Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M038

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
    TEIDEAL V - FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
    CAIBIDIL 2 - FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
    ROINN 1 - FORÁLACHA COITEANNA
    Airteagal 38 (sean-Airteagal 25 CAE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 36–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2016/art_38/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/36


    Airteagal 38

    (sean-Airteagal 25 CAE)

    Gan dochar d'Airteagal 240 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh Coiste Polaitiúil agus Slándála faireachán ar an staid idirnáisiúnta sna réimsí a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála, agus rannchuideoidh sé le beartais a shainiú trí thuairimí a thabhairt don Chomhairle arna iarraidh sin don Chomhairle nó arna iarraidh sin d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nó ar a thionscnamh féin. Déanfaidh sé freisin faireachán ar chur chun feidhme beartas comhaontaithe, gan dochar do chumhachtaí an Ardionadaí.

    Faoi chuimsiú na Caibidle seo, feidhmeoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála, faoi fhreagracht na Comhairle agus an Ardionadaí, rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach na n-oibríochtaí bainistíochta géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 43.

    Féadfaidh an Chomhairle an Coiste a údarú, ar mhaithe le hoibríocht bainistíochta géarchéime agus ar feadh a ré faoi mar atá siad araon arna gcinneadh ag an gComhairle, na cinntí ábhartha maidir le rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach na hoibríochta.


    Top