EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12016E173
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union#PART THREE - UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS#TITLE XVII - INDUSTRY#Article 173 (ex Article 157 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XVII - TIONSCAL
Airteagal 173 (sean-Airteagal 157 CCE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XVII - TIONSCAL
Airteagal 173 (sean-Airteagal 157 CCE)
IO C 202, 7.6.2016, p. 126–126
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/126 |
Airteagal 173
(sean-Airteagal 157 CCE)
1. Féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit chuige go mbeidh na dálaí ann is gá chun cumas iomaíochta thionscal an Aontais a áirithiú.
Chun na críche sin, i gcomhréir le córas margaí a bheidh ar oscailt agus iomaíoch, is é is aidhm dá ngníomhaíocht:
— |
oiriúnú an tionscail d'athruithe struchtúracha a bhrostú; |
— |
timpeallacht a chothú atá fabhrach don tionscnamh agus d'fhorbairt ghnóthas ar fud an Aontais, go háirithe gnóthais bheaga agus meánmhéide; |
— |
timpeallacht a chothú atá fabhrach do chomhar idir gnóthais; |
— |
taobhú le hacmhainneacht thionsclaíoch beartas nuála, taighde agus forbartha teicneolaíche a shaothrú níos fearr. |
2. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile i gcuibhreann leis an gCoimisiún agus, más gá, déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí a chomhordú. Féadfaidh an Coimisiún gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur ar aghaidh go háirithe tionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú don fhaireachán tréimhsiúil agus don mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.
3. Rannchuideoidh an tAontas le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 trí bhíthin na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí a shaothraíonn sé faoi fhorálacha eile de na Conarthaí. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, bearta sonracha a chinneadh chun tacú le gníomhaíochtaí de chuid na mBallstát d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.
Ní féidir leis an Aontas leas a bhaint as an Teideal seo chun aon bheart a thabhairt isteach ar dóigh dó an iomaíocht a shaobhadh nó ina bhfuil forálacha cánachais nó forálacha a bhaineann le cearta agus leasanna daoine fostaithe.