This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12016E171
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union#PART THREE - UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS#TITLE XVI - TRANS-EUROPEAN NETWORKS#Article 171 (ex Article 155 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XVI - GRÉASÁIN THRAS-EORPACHA
Airteagal 171 (sean-Airteagal 155 CCE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XVI - GRÉASÁIN THRAS-EORPACHA
Airteagal 171 (sean-Airteagal 155 CCE)
IO C 202, 7.6.2016, p. 125–125
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/125 |
Airteagal 171
(sean-Airteagal 155 CCE)
1. D'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 170 a ghnóthú:
— |
bunóidh an tAontas sraith treoirlínte a fholaíonn cuspóirí, tosaíochtaí agus imlínte na ngníomhaíochtaí arna mbeartú i réimse na ngréasán tras-Eorpach; sonróidh na treoirlínte sin tionscadail leasa choitinn; |
— |
cuirfidh an tAontas chun feidhme gach gníomhaíocht a mheastar is gá chun idirinoibritheacht na ngréasán a áirithiú, go háirithe i réimse chomhchuibhiú na gcaighdeán teicniúil; |
— |
féadfaidh an tAontas tacú le tionscadail chomhleasa lena dtacaíonn na Ballstáit agus a shonraítear faoi chuimsiú na dtreoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhleasc, go háirithe trí bhíthin staidéir indéantachta, ráthaíochtaí iasachta nó fóirdheontas úis; féadfaidh an tAontas rannchuidiú freisin tríd an gCiste Comhtháthaithe arna chur ar bun de bhun fhorálacha Airteagal 177 le maoiniú tionscadal sonrach i mBallstáit i réimse bonneagar iompair. |
Tabharfaidh gníomhaíocht an Aontais aird ar inmharthanacht eacnamaíoch acmhainneach na dtionscadal.
2. Déanfaidh na Ballstáit comhordú eatarthu féin, i gcuibhreann leis an gCoimisiún, ar bheartais a shaothrófar ar leibhéal náisiúnta a bhféadfaidh éifeacht shonraíoch a bheith acu ar ghnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 170. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomharaíocht leis na Ballstáit, gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur ar aghaidh.
3. Féadfaidh an tAontas a chinneadh comhoibriú le tríú tíortha chun tionscadail leasa choitinn a chur ar aghaidh agus idirinoibritheacht na ngréasán a áirithiú.