Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E291

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
    TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
    CAIBIDIL 2 - GNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS, NÓSANNA IMEACHTA GLACTHA AGUS FORÁLACHA EILE
    ROINN 1 - GNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS
    Airteagal 291

    IO C 202, 7.6.2016, p. 173–173 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_291/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/173


    Airteagal 291

    1.   Glacfaidh na Ballstáit gach beart dlí náisiúnta is gá chun gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme.

    2.   Nuair is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme, tabharfaidh na gníomhartha sin cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, nó, i gcásanna sonracha cuí-réasúnaithe agus sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 24 agus in Airteagal 26 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, don Chomhairle.

    3.   Chun críocha mhír 2, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle roimh ré, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

    4.   Cuirtear ‘cur chun feidhme’ isteach i gceannteidil na ngníomhartha cur chun feidhme.


    Top