EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D1368

Cinneadh (CBES) 2020/1368 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

IO L 318, 1.10.2020, p. 5–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/1368/oj

1.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 318/5


CINNEADH (CBES) 2020/1368 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

An 23 Nollaig 2019, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, droichead iarnróid ar Chaolas Kerch ar oscailt, agus leis sin, cuireadh i bhfeidhm an tionscadal níos leithne lena nasctar bonneagair iarnróid na Rúise le bonneagair iarnróid Leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach.

(3)

Ní aithníonn an tAontas ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol a rinne Cónaidhm na Rúise. Is é is aidhm do thógáil an droichid agus na rianta iarnróid a nascann é leis an mbonneagar iompair atá ann cheana féin rialú Chónaidhm na Rúise ar an gCrimé agus ar Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach orthu, a chomhdhlúthú agus leithinis na hÚcráine a leithlisiú a thuilleadh.

(4)

Measann an Chomhairle gur cheart ceithre eintiteas agus beirt aonair a chur le liosta na ndaoine, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES iad mar gheall ar an ról atá acu i ndearadh, i dtógáil nó in úsáid an bhonneagair iarnróid lena nasctar an Rúis agus leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear na daoine agus na heintitis a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo leis an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine, na n‐eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CFSP:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“191.

Alexander Nikolaevich GANOV

(Александр Николаевич ГАНОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 24.10.1974

Áit bhreithe: Voronezh (Cónaidhm na Rúise)

Ard-Stiúrthóir ar JSC TC Grand Service Express, a oibríonn seirbhís traenach idir an Rúis agus leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Dá bhrí sin, tacaíonn sé le comhdhlúthú leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach i gCónaidhm na Rúise, rud a bhaineann an bonn a thuilleadh d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

1.10.2020

192.

Leonid Kronidovich RYZHENKIN

(Леонид Кронидович РЫЖЕНЬКИН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 10.11.1967

Áit bhreithe: ní fios

Uimhir an phas: 722706177 (in 2015)

Leas-ardstiúrthóir ar thionscadail bhonneagair ag Stroigazmontazh (SGM), cuideachta atá i mbun maoirseachta ó 2015 ar thógáil an droichid ar Chaolas Kerch (lena n‐áirítear an chuid sin den droichead ar iarnród é) a nascann an Rúis agus leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Dá bhrí sin, tacaíonn sé le comhdhlúthú leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach i gCónaidhm na Rúise, rud a bhaineann an bonn a thuilleadh d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

1.10.2020

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

48.

An chuideachta chomhstoic ‘Lenpromtransproyekt’ (АО ‘Ленпромтранспроект’)

Seoladh: Kondrat’yevskiy Prospekt, 15, building 5/1, 223 St. Petersburg 195197, Cónaidhm na Rúise

Uimhir aitheantais chlárúcháin (OGRN no.): 1027809210054

Uimhir aitheantais chánach (INN no.) 7825064262

Suíomh gréasáin: https://lptp.ru/

seoladh ríomhphoist: ptp@sp.ru

Bhí lámh ag an gcuideachta chomhstoic Lenpromtransproyekt sa tionscadal lenar nascadh bonneagar traenach leithinis na Crimé (a ionghabhadh go neamhdhleathach) le bonneagar traenach na Rúise; is í an chuideachta sin a dhear an ráille traenach chomh fada leis an droichead a cuireadh ar Chaolas Kerch agus a d'fheidhmigh mar mhaoirseoir ailtireachta agus an droichead á thógáil idir an Rúis agus leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Dá bhrí sin, tá an chuideachta sin ag tacú le comhdhlúthú leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach i gCónaidhm na Rúise, rud a bhaineann an bonn a thuilleadh d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

1.10.2020

49.

An chuideachta chomhstoic ‘The Berkakit-Tommot-Yakutsk Railway Line’s Construction Directorate’ (АО ‘Дирекция по строительству железной дороги Беркакит‐Томмот‐Якутск’)

Seoladh: Mayakovskogo St. 14, cathair Aldan 678900, Ceantar Aldansky, Cónaidhm na Rúise

Uimhir aitheantais chlárúcháin (OGRN no.): 1121402000213

Uimhir aitheantais chánach (INN no.) 1402015986

Suíomh gréasáin: https://dsgd.ru/

seoladh ríomhphoist: info@dsgd.ru; gmn@dsgd.ru

Bhí lámh ag an gcuideachta chomhstoic The Berkakit-Tommot-Yakutsk Railway Line’s Construction Directorate sa tionscadal lenar nascadh bonneagar traenach leithinis na Crimé (a ionghabhadh go neamhdhleathach) le bonneagar traenach na Rúise; chuir an chuideachta sin seirbhísí innealtóireachta ar fáil agus an ráille traenach á thógáil chomh fada leis an droichead a tógadh idir an Rúis agus leithinis na Crimé (a ionghabhadh go neamhdhleathach). Dá bhrí sin, tá an chuideachta sin ag tacú le comhdhlúthú leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach i gCónaidhm na Rúise, rud a bhaineann an bonn a thuilleadh d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

1.10.2020

50.

Federal State Unitary Enterprise ‘Crimea Railway’ (Федеральное государственное унитарное предприятие ‘Крымская железная дорога’)

Seoladh: 34 Pavlenko St., Simferopol 95006, An Úcráin

Uimhir aitheantais chlárúcháin (OGRN no.): 1159102022738

Uimhir aitheantais chánach (INN no.) 9102157783

Suíomh gréasáin: https://crimearw.ru

Seoladh ríomhphoist: ngkkjd@mail.ru

Bhí lámh ag Federal State Unitary Enterprise Crimea Railway sa tionscadal lenar nascadh bonneagar traenach leithinis na Crimé (a ionghabhadh go neamhdhleathach) le bonneagar traenach na Rúise; is í an chuideachta sin úinéir agus oibritheoir na ráillí ráille traenach atá ar an droichead a cuireadh ar Chaolas Kerch a nascann an Rúis le leithinis na Crimé (a ionghabhadh go neamhdhleathach). Dá bhrí sin, tá an chuideachta sin ag tacú le comhdhlúthú leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach i gCónaidhm na Rúise, rud a bhaineann an bonn a thuilleadh d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

1.10.2020

51.

First Crimean Insurance Company

(Крымская первая страховая компания)

Seoladh: Butakova Ln, 4, Sevastopol, An Úcráin

Uimhir aitheantais chlárúcháin (OGRN no.): 1149102007933

Uimhir aitheantais chánach (INN no.) 9102006047

Suíomh gréasáin: https://kpsk-ins.ru/about

Seoladh ríomhphoist: info@kspk-ins.ru

Bhí lámh ag First Crimean Insurance Company sa tionscadal lenar nascadh bonneagar traenach leithinis na Crimé (a ionghabhadh go neamhdhleathach) le bonneagar traenach na Rúise; is í a chuir árachas ar fáil agus an droichead á thógáil ar Chaolas Kerch. Dá bhrí sin, tá an chuideachta sin ag tacú le comhdhlúthú leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach i gCónaidhm na Rúise, rud a bhaineann an bonn a thuilleadh d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

1.10.2020”.


Top