This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02023R0444-20230302
Commission Delegated Regulation (EU) 2023/444 of 16 December 2022 supplementing Directive (EU) 2018/1972 of the European Parliament and of the Council with measures to ensure effective access to emergency services through emergency communications to the single European emergency number 112 (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Consolidated text: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/444 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2022 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach 112 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/444 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2022 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach 112 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02023R0444 — GA — 02.03.2023 — 000.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/444 ÓN gCOIMISIÚN an 16 Nollaig 2022 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 065 2.3.2023, lch. 1) |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/444 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Nollaig 2022
lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112”
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
CAIBIDIL 1
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Leis an Rialachán seo, bunaítear bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála maidir le réitigh faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, rochtain d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus ródú chuig an PSAP is iomchuí.
Airteagal 2
Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “cumarsáid éigeandála éifeachtach” cumarsáid éigeandála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (38) de Threoir (AE) 2018/1972 lena n-áirithítear an méid seo a leanas:
cumarsáid phras idir an t-úsáideoir deiridh agus an PSAP is iomchuí, agus
faisnéis chomhthéacsúil a chur ar fáil go pras, lena n-áirítear faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora;
ciallaíonn “faisnéis chomhthéacsúil” an fhaisnéis a chuireann an t-úsáideoir deiridh in iúl trí chumarsáid éigeandála nó a fhaightear agus a tharchuirtear go huathoibríoch ó ghléas an úsáideora deiridh nó ón ngréasán ábhartha chun gur féidir acmhainní idirghabhála na seirbhísí éigeandála a shainaithint go pras agus chun gur féidir leis na seirbhísí éigeandála teacht go tapa chuig láthair na hidirghabhála.
CAIBIDIL 2
FAISNÉIS FAOI SHUÍOMH AN GHLAOITEORA
Airteagal 3
Maidir leis na líonraí fosaithe:
déanfar an critéar cruinnis maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a shloinneadh mar fhaisnéis a bhaineann le seoladh fisiciúil chríochphointe an líonra;
sloinnfear an critéar iontaofachta maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora mar ráta ratha, i gcéatadán, an réitigh theicniúil nó an mheascáin de réitigh theicniúla chun faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a chomhfhreagraíonn don chritéar cruinnis a chruthú agus a tharchur chuig an PSAP is iomchuí.
Maidir leis na líonraí móibíleacha:
déanfar an critéar cruinnis maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a shloinneadh i méadair. Más infheidhme, déanfar an critéar um chruinneas airde nó ingearach a shloinneadh i méadair chomh maith;
sloinnfear an critéar iontaofachta maidir le faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora mar ráta ratha, i gcéatadán, an réitigh theicniúil nó an mheascáin de réitigh theicniúla chun limistéar cuardaigh a chomhfhreagraíonn don chritéar cruinnis a chruthú agus a tharchur chuig an PSAP is iomchuí.
CAIBIDIL 3
ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ ÉIGEANDÁLA D’ÚSÁIDEOIRÍ DEIRIDH FAOI MHÍCHUMAS
Airteagal 4
Agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála á cur chun feidhme acu trí chumarsáid éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, áiritheoidh na Ballstáit, faoi réir na féidearthachta teicniúla, go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le coibhéis fheidhmiúil seo a leanas:
gur féidir cumarsáid idirghníomhach dhá threo a dhéanamh leis an gcumarsáid éigeandála idir an t-úsáideoir deiridh faoi mhíchumas agus an PSAP;
go mbeidh an chumarsáid éigeandála ar fáil go héasca, gan réamhchlárú, d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas atá ag taisteal i mBallstát eile;
go soláthrófar an chumarsáid éigeandála saor in aisce d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas;
go ródófar an chumarsáid éigeandála gan mhoill chuig an PSAP is iomchuí atá cáilithe agus feistithe chun an chumarsáid éigeandála ó úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas a fhreagairt agus a phróiseáil;
go n-áiritheofar leibhéil choibhéise cruinnis agus iontaofachta faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora don chumarsáid éigeandála d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas mar atá do ghlaonna éigeandála ó úsáideoirí deiridh eile;
go mbeidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ábalta an leibhéal céanna feasachta, ar a laghad, faoi na modhanna rochtana ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála a bhaint amach agus a bhaineann úsáideoirí deiridh eile faoi ghlaonna éigeandála ar “112” amach, trí na modhanna rochtana a dhearadh nó trí bhearta múscailte feasachta.
CAIBIDIL 4
RÓDÚ CHUIG AN BPOINTE FREAGARTHA GLAONNA ÉIGEANDÁLA IS OIRIÚNAÍ
Airteagal 5
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cumarsáid éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a ródú gan mhoill chuig an PSAP is iomchuí a bheidh ábalta, go teicniúil, an fhaisnéis chomhthéacsúil a chur in iúl do na seirbhísí éigeandála agus na seirbhísí sin a chur ar an eolas.
Airteagal 6
Chun an fhéidearthacht theicniúil do rochtain réidh ar sheirbhísí éigeandála dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 4(1) den Rialachán seo a áirithiú, gan dochar do chur chun feidhme Threoir (AE) 2019/882, comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun ceanglais idir-inoibritheachta chomhchoiteanna a shainaithint lena n-éascófar an chumarsáid éigeandála chuig an PSAP is iomchuí trí fheidhmchlár móibíleach áit ar bith san Aontas.
CAIBIDIL 5
Tuairisciú
Airteagal 7
Airteagal 8
Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 5 Márta 2024:
na critéir maidir le cruinneas agus iontaofacht na faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, arna sloinneadh i gcomhréir leis na paraiméadair dá dtagraítear in Airteagal 3,
an modh rochtana ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála a úsáidfidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, lena n-áirítear iad siúd a úsáideann seirbhísí fánaíochta, agus measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le coibhéis fheidhmiúil in Airteagal 5.
CAIBIDIL 6
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 9
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.