Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32015R1145

    Rialachán (AE) 2015/1145 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Iúil 2015 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise (códú)

    IO L 191, 17.7.2015, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1145/oj

    17.7.2015   

    GA

    Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

    L 191/1


    RIALACHÁN (AE) 2015/1145 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 8 Iúil 2015

    maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise

    (códú)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Rinneadh Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72 ón gComhairle (2) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (3). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

    (2)

    Siníodh comhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise (4) (“an Comhaontú”) sa Bhruiséil an 22 Iúil 1972.

    (3)

    Is gá rialacha mionsonraithe chun na clásail chosanta agus na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear in Airteagal 22 go hAirteagal 27 den Chomhaontú a chur chun feidhme.

    (4)

    Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta a ghlacadh i ndáil le clásail dhéthaobhacha chosanta an Chomhaontaithe a chur chun feidhme. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

    (5)

    Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh, i gcás ina n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le staideanna dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go dtarchuirfear saincheist chuig an gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise (“an Comhaontú”), chun na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 22, 24, 24a agus 26 den Chomhaontú a dhéanamh. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

    Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas má chinneann sé saincheist a tharchur chuig an gComhchoiste.

    Airteagal 2

    1.   I gcás cleachtas a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt don Aontas na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 23 den Chomhaontú a chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát, an bhfuil cleachtas den sórt sin ag luí leis an gComhaontú. I gcás inar gá, glacfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

    2.   I gcás cleachtas lena bhféadfaí bearta cosanta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 23 den Chomhaontú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis dó an cás a scrúdú, an bhfuil an cleachtas ag luí leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú. I gcás inar gá, ceapfaidh sé moltaí iomchuí.

    Airteagal 3

    I gcás cleachtas a d'fhéadfadh údar cuí a thabhairt don Aontas na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 25 den Chomhaontú a chur i bhfeidhm, beidh na nósanna imeachta a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle (6) agus Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (7) infheidhme.

    Airteagal 4

    1.   Más rud é, de dheasca imthosca eisceachtúla, gur gá gníomhú láithreach maidir leis na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 24, Airteagal 24a agus Airteagal 26 den Chomhaontú nó i gcás cabhracha d'onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta réamhchúraim dá bhforáiltear i bpointe (e) d'Airteagal 27(3) den Chomhaontú a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo, nó i gcásanna práinne, i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Rialachán seo.

    2.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún gníomhú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh sin laistigh de thréimhse nach faide ná cúig lá oibre tar éis an iarraidh a fháil.

    Airteagal 5

    Is ar an gCoimisiún a bheidh an fhreagracht fógra ón Aontas a chur chuig an gComhchoiste mar a cheanglaítear le hAirteagal 27(2) den Chomhaontú.

    Airteagal 6

    1.   Déanfaidh an Coiste um Choimircí arna bhunú le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta Airteagal 5 de.

    Airteagal 7

    Déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a áireamh ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme a chuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009.

    Airteagal 8

    Déantar Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72 a aisghairm.

    Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

    Airteagal 9

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Iúil 2015.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    N. SCHMIT


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Meitheamh 2015.

    (2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72 ón gComhairle an 19 Nollaig 1972 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise (IO L 300, 31.12.1972, lch. 284).

    (3)  Féach Iarscríbhinn I.

    (4)  IO L 300, 31.12.1972, lch. 189.

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontais ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

    (7)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

    (8)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).


    IARSCRÍBHINN I

    AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS AN LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR

    Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72 ón gComhairle

    (IO L 300, 31.12.1972, lch. 284)

     

    Rialachán (CEE) Uimh. 643/90 ón gComhairle

    (IO L 74, 20.3.1990, lch. 7)

     

    Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

    Pointe 1 den Iarscríbhinn agus an pointe sin amháin


    IARSCRÍBHINN II

    TÁBLA COMHGHAOIL

    Rialachán (CEE) Uimh. 2841/72

    An Rialachán seo

    Airteagail 1 go 4

    Airteagail 1 go 4

    Airteagal 6

    Airteagal 5

    Airteagal 7

    Airteagal 6

    Airteagal 8

    Airteagal 7

    Airteagal 8

    Airteagal 9

    Iarscríbhinn I

    Iarscríbhinn II


    Top