EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0585

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/585 ón gComhairle an 12 Aibreán 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

ST/6039/2021/INIT

IO L 124I, 12.4.2021, p. 7–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/585/oj

12.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 124/7


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/585 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Aibreán 2021

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES.

(2)

An 8 Nollaig 2019 d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cháin sé an lámh láidir a bheith á húsáid go forleathan díréireach ag fórsaí slándála na hIaráine, as ar eascair líon ard básanna agus gortuithe le linn na freagartha ar léirsithe mhí na Samhna 2019. Cuireadh in iúl go soiléir sa dearbhú freisin go bhfuil an tAontas ag súil go dtabharfar déantóirí uile an fhoréigin chun cuntais agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a maraíodh agus a gabhadh a shoiléiriú, agus chun próis chuí a chur ar fáil do gach cimí. Ina theannta sin, mar fhreagairt ar chinneadh na hIaráine deireadh a chur le rochtain idirlín ar líonraí domhanda ar feadh seachtaine agus cumarsáid agus saorshreabhadh faisnéise do shaoránaigh na hIaráine a chosc, cuireadh in iúl go láidir sa dearbhú nach mór cearta bunúsacha, amhail saoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse comhthionóil, a urramú i gcónaí.

(3)

Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna uile is ábhar imní leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, ba cheart ochtar agus trí eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CFSP:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“88.

SOLEIMANI Gholamreza

Áit bhreithe: Farsan (Iran)

Dáta breithe: 1343 (Féilire Hijri na hIaráine), 1964 nó 1965 (Féilire Ghréagóra)

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Post: Ceann ar Basij Organisation de chuid an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Is é Gholamreza Soleimani Ceann an Basij Organisation. D’úsáid Basij Organisation fórsa marfach chun agóidí mhí na Samhna 2019 san Iaráin a chur faoi chois, rud ba chúis le básanna agus gortuithe agóideoirí neamharmtha agus sibhialtach eile i go leor cathracha ar fud na tíre. Mar Cheann an Basij Organisation, tá Gholamreza Soleimani freagrach as agóidí a chur faoi chois go foréigneach agus as sáruithe tromchúiseacha dhéanamh ar chearta an duine san Iaráin.

12.4.2021

89.

SALAMI Hossein (dá ngairtear freisin: SALAMI Hussain)

Áit bhreithe: Vaneshan, Golpayegan (Iran)

Dáta breithe: 1339 (Féilire Hijri na hIaráine) 1960 nó 1961 (FéilireGhréagóra)

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Post: Ardcheannasaí ar an Islamic Revolutionary Guard

Corps (IRGC)

Céim: Maor-Ghinearál

Tá Hossein Salami ina Ardcheannasaí ar IRGC ó Aibreán 2019 i leith, agus áirítear ansin an mílíste Basij, agus comhalta den National Security Council. D’úsáid fórsaí rialta IRGC agus an mílíste Basij fórsa marfach chun agóidí mhí na Samhna 2019 san Iaráin a chur faoi chois, rud ba chúis le básanna agus gortuithe agóideoirí neamharmtha agus sibhialtach eile i go leor cathracha ar fud na tíre. Mar chomhalta den National Security Council, ghlac Hossein Salami páirt sna seisiúin a raibh de thoradh orthu na horduithe fórsa marfach a úsáid chun agóidí mhí na Samhna 2019 a chur faoi chois. Dá bhrí sin, tá Hossein Salami freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

12.4.2021

90.

KARAMI Hassan

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Post: Ceannasaí ar na Special Units d’fhórsa póilíneachta na hIaráine.

Is é Hassan Karami Ceannasaí na Special Units d’fhórsa póilíneachta na hIaráine. D’úsáid na Special Units fórsa marfach chun agóidí mhí na Samhna 2019 san Iaráin a chur faoi chois, rud ba chúis le básanna agus gortuithe agóideoirí neamharmtha agus sibhialtach eile i gcathracha go leor ar fud na tíre. Mar Cheannasaí ar na Special Units agus ós rud é gurb iad ba chúis le básanna agus gortuithe agóideoirí neamharmtha agus sibhialtach eile, tá Hassan Karami freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

12.4.2021

91.

PAKPOUR Mohammad (dá ngairtear feasta: PAKPUR Mohammad)

Áit bhreithe: Arak (Iran)

Dáta breithe: 1340 (Féilire Hijri na hIaráine), 1961(Féilire Ghréagóra)

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Post: Ardcheannasaí ar an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Ground Forces

Céim: Briogáidire-Ghinearál

Tá Mohammad Pakpour ina Ardcheannasaí ar IRGC Ground Forces ó Mhárta 2010 i leith. D’úsáid IRGC Ground Forces fórsa marfach chun agóidí mhí na Samhna 2019 san Iaráin a chur faoi chois, rud ba chúis le básanna agus gortuithe agóideoirí neamharmtha agus sibhialtach eile i go leor cathracha ar fud na tíre. Mar Cheannasaí ar IRGC Ground Forces, a d’úsáid fórsa marfach i gcoinne agóideoirí neamharmtha agus sibhialtaigh eile, tá Mohammad Pakpour freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

12.4.2021

92.

ASHTARI Hossein

Áit bhreithe: Isfahan (dá ngairtear feasta: Esfahan, Ispahan)

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Post: Ardcheannasaí ar an Iranian police force

Tá Hossein Ashtari ina Ardcheannasaí ar fhórsa póilíneachta na hIaráine ó mhí an Mhárta 2015 i leith agus ina chomhalta den National Security Council. Áirítear ar an bhfórsa póilíneachta na Emdad Units agus na Special Units. D’úsáid gnáthfhórsa póilíneachta na hIaráine, na Emdad Units agus na Special Units fórsa marfach chun agóidí mhí na Samhna 2019 san Iaráin a chur faoi chois, rud ba chúis le básanna agus gortuithe agóideoirí neamharmtha agus sibhialtach eile i go leor cathracha ar fud na tíre. Mar chomhalta den National Security Council, ghlac Hossein Ashtari páirt sna seisiúin a raibh de thoradh orthu na horduithe fórsa marfach a úsáid chun agóidí mhí na Samhna 2019 a chur faoi chois. Dá bhrí sin, tá Hossein Ashtari freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

12.4.2021

93.

ZIAEI Gholamreza

Inscne: fireann

Post: Iar-Stiúrthóir Evin Prison; Iar-Stiúrthóir ar ionaid choinneála eile

Idir mí Iúil 2019 agus mí an Mheithimh 2020, bhí Gholamreza Ziaei ina Stiúrthóir de Evin Prison, áit a ndeachaigh coinníollacha diana na gcimithe, a bhí go dona cheana, in olcas le linn a théarma oifige. Diúltaítear do bhanphríosúnaigh dul i dteagmháil teileafóin lena leanaí. Diúltaítear cuairteanna seachtainiúla óna ngaolta do phríosúnaigh pholaitíochta, rud nach gceadaítear anois ach gach dhá mhí. Le linn agóidí 2009, bhí Ziaei i gceannas ar an Kahrizak Detention Center, áit a bhfuair cúigear cimithe ar a laghad, a gabhadh i dtaca le agóidí sráide 2009 Tehran, nuair a rinneadh céasadh orthu. Idir 2017 go2019, sular ghlac Ziaei ceannas ar Evin Prison in Tehran, bhí Ziaei ina stiúrthóir ar Rajaee Shahr Prison in Karaj, taobh thiar de Tehran, áit a ndearna príosúnaigh pholaitíochta go leor agóidí i gcoinne mí-úsáide agus dálaí maireachtála mídhaonna.

12.4.2021

94.

SHAHVARPOUR Hassan

Áit bhreithe: Safi Abad, south of Dezful, Khuzestan (Iran)

Inscne: fireann

Uimhir an phas: 2001624001 (uimhir aitheantais náisiúnta)

Post: Islamic Revolutionary Guard

Corps (IRGC), Ceannasaí ar Khuzestan Province Vali Asr Corps

Céim: Briogáidire-Ghinearál

Mar cheannasaí ar an IRCG in Khuzestan ó 2009 i leith, tá Hassan Shahvarpour freagrach as ceannasaíocht na bhfórsaí, a d’úsáid meaisínghunnaí i gcoinne agóideoirí agus sibhialtaigh eile i gcathair Mahshahr le linn agóidí i mí na Samhna 2019. Faoina cheannas, maraíodh 148 nduine nuair a scaoil IRGC iad le meaisínghunnaí ó fheithiclí armúrtha a bhí mórthimpeall ar agóideoirí a bhí ar a dteitheadh agus i bhfolach i riasca in aice láimhe.

12.4.2021

95.

VASEGHI Leyla (Dá ngairtear freisin VASEQI Layla, VASEGHI Leila, VASEGHI Layla)

Áit bhreithe: Sari, Mazandaran Province (Iran)

Dáta breithe: 1352 (Féilire Hijri na hIaráine), 1972 nó 1973 (Féilire Ghréagóra)

Inscne: baineann

Post: Gobharnóir Shahr-e Qods agus Ceann an City Security Council

Mar ghobharnóir ar Shahr-e Qods agus Ceann an City Security Council ó mhí Mheán Fómhair 2019 i leith, d’ordaigh Leyla Vaseghido na póilíní agus do na fórsaí armtha eile úsáid a bhaint as modhanna marfacha le linn agóidí mhí na Samhna 2019, rud ba chúis leis an iliomad básanna nó gortuithe agóideoirí neamharmtha agus sibhialtach eile. Mar ghobharnóir ar Shahr-e Qods agus Ceann an City Security Council, tá Leyla Vaseghi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

12.4.2021”

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“2.

Evin Prison

Seoladh: Tehran Province, Tehran, District 2, Dasht-e Behesht (Iran)

Is ionad coinneála é Evin Prison inar coinníodh príosúnaigh pholaitíochta agus ina ndearnadh dian-mhí-úsáid ar chearta an duine, lena n-áirítear céasadh, arís agus arís eile le blianta fada anuas. Bhíodh agóideoirí Shamhain 2019 ar a gcoinneáil mar phríosúnaigh pholaitíochta, agus tá fós go pointe áirithe. Tá cearta bunúsacha nós imeachta á mbaint de phríosúnaigh in Evin Prison, agus uaireanta, bíonn siad á gcoinneáil i ngaibhniú aonair nó i gcillíní plódaithe a bhfuil drochdhálaí sláinteachais iontu. Tá tuairiscí mionsonraithe ann ar chéasadh fisiciúil agus síceolaíoch. Diúltaítear do chimí teagmháil a dhéanamh le teaghlaigh agus dlíodóirí agus diúltaítear cóireáil leordhóthanach sláinte dóibh chomh maith.

12.4.2021

3.

Fashafouyeh Prison (dá ngairtear freisin: Greater Tehran Central Penitentiary, Hasanabad-e Qom Prison, Greater Tehran Prison)

Seoladh: Tehran Province, Hasanabad, Bijin Industrial Zone, Tehran, Qom Old Road (Iran)

Uimhir theileafóin: +98 21 5625 8050

Is ionad coinneála é Fashafouyeh Prison a ainmníodh i dtosach chun ciontóirí coireanna a bhaineann le drugaí a choinneáil, le déanaí, tá príosúnaigh pholaitíochta ar a gcoinneáil ann agus, i gcásanna áirithe, cuirtear iallach orthu cillíní a roinnt le handúiligh drugaí. Tá na dálaí maireachtála agus sláinteachais an-lag, gan riachtanais bhunúsacha amhail uisce óil glan ar fáil. Le linn agóidí mhí na Samhna 2019, bhí roinnt agóideoirí á gcoinneáil in Fashafouyeh Prison, mionaoisigh ina measc. Léirítear i dtuarascálacha go ndearnadh céasadh ar agóideoirí mhí na Samhna 2019 agus gur cuireadh cóireáil mhídhaonna orthu in Fashafouyeh Prison, mar shampla trína ngortú d’aon ghnó le huisce fiuchta agus trí chóireáil leighis a dhiúltú. Dar le tuarascáil Amnesty International maidir le cniogbheartaíocht na n-agóidí i mí na Samhna 2019, coinníodh páistí chomh hóg le 15 bliana d’aois in éineacht le daoine fásta in Fashafouyeh Prison. Ghearr cúirt in Tehran pionós an bháis ar thriúr agóideoirí de chuid mhí na Samhna 2019, atá ar a gcoinneáil in Fashafouyeh Prison faoi láthair.

12.4.2021

4.

Rajaee Shahr Prison (Dá ngairtear freisin: Rajai Shahr Prison, Rajaishahr, Raja’i Shahr, Reja’i Shahr, Rajayi Shahr, Gorhardasht Prison, Gohar Dasht Prison)

Seoladh: Alborz Province, Karaj, Gohardasht, Moazzen Blvd (Iran)

Uimhir theileafóin: +98 26 3448 9826

Tá cáil ar Rajaee Shahr Prison mar gheall ar chearta an duine a bheith á ndíothú ann, lena n-áirítear céasadh tromchúiseach fisiciúil agus síceolaíoch ar phríosúnaigh pholaitíochta agus ar phríosúnaigh choinsiasa chomh maith le hollbhásuithe gan triail chothrom, ó bhí an Réabhlóid Ioslamach ann in 1979. I ndiaidh agóidí mhí na Samhna 2019, cuireadh drochbhail ar na céadta cimí, leanaí ina measc, in Rajaee Shahr Prison. Tá tuairiscí inchreidte ann faoi go leor cásanna céasta agus cineálacha eile pionóis chruála, lena n-áirítear cásanna a bhaineann le mionaoisigh.’

12.4.2021.”


Top