EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0136

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/136 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2021 lena gceartaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119 maidir le formheas soilse seachtracha éifeachtúla feithiclí a úsáideann dé-óidí astaithe solais agus atá lena n-úsáid i bhfeithiclí innill dócháin inmheánaigh agus i bhfeithiclí leictreacha hibrideacha nach féidir a luchtú go seachtrach mar theicneolaíocht nuálach chun astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí a laghdú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de bhun Chinneadh Chur Chun Feidhme (AE) 2020/1339 maidir leis an bhformheas de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soilse seachtracha éifeachtúla feithiclí a úsáideann dé-óidí astaithe solais mar theicneolaíocht nuálach chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma áirithe a laghdú i ndáil leis an Nós Imeachta Tástála Comhchuibhithe Domhanda d’Fheithiclí Éadroma (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/554

IO L 42, 5.2.2021, p. 13–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/136/oj

5.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 42/13


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/136 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Feabhra 2021

lena gceartaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119 maidir le formheas soilse seachtracha éifeachtúla feithiclí a úsáideann dé-óidí astaithe solais agus atá lena n-úsáid i bhfeithiclí innill dócháin inmheánaigh agus i bhfeithiclí leictreacha hibrideacha nach féidir a luchtú go seachtrach mar theicneolaíocht nuálach chun astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí a laghdú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de bhun Chinneadh Chur Chun Feidhme (AE) 2020/1339 maidir leis an bhformheas de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soilse seachtracha éifeachtúla feithiclí a úsáideann dé-óidí astaithe solais mar theicneolaíocht nuálach chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma áirithe a laghdú i ndáil leis an Nós Imeachta Tástála Comhchuibhithe Domhanda d’Fheithiclí Éadroma

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear caighdeáin astaíochta CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 11(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foirmle 9 san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119 ón gCoimisiún (2), tá sí mícheart agus dá bhrí sin, ba cheart foirmle cheartaithe nua a chur ina hionad.

(2)

Tá an íostairseach maidir le laghduithe CO2 dá dtagraítear i bpointe 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1339 ón gCoimisiún (3) mícheart agus dá bhrí sin, ba cheart an luach dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 427/2014 ón gCoimisiún (4) a chur ina hionad.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119 agus (AE) 2020/1339 a cheartú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartú ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119

I bpointe 4.2.2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoirmle 9:

Image 1

Airteagal 2

Ceartú ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1339

I bpointe 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1339, maidir leis an téacs seo a leanas: cuirtear an méid seo a leanas in ionad “Íostairseach is ea an MT, atá cothrom le 1 g CO2/km”:

‘Íostairseach is ea an MT, atá cothrom le 0,5 g CO2/km’

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Feabhra 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 111, 25.4.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1119 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 maidir le formheas soilse seachtracha éifeachtúla feithiclí a úsáideann dé-óidí astaithe solais agus atá lena n-úsáid i bhfeithiclí innill dócháin inmheánaigh agus i bhfeithiclí leictreacha hibrideacha nach féidir a luchtú go seachtrach mar theicneolaíocht nuálach chun astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí a laghdú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 176, 1.7.2019, lch. 67).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1339 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir leis an bhformheas de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soilse seachtracha éifeachtúla feithiclí a úsáideann dé-óidí astaithe solais mar theicneolaíocht nuálach chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma áirithe a laghdú i ndáil leis an Nós Imeachta Tástála Comhchuibhithe Domhanda d’Fheithiclí Éadroma (IO L 313, 28.9.2020, lch. 4).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 427/2014 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2014 lena mbunaítear nós imeachta maidir le teicneolaíochtaí nuálacha a cheadú agus a dheimhniú i ndáil le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma a laghdú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 125, 26.4.2014, lch. 57).


Top