Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2016

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/2016 ón gComhairle an 18 Samhain 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/932/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Éimin

    ST/13829/2021/INIT

    IO L 410I, 18.11.2021, p. 7–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2016/oj

    18.11.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 410/7


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/2016 ÓN gCOMHAIRLE

    an 18 Samhain 2021

    lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/932/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Éimin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2014/932/CBES ón gComhairle an 18 Nollaig 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Éimin (1), agus go háirithe Airteagal 3 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 18 Nollaig 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/932/CBES.

    (2)

    An 9 Samhain 2021, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 2140 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe triúr le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/932/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear leis seo an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/932/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Samhain 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. ČERNAČ


    (1)  IO L 365, 19.12.2014, lch. 147.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/932/CBES (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagail 1(1), 2a(1) agus Airteagal 2b(1) agus (2)):

    ”7.

    Saleh Mesfer Saleh Al Shaer (dá ngairtear freisin: (a) Saleh Mosfer Saleh al Shaer; (b) Saleh Musfer Saleh al Shaer; (c) Saleh Mesfer al Shaer; (d) Saleh al Shae; (e) Saleh al Sha’ir; (f) Abu Yasser).

    Script bhunaidh: الشاعر صالح مسفر صالح

    Ainmniúchán: Major General, ‘Judicial Custodian’ de mhaoin agus cistí faoi úinéireacht céilí comhraic Houthis. Seoladh: Yemen. Áit bhreithe: Al Safrah, Sa’dah Governorate, Yemen. Náisiúntacht: Yemen. Pas-uimhir: a) Yemen 05274639, a eisíodh an 7.10.2013 (dáta dul in éag: 7.10.2019) b) Yemen 00481779, a eisíodh an 9.12.2000 (dáta dul in éag: 9.12.2006) Uimhir aitheantais náisiúnta: a) Yemen 1388114 b) Yemen 10010057512. Faisnéis eile: Mar ‘Assistant Minister of Defence for Logistics’ de chuid na Houthis, chuidigh sé leis na Houthis airm agus armáin smuigleáilte a fháil. Mar ‘Judicial Custodian’ bhí baint dhíreach aige le leithreasú forleathan neamhdhleathach sócmhainní agus eintiteas ar le daoine príobháideacha iad, daoine a bhí á gcoinneáil faoi ghabháil ag na Houthis nó arbh éigean dóibh dídean a lorg taobh amuigh de Yemen. Cur síos fisiceach: Dath na súl: Donn; Gruaig: Liath; Dreach: Meándorcha; Colainn: Seang; Airde (ft/in): ní fios Meáchan (lbs): ní fios agus Treibh: Comhalta de Hashid tribal confederacy. Grianghraf, ar féidir é a chur isteach, ar fáil tríd an nasc gréasáin le haghaidh fógraí speisialta de chuid INTERPOL-UNSC: an nasc gréasáin le haghaidh fógraí speisialta de chuid INTERPOL-Comhairle Slándála NA: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals. Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe:9.11.2021.

    Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

    I gcomhréir le roinn 5(g) dá Threoirlínte, cuireann Coiste na Comhairle Slándála, arna bhunú de bhun rún 2140, ar fáil insint achomair ar na cúiseanna atá leis an liostú do dhaoine aonair, grúpaí, gnóthais agus eintitis a áirítear ar a liosta smachtbhannaí.

    An dáta a cuireadh an insint achomair ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choiste:9 Samhain 2021

    Liostaíodh Saleh Mesfer Saleh Al Shaer an 9 Samhain 2021 de bhun mhíreanna 11 agus 15 de rún 2140 (2014) agus de bhun mhír 14 de rún 2216 (2015), mar dhuine a chomhlíonann na critéir ainmniúcháin a leagtar amach i míreanna 17 agus 18(c) de rún 2140 (2014).

    Rinne Saleh Mesferh Al Shaer gníomhaíochtaí agus thug sé tacaíocht do ghníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Yemen i mbaol, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a sháraíonn an dlí daonnúil idirnáisiúnta is infheidhme in Yemen a threorú.

    Faisnéis bhreise:

    I bhfianaise an Ráitis ó Phainéal Saineolaithe na Náisiún Aontaithe i gCás an 28 Lúnasa 2019, tá gníomhaíochtaí déanta ag Saleh Mesfer Saleh Al Shaer a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Yemen i mbaol, rud a chomhlíonann na critéir ainmniúcháin mar atá leagtha amach i Mír 17 de Rún 2140 (2014). Agus é ag feidhmiú mar ‘Assistant Minister of Defence for Logistics’ de chuid na Houthis, chuidigh Saleh Mesfer Saleh Al Shaer leis na Houthis airm agus armáin smuigleáilte a fháil. Liostaíodh é, ina theannta sin, i dtaca lena rannpháirtíocht dhíreach ó thús 2018 i ndáil le leithreasú forleathan neamhdhleathach sócmhainní agus eintiteas ar le daoine príobháideacha iad, daoine a bhí á gcoinneáil faoi ghabháil ag na Houthis nó arbh éigean dóibh dídean a lorg taobh amuigh de Yemen, rud a rinne sé ina cháil mar ‘Judicial Custodian’ agus ar sárú ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta é. Bhain Al Shaer úsáid as a údarás agus as líonra Sana’a-bhunaithe ina bhfuil daoine dá theaghlach, cúirt choiriúil speisialta, an biúró náisiúnta slándála, an banc ceannais, seirbhísí cláraitheora na hAireachta Trádála agus Tionscail de chuid Yemen, agus roinnt bainc phríobháideacha chun maoin a thógáil go treallach ó dhaoine aonair príobháideacha agus eintitis ar leith gan aon phróiseas breithiúnach cuí nó aon fhéidearthacht sásamh a fháil.

    8.

    Muhammad Abd Al-Karim Al-Ghamari (dá ngairtear freisin: (a) Mohammad Al-Ghamari).

    Script bhunaidh: الغماري محمد عبدالكریم

    Ainmniúchán: Major General, Houthi Chief of General Staff. Seoladh: Yemen. Dáta breithe: a) 1979; b) 1984. Áit bhreithe: Izla Dhaen, Wahha District, Hajjar Governorate, Yemen. Náisiúntacht: Yemen. Faisnéis eile. Tá ról ceannasach ag Military Chief of General Staff na Houthis in iarrachtaí míleata arna ndéanamh ag an ngrúpa sin ar bagairt dhíreach na hiarrachtaí sin ar shíocháin, slándáil agus cobhsaíocht Yemen, lena n-áirítear in Marib, chomh maith le hionsaithe trasteorann ar an Araib Shádach. Grianghraf, ar féidir é a chur isteach, ar fáil tríd an nasc gréasáin le haghaidh fógraí speisialta de chuid INTERPOL-UNSC: an nasc gréasáin le haghaidh fógraí speisialta de chuid INTERPOL-Comhairle Slándála NA: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals. Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe:9.11.2021.

    Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

    I gcomhréir le roinn 5(g) dá Threoirlínte, cuireann Coiste na Comhairle Slándála, arna bhunú de bhun rún 2140, ar fáil insint achomair ar na cúiseanna atá leis an liostú do dhaoine aonair, grúpaí, gnóthais agus eintitis a áirítear ar a liosta smachtbhannaí.

    An dáta a cuireadh an insint achomair ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choiste:9 Samhain 2021

    Liostaíodh Abd Al-Karim Al-Ghamari an 9 Samhain 2021 de bhun mhíreanna 11 agus 15 de rún 2140 (2014) agus de bhun mhír 14 de rún 2216 (2015), mar dhuine a chomhlíonann na critéir ainmniúcháin a leagtar amach i mír 17 de rún 2140 (2014).

    Ghlac Abd Al-Karim Al-Ghamari páirt i ngníomhaíochtaí agus thug sé tacaíocht do ghníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Yemen i mbaol.

    Faisnéis bhreise:

    Tá Al-Ghamari á liostú mar gheall ar a rannpháirtíocht i bhfeachtais mhíleata de chuid na Houthis a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Yemen i mbaol, agus ar an gcaoi sin comhlíonann sé na critéir ainmniúcháin mar a leagtar amach iad i Mír 17 de Rún 2140 (2014). Tá ról ceannasach ag Al-Ghamari, agus é ina Military Chief of General Staff ar na Houthis, in iarrachtaí míleata arna ndéanamh ag an ngrúpa sin ar bagairt dhíreach na hiarrachtaí sin ar shíocháin, slándáil agus cobhsaíocht Yemen, chomh maith le hionsaithe trasteorann ar an Araib Shádach. Le déanaí, is é a bhí i gceannas ar an mórionsaí a rinne na Houthis ar chríoch a bhí i seilbh rialtas Yemen in Marib governorate. Tá géarchéim dhaonnúil Yemen ag dul in olcas mar gheall ar ionsaí Marib, ós rud é go bhfuil baol ann go n-easáiteofar arís tuairim is milliún duine leochaileacha atá easáitithe cheana féin ina dtír féin, agus go bhfuil sibhialtaigh á marú dá bharr, agus go bhfuil an choinbhleacht ag dul i méad agus i leithne.

    Próifíl ar Al Estiklal - ‘Muhammad Al-Ghamari; The Houthi Leader Who Conveyed The Iranian ‘Revolutionary Guards’ Experience To Yemen’ (https://www.alestiklal.net/en/view/8824/muhammad-al-ghamari-the-houthi-leader-who-conveyed-the-iranian-revolutionary-guards-experience-to-yemen) [arna rochtain an 19/Deireadh Fómhair/21]

    Al Mashhad al-Yemeni (Araibis)- ‘Insurgency Leader Al-Huthi Appoints Prominent Commander To Lead Fighting in Al Hudaydah’ (https://www.almashhad-alyemeni.com/print~136875) [arna rochtain an 19/Deireadh Fómhair/21]

    Al Mashhad al-Yemeni (Araibis)- tuairisc Araibíse ar cheapachán al-Ghamari mar ‘Commander in Chief’ in Marib (https://www.almashhad-alyemeni.com/195498) [arna rochtain an 19/Deireadh Fómhair/21]

    Al Manar TV – ‘Yemeni Head of Staff: Ready for Long-Term War with Saudi-led Coalition States’ (http://english.manartv.com.lb/842052) [arna rochtain an 19/Deireadh Fómhair/21]

    Al Marjie (Araibis)- Próifíl ar al-Ghamari- https://www.almarjie-paris.com/1479 [arna rochtain an 19/Deireadh Fómhair/21]

    Al Jazeera – ‘Houthis say they attacked Aramco, Patriot targets in Saudi Arabia’ (https://www.aljazeera.com/news/2021/4/15/yemens-houthis-say-attacked-aramco-patriot-targets-in-jazan) [arna rochtain an 19/Deireadh Fómhair/21]

    Human Rights Watch- ‘Houthi Landmines Kill Civilians, Block Aid’ (https://www.hrw.org/news/2019/04/22/yemen-houthi-landmines-kill-civilians-block-aid) [arna rochtain an 19/Deireadh Fómhair/21]

    The Missile War in Yemen: Tuarascáil ó Center for International and Strategic Studies (https://www.csis.org/analysis/missile-war-yemen-1) [arna rochtain an 19/Deireadh Fómhair/21]

    Mines And IEDs Employed By Houthi Forces On Yemen’s West Coast: Tuarascáil ó Conflict Armament Research (https://www.conflictarm.com/dispatches/mines-and-ieds-employed-by-houthi-forces-on-yemens-west-coast/) [arna rochtain an 19/Deireadh Fómhair/21]

    9.

    Yusuf Al-Madani

    Script bhunaidh: یوسف المداني

    Teideal: Major General. Ainmniúchán: Commander ar Fifth Military Region de chuid na Houthis. Seoladh: Yemen. Dáta breithe: 1977. Áit bhreithe: Muhatta Directorate, Hajjah Province, Yemen. Náisiúntacht: Yemen. Faisnéis eile. Ina cheannaire clúiteach i bhfórsaí na Houthis agus ina cheannasaí fórsaí in Hudaydah, Hajjah, Al Mahwit, agus Raymah, Yemen – forsaí a raibh síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Yemen á gcur i mbaol acu. Ó 2021 ar aghaidh, sannadh Al-Madani don ionsaí ar Marib. Grianghraf, ar féidir é a chur isteach, ar fáil tríd an nasc gréasáin le haghaidh fógraí speisialta de chuid INTERPOL-UNSC: an nasc gréasáin le haghaidh fógraí speisialta de chuid INTERPOL-Comhairle Slándála NA: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals. Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe:9.11.2021.

    Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

    I gcomhréir le roinn 5(g) dá Threoirlínte, cuireann Coiste na Comhairle Slándála, arna bhunú de bhun rún 2140, ar fáil insint achomair ar na cúiseanna atá leis an liostú do dhaoine aonair, grúpaí, gnóthais agus eintitis a áirítear ar a liosta smachtbhannaí.

    An dáta a cuireadh an insint achomair ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choiste:9 Samhain 2021

    Liostaíodh Yusuf Al-Madani an 9 Samhain 2021 de bhun mhíreanna 11 agus 15 de rún 2140 (2014) agus de bhun mhír 14 de rún 2216 (2015), mar dhuine a chomhlíonann na critéir ainmniúcháin a leagtar amach i mír 17 de rún 2140 (2014).

    Ghlac Yusuf Al-Madani páirt i ngníomhaíochtaí agus thug sé tacaíocht do ghníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Yemen i mbaol.

    Faisnéis bhreise:

    Tá Al-Madani á liostú mar gheall ar a rannpháirtíocht i bhfeachtais mhíleata de chuid na Houthis a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Yemen i mbaol, agus ar an gcaoi sin comhlíonann sé na critéir ainmniúcháin mar a leagtar amach iad i Mír 17 de Rún 2140 (2014). Tá Al-Madani ina cheannaire clúiteach i bhfórsaí na Houthis agus ina cheannasaí fórsaí in Hudaydah, Hajjah, Al Mahwit, agus Raymah, Yemen. Ó 2021 ar aghaidh, sannadh Al-Madani don ionsaí ar Marib. Mar gheall ar na Houthis a bheith á n-athshuí féin de shíor, agus sáruithe eile a bheith á ndéanamh acu ar fhorálacha an tsosa comhraic sa Hudaydah Agreement rinneadh cathair a dhíchobhsú, cathair a fheidhmíonn mar bhealach ríthábhachtach do thráchtearraí daonnúla agus tráchtearraí tráchtála riachtanacha. Ina theannta sin, faightear tuairiscí rialta faoi ionsaithe a rinne na Houthis, ionsaithe a mbíonn tionchar acu ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar sibhialtach in Hudaydah agus timpeall ar Hudaydah, rud a chuireann le cruachás mhuintir Yemen ar a bhfuil riachtanais dhaonnúla atá de leibhéal atá chomh hard leis na leibhéil is airde sa tír.

    Al Masda (Araibis)- ‘Houthis Appoint Acting Defense, Interior Ministers, Members of Supreme Security Committee’ (https://almasdaronline.com/article/67627) [arna rochtain an 19/Deireadh Fómhair/21]

    Saba (Araibis)- Report Says Head of Al-Huthi Supreme Political Council Visits Navy Missiles Exhibition (https://www.saba.ye/ar/news478675.htm) [arna rochtain an 19/Deireadh Fómhair/21]

    Aden Al Hadath (Araibis) -'Dissident Figure' Says 'Abd-al-Malik Al-Huthi Has Leukemia, Identifies 'Likely Successor' (https://aden-alhadath.info/news/35501) [arna rochtain an 19/Deireadh Fómhair/21]

    Cuntas Twitter Mohammad Ali al-Houthi- an 2 Feabhra, 2018, phostáil Al Huthi griangraf de féin i gcuideachta Yusuf Al-Madani. ‘sitting with live martyr Abu Hussein yesterday’ is garaistriúchán ar an bpostáil ar Twitter (Abu Hussein an leasainm ar Yusuf Al-Madani).

    Al Jazeera- ‘Recordings: Houthi leaders planned general’s killing’ (https://www.aljazeera.com/news/2016/6/29/recordings-houthi-leaders-planned-generals-killing) [arna rochtain an 19/Deireadh Fómhair/21]”


    Top