EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0120
Council Decision (CFSP) 2020/120 of 28 January 2020 amending Decision 2014/145/CFSP concerning restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine
Cinneadh (CBES) 2020/120 ón gComhairle an 28 Eanáir 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
Cinneadh (CBES) 2020/120 ón gComhairle an 28 Eanáir 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
ST/15148/2019/INIT
IO L 22I, 28.1.2020, p. 5–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
28.1.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 22/5 |
CINNEADH (CBES) 2020/120 ÓN GCOMHAIRLE
an 28 Eanáir 2020
lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1). |
(2) |
Tar éis do Chónaidhm na Rúise “toghcháin áitiúla”, mar a thugtar orthu, a reáchtáil an 8 Meán Fómhair 2019 i bPoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus i gcathair Sevastopol na hÚcráine, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach orthu, measann an Chomhairle gur cheart seachtar a chur le liosta na ndaoine, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear na daoine a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo leis an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Eanáir 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de shláine críche, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:
|
Ainm |
Faisnéis chéannachta |
Na cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“184. |
Sergei Andreevich DANILENKO (Сергей Андреевич ДАНИЛЕНКО) |
Inscne: fireann Dáta breithe: 14.3.1960 Áit bhreithe: Krasnodar (íar‐APSS) |
Ceann Choimisiún Toghcháin Sevastopol. Sa cháil sin, ghlac sé páirt i reáchtáil na dtoghchán áitiúil an 8 Meán Fómhair 2019 i gcathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi, agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
28.1.2020 |
185. |
Lidia Aleksandrovna BASOVA (Лидия Александровна БАСОВА) / Lidiya Oleksandrivna BASOVA (Лiдiя Олександрiвна БАСОВА) |
Inscne: baineann Dáta breithe: 1972 Áit bhreithe: Anaithnid |
Leas-Cheann Choimisiún Toghcháin Sevastopol. Sa cháil sin, ghlac sí páirt i reáchtáil na dtoghchán áitiúil an 8 Meán Fómhair 2019 i gcathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi, agus ar an gcaoi sin thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
28.1.2020 |
186. |
Ekaterina Eduardovna PYRKOVA (Екатерина Эдуардовна ПЫРКОВА) / Kateryna Eduardivna PYRKOVA (Катерина Едуардiвна ПИРКОВА) |
Inscne: baineann Dáta breithe: 22.8.1967 Áit bhreithe: Sevastopol (Iar‐APSS) |
Rúnaí Choimisiún Toghcháin Sevastopol. Sa cháil sin, ghlac sí páirt i reáchtáil na dtoghchán áitiúil an 8 Meán Fómhair 2019 i gcathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi, agus ar an gcaoi sin thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
28.1.2020 |
187. |
Ekaterina Borisovna ALTABAEVA (Екатерина Борисовна АЛТАБАЕВА) / Kateryna Borysivna ALTABAEVA (Катерина Борисiвна АЛТАБАЄВА) |
Inscne: baineann Dáta breithe: 27.5.1956 Áit bhreithe: Uglich (Iar-APSS) |
Comhalta de Chomhairle Cónaidhme Chónaidhm na Rúise do chathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi. Ag gníomhú di sa cháil sin a ghlac sí uirthi féin, d’oibrigh sí chun cathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
28.1.2020 |
188. |
Yuriy Mikhailovich GOTSANYUK / Yuriy Mikhailovich GOTSANYUK (Юрий Михайлович ГОЦАНЮК)/ Iurii Mykhailovych HOTSANIUK (Юрiй Михайлович ГОЦАНЮК) |
Inscne: fireann Dáta breithe: 18.7.1966 Áit bhreithe: Novaya Derevnya/Nove Selo (Iar-APSS) |
Príomh-Aire ‘Phoblacht na Crimé’, mar a thugtar uirthi. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d’oibrigh sé chun Poblacht na Crimé, mar a thugtar uirthi, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
28.1.2020 |
189. |
Vladimir Vladimirovich NEMTSEV (Владимир Владимирович НЕМЦЕВ) / Volodymyr Volodymyrovych NEMTSEV (Володимир Володимирович НЄМЦЕВ) |
Inscne: fireann Dáta breithe:15.11.1971 Áit bhreithe: Sevastopol (Iar‐APSS) |
Cathaoirleach ar ‘Thionól Reachtach’, mar a thugtar air, chathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d’oibrigh sé chun cathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
28.1.2020 |
190. |
Mikhail Vladimirovich RAZVOZHAEV (Михаил Владимирович РАЗВОЖАЕВ) / Mykhailo Volodymyrovich RAZVOZHAEV (Михайло Володимирович РАЗВОЖАЄВ) |
Inscne: fireann Dáta breithe: 30.12.1980 Áit bhreithe: Krasnoyarsk (Iar‐APSS) |
‘Gobharnóir gníomhach’, mar a thugtar air, chathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d’oibrigh sé chun cathair Sevastopol, a ndearnadh nascghabháil neamhdhleathach uirthi, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin. |
28.1.2020” |