EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0542

Rialachán (AE) Uimh. 542/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a mhéid a bhaineann leis na rialacha atá le cur i bhfeidhm i dtaca le Cúirt Aontaithe na bPaitinní agus le Cúirt Bhreithiúnais Benelux

IO L 163, 29.5.2014, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/542/oj

29.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 542/2014 ÓPHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a mhéid a bhaineann leis na rialacha atá le cur i bhfeidhm i dtaca le Cúirt Aontaithe na bPaitinní agus le Cúirt Bhreithiúnais Benelux

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a), pointe (c) agus pointe (e) d’Airteagal (81)(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An 19 Feabhra 2013, shínigh na tíortha seo a leanas an Comhaontú maidir le Cúirt Aontaithe na bPaitinní (3) (‘Comhaontú CAP’): Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, ArdDiúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. Le Comhaontú CAP, foráiltear dá theacht i bhfeidhm tráth nach luaithe ná an chéad lá den cheathrú mí tar éis theacht i bhfeidhm na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i ndáil leis an ngaol atá ag an Rialachán sin le Comhaontú CAP.

(2)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, shínigh Ríocht na Beilge, ArdDiúcacht Lucsamburg agus Ríocht na hÍsiltíre, ar páirtithe iad i gConradh an 31 Márta 1965 maidir le bunú agus reacht Chúirt Bhreithiúnais Benelux (“Conradh Chúirt Bhreithiúnais Benelux”), Prótacal lena leasaítear an Conradh sin. Leis an bPrótacal sin, rinneadh indéanta dlínse a aistriú chuig Cúirt Bhreithiúnais Benelux in ábhair shonracha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

(3)

Tá sé riachtanach rialáil a dhéanamh ar an ngaol atá ag Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 le Comhaontú CAP agus le Conradh Chúirt Bhreithiúnais Benelux trí bhíthin leasuithe ar an Rialachán sin.

(4)

Ba cheart a mheas gur cúirteanna de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 Cúirt Aontaithe na bPaitinní agus Cúirt Bhreithiúnais Benelux ionas go n-áiritheofar deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht do chosantóirí arbh fhéidir iad a agairt sa dá chúirt sin ag suíomh atá i mBallstát seachas an ceann a ainmnítear le rialacha Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

(5)

Tá na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 dá bhforáiltear sa Rialachán seo i dtaca le Cúirt Aontaithe na bPaitinní beartaithe chun dlínse idirnáisiúnta na Cúirte sin a bhunú agus ní dhéanann siad difear do leithdháileadh inmheánach na n-imeachtaí ar ranna na Cúirte sin ná do na socruithe a leagtar síos i gComhaontú CAP maidir le feidhmiú dlínse, lena n-áirítear dlínse eisiach, le linn na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú sin.

(6)

Ós rud é gur cúirteanna iad is coiteann do roinnt Ballstát, ní féidir le Cúirt Aontaithe na bPaitinní ná le Cúirt Bhreithiúnais Benelux, ní hamhail cúirt Bhallstáit amháin, dlínse a fheidhmiú ar bhonn an dlí náisiúnta i leith cosantóirí nach bhfuil sainchónaí orthu i mBallstát. Chun ceadú don dá Chúirt sin dlínse a fheidhmiú i leith cosantóirí den sórt sin, ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag rialacha Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 freisin maidir le hábhair a thagann faoi dhlínse Chúirt Aontaithe na bPaitinní agus Chúirt Bhreithiúnais Benelux, faoi seach, maidir le cosantóirí a bhfuil sainchónaí orthu i dtríú Stáit. Áirithítear le rialacha dlínse Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 atá ann faoi láthair go bhfuil dlúthnasc idir na himeachtaí a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin ina leith agus críoch na mBallstát. Is iomchuí dá bhrí sin na rialacha sin a leathnú chuig imeachtaí i gcoinne gach cosantóra, gan féachaint dá sainchónaí. Agus rialacha dlínse Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 á gcur i bhfeidhm ag Cúirt Aontaithe na bPaitinní agus ag Cúirt Bhreithiúnais Benelux (dá ngairtear “cúirt choiteann” go leithleach anseo feasta), níor cheart ach na rialacha sin is iomchuí don ábhar ar tugadh dlínse dóibh ina leith a chur i bhfeidhm.

(7)

Ba cheart go mbeadh cúirt choiteann in ann díospóidí lena mbaineann cosantóirí ó thríú Stáit a éisteacht ar bhonn rialach coimhdí dlínse in imeachtaí a bhaineann le sárú ar phaitinn Eorpach as a eascraíonn dochar laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Ba cheart an dlínse choimhdeach sin a fheidhmiú i gcás ina bhfuil maoin ar leis an cosantóir í suite in aon Bhallstát ar páirtí é san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann agus i gcás ina bhfuil nasc leordhóthanach ag an díospóid atá i gceist le haon Bhallstát den sórt sin, mar shampla, toisc go bhfuil sainchónaí ar an éilitheoir ansin nó go bhfuil an fhianaise a bhaineann leis an díospóid ar fáil ansin. Le linn di a dlínse a bhunú, ba cheart go bhféachfadh an chúirt choiteann do luach na maoine atá i gceist, ar luach é nár chearta bheith diomaibhseach agus ar luach é ba cheart bheith amhail is go mbeadh sé indéanta an breithiúnas a fhorghníomhú, ar a laghad go páirteach, sna Ballstáit ar páirtithe iad san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann.

(8)

Maidir le rialacha Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 i dtaobh lis pendens agus caingne gaolmhara, arb é is aidhm dóibh imeachtaí comhthreomhara agus breithiúnais atá bunoscionn lena chéile a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith leo nuair a thugtar imeachtaí i gcúirt choiteann agus i gcúirt i mBallstát a bhfuil feidhm ag Comhaontú CAP nó Conradh Chúirt Bhreithiúnais Benelux, de réir mar a bheidh, ann.

(9)

Maidir le rialacha Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 i dtaobh lis pendens agus caingne gaolmhara, ba cheart go mbeadh feidhm acu sa tsli chéanna, i gcás, le linn na hidirthréimhse dá bhforáiltear i gcomhaontú CAP, go dtugtar imeachtaí a bhaineann le cineálacha áirithe díospóidí i gCúirt Aontaithe na bPaitinní, ar thaobh amháin, agus i gcúirt náisiúnta Bhallstáit ar páirtí é i gComhaontú CAP, ar an taobh eile.

(10)

Ba cheart breithiúnais a thugann Cúirt Aontaithe na bPaitinní nó Cúirt Bhreithiúnais Benelux a aithint agus a fhorghníomhú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 i mBallstát nach páirtí é i gComhaontú CAP nó i gConradh Chúirt Bhreithiúnais Benelux, de réir mar a bheidh.

(11)

Ba cheart breithiúnais a thugann cúirteanna Bhallstáit, nach páirtí i gComhaontú CAP nó i gConradh Chúirt Bhreithiúnais Benelux, de réir mar a bheidh, a aithint agus a fhorghníomhú i mBallstát eile i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a leasú dá réir sin.

(13)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá fógra tugtha ag na Ballstáit sin gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach nuair atá an Rialachán seo á ghlacadh agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm, gan dochar don fhéidearthacht atá ag an Danmhairg na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 a chur i bhfeidhm a leagtar síos leis an Rialachán seo de bhun Airteagal 3 de Chomhaontú an 19 Deireadh Fómhair 2005 idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (5),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gCaibidil VII de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 71a

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gur cúirt Bhallstáit í cúirt is coiteann do roinnt Ballstát mar a shonraítear i mír 2 í (“cúirt choiteann”) nuair a fheidhmíonn cúirt choiteann den sórt sin, de bhun na hionstraime lena mbunaítear í, dlínse in ábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh gach cúirt de na cúirteanna seo a leanas ina cúirt choiteann:

(a)

Cúirt Aontaithe na bPaitinní a bhunaítear leis an gComhaontú maidir le Cúirt Aontaithe na bPaitinní a síníodh an 19 Feabhra 2013 (“Comhaontú CAP”); agus

(b)

Cúirt Bhreithiúnais Benelux a bhunaítear le Conradh an 31 Márta 1965 maidir le bunú agus reacht Chúirt Bhreithiúnais Benelux (“Conradh Chúirt Bhreithiúnais Benelux”).

Airteagal 71b

Cinnfear dlínse cúirte coitinne mar a leanas:

(1)

beidh dlínse ag cúirt choiteann i gcás ina mbeadh dlínse ag cúirteanna Ballstáit, ar Ballstát é ar páirtí é san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann, in ábhar a rialaítear leis an ionstraim sin, faoin Rialachán seo;

(2)

i gcás nach bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir i mBallstát, agus nach dtugtar dlínse ina leith ar shlí eile leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Caibidil II de réir mar is iomchuí gan féachaint do shainchónaí an chosantóra.

Féadfar iarratas a chur isteach chuig cúirt choiteann le haghaidh beart sealadach, lena n-áirítear bearta cosanta, fiú má tá dlínse ag cúirteanna tríú Stáit maidir le substaint an ábhair;

(3)

i gcás ina bhfuil dlínse ag cúirt choiteann i leith cosantóra faoi phointe 2 i ndíospóid a bhaineann le sárú ar phaitinn Eorpach a eascraíonn dochar as laistigh den Aontas, féadfaidh an chúirt sin dlínse a fheidhmiú freisin maidir le dochar a eascraíonn lasmuigh den Aontas as sárú den chineál sin.

Ní bheifear in ann an dlínse sin a bhunú ach amháin má tá maoin ar leis an cosantóir í suite in aon Bhallstát ar páirtí é san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann agus má tá nasc leordhóthanach ag an díospóid le haon Bhallstát den sórt sin.

Airteagal 71c

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 29 go hAirteagal 32 i gcás ina dtugtar imeachtaí i gcúirt choiteann agus i gcúirt Ballstáit nach páirtí san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann é.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 29 go hAirteagal 32 i gcás, le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 83 de Chomhaontú CAP, go dtugtar imeachtaí i gCúirt Aontaithe na bPaitinní agus i gcúirt Ballstáit ar páirtí i gComhaontú CAP é.

Airteagal 71d

Beidh feidhm an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas a aithint agus a fhorghníomhú:

(a)

breithiúnais a thugann cúirt choiteann atá le haithint agus le forghníomhú i mBallstát nach páirtí é san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann; agus

(b)

breithiúnais a thugann cúirteanna Ballstáit ar Ballstát é nach páirtí san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann atá le haithint agus le forghníomhú i mBallstát ar páirtí é san ionstraim sin.

I gcás ina mbeidh aithint agus forghníomhú breithiúnais a thug cúirt choiteann á lorg i mBallstát ar páirtí é san ionstraim lena mbunaítear an chúirt choiteann, áfach, beidh feidhm ag aon rialacha de chuid na hionstraime sin maidir le haithint agus le forghníomhú in ionad rialacha an Rialacháin seo.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 10 Eanáir 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Tuairim an 26 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014.

(3)  IO C 175, 20.6.2013, lch. 1.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 an 12 Nollaig 2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(5)  IO L 299, 16.11.2005, lch. 62.


Top