EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0964

Cinneadh (AE) 2021/964 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2021 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí

ST/12543/2020/INIT

IO L 217, 18.6.2021, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/964/oj

Related international agreement

18.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 217/1


CINNEADH (AE) 2021/964 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Bealtaine 2021

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(3) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v) agus le hAirteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I mBealtaine 2003, ghlac an Coimisiún teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal “Forest Law Enforcement, Governance and Trade (FLEGT): Proposal for an EU Action Plan [Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) Togra le haghaidh Plean Gníomhaíochta AE]”. Leis an bPlean Gníomhaíochta a leagtar amach sa teachtaireacht sin (“Plean Gníomhaíochta FLEGT”), iarradh bearta chun aghaidh a thabhairt ar logánú neamhdhleathach trí Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Deonacha a fhorbairt le tíortha táirgthe adhmaid. Glacadh conclúidí ón gComhairle maidir le Plean Gníomhaíochta FLEGT i nDeireadh Fómhair 2003 agus glacadh rún ó Pharlaimint na hEorpa ar an ábhar an 11 Iúil 2005.

(2)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2020/2185 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (“an Comhaontú”) an 23 Feabhra 2021, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(3)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i ndáil le foraoisí a fhormheas thar ceann an Aontais. (3)

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 31 den Chomhaontú (4).

Airteagal 3

Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe arna chur ar bun de bhun Airteagal 19 den Chomhaontú.

Féadfaidh na Ballstáit páirt a ghlacadh i gcruinnithe de chuid an Chomhchoiste Cur Chun Feidhme agus Athbhreithnithe mar chomhaltaí de Thoscaireacht an Aontais.

Airteagal 4

D’fhonn leasú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú i gcomhréir le hAirteagal 26 den Chomhaontú, údaraítear don Choimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle (5), aon leasuithe den sórt sin a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Bealtaine 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. do C. ANTUNES


(1)  Toiliú an 26 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2020/2185 ón gComhairle an 18 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach i dtaca le foraoisí (IO L 435, 23.12.2020, lch. 63).

(3)  Ní ann do théacs an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí sa Ghaeilge.

(4)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (IO L 347, 30.12.2005, lch. 1).


Top