Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R1475

    Rialachán (AE) 2018/1475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos creat dlíthiúil an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 agus Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE

    PE/47/2018/REV/1

    IO L 250, 4.10.2018, p. 1–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2020; Arna aisghairm le 32021R0888

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1475/oj

    4.10.2018   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    1


    RIALACHÁN (AE) 2018/1475 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 2 Deireadh Fómhair 2018

    lena leagtar síos creat dlíthiúil an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 agus Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá dlúthpháirtíocht, i measc shaoránaigh an Aontais agus i measc na mBallstát, ar cheann de na luachanna uilechoiteanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach tógtha. Treoraíonn an comhluach sin gníomhaíochtaí an Aontais agus soláthraíonn sé an aontacht is gá chun na dúshláin shochaíocha atá ann faoi láthair agus na cinn a bheidh ann amach anseo a láimhseáil, ar dúshláin iad a bhfuil Eorpaigh óga toilteanach cabhrú dul i ngleic leo trína ndlúthpháirtíocht a chur in iúl sa chleachtas. Spreagann an Dlúthpháirtíocht an spéis atá ag daoine óga sa tionscadal comhchoiteann Eorpach. Cumhdaítear prionsabal na dlúthpháirtíochta in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus i mbrollach Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    (2)

    San aitheasc ar Staid an Aontais an 14 Meán Fómhair 2016, leagadh béim ar an ngá atá le hinfheistiú a dhéanamh i ndaoine óga agus fógraíodh go mbunófaí an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach d'fhonn deiseanna a chruthú do dhaoine óga ar fud an Aontais rannchuidiú lánbhrí a dhéanamh don tsochaí, dlúthpháirtíocht a léiriú agus a scileanna, inniúlachtaí agus eolas a fhorbairt agus, sa chaoi sin, taithí ríluachmhar daonna a fháil, rud atá ríthábhachtach freisin maidir le saoránacht ghníomhach agus thiomanta an Aontais teacht chun cinn.

    (3)

    Sa Teachtaireacht uaidh an 7 Nollaig 2016 dar teideal “Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach”, leag an Coimisiún béim ar an ngá atá leis an dúshraith a neartú d'obair dhlúthpháirtíochta ar fud na hEorpa, níos mó deiseanna agus deiseanna níos fearr le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ardchaighdeáin a sholáthar do dhaoine óga i raon leathan réimsí, agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, maidir lena n-iarrachtaí chun déileáil le dúshláin agus géarchéimeanna éagsúla. Sheol an Teachtaireacht sin an chéad chéim den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach faoina mbainfear leas as cláir éagsúla de chuid an Aontais chun deiseanna oibre deonaí, cúrsa oiliúna nó post a sholáthar do dhaoine óga ar fud an Aontais. Ba cheart do na gníomhaíochtaí seo, bídís curtha chun feidhme roimh nó tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, leanúint de na rialacha agus na coinníollacha a chur i bhfeidhm a leagtar síos sna cláir Aontais faoi seach a mhaoinigh iad, faoin gcéad chéim den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

    (4)

    I gcomhthéacs an Rialacháin seo, féadfar an dlúthpháirtíocht a thuiscint mar mheon na freagrachta i dtaobh gach duine i ndáil le gach duine a bheith tiomanta don leas coiteann, rud a léirítear trí ghníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh gan smaoineamh ar leas a fháil mar chúiteamh.

    (5)

    Ba cheart deiseanna atá inrochtana go héasca a thabhairt do dhaoine óga chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ardchaighdeáin a bhfuil gné láidir Eorpach ag baint leo mar bhealach chun rannchuidiú le neart a chur le comhthathú, dlúthpháirtíocht, uilechuimsitheacht shóisialta agus daonlathas i dtíortha rannpháirteacha chun sochair do phobail áitiúla, agus fós feabhas a chur ar a n-inniúlachtaí le haghaidh a bhforbartha pearsanta agus, sa chaoi sin, borradh a chur faoina bhféinmheas, a neamhspleáchas agus a spreagadh chun foghlama, a bhforbairt oideachais, ealaíonta, teanga, chultúrtha, shóisialta agus ghairmiúil a spreagadh, mar aon lena saoránacht ghníomhach, a n-infhostaitheacht agus a n-aistriú isteach sa mhargadh saothair á éascú. Thacódh na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin freisin le soghluaisteacht na rannpháirtithe.

    (6)

    Bunaítear leis an Rialachán seo clár maidir le gníomhaíocht an Aontais, clár ar a dtugtar an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus atá mar bhonn le hathrú sochaíoch dearfach a shaothrú trí thacaíocht a chur ar fáil do phobail de dhaoine aonair agus d'eintitis atá tiomanta don dlúthpháirtíocht a fheabhsú ar fud na hEorpa. Sa chaoi sin, saothraítear leis ionstraim chaiteachais de ghníomhaíocht an Aontais a bhunaítear d'fhonn í a theacht i bhfeidhm ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar bhonn leanúnach agus leagtar síos leis freisin an bonn don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach mar phobal, agus mar fhoinse spreagtha do mheon neartaithe dlúthpháirtíochta san Eoraip trí thionchar níos leithne a bheith ag na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

    (7)

    Ba cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a chuirtear ar fáil do dhaoine óga ar ardcháilíocht, sa mhéid is gur cheart dóibh rannchuidiú le cuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a shaothrú, agus cuidiú le dúshláin shochaíocha a shárú, agus aghaidh á tabhairt fós leo ar riachtanais pobal áitiúil. Ba cheart go dtabharfadh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta an deis do dhaoine óga inniúlachtaí luachmhara a fháil le haghaidh forbairt phearsanta, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil, ba cheart go mbeadh gné láidir foghlama agus oiliúna ag baint leo, ba cheart go mbeadh rochtain orthu ag gach duine óg, agus ba cheart go ndéanfaí iad a chur chun feidhme i ndálaí atá slán, sláintiúil agus bailíochtaithe mar is ceart. Níor cheart go mbeadh tionchar diúltach ag gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar phoist ná sealanna oiliúna atá ann cheana agus ba cheart dóibh rannchuidiú le tiomantais cuideachtaí maidir le freagracht shóisialta chorparáideach a threisiú, ach gan teacht ina n-ionad.

    (8)

    Aon eintiteas atá toilteanach a bheith rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, bíodh sé maoinithe ó bhuiséad an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, ag clár eile de chuid an Aontais nó ag foinse eile maoinithe, ba cheart dó lipéad cáilíochta a fháil ar choinníoll go gcomhlíontar na riachtanais shonracha. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas lipéad cáilíochta a fháil maidir le daoine nádúrtha atá ag lorg tacaíocht airgeadais dá dtionscadail dlúthpháirtíochta ar son grúpa neamhfhoirmiúil rannpháirtithe. Leis an lipéad cáilíochta a shanntar do na heagraíochtaí rannpháirteacha, ba cheart go deimhneofar go bhfuil na heagraíochtaí sin in ann cáilíocht na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a shaothraíonn siad a áirithiú. Ba cheart do chomhlachtaí cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh an próiseas lena sanntar lipéad cáilíochta a dhéanamh ar bhealach inrochtana agus trédhearcach. Ba cheart athmheasúnú a dhéanamh go tráthrialta ar an lipéad cáilíochta a sannadh agus ba cheart go bhféadfaí an lipéad cáilíochta a chúlghairm más amhlaidh, i gcomhthéacs an athmheasúnaithe, go suítear nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha faoinar sannadh é.

    (9)

    Dhéanfadh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach pointe aonair iontrála a sholáthar do ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar fud an Aontais. Ba cheart comhsheasmhacht agus comhlántacht an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh le beartais agus cláir ábhartha eile an Aontais a áirithiú. Ba cheart don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach tógáil ar láidreachtaí agus sineirgí na gclár atá ann cheana agus na gclár a bhí ann rompu, go háirithe na cláracha Erasmus+ agus An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta. Ba cheart dó freisin comhlánú a dhéanamh ar na hiarrachtaí a dhéanann na Ballstáit chun tacú le daoine óga agus a n-aistriú ón scoil go hobair a éascú faoi scéimeanna amhail Ráthaíocht don Aos Óg arna bhunú i gcomhréir le Moladh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (3) trí dheiseanna breise a sholáthar dóibh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta i bhfoirm cúrsaí oiliúna nó post laistigh dá mBallstát féin nó thar theorainneacha. Ba cheart comhlántacht a áirithiú freisin le líonraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, amhail Líonra Eorpach na Seirbhísí Fostaíochta Poiblí, EURES agus líonra Eurodesk. Ina theannta sin, ba cheart comhar comhlántach agus dílis idir na scéimeanna gaolmhara atá ann cheana agus na Seirbhísí Deonacha Eorpacha a chothú go háirithe le scéimeanna a bhaineann le dlúthpháirtíocht, obair dheonach, seirbhís shibhialta agus scéimeanna soghluaisteachta do dhaoine óga, atá ag feidhmiú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, mar aon le tosaíochtaí a bhaineann le dlúthpháirtíocht agus an óige sna tíortha rannpháirteacha, agus, i gcás inarb iomchuí, chun tionchair agus cáilíochtaí na scéimeanna sin ar a chéile a fheabhsú agus a shaibhriú agus chun tógáil ar dhea-chleachtais. Níor cheart go ngabhfadh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ionad na scéimeanna náisiúnta comhchosúla dlúthpháirtíochta, saorálaíochta, seirbhís shibhialta agus soghluaiseachta. Ba ceart rochtain chomhionann ar ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta náisiúnta a áirithiú do gach duine óg. Ba cheart comhpháirtíochtaí le líonraí Eorpacha atá speisialaithe i bhfadhbanna sóisialta práinneacha áirithe a spreagadh.

    (10)

    Chun tionchar an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a uasmhéadú, ba cheart go mbeadh cláir eile de chuid an Aontais in ann rannchuidiú le cuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh trí thacú le gníomhaíochtaí laistigh dá raon feidhme. Ba cheart go mbeadh an rannchuidiú sin á mhaoiniú i gcomhréir le gníomhartha dlí ábhartha na gclár i dtrácht d'fhonn níos mó rannchuidithe a áirithiú i measc daoine óga, na sochaí sibhialta, agus scéimeanna saorálaíochta atá ann cheana sna Ballstáit. A luaithe a bhíonn lipéad cáilíochta bailí acu, ba cheart rochtain ar thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a thabhairt do na heagraíochtaí rannpháirteacha agus ba cheart go bhfaighidís na bearta cáilíochta agus tacaíochta a sholáthraítear de réir chineál na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta a thairgtear.

    (11)

    Ba cheart don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach deiseanna nua a chur ar fáil do dhaoine óga chun tabhairt faoi obair dheonach, cúrsa oiliúna nó poist agus, ar a dtionscnamh féin, chun tionscadail dlúthpháirtíochta a dhearadh agus a fhorbairt, ar tionscadail iad lena ndéantar luach soiléir Eorpach a léiriú. Ba cheart go gcuideodh na deiseanna sin le dul i ngleic le riachtanais shochaíocha atá fós gan chomhlíonadh agus ba cheart go rannchuideoidís le forbairt phearsanta, oideachais, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil na ndaoine óga a neartú. Ba cheart don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach tacú le gníomhaíochtaí líonraithe do rannpháirtithe agus d'eagraíochtaí rannpháirteacha, chomh maith le tacú le bearta a áiritheoidh cáilíocht na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo agus bailíochtú a spriocanna foghlama a fheabhsú. Ba cheart dó freisin rannchuidiú le tacú le heagraíochtaí atá ann cheana a chuireann gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta chun feidhme agus ba cheart dó rannchuidiú lena neartú.

    (12)

    Eispéireas saibhir i gcomhthéacs foghlama foirmiúil agus neamhfhoirmiúil atá sa tsaorálaíocht, eispéireas a fheabhsaíonn forbairt phearsanta, shochoideachasúil agus ghairmiúil daoine óga, chomh maith lena saoránacht ghníomhach agus a n-infhostaitheacht. Níor cheart go ngabhfadh saorálaíocht ionad cursaí oiliúna nó post agus ba cheart go mbeadh sí bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn maidir le saorálaíocht. Comhoibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile maidir le beartais saorálaíochta i réimse na hóige tríd an modh oscailte comhordaithe.

    (13)

    Ba cheart go mbeadh sé soiléir go bhfuil cursaí oibre agus poist neamhspleách ó shaorálaíocht, ó thaobh cúrsaí airgeadais agus ó thaobh cúrsaí eagraíochta de. Níor cheart go mbeadh ionadú oibre ann choíche mar thoradh ar shealanna oiliúna. Is féidir sealanna oiliúna agus poist le pá, áfach, a bheith ina spreagadh do dhaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste agus do dhaoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le dlúthpháirtíocht nach mbeidís in ann rochtain a fháil orthu gan iad. Is féidir le cursaí oiliúna an t-aistriú ón oideachas go dtí an fhostaíocht a dhéanamh níos éasca do dhaoine óga agus is féidir leo infhostaitheacht daoine óga a chothú, rud atá ríthábhachtach maidir lena gcomhthathú inbhuanaithe sa mhargadh saothair a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh sealanna oiliúna agus poist a sholáthraítear faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach á n-íoc i gcónaí ag an eagraíocht rannpháirteach a bhfuil an rannpháirtí á óstáil nó á fhostú aici. Ba cheart go mbeadh cursaí oiliúna bunaithe ar chomhaontú cúrsa oiliúna i scríbhinn i gcomhréir leis an gcreat rialála is infheidhme de chuid na tíre ina bhfuil an cúrsa oiliúna ar siúl agus, de réir mar is iomchuí, ba cheart dóibh a bheith i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle an 10 Márta 2014 maidir le Creat Ardchaighdeáin do Chúrsaí Oiliúna (4).

    Ba cheart go mbeadh poist bunaithe ar chonradh fostaíochta i gcomhréir leis an gcreat rialála náisiúnta nó na comhaontaithe comhchoiteanna, nó an dá cheann acu sin, de chuid na tíre rannpháirtí ina bhfuil an post á dhéanamh. Níor cheart go mairfeadh tacaíocht airgeadais d'eagraíochtaí rannpháirteacha ag tairiscint post níos mó ná 12 mhí. Ba cheart go mbeadh ullmhúchán leormhaith, oiliúint le linn na hoibre agus tacaíocht iar-shocrúcháin maidir le rannpháirtíocht an rannpháirtí ag gabháil le sealanna oiliúna agus poist. D'fhéadfadh na gníomhaithe ábhartha sa mhargadh, go háirithe seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha, comhpháirtithe sóisialta agus Comhlachais Tráchtála, mar aon le balleagraíochtaí EURES, na sealanna oiliúna agus na poist a éascú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) i gcás gníomhaíochtaí trasteorann.

    (14)

    Is sócmhainn thábhachtach don tsochaí iad meon tionscnaimh daoine óga agus a saoránacht ghníomhach. Ba cheart don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach rannchuidiú leis an ngné sin a chothú trí dheis a thabhairt do dhaoine óga a dtionscadail féin a dhearadh ach a chur chun feidhme, ar tionscadail iad a bhfuil breisluach soiléir ag baint leo agus atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ríthábhachtacha chun sochair do phobal áitiúla, go háirithe pobail atá lonnaithe i gceantair thuaithe, iargúlta nó imeallaithe. Ba cheart go mbeadh na tionscadail sin mar dheis do dhaoine óga chun réitigh nuálacha a fhorbairt agus triail a bhaint ar bhealach inbhuanaithe as smaointe agus chun dul i dtaithí ar ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thabhairt chun cinn. D'fhéadfaidís freisin a bheith mar thúsphointe le haghaidh rannpháirtíocht bhreise i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus d'fhéadfadh sin a bheith mar chéad chéim i dtreo rannpháirtithe a spreagadh chun dul i mbun fiontraíocht shóisialta nó chun obair dheonach a dhéanamh i gcumainn, in eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), in eagraíochtaí don aos óg nó i gcomhlachtaí eile atá gníomhach sna hearnálacha dlúthpháirtíochta, neamhbhrabúis agus san earnáil don aos óg, agus chun a gcumainn féin a chur ar bun. Beidh sé mar aidhm le tacaíocht iar-shocrúcháin tacú le daoine óga chun leanúint de bheith rannpháirteach agus gníomhach in earnáil na dlúthpháirtíochta, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht le cumainn, comharchumainn, fiontair shóisialta, eagraíochtaí don aos óg agus ionaid phobail.

    (15)

    Ba cheart, le tionscadail saorálaíochta agus dlúthpháirtíochta, go gcumhdófaí caiteachas na rannpháirtithe a eascraíonn as rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta den sórt sin ach níor cheart go dtabharfaí tuarastail ná sochar eacnamaíoch dóibh.

    (16)

    Ba cheart go mbraithfeadh rannpháirtithe agus eagraíochtaí rannpháirteacha gur cuid de phobal de dhaoine aonair agus d'eintitis iad atá tiomanta do dhlúthpháirtíocht a fheabhsú ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Ag an am céanna, teastaíonn tacaíocht ó eagraíochtaí rannpháirteacha chun a gcumais a neartú le gníomhaíochtaí ardchaighdeáin dlúthpháirtíochta a sholáthar do líon rannpháirtithe a bheidh ag méadú de shíor agus chun daoine nua a mhealladh. Ba cheart don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach tacú le gníomhaíochtaí líonraithe atá dírithe ar chumas daoine óga agus eagraíochtaí a bheith rannpháirteach sa phobal sin a neartú, agus ar mheon an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a chothú, mar aon le malartú cleachtas agus taithí úsáideach dlúthpháirtíochta a spreagadh, agus leas á bhaint freisin i gcás inarb iomchuí as taithí maidir le cosaint shibhialta. Ba cheart do na gníomhaíochtaí líonraithe sin rannchuidiú le feasacht a ardú maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach i measc eintitis phoiblí agus phríobháideacha chomh maith le haiseolas a bhailiú ó rannpháirtithe agus ó eagraíochtaí rannpháirteacha maidir le cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

    (17)

    Ba cheart aird ar leith a dhíriú ar cháilíocht na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus na ndeiseanna eile a sholáthraítear faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a áirithiú, go háirithe trí oiliúint ar líne agus as líne agus tacaíocht teanga (i mbealach lena n-urramaítear prionsabal an ilteangachais), árachas, tacaíocht riaracháin do rannpháirtithe chomh maith le tacaíocht roimh an ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta, i ndiaidh na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta, nó sa dá chás sin, mar aon le bailíochtú na n-inniúlachtaí a sealbhaíodh le linn a n-eispéireas sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Ba cheart na bearta tacaíochta sin a fhorbairt agus a chur ar fáil i gcomhar le heagraíochtaí don aos óg agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha eile agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta chun leas a bhaint as a saineolais ar an réimse. Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis na bearta tacaíochta sin timpeallacht agus cineál na ngníomhaíochtaí a dhéanann na rannpháirtithe, agus aird ar leith á tabhairt ar aon rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann.

    (18)

    Chun tionchar na ngníomhaíochtaí sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar fhorbairt phearsanta, oideachasúil, ealaíne, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil na rannpháirtithe a áirithiú, ba cheart na hinniúlachtaí arb iad torthaí foghlama na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta iad, a shainaithint agus a dhoiciméadú go cuí, i gcomhréir leis na himthosca agus na sainiúlachtaí náisiúnta, mar a mholtar sa Mholadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le foghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta a bhailíochtú (6). Chuige sin, ba cheart úsáid ionstraimí éifeachtacha ar leibhéal an Aontas agus ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh aitheantas a thabhairt d'fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta, amhail Youthpass agus Europass a spreagadh, de réir mar is iomchuí.

    (19)

    Féadfaidh aon eintiteas poiblí nó príobháideach, lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí don aos óg agus fiontair shóisialta, in ann iarratas a dhéanamh ar an lipéad cáilíochta. Ba cheart lipéid cháilíochta ar leithigh a chur i bhfeidhm le haghaidh saorálaíochta agus le haghaidh sealanna oiliúna agus post chun comhlíonadh éifeachtach agus leanúnach na n-eagraíochtaí rannpháirteacha le prionsabail agus riachtanais an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a áirithiú, maidir lena gcearta agus lena bhfreagrachtaí ag gach céim d'eispéireas na dlúthpháirtíochta. Ba cheart lipéad cáilíochta a bheith ina réamhchoinníoll le bheith rannpháirteach ach níor cheart maoiniú faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach leanúint as sin go huathoibríoch.

    (20)

    Féadfaidh eagraíochtaí rannpháirteacha roinnt feidhmeanna a dhéanamh laistigh den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach. I bhfeidhm óstach, déanfaidh siad gníomhaíochtaí a bhaineann le glacadh na rannpháirtithe, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a eagrú agus treoir agus tacaíocht a chur ar fáil do rannpháirtithe le linn na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta, de réir mar is iomchuí. I bhfeidhm tacaíochta, déanfaidh siad gníomhaíochtaí a bhaineann leis na rannpháirtithe a sheoladh agus a ullmhú sula n-imeoidh siad, agus le linn na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta agus ina diaidh, lena n-áirítear oiliúint a chur ar fáil do rannpháirtithe agus iad a threorú chuig eagraíochtaí áitiúla i ndiaidh na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta.

    (21)

    Ba cheart d'Ionaid Acmhainní an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh cúnamh a thabhairt do na comhlachtaí cur chun feidhme, do na heagraíochtaí rannpháirteacha agus do na rannpháirtithe chun cáilíocht na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a fheabhsú, mar aon le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin, chomh maith le feabhas a chur ar shainaithint agus bailíochtú na n-inniúlachtaí a shealbhaítear trí na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin lena n-áirítear trí theastais Youthpass a eisiúint.

    (22)

    Ba cheart síorfhorbairt a dhéanamh ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun rochtain éasca ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a áirithiú agus chun ionad ilfhreastail a chur ar fáil do dhaoine aonair ar spéis leo é agus d'eagraíochtaí maidir le, inter alia, cláruchán, sainaithint agus meaitseáil próifílí agus deiseanna, líonrú agus malartuithe fíorúla, oiliúint ar líne, tacaíocht teanga mar aon le gach tacaíocht eile roimh an ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta, i ndiaidh na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta, nó sa dá chás sin, agus feidhmeanna úsáideacha eile, a d'fhéadfadh teacht chun cinn sa todhchaí.

    (23)

    Leis na struchtúir chur chun feidhme, déanfar na bearta is gá d'fhonn a áirithiú go ndéanfar obair dheonach, cúrsaí oiliúna agus deiseanna fostaíochta a sholáthar d'iarrthóirí cláraithe laistigh de thréimhse ama atá réasúnach agus measartha intuartha. Ina theannta sin, déanfar gníomhaíochtaí rialta faisnéise agus cumarsáide agus líonraithe a chur i bhfeidhm chun rannpháirtíocht na n-iarrthóirí atá cláraithe a spreagadh.

    (24)

    Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don tréimhse iomlán 2018–2020, arb éard a bheidh ann an buiséad foriomlán, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (7), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

    (25)

    Chun leanúnachas a áirithiú sna gníomhaíochtaí a dtacaítear leo sna cláir a rannchuidíonn leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ba cheart an tacaíocht airgeadais do ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a bheith go táscach 90 % do thograí saorálaíochta agus dlúthpháirtíochta ar láimh amháin agus 10 % do chúrsaí oiliúna nó poist nó an dá cheann acu ar an láimh eile, agus uaschéatadán de 20 % do ghníomhaíochtaí intíre.

    (26)

    Chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ba cheart forálacha a dhéanamh le go mbeidh tíortha rannpháirteacha in ann maoiniú náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil breise a chur ar fáil i gcomhréir le rialacha an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

    (27)

    Chun na ceanglais ar thairbhithe a shimpliú, ba cheart úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, costais aonaid nó maoiniú ar ráta chomhréidh a mhéid agus is féidir.

    (28)

    Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a bheith rannpháirteach i saorálaíocht sealanna oiliúna, poist, tionscadail dlúthpháirtíochta agus gníomhaíochtaí líonraithe. Ina theannta sin, amhail sa tSeirbhís Dheonach Eorpach, ba cheart go mbeadh saorálaíocht, tionscadail dlúthpháirtíochta agus gníomhaíochtaí líonraithe oscailte freisin do rannpháirtíocht ag tíortha eile, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha atá i gcomharsanacht an Aontais. Ba cheart an comhar sin a bheith bunaithe, i gcás inarb ábhartha, ar leithreasaí breise a bheidh le cur ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bheidh le comhaontú leis na tíortha lena mbaineann.

    (29)

    Ba cheart go mbeadh rannpháirtíocht sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach oscailte do dhaoine óga idir 18 agus 30 bliain d'aois. Ba cheart go mbeadh gá le clárúchán roimh ré ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, atá ar fáil do dhaoine aonair idir 17 agus 30 bliain d'aois, chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta.

    (30)

    Ba cheart aird ar leith a dhíriú ar a áirithiú go mbeadh na gníomhaíochtaí a dtacaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach leo inrochtana ag gach duine óg, go háirithe daoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu mar a shonraítear tuilleadh sa Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht arna forbairt agus arna cur i bhfeidhm laistigh de chreat chlár Erasmus+ i réimse na hóige. Ba cheart bearta speisialta amhail formáidí iomchuí de ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus treoir phearsantaithe a chur i bhfeidhm, dá bhrí sin, chun cuimsiú sóisialta agus rannpháirtíocht daoine óga faoi mhíbhuntáiste a chur chun cinn, chomh maith leis na srianta a bhaineann le hiargúltacht na réigiún is forimeallaí den Aontas agus na Tíortha agus na Críocha thar lear i gcomhréir le Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (8), a chur san áireamh. Ar an gcaoi chéanna ba cheart do na tíortha rannpháirteacha féachaint le gach beart iomchuí a ghlacadh chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú cuí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Áirítear leis sin teacht ar réiteach, nuair is féidir, agus gan dochar do acquis Schengen agus dlí an Aontais maidir le hiontráil agus cónaí náisiúnach tríú tíortha, ar aon fhadhbanna riaracháin a chruthaíonn deacrachtaí víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil.

    (31)

    Mar réamhchoinníoll, ba cheart lipéad cáilíochta a bheith faighte ar bhealach inrochtana agus trédhearcach ag aon eintiteas atá toilteanach cur isteach ar mhaoiniú chun gníomhaíochtaí dlúthphairtíochta a thairiscint. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin maidir le daoine nádúrtha atá ag lorg tacaíocht airgeadais dá dtionscadail dlúthpháirtíochta ar son grúpa neamhfhoirmiúil de rannpháirtithe. Ba cheart do na comhlachtaí inniúla cur chun feidhme rialúcháin cháilíochta a dhéanamh lena fháil amach an bhfuil ceangaltais an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh á gcomhlíonadh ag na daoine nádúrtha sin.

    (32)

    Ba cheart go mbeadh riachtanais agus dóchais pobal áitiúil ina gcritéar tábhachtach maidir le cáilíocht tionscadal a mheasúnú. Dá réir sin, ba cheart táscairí iomchuí a chur i bhfeidhm.

    (33)

    Chun an fheidhmíocht a bhainistiú go héifeachtach, lena n-áirítear faireachán agus meastóireacht a dhéanamh, ní mór sraith táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla a fhorbairt ar féidir iad a thomhas le himeacht ama, agus a léiríonn loighic na hidirghabhála.

    (34)

    Ba cheart for-rochtain iomchuí, poiblíocht agus scaipeadh deiseanna agus torthaí na ngníomhaíochtaí a dtacaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach leo a áirithiú ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhiontair shóisialta agus iad a spreagadh chun tacú le gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Ba cheart do na gníomhaíochtaí for-rochtana, poiblíochta agus scaipthe a bheith ag brath ar chomhlachtaí cur chun feidhme uile an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, lena n-áirítear, más ábhartha, tacaíocht a fháil ó phríomhgheallsealbhóirí eile, ach gan méadú a dhéanamh ar an ualach riaracháin atá orthu.

    (35)

    Chun cuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhaint amach ar bhealach níos fearr, ba cheart, mar rogha, don Choimisiún, do na Ballstáit agus do na ngníomhaireachtaí náisiúnta oibriú i ndlúthchomhar le ENRanna, le heagraíochtaí don aon óg agus le geallsealbhóirí áitiúla a bhfuil saineolas i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta acu.

    (36)

    Chun cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach an úsáid is mó is féidir a bhaint as socruithe bainistíochta atá i bhfeidhm cheana i gclár Erasmus+. Ba cheart, dá bhrí sin, cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a chur de chúram ar struchtúir atá ann cheana, amhail an Coimisiún, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus na Gníomhaireachtaí Náisiúnta arna n-ainmniú chun bainistiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Déanfar nósanna imeachta soiléire agus mionsonraithe do rannpháirtithe agus eagraíochtaí rannpháirteacha le haghaidh gach céim den ghníomhaíocht dlúthpháirtíochta a shuíomh i ndoiciméid na gclár, amhail an Clár Oibre Bliantúil agus Treoir an Chláir. Ba cheart don Choimisiún dul go rialta i gcomhairle leis na príomhgheallsealbhóirí, lena n-áirítear eagraíochtaí rannpháirteacha, maidir le cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta.

    (37)

    Chun cur chun feidhme fónta ó thaobh airgeadais de agus faireachán géar a dhéanamh ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar an leibhéal náisiúnta, tá sé tábhachtach úsáid a bhaint as na hÚdaráis Náisiúnta atá ann cheana, arna n-ainmniú chun bainistiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013.

    (38)

    Na húdaráis náisiúnta a ainmnítear le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, ba cheart dóibh gníomhú freisin mar údaráis náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo. Níor cheart, áfach, go gcuirfeadh an méid sin cosc le níos mó ná aon údarás náisiúnta amháin a ainmniú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta mar a fhoráiltear in Airteagal 27(1) den Rialachán sin. I gás gur mhian leis an tír rannpháirteach an t-údarás náisiúnta a athsholáthar le linn shaolré Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Rialachán sin.

    (39)

    Chun bainistíocht fhónta airgeadais agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i ngach tír rannpháirteach, ba cheart do gach údarás náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta a ainmniú. Más gá, agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, féadfaidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta céanna arna ainmniú do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a bheith i gceist anseo.

    (40)

    Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionós a ghearradh.

    (41)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

    (42)

    I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ba cheart don Choimisiún cláir oibre a ghlacadh agus Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi sin. Ba cheart na bearta is gá lena gcur chun feidhme a leagan amach sa chlár Oibre, i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, na critéir roghnúcháin agus dámhachtana le haghaidh deontas, chomh maith le gach aon ghné eile is gá. Ba cheart cláir Oibre agus aon leasú a dhéantar orthu trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin.

    (43)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bunú Cóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a scála agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (44)

    Ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht agus éifeachtacht, ba cheart don choiste a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 cabhrú leis an gCoimisiún i gcur chun feidhme an Rialacháin seo. Maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ba cheart don choiste sin cruinnithe a thionól i bhfoirm ar leith agus ba cheart a shainordú a ailíniú chun an ról nua seo a chomhlíonadh. Ba cheart do na tíortha rannpháirteacha ionadaithe ábhartha a ainmniú do na cruinnithe sin, agus ábhar, aidhm, cuspóirí agus gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh á gcur san áireamh.

    (45)

    Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1288/2013 a leasú chun na hathruithe ar an tSeirbhís Dheonach Eorpach a thagann as saorálaíocht faoin Rialachán seo a chur san áireamh.

    (46)

    Tógann imchlúdach airgeadais an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh faoi Cheannteideal 1a den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil ar chistí arna n-athdháileadh ó chlár Erasmus+ freisin. Ba cheart do na cistí sin teacht go heisiach ó leithreasaí atá dírithe ar ghníomhaíochtaí na Seirbhíse Deonaí Eorpaí a mhaoiniú a thiocfadh faoi raon feidhme na saorálaíochta faoin Rialachán seo.

    (47)

    Ba cheart forlíonadh breise a dhéanamh ar imchlúdach airgeadais an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh faoi Cheannteideal 1a den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil le ranníocaíochtaí ó chláir agus ó cheannteidil eile, rud a fhágann go bhfuil gá le leasú ar Rialacháin (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus ar Chinneadh Uimh. 1313/2013/AEó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

    (48)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta a theacht i bhfeidhm. Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    1.   Leagtar síos sa Rialachán sin an creat dlíthiúil don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, a dhéanfaidh rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí a fheabhsú i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta inrochtana agus ar ardchaighdeán d'fhonn rannchuidiú le comhtháthú, dlúthpháirtíocht agus daonlathas a neartú san Eoraip, le hiarracht ar leith maidir le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn.

    2.   Saothróidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a chuspóirí trí ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus trí bhearta cáilíochta agus tacaíochta. Cuirfear na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin chun feidhme i gcomhréir leis na ceanglais shonracha a leagtar síos do gach cineál gníomhaíochta dlúthpháirtíochta a dhéantar faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, agus i gcomhréir leis na creataí rialála is infheidhme sna tíortha rannpháirteacha.

    3.   Tacóidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach leis na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta lena ngabhann breisluach Eorpach soiléir, mar shampla, de bhua na nithe seo a leanas:

    (a)

    an ghné thrasnáisiúnta atá acu, go háirithe maidir le soghluaisteacht foghlama agus comhar;

    (b)

    an cumas na cláir agus na beartais eile atá ann ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a chomhlánú;

    (c)

    an ghné Eorpach maidir leis na hábhair, na haidhmeanna, na bealaí cur chuige, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus gnéithe eile de na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin;

    (d)

    cur chuige maidir le daoine óga ó chúlraí éagsúla a bheith rannpháirteach;

    (e)

    an méid a rannchuidíonn siad le huirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais a úsáid go héifeachtach.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “gníomhaíocht dlúthpháirtíochta” gníomhaíocht shealadach ar ardcháilíocht nach gcuireann isteach ar fheidhmiú an mhargaidh saothair; ag díriú ar dhúshláin shochaíocha thábhachtacha chun leasa pobail nó na sochaí ar an iomlán, rud a rannchuidíonn le cuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhaint amach; ar féidir saorálaíocht, sealanna oiliúna, poist, tionscadail dlúthpháirtíochta agus gníomhaíochtaí líonraithe i réimsí éagsúla a bheith i gceist léi; lena n-áirithítear an breisluach Eorpach agus comhlántacht le rialacháin sláinte agus sábháilteachta, lena n-airítear gné láidir foghlama agus oiliúna trí na gníomhaíochtaí ábhartha is féidir a thairiscint do rannpháirtithe roimh an ngníomhaíocht, lena linn agus ina diaidh, a tharlaíonn; i raon leathan réimsí, amhail caomhnú an chomhshaoil, maolú ar an athrú aeráide agus cuimsiú sóisialta níos fear, ach nach n-áirítear léi gníomhaíochtaí atá mar chuid de churaclaim san oideachas foirmiúil, san oideachas gairmiúil agus i gcórais oiliúna agus gníomhaíochtaí le haghaidh freagairt éigeandála;

    (2)

    ciallaíonn “iarrthóir cláraithe” duine aonair atá idir 17 mbliaina agus 30 bliain d'aois, a bhfuil cónaí dlíthiúil air i dtír rannpháirteach agus a chláraigh ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun críocha spéis a léiriú i bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta ach nach bhfuil rannpháirteach i ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta go fóill;

    (3)

    ciallaíonn “rannpháirtí” duine aonair atá idir 18 agus 30 bliain d'aois, a bhfuil cónaí dlíthiúil air i dtír rannpháirteach, atá cláraithe ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus atá rannpháirteach i ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta;

    (4)

    ciallaíonn “daoine óga ar lú na deiseanna atá acu” daoine aonair atá idir 16 agus 30 bliain d'aois a bhfuil tacaíocht bhreise uathu de bharr go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste le hais a bpiaraí mar thoradh ar bhacainní éagsúla, mar shampla, míchumas, fadhbanna sláinte, deacraíochtaí oideachasúla, difríochtaí cultúrtha nó bacainní eacnamaíocha, sóisialta nó geografacha, lena n-áirítear daoine óga ó phobal imeallaithe nó daoine óga a bhfuil baol ann go ndéanfaí idirdhealú orthu bunaithe ar aon cheann de na forais a chumhdaítear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

    (5)

    ciallaíonn “eagraíocht rannpháirteach” aon eintiteas poiblí nó príobháideach, bíodh sin ina eintiteas neamhbhrabúsach nó brabúsach, áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, ar tugadh an lipéad cáilíochta dó, bíodh sé sin i bhfeidhm óstaigh nó i bhfeidhm thacaíochta, lena n-áirítear feidhm sheolta, nó an dá cheann acu, lena rathaítear go mbeidh an eintiteas seo in ann na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, agus a thairgeann deis le haghaidh saorálaíochta, seal oiliúna nó poist do rannpháirtí nó a chuireann gníomhaíochtaí eile faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun feidhme agus a thacaíonn leo;

    (6)

    ciallaíonn “saorálaíocht” gníomhaíocht dlúthpháirtíochta a dhéantar mar ghníomhaíocht shaorálach neamhíoctha ar feadh tréimhse nach mó ná 12 mhí; a thugann deis do dhaoine óga rannchuidiú le hobair laethúil eagraíochtaí atá i mbun gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta chun leas deiridh na gcomhphobal ina mbíonn na gníomhaíochtaí ar siúl; a dhéantar i dtír nach tír chónaithe an rannpháirtí í (trasteorann) nó i dtír chónaithe an rannpháirtí (intíre); nach féidir léi ionad sealanna oiliúna nó post a ghlacadh agus dá bhrí sin nach féidir i gcás ar bith í a ionannú le fostaíocht agus a bhfuil bunaithe ar chomhaontú saorálaíochta i scríbhinn;

    (7)

    ciallaíonn “gníomhaíochtaí a dhéanfaidh foirne saorálaíochta” saorálaíocht, a ligeann d'fhoirne rannpháirtithe as tíortha rannpháirteacha éagsúla a bheith ina saorálaithe i dteannta a chéile ar feadh tréimhse idir 2 sheachtain agus 2 mhí, agus go háirithe a chabhraíonn le cuimsiú daoine óga ar lú na deiseanna atá acu sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, nó ar féidir í a chosaint mar gheall ar a cuspóirí sonracha, nó an dá cheann acu;

    (8)

    ciallaíonn “seal oiliúna” gníomhaíocht dlúthpháirtíochta i bhfoirm taithí oibre ar feadh tréimhse idir 2 mhí agus 6 mhí, inathnuaite uair amháin agus ar feadh tréimhse 12 mhí ar a mhéad laistigh den eagraíocht rannpháirteach chéanna; a thairgeann an eagraíocht rannpháirteach a bhfuil an rannpháirtí á óstáil aici, agus a n-íocann sí aisti, bíodh sin i dtír nach tír chónaithe an rannpháirtí í (trasteorann) nó i dtír chónaithe an rannpháirtí (intíre); a cuimsíonn comhpháirt foghlama agus oiliúina mar chuid de na sealanna oiliúna sin chun cabhrú leis an rannpháirtí taithí ábhartha a fháil d'fhonn inniúlachtaí a fhorbairt a bheidh úsáideach d'fhorbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil an rannpháirtí; atá bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn maidir le seal oiliúna arna chur i gcrích ag tús an tseala oiliúna i gcomhréir leis an gcreat rialála is infheidhme sa tír ina mbeidh an seal oiliúna ar siúl, mar is iomchuí, comhaontu a léireoidh na spriocanna oideachasúla, na coinníollacha oibre, fad an tseala oiliúna, luach saothair an rannpháirtí agus cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe agus aird á tabhairt ar phrionsabail an Chreata Cáilíochta le haghaidh Sealanna Oiliúna, agus nach ndéanann sí ionad post a ghlacadh;

    (9)

    ciallaíonn “post” gníomhaíocht dlúthpháirtíochta ar bun ar feadh tréimhse idir 3 mhí agus 12 mhí, as a n-íocann an eagraíocht rannpháirteach a bhfuil rannpháirtí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh á fhostú aici, bíodh sé sin i dtír nach tír chónaithe an rannpháirtí í (trasteorann) nó i dtír chónaithe an rannpháirtí (intíre). Ní rachaidh an tacaíocht airgeadais d'eagraíochtaí rannpháirteacha a thairgeann poist thar 12 mhí i gcásanna ina maireann an conradh fostaíochta ar feadh níos mó ná 12 mhí. Beidh comhpháirtithe foghlama agus oiliúina mar chuid de na poist sin agus bunófar iad ar chonradh fostaíochta i scríbhinn a dhéanann urramú ar na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta uile arna sainmhíniú i ndlí náisiúnta na tíre ina bhfuil obair an phoist á déanam, i gcomhaontuithe comhchoiteanna atá infheidhme na tíre sin, nó iontu araon;

    (10)

    ciallaíonn “tionscadal dlúthpháirtíochta” gníomhaíocht dlúthpháirtíochta neamhíoctha intíre, ar feadh tréimhse idir 2 mhí agus 12 mhí, arna bhunú agus arna sheoladh ag grúpa de chúigear rannpháirtithe, ar a laghad, agus é mar aidhm acu dul i ngleic leis na príomhdhúshláin laistigh dá gcomhphobail agus breisluach Eorpach soiléir á léiriú ag an am céanna, agus nach ndéanann ionad sealanna oiliúna nó post a ghlacadh;

    (11)

    ciallaíonn “gníomhaíochtaí líonraithe” gníomhaíocht intíre nó trasteorann, lena ndírítear ar chumas na n-eagraíochtaí rannpháirteacha a threisiú chun tionscadail ardcháilíochta a thairiscint do líon rannpháirtithe atá ag dul i líonmhaireacht, ar dhreamanna nua a mhealladh — idir dhaoine óga agus eagraíochtaí — agus ar dheiseanna a chur ar fáil chun aiseolas a thabhairt ar ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, agus ar féidir léi cabhrú le malartú taithí agus leis an mbraistint chomhuintearais a neartú i measc na rannpháirtithe agus na n-eagraíochtai rannpháirteacha agus mar sin, a thacaíonn le tionchar dearfach níos leithne a bheith ag an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach;

    (12)

    ciallaíonn “lipéad cáilíochta” deimhniúchán a thugtar d'eagraíocht atá toilteanach gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a chur ar fáil, bíodh sé sin i bhfeidhm óstaigh nó i bhfeidhm thacaíochta, lena n-áirítear feidhm sheolta, nó an dá cheann acu, a dheimhnítear leis go bhfuil an eagraíocht in ann cáilíocht na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a áirithiú i gcomhréir le prionsabail agus cuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, agus gur sannadh í de réir riachtanais shonracha éagsúla ag brath ar chineál na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta agus ar fheidhm na heagraíochta;

    (13)

    ciallaíonn “Ionaid Acmhainní an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh” na feidhmeanna breise a dhéanann gníomhaireachtaí náisiúnta ainmnithe chun tacú le forbairt, le cur chun feidhme agus le cáilíocht na ngníomhaíochtaí faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach chomh maith le sainaithint na n-inniúlachtaí arna sealbhú ag na rannpháirtithe le linn a ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí oiliúna gaolmhara;

    (14)

    ciallaíonn “Tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh” uirlis ghréasán-bhunaithe idirghníomhach, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, arna bainistiú ag an gCoimisiún a sholáthraíonn seirbhísí ábhartha ar líne chun tacú le dea-chur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, lena n-áirítear eolas a sholáthar maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, rannpháirtithe a chlárú, rannpháirtithe a lorg, gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a fhógairt agus a lorg, eagraíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ina gcomhpháirtithe ar thionscadail a lorg, tacú le teagmhálacha agus tairiscintí le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, gníomhaíochtaí oiliúna, cumarsáide agus líonraithe, eolas agus fógraí a chur ar fáil maidir le deiseanna, sásra aiseolais maidir le cáilíocht na socrúchán a sholáthar, chomh maith le forbairtí ábhartha eile a bhaineann leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach;

    (15)

    ciallaíonn “uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais” ionstraimí a chuidíonn le geallsealbhóirí torthaí foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus cáilíochtaí a thuiscint, a léirthuiscint agus, mar is iomchuí, a aithint ar fud an Aontais.

    Airteagal 3

    Cuspóirí ginearálta

    Is é cuspóir ginearálta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh é dlúthpháirtíocht a chur chun cinn mar luach trí shaorálaíocht go príomha, rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí a fheabhsú i ngníomhaíochtaí inrochtana agus ar ardchaighdeán mar mhodh chun rannchuidiú le comhtháthú, dlúthpháirtíocht, daonlathas agus saoránacht a neartú san Eoraip, tacú le pobail agus aghaidh a thabhairt freisin ar dhúshláin na sochaí agus comhphobail a neartú le hiarracht ar leith an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn. Cuirfear le comhar Eorpach atá ábhartha do dhaoine óga freisin.

    Airteagal 4

    Cuspóirí sonracha

    Saothróidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach na sainchuspóirí seo a leanas:

    (a)

    deiseanna atá inrochtana go héasca a sholáthar do dhaoine óga, le tacaíocht ó na heagraíochtaí rannpháirteacha, chun gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a dhéanamh a chuireann athrú sochaíoch dearfach i bhfeidhm agus feabhas a chur ag an am céanna ar a gcuid scileanna agus inniúlachtaí le haghaidh forbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil, chomh maith le feabhas a chur ar a saoránacht ghníomhach, a n-infhostaitheacht agus aistriú isteach sa mhargadh saothair, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt do shoghluaisteacht saorálaithe, oiliúnaithe agus oibrithe óga;

    (b)

    a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thairgtear do rannpháirtithe ar ardcháilíocht, bailíochtaithe mar is ceart agus go n-urramaíonn siad prionsabail an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 13(2);

    (c)

    a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí ar leith chun cuimsiú sóisialta agus deiseanna comhionanna a chur chun cinn, go háirithe ar mhaithe le rannpháirtíocht daoine óga ar lú na deiseanna atá acu trí réimse beart speisialta amhail formáidí iomchuí gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus tacaíocht phearsanta;

    (d)

    chun cur leis an gcomhar Eorpach is ábhartha do dhaoine óga agus feasacht a mhúscailt maidir leis an tionchar dearfach atá aige sin.

    Airteagal 5

    Comhleanúnachas agus comhlántacht ghníomhaíocht an Aontais

    1.   Beidh gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh comhsheasmhach agus comhlántach leis na beartais, na cláir agus na hionstraimí ábhartha ar leibhéal an Aontais, chomh maith le líonraí ábhartha atá ann cheana ar leibhéal an Aontais atá ábhartha maidir le gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

    2.   Beidh gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh i gcomhréir agus ag teacht leis na beartais, na cláir agus na hionstraimí náisiúnta ábhartha sna tíortha rannpháirteacha. Chuige sin, malartóidh an Coimisiún, na húdaráis náisiúnta agus na gníomhaireachtaí náisiúnta fáisnéis maidir leis na scéimeanna náisiúnta agus na tosaíochtaí náisiúnta atá ann cheana a bhaineann le dlúthpháirtíocht agus leis an óige, ar lámh amháin agus le gníomhaíochtaí faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ar an lámh eile, d'fhonn forbairt a dhéanamh ar na dea-chleachtais ábhartha agus d'fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht a bhaint amach.

    3.   Féadfaidh go ndéanfaidh cláir eile de chuid an Aontais ranníocaíocht le cuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh trí thacú le gníomhaíochtaí atá laistigh dá raon feidhme. Déanfar an ranníocaíocht sin a mhaoiniú i gcomhréir lena mbunghníomhartha faoi seach.

    CAIBIDIL II

    GNÍOMHAÍOCHTAÍ AN CHÓIR DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA EORPAIGH

    Airteagal 6

    Gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

    Déanfaidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a chuspóirí a shaothrú tríd na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    saorálaíocht;

    (b)

    sealanna oiliúna, poist;

    (c)

    tionscadail dlúthpháirtíochta agus gníomhaíochtaí líonraithe; agus

    (d)

    bearta cáilíochta agus tacaíochta.

    Airteagal 7

    Gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta

    1.   Tacóidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 6 le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta i bhfoirm na nithe seo a leanas:

    (a)

    saorálaíocht, sealanna oiliúna agus poist, lena n-áirítear gníomhaíochtaí aonair trasteorann agus intíre araon orthu sin. I gcás na saorálaíochta, tacófar freisin le gníomhaíochtaí a mbíonn foirne rannpháirtithe ó thíortha éagsúla rannpháirteacha páirteach iontu;

    (b)

    tionscadail dlúthpháirtíochta ar thionscnamh rannpháirtithe;

    (c)

    gníomhaíochtaí líonraithe do rannpháirtithe agus d'eagraíochtaí rannpháirteacha.

    2.   Leanfar de saorálaíocht faoin tSeirbhís Dheonach Eorpach a dhéanamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 agus faoin Rialachán seo, de réir mar is iomchuí. Léifear tagairtí don tSeirbhís Dheonach Eorpach i ngníomhartha dlí an Aontais, go háirithe i dTreoir (AE) 2016/801 (14), mar shaorálaíochta a áireamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 agus faoin Rialachán seo araon.

    Airteagal 8

    Bearta cáilíochta agus tacaíochta

    Tacóidh an Ghníomhaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 6 leis an méid seo a leanas:

    (a)

    bearta atá dírithe ar cháilíocht agus inrochtaineacht saorálaíochta, sealanna oiliúna, post nó tionscadail dlúthpháirtíochta agus comhdheiseanna a áirithiú do gach duine óg ar fud na dtíortha rannpháirteacha, lena n-áirítear oiliúint, tacaíocht teanga, tacaíocht riaracháin as líne agus ar líne do rannpháirtithe agus d'eagraíochtaí rannpháirteacha, árachas comhlántach, tacaíocht roimh an ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta agus i ndiaidh na gníomhaíochta sin nuair is gá chomh maith le húsáid bhreise Youthpass chun na hinniúlachtaí a sealbhaíodh le linn na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a shainaithint agus doiciméadú a dhéanamh orthu;

    (b)

    forbairt agus cothabháil ar lipéid cháilíochta ar leithligh le haghaidh eintitis atá toilteanach saorálaíocht nó sealanna oiliúna agus poist faoi seach a sholáthar don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail agus riachtanais an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh;

    (c)

    gníomhaíochtaí Ionaid Acmhainní an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun tacú le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, cáilíocht an chur chun feidhme a ardú, agus bailíochtú ar thorthaí na ngníomhaíochtaí a fheabhsú;

    (d)

    tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus seirbhísí ábhartha eile ar líne, chomh maith leis na córais tacaíochta TF agus uirlisí gréasán-bhunaithe is gá, a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú, ag cur san áireamh an gá dul i ngleic leis an deighilt dhigiteach.

    CAIBIDIL III

    FORÁLACHA AIRGEADAIS

    Airteagal 9

    Buiséad

    1.   Tá an buiséad iomlán a bheidh ar fáil leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a chur chun feidhme leagtha síos ag EUR 375 600 000 i bpraghsanna reatha, don tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go 31 Nollaig 2020.

    2.   Is é 90 %, go táscach, a bheidh sa tacaíocht airgeadais le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 7(1) le haghaidh tionscadail saorálaíochtaagus dlúthpháirtíochta; agus 10 % do cheachtar de shealanna oiliúna nó de phoist nó don dá cheann acu agus uasmhéid 20 % ann do ghníomhaíochtaí intíre.

    3.   Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais speansais a chumhdach freisin a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta atá riachtanach chun an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a bhainistiú agus a chuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, speansais a bhaineann le Tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus na córais tacaíochta TF is gá a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú, agus gach speansas eile don chúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a bhainistiú.

    4.   Más gá, féadfar leithreasaí a iontráil sa bhuiséad tar éis 2020 chun speansais chosúla a chumhdach, le go bhféadfar gníomhaíochtaí nach mbeidh críochnaithe go fóill faoin 31 Nollaig 2020 a bhainistiú.

    5.   Féadfaidh tír rannpháirteach maoiniú náisiúnta a chur ar fáil do thairbhithe le bainistiú i gcomhréir le rialacha an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus, chuige sin, úsáid a bhaint as struchtúir dhíláraithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, chomh fada is go n-áirithítear maoiniú pro rata comhlántach na struchtúr seo.

    Airteagal 10

    Cineálacha maoinithe de chuid an Aontais

    1.   Féadfar go soláthrófar maoiniú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh i gcineál amháin nó níos mó de na cineálacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046, go háirithe deontais, soláthar agus duaiseanna.

    2.   Chun na ceanglais ar thairbhithe a shimpliú, déanfar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, costais aonaid agus maoiniú ar ráta comhréidh a mhéid agus is féidir.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a chur chun feidhme go neamhdhíreach i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 62(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

    CAIBIDIL IV

    RANNPHÁIRTÍOCHT SA CHÓR DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA EORPACH

    Airteagal 11

    Tíortha rannpháirteacha

    1.   Glacfaidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach le rannpháirtíocht na dtíortha seo a leanas (na “tíortha rannpháirteacha”):

    (a)

    is féidir leis na Ballstáit a bheith rannpháirteach i saorálaíocht, i sealanna oiliúna, i bpoist, i dtionscadail dlúthpháirtíochta agus i ngníomhaíochtaí líonraithe;

    (b)

    glacfar freisin le rannpháirtíocht na dtíortha seo a leanas i ngníomhaíochtaí saorálaíochta, i dtionscadail dlúthpháirtíochta agus líonraithe:

    (i)

    na tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a thairbhíonn de straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirteachas na dtíortha sin i gcláir Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime, sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais nó i gcomhaontuithe dá samhail;

    (ii)

    na tíortha sin de chuid CSTE ar páirtithe iad i gComhaontú LEE, i gcomhréir le forálacha an chomhaontaithe sin;

    (iii)

    Cónaidhm na hEilvéise, ar bhonn comhaontú déthaobhach a bheidh le cur i gcrích leis an tír sin;

    (iv)

    na tíortha sin atá cumhdaithe ag beartas comharsanachta na hEorpa a bhfuil comhaontuithe curtha i gcrích acu leis an Aontas lena bhforáiltear go bhféadfaí páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais, faoi réir chur i gcrích comhaontaithe dhéthaobhaigh leis an Aontas maidir leis na coinníollacha a bhaineann lena rannpháirtíocht sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

    2.   Beidh na tíortha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír (1) faoi réir na ndualgas uile agus comhlíonfaidh siad na cúraim uile a bhaineann leis na Ballstáit agus a leagtar amach sa Rialachán seo.

    3.   Tacóidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach le comhar le tíortha comhpháirtíochta, go háirithe tíortha Comharsanachta Eorpacha, i ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (6) agus (11) d'Airteagal 2.

    Airteagal 12

    Rannpháirtíocht daoine aonair

    1.   Cláróidh daoine aonair atá idir 17 agus 30 bliain d'aois atá toilteanach a bheith rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh nó gheobhaidh siad tacaíocht chun é sin a dhéanamh. Ar a shon sin, an tráth a dtosóidh saorálaíocht, seal oiliúna, post nó tionscadal dlúthpháirtíochta, beidh duine óg 18 mbliana d'aois ar a laghad agus gan a bheith os cionn 30 bliain d'aois.

    2.   Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún, na Ballstáit agus tíortha rannpháirteacha eile, go ndéanfar bearta sonracha agus éifeachtacha a ghlacadh chun cuimsiú sóisialta agus coinníollacha rochtana comhionanna a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh rannpháirtíocht daoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu.

    Airteagal 13

    Eagraíochtaí rannpháirteacha

    1.   Beidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach oscailte do rannpháirtíocht ó eintitis phoiblí nó phríobháideacha, bídís ina n-eintitis neamh-bhrabúsacha nó bhrabúsacha, ar choinníoll go dtairgeann siad gníomhaíochtaí a fhreagraíonn don sainmhíniú ar ghníomhaíocht dlúthpháirtíochta laistigh den Rialachán seo agus go bhfuil lipéad cáilíochta faighte acu. I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ní bheidh sé mar chuspóir ná mar éifeacht ag na deontais brabús a dhéanamh.

    2.   Déanfaidh comhlacht inniúil cur chun feidhme de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh measúnú ar iarratas ó eintiteas le bheith ina eagraíocht rannpháirteach ar bhonn na bprionsabal maidir le cóir chomhionann; deiseanna comhionanna agus neamh-idirdhealú; ionadú post a sheachaint; soláthar gníomhaíochtaí ar ardcháilíocht lena mbainfidh gné foghlama ag díriú ar fhorbairt phearsanta, soch-oideachasúil, agus ghairmiúil; socruithe oiliúna, oibre agus saorálaíochta leormhaithe; timpeallacht agus coinníollacha sábháilte agus córa; agus, an “prionsabal an neamhbhrabúis” i gcomhréir leis an Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Cinntítear trí chloí leis na bprionsabail sin go gcloíonn gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí rannpháirteacha le riachtanais an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Ní dhéanfar an lipéad cáilíochta a shannadh ach d'eagraíochtaí a ghabhann orthu féin cloí leis na prionsabail sin. Déanfar an comhlíonadh iarbhír a rialú i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 23 den Rialachán seo. Déanfaidh aon eintiteas a dhéanann athrú suntasach ar a ghníomhaíochtaí é sin a chur in iúl don chomhlacht inniúil cur chun feidhme le haghaidh athmheasúnú. Dealófar an próiseas chun an lipéad cáilíochta maidir le saorálaíocht a shannadh ón bpróiseas maidir le poist agus sealanna oiliúna.

    3.   Mar thoradh ar an measúnú féadfar lipéad cáilíochta a lua leis an eintiteas. Déanfar an lipéad a fuarthas a athmheasúnú go tréimhsiúil, agus féadfar é a chúlghairm. I gcás ina ndéanfar an lipéad cáilíochta a chúlghairm, féadfar é a athshannadh ansin tar éis iarratas nua agus measúnú breise a dhéanamh.

    4.   Aon eintiteas a bhfuil lipéad cáilíochta an faighte aige, tabharfar rochtain ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh dó, bíodh sé sin i bhfeidhm óstaigh nó i bhfeidhm thacaíochta, lena n-áirítear feidhm sheolta, nó an dá cheann acu, agus ceadófar dó tairiscintí le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a dhéanamh le hiarrthóirí atá cláraithe.

    5.   Ní leanfaidh maoiniú go huathoibríoch as lipéad cáilíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a fháil.

    6.   Féadfaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus bearta ábhartha cáilíochta agus tacaíochta a thairgeann eagraíocht rannpháirteach maoiniú a fháil faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach nó faoi chlár eile de chuid an Aontais atá ag rannchuidiú go neamhspleách le cuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus a bhfuil ceanglais an Chóir á n-urramú aige nó ó fhoinsí eile maoinithe nach mbíonn ag brath ar bhuiséad an Aontais.

    Airteagal 14

    Rochtain ar mhaoiniú ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach

    Féadfar aon eintiteas poiblí nó príobháideach atá bunaithe i dtír rannpháirteach a dhéanann gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sna tíortha rannpháirteacha iarratas ar mhaoiniú faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a chur isteach. I gcás na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 7(1), gheobhaidh an eagraíocht rannpháirteach lipéad cáilíochta mar réamhchoinníoll le maoiniú a fháil faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. I gcás na dtionscadal dlúthpháirtíochta dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 7(1), féadfaidh daoine nádúrtha cur isteach ar mhaoiniú thar ceann grúpaí neamhfhoirmiúla de rannpháirtithe.

    CAIBIDIL V

    FEIDHMÍOCHT, TORTHAÍ AGUS SCAIPEADH

    Airteagal 15

    Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar thorthaí

    1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta agus na gníomhaireachtaí náisiúnta i dtíortha rannpháirteacha agus lena mbaineann eagraíochtaí rannpháirteacha, mar aon le geallsealbhóirí an Aontais agus geallsealbhóirí náisiúnta amhail eagraíochtaí óige, faireachán rialta agus éifeachtach ar fheidhmíocht an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh i ndáil lena chuid cuspóirí a bhaint amach. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle go rialta le príomhgheallsealbhóirí, lena n-áirítear eagraíochtaí rannpháirteacha, maidir le cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

    2.   Bunaithe ar chreat íosta na dtáscairí arna bhunú san Iarscríbhinn, tráth nach déanaí ná 6 Aibreán 2019, bunóidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, clár mionsonraithe le faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Áireofar sa chlár mionsonraithe sraith bhreisithe táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla chun na críche sin, chomh maith le hamchlár agus le modheolaíocht don fhaireachán sin. Beidh na gníomhartha cur chun feidhme sin arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

    3.   Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil in 2020, ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn a bheidh déanta ó thaobh chuspóirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhaint amach.

    4.   Faoi 6 Deireadh Fómhair 2022, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht neamhspleách ar an Rialachán seo chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, éifeachtacht agus tionchar an chláir i bhfianaise chuspóirí an chláir agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí, lena n-áirítear moltaí don chlár amach anseo, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste na Réigiún agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Mar chuid den mheastóireacht, áiritheoidh an Coimisiún go rachfar i gcomhairle go rialta leis na geallsealbhóirí ar fad, lena n-áirítear rannpháirtithe, eagraíochtaí rannpháirteacha agus na pobail áitiúla lena mbaineann, de réir mar is iomchuí. Úsáidfear torthaí na meastóireachta mar aiseolas chun athruithe a dhéanamh ar leagan amach an chláir amach anseo agus ar thograí maidir le leithdháileadh acmhainní.

    Airteagal 16

    Cumarsáid agus scaipeadh

    1.   Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta agus na gníomhaireachtaí náisiúnta i dtíortha rannpháirteacha agus líonraí ábhartha ar leibhéal an Aontais, go ndéanfar faisnéis, ábhar poiblíochta agus obair leantach a scaipeadh maidir leis na gníomhaíochtaí uile a fhaigheann tacaíocht faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

    2.   Forbróidh na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 20 beartais maidir le for-rochtain éifeachtach. Beidh na polasaithe sin dírithe ar dhaoine óga freisin a mbíonn níos lú deiseanna acu, lena n-áirítear i gceantair iargúlta, chomh maith le scaipeadh agus saothrú thorthaí na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi na gníomhartha a ndéanann siad bainistiú orthu, lena mbaineann eagraíochtaí óige agus seirbhísí speisialaithe faisnéise don óige freisin, de réir mar is iomchuí.

    3.   Rannchuideoidh gníomhaíochtaí cumarsáide freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, ar choinníoll go bhfuil baint acu sin le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo agus go gcuireann siad breisluach agus infheictheacht ar fáil don Aontas.

    4.   Bainfidh na heagraíochtaí rannpháirteacha úsáid as an ainm branda “an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach” chun críocha cumarsáide agus chun faisnéis a scaipeadh a bhaineann leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

    CAIBIDIL VI

    CÓRAS BAINISTÍOCHTA AGUS INIÚCHÓIREACHTA

    Airteagal 17

    Comhlachtaí cur chun feidhme

    Is iad seo a leanas a chuirfidh an Rialachán seo chun feidhme ar mhodh comhsheasmhach:

    (a)

    an Coimisiún, ar leibhéal an Aontais;

    (b)

    na húdaráis náisiúnta ar an leibhéal náisiúnta san tíortha rannpháirteacha.

    Airteagal 18

    An t-údarás náisiúnta

    I ngach tír atá rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, gníomhóidh na húdaráis náisiúnta atá ainmnithe chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a bhainistiú mar údaráis náisiúnta chun críocha an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh freisin. Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 27 (1), (3), (8), (9) agus (11) go (16) den Rialachán sin i gcás an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

    Airteagal 19

    Comhlacht neamhspleách iniúchóireachta

    1.   Ainmneoidh an t-údarás náisiúnta comhlacht iniúchóireachta neamhspleách. Eiseoidh an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách tuairim iniúchóireachta maidir leis an dearbhú bliantúil bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 155(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

    2.   Maidir leis an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta:

    (a)

    beidh na hinniúlachtaí gairmiúla is gá aige chun iniúchtaí san earnáil phoiblí a dhéanamh;

    (b)

    áiritheoidh sé go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta i gcuntas sna hiniúchtaí;

    (c)

    ní bheidh coinbhleacht leasa ag baint leis maidir leis an eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 20 ina cuid de, agus beidh sé, i dtaca lena chuid feidhmeanna, neamhspleách ar an eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina cuid de.

    3.   Cuirfidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta ar fáil don Choimisiún agus dá ionadaithe agus don Chúirt Iniúchóirí rochtain iomlán ar gach doiciméad agus tuarascáil i dtaca leis an tuairim iniúchóireachta a eisíonn sé maidir le dearbhú bliantúil bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta.

    Airteagal 20

    An ghníomhaireacht náisiúnta

    1.   I ngach tír atá rannpháirteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, gníomhóidh na gníomhaireachtaí náisiúnta, atá ainmnithe ina dtíortha faoi seach chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a bhainistiú, mar ghníomhaireachtaí náisiúnta freisin i gcreat an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

    Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 28 (1), (2), (5) go (8) de Rialachán (AE) Uimh.1288/2013 i gcás an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

    2.   Gan dochar d'Airteagal 28 (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach freisin as gach céim de shaolré thionscadal na ngníomhaíochtaí sin de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a liostaítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 24 den Rialachán seo a bhainistiú, i gcomhréir le pointe (c)(v) agus (vi) d'Airteagal 62(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

    Airteagal 21

    An Coimisiún Eorpach

    1.   Leagfar síos i ndoiciméad scríofa na rialacha a bhaineann leis an gcaidreamh idir an Coimisiún agus gníomhaireacht náisiúnta, i gcomhréir leis na rialacha in Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013. Sa doiciméad sin:

    (a)

    leagfar síos na caighdeáin rialaithe inmheánaigh le haghaidh na ngníomhaireachtaí náisiúnta agus na rialacha maidir le bainistiú chistí an Aontais i gcomhair tacaíochta deontais ag na gníomhaireachtaí náisiúnta;

    (b)

    áireofar clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta ina bhfuil cúraimí bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta dá bhfuil tacaíocht ón Aontas á cur ar fáil;

    (c)

    sonrófar na ceanglais tuairiscithe le haghaidh na gníomhaireachta náisiúnta.

    2.   Gach bliain cuirfidh an Coimisiún na cistí seo a leanas ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta:

    (a)

    cistí le haghaidh tacaíocht deontais sa tír rannpháirteach lena mbaineann do ghníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar cuireadh de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta iad a bhainistiú;

    (b)

    ranníocaíocht airgeadais ag tacú le cúraimí bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta arna sainmhíniú de réir phointe (b) d'Airteagal 29(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013.

    3.   Leagfaidh an Coimisiún síos na ceanglais do chlár oibre na gníomhaireachta náisiúnta. Ní chuirfidh an Coimisiún cistí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta sula mbeidh clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta formheasta go foirmiúil aige, agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 24 á gcur san áireamh.

    4.   Ar bhonn na gceanglas comhlíontachta do ghníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 27(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na córais náisiúnta bhainistíochta agus rialaithe, ar dhearbhú bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, agus lánaird á tabhairt ar an bhfaisnéis ón údarás náisiúnta maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

    5.   Nuair a bheidh measúnú déanta aige ar an dearbhú bliantúil bainistíochta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, cuirfidh an Coimisiún a thuairim agus a bharúlacha in iúl don ghníomhaireacht náisiúnta agus don údarás náisiúnta.

    6.   I gcás nach féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an dearbhú bliantúil bainistíochta leis an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina leith, nó i gcás ina gcuireann an ghníomhaireacht náisiúnta barúlacha an Choimisiún chun feidhme go míshásúil, féadfaidh an Coimisiún aon bhearta ceartaitheacha agus réamhchúraim is gá chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 131(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

    7.   Eagróidh an Coimisiún cruinnithe rialta agus oiliúint le líonra na ngníomhaireachtaí náisiúnta agus do líonra na ngníomhaireachtaí náisiúnta chun cur chun feidhme comhtháite an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a áirithiú ar fud na dtíortha rannpháirteacha uile. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle go rialta le príomhgheallsealbhóirí, lena n-áirítear eagraíochtaí rannpháirteacha, maidir le cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

    CAIBIDIL VII

    AN CÓRAS RIALAITHE

    Airteagal 22

    Prionsabail an chórais rialaithe

    1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

    2.   Beidh an Coimisiún freagrach as na rialuithe maoirseachta maidir le gníomhartha agus gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhainistíonn na gníomhaireachtaí náisiúnta. Socróidh sé na híoscheanglais do na rialuithe arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht náisiúnta agus ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta.

    3.   Beidh rialuithe príomhúla ar thairbhithe deontais de chúram ar na gníomhaireachtaí náisiúnta le haghaidh na gníomhaíochtaí den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar cuireadh de chúram orthu iad. Beidh na rialuithe sin comhréireach agus leordhóthanach agus tabharfaidh siad urrús réasúnach go mbainfear úsáid as na deontais arna mbronnadh de réir mar a bhí beartaithe agus i gcomhlíonadh na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais.

    4.   Maidir le cistí arna n-aistriú chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta, áiritheoidh an Coimisiún comhordú cuí ar a rialuithe leis na húdaráis náisiúnta agus leis na gníomhaireachtaí náisiúnta, ar bhonn an phrionsabail iniúchóireachta aonair agus tar éis anailís a dhéanamh bunaithe ar riosca. Ní bhaineann an mhír seo le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

    Airteagal 23

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    1.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar bhonn cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir, ar gach fochonraitheoir agus tríú páirtithe eile a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Féadfaidh siad iniúchtaí agus seiceálacha a dhéanamh ar na gníomhaireachtaí náisiúnta freisin.

    2.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a sheoladh, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an maoiniú sin i gcomhréir leis na bhforálacha agus nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (16), d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh arna mhaoiniú faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

    3.   Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2, le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, conarthaí, comhaontuithe deontais agus cinntí deontais a eascraíonn as cur chun feidhme an Rialachán seo, beidh forálacha lena gcumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe a sheoladh, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

    CAIBIDIL VIII

    FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

    Airteagal 24

    Cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

    1.   Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus na tosaíochtaí faoi na beartais náisiúnta dlúthpháirtíochta á gcur san áireamh, i gcás ina gcuirtear faisnéis mar sin chuig an gCoimisiún. Áiritheofar le gach clár oibre go gcuirfear chun feidhme an cuspóir ghinearálta agus na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 ar mhodh comhsheasmhach agus tabharfaidh siad breac-chuntas ar na torthaí ionchasacha, ar an modh cur chun feidhme agus ar a méid iomlán. Cuimseofar sna cláir oibre freisin tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú, léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, agus dáileadh na gcistí idir na tíortha rannpháirteacha i gcomhair na ngníomhaíochtaí arna mbainistiú trí na gníomhaireachtaí náisiúnta, agus tráthchlár táscach cur chun feidhme.

    2.   I gcás an bhuiséid a bhainistítear trí na gníomhaireachtaí náisiúnta, leis an ngníomh cur chun feidhme cuirfear ar chumas na ngníomhaireachtaí náisiúnta méideanna a leithdháileadh idir na príomhghníomhartha intíre agus trasteorann ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na tosaíochtaí a sainaithníodh sna scéimeanna náisiúnta dlúthpháirtíochta, i gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus laistigh de na teorainneacha a leagadh síos sna cláir oibre.

    3.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

    Airteagal 25

    Nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    CAIBIDIL IX

    FORÁLACHA LEASAITHEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 26

    Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 mar a leanas:

    (1)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

    “Airteagal 13

    Soghluaisteacht fhoghlama daoine aonair

    1.   Trí ghníomhaíocht soghluaisteachta foghlama do dhaoine aonair cothófar:

    (a)

    soghluaisteacht daoine óga i ngníomhaíochtaí neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúla idir tíortha an Chláir; féadfaidh malartuithe óige a bheith i gceist leis an tsoghluaisteacht sin, chomh maith le gníomhaíochtaí nuálaíocha ag tógáil ar fhorálacha atá ann cheana maidir le soghluaisteacht;

    (b)

    soghluaisteacht na ndaoine sin atá gníomhach in obair leis an óige nó in eagraíochtaí don óige agus soghluaisteacht ceannairí ógra; féadfaidh oiliúint agus gníomhaíochtaí líonraithe a bheith i gceist le soghluaisteacht den sórt sin.

    2.   Leis an ngníomhaíocht sin, tacófar le soghluaisteacht daoine óga, chomh maith le soghluaisteacht daoine atá gníomhach in obair leis an óige nó in eagraíochtaí don óige agus ceannairí ógra, chuig tíortha comhpháirtíochta agus ó na tíortha sin, go háirithe tíortha comharsanachta.”;

    (2)

    in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:

    “1.   Socraítear gurb é EUR 14 542 724 000 i bpraghsanna reatha an t-imchlúdach airgeadais chun an Clár seo a chur chun feidhme amhail ón 1 Eanáir 2014.

    2.   Déanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí an Chláir mar a leanas, le corrlach solúbthachta nach mó ná 5 % de gach ceann de na méideanna leithdháilte:

    (a)

    80,8 % ar a laghad ar an oideachas agus ar an oiliúint, as a sannfar na leithdháiltí íosta seo a leanas:

    (i)

    44,3 % ar an ardoideachas, a sheasann do 35,7 % den bhuiséad iomlán;

    (ii)

    21,4 % ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint, a sheasann do 17,3 % den bhuiséad iomlán;

    (iii)

    14,6 % ar an oideachas scoile, a sheasann do 11,8 % den bhuiséad iomlán;

    (iv)

    4,9 % ar fhoghlaim aosach, a sheasann do 3,9 % den bhuiséad iomlán;

    (b)

    8,6 % ar óige;

    (c)

    suas le 1,5 % ar Shaoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn;

    (d)

    1,9 % ar Jean Monnet;

    (e)

    1,8 % ar an spórt, nach leithdháiltear níos mó ná 10 % de ar an ngníomhaíocht a luaitear faoi phointe (b) d'Airteagal 17(1);

    (f)

    3,4 % mar dheontais oibriúcháin do ghníomhaireachtaí náisiúnta;

    (g)

    1,8 % chun an caiteachas riaracháin a chlúdach.

    3.   Maidir leis na leithdháiltí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2, déanfar 63 % ar a laghad a leithdháileadh ar shoghluaisteacht foghlama daoine aonair, 27 % ar a laghad ar chomhar um nuáil agus um malartú dea-chleachtas agus 4,2 % ar a laghad chun tacú le hathchóiriú beartas.”.

    Airteagal 27

    Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013

    In Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    “3.   Faoin bhfochlár don Chomhshaol a fhreagraíonn don réimse tosaíochta Rialachas Comhshaoil agus faoin bhfochlár do Ghníomhú ar son na hAeráide a fhreagraíonn don réimse tosaíochta Rialachas Aeráide agus Faisnéis Aeráide féadfar maoiniú a chur ar fáil do thionscadail de réir bhrí Airteagal 17(4) den Rialachán seo arna chur chun feidhme ag an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), ar tionscadail iad a rannchuidíonn le ceann amháin nó níos mó de na réimsí tosaíochta de réir bhrí Airteagal 9 agus Airteagal 13 den Rialachán seo. Déanfar na tionscadail sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1475 amháin, d'eisiamh cheanglais shonracha an Rialacháin seo.

    Airteagal 28

    Leasuithe ar Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE

    In Airteagal 19(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh an dara fomhír:

    “Leis an imchlúdach airgeadais atá díorthaithe ó Cheannteideal 3 ‘An tSlándáil agus an tSaoránacht’ féadfar gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a mhaoiniú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1475 ó Pharlamint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), a rannchuidíonn le ceann nó níos mó de thosaíochtaí an Aontais i réimse na cosanta sibhialta. Déanfar na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1475 amháin, d'eisiamh cheanglais shonracha an Chinneadh seo.

    Airteagal 29

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 2 Deireadh Fómhair 2018.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    E. TAJANI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BOGNER-STRAUSS


    (1)  IO C 81, 2.3.2018, lch. 160.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Meán Fómhair 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2018

    (3)  IO C 120, 26.4.2013, lch. 1.

    (4)  IO C 88, 27.3.2014, lch. 1.

    (5)  Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir le líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lch. 1).

    (6)  IO C 398, 22.12.2012, lch. 1

    (7)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

    (8)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach (“Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear”) ( IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

    (9)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais don oideachas, don oiliúint, don aos óg agus don spórt agus lena naisghairtear Cinntí Uimh. 1719/2006/CE, Uimh. 1720/2006/CE agus Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

    (10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (11)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus ag aisghairm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (12)  Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007. (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185).

    (13)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

    (14)  Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha i ndáil le dul isteach agus cónaí na náisiúnach tríú tír chun críocha taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó cláir oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).

    (15)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (16)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


    IARSCRÍBHINN

    Déanfar dlúthfhaireachán ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach chun a mhéid ar baineadh an cuspóir ginearálta agus na cuspóirí sonracha amach a thomhas agus chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Chóir. Chuige sin, leagtar amach íoschreat táscairí, a bheidh mar bhonn do chlár mionsonraithe amach anseo chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, lena n-áirítear sraith bhreisithe táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla, dá dtagraítear in Airteagal 15(2):

     

    Táscairí aschuir

    (a)

    líon na rannpháirtithe (intíre agus trasteorann) in obair dheonach de réir tíre, aoise, inscne, cúlra gairmiúil agus leibhéal an oideachais;

    (b)

    líon na rannpháirtithe (intíre agus trasteorann) i dtréimhsí oiliúna de réir tíre, aoise, inscne, cúlra gairmiúil agus leibhéal an oideachais;

    (c)

    líon na rannpháirtithe (intíre agus trasteorann) i bpoist de réir tíre, aoise, inscne, cúlra gairmiúil agus leibhéal an oideachais;

    (d)

    líon na rannpháirtithe i dtionscadail dlúthpháirtíochta de réir tíre, aoise, inscne, cúlra gairmiúil agus leibhéal an oideachais;

    (e)

    líon na n-eagraíochtaí i seilbh lipéad cáilíochta de réir tíre agus an mhaoinithe a fuarthas;

    (f)

    líon na ndaoine óga rannpháirteacha a mbíonn níos lú deiseanna acu.

     

    Táscairí torthaí (Táscairí ilchodacha)

    (g)

    líon na rannpháirtithe a thuairiscigh torthaí dearfacha foghlama;

    (h)

    céatadán na rannpháirtithe ar aithníodh a gcuid torthaí foghlama le teastas, mar shampla an tÓgphas, dioplóma nó cineál eile aitheantais fhoirmiúil as a gcuid rannpháirtíochta sa Chlár Dlúthpháirtíochta Eorpach;

    (i)

    ráta foriomlán sástachta na rannpháirtithe maidir le cáilíocht na ngníomhaíochtaí;

    (j)

    líon na ndaoine a fhaigheann tacaíocht dhíreach nó indíreach trí ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta.

    Ina theannta sin, mar is iomchuí, áiritheofar comhleanúnachas leis na príomhtháscairí don óige dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013.


    Top