Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E148

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
    TEIDEAL IX - FOSTAÍOCHT
    Airteagal 148 (sean-Airteagal 128 CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 112–113 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_148/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/112


    Airteagal 148

    (sean-Airteagal 128 CCE)

    1.   Breithneoidh an Chomhairle Eorpach gach bliain staid na fostaíochta san Aontas agus glacfaidh sí conclúidí ar an ábhar sin ar bhonn tuarascála comhpháirtí bliantúla ón gComhairle agus ón gCoimisiún.

    2.   Ar bhonn chonclúidí na Comhairle Eorpaí, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 150, treoirlínte a tharraingt suas gach bliain a chuirfidh na Ballstáit san áireamh ina mbeartais fostaíochta. Beidh na treoirlínte sin comhchuí leis na mórthreoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 121(2).

    3.   Cuirfidh gach Ballstát tuarascáil bhliantúil ar fáil don Chomhairle agus don Choimisiún maidir leis na príomhbhearta arna nglacadh chun a bheartas fostaíochta a chur chun feidhme i bhfianaise na dtreoirlínte don fhostaíocht dá dtagraítear i mír 2.

    4.   Gach bliain, déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 agus tar éis di dearcadh an Choiste Fostaíochta a fháil, scrúdú ar chur chun feidhme bheartais fostaíochta na mBallstát i bhfianaise na dtreoirlínte don fhostaíocht. Féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, moltaí a dhéanamh chuig Ballstáit má mheasann sí gurb iomchuí sin i bhfianaise an scrúdaithe sin.

    5.   Ar bhonn thorthaí an scrúdaithe sin, déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún tuarascáil chomhpháirteach bhliantúil a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí maidir le staid na fostaíochta san Aontas agus cur chun feidhme na dtreoirlínte don fhostaíocht.


    Top