Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0448

    Cinneadh (CBES) 2021/448 ón gComhairle an 12 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    ST/5891/2021/INIT

    IO L 87, 15.3.2021, p. 35–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/448/oj

    15.3.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 87/35


    CINNEADH (CBES) 2021/448 ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Márta 2021

    lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

    (2)

    An 10 Meán Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1269 (2), agus ar an gcaoi sin rinne sí na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

    (3)

    I bhfianaise go bhfuiltear go leanúnach ag baint an bhoinn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó gur bagairt ar an méid sin na gníomhaíochtaí atáthar a dhéanamh, ba cheart Cinneadh 2014/145/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

    (4)

    Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na hainmniúcháin aonair a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES agus chinn sí an fhaisnéis a bhaineann le 14 dhuine aonair agus 13 eintiteas a leasú.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

    “Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 15 Meán Fómhair 2021.”;

    (2)

    leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Márta 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2020/1269 ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 298, 11.9.2020, lch. 23).


    IARSCRÍBHINN

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na daoine agus leis na heintitis a liostaítear thíos:

     

    Daoine

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “5.

    Aleksei Mikhailovich CHALIY (Алексей Михайлович ЧАЛЫЙ) Oleksiy Mykhaylovych CHALYY (Олексiй Михайлович ЧАЛИЙ)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 13.6.1961

    Áit bhreithe: Moscow, Russian Federation nó Sevastopol, Ukraine

    Rinneadh ‘People’s Mayor of Sevastopol’ de Chaliy d’aon gháir ón bpobal an 23 Feabhra 2014 agus ghlac sé leis an ‘vóta’ sin. Bhí sé i mbun feachtas gníomhach chun go mbeadh Sevastopol ina eintiteas ar leith de chuid an Russian Federation tar éis reifrinn ar an 16 Márta 2014. Bhí sé ar dhuine de chomhshínitheoirí an ‘treaty on Crimea’s accession to the Russian Federation’ an 18 Márta 2014. ‘Governor’ gníomhach Sevastopol ón 1 go dtí an 14 Aibreán 2014 ab ea é, agus is iar-Chathaoirleach ‘elected’ ar ‘Legislative Assembly’ City of Sevastopol é. Iarchomhalta de ‘Legislative Assembly’ City of Sevastopol (go dtí Meán Fómhair 2019).

    Tá sí fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha.

    Mar thoradh ar a rannpháirtíocht i bpróiseas na hionghabhála bronnadh air ordú den chéad chéim de chuid an Russian State ‘For Merit to the Fatherland’.

    Bainisteoir Ginearálta ar Smart Electric Networks LLC (OOO ‘Разумные электрические сети’).

    17.3.2014

    12.

    Nikolai Ivanovich RYZHKOV (Николай Иванович Рыжков)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 28.9.1929

    Áit bhreithe: Dyleevka, Donetsk region, Ukrainian SSR, Ukraine mar atá anois

    Comhalta den Committee for federal issues, regional politics and the North of the Federation Council of the Russian Federation.

    An 1 Márta 2014, thacaigh Ryzhkov go poiblí, sa Federation Council, le himscaradh fhórsaí Russia san Ukraine.

    Mar thoradh ar a rannpháirtíocht i bpróiseas na hionghabhála in 2014, bronnadh air ordú den chéad chéim de chuid an Russian State ‘For Merit to the Fatherland’.

    17.3.2014

    28.

    Valery Vladimirovich KULIKOV (Валерий Владимирович КУЛИКОВ)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 1.9.1956

    Áit bhreithe: Zaporozhye Ukrainian SSR, Ukraine mar atá anois

    Iar-Leas-Cheannasaí ar an Black Sea Fleet, Seachaimiréal.

    Freagrach as ceannas fhórsaí Rúiseacha a bhfuil críoch cheannasach Ukraine forghafa acu.

    An 26 Meán Fómhair 2017, le Foraithne ó Uachtarán Russian Federation, briseadh as an bpost sin agus as an tseirbhís mhíleata é.

    Comhalta den Federation Council of the Russian Federation do City of Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi. Is ionadaí faoi láthair é sa ‘Legislative Assembly’ of the City of Sevastopol.

    21.3.2014

    34.

    Dmitry Nikolayevich KOZAK (Дмитрий Николаевич КОЗАК)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 7.11.1958

    Áit bhreithe: Bandurovo, Kirovograd region, Ukrainian SSR, ar a dtugtar ‘Ukraine’ anois

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Iar-Leas-Phríomh-Aire. Freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar ‘Autonomous Republic of Crimea’, a ionghabhadh go neamhdhleathach, sa Russian Federation. Leas-Cheann Foirne ar Presidential Administration of the Russian Federation. Is é Toscaire Speisialta an Uachtaráin maidir le coinbhleachtaí a bhainistiú san Ukraine é.

    29.4.2014

    35.

    Oleg Yevgenyvich BELAVENTSEV (Олег Евгеньевич БЕЛАВЕНЦЕВ)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 15.9.1949

    Áit bhreithe: Moscow nó Ostrov, Pskov region, Russian Federation

    Iar-Ionadaí Lánchumhachtach Uachtarán an Russian Federation isteach sa ‘Crimean Federal District’ mar a thugtar air, atá freagrach as sainchumais bhunreachtúla Cheann Stáit Russia a chur chun feidhme ar chríoch an ‘Autonomous Republic of Crimea’ a ionghabhadh go neamhdhleathach. Iarchomhalta neamh-bhuan de Russian Security Council.

    Iar-Ionadaí Lánchumhachtach Uachtarán an Russian Federation isteach sa North Caucasus Federal District (go dtí mí an Mheithimh 2018).

    Tá sé fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha. Consal Oinigh Nicaragua in Crimea ó Dheireadh Fómhair 2020 i leith.

    29.4.2014

    51.

    Vladimir Nikolaevich PLIGIN (Владимир Николаевич ПЛИГИН)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 19.5.1960

    Áit bhreithe: Ignatovo, Vologodsk Oblast, USSR (Russian Federation mar atá anois)

    Iarchomhalta State Duma agus iarChathaoirleach den Duma Constitutional Law Committee. Freagrach as glacadh reachtaíochta maidir le hionghabháil Crimea agusSevastopol isteach sa Russian Federation a éascú.

    Iarchomhalta den Supreme Council den pháirtí United Russia. Comhairleoir ag Volodin, Spéicéir an Duma. Is taighdeoir faoi láthair é ag an Institute of State and Law ag an Russian Academy of Sciences.

    12.5.2014

    62.

    Aleksandr Yurevich BORODAI (Александр Юрьевич БОРОДАЙ)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 25.7.1972

    Áit bhreithe: Moscow, Russian Federation

    Iar-‘Prime Minister of the Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di, agus é freagrach as na gníomhaíochtaí ‘rialtais’ scarúnaíocha a dhéanann ‘government of the Donetsk People’s Republic’ mar a ghairtear de (e.g. an 8 Iúil 2014, dúirt sé ‘go bhfuil ‘ár n-arm i mbun oibríochta speisialta i gcoinne ‘faisistithe’ de chuid an Ukraine’), agus a shínigh an Meabhrán Tuisceana maidir le ‘Novorossiya union’. Tá sé fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha; Is é atá ina cheann feadhna ar ‘Union of Donbas volunteers’.

    Cathaoirleach ar an Board of the Union of Volunteers of Donbass. Fós gníomhach in earcú agus in oiliúint ‘saorálaithe’ a cuireadh chun troda in Donbas.

    12.7.2014

    79.

    Mikhail Vladimirovich DEGTYARYOV/DEGTYAREV (Михаил Владимирович ДЕГТЯРËВ)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 10.7.1981

    Áit bhreithe: Kuibyshev (Samara), Russian Federation

    Iarchomhalta den State Duma.

    Mar bhall den Duma, d’fhógair sé oscailt fhoirmiúil ‘de facto embassy’ de ‘Donetsk People’s Republic’ (neamhaitheanta), mar a ghairtear de, in Moscow, agus cuidíonn sé leis an mbonn a bhaint d’iomláine críche, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine nó cuidíonn sé leis an mbagairt ina gcoinne sin.

    Iar-Chathaoirleach ar Russian State Duma Committee on Physical Education, Sport and Youth Affairs.

    Ó 20 Iúil 2020 i leith, tá sé ag gníomhú mar ghobharnóir ar Khabarovsk Krai.

    25.7.2014

    95.

    Nikolay Terentievich SHAMALOV (Николай Терентьевич ШАМАЛОВ)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 24.1.1950

    Áit bhreithe: Moscow, Russian Federation)

    Tá seanaithne ag an Uachtarán Putin ar an Uasal Shamalov. Is comhbhunaitheoir é de Ozero Dacha, mar a ghairtear de, comharchumann ina gcruinníonn grúpa daoine údarásacha atá gar d’Uachtarán Putin.

    Baineann sé tairbhe as na naisc atá aige le cinnteoirí Rúiseacha. Is é an dara scairshealbhóir is mó é in Bank Rossiya, ar leis 10 % de in 2013, agus a mheastar a bheith ina bhanc pearsanta ag Oifigigh Shinsearacha de chuid an Russian Federation. Ó ionghabhadh Crimea go neamhdhleathach, tá brainsí oscailte ag Bank Rossiya ar fud Crimea agus Sevastopol, rud a dhaingníonn a lánpháirtiú sa Russian Federation.

    Ina theannta sin, tá bunanna tábhachtacha ag Bank Rossiya sa National Media Group, a rialaíonn, ar a sheal, stáisiúin teilifíse a thacaíonn go gníomhach le beartais rialtas Russia chun Ukraine a dhíchobhsú.

    30.7.2014

    108.

    Vladimir Abdualiyevich VASILYEV (Владимир Абдуалиевич ВАСИЛЬЕВ)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 11.8.1949

    Áit bhreithe: Klin, Moscow Region, Russian Federation

    Iar-Leas-Spéicéir den State

    Duma. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘on the acceptance into the Russian Federation of the ‘Republic of Crimea’ agus foirmiú, laistigh de Russian Federation, eintiteas nua cónaidhme — ‘Republic of Crimea’ agus ‘City of Federal Status Sevastopol’.

    Iarcheann ar Republic of Dagestan.

    12.9.2014

    119.

    Alexander Mikhailovich BABAKOV (Aлександр Михайлович БАБАКОВ)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 8.2.1963

    Áit bhreithe: Chisinau, Moldovan SSR (Republic of Moldova mar atá anois)

    Iarchomhalta den State Duma. Iarchomhalta den State Duma, Cathaoirleach ar an State Duma Commission on Legislative Provisions for Development of the Military-Industrial Complex of the Russian Federation. Comhalta ar leith de ‘United Russia’ agus fear gnó a bhfuil infheistíocht mhór déanta aige in Ukraine agus in Crimea.

    An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘on the acceptance into the Russian Federation of the ‘Republic of Crimea’ agus foirmiú, laistigh de Russian Federation, eintiteas nua cónaidhme — ‘Republic of Crimea’ agus ‘City of Federal Status Sevastopol’.

    Comhalta de Federation Council of the Russian Federation faoi láthair. Leas-Chathaoirleach ar an Committee on Foreign Affairs.

    12.9.2014

    120.

    Sergey Yurievich KOZYAKOV (Сергей Юрьевич КОЗЬЯКОВ) Serhiy Yuriyovych KOZYAKOV (Сергiй Юрiйович КОЗЬЯКОВ)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 29.9.1982 nó 23.9.1982

    Ina cháil roimhe seo ina ‘Head of the Luhansk Central Election Commission’, mar a ghairtear de, bhí sé freagrach as na ‘elections’, mar a ghairtear díobh, an 2 Samhain 2014, a eagrú i ‘Luhansk People’s Republic’. Bhí na ‘elections’ sin ina sárú ar dhlí Ukraine agus, dá bhrí sin, bhí siad neamhdhleathach. Idir mí Dheireadh Fómhair 2015 agus mí na Nollag 2017, bhí sé ina ‘Minister of Justice’, mar a ghairtear de, ar ‘Luhansk People’s Republic’.

    Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, agus é ag glacadh páirte go foirmiúil mar iarrthóir sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine, agus a dhíchobhsaigh Ukraine a thuilleadh.

    Liostaithe mar nótaire i gcathair Luhansk.

    Leanann sé de bheith ag tacú le beartais scarúnaíocha agus de na beartais sin a dhlisteanú i gcomhar le húdaráis scarúnaíocha.

    29.11.2014

    161.

    Dmitry Vladimirovich OVSYANNIKOV (Дмитрий Владимирович ОВСЯННИКОВ)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 21.2.1977

    Áit bhreithe: Omsk, USSR (Russian Federation mar atá anois)

    Iar-‘Governor of Sevastopol’ (go dtí mí Iúil 2019).

    Toghadh Ovsyannikov ina ‘Governor of Sevastopol’ sna toghcháin ar an 10 Meán Fómhair 2017 a d’eagraigh Russian Federation i gcathair Sevastopol, a ndearnadh nasc-ghabháil neamhdhleathach uirthi.

    An 28 Iúil 2016, cheap an tUachtarán Putin é le gníomhú mar ‘Governor of Sevastopol’. Sa cháil sin, d’oibrigh sé chun leithinis na Crimea a ionghabhadh go neamhdhleathach a lánpháirtiú a thuilleadh sa Russian Federation, agus mar sin tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine nó lena mbagraítear orthu.

    In 2017, rinne sé ráitis phoiblí inar thacaigh sé le hionghabháil neamhdhleathach Crimea agus Sevastopol agus ar chomóradh an ‘Crimean referendum’. Rinne sé comóradh ar iarbhaill na bhfórsaí armtha sna ‘self-defence units’, dá ngairtear, a d’éascaigh imscaradh fhórsaí Russia ar leithinis Crimea roimh ionghabháil neamhdhleathach ag an Russian Federation, agus d’iarr sé go dtiocfadh Sevastopol chun bheith ina phríomhchathair theas den Russian Federation.

    Iar-Aire Tionscail agus Trádála de chuid an Russian Federation (go dtí mí Aibreáin 2020).

    21.11.2017

    190.

    Mikhail Vladimirovich RAZVOZHAEV (Михаил Владимирович РАЗВОЖАЕВ) Mykhailo Volodymyrovich RAZVOZHAEV (Михайло Володимирович РАЗВОЖАЄВ)

    Inscne: fireann

    Dáta breithe: 30.12.1980

    Áit bhreithe: Krasnoyarsk, USSR (ar a dtugtar ‘Russian Federation’ anois)

    ‘Governor’, mar a ghairtear de, ar chathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d’oibrigh sé chun cathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, a lánpháirtiú a thuilleadh sa Russian Federation agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

    28.1.2020”

     

    Eintitis

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “5.

    ‘Federal State of Novorossiya’ mar a ghairtear de

    ‘Федеративное государство Новороссия’

    ‘Federativnoye Gosudarstvo Novorossiya’

    Acmhainní do na meáin:

    http://novopressa.ru/

    http://novorossia-tv.ru/

    http://novorossiia.ru/

    https://vk.com/novorossiatv

    An 24 Bealtaine 2014, shínigh ‘People’s Republics’ of Donetsk and Luhansk’, mar a ghairtear díobh, comhaontú maidir le ‘Federal State of Novorossiya’ mar a ghairtear de, nár aithníodh, a chruthú.

    Is sárú an méid sin ar dhlí bunreachtúil Ukraine agus ar an dlí idirnáisiúnta dá réir, rud is bagairt d’iomláine chríochach, do cheannasacht agus do neamhspleáchas Ukraine.

    25.7.2014

    15.

    State Unitary Enterprise den ‘Republic of Crimea’‘Universal-Avia’

    Государственное унитарное предприятие Республики Крым ‘Универсал-Авиа’

    (dá ngairtí fiontar Stáit ‘Universal -Avia’ roimhe seo

    Государственное предприятие ‘Универсал-Авиа’

    Gosudarstvenoye predpriyatiye ‘Universal-Avia’)

    Aeroflotskaya Street 5, 295021, Simferopol

    ул. Аэрофлотская, дом 5, 295021, г. Симферополь

    Teil.: +7 (3652) 502-300; +7 (918) 699-1020

    unavia_2014@mail.ru

    https://universal-avia.ru/

    Uimhir chlárúcháin: 1159102026742

    Aistríodh úinéireacht an eintitis de shárú ar dhlí Ukraine. An 24 Márta 2014, ghlac ‘Uachtarán Pharlaimint na Crimea’ cinneadh Uimhir 1794-6/14 ‘Maidir le ‘Gosudarstvenoye predpriyatiye Universal-Avia’(‘О Государственном предприятии ‘Универсал-Авиа’)’ inar dearbhaíodh go rabhthas tar éis sócmhainní de chuid an fhiontair stáit ‘Universal-Avia’a ghabháil thar ceann ‘Poblacht na Crimea’. Leis sin rinne ‘údaráis’ Crimea, más ea, an fiontar a choigistiú a mhórán nó a bheagán. An 15 Eanáir 2015, athchláraíodh mar Institiúid Aonadach Stáit de chuid ‘Poblacht na Crimea’ é ‘Universal-Avia’ (Государственное унитарное предприятие Республики Крым ‘Универсал-Авиа’). Bunaitheoir: Aireacht Talmhaíochta ‘Republic of Crimea’ (Министерство транспорта Республики Крым).

    25.7.2014

    16.

    Federal State Budgetary Enterprise ‘Sanatorium ‘Nizhnyaya Oreanda’ of the Administration of the President of the Russian Federation (ar a dtugtaí Resort ‘Nizhnyaya Oreanda’ Санаторий ‘Нижняя Ореанда’ roimhe seo)

    Resort ‘Nizhnyaya Oreanda’, 298658, Yalta, Oreanda, House 12, Ukraine

    Санаторий ‘Нижняя Ореанда’, 298658, г. Ялта, пгт. Ореанда, дом 12, Украина

    www.oreanda-resort.ru

    marketing@oreanda-resort.ru

    +7 (978) 944 83 00,

    +7 (978) 944 83 30

    Uimhir chlárúcháin: 1149102054221

    Aistríodh úinéireacht an eintitis de shárú ar dhlí Ukraine. An 21 Márta 2014, ghlac ‘Presidium of the Parliament of Crimea’ cinneadh ‘On the questions of creation of the Association of sanatoria and resorts’ No 1767-6/14 inar dearbhaíodh go rabhthas tar éis sócmhainní de chuid an ionaid saoire ‘Nizhnyaya Oreanda’ a ghabháil thar ceann ‘Republic of Crimea’. Tá ‘údaráis’ na Crimea, más ea, tar éis an fiontar a choigistiú a mhórán nó a bheagán.

    An 9 Deireadh Fómhair 2014, athchláraíodh é mar Federal State Budgetary Enterprise ‘Sanatorium Nizhnyaya Oreanda’ of the Administration of the President of the Russian Federation (Федеральное Государственное Бюджетное Учреждение ‘Санаторий ‘Нижняя Ореанда’ Управления Делами Президента Российской Федерации’). Bunaitheoir: The Administration of the President of the Russian Federation (Управления Делами Президента Российской Федерации).

    25.7.2014

    18.

    Cuideachta comhstoic ‘Production-Agrarian Union ‘Massandra’

    Aкционерное общество ‘Производственно-аграрное объединение ‘Массандра’

    (State Unitary Enterprise of the ‘Republic of Crimea’ ‘Production-Agrarian Union ‘Massandra’ dá ngairtí tráth

    Государственное унитарное предприятие Республики Крым ‘Производственно-аграрное объединение ‘Массандра’

    298650, Crimea, Yalta, Massandra, str. Vinodela Egorova 9.

    298650, Крым, г. Ялта, пгт. Массандра, ул. Винодела Егорова, д. 9

    Suíomh gréasáin: http://massandra.su

    +7 978 936 75 04

    +7 3654 23 31 96

    +7 3654 26 16 83

    Uimhir chlárúcháin: 1149102026985

    Aistríodh úinéireacht an eintitis de shárú ar dhlí Ukraine. An 9 Aibreán 2014, ghlac ‘Presidium of the Parliament of Crimea’ cinneadh Uimhir 1991-6/14 ‘On the amendments to the Resolution of the State Council of the ‘Republic of Crimea’ an 26 Márta 2014 Uimhir 1836-6/14 ‘On nationalization of the property of enterprises, institutions and organizations of agro-industrial complex, located in the territory of the ‘Republic of Crimea’ inar dearbhaíodh go rabhthas tar éis sócmhainní de chuid an ghnóthais stáit ‘National Association of producers ‘Massandra’ a ghabháil thar ceann ‘Republic of Crimea’. Leis sin rinne ‘údaráis’ Crimea, más ea, an fiontar a choigistiú a mhórán nó a bheagán.

    Athchláraíodh an 1 Lúnasa 2014 mar Federal State Budgetary Enterprise ‘Proizvodstvenno agrarnoye obyedinenye ‘Massandra’ of the Administration of the President of the Russian Federation (Федеральное государственное унитарное предприятие ‘Производственно-аграрное объединение ‘Массандра’ Управления делами Президента Российской Федерации’). Bunaitheoir: The Administration of the President of the Russian Federation (Управления Делами Президента Российской Федерации).

    25.7.2014

     

    Federal State Budgetary Enterprise ‘Production-Agrarian Union ‘Massandra’ of the Administration of the President of the Russian Federation

    Федеральное государственное унитарное предприятие ‘Производственно-аграрное объединение ‘Массандра’ Управления делами Президента Российской Федерации’

    Gnóthas Stáit ‘National Association of producers ‘Massandra’

     

    An 1 Aibreán 2019, athchláraíodh mar State Unitary Enterprise of the ‘Republic of Crimea’ ‘Production-Agrarian Union ‘Massandra’. Athchláraíodh an cuideachta comhstoic ‘Production-Agrarian Union ‘Massandra’ an 1 Deireadh Fómhair 2020.

     

    Национальное производственно аграрное объединение ‘Массандра’

    Nacionalnoye proizvodstvenno agrarnoye obyedinenye ‘Massandra’)

     

     

     

    22.

    DOBROLET a.k.a. DOBROLYOT

    ДОБРОЛЕТ/ДОБРОЛЁТ

    Cód aerlíne QD

    International Highway, House 31, building 1, 141411 Moscow

    141411, г. Москва, Международное ш., дом 31, строение 1

    Suíomh gréasáin: https://aviakompaniya.com/dobrolet/

    www.pobeda.aero

    Ba fhochuideachta d’aerlíne de chuid Stát Russia é Dobrolet. Ó ionghabhadh Crimea go neamhdhleathach d’oibrigh Dobrolet eitiltí idir Moscó agus Simferopol go eisiach. Dá bhrí sin, d’éascaigh sé comhtháthú ‘Autonomous Republic of Crimea’, a ionghabhadh go neamhdhleathach, sa Russian Federation agus bhain sé an bonn de cheannasacht agus d’iomláine chríochach Ukraine.

    30.7.2014

    23.

    Cuideachta comhstoic poiblí ‘Russian National Commercial Bank’

    (Публичное акционерное общество ‘Российский национальный коммерческий банк’)

    295000, Simferopol, Naberezhnaja str named after 60th anniversary of USSR, 34

    295000, Симферополь, ул. Набережная имени 60–летия СССР, д. 34

    Suíomh gréasáin: http://www.rncb.ru

    Uimhir chlárúcháin: 1027700381290

    Tar éis ionghabháil neamhdhleathach na Crimea, bhí Russian National Commercial Bank (RNCB) go hiomlán faoin úinéireacht ‘Republic of Crimea’ mar a ghairtear di. I mí Eanáir 2016 tháinig sé ina mhaoin de chuid Federal Agency for State Property Management, ar a dtugtar Rosimushchestvo freisin (Федеральное агентство по управлению государственным имуществом (Росимущество)).

    Tá sé ina ghníomhaí ceannasach sa mhargadh anois, cé nach raibh sé in Crimea roimh an ionghabháil. Trí bhrainsí de bhainc a bhí ag oibriú in Crimea ach a bhí ag imeacht a cheannach nó a ghabháil ar láimh, thacaigh RNCB ar bhonn ábhartha agus ar bhonn airgeadais le gníomhaíochtaí rialtas Russia Crimea a lánpháirtiú sa Russian Federation, rud a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach Ukraine.

    An 29 Eanáir 2020 chinn Russian Central Bank Sevastopol Marine Bank a atheagrú le rannpháirtíocht RNCB. Ghlac an banc páirt in dhá mhórthionscadal bonneagair in Crimea - maoiníonn sé ionad nua críochfoirt aeir a thógáil in Simferopol agus i saoráidí giniúna (Balaklavskaya TPP agus Tavricheskaya TPP)

    30.7.2014

    25.

    Peace to Luhansk Region (Mir Luganschine) Мир Луганщине

    https://mir-lug.info/

    Seoladh: Karl Marx Street 7, Luhansk, Ukraine

    Луганск, улица Карла Маркса, 7, г. Луганск, Украина

    info@mir-lug.info

    ‘Organisation’ poiblí a rinne ionadaíocht ar na hiarrthóirí sna ‘elections’, mar a tugadh orthu, in ‘Luhansk People’s Republic’ an 2 Samhain 2014 agus an 11 Samhain 2018. Bhí na ‘elections’ sin ina sárú ar dhlí Ukraine agus neamhdhleathach dá réir. Ón 17 Feabhra 2018 i leith, is é Leonid PASECHNIK cathaoirleach na heagraíochta sin agus dá bhrí sin tá baint aige le duine atá ainmnithe ag an Council.

    Ó tharla gur ghlac sí páirt sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.

    29.11.2014

    28.

    Luhansk Economic Union (Luganskiy Ekonomicheskiy Soyuz)

    Луганский экономический союз

    Faisnéis oifigiúil:

    https://nslnr.su/about/obshchestvennye-organizatsii/337/

    https://vk.com/public97306393

    ‘Social rganisation’ a rinne ionadaíocht ar na hiarrthóirí sna ‘elections’, mar a tugadh orthu, a bhí neamhdhleathach in ‘Luhansk People’s Republic’ an 2 Samhain 2014 agus an 11 Samhain 2018. Is é a d’ainmnigh Oleg AKIMOV mar iarrthóir, le bheith ina ‘Head’ ar ‘Luhansk People’s Republic’ in 2014 agus mar chomhalta de ‘People’s Council of the Luhansk People’s Republic’ mar a thugtar air in 2018. Bhí na ‘elections’ sin ina sárú ar dhlí Ukraine agus neamhdhleathach dá réir. Is é Zinaida NADION an cathaoirleach ar ‘Luganskiy Economicheskiy Soyuz’ faoi láthair, ar ionadaí é ar ‘People’s Council of the LPR.’

    Ó tharla gur ghlac sí páirt sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.

    29.11.2014

    33.

    Prizrak brigade

    Бригада ‘Призрак’

    Seoladh: District 50 Year of the USSR, 18; c. of Kirovsk

    https://vk.com/battalionprizrak

    http://prizrak.info/

    mail@prizrak.info

    +38 (072) 199-86-39

    Grúpa scarúnaíoch armtha a thacaigh go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.

    Cuid den ‘2nd Army Corps’, mar a ghairtear de, de chuid ‘Lugansk People’s Republic’.

    Dá ngairtear 14th Motorized Rifle Battalion freisin.

    16.2.2015

    42.

    AO ‘Institute Giprostroymost — Saint-Petersburg’

    АО Институт Гипростроймост – Санкт-Петербург

    Seoladh: 7 Yablochkova street, St. Petersburg, 197198 Russia

    Suíomh gréasáin: http://gpsm.ru

    Rphost: office@gpsm.ru

    Teil.: (812) 498-08-14

    Uimhir chlárúcháin stáit: 1037828021660

    Uimhir chlárúcháin chánach: 7826717210

    Tríd an droichead a dhearadh, bhí AO ‘Institute Giprostroymost – Saint-Petersburg’ rannpháirteach i dtógáil Dhroichead Kerch, a nascann an Rúis le leithinis na Crimea a ionghabhadh go neamhdhleathach. Dá bhrí sin, tá an institiúid ag tacú le comhdhlúthú leithinis na Crimea a ionghabhadh go neamhdhleathach sa Russian Federation, rud a bhaineann an bonn a thuilleadh d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine.

    31.7.2018

    43.

    PJSC Mostotrest

    ПАО Мостотрест

    Seoladh: 6 Barklaya street, Bld. 5 Moscow, 121087 Russia

    www.mostotrest.ru

    info@mostro.ru

    Teil:(495)6697999

    Uimhir chlárúcháin stáit: 1027739167246

    Uimhir chlárúcháin chánach: 7701045732

    Bhí PJSC Mostotrest páirteach go gníomhach i dtógáil Dhroichead Kerch, a nascann an Rúis le leithinis na Crimea a ionghabhadh go neamhdhleathach, trína chonarthaí stáit chun an droichead a chothabháil agus an chuid iarnróid den droichead a sheirbhísiú. Ina theannta sin, is le duine aonair (Arkady Rotenberg) é, atá ainmnithe cheana féin mar gheall ar a chuid gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de cheannasacht Ukraine (duine Uimh. 92 san Iarscríbhinn seo). Dá bhrí sin, tá an chuideachta ag tacú le comhdhlúthú leithinis na Crimea a ionghabhadh go neamhdhleathach sa Russian Federation, rud a bhaineann an bonn a thuilleadh d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine.

    31.7.2018

    44.

    JSC Zaliv Shipyard

    Судостроительный завод ‘Залив’

    Seoladh: 4 Tankistov street, 298310 Kerch, Crimea

    Suíomh gréasáin: http://zalivkerch.com

    Uimhir chlárúcháin stáit: 1149102028602

    Teil.: +7(36561)33055

    Uimhir chlárúcháin chánach: 9111001119

    Bhí páirt ghníomhach ag JSC Zaliv Shipyard i dtógáil iarnróid nua chuig Droichead Kerch, a nascann an Rúis le leithinis na Crimea a ionghabhadh go neamhdhleathach. Dá bhrí sin, tá an institiúid ag tacú le comhdhlúthú leithinis na Crimea a ionghabhadh go neamhdhleathach sa Russian Federation, rud a bhaineann an bonn a thuilleadh d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine.

    31.7.2018

    45.

    STROYGAZMONTAZH Joint Stock Company

    STROYGAZMONTAZH Corporation (SGM Group)

    ООО Стройгазмонтаж

    (груп СГМ)

    Seoladh: Prospect Vernadskogo 53, Moscow, 119415 Russia

    Suíomh gréasáin: www.ooosgm.com

    info@ooosgm.ru

    Uimhir chlárúcháin stáit: 1077762942212

    Uimhir chlárúcháin chánach: 7729588440

    INN: 9729299794

    PSRN: 1207700324941, KPP 772901001.

    Trína conradh stáit chun Droichead Kerch a thógáil, ghlac Stroygazmontazh Corporation (SGM Group) páirt ghníomhach i dtógáil an droichid, a nascann an Rúis le leithinis na Crimea a ionghabhadh go neamhdhleathach. Dá bhrí sin, tá an chuideachta ag tacú le comhdhlúthú leithinis na Crimea a ionghabhadh go neamhdhleathach sa Russian Federation, rud a bhaineann an bonn a thuilleadh d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine.

    31.7.2018”


    Top