Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E254

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
    TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
    CAIBIDIL 1 - NA hINSTITIÚIDÍ
    ROINN 5 - CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH
    Airteagal 254 (sean-Airteagal 224 CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 158–159 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_254/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/158


    Airteagal 254

    (sean-Airteagal 224 CCE)

    Socrófar líon Bhreithiúna na Cúirte Ginearálta i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Féadfar a fhoráil sa Reacht go mbeidh Abhcóidí Ginearálta de chúnamh ag an gCúirt Ghinearálta.

    Roghnófar comhaltaí na Cúirte Ginearálta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú. Ceapfaidh Rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile go ceann téarma sé bliana, tar éis dul i gcomhairle leis an bpainéal dá dtagraítear in Airteagal 255. Athrófar cuid de na Breithiúna i gceann gach trí bliana. Féadfar comhaltaí a bheidh ag scor a athcheapadh.

    Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán na Cúirte Ginearálta as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

    Ceapfaidh an Chúirt Ghinearálta a Cláraitheoir agus leagfaidh sí síos na rialacha a bhainfidh lena sheirbhís.

    Glacfaidh an Chúirt Ghinearálta a rialacha nós imeachta le comhaontú na Cúirte Breithiúnais. Is gá formheas ón gComhairle a bheith leis na rialacha sin.

    Mura bhforáiltear a mhalairt i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, beidh feidhm maidir leis an gCúirt Ghinearálta ag forálacha na gConarthaí a bhaineann leis an gCúirt Bhreithiúnais.


    Top