Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0398

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/398 ón gComhairle an 5 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/932/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Éimin

    ST/6653/2021/INIT

    IO L 77I, 5.3.2021, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/398/oj

    5.3.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 77/3


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/398 ÓN gCOMHAIRLE

    an 5 Márta 2021

    lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/932/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Éimin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2014/932/CBES ón gComhairle an 18 Nollaig 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Éimin (1), agus go háirithe Airteagal 3 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 18 Nollaig 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/932/CBES.

    (2)

    An 25 Feabhra 2021, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2564 (2021) lena léirítear imní maidir leis na dúshláin leanúnacha pholaitiúla, slándála, eacnamaíocha agus dhaonnúla in Éimin, agus lena n-iarrann sí arís ar na páirtithe uile in Éimin a gcuid difríochtaí a réiteach trí idirphlé agus comhairliúchán.

    (3)

    De bhun Rún 2564 (2021) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ainmnítear duine amháin le cur faoi réir bearta sriantacha arna bhforchur de bhun mhíreanna 11 agus 15 de Rún 2140 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus de bhun mhír 14 de Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/932/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear leis seo an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/932/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Márta 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  IO L 365, 19.12.2014, lch. 147.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an iontráil seo a leanas leis an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/932/CBES (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagail 1(1), 2a(1) agus Airteagal 2b(1) agus (2)):

    “6.

    Sultan Saleh Aida Aida Zabin

    Faisnéis eile: Stiúrthóir an Criminal Investigation Department (CID) in Sanaa. Bhí sé rannpháirteach i ngníomhaíochtaí lena gcuirtear an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht in Éimin i mbaol. Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 25.2.2021.

    Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

    Bhí Sultan Saleh Aida Aida Zabin rannpháirteach i ngníomhaíochtaí lena gcuirtear an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht in Éimin i mbaol, lena n-áirítear sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta is infheidhme agus mí-úsáidí chearta an duine in Éimin.

    Is é Sultan Saleh Aida Aida Zabin stiúrthóir CID in Sanna. Bhí ról lárnach aige i mbeartas imeagla agus bhain sé úsáid chórasach as gabháil, coinneáil, céasadh, foréigean gnéasach agus éigniú in aghaidh mná atá gníomhach ó thaobh na polaitíochta de. Mar stiúrthóir CID, tá Zabin freagrach go díreach, nó de bhua a údaráis, as an iliomad áiteanna coinneála a úsáid lena n-áirítear braighdeanas baile, stáisiúin phóilíneachta, príosúin fhoirmiúla agus ionaid choinneála agus ionaid choinneála nár ainmníodh, agus tá sé comhpháirteach sa mhéid sin. Sna háiteanna sin, rinneadh mná, agus ar a laghad mionaoiseach amháin ina measc, a fhuadach leis an lámh láidir, a cheistiú arís is arís eile, rinneadh iad a chéasadh, níor cuireadh cóir leighis orthu go tráthúil agus tugadh orthu saothar éignithe a dhéanamh. Ba é Zabin é féin a chéas iad i roinnt cásanna.”


    Top