Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E168

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
    TEIDEAL XIV - SLÁINTE PHOIBLÍ
    Airteagal 168 (sean-Airteagal 152 CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 122–124 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_168/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/122


    Airteagal 168

    (sean-Airteagal 152 CCE)

    1.   Déanfar ardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais.

    Bainfidh gníomhaíocht an Aontais, a chomhlánóidh beartais náisiúnta, leis an tsláinte phoiblí a fheabhsú, le tinnis agus galair an duine a chosc agus le foinsí contúirte do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach a sheachaint. Folóidh gníomhaíocht den saghas sin an comhrac in aghaidh na móraicídí trí thaighde a chur ar aghaidh ar na cúiseanna atá leo agus ar mhodhanna a seolta agus a gcoiscthe, maille le faisnéis agus oideachas sláinte, agus faireachán a dhéanamh ar mhórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte, rabhadh a thabhairt go luath faoi bhagairtí den sórt sin, agus iad a chomhrac.

    Comhlánóidh an tAontas gníomhaíocht na mBallstát chun damáiste don tsláinte a thig ó dhrugaí a laghdú, lena n-áirítear faisnéis agus cosc.

    2.   Cothóidh an tAontas comhar idir na Ballstáit sna réimsí dá dtagraítear san Airteagal seo agus, más gá, tacóidh sé lena ngníomhaíocht. Cothóidh sé go háirithe comhar idir na Ballstáit chun comhlántacht a gcuid seirbhísí sláinte sna réigiúin trasteorann a fheabhsú.

    Déanfaidh na Ballstáit comhordú eatarthu féin, i gcuibhreann leis an gCoimisiún, ar a mbeartais agus ar a gcláir sna réimsí dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit, aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur ar aghaidh, go háirithe tionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú d'fhaireachán tréimhsiúil agus do mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.

    3.   Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit le comhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla i réimse na sláinte poiblí.

    4.   De mhaolú ar Airteagal 2(5), agus ar Airteagal 6(a), agus i gcomhréir le hAirteagal 4(2)(k), rannchuideoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo, trí na bearta seo a leanas a ghlacadh, chun déileáil le gnáthcheisteanna sábháilteachta:

    (a)

    bearta ag leagan síos ardchaighdeán cáilíochta agus sábháilteachta d'orgáin agus substaintí de bhunús daonna, d'fhuil agus do dhíorthaigh fola; ní chuirfidh na bearta sin cosc ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach;

    (b)

    bearta i réimsí na tréidliachta agus na fíteasláintíochta a bhfuil sé mar chuspóir díreach acu an tsláinte phoiblí a chosaint;

    (c)

    bearta ag leagan síos ardchaighdeán cáilíochta agus sábháilteachta do tháirgí sláinte agus d'fheistí míochaine.

    5.   Ina theannta sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún, bearta dreasachta a bhunú a bheidh ceaptha chun sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú, agus go háirithe chun na móraicídí trasteorann a chomhrac, bearta a bhunú a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar mhórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte, le rabhadh a thabhairt go luath faoi bhagairtí den sórt sin, agus lena gcomhrac, mar aon le bearta a bhunú arb é is cuspóir díreach dóibh an tsláinte phoiblí a chosaint i dtaca le tobac agus le mí-úsáid alcóil, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe ná ar rialacháin na mBallstát.

    6.   Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh freisin chun na gcríoch atá leagtha amach san Airteagal seo.

    7.   Déanfaidh gníomhaíocht an Aontais urraim a thabhairt do na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir lena mbeartas sláinte a shainiú agus seirbhísí sláinte agus cúram liachta a eagrú agus a sholáthar. Áirítear ar fhreagrachtaí na mBallstát seirbhísí sláinte agus cúram liachta a bhainistiú, agus na hacmhainní a shanntar dóibh a chionroinnt orthu. Ní dhéanfaidh na bearta dá dtagraítear i mír 4(a) difear d'fhorálacha náisiúnta maidir le deonú nó úsáid mhíochaine orgán agus fola.


    Top