Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02017R1369-20210501

Consolidated text: Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1369/2021-05-01

02017R1369 — GA — 01.05.2021 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2017/1369 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2017

lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 198 28.7.2017, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2020/740 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Bealtaine 2020

  L 177

1

5.6.2020




▼B

RIALACHÁN (AE) 2017/1369 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2017

lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  
Sa Rialachán seo, leagtar síos creat a bhfuil feidhm aige maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh (“táirgí”) a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís. Foráiltear leis do lipéadú na dtáirgí sin agus do sholáthar faisnéise caighdeánaí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, le hídiú fuinnimh agus acmhainní eile arna dhéanamh ag táirgí le linn a n-úsáide agus faisnéis fhorlíontach a bhaineann le táirgí, agus a bhuí leis sin, is féidir le custaiméirí táirgí ar éifeachtúla iad ná a mhalairt a roghnú d'fhonn a n-ídiú fuinnimh a laghdú.
2.  

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo a leanas:

(a) 

táirgí athláimhe, ach amháin más táirgíathláimhe iad a allmhairíodh ó thríú tír;

(b) 

modh iompair daoine nó earraí.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “táirge a bhaineann le fuinneamh” nó “táirge” aon earra nó córas ag a bhfuil tionchar ar ídiú fuinnimh le linn a úsáide, a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís, lena n-áirítear páirteanna ag a bhfuil tionchar ar ídiú fuinnimh le linn a úsáide d'aon earra nó córas den sórt sin a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís do chustaiméirí agus a bheartaítear a ionchorprú i dtáirgí;

(2) 

ciallaíonn “grúpa táirgí” grúpa táirgí ag a bhfuil an phríomhfheidhmiúlacht chéanna;

(3) 

ciallaíonn “córas” meascán roinnt earraí a bhfuil feidhm shonrach acu nuair a chuirtear le chéile iad i dtimpeallacht a bhfuil súil léi agus ina bhféadfar ansin an éifeachtúlacht fuinnimh a chinneadh mar eintiteas amháin;

(4) 

ciallaíonn “múnla” leagan de tháirge a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna, atá ábhartha i gcomhair an lipéid agus na bileoige faisnéise faoin táirge, agus an t-aitheantóir múnla céanna, ag gach aonad de;

(5) 

ciallaíonn “aitheantóir múnla” an cód, atá alfa-uimhriúil de ghnáth, lena ndéantar dealú idir múnla sonrach de tháirge agus múnlaí eile arb ionann trádmharc nó ainm ceánna soláthróirí dóibh;

(6) 

ciallaíonn “múnla comhionann” múnla arb ionann na saintréithe teicniúla, atá ábhartha don lipéad, agus an bhileog faisnéise faoin táirge agus saintréithe agus bileog faisnéise múnla eile, a chuireann an soláthróir céanna ar an margadh i seirbhís ach nach ionann an t-aitheantóir múnla;

(7) 

ciallaíonn “cuir ar fáil ar an margadh” táirge a sholáthar lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(8) 

ciallaíonn “cuir ar an margadh” táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(9) 

ciallaíonn “cuir i seirbhís” céadúsáid táirge chun na críche dár ceapadh é ar mhargadh an Aontais;

(10) 

ciallaíonn “monaróir” duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a dhéanann táirge den sórt sin a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin, faoina ainm nó faoina thrádmharc;

(11) 

ciallaíonn “ionadaí údaraithe” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ón monaróir gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;

(12) 

ciallaíonn “allmhaireoir” duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

(13) 

ciallaíonn “déileálaí” miondíoltóir nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile a dhéanann táirgí a dhíol le custaiméirí nó le suiteálaithe, nó a fhruiliú, a thairiscint i gcomhair fruilcheannaigh nó a chur ar taispeáint do chustaiméirí nó do shuiteálaithe, le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh siad ar íocaíocht nó ná bíodh;

(14) 

ciallaíonn “soláthróir” an monaróir atá bunaithe san Aontas, ionadaí údaraithe monaróra nach bhfuil bunaithe san Aontas, nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge ar mhargadh an Aontais;

(15) 

ciallaíonn “ciandíolachán” díol, fruiliú nó fruilcheannach trí phostdíol, trí chatalóg, ar líne, trí theileamhargaíocht nó trí mhodh ar bith eile nuair nach féidir a bheith ag súil leis go bhfeicfeadh an custaiméir ionchasach an táirge ar taispeáint;

(16) 

ciallaíonn “custaiméir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn, a fhruilíonn nó a fhaigheann táirge dá úsáid féin, bíodh sé á dhéanamh chun críocha atá lasmuigh dá shlí maireachtála, gnó, ceird nó gairm féin, nó ná bíodh;

(17) 

ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” an cóimheas idir feidhmíocht aschuir, seirbhís, earraí nó fuinneamh agus ionchur fuinnimh;

(18) 

ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(19) 

ciallaíonn “lipéad” léaráid ghrafach, i bhfoirm chlóite nó leictreonach, lena n-áirítear scála dúnta agus úsáid á baint as na litreacha ó A go G amháin, ina bhfuil gach litir comhfhreagrach d'aicme agus gach aicme comhfhreagrach do choigilteas fuinnimh, i seacht ndath éagsúla ó dhubhuaine go dearg, chun custaiméirí a chur ar an eolas faoi éifeachtúlacht fuinnimh agus ídiú fuinnimh; áirítear ann lipéid athscálaithe agus lipéid ina bhfuil níos lú aicmí agus dathanna i gcomhréir le hAirteagal 11(10) agus (11);

(20) 

ciallaíonn “athscálú” cleachtas lena gcuirtear le déine na riachtanas le haicmiú fuinnimh ar lipéad a bhaint amach i gcás grúpa táirgí ar leith;

(21) 

ciallaíonn “lipéad athscálaithe” lipéad i gcomhair grúpa táirgí ar leith a ndearnadh athscálú air, agus is féidir a dhealú ó lipéid roimh athscálú agus comhchuibheas amhairc agus aireachtála gach lipéid a chaomhnú;

(22) 

ciallaíonn “bileog faisnéise faoi tháirge” doiciméad caighdeánach faisnéise faoi tháirge, i bhfoirm chlóite nó i bhfoirm leictreonach;

(23) 

ciallaíonn “doiciméid theicniúla” doiciméid a bheidh leordhóthanach le go bhféadfaidh údaráis faireachais margaidh measúnú a dhéanamh ar chruinneas lipéid táirge agus bileoige faisnéise faoi tháirge, lena n-áirítear tuarascálacha tástála nó fianaise theicniúil den chineál céanna;

(24) 

ciallaíonn “faisnéis fhorlíontach” faisnéis, mar a shonraítear i ngníomh tarmligthe faoi fheidhmíocht fheidhmiúil agus chomhshaoil a bhaineann le táirge;

(25) 

ciallaíonn “bunachar sonraí táirgí” bailiúchán sonraí a bhaineann le táirge, arna shocrú ar mhodh córasach agus is éard atá ann cuid phoiblí atá dírithe ar thomhaltóirí, ina bhfuil teacht leictreonach ar fhaisnéis a bhaineann le paraiméadair táirgí aonair, tairseach ar líne ar mhaithe le hinrochtaineacht agus cuid a bhaineann le comhlíonadh, lena mbaineann ceanglais inrochtaineachta agus slándála atá sonraithe go soiléir;

(26) 

ciallaíonn “lamháltas fíoraithe” an diallas uasta is inghlactha den tomhas agus de na torthaí ríofa de thástálacha fíoraithe a rinne údaráis faireachais margaidh, nó a rinneadh thar a gceann, i gcomparáid le luachanna na bparaiméadar dearbhaithe nó foilsithe, lena léirítear diallas a thagann as comhathraithe idirshaotharlainne.

Airteagal 3

Oibleagáidí ginearálta soláthróirí

1.  
Maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh, áiritheoidh an soláthróir go mbeidh lipéid chruinne chlóite agus bileoga faisnéise faoi tháirge ag gabháil leo, i gcás gach aonaid aonair, saor in aisce, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe ábhartha.

Mar mhalairt ar an mbileog faisnéise faoi tháirge a sholáthar in éineacht leis an táirge, féadfar foráil a dhéanamh le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 16(3) gur leor don soláthróir paraiméadair bileog faisnéise den sórt sin faoi tháirge a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí. I gcás den sórt sin, soláthróidh an soláthróir an bhileog faisnéise faoi tháirge i bhfoirm chlóite don déileálaí arna iarraidh sin.

Féadfar foráil a dhéanamh le gníomhartha tarmligthe go ndéanfar an lipéad a chló ar phacáistíocht an táirge.

2.  
Seachadfaidh an soláthróir lipéid chlóite, lena n-áirítear lipéid athscálaithe i gcomhréir le hAirteagal 11(13), agus bileoga faisnéise faoi tháirge saor in aisce do na déileálaí, go pras agus ar aon chaoi cúig lá oibre ar a dhéanaí arna iarraidh sin do dhéileálaí.
3.  
Áiritheoidh an soláthróir go bhfuil na lipéid agus na bileoga faisnéise faoi tháirge a sholáthraíonn sé cruinn agus táirgfidh siad doiciméadacht theicniúil ar leor é chun measúnú a dhéanamh ar a gcruinneas.
4.  
A luaithe a chuirtear aonad múnla i seirbhís, iarrfaidh an soláthróir toiliú sainráite ón gcustaiméir i leith aon athruithe a bheartaítear a thabhairt isteach san aonad trí bhíthin nuashonruithe a bheadh chun dochair pharaiméadair lipéad éifeachtúlachta fuinnimh an aonaid sin, mar a leagtar amach iad sa ghníomh tarmligthe ábhartha. Cuirfidh an soláthróir an custaiméir ar an eolas faoi chuspóir an nuashonraithe agus faoi na hathruithe sna paraiméadair, lena n-áirítear aon athrú in aicme an lipéid. Tabharfaidh an soláthróir an rogha don chustaiméir, go ceann tréimhse atá comhréireach le meántréimhse saoil an táirge, diúltú don nuashonrú gan cailleadh inseachanta feidhmiúlachta a bheith mar thoradh air sin.
5.  
Ní chuirfidh an soláthróir táirgí ar an margadh a dheartar sa chaoi go ndéantar feidhmíocht múnla a athrú go huathoibríoch faoi dhálaí tástála agus é mar chuspóir leibhéal níos fabhraí a bhaint amach d'aon cheann de na paraiméadair a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha nó a chuirtear san áireamh in aon cheann de na doiciméid a chuirtear ar fáil leis an táirge.

Airteagal 4

Oibleagáidí soláthróirí i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí

1.  
Amhail ón 1 Eanáir 2019, déanfaidh an soláthróir, sula gcuirtear aonad múnla nua, a chumhdaítear le gníomh tarmligthe ar an margadh, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I a iontráil don mhúnla sin sna codanna poiblí agus sna codanna a bhaineann le comhlíonadh den bhunachar sonraí táirgí.
2.  
I gcás ina gcuirtear aonaid de mhúnlaí atá cumhdaithe le gníomh tarmligthe ar an margadh idir an 1 Lúnasa 2017 agus an 1 Eanáir 2019, déanfaidh an soláthróir, faoin 30 Meitheamh 2019, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí maidir leis na múnlaí sin.

Go dtí iontrála na sonraí sa bhunachar sonraí táirgí, cuirfidh an soláthróir leagan leictreonach den doiciméadacht theicniúil ar fáil lena iniúchadh laistigh de 10 lá tar éis iarraidh a fháil ó údaráis faireachais margaidh nó ón gCoimisiún.

3.  
Maidir le múnlaí, a gcuirtear na n-aonaid díobh ar an margadh go heisiach roimh an 1 Lúnasa 2017, féadfaidh an soláthróir an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí.
4.  
Measfar gur múnla nua é táirge a ndéantar athruithe ina leith atá ábhartha maidir leis an lipéad nó leis an mbileog faisnéise faoi tháirge. Cuirfidh an soláthróir in iúl sa bhunachar sonraí nuair nach gcuireann siad aonaid múnla ar an margadh a thuilleadh.
5.  
Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo maidir le pacáistí téitheoirí dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 811/2013 ón gCoimisiún ( 2 ), Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 812/2013 ón gCoimisiún ( 3 ) agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/1187 ón gCoimisiún ( 4 ), i gcás gur na déileálaithe, agus an déileálaithe amháin, atá freagrach as lipéid a sholáthar do na pacáistí sin.
6.  
Nuair a chuirfear an t-aonad deiridh de mhúnla ar an margadh, coimeádfaidh an soláthróir an fhaisnéis maidir leis an múnla sin sa chuid den bhunachar sonraí táirgí a bhaineann le comhlíonadh go ceann tréimhse 15 bliana. Más ábhartha i ndáil le meántréimhse saoil táirge, féadfar foráil a dhéanamh do tréimhse caomhaontais sonraí níos giorra ná sin de bhun pointe (q) d'Airteagal 16(3). Ní scriosfar an fhaisnéis sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí.

Airteagal 5

Oibleagáidí déileálaithe

1.  

Déanfaidh an déileálaí an méid seo a leanas:

(a) 

taispeánfaidh siad ar dhóigh infheicthe, lena n-áirítear i gcás ciandíolachán ar líne, an lipéad arna sholáthar ag an soláthróir nó arna chur ar fáil i gcomhréir le mír 2 i gcás aonaid múnla a chumhdaítear leis an ngníomh tarmligthe ábhartha; agus

(b) 

an bhileog faisnéise faoi tháirge a chur ar fáil do chustaiméirí, lena n-áirítear i bhfoirm fhisiciúil arna iarraidh sin ag an bpointe díola.

2.  
Más rud é, in ainneoin Airteagal 3(1), nach mbeidh lipéad ag déileálaí, iarrfaidh sé lipéad ón soláthróir i gcomhréir le hAirteagal 3(2).
3.  
Más rud é, in ainneoin Airteagal 3(1), nach mbeidh bileog faisnéise faoi tháirge ag déileálaí, iarrfaidh sé ón soláthróir í i gcomhréir le Airteagal 3(2); nó, má roghnaíonn sé déanamh amhlaidh, cuirfidh sé i gcló í nó déanfaidh sé í a íoslódáil ón mbunachar sonraí táirgí lena taispeáint go leictreonach, más rud é go bhfuil na feidhmeanna sin ar fáil don táirge ábhartha.

Airteagal 6

Na hoibleagáidí eile atá ar sholáthróirí agus ar dhéileálaithe

Déanfaidh an soláthróir agus an déileálaí an méid seo a leanas:

(a) 

déanfaidh siad tagairt d'aicme éifeachtúlachta an táirge agus do réimse na n-aicmí éifeachtúlachta atá ar fáil ar an lipéad i bhfógraí amhairc nó ábhar teicniúil chun múnla sonrach a chur chun cinn i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe ábhartha;

(b) 

comhoibreoidh siad le húdaráis faireachais margaidh agus gníomhóidh siad gan mhoill chun aon chás de neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe ábhartha a thagann faoina gcúraim a leigheas, ar a dtionscnamh féin nó nuair a éileoidh údaráis faireachais margaidh orthu déanamh amhlaidh;

(c) 

ní dhéanfaidh siad, i gcás táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe, lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile a sholáthar ná a chur ar taispeáint nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo ná na ngníomhartha tarmligthe ábhartha, más dóchúil go gcuirfidh siad custaiméirí ar míthreoir nó go gcuirfidh siad mearbhall orthu maidir leis an ídiú fuinnimh nó ídiú acmhainní eile le linn a úsáide nó le linn a n-úsáide;

(d) 

i gcás táirgí nach gcumhdaítear le gníomhartha, ní sholáthróidh siad lipéid ná ní chuirfidh siad lipéid ar taispeáint má dhéanann siad aithris ar na lipéid, dá bhforáiltear faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha;

(e) 

i gcás táirgí nach mbaineann le fuinneamh, ní sholáthróidh siad lipéid ná ní chuirfidh siad lipéid ar taispeáint má dhéanann siad aithris ar na lipéid dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó i ngníomhartha tarmligthe.

Ní dhéanfaidh pointe (d) sa chéad fomhír difear ar na lipéid dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, mura bhforáiltear do na lipéid sin i ngníomhartha tarmligthe.

Airteagal 7

Oibleagáidí na mBallstát

1.  
Ní chuirfidh na Ballstáit bac ar tháirgí, atá i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe ábhartha, a chur ar an margadh nó i seirbhís, laistigh dá gcríocha.
2.  
I gcás ina dtabharfaidh na Ballstáit dreasachtaí i gcomhair táirge a shonraítear i ngníomh tarmligthe, is ar an dá aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde a úsáidtear ar bhealach suntasach, nó ar aicmí is airde ná sin, a bheidh na dreasachtaí sin dírithe, mar a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe sin.
3.  
Nuair a dhéanfar lipéid a thabhairt isteach agus lipéid a athscálú, áiritheoidh na Ballstáit go reáchtáiltear feachtais faisnéise oideachasúla agus fógraíochta maidir le lipéadú fuinnimh, más iomchuí, i gcomhar le soláthróirí agus le déileálaithe. Tacóidh an Coimisiún le comhar agus le dea-chleachtais a mhalartú i ndáil leis na feachtais sin, lena n-áirítear trí phríomhtheachtaireachtaí coiteanna a mholadh.
4.  
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis agus sásraí forfheidhmithe a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialacháin seo agus ar na gníomhartha tarmligthe, agus glacfaidh siad na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Maidir le rialacha lena gcomhlíontar ceanglais Airteagal 15 de Threoir 2010/30/AE, measfar go gcomhlíontar leo ceanglais na míre seo maidir le pionóis.

Faoin 1 Lúnasa 2017, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír nár tugadh fógra ina leith roimhe sin agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.

Airteagal 8

Faireachas an Aontais ar an margadh agus rialú ar tháirgí a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais

1.  
Beidh feidhm ag Airteagal 16 go hAirteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le táirgí a chumhdaítear faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha.
2.  
Spreagfaidh an Coimisiún comhar agus malartú faisnéise faoi fhaireachas margaidh ar lipéadú fuinnimh maidir le táirgí, agus tacóidh sé leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise sin idir údaráis náisiúnta na mBallstát a bhfuil faireachas margaidh de chúram orthu nó atá i gceannas ar rialú táirgí a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais agus idir iad agus an Coimisiún, inter alia trí pháirt níos mó a thabhairt do AdCos um Éicidhearthóireacht agus um Lipéadú Fuinnimh.

Déanfar na malartuithe faisnéise sin freisin nuair a thugtar le fios le torthaí tástála go gcomhlíonann an táirge an Rialachán seo agus an gníomh tarmligthe ábhartha.

3.  
Áireofar i gcláir ghinearálta um fhaireachas margaidh nó i gcláir earnáilsonracha na mBallstát a bhunaítear de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 gníomhaíochtaí forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le hAdCos um Éicidhearthóireacht um Lipéadú Fuinnimh, treoirlínte a fhorbairt chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir leis na cleachtais is fearr i ndáil le tástáil táirgí agus comhroinnt faisnéise idir na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh agus an Coimisiún.
5.  
Beidh an ceart ag údaráis faireachais margaidh na costais a bhaineann le doiciméid a iniúchadh agus le tástáil fhisiciúil a dhéanamh ar tháirgí a aisghabháil ó sholáthróir i gcás neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo nó na ngníomhartha tarmligthe ábhartha.

Airteagal 9

Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le táirgí a bhfuil riosca ag roinnt leo

1.  
I gcás ina mbeidh údar leordhóthanach ag na húdaráis faireachais margaidh i mBallstát amháin lena mheas go bhfuil riosca maidir le gnéithe de chosaint an leasa phoiblí ag roinnt le táirge a chumhdaítear faoin Rialachán seo, amhail gnéithe den chosaint comhshaoil agus den chosaint do thomhaltóirí, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an táirge ábhartha ina gcumhdaítear na ceanglais faoi lipéadú fuinnimh atá ábhartha don riosca agus a leagtar síos sa Rialachán seo nó sa ghníomh tarmligthe ábhartha. Comhoibreoidh soláthróirí agus déileálaithe de réir mar is gá leis na húdaráis faireachais margaidh chun chríoch na meastóireachta sin.
2.  
I gcás ina bhfionnfaidh na húdaráis faireachais margaidh, le linn na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó sa ghníomh tarmligthe ábhartha á gcomhlíonadh ag an táirge sin, ceanglóidh siad gan mhoill ar an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, ar an déileálaí na bearta ceartaitheacha uile is iomchuí a dhéanamh ionas go mbeidh an táirge i gcomhréir leis na ceanglais sin, i gcás inarb iomchuí, chun an táirge a tharraingt siar ón margadh nó, i gcás inarb iomchuí, é a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnach a bheidh i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann, de réir mar a fhorordóidh siad.

Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa mhír seo.

3.  
I gcás ina measfaidh na húdaráis faireachais margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh amhail dá dtagraítear i mír 2 srianta dá gcríoch náisiúnta féin, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh thorthaí na meastóireachta agus i dtaobh na ngníomhaíochtaí a chuir siad de cheangal ar an soláthróir nó ar an déileálaí.
4.  
Áiritheoidh an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, an déileálaí go ndéanfar gach gníomhaíocht cheartaitheach nó shriantach is iomchuí i gcomhréir le mír 2 maidir leis na táirgí uile lena mbaineann a chuir siad ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.
5.  
I gcás nach ndéanfaidh an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, an déileálaí gníomhaíocht cheartaitheach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh gach beart sealadach is iomchuí chun an táirge a thoirmeasc nó a shrianadh ó bheith á chur ar fáil ar an margadh náisiúnta acu, chun an táirge a tharraingt siar ón margadh sin; nó chun é a aisghairm.
6.  

Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na mbeart arna nglacadh de bhun mír 5 gan mhoill. Folófar na sonraí uile atá ar fáil san fhaisnéis sin go háirithe;

(a) 

na sonraí is gá chun an táirge neamhchomhlíontach a shainaithint;

(b) 

ionad tionscnaimh an táirge;

(c) 

cineál an neamhchomhlíonta atá líomhnaithe agus an riosca a bhaineann leis;

(d) 

cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a ríomh an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, an déileálaí.

Go háirithe, tabharfaidh an t-údarás faireachais margaidh le fios an toradh é an neamhchomhlíonadh ar mhainneachtain an táirge ceanglais a chomhlíonadh i ndáil le gnéithe de chosaint leas an phobail a leagtar síos sa Rialachán seo nó an toradh é ar easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 13 lena mbronntar toimhde comhréireachta air.

7.  
Déanfaidh na Ballstáit seachas an Ballstát a chuir tús leis an nós imeachta an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon bhearta a glacadh agus maidir le haon fhaisnéis bhreise a mbeidh fáil acu uirthi a bhaineann le neamhchomhlíonadh ar thaobh an táirge lena mbaineann agus, i gcás nach n-aontóidh siad leis an mbeart náisiúnta ar tugadh fógra faoi, maidir lena gcuid agóidí freisin.
8.  
Más rud é, laistigh de 60 lá tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 6 a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid maidir le beart sealadach a rinne Ballstát, measfar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart sin.
9.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí, amhail an táirge a tharraingt siar óna margadh féin, i ndáil leis an táirge lena mbaineann agus an méid sin a dhéanamh gan mhoill.

Airteagal 10

Nós imeachta cosanta an Aontais

1.  
Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9(4) agus (5) a thabhairt chun críche, go ndéanfar agóidí i gcoinne beart a rinne Ballstát, nó más rud é go measfaidh an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do dhlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis an Ballstát agus leis an soláthróir nó, i gcás inarb iomchuí, leis an déileálaí agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta.

Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme an bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil agus féadfaidh sé beart malartach iomchuí a mholadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

2.  
Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé in iúl dóibh é, agus don soláthróir nó don déileálaí lena mbaineann, gan mhoill.
3.  
Má mheastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an táirge neamhchomhlíontach siar óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.
4.  
I gcás ina measfar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta agus ina ndéanfar neamhchomhlíonadh an táirge a chur síos d'easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 9(6) den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a chur i bhfeidhm.
5.  
Bearta ceartaitheacha nó bearta sriantacha de bhun Airteagal 9(2), (4), (5) nó (9), nó Airteagal 10(3), leathnófar iad chuig gach aonad de mhúnla neamhchomhlíontach agus dá mhúnlaí coibhéiseacha, ach amháin na haonaid sin a dtaispeánann an soláthróir ina leith go bhfuil siad comhlíontach.

Airteagal 11

Nós imeachta maidir le lipéid a thabhairt isteach agus a athscálú

1.  
Maidir leis na grúpaí táirgí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, déanfaidh an Coimisiún athscálú ar lipéid a bhí i bhfeidhm ar an 1 Lúnasa 2017 faoi réir mhír 4 agus mhír 5 agus mhíreanna 8 go 12.

De mhaolú ar an gceanglas coigilteas suntasach fuinnimh agus costais a leagtar amach in bpointe (b) d'Airteagal 16(3) a bhaint amach, i gcás nach bhféadfar an coigilteas sin a bhaint amach le hathscálú, áiritheoidh sé scála A go G aonchineálach ar a laghad.

2.  
I gcás nach ann do lipéad le haghaidh grúpa táirgí an1 Lúnasa 2017, féadfaidh an Coimisiún, faoi réir mhír 8 go mír 12, lipéid a thabhairt isteach.
3.  
Féadfaidh an Coimisiún lipéid a athscálú tuilleadh atá athscálaithe i gcomhréir le mír 1 nó a tugadh isteach i gcomhréir le mír 2 a athscálú tuilleadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó (b) de mhír 6, agus faoi réir mhír 8 go mír 12.
4.  
D'fhonn scála A go G aonchineálach a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, faoin 2 Lúnasa 2023, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo d'fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí lipéid athscálaithe A go G a thabhairt isteach do ghrúpaí táirgí arna gcumhdach ag gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Threoir 2010/30/AE agus é mar aidhm leis sin an lipéad athscálaithe a thaispeáint i siopaí agus ar líne araon, 18 mí i ndiaidh teacht i bhfeidhm na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.

Agus ord na ngrúpaí táirgí a bheidh le hathscálú á chinneadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cion na dtáirgí sna haicmí is airde.

5.  

De mhaolú ar mhír 4, déanfaidh an Coimisiún:

(a) 

athbhreithnithe a thíolacadh ar na grúpaí táirgí a chumhdaítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 811/2013 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 812/2013 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/1187 faoin 2 Lúnasa 2025, d'fhonn iad a athscálú, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé, faoin 2 Lúnasa 2026, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo d'fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí lipéid athscálaithe A go G a thabhairt isteach.

Ar chaoi ar bith, glacfar na gníomhartha tarmligthe lena dtabharfar isteach lipéid athscálaithe A go G tráth nach déanaí ná an 2 Lúnasa 2030.

(b) 

faoin 2 Samhain 2018, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo d'fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí lipéid athscálaithe A go G a thabhairt isteach do ghrúpaí táirgí a chumhdaítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún ( 5 ), Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún ( 6 ), Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún ( 7 ), Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2010 ón gCoimisiún ( 8 ) agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún ( 9 ) agus Treoir 96/60/CE agus é mar aidhm leo an lipéad athscálaithe a thaispeáint i siopaí agus ar líne araon, 12 mhí tar éis dóibh teacht i bhfeidhm.

6.  

Maidir leis na táirgí a d'fhéadfadh an Coimisiún a gcuid lipéad a athscálú tuilleadh i gcomhréir le mír 3, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an lipéad d'fhonn é a athscálú má mheasann sé an méid seo a leanas:

(a) 

go bhfuil 30 % d'aonaid na múnlaí ar cuid de ghrúpa táirgí iad a dhíoltar laistigh de mhargadh an Aontais laistigh d'aicme A, an aicme éifeachtúlachta fuinnimh is fearr, agus gur féidir a bheith ag súil lena thuilleadh forbartha teicneolaíochta; nó

(b) 

go bhfuil 50 % d'aonaid na múnlaí ar cuid de ghrúpa táirgí iad a dhíoltar laistigh de mhargadh an Aontais laistigh d'aicme éifeachtúlachta fuinnimh A agus aicme B, an dá aicme is fearr, agus gur féidir a bheith ag súil lena thuilleadh forbartha teicneolaíochta.

7.  
Déanfaidh an Coimisiún staidéar athbhreithnithe má mheasann sé go gcomhlíontar coinníollacha phointe (a) nó (b) de mhír 6.

Más rud é, i gcás grúpa sonrach táirgí, nach gcomhlíontar na coinníollacha sin laistigh d'ocht mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe ábhartha, sainaithneoidh an Coimisiún cé acu bacainní, más ann dóibh, a chuir cosc ar an lipéad a ról a chomhlíonadh.

I gcás lipéid nua, déanfaidh sé staidéar ullmhúcháin bunaithe ar an liosta táscach de ghrúpaí táirgí a leagtar amach sa phlean oibre.

Cuirfidh an Coimisiún bailchríoch ar a staidéar athbhreithnithe cuirfidh sé na torthaí agus, i gcás inarb iomchuí, dréachtghníomh tarmligthe faoi bhráid an Fhóraim Comhairliúcháin faoi cheann 36 mhí den meastachán arna ndéanamh ag an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) de mhír 6 á chomhlíonadh. Pléifidh an Fóram Comhairliúcháin an staidéar athbhreithnithe agus an meastachán.

8.  
Nuair a dhéantar lipéad a thabhairt isteach nó a athscálú, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeifear ag súil go mbeidh aon táirge in aicme fuinnimh A tráth a dtabharfar isteach an lipéad sa dóigh gur 10 mbliana ar a laghad an tréimhse a thógfaidh sé, mar a mheastar, gur laistigh den tréimhse sin a chuimseofar formhór na múnlaí san aicme sin.
9.  
De mhaolú ar mhír 8, i gcás ina bhfuiltear ag súil le forbairt teicneolaíochta níos gasta, leagfar síos ceanglais ionas nach mbeifear ag súil go mbeidh táirgí in aicme fuinnimh A ná in aicme fuinnimh B tráth a dtabharfar an lipéad isteach.
10.  
Más rud é nach ceadmhach, i gcás grúpa táirgí ar leith, aon mhúnlaí ar d'aicme E, d'aicme F nó d'aicme G iad a chur ar an margadh nó i seirbhís a thuilleadh de thoradh beart cur chun feidhme maidir le héicidhearthóireacht arna ghlacadh de bhun Threoir 2009/125/CE, léireofar le dath liath ar an lipéad an aicme nó na haicmí sin mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha. Ní bheidh feidhm ag an lipéad le dath liath ar na haicmí ach amháin maidir le haonaid nua táirge a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís.
11.  
I gcás ina mbeidh sé dodhéanta, ar chúiseanna teicniúla, seacht n-aicme fuinnimh a shainiú lena dtabharfaí coigilteas suntasach fuinnimh agus costais ó thaobh an chustaiméara de, féadfar níos lú aicmí a chuimsiú faoin lipéad, de mhaolú ar phointe (14) d'Airteagal 2. I gcásanna den sórt sin, déanfar an speictream dúghlas go dearg den lipéad a choinneáil.
12.  
Feidhmeoidh an Coimisiún na cumhachtaí agus na hoibleagáidí a thugtar dó leis an Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 16.
13.  

I gcás ina ndéanfar lipéad a athscálú de bhun mhír 1 nó mhír 3:

(a) 

déanfaidh an soláthróir, agus táirge á gcur ar an margadh acu, na lipéid atá ann cheana agus na lipéid athscálaithe agus na bileoga faisnéise faoin táirge a chur ar fáil do dhéileálaithe go ceann tréimhse ag tosú ceithre mhí roimh an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den phointe seo, má éilíonn an lipéad atá ann cheana agus an lipéad athscálaithe go ndéanfar tástáil éagsúil ar an múnla, féadfaidh soláthróirí a roghnú gan an lipéad atá ann cheana a sholáthar le haonaid múnlaí a chuirtear ar an margadh nó i seirbhís le linn na tréimhse cheithre mhí roimh an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint, mura ndearnadh aonaid ar cuid den mhúnla céanna nó de mhúnlaí coibhéiseacha iad a chur ar an margadh roimh thús na tréimhse ceithre mhí. Sa chás sin, ní tháirgfidh déileálaí na haonaid sin chun a ndíolta roimh an dáta sin. Déanfaidh an soláthróir fógra faoin iarmhairt sin a thabhairt don déileálaí lena mbaineann a luaithe is féidir, lena n-áirítear nuair a chuireann sé na haonaid sin san áireamh sna tairiscintí a dhéanann sé do dhéileálaithe.

(b) 

déanfaidh an soláthróir, i gcás táirgí a chuirtear ar an margadh nó i seirbhís roimh an tréimhse ceithre mhí, an lipéad athscálaithe a sheachadadh arna iarraidh sin don dhéileálaí i gcomhréir le hAirteagal 3(2) amhail ó thús na tréimhse sin. I gcás na dtáirgí sin, gheobhaidh an déileálaí lipéad athscálaithe i gcomhréir le hAirteagal 5(2).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den phointe seo:

(i) 

déileálaí nach féidir leis lipéad athscálaithe a fháil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den phointe seo i gcás aonaid atá i stoc acu cheana, nach féidir leis lipéad athscálaithe a fháil toisc gur scoir an soláthróir dá ghníomhaíochtaí, ceadófar dóibh na haonaid sin a dhíol go heisiach leis an lipéad neamh-athscálaithe go dtí naoi mí tar éis an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint; nó

(ii) 

má éilíonn an lipéad neamh athscálaithe agus an lipéad athscálaithe go ndéanfar tástáil éagsúil ar an múnla, díolmhófar an soláthróir ón gceanglas lipéad athscálaithe a sholáthar i gcás aonaid a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís roimh an tréimhse ceithre mhí, mura ndéantar aon aonaid ar cuid den mhúnla céanna nó de mhúnlaí coibhéiseacha iad a chur ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís tar éis thús na tréimhse ceithre mhí. Sa chás sin, ceadófar don déileálaí na haonaid sin a dhíol go heisiach leis an lipéad neamh-athscálaithe go dtí naoi mí tar éis an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint.

(c) 

déanfaidh an déileálaí, laistigh de 14 lá oibre tar éis an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint, déanfaidh siad na lipéid athscálaithe a chur in ionad na lipéad atá ann cheana ar tháirgí atá ar taispeáint, i siopaí agus ar líne. Ní dhéanfaidh an déileálaí na lipéid athscálaithe a chur ar taispeáint roimh an dáta sin.

De mhaolú ar phointe (a), (b) agus (c) den mhír seo, féadfar foráil, le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 16(3), do rialacha sonracha le haghaidh lipéid clóite fuinnimh ar an bpacáistíocht.

Airteagal 12

Bunachar sonraí táirgí

1.  
Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí táirgí a chur ar bun agus a choinneáil ina mbeidh cuid phoiblí, cuid a bhaineann le comhlíonadh agus tairseach ar líne lena dtabharfar rochtain ar an dá chuid sin.

Ní chuirfear an bunachar sonraí táirgí in ionad fhreagrachtaí na n-údarás faireachais margaidh ná ní mhodhnaítear iad leis.

2.  

Is chun na gcríoch seo a leanas a bheidh an bunachar sonraí táirgí:

▼M1

(a) 

tacú le húdaráis faireachais margaidh na cúraimí atá orthu faoin Rialachán seo agus faoi na gníomhartha tarmligthe ábhartha a chur i gcrích, lena n-áirítear an céanna a fhorfheidhmiú, agus faoi Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 );

▼B

(b) 

faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh agus, a lipéid fuinnimh agus a mbileoga faisnéise faoin táirge;

(c) 

faisnéis faoi éifeachtúlacht fuinnimh táirgí atá cothrom le dáta a chur ar fáil don Choimisiún le haghaidh lipéid fuinnimh a athbhreithniú;

3.  
Beidh sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí agus sa tairseach ar líne an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe 1 agus i bpointe 2 faoi seach d'Iarscríbhinn I, agus a chuirfear ar fáil don phobal. Comhlíonfaidh an chuid phoiblí den bhunachar sonraí na critéir i mír 7 den Airteagal seo agus na critéir fheidhmiúla a leagtar amach i bpointe 4 d'Iarscríbhinn I.
4.  
Is ag na húdaráis faireachais margaidh agus ag an gCoimisiún amháin a bheidh rochtain ar an gcuid den bhunachar sonraí táirgí a bhaineann le comhlíonadh agus ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe 3 d'Iarscríbhinn I, lena n-áirítear na codanna sonracha den doiciméadacht theicniúil amhail dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Comhlíonfaidh an chuid a bhaineann le comhlíonadh na critéir i mír 7 agus i mír 8 den Airteagal seo agus na critéir fheidhmiúla a leagtar amach i bpointe 4 d'Iarscríbhinn I.
5.  

Na codanna sonracha éigeantacha den doiciméadacht theicniúil a iontrálfaidh an soláthróir sa bhunachar sonraí, ní chumhdófar iontu ach amháin:

(a) 

cur síos ginearálta ar an múnla, ar leor é chun an múnla a shainaithint go soiléir agus go héasca;

(b) 

tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm nó do chaighdeáin tomhais eile a úsáidtear;

(c) 

réamhchúraimí sonracha a ghlacfar nuair a dhéantar an múnla a chóimeáil, a shuiteáil, a chothabháil nó a thástáil;

(d) 

paraiméadair thomhaiste theicniúla an mhúnla;

(e) 

na ríomhanna a dhéantar leis na paraiméadair thomhaiste;

(f) 

coinníollacha tástála mura ndéantar cur síos leordhóthanach orthu i bpointe (b).

Ina theannta sin, féadfaidh an soláthróir codanna breise den doiciméadacht a uaslódáil sa bhunachar sonraí ar bhonn deonach.

6.  
Maidir le sonraí seachas iad sin a shonraítear i mír 5 nó nach bhfuil ar fáil sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí, nuair a bheadh gá ag údaráis faireachais margaidh agus/nó ag an gCoimisiún leo chun a gcúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo, beidh siad in ann na sonraí sin a fháil ón sholáthróir arna iarraidh sin.
7.  

Bunófar an bunachar sonraí táirgí i gcomhréir le na critéir seo a leanas:

(a) 

íoslaghdú an ualaigh riaracháin ar an soláthróir agus ar úsáideoirí eile an bhunachair sonraí;

(b) 

so-láimhsitheacht don úsáideoir agus cost-éifeachtacht; agus

(c) 

seachaint uathoibríoch clárú iomarcach.

8.  

Bunófar an chuid sin den bhunachar sonraí a bhaineann le comhlíonadh i gcomhréir le na critéir seo a leanas:

(a) 

cosaint ar úsáid neamhbheartaithe agus coimirciú faisnéise rúnda trí bhíthin socruithe dochta slándála;

(b) 

cearta rochtana bunaithe ar an bprionsabal “ar bhonn riachtanais eolais”;

(c) 

próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le Treoir 95/46/CE, de réir mar is infheidhme;

(d) 

teorainn a chur leis an rochtain ar shonraí ina raon feidhme ionas go gcuirfear cosc ar chóipeáil tacar móra sonraí;

(e) 

inrianaitheacht an rochtain ar shonraí don soláthróir a mhéid a bhaineann lena ndoiciméadacht theicniúil.

9.  
Na sonraí sa chuid sin den bhunachar sonraí a bhaineann le comhlíonadh, caithfear leo i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún ( 11 ). Go háirithe, beidh feidhm ag na socruithe sonracha cibearshlándála i gCinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ( 12 ) ón gCoimisiún agus ag a rialacha cur chun feidhme. Léireofar sa leibhéal rúndachta an díobháil iarmhartach a thagann as nochtadh na sonraí do dhaoine neamhúdaraithe.
10.  
Beidh rochtain agus cearta eagarthóireachta ag an soláthróir ar an bhfaisnéis a chuir sé sa bhunachar sonraí táirgí de bhun Airteagal 4(1) agus (2). Coimeádfar taifead ar na hathruithe a rinneadh ag dul siar, chun críocha faireachais margaidh, agus taifead á choinneáil ar na dátaí a ndearnadh eagarthóireacht orthu, má rinneadh.
11.  
Na custaiméirí sin a bhaineann úsáid as an gcuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí, beidh siad in ann an aicme fuinnimh is fearr do gach grúpa táirgí a shainaithint go héasca agus ar an gcaoi sin beidh siad in ann saintréithe na múnlaí a chur i gcomparáid agus na táirgí is mó éifeachtúlacht fuinnimh acu a roghnú.
12.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, mionsonraí oibríochta an bhunachair shonraí táirgí a shonrú. Tar éis dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 14, glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Airteagal 13

Caighdeáin chomhchuibhithe

1.  
Tar éis gníomh tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo ina socraítear ceanglais shonracha maidir le lipéadú, foilseoidh an Coimisiún, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcomhlíontar na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa den ghníomh tarmligthe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.  
I gcás ina gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe sin i bhfeidhm le linn measúnú comhréireachta táirge, measfar go bhfuil na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa den ghníomh tarmligthe á gcomhlíonadh ag an múnla.
3.  
Beidh sé mar aidhm leis na caighdeáin chomhchuibhithe ionsamhlú a dhéanamh ar an bhfíorúsáid, a mhéid is féidir, agus gnáthmhodh tástála á choinneáil ag an am céanna. Thairis sin, cuirfear san áireamh leis na modhanna tástála na costais ghaolmhara don tionscal agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).
4.  
Na modhanna tomhais agus ríofa arna áireamh leis na caighdeáin chomhchuibhithe, beidh siad iontaofa, beacht agus in-athchruthaithe, agus beidh siad ag teacht le ceanglais Airteagal 3(4) agus (5).

Airteagal 14

Fóram Comhairliúcháin

(1)  
Déanfaidh an Coimisiún, agus é i mbun a ghníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, a áirithiú maidir le gach gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 16 agus gach gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal12(12) den Rialachán seo, go mbeidh cothromaíocht ann i dtaobh rannpháirteachas ionadaithe na mBallstát agus páirtithe leasmhara a bhaineann leis an ngrúpa táirgí i gceist, amhail lucht tionscail, lena n-áirítear FBManna agus lucht tionscail cheirde, ceardchumainn, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí, grúpaí cosanta an chomhshaoil agus eagraíochtaí tomhaltóirí. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún Fóram Comhairliúcháin ar bun ina dtiocfaidh na páirtithe sin le chéile. Déanfar an Fóram Comhairliúcháin a chomhcheangal leis an bhFóram Comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18 de Threoir 2009/125/CE.
(2)  
Más iomchuí, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú, déanfaidh an Coimisiún dearadh agus inneachar na lipéad i gcomhair grúpaí táirgí sonracha a thástáil le grúpaí ionadaíocha de chustaiméirí an Aontais lena n-áirithiú go bhfuil na lipéid sothuigthe dóibh.

Airteagal 15

Plean oibre

Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14, plean oibre fadtéarmach a bhunú a chuirfear ar fáil go poiblí. Leagfar amach sa phlean oibre liosta táscach de ghrúpaí táirgí a mheastar a bheith ina dtosaíochtaí maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Leagfar amach sa phlean oibre freisin pleananna maidir le hathbhreithniú agus le hathscálú na lipéad do ghrúpaí táirgí i gcomhréir le hAirteagal 11(4) agus (5), seachas athscálú ar lipéid a bhí i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2017 ar athscálú é dá bhforáiltear in Airteagal 11 den Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún an plean oibre a nuashonrú go tréimhsiúil tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin. Féadfar an plean oibre a chomhcheangal leis an bplean oibre a cheanglaítear faoi Airteagal 16 de Threoir 2009/125/CE agus déanfar é a athbhreithniú gach trí bliana.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ar bhonn bliantúil maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an plean oibre.

Airteagal 16

Gníomhartha tarmligthe

1.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais mhionsonraithe a bhunú i ndáil le lipéid i gcomhair grúpaí táirgí.
2.  

Sonrófar sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 grúpaí táirgí a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a) 

de réir na bhfigiúirí is déanaí dá bhfuil ar fáil agus i bhfianaise na gcainníochtaí a chuirtear ar mhargadh an Aontais, beidh acmhainneacht shuntasach sa ghrúpa táirgí fuinneamh, agus acmhainní eile más ábhartha, a shábháil;

(b) 

laistigh den ghrúpa táirgí, beidh difear suntasach sna leibhéil feidhmíochta ábhartha idir múnlaí a bhfuil feidhmiúlacht chomhionann acu;

(c) 

ní bheidh aon tionchar diúltach suntasach ó thaobh inacmhainneacht agus chostas saolré an ghrúpa táirgí de;

(d) 

i gcás ina dtugtar isteach ceanglais maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh grúpa táirgí, ní bheidh tionchar diúltach suntasach aige ar fheidhmiúlacht an táirge le linn úsáide;

3.  

Sonrófar i ngníomhartha tarmligthe a bhaineann le grúpaí táirgí sonracha na nithe seo a leanas go háirithe:

(a) 

sainmhíniú ar an ngrúpa táirgí sonracha a thagann faoin sainmhíniú ar “táirge a bhaineann le fuinneamh” a leagtar amach i bpointe 1 d'Airteagal 2 atá le cumhdach leis na ceanglais mhionsonraithe maidir le lipéadú;

(b) 

dearadh agus inneachar an lipéid, lena n-áirítear scála A go G a léireoidh an t-ídiú fuinnimh; chomh fada agus is féidir beidh saintréithe deartha aonfhoirmeacha ag an scála sin do gach grúpa táirgí agus i ngach cás beidh sé soiléir soléite. Freagróidh céimeanna A go G den aicmiú do choigiltis shuntasacha fuinnimh agus costais agus dealú iomchuí idir táirgí ó thaobh an chustaiméara de. Sonrófar iontu freisin an chaoi a léireofar céimeanna A go G den aicmiú, agus i gcás inarb infheidhme an t-ídiú fuinnimh, in áit fheiceálach ar an lipéad;

(c) 

más iomchuí, úsáid acmhainní eile agus faisnéis fhorlíontach faoin táirge, aibhseoidh an lipéad éifeachtúlacht fuinnimh an táirge sa chás sin. Beidh an fhaisnéis fhorlíontach soiléir agus ní bheidh tionchar diúltach aici ar intuigtheacht shoiléir agus ar éifeachtacht an lipéid ina iomláine i dtaca leis na custaiméirí. Beidh sí bunaithe ar shonraí a bhaineann le saintréithe fisiceacha táirge a bheidh údaráis faireachais margaidh in ann a thomhas agus a fhíorú;

(d) 

i gcás inarb iomchuí, tagairt a chur isteach ar an lipéad lena bhféadfaidh custaiméirí táirgí fuinnimh chliste a shainaithint, is é sin táirgí atá in ann a bpatrúin tomhaltais a athrú go huathoibríoch agus a bharrfheabhsú mar fhreagairt do spreagadh seachtrach (amhail comharthaí ó nó trí chóras lárnach bainistithe fuinnimh baile, ó chomharthaí praghais, ó chomharthaí rialaithe díreacha, ó thomhas áitiúil agus tríothu sin) nó in ann seirbhísí eile a chur ar fáil lena méadaítear éifeachtúlacht fuinnimh agus glacadh fuinnimh in-athnuaite, chun go bhfeabhsófar an tionchar comhshaoil a bhainfidh le húsáid fuinnimh ar fud an chórais iomlán fuinnimh;

(e) 

na suíomhanna ina mbeidh an lipéad ar taispeáint, amhail ceangailte d'aonad an táirge in áit nach ndéanfar damáiste dó, clóite ar an bpacáistíocht, tugtha i bhformáid leictreonach nó ar taispeáint ar líne, agus ceanglais Airteagal 3(1), agus na himpleachtaí do custaiméirí, do sholáthróirí agus do dhéileálaithe á gcur san áireamh;

(f) 

i gcás inarb iomchuí, modhanna leictreonacha le táirgí a lipéadú;

(g) 

an dóigh ina gcuirfear ar fáil an lipéad agus an bhileog faisnéise faoin táirge i gcás ciandíolacháin;

(h) 

an t-inneachar riachtanach agus, i gcás inarb iomchuí, an fhormáid agus mionsonraí eile a bhaineann leis an mbileog faisnéise faoin táirge agus faoin doiciméadacht theicniúil, lena n-áirítear an deis paraiméadair na bileoige faisnéise faoin táirge a iontráil sa bhunachar sonraí i gcomhréir le hAirteagal 3(1);

(i) 

na lamháltais fíorúcháin a bheidh le húsáid ag na Ballstáit agus comhlíonadh na gceanglas á fhíorú acu;

(j) 

an chaoi a gcuimseofar an aicme fuinnimh agus réimse na n-aicmí éifeachtúlachta atá ar fáil ar an lipéad i bhfógraí amhairc agus in ábhar fógraíochta teicniúil, lena n-áirítear inléiteacht agus infheictheacht;

(k) 

na modhanna tomhais agus na modhanna ríofa dá dtagraítear in Airteagal 13, a úsáidfear chun faisnéis na bileoige faisnéise faoin lipéad agus faoin táirge a chinneadh, lena n-áirítear an sainmhíniú ar an innéacs eifeachtúlachta fuinnimh (EEI), nó paraiméadar coibhéiseach;

(l) 

cé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá, i gcás fearais mhóra, le leibhéal níos airde éifeachtúlachta fuinnimh chun aicme fuinnimh ar leith a bhaint amach;

(m) 

formáid aon tagairtí breise ar an lipéad lenar féidir le custaiméirí rochtain a fháil go leictreonach ar fhaisnéis níos mionsonraithe faoi fheidhmíocht an táirge mar a luaitear ar an mbileog faisnéise faoin táirge. D'fhéadfadh formáid na dtagairtí sin a bheith i bhfoirm seoladh suímh gréasáin, cód dinimiciúil mearfhreagartha (cód QR), nasc ar lipéid ar líne nó aon mhodh oiriúnach eile a dhírítear ar an tomhaltóir;

(n) 

an chaoi a ndéanfar i gcás inarb iomchuí” na haicmí fuinnimh a léiríonn ídiú fuinnimh an táirge le linn a úsáide a léiriú ar thaispeáint idirghníomhach an táirge;

(o) 

an dáta le meastóireacht a dhéanamh agus, le hathbhreithniú a dhéanamh ina dhiaidh sin, ar an ngníomh tarmligthe;

(p) 

i gcás inarb iomchuí, difríochtaí i bhfeidhmíochtaí fuinnimh i réigiúin éagsúla aeráide;

(q) 

maidir leis an gceanglas faisnéis a choinneáil sa chuid den bhunachar sonraí a bhaineann le comhlíonadh in Airteagal 4(6), tréimhse choinneála sonraí is lú ná 15 bliana, i gcás inarb iomchuí i gcoibhneas le meántréimhse saoil an táirge.

4.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe ar leithligh i ndáil le gach grúpa sonrach táirgí. Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le huainiú don ghníomh tarmligthe a ghlacadh i gcás grúpa sonrach táirgí, ní chuirfidh sé moill ar an nglacadh ar chúinsí a bhaineann le gníomh tarmligthe a ghlacadh i ndáil le grúpa sonrach táirgí eile, seachas i gcás eisceachtúil a bhfuil bonn leis.
5.  
Coinneoidh an Coimisiún fardal uasdátaithe de na gníomhartha tarmligthe ábhartha uile agus de na bearta lena bhforbraítear Treoir 2009/125/CE freisin, lena n_áirítear tagairtí iomlána do na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha uile.

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11(4) agus (5) agus in Airteagal 16 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse sé bliana ón 1 Lúnasa 2017. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse sé bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle i gcoinne an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(4) agus (5) agus in Airteagal 16 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Rachfar i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit tar éis an chomhairliúcháin a dhéanfar de bhun Airteagal 14.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11(4) agus (5) agus Airteagal 16 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Féadfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Nós imeachta coiste

1.  
Beidh an coiste de chúnamh ag an gCoimisiún a bunaíodh le hAirteagal 19 den Treoir 2009/125/CE. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 19

Meastóireacht agus tuairisciú

Faoin 2 Lúnasa 2025, déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme an Rialacháin seo a mheas agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Leis an tuarascáil sin, déanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun maidir le custaiméirí a chumasú chun táirgí níos éifeachtúla a roghnú, lena gcuirfear san áireamh an tionchar ar ghnó, an t-ídiú fuinnimh, astaíochtaí gás ceaptha teasa, gníomhaíochtaí faireachais margaidh, agus an costas a bhaineann leis an mbunachar sonraí a bhunú agus a choimeád ar bun.

Airteagal 20

Aisghairm agus bearta idirthréimhseacha

1.  
Déantar Treoir 2010/30/AE a aisghairm le héifeacht ón1 Lúnasa 2017.
2.  
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
3.  
Maidir le múnlaí ar cuireadh na n-aonaid díobh ar an margadh nó i seirbhís i gcomhréir le Treoir 2010/30/AE roimh an1 Lúnasa 2017, déanfaidh an soláthróir, go ceann tréimhse a mbeidh deireadh leis cúig bliana tar éis an t-aonad deireanach a mhonarú, leagan leictreonach den doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil le haghaidh cigireachta laistigh de 10 lá ón uair a bhfaighidh siad iarraidh ó na húdaráis faireachais margaidh nó ón gCoimisiún.
4.  
Maidir le gníomhartha tarmligthe arna nghlacadh de bhun Airteagal 10 de Threoir 2010/30/AE agus de Threoir 96/60/CE, fanfaidh siad i bhfeidhm go dtí go n-aisghairtear iad le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo lena gcumhdaítear an grúpa táirgí ábhartha.

Beidh feidhm ag oibleagáidí faoin Rialachán seo i dtaca le grúpaí tairgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10 de bhun Threoir 2010/20/AE.

5.  
Maidir le grúpaí tairgí a chumhdaítear cheana le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10 de Threoir 2010/30/AE, nó le Treoir 96/60/CE, i gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo, féadfaidh aicmiú an lipéadaithe fuinnimh arna bhunú le Treoir 2010/30/AE leanúint d'fheidhm a bheith aige go dtí an dáta a dtiocfaidh na rialacháin tharmligthe lena dtugtar isteach lipéid athscálaithe de bhun Airteagal 11 den Rialachán seo chun feidhm a bheith acu.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an gceathrú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2017.

De mhaolú ar an dara mír, beidh feidhm ag Airteagal 4 maidir le hoibleagáidí soláthróirí i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí ón 1 Eanáir 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

FAISNÉIS ATÁ LE CUR ISTEACH SA BHUNACHAR SONRAÍ TÁIRGÍ AGUS CEANGLAIS FHEIDHMIÚLA DON CHUID PHOIBLÍ DEN BHUNACHAR SONRAÍ

1. Faisnéis atá le cur isteach ag an soláthróir sa chuid phoiblí den bhunachar sonraí:

(a) 

ainm nó trádmharc, seoladh, sonraí teagmhála agus aitheantas dlíthiúil eile an tsoláthróra;

(b) 

aitheantóir an mhúnla;

(c) 

an lipéad i bhformáid leictreonach;

(d) 

an aicme/na haicmí éifeachtúlachta fuinnimh agus paraiméadair eile ar an lipéad;

(e) 

paraiméadair na bileoige faisnéise faoin táirge i bhfoirm leictreonach.

2. Faisnéis atá le cur isteach ag an gCoimisiún sa tairseach ar líne:

(a) 

sonraí teagmhála údaráis faireachais margaidh na mBallstát;

(b) 

plean oibre de bhun Airteagal 15;

(c) 

miontuairiscí ar an bhFóram Comhairliúcháin;

(d) 

fardal a bhaineann le gníomhartha tarmligthe agus le gníomhartha cur chun feidhme, modhanna idirthréimhseacha tomhais agus ríofa agus caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.

3. Faisnéis atá le cur isteach ag an soláthróir sa chuid den bhunachar sonraí a bhaineann le comhlíonadh:

(a) 

aitheantóir múnla na múnlaí coibhéiseacha uile a cuireadh ar an margadh cheana;

(b) 

na doiciméid theicniúla mar a shonraítear in Airteagal 12(5).

Cuirfidh an Coimisiún nasc ar fáil don Chóras Faisnéise agus Cumarsáide don Fhaireachas Margaidh (ICSMS), lena n-áirítear toradh na seiceálacha ar chomhlíonadh a dhéanann na Ballstáit agus na bearta sealadacha a ghlactar.

4. Critéir fheidhmiúla don chuid phoiblí den bhunachar sonraí táirgí:

(a) 

beifear in ann teacht ar gach múnla mar thaifead aonair;

(b) 

ginfidh sé comhad aonair de lipéad fuinnimh gach múnla a mbeifear in ann a fheiceáil, a íoslódáil agus phriontáil, chomh maith leis na leaganacha teanga den bhileog iomlán faisnéise faoin táirge, i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais;

(c) 

beidh an fhaisnéis inléite, insortáilte agus inchuardaithe ag meaisín, lena n-urramófar caighdeáin oscailte don úsáid saor in aisce ó thríú páirtithe;

(d) 

bunófar agus coimeádfar ar bun deasc chabhrach ar líne nó pointe teagmhála le haghaidh an tsoláthróra agus déanfar tagairt shoiléir dó ar an tairseach.




IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL



Treoir 2010/30/AE

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)(a) agus (b)

Airteagal 1(2)(a) agus (b)

Airteagal 1(3)(c)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 2(a)

Airteagal 2, pointe 1

Airteagal 2(b)

Airteagal 2, pointe 22

Airteagal 2(c)

Airteagal 2(d)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2(f)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2, pointe 13

Airteagal 2(h)

Airteagal 2, pointe 14

Airteagal 2(i)

Airteagal 2, pointe 8

Airteagal 2(j)

Airteagal 2, pointe 9

Airteagal 2(k)

Airteagal 3

Airteagal 7

Airteagal 3(1)

Airteagal 7(3)

Airteagal 3(1)(b)

Airteagal 6(c)

Airteagal 3(1)(c)

Airteagal 7(3)

Airteagal 3(1)(d)

Airteagal 8(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 6(b) agus Airteagal 9

Airteagal 3(3)

Airteagal 8(1)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(a)

Airteagal 5

Airteagal 4(b)

Airteagal 4(c)

Airteagal 6(a)

Airteagal 4(d)

Airteagal 6(a)

Airteagal 5

Airteagal 3(1) agus Airteagal 6

Airteagal 5(a)

Airteagal 3(1)(a)

Airteagal 5(b) pointí (i), (ii), (iii) agus (iv)

Airteagal 4(6) agus Iarscríbhinn I

Airteagal 5(c)

Airteagal 4(6)

Airteagal 5(d)

Airteagal 3(1)

Airteagal 5(d), an dara fomhír

Airteagal 3(1)

Airteagal 5(e)

Airteagal 3(1)

Airteagal 5(f)

Airteagal 5(g)

Airteagal 3(1)

Airteagal 5(h)

Airteagal 6

Airteagal 5(1) agus Airteagal 6

Airteagal 6(a)

Airteagal 5(1)(a)

Airteagal 6(b)

Airteagal 5(1)(a)

Airteagal 7

Airteagal 16(3)(e) agus (g)

Airteagal 8(1)

Airteagal 7(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 7(2)

Airteagal 9(4)

Airteagal 10(1)

Airteagal 16

Airteagal 10(1), an dara mír

Airteagal 16(2)

Airteagal 10(1), an tríú mír

Airteagal 10(1), an ceathrú mír

Airteagal 16(3)(c)

Airteagal 10(2)(a)

Airteagal 16(2)(a)

Airteagal 10(2)(b)

Airteagal 16(2)(b)

Airteagal 10(2)(c)

Airteagal 10(3)(a)

Airteagal 10(3)(b)

Airteagal 10(3)(c)

Airteagal 14

Airteagal 10(3)(d)

Airteagal 10(4)(a)

Airteagal 16(3)(a)

Airteagal 10(4)(b)

Airteagal 16(3)(k)

Airteagal 10(4)(c)

Airteagal 16(3)(h)

Airteagal 10(4)(d)

Airteagal 16(3)(b)

Airteagal 10(4)(d), an dara mír

Airteagal 10(4)(d), an tríú mír

Airteagal 16(3)(b)

Airteagal 10(4)(d), an ceathrú mír

Airteagal 11(3)

Airteagal 10(4)(d), an cúigiú mír

Airteagal 11

Airteagal 10(4)(e)

Airteagal 16(3)(e)

Airteagal 10(4)(f)

Airteagal 16(3)(h)

Airteagal 10(4)(g)

Airteagal 16(3)(j)

Airteagal 10(4)(h)

Airteagal 11(3)

Airteagal 10(4)(i)

Airteagal 16(3)(i)

Airteagal 10(4)(j)

Airteagal 16(3)(o)

Airteagal 11(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 17(5)

Airteagal 11(3)

Airteagal 17(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 17(3)

Airteagal 12(2)

Airteagal 12(3)

Airteagal 17(3)

Airteagal 13

Airteagal 17(6)

Airteagal 14

Airteagal 19

Airteagal 15

Airteagal 7(4)

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 20

Airteagal 18

Airteagal 21

Airteagal 19

Airteagal 21

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

( 2 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 811/2013 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le lipéadú fuinnimh téitheoirí spáis, comhthéitheoirí, pacáistí téitheora spáis, feiste rialaithe teochta agus grianfheiste agus pacáistí comhthéitheora, rialaithe teochta agus grianfheiste (IO L 239, 6.9.2013, lch. 1).

( 3 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 812/2013 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le lipéadú fuinnimh téitheoirí uisce, umar stórála uisce thé agus pacáistí téitheora uisce agus grianfheiste (IO L 239, 6.9.2013, lch. 83).

( 4 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1187 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2015 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le lipéadú coirí breosla sholadaigh agus pacáistí coire breosla sholadaigh, téitheoirí forlíontacha, rialuithe teochta agus grianfheistí (IO L 193, 21.7.2015, lch. 43).

( 5 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéad a bhaineann le lipéadú fuinnimh do mhiasniteoirí tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 1).

( 6 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh d'fhearais chuisniúcháin tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 17).

( 7 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do mheaisíní níocháin tí (IO L 314, 30.11.2010, lch. 47).

( 8 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2010 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2010 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do theilifíseáin (IO L 314, 30.11.2010, lch. 64).

( 9 ) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do lampaí leictreacha agus do shoilse (IO L 258, 26.9.2012, lch. 1).

( 10 ) Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (IO L 177, 5.6.2020, lch. 1)

( 11 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

( 12 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil cumarsáide agus córas faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach (IO L 6, 11.1.2017, lch. 40)

Top