Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0493

    Rialachán (AE) 2020/493 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 maidir leis an gcóras do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (FADO) agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB ón gComhairle

    PE/97/2019/REV/1

    IO L 107, 6.4.2020, p. 1–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/493/oj

    6.4.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 107/1


    RIALACHÁN (AE) 2020/493 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 30 Márta 2020

    maidir leis an gcóras do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (FADO) agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB ón gComhairle

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 87(2)(a) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Bunaíodh an Córas Eorpach um Chartlannú Íomhánna ar Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (FADO) le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB (4) ón gComhairle laistigh d’Ardrúnaíocht na Comhairle. Cuireadh córas FADO ar bun chun malartú faisnéise maidir le doiciméid bharántúla agus modhanna falsaithe aitheanta a éascú idir údaráis na mBallstát. Le córas FADO déantar foráil maidir le faisnéis faoi dhoiciméid bharántúla agus faoi dhoiciméid bhréagacha a stóráil go leictreonach, a mhalartú go gasta agus a bhailíochtú. Ós rud é go bhfuil sé tábhachtach freisin do shaoránaigh, eagraíochtaí agus gnólachtaí go ndéanfaí doiciméid bhréagacha a bhrath, tá Ardrúnaíocht na Comhairle tar éis doiciméid bharántúla a chur ar fáil i gClár Poiblí de Dhoiciméid Bharántúla Taistil agus Aitheantais ar Líne freisin, ar a dtugtar PRADO.

    (2)

    Ós rud é go bhfuil bainistiú chóras FADO as dáta agus gur cheart é a oiriúnú don chreat institiúideach a bunaíodh leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB a aisghairm agus ionstraim nua, nuashonraithe a chur ina hionad.

    (3)

    Is é atá sa Rialachán seo an bunús dlí nua is gá chun córas FADO a rialú.

    (4)

    Leis an gcalaois doiciméad, is féidir an bonn a bhaint ó shlándáil inmheánach an Aontais ar deireadh thiar. Is ionann úsáid chóras FADO mar chóras stórála leictreonaí, lena ndéantar cur síos ar phointí braite a d’fhéadfadh a bheith i ndoiciméid bharántúla agus i ndoiciméid bhréagacha araon, agus uirlis thábhachtach sa chomhrac i gcoinne na calaoise doiciméad, go háirithe ag na teorainneacha seachtracha. Ós rud é go gcuireann córas FADO le hardleibhéal slándála a choinneáil laistigh den Aontas trí thacú le húdaráis phóilíneachta, údaráis gardaí teorann agus údaráis forfheidhmithe dlí eile de chuid na mBallstát sa chomhrac i gcoinne na calaoise doiciméad, is uirlis thábhachtach é córas FADO chun acquis Schengen a chur i bhfeidhm.

    (5)

    Cé gur minic go mbraitear doiciméid bhréagacha agus calaois aitheantais ag na teorainneacha seachtracha, is réimse é an comhrac i gcoinne na ndoiciméad bréagach a chumhdaítear le comhar póilíneachta. Is bréagdhoiciméid, doiciméid a brionnaíodh agus doiciméid a góchumadh doiciméid bhréagacha. Tá méadú suntasach tagtha ar úsáid doiciméad bréagach san Aontas le blianta beaga anuas. Is é atá i gceist le calaois doiciméad agus calaois aitheantais táirgeadh agus úsáid doiciméad bréagach agus doiciméad barántúil a fhaightear trí mhodhanna calaoiseacha. Is ionann doiciméid bhréagacha agus uirlis choiriúil ilchuspóireach toisc gur féidir na doiciméid sin a úsáid arís is arís eile chun tacú le gníomhaíochtaí coiriúla éagsúla, lena n-áirítear sciúradh airgid agus an sceimhlitheoireacht. Tá na teicnící a úsáidtear chun doiciméid bhréagacha a tháirgeadh tar éis éirí níos sofaisticiúla agus, dá thoradh sin, tá gá le faisnéis ar ardchaighdeán faoi phointí braite a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe gnéithe slándála agus saintréithe calaoise, agus is gá an fhaisnéis sin a nuashonrú go minic.

    (6)

    Ba cheart faisnéis a bheith i gcóras FADO faoi gach cineál doiciméad barántúil taistil, aitheantais, cónaithe agus stádais shibhialta, ceadúnais tiomána bharántúla agus ceadúnais feithiclí bharántúla arna n-eisiúint ag na Ballstáit, faoi laissez-passer an Aontais arna eisiúint ag an Aontas agus faoi leaganacha bréagacha de dhoiciméid den chineál sin atá ina seilbh. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann faisnéis a bheith i gcóras FADO faoi dhoiciméid oifigiúla ghaolmhara eile, go háirithe na doiciméid sin a úsáidtear mar thacaíocht d’iarratais ar dhoiciméid oifigiúla, arna n-eisiúint ag na Ballstáit, agus faoi leaganacha bréagacha díobh. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann faisnéis a bheith i gcóras FADO freisin faoi gach cineál doiciméad barántúil taistil, aitheantais, cónaithe agus stádais shibhialta, ceadúnais tiomána bharántúla agus ceadúnais feithicle bharántúla agus faoi dhoiciméid oifigiúla ghaolmhara eile, go háirithe na doiciméid sin a úsáidtear mar thacaíocht d’iarratais ar dhoiciméid oifigiúla, arna n-eisiúint ag tríú páirtithe, amhail tríú tíortha, eintitis chríochacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eintitis eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta agus faoi leaganacha bréagacha díobh.

    (7)

    Níor cheart sonraí pearsanta i gcóras FADO a phróiseáil ach amháin a mhéid a bhfuil géarghá leis chun críche córas FADO a fheidhmiú. Mar thoradh díreach ar an gcuspóir dár cruthaíodh córas FADO, níor cheart ach faisnéis theoranta a bhaineann le duine sainaitheanta nó duine in-sainaitheanta a stóráil i gcóras FADO. Níor cheart sonraí pearsanta i bhfoirm íomhá den aghaidh nó sonraí alfa-uimhriúla a bheith i gcóras FADO ach amháin sa mhéid a bhaineann siad le gnéithe slándála nó le modh falsaithe doiciméid. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann sonraí pearsanta teoranta den sórt sin a stóráil i bhfoirm eilimintí éagsúla atá le feiceáil sna samplaí de dhoiciméid bharántúla nó i bhfoirm sonraí faoi ainm bréige i ndoiciméid bharántúla nó i ndoiciméid bhréagacha. Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”), a rialaítear le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), na céimeanna riachtanacha a ghlacadh chun ainm bréige a chur i bhfeidhm ar gach gné de shonraí pearsanta nach bhfuil riachtanach i dtaca leis na críocha dá ndéantar na sonraí a phróiseáil i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí. Níor cheart a bheith in ann aon ghné de shonraí pearsanta a chuardach i gcóras FADO ná níor cheart a bheith in ann duine nádúrtha a shainaithint trí bhíthin chóras FADO gan sonraí breise a úsáid. Níor cheart córas FADO a úsáid chun duine nádúrtha a shainaithint.

    (8)

    Aon phróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs an Rialacháin seo, ba cheart í a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), de réir mar is infheidhme.

    (9)

    Cé gur féidir leis na Ballstáit a gcórais náisiúnta féin ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid bharántúla agus bhréagacha a chothabháil nó a fhorbairt, ba cheart iad a bheith faoi oibleagáid faisnéis a sholáthar don Ghníomhaireacht faoi dhoiciméid bharántúla a eisíonn siad, lena n-áirítear faisnéis faoi na gnéithe slándála díobh, agus faisnéis faoi leaganacha bréagacha de dhoiciméid den sórt sin atá ina seilbh acu. Ba cheart don Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin a chur isteach i gcóras FADO agus aonfhoirmeacht agus cáilíocht na faisnéise a ráthú.

    (10)

    Eisíonn an tAontas laissez-passer chuig comhaltaí d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus chuig seirbhísigh an Aontais le húsáid chun críoch seirbhíse i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1417/2013 ón gComhairle (8). Ba cheart an tAontas a bheith faoi oibleagáid an fhaisnéis a sholáthar don Ghníomhaireacht faoi dhoiciméid bharántúla den sórt sin agus na gnéithe slándála díobh.

    (11)

    Ba cheart leibhéil éagsúla rochtana ar chóras FADO a sholáthar do gheallsealbhóirí éagsúla, lena n-áirítear an pobal i gcoitinne, ag brath ar na riachtanais atá acu agus ar íogaireacht na sonraí lena mbaineann.

    (12)

    Chun a áirithiú go rialaíonn na Ballstáit calaois doiciméad ar ardleibhéal, ba cheart leibhéil éagsúla rochtana ar chóras FADO a sholáthar, ar bhonn riachtanais eolais, d’údaráis na mBallstát atá inniúil i réimse na calaoise doiciméad, amhail údaráis phóilíneachta, údaráis gardaí teorann agus údaráis forfheidhmithe dlí eile agus údaráis náisiúnta ábhartha eile, ag brath ar a riachtanais. Ba cheart do na Ballstáit na húdaráis inniúla dá soláthrófar rochtain agus leibhéal na rochtana atá le soláthar dóibh a chinneadh. Ba cheart don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht a chinneadh freisin cad iad na haonaid a bheidh inniúil chun córas FADO a rochtain. Le córas FADO, ba cheart a chur ar chumas úsáideoirí faisnéis a bheith ar fáil dóibh faoi aon mhodhanna falsaithe nua a bhraitear agus faoi dhoiciméid bharántúla nua atá i gcúrsaíocht, ag brath ar a gcearta rochtana.

    (13)

    Le roinnt blianta anuas, tá saineolas forbartha ag an nGníomhaireacht i réimse na calaoise doiciméad. Dá bhrí sin, ba cheart sineirgí a fheabhsú trí leas a bhaint as saineolas na Gníomhaireachta chun tairbhe na mBallstát sa réimse sin. Ba cheart don Ghníomhaireacht córas FADO a ghlacadh chuici féin agus a fheidhmiú mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2019/1896. De thoradh ar an nglacadh sin, níor cheart difear a dhéanamh do na gníomhaithe sin a bhfuil rochtain acu cheana ar chóras FADO, eadhon an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), na Ballstáit agus an pobal i gcoitinne. Tar éis don Ghníomhaireacht córas FADO a ghlacadh chuici féin, ba cheart di tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le brath agus sainaithint doiciméad bréagach. Ina theannta sin, agus i gcás inarb iomchuí, féadfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), tacaíocht theicniúil a thabhairt don Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 68 de Rialachán (AE) 2019/1896.

    (14)

    Ba cheart a áirithiú, le linn na hidirthréimhse, go bhfanfaidh córas FADO ag feidhmiú go hiomlán go dtí go mbeidh an t-aistriú curtha i gcrích le fírinne agus go dtí go mbeidh an fhaisnéis atá ann cheana aistrithe chuig an gcóras nua. Ba cheart úinéireacht na sonraí atá ann cheana a aistriú chuig an nGníomhaireacht ansin.

    (15)

    Ní dhéanann an Rialachán seo difear d’inniúlacht na mBallstát i dtaca le pasanna, doiciméid taistil, víosaí nó doiciméid aitheantais eile a aithint.

    (16)

    Chun rochtain ar fhaisnéis atá i gcóras FADO a cheadú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, seachas an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht, do thríú páirtithe, amhail tríú tíortha, eintitis chríochacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eintitis eile atá faoi réir an dlí idirnáisúnta, nó d’eintitis phríobháideacha, amhail aerlínte agus iompróirí eile, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le bearta a bhunú lena dtabharfar rochtain ar chóras FADO ar bhealach teoranta do na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais, do na tríú páirtithe sin, agus do na heintitis phríobháideacha sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (17)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le hailtireacht theicniúil chóras FADO, bunú sonraíochtaí teicniúla, na nósanna imeachta chun faisnéis a rialú agus a fhíorú agus an dáta a chinneadh ar a ndéanfaidh an Gníomhaireacht córas FADO a chur chun feidhme. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

    (18)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

    (19)

    Tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (13).

    (20)

    Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme (14), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (15).

    (21)

    Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme (16), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (17).

    (22)

    Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (18) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle (19).

    (23)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus thug sé tuairim an 3 Nollaig 2018.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus cuspóir

    Leis an Rialachán seo bunaítear an córas do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (FADO) ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid bharántúla arna n-eisiúint ag na Ballstáit, an tAontas agus tríú páirtithe, amhail tríú tíortha, eintitis chríochacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eintitis eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta, agus faoi leaganacha bréagacha díobh.

    Is é is cuspóir do chóras FADO cur leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise doiciméad agus na calaoise aitheantais trí fhaisnéis a roinnt idir na húdaráis inniúla náisiúnta faoi na gnéithe slándála agus saintréithe calaoise a d’fhéadfadh a bheith i ndoiciméid bharántúla agus i ndoiciméid bhréagacha idir údaráis na mBallstát atá inniúil i réimse na calaoise doiciméad.

    Is é is cuspóir do chóras FADO freisin cur leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise doiciméid agus na calaoise aitheantais trí fhaisnéis a roinnt le gníomhaithe eile, lena n-áirítear an pobal i gcoitinne.

    Airteagal 2

    Raon feidhme agus inneachar chóras FADO

    1.   Beidh faisnéis i gcóras FADO faoi dhoiciméid taistil, aitheantais, chónaithe agus stádais shibhialta, ceadúnais tiomána agus ceadúnais feithiclí arna n-eisiúint ag na Ballstáit nó ag an Aontas, agus faisnéis faoi leaganacha bréagacha díobh.

    Féadfaidh faisnéis a bheith i gcóras FADO freisin faoi dhoiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír arna n-eisiúint ag tríú páirtithe, amhail tríú tíortha, eintitis chríochacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eintitis eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta, agus faisnéis faoi leaganacha bréagacha díobh.

    Féadfaidh faisnéis a bheith i gcóras FADO faoi dhoiciméid oifigiúla ghaolmhara eile, go háirithe na doiciméid sin a úsáidtear mar thacaíocht d’iarratais ar dhoiciméid oifigiúla arna n-eisiúint ag na Ballstáit, agus i gcás inarb infheidhme, arna n-eisiúint ag tríú páirtithe, amhail tríú tíortha, eintitis chríochacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eintitis eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta, agus faoi leaganacha bréagacha de dhoiciméid den chineál sin.

    2.   Is é an méid seo a leanas a bheidh san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    faisnéis, lena n-áirítear íomhánna, faoi dhoiciméid bharántúla, agus samplaí díobh, agus faoina ngnéithe slándála;

    (b)

    faisnéis, lena n-áirítear íomhánna, faoi dhoiciméid bhréagacha, más brionnaithe, góchumtha nó bréagach atá siad, agus faoina saintréithe calaoise;

    (c)

    achoimrí faoi theicnící góchumtha;

    (d)

    achoimrí faoi ghnéithe slándála na ndoiciméad barántúil; agus

    (e)

    staidreamh maidir le doiciméid bhréagacha a bhraitear.

    Féadfaidh lámhleabhair, liostaí teagmhálacha, faisnéis faoi dhoiciméid bhailí taistil agus faoina n-aitheantas ag na Ballstáit, moltaí maidir le bealaí éifeachtacha chun modhanna sonracha falsaithe a bhrath agus faisnéis úsáideach ghaolmhar eile a bheith i gcóras FADO freisin.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit agus an tAontas an fhaisnéis faoi na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 a tharchur gan mhoill chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (an “Ghníomhaireacht”).

    Féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis faoi na doiciméid dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír de mhír 1 a tharchur chuig an nGníomhaireacht freisin.

    Féadfaidh tríú páirtithe, amhail tríú tíortha, eintitis chríochacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eintitis eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta, an fhaisnéis faoi na doiciméid amhail dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír de mhír 1 a tharchur chuig an nGníomhaireacht.

    Airteagal 3

    Freagrachtaí na Gníomhaireachta

    1.   Agus a cúram á chur i gcrích aici i gcomhréir le hAirteagal 79 de Rialachán (AE) 2019/1896, áiritheoidh an Ghníomhaireacht feidhmiú cuí agus iontaofa chóras FADO agus tabharfaidh sí tacaíocht d’údaráis inniúla na mBallstát maidir le doiciméid bhréagacha a bhrath.

    2.   Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as an bhfaisnéis a fhaightear a chur isteach i gcóras FADO ar bhealach tráthúil agus éifeachtach agus as aonfhoirmeacht agus cáilíocht na faisnéise sin a ráthú.

    Airteagal 4

    Ailtireacht chóras FADO agus rochtain ar an gcóras

    1.   Le hailtireacht chóras FADO, soláthrófar d’úsáideoirí leibhéil éagsúla rochtana ar fhaisnéis.

    2.   Beidh rochtain shlán ar chóras FADO, ar bhonn riachtanais eolais, ag an gCoimisiún agus ag an nGníomhaireacht a mhéid is gá chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích agus ag údaráis na mBallstát atá inniúil i réimse na calaoise doiciméad, amhail údaráis phóilíneachta, údaráis gardaí teorann agus údaráis forfheidhmithe dlí eile agus údaráis náisiúnta ábhartha eile.

    3.   Le hailtireacht chóras FADO, soláthrófar don phobal i gcoitinne rochtain ar shamplaí de dhoiciméid bharántúla nó de dhoiciméid bharántúla le sonraí faoi ainm bréige.

    4.   Féadfaidh rochtain a bheith ag na gníomhaithe seo a leanas ar fhaisnéis a stóráiltear i gcóras FADO ar bhealach teoranta:

    (a)

    institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, seachas na cinn sin dá dtagraítear i mír 2;

    (b)

    tríú páirtithe, amhail tríú tíortha, eintitis chríochacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eintitis eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta;

    (c)

    eintitis phríobháideacha, amhail aerlínte agus iompróirí eile.

    5.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí bhearta a bhunú lena dtabharfar rochtain ar an bhfaisnéis a stóráiltear i gcóras FADO do na gníomhaithe a liostaítear i mír 4 den Airteagal seo. Leis na gníomhartha tarmligthe, leagfar amach do na gníomhaithe a liostaítear i mír 4 den Airteagal seo an chuid sin de chóras FADO dá dtabharfar rochtain agus aon nósanna imeachta agus coinníollacha ar leith a d’fhéadfadh a bheith riachtanach, lena n-áirítear an ceanglas maidir le comhaontú a thabhairt i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus tríú páirtí nó eintiteas príobháideach dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 4 den Airteagal seo.

    6.   Cinnfidh na Ballstáit cad iad na húdaráis atá inniúil i réimse na calaoise doiciméad agus údaráis náisiúnta ábhartha eile a mbeidh rochtain acu ar chóras FADO, lena n-áirítear an leibhéal rochtana atá le soláthar dóibh, agus tabharfaidh siad fógra faoin méid sin don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht.

    Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír chuig Parlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin di.

    Airteagal 5

    Sonraí pearsanta a phróiseáil ag an nGníomhaireacht

    1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) i bhfeidhm agus sonraí pearsanta á bpróiseáil aici faoin Rialachán seo. Ní dhéanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis an bpróiseáil sin chun a cúram córas FADO a fheidhmiú a chomhlíonadh.

    Maidir le doiciméid bharántúla, ní bheidh i gcóras FADO ach na sonraí pearsanta a áirithítear i samplaí de na doiciméid bharántúla nó i sonraí faoi ainm bréige.

    Maidir le doiciméid bhréagacha, ní bheidh i gcóras FADO ach na sonraí pearsanta a mhéid is gá chun cur síos nó léiriú a dhéanamh ar shaintréithe calaoise nó modh falsaithe doiciméad den sórt sin.

    2.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh bearta teicniúla agus eagraíochtúla, amhail ainm bréige a thabhairt ar shonraí, i bhfeidhm chun a áirithiú nach ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin a mhéid a bhfuil géarghá leis chun críche córas FADO a fheidhmiú i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí ar bhealach nach mbeifear in ann aon duine nádúrtha a aithint trí chóras FADO gan sonraí breise a úsáid.

    Airteagal 6

    Gníomhartha cur chun feidhme

    1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    ailtireacht theicniúil chóras FADO a bhunú;

    (b)

    na sonraíochtaí teicniúla a bhunú chun faisnéis a chur isteach agus a stóráil i gcóras FADO i gcomhréir le hardchaighdeáin;

    (c)

    na nósanna imeachta a bhunú chun an fhaisnéis i gcóras FADO a rialú agus a fhíorú;

    (d)

    an dáta a chinneadh ar a ndéanfaidh an Ghníomhaireacht córas FADO a chur chun feidhme le fírinne.

    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

    2.   Glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 tar éis a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    glacadh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1;

    (b)

    tá fógra tugtha ag an nGníomhaireacht don Choimisiún maidir le cur chun feidhme rathúil ailtireacht chóras FADO;

    (c)

    tá fógra tugtha ag an nGníomhaireacht don Choimisiún go bhfuil tarchur na faisnéise ó Ardrúnaíocht na Comhairle chuig an nGníomhaireacht tugtha i gcrích.

    Airteagal 7

    Nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh an coiste, a bunaíodh le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle (22), cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 8

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 26 Aibreán 2020.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 9

    Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

    1.   Aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB le héifeacht ón dáta a chuirfidh an Ghníomhaireacht córas FADO chun feidhme le fírinne, dáta a bheidh le cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) den Rialachán seo.

    2.   Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle an fhaisnéis atá i gcóras FADO arna bhunú le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB a aistriú chuig an nGníomhaireacht.

    3.   Comhaontóidh na Ballstáit go ndéanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle an fhaisnéis a bhfuil úinéireacht acu uirthi agus a stóráiltear i gcóras FADO arna bhunú le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB a tharchur chuig córas FADO arna bhunú leis an Rialachán seo.

    Airteagal 10

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Márta 2020.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D.M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. GRLIĆ RADMAN


    (1)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 62.

    (2)  IO C 168, 16.5.2019, lch. 74.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Márta 2020.

    (4)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB an 3 Nollaig 1998 arna glacadh ag an gComhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le Córas Eorpach um Chartlannú Íomhánna (FADO) a bhunú (IO L 333, 9.12.1998, lch. 4).

    (5)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (7)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

    (8)  Rialachán (AE) Uimh. 1417/2013 ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos foirm an laissez-passer arna eisiúint ag an Aontas Eorpach (IO L 353, 28.12.2013, lch. 26).

    (9)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

    (10)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).

    (11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (13)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

    (14)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

    (15)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

    (16)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

    (17)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

    (18)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 3.

    (19)  Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).

    (20)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

    (21)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (22)  Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1).


    Top