanna faisnéise, ar bhealach tráthúil agus éifeachtach, faoi ghníomhachtú, díghníomhachtú agus teorainneacha sealadacha an aerspáis U-spáis ainmnithe.”

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 26 Eanáir 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Aibreán 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra eile a bhaineann le bainistiú agus maoirseacht an aerthráchta, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011, (IO L 62, 8.3.2017, lch. 1).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664 an 22 Aibreán 2021 maidir le creat rialála don U-spás (féach leathanach 161 den Iris Oifigiúil seo).

    (4)  https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions


    Top