Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02014R1143-20191214

    Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1143/2019-12-14

    02014R1143 — GA — 14.12.2019 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 1143/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 22 Deireadh Fómhair 2014

    maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú

    (IO L 317 4.11.2014, lch. 35)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) 2016/2031 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 26 Deireadh Fómhair 2016

      L 317

    4

    23.11.2016




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 1143/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 22 Deireadh Fómhair 2014

    maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú



    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leagtar amach sa Rialachán seo rialacha chun an drochthionchar atá ag tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach san Aontas, d’aonghnó agus go neamhbheartaithe araon, ar an mbithéagsúlacht a chosc, a íoslaghdú agus a mhaolú.

    Airteagal 2

    Raon Feidhme

    1.  Baineann an Rialachán seo leis na speicis choimhthíocha ionracha uile.

    2.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a) speicis a dtagann athrú ar a raon nádúrtha gan idirghabháil ón duine, mar fhreagairt ar dhálaí athraitheacha éiceolaíocha agus athrú aeráide;

    (b) orgánaigh ghéinmhodhnaithe mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Threoir 2001/18/CE;

    (c) pataigíní is cúis le galair ainmhithe; chun críche an Rialacháin seo, ciallaíonn galar ainmhithe tarlú galruithe agus inmhíolaithe in ainmhithe, a bhíonn mar thoradh ar phaitigín amháin nó níos mó is in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine;

    ▼M1

    (d) lotnaidí plandaí a liostaítear de bhun Airteagal 5(2) nó Airteagal 32(3) nó atá faoi réir beart de bhun Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

    ▼B

    (e) speicis a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 nuair a úsáidtear iad sa dobharshaothrú;

    (f) micrea-orgánaigh a mhonaraítear nó a allmhairítear lena n-úsáid i dtáirgí cosanta plandaí a údaraíodh cheana féin nó a bhfuil measúnú ar bun ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; nó

    (g) micrea-orgánaigh a mhonaraítear nó a allmhairítear lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha a údaraíodh cheana féin nó a bhfuil measúnú ar bun ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 528/2012.

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm leis na sainmhínithe seo a leanas:

    (1) ciallaíonn “speiceas coimhthíoch” aon eiseamal beo de speiceas, fospeiceas nó tacsón is ísle ainmhithe, plandaí, fungas nó micrea-orgánach a tugadh isteach lasmuigh dá réimse nádúrtha; áirítear ann aon chuid, aon ghaiméirí, aon síolta, aon uibheacha nó aon iomadúlaithe den speiceas sin, mar aon le haon hibridí, aon chineálacha nó aon phórtha a d’fhéadfadh fanacht beo agus atáirgeadh ina dhiaidh sin;

    (2) ciallaíonn “speiceas coimhthíoch ionrach” speiceas coimhthíoch a bhfacthas go gcuirtear an bhithéagsúlacht agus na seirbhísí gaolmhara éiceachórais i mbaol má thugtar isteach é nó má leatar é nó go bhfuil drochthionchar aige ar an mbithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais sin;

    (3) ciallaíonn “speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas” speiceas coimhthíoch ionrach a meastar go n-éilíonn a dhrochthionchar gníomhaíocht chomhbheartaithe ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 4(3);

    (4) ciallaíonn “speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní do Bhallstát” speiceas coimhthíoch ionrach seachas speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas, a mheasann Ballstát, ar bhonn fianaise eolaíche, gur suntasach dá chríoch nó do chuid di, an drochthionchar a d’imreofaí uirthi dá scaoilfí agus dá leathfaí é, agus gur gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Bhallstáit sin, fiú mura bhfuil an éifeacht sin fionnta go hiomlán;

    (5) ciallaíonn “bithéagsúlacht” athraitheacht i measc orgánaigh beo ó gach foinse, lena n-áirítear éiceachórais talún agus mhuirí agus éiceachórais uisceacha eile agus na coimpléisc éiceolaíocha ar cuid díobh iad; áirítear éagsúlacht i measc speiceas, idir speicis agus éiceachórais leis sin;

    (6) ciallaíonn “seirbhísí éiceachórais” a mhéid a chuireann éiceachórais go díreach agus go hindíreach le folláine an duine;

    (7) ciallaíonn “tabhairt isteach” gluaiseacht speicis lasmuigh dá réimse nádúrtha, mar thoradh ar idirghabháil an duine;

    (8) ciallaíonn “taighde” obair thuairiscithe nó thurgnamhach, a dhéantar faoi dhálaí rialaithe chun faisnéis eolaíoch nua a fháil nó chun táirgí nua a fhorbairt, lena n-áirítear na chéad chéimeanna i ndáil le gnéithe géiniteacha speiceas coimhthíoch ionrach a shainaithint, a thréithriú agus a leithlisiú, cé is moite de na gnéithe sin lena dtugtar cumas ionraidh do speiceas, sa mhéid is gá chun pórú na ngnéithe sin isteach i speicis neamhionracha a chumasú, agus a mhéid sin amháin;

    (9) ciallaíonn “faoi choimeád imshrianta” orgánach a choimeád i saoráidí iata nach féidir éalú astu ná leathadh uathu;

    (10) ciallaíonn “caomhnú ex situ” comhpháirteanna d'éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú lasmuigh dá ngnáthóg nádúrtha;

    (11) ciallaíonn “conairí” bealaí agus sásraí maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach;

    (12) ciallaíonn “luathbhrath” láithreacht eiseamal nó eiseamail speicis choimhthígh ionraigh a dhearbhú sa timpeallacht sula leathann sé;

    (13) ciallaíonn “díothú” fáil réidh le líon de speiceas coimhthíoch ionrach ina iomláine agus ar bhonn buan trí mheáin mharfacha nó neamh-mharfacha;

    (14) ciallaíonn “an líon a rialú” aon ghníomaíocht mharfach nó neamh-mharfach a chuirtear i bhfeidhm ar líon speicis choimhthígh ionraigh, agus an tionchar ar speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu agus a ngnáthóga a íoslaghdú ag an am céanna, agus é mar aidhm leo líon na n-aonán a choimeád chomh íseal agus is féidir ionas go maolófar a chumas ionraidh agus an drochthionchar atá aige ar bhithéagsúlacht, ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar, fiú murar féidir na speicis a dhíothú;

    (15) ciallaíonn “imshrianadh” aon ghníomhaíocht lena ndírítear ar bhacainní a chruthú lena maolófar an riosca go scaipfidh agus go leathfaidh líon speicis choimhthígh ionraigh lasmuigh den limistéar ionraithe;

    (16) ciallaíonn “leata go fairsing” speiceas coimhthíoch ionrach a bhfuil a líon imithe níos faide ná céim an nádúraithe, céim ag a bhfuil líon féinchothaitheach, agus go bhfuil sé leata chun cuid mhór den raon ionchasach inar féidir leis maireachtáil agus atáirgeadh a choilíniú;

    (17) ciallaíonn “bainistiú” aon ghníomhaíocht mharfach nó neamh-mharfach atá dírithe ar líon speicis choimhthígh ionraigh a dhíothú, a rialú nó a imshrianadh, agus an éifeacht ar speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu agus ar a ngnáthóga á híoslaghdú ag an am céanna freisin.

    Airteagal 4

    Liosta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas

    1.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas (“liosta an Aontais”) ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2). Cuirfear na dréachtghníomhartha cur chun feidhme faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 27(1) faoin 2 Eanáir 2016.

    2.  Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar liosta an Aontais gach sé bliana ar a laghad agus, idir an dá linn, déanfaidh sé an liosta nuashonrú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 tríd an méid seo a leanas:

    (a) speicis choimhthíocha ionracha nua a chur leis an liosta;

    (b) speicis atá liostaithe a bhaint mura gcomhlíonann siad a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na critéir a leagtar síos i mír 3.

    3.  Ní áireofar speicis choimhthíocha ionracha ar liosta an Aontais ach amháin má chomhlíonann siad na critéir seo ar fad a leanas:

    (a) fionntar go bhfuil siad, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil, ionrach i gcríoch an Aontais, cé is moite de na réigiúin is forimeallaí;

    (b) fionntar go bhfuil siad, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil, in ann líon inmharthana a bhunú agus leathadh sa timpeallacht faoi na dálaí athraithe aeráide atá ann faoi láthair agus is dócha a bheidh ann i réigiún bithgheografach amháin a roinntear idir dhá Bhallstát nó níos mó nó i bhforéigiún muirí amháin cé is moite de na réigiúin is forimeallaí a bhaineann leo;

    (c) bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil, is dóigh go mbeidh drochthionchair shuntasacha acu ar an mbithéagsúlacht nó ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, agus féadfaidh siad drochthionchar a bheith acu ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar freisin;

    (d) léirítear leis an measúnú riosca a dhéantar de bhun Airteagal 5(1) go bhfuil gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais de dhíth chun cosc a chur lena dtabhairt isteach, lena mbunú nó lena leathadh;

    (e) is dóigh go ndéanfar drochthionchair na speiceas a chosc, a íoslaghdú nó a mhaolú go héifeachtach má chuirtear ar liosta an Aontais iad.

    4.  Féadfaidh na Ballstáit iarrataí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le speicis choimhthíocha ionracha a chur ar liosta an Aontais. Áireofar sna hiarrataí sin an méid seo a leanas ar fad:

    (a) ainm an speicis;

    (b) measúnú riosca a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 5(1);

    (c) fianaise go gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo.

    5.  Déanfar le liosta an Aontais tagairt, i gcás inarb ábhartha, do na hearraí lena mbaineann na speicis choimhthíocha ionracha i gcoitinne agus dá gcóid Ainmníochta Comhcheangailte dá bhforáiltear le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ( 2 ) ón gComhairle, lena léirítear catagóirí na n-earraí a bheidh faoi réir rialuithe oifigiúla de bhun Airteagal 15 den Rialachán seo.

    6.  Agus liosta an Aontais á ghlacadh nó á thabhairt chun dáta aige, cuirfidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach i mír 3 i bhfeidhm agus an aird chuí á tabhairt ar an gcostas cur chun feidhme a bheidh i gceist do na Ballstáit, ar an gcostas a bhainfidh le neamhghníomhaíocht, ar chostéifeachtacht agus ar na gnéithe socheacnamaíocha. Tabharfar tús áite ar liosta an Aontais do na speicis choimhthíocha ionracha seo a leanas:

    (a) na cinn nach bhfuil fós san Aontas nó atá ag céim luath den ionradh agus arb iad is dóichí a bheidh drochthionchair shuntasacha acu;

    (b) na cinn atá bunaithe san Aontas cheana agus a bhfuil na drochthionchair is suntasaí acu.

    7.  Agus liosta an Aontais á mholadh aige, déanfaidh an Coimisiún bonn cirt a thabhairt lena rá gur fearr a bhainfear cuspóirí an Rialacháin seo amach le bearta ar leibhéal an Aontais.

    Airteagal 5

    Measúnú riosca

    1.  Chun críocha Airteagal 4, déanfar measúnú riosca i ndáil le réimse na speiceas coimhthíoch ionrach atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann, ag féachaint do na gnéithe seo a leanas:

    (a) tuairisc ar an speiceas agus a aitheantas tacsanomaíoch, a stair, agus a raon nádúrtha agus ionchasach;

    (b) tuairisc ar a phatrúin agus a dhinimicí atáirgthe agus leata, lena n-áirítear measúnú an ann do na dálaí comhshaoil is gá dá atáirgeadh agus dá leathadh;

    (c) tuairisc ar chonairí ionchasacha teachta isteach agus leata an speicis, idir beartaithe agus neamhbheartaithe, an speicis, lena n-áirítear, nuair is ábhartha, na tráchtearraí lena mbaineann an speiceas go ginearálta;

    (d) measúnú críochnaitheach ar an riosca maidir le tabhairt isteach, bunú agus leathadh sna réigiúin ábhartha bhithgheografacha faoi na dálaí reatha agus faoi dhálaí athraithe aeráide atá intuartha;

    (e) tuairisc ar dháileadh reatha an speicis, lena n-áirítear tuairisc á rá ar cibé an bhfuil láithreacht cheana ag an speiceas san Aontas nó i dtíortha comharsanachta, agus réamh-mheastachán maidir leis an dáileadh is dóchúil a bheidh aige sa todhchaí;

    (f) tuairisc ar an drochthionchar ar an mbithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, lena n-áirítear ar speicis dúchasacha, láithreacha cosanta, gnáthóga i mbaol, agus ar shláinte an duine, ar an tsábháilteacht, agus ar an ngeilleagar lena n-áirítear measúnú ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ag féachaint don fhaisnéis eolaíoch atá ar fáil;

    (g) measúnú ar na costais a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le damáiste;

    (h) tuairisc ar na húsáidí a bhfuiltear ar an eolas fúthu maidir leis an speiceas agus ar na sochair shóisialta agus eacnamaíocha a thig as na húsáidí sin.

    2.  Le linn dó a mholadh go gcuirfí speicis ar an liosta mar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas, déanfaidh an Coimisiún an measúnú riosca dá dtagraítear i mír 1.

    Aon uair a iarrann Ballstát go gcuirfí speiceas ar liosta an Aontais, beidh an Ballstát sin freagrach as an measúnú riosca a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1. I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún cabhrú leis na Ballstáit agus measúnuithe riosca den sórt sin á bhforbairt acu a mhéid agus a bhaineann na measúnuithe sin lena ngné Eorpach.

    3.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 29, chun an cineál fianaise atá inghlactha chun críocha phointe (b) d’Airteagal 4(3) a shonrú tuilleadh agus chun tuairisc mhionsonraithe a sholáthar ar chur i bhfeidhm phointí (a) go (h) de mhír 1 den Airteagal seo. Áireofar sa tuairisc mhionsonraithe sin an mhodheolaíocht atá le cur i bhfeidhm sna measúnaithe riosca, agus caighdeáin ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta á gcur san áireamh agus an gá atá le tús áite a thabhairt don ghníomhaíocht i gcoinne speiceas coimhthíoch ionrach a bhaineann le drochthionchar suntasach ar an mbithéagsúlacht nó ar sheirbhísí gaolmhara an éiceachórais, nó arbh fhéidir leo drochthionchar a chur faoi deara, mar aon le drochthionchar ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar agus é á mheas mar imthosc géaraitheach. Tá sé an-tábhachtach go leanfaidh an Coimisiún leis an ngnáthchleachtas atá aige agus go rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe na mBallstát, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.

    Airteagal 6

    Forálacha maidir leis na réigiúin is forimeallaí

    1.  Ní bheidh na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas faoi réir Airteagal 7, ná Airteagal 13 go 20 sna réigiúin is forimeallaí.

    2.  Faoin 2 Eanáir 2017, glacfaidh gach Ballstát a mbaineann réigiúin is forimeallaí leis, liosta de na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní, do gach ceann de na réigiúin sin, i gcomhairle leis na réigiúin sin.

    3.  I gcás na speiceas coimhthíoch ionrach a áirítear ar na liostaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit, sna réigiúin is forimeallaí faoi seach, na bearta a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear in Airteagail 7 go 9, 13 go 17, 19 agus 20, de réir mar is iomchuí. Beidh na bearta sin comhoiriúnach le CFAE agus tabharfar fógra chuig an gCoimisiún ar an eolas fúthu i gcomhréir le dlí an Aontais.

    4.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile láithreach maidir leis na liostaí dá dtagraítear i mír 2 agus faoi aon nuashonrú a dhéanfar ar na liostaí sin.



    CAIBIDIL II

    COSC

    Airteagal 7

    Srianta

    1.  Ní dhéanfar na nithe seo a leanas d’aon ghnó maidir le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas:

    (a) iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, lena n-áirítear idirthuras faoi mhaoirseacht chustaim;

    (b) iad a choimeád, lena n-áirítear faoi choimeád imshrianta;

    (c) iad a phórú, lena n-áirítear faoi choimeád imshrianta;

    (d) iad a iompar chuig an Aontas, amach as nó laistigh de, ach amháin i gcás speicis a iompar chuig saoráidí lena ndíothú;

    (e) iad a chur ar an margadh;

    (f) iad a úsáid ná a mhalartú;

    (g) ní bheidh cead iad a atáirgeadh, a fhás ná a shaothrú, lena n-áirítear faoi choimeád imshrianta; nó

    (h) iad a scaoileadh isteach sa timpeallacht.

    2.  Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun cosc a chur ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas a thabhairt isteach nó a leathadh go neamhbheartaithe san Aontas, lena n-áirítear trí mhórfhaillí, i gcás inarb infheidhme.

    Airteagal 8

    Ceadanna

    1.  De mhaolú ar na srianta a leagtar amach i bpointí (a), (b), (c), (d), (f) agus (g) d’Airteagal 7(1), agus faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit córas ceadanna ar bun lena bhféadfaidh bunaíochtaí taighde, nó caomhnú ex-situ a dhéanamh ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas. I gcás ina bhfuil úsáid na dtáirgí a eascraíonn ó speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas dosheachanta le sláinte an duine a chur ar aghaidh, féadfaidh na Ballstáit freisin an táirgeadh eolaíoch agus an leas íocshláinte ina dhiaidh sin a áireamh laistigh dá córas ceadanna.

    2.  Tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis inniúla na ceadanna dá dtagraítear i mír 1 a eisiúint le haghaidh gníomhaíochtaí a dhéantar faoi choimeád imshrianta a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a) coimeádtar agus láimhseáiltear an speiceas choimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas faoi choimeád imshrianta i gcomhréir le mír 3;

    (b) beidh an ghníomhaíocht le cur i gcrích ag pearsanra a bheidh cáilithe go hiomchuí faoi mar leagann na húdaráis inniúla iomchuí síos;

    (c) beidh iompar chuig ionad coimeádta imshrianta agus uaidh faoi dhálaí a eisiann éalú na speiceas coimhthíoch ionrach faoi mar a bhunaítear iad leis an gcead;

    (d) i gcás gur ainmhithe iad na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas, marcáiltear iad nuair is iomchuí nó sainaithnítear ar shlí éifeachtach eile iad agus úsáidfear modhanna nach gcuireann pian, anacair nó fulaingt inseachanta faoi deara;

    (e) déanfar an riosca éalaithe nó leata a bhainistiú go héifeachtach, agus cuirfear san áireamh céannacht, bitheolaíocht agus modhanna scaipthe an speicis, an ghníomhaíocht agus an coimeád imshrianta atá beartaithe, an t-idirghníomhú leis an timpeallacht agus tosca ábhartha eile;

    (f) tarraingeofar suas córas faireachais leanúnaigh agus plean teagmhasach chun go gcumhdófaí éalú nó leathadh a d’fhéafadh a tharlú, lena n-áirítear plean don díothú. Déanfaidh an t-údarás inniúil an plean teagmhais a fhormheas. I gcás ina dtarlaíonn éalú nó leathadh, cuirfear chun feidhme an phlean teagmhais láithreach agus féadfar an cead a tharraingt siar, ar bhonn sealadach nó buan.

    Teorannófar an cead dá dtagraítear i mír 1 do líon ar leith speiceas agus eiseamal ionrach nach mó ná cumas an ionaid coimeádta imshrianta. Áireofar ann na srianta is gá chun riosca éalaithe nó leata an speicis lena mbaineann a mhaolú. Coimeádfar i gcónaí é leis na speicis choimhthíocha ionracha dá dtagraíonn sé nuair a bhíonn na speicis sin á gcoimeád, agus á dtabhairt isteach san Aontas agus á n-iompar laistigh den Aontas.

    3.  Measfar go bhfuil eiseamail á gcoimeád faoi choimeád imshrianta má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a) tá eiseamail scartha amach go fisiceach agus ní féidir leo éalú ná leathadh ná ní féidir le daoine neamhúdaraithe iad a thógáil as na saoráidí ina bhfuil siad á gcoimeád;

    (b) áiritheoidh prótacail um ghlanadh, um láimhseáil dramhaíola agus um chothabháil nach bhféadfaidh aon eiseamail ná codanna inatáirgthe éalú, leathadh nó nach féidir le daoine neamhúdaraithe iad a thógáil as na saoráidí;

    (c) déantar na heiseamail a thógáil as na saoráidí nó a dhiúscairt nó a dhíothú nó a dhealú go daonnachtúil ar bhealach chun iomadú nó atáirgeadh lasmuigh de na saoráidí a eisiamh.

    4.  Nuair a dhéanfaidh an t-iarratasóir iarratas ar chead, déanfaidh sé gach fianaise is gá a sholáthar chun go bhféadfaidh an t-údarás inniúil measúnú a dhéanamh an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 á gcomhlíonadh.

    5.  Tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht dá n-údaráis inniúla an cead a tharraingt siar tráth ar bith, go sealadach nó go buan, má tharlaíonn imeachtaí gan choinne a bhfuil drochthionchar acu ar an mbithéagsúlacht nó ar sheirbhísí gaolmhara éiceachórais. Déanfar bonn cirt a thabhairt maidir le haon chead a aistarraingt ar bhonn eolaíoch agus, i gcás nach leor an fhaisnéis eolaíoch, ar bhonn phrionsabal an réamhchúraim agus aird chuí á tabhairt ar rialacha náisiúnta riaracháin.

    6.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, formáid an doiciméid atá mar fhianaise ar an gcead a d’eisigh údaráis inniúla Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2). Úsáidfidh na Ballstáit an fhormáid sin do dhoiciméad a bheidh ag gabháil leis an gcead.

    7.  I gcás gach cead a eisíodh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit ar fáil go poiblí ar an idirlíon, gan mhoill, na nithe seo a leanas ar a laghad:

    (a) ainmneacha eolaíocha agus coitianta an speicis choimhthígh ionraigh is ábhar imní don Aontas ar eisíodh an cead ina leith;

    (b) líon nó méid na n-eiseamal lena mbaineann;

    (c) an cuspóir dár eisíodh an cead; agus

    (d) na cóid den Ainmníocht Chomhcheangailte chuirtear ar fáil le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

    8.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla cigireachtaí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na bunaíochtaí na coinníollacha a leagadh amach sna ceadanna sin a eisíodh.

    Airteagal 9

    Údaruithe

    1.  I gcásanna eisceachtúla, ar chúiseanna lena ngabhann leas mór poiblí, lena n-áirítear iad sin de chineál sóisialta nó eacnamaíoch, féadfaidh na Ballstáit ceadanna a eisiúint lena ligtear do bhunaíochtaí gníomhaíochtaí a chur i gcrích, seachas na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 8(1), faoi réir údarú a fháil ón gCoimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 8(2) agus (3).

    2.  Cuirfidh an Coimisiún ar bun córas údaraithe leictreonach agus oibreoidh sé é agus déanfaidh sé cinneadh maidir le hiarratais ar údarú laistigh de 60 lá tar éis iarratas a fháil.

    3.  Cuirfidh na Ballstáit iarratais isteach ar údarú agus an córas dá dtagraítear i mír 2 á úsáid acu.

    4.  Luafar an méid seo a leanas in aon iarratas ar údarú:

    (a) mionsonraí na bunaíochta nó na ngrúpaí bunaíochtaí lena n-áirítear a n-ainm agus a seoladh;

    (b) ainmneacha eolaíocha agus coitianta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a bhfuil an t-údarú á iarraidh maidir leis;

    (c) na cóid den Ainmníocht Chomhcheangailte a chuirtear ar fáil le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;

    (d) líon nó méid na n-eiseamal lena mbaineann;

    (e) na cúiseanna don údarú iarrtha;

    (f) tuairisc mhionsonraithe ar na bearta atá beartaithe chun a áirithiú nach bhféadfaidh éalú nó leathadh ó shaoráidí coimeádta imshrianta ina bhfuil an speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas le coimeád agus láimhseáil tarlú, agus ar na bearta chun a áirithiú go ndéanfar aon iompar maidir leis an speiceas, i gcás ina mbeidh gá leis, faoi choinníollacha a eisiann éalú;

    (g) an riosca a mheas maidir le h-éalú an speicis choimhthígh ionraigh is ábhar imní don Aontas, a n-iarrtar údarú ina leith, in éineacht le tuairisc ar na bearta maolaithe riosca atá le cur ar bun;

    (h) tuairisc ar an gcóras faireachais atá beartaithe agus ar an bplean teagmhasach chun déileáil le h-éalú nó le leathadh a d’fhéadfadh a tharlú, lena n-áirítear plean díothúcháin más gá;

    (i) cur síos ar an dlí náisiúnta ábhartha is infheidhme maidir leis na bunaíochtaí sin.

    5.  Tabharfar fógra chuig údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann i leith údaraithe arna ndeonú ag an gCoimisiún. Beidh údarú sonrach do bhunaíocht aonair, beag beann ar an nós imeachta iarratais dá dtagraítear i mír 4, beag beann ar an nós imeachta iarratais a leantar i gcomhréir le pointe (a) de mhír 4, áireofar ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 agus ré an údaraithe. Áireofar in údarú freisin forálacha i ndáil le heiseamail bhreise nó eiseamail athsholáthair a sholáthar don bhunaíocht a n-iarrtar an t-údarú sin ina leith.

    6.  Tar éis údarú a fháil ón gCoimisiún, féadfaidh an t-údarás inniúil an cead a eisiúint dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 8(4) go (8). Déanfar na forálacha uile a shonraítear san údarú a eiseoidh an Coimisiún a áireamh sa chead.

    7.  Diúltóidh an Coimisiún d’iarratas ar údarú más amhlaidh nach gcomhlíontar aon oibleagáidí ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo.

    8.  Déanfaidh an Coimisiún, a luaithe is féidir, an t-iarratasóir agus an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas maidir le haon iarratas ar údarú a diúltaíodh de bhun mhír 7, agus sonróidh sé an chúis leis an diúltú.

    Airteagal 10

    Bearta éigeandála

    1.  I gcás ina bhfuil fianaise ag Ballstát go bhfuil speiceas coimhthíoch ionrach ar a chríoch, nó go bhfuil gar-riosca ann go dtabharfar isteach é, ar fianaise í nach bhfuil san áireamh ar liosta an Aontais ach a mheasann na húdaráis inniúla a bheith ábhartha, ar bhonn réamh-fhianaise eolaíche, toisc gur dócha go gcomhlíonfaidh sé na critéir atá leagtha amach in Airteagal 4(3), féadfaidh sé bearta éigeandála a dhéanamh láithreach, ar a mbeidh aon cheann de na srianta atá leagtha amach in Airteagal 7 (1).

    2.  An Ballstát a thugann isteach bearta éigeandála ar a chríoch náisiúnta, lena n-áirítear pointí (a), (d) nó (e) d’Airteagal 7(1) a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé fógra chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile uile láithreach faoi na bearta a rinneadh agus an fhianaise atá mar bhonn cirt leis na bearta sin.

    3.  Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, gan mhoill, measúnú riosca de bhun Airteagal 5 ar don speiceas coimhthíoch ionrach atá faoi réir na mbeart éigeandála, i bhfianaise na faisnéise teicniúla agus eolaíche atá ar fáil, agus in aon chás laistigh de 24 mhí ón ndáta a glacadh an cinneadh bearta éigeandála a thabhairt isteach, d’fhonn an speiceas sin a chur ar liosta an Aontais.

    4.  I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún an fógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó má tá fianaise eile aige go bhfuil speiceas coimhthíoch ionrach san Aontas, nó go bhfuil gar-riosca ann go dtabharfar isteach é, ar speiceas é nach bhfuil ar liosta an Aontais, ach gur dócha go gcomhlíonfaidh sé na critéir atá leagtha amach in Airteagal 4(3), tiocfaidh sé ar an tátal, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar bhonn réamhfhianaise eolaíche, an dócha go gcomhlíonfaidh an speiceas na critéir sin agus glacfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta éigeandála don Aontas arb éard a bheidh iontu aon cheann de na srianta atá leagtha amach in Airteagal 7(1) ar feadh tréimhse teoranta a mhéid a bhaineann leis na rioscaí a bhaineann leis an speiceas sin, i gcás ina dtiocfaidh an Coimisiún ar an tátal gur dócha go gcomhlíonfar na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(3). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

    5.  I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh na Ballstáit aon bhearta éigeandála a ghlac siad a aisghairm nó a leasú, de réir mar is iomchuí.

    6.  I gcás ina n-áireoidh an Coimisiún an speiceas coimhthíoch ionrach i liosta an Aontais, déanfaidh na Ballstáit a mbearta éigeandála a aisghairm nó a leasú freisin.

    7.  Nuair is amhlaidh, tar éis dó an measúnú riosca a chur i gcrích de bhun mhír 3 den Airteagal seo, nach n-áiríonn an Coimisiún an speiceas coimhthíoch ionrach ar liosta an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na bearta éigeandála a ghlac siad de bhun mhír 1 den Airteagal seo a aisghairm agus féadfaidh siad an speiceas sin a áireamh ar liosta náisiúnta de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát, de bhun Airteagal 12(1), agus comhar feabhsaithe réigiúnach a bhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11.

    Airteagal 11

    Speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní réigiúnach agus speicis dhúchasacha de chuid an Aontais

    1.  Féadfaidh na Ballstáit a aithint óna liosta náisiúnta de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 12, speicis dhúchasacha nó neamhdhúchasacha san Aontas a bhfuil comhar feabhsaithe réigiúnach ag teastáil ina leith.

    2.  Arna iarraidh sin do na Ballstáit rannpháirteacha, gníomhóidh an Coimisiún chun an comhar agus an comhordú idir na Ballstáit rannpháirteacha sin a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 22(1). I gcás inar gá, bunaithe ar an tionchar atá ag speicis áirithe choimhthíocha ionracha ar an mbithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais agus ar shláinte an duine agus ar an ngeilleagar agus ar choinníoll gur fíoraíodh go hiomlán é trí anailís chuimsitheach ar an mbonn cirt le comhar feabhsaithe réigiúnach arna déanamh ag na Ballstáit is iarrthóirí, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, go ndéanfaidh na Ballstáit lena mbaineann forálacha Airteagal 13, 14 agus 16, Airteagal 17 d’ainneoin Airteagal 18, chomh maith le hAirteagal 19 agus Airteagal 20 a chur i bhfeidhm, mutatis mutandis, ar a gcríoch nó ar chuid dá gcríoch, de réir mar is iomchuí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

    3.  Maidir le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní réigiúnach, ar speicis dhúchasacha iad i mBallstát, ní bheidh siad faoi réir fhorálacha Airteagail 13, 14, 16, 17, 19, 20 agus 24 ar chríoch an Bhallstáit sin. Comhoibreoidh na Ballstáit ina bhfuil na speicis sin dúchasach leis na Ballstáit lena mbaineann chun measúnú a dhéanamh ar na conairí de réir Airteagal 13 agus, i gcomhairle leis na Ballstáit eile, féadfaidh siad bearta ábhartha a ghlacadh chun leathadh tuilleadh na speiceas sin a sheachaint i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22(1).

    Airteagal 12

    Speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát

    1.  Féadfaidh na Ballstáit liosta náisiúnta a bhunú de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát. Do na speicis choimhthíocha ionracha sin, féadfaidh na Ballstáit bearta, amhail na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 7, 8, 13 go 17, 19 agus 20, a chur i bhfeidhm ar a gcríoch, de réir mar is iomchuí. Beidh na bearta sin comhoiriúnach le CFAE agus cuirfear fógra chuig an gCoimisiún fúthu i gcomhréir le dlí an Aontais.

    2.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi na speicis a measann siad gur speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát iad agus faoi na bearta arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1.

    Airteagal 13

    Pleananna gníomhaíochta maidir le conairí speiceas coimhthíoch ionrach

    1.  Déanfaidh na Ballstáit, taobh istigh de 18 mí ón dáta a nglacfar liosta an Aontais anailís chuimsitheach ar na conairí trína dtugtar isteach agus trína leatar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas go neamhbheartaithe ar a gcríoch agus ina n-uiscí mara, ar a laghad, mar a shainítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE, agus sainaithneoidh siad na conairí inar gá gníomhaíocht tosaíochta (“conairí tosaíochta”), mar gheall ar líon na speiceas nó ar an damáiste ionchasach a dhéantar de dheasca na speiceas a thagann isteach san Aontas Eorpach trí na conairí sin.

    2.  Laistigh de thrí bliana ón dáta a nglacfar liosta an Aontais, déanfaidh gach Ballstát aon phlean gníomhaíochta amháin nó tacar de phleananna gníomhaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na conairí tosaíochta a shainaithneoidh sé de bhun mhír 1. Áireofar sna pleananna gníomhaíochta cláir ama le haghaidh gníomhaíochta agus tabharfar tuairisc iontu ar na bearta a bheidh le glacadh agus, de réir mar is iomchuí, ar na gníomhaíochtaí deonacha agus na cóid dea-chleachtais, chun aghaidh a thabhairt ar na conairí tosaíochta agus chun cosc a chur ar speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach san Aontas go neamhbheartaithe agus a leathadh go neamhbheartaithe taobh istigh den Aontas.

    3.  Áiritheoidh na Ballstáit comhordú a mbeidh sé d’aidhm aige plean gníomhaíochta amháin nó tacar de phleananna gníomhaíochta a bhunú a bheidh comhordaithe ar an leibhéal réigiúnach iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 22(1). I gcás nach mbunófar pleananna gníomhaíochta réigiúnacha den chineál sin, bunóidh na Ballstáit pleananna gníomhaíochta dá gcríoch, agus cuirfidh siad chun feidhme iad, agus déanfar iad a chomhordú a mhéid is féidir ar an leibhéal réigiúnach iomchuí.

    4.  Áireofar go háirithe sna pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, bearta atá bunaithe ar anailís ar na costais agus ar na sochair, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a) feasacht a mhúscailt;

    (b) íoslaghdú a dhéanamh ar éilliú earraí, tráchtearraí, feithiclí agus trealaimh, arb é eiseamail de speicis choimhthíocha ionracha is cúis leis, lena n-áirítear bearta le dul i ngleic le speicis choimhthíocha ionracha a iompar ó thríú tíortha;

    (c) seiceálacha cuí ag teorainneacha an Aontais a áirithiú, seachas na rialuithe oifigiúla de bhun Airteagal 15;

    5.  Déanfar na pleananna gníomhaíochta a bunaíodh i gcomhréir le mír 2 a sheoladh chuig an gCoimisiún gan mhoill. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar a bpleananna gníomhaíochta agus déanfaidh siad iad a sheoladh chuig an gCoimisiún gach sé bliana ar a laghad.



    CAIBIDIL III

    LUATHBHRATH AGUS DÍOTHÚ TAPA

    Airteagal 14

    Córas faireachais

    1.  Laistigh de 18 mí ón dáta a nglacfar liosta an Aontais, bunóidh na Ballstáit córas faireachais ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas, nó cuimseofar é sa chóras atá acu cheana féin, ar córas é lena mbailítear agus lena dtaifeadtar sonraí maidir le speicis choimhthíocha ionracha a bheith sa timpeallacht trí bhíthin suirbhé, faireacháin nó nósanna imeachta eile chun cosc a chur le leathadh speicis choimhthíocha ionracha chuig san Aontas nó laistigh den Aontas.

    2.  Maidir leis an gcóras faireachais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:

    (a) cumhdóidh sé críoch na mBallstát, lena n-áirítear uiscí mara na gcríoch, chun a chinneadh an ann do speicis choimhthíocha ionracha nua, chomh maith le cinn atá bunaithe cheana, is ábhar imní don Aontas, agus chun a ndáileadh a chinneadh;

    (b) beidh sé dinimiciúil go leor le haon speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a bhrath go tapa i dtimpeallacht críoch Ballstáit nó in aon chuid de chríoch Ballstáit, nárbh eol a bheith ann cheana féin;

    (c) maidir le forálacha ábhartha le haghaidh measúnú agus faireacháin a leagtar síos i ndlí an Aontais nó faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta, déanfaidh sé forbairt orthu, beidh sé comhoiriúnach leo agus seachnóidh sé dúbláil a dhéanamh orthu agus úsáidfidh sé an fhaisnéis arna cur ar fáil ag na córais faireachais agus faireacháin atá ann cheana a leagtar amach in Airteagal 11 de Threoir 92/43/CEE, in Airteagal 8 de Threoir 2000/60/CE agus in Airteagal 11 de Threoir 2008/56/CE;

    (d) déanfaidh sé na tionchair thrasteorann agus na gnéithe trasteorann ábhartha a chur san áireamh, a mhéid is féidir.

    Airteagal 15

    Rialuithe oifigiúla

    1.  Faoin 2 Eanáir 2016, beidh struchtúir bunaithe ag na Ballstáit, ar struchtúir iad a bheidh ag feidhmiú go hiomlán, chun na rialuithe oifigiúla is gá a chur i gcrích chun cosc a chur ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas a thabhairt isteach san Aontas d’aonghnó. Beidh feidhm ag na rialuithe oifigiúla sin maidir le catagóirí na n-earraí atá faoi chuimsiú chóid na hAinmníochta Comhcheangailte a ndéantar tagairt dóibh i liosta an Aontais, de bhun Airteagal 4(5).

    2.  Déanfaidh na húdaráis inniúla na rialuithe iomchuí rioscabhunaithe a chur i gcrích ar na hearraí a luaitear i mír 1 den Airteagal seo, ag fíorú an méid seo a leanas dóibh:

    (a) níl siad ar liosta an Aontais; nó

    (b) cumhdaítear iad le cead bailí mar a dtagraítear dó in Airteagal 8.

    3.  Déanfar na rialuithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear seiceálacha ar dhoiciméid, ar chéannacht agus nuair is gá, seiceálacha fisiceacha, nuair a thabharfar na hearraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo isteach san Aontas. I gcás ina ndéantar foráil cheana, le dlí an Aontais maidir le rialuithe oifigiúla ar leith ag eintitis teorann, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Treoir 91/496/CEE agus Treoir 97/78/CE nó ag pointí teacht isteach i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE, i gcomhair catagóirí na n-earraí sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit an fhreagracht as na rialuithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh ar na húdaráis inniúla a bhfuil na rialuithe sin de chúram orthu i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 nó le pointe (g) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2000/29/CE.

    4.  Maidir le láimhseáil na n-earraí i saorchriosanna nó i stórais shaora agus na hearraí dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi na nósanna imeachta custaim maidir le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíocht, iompar, stóráil custaim, próiseáil inmheánach, próiseáil faoi rialú na gcustam agus cead isteach sealadach, beidh siad faoi réir na nithe seo a leanas a dhearbhú chuig na húdaráis custaim:

    (a) an doiciméad teacht isteach ábhartha atá comhlánaithe go cuí ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo lena bhfianaítear go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcásanna ina ndearnadh na rialuithe ag eintitis teorann, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Treoir 91/496/CEE agus Treoir 97/78/CE nó ag pointí teacht isteach i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2000/29/CE. Caithfear an nós imeachta custaim a luaitear ann a leanúint; nó

    (b) i gcás nach bhfuil earraí faoi réir rialuithe oifigiúla de réir dhlí an Aontais, fianaise dhoiciméadach eile go ndearnadh na rialuithe a raibh torthaí sásúla orthu agus an doiciméad teacht isteach ina dhiaidh sin.

    Féadtar na doiciméid sin a chur isteach go leictreonach freisin.

    5.  Más rud é, leis na rialuithe, go suitear nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh:

    (a) déanfaidh na húdaráis custaim cur faoi nós imeachta custaim na n-earraí a chur ar fionraí nó coinneoidh siad na hearraí;

    (b) coinneoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3 na hearraí.

    I gcás ina gcoinneofar earraí, cuirfear iad faoi chúram an údaráis inniúil a bheidh i gceannas an Rialachán seo a chur chun feidhme. Gníomhóidh an t-údarás sin i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit feidhmeanna sonracha a tharmligean chuig údaráis eile.

    6.  Na costais arna dtabhú fad le linn an fíorú a dhéanamh agus na costais a eascraíonn as neamh-chomhlíonadh, beidh siad ar chostas an duine nádúrtha nó an duine dlítheanaigh laistigh den Aontas a thug na hearraí isteach san Aontas, seachas i gcás ina gcinneann an Ballstát lena mbaineann a mhalairt.

    7.  Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta ar bun chun malartú faisnéise ábhartha a áirithiú agus comhordú agus comhar éifeachtúil, éifeachtach idir na húdaráis rannpháirteacha uile atá bainteach leis an bhfíorú dá dtagraítear i mír 2.

    8.  Bunaithe ar dhea-chleachtais, déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit uile, treoirlínte agus cláir oiliúna a fhorbairt chun aithint agus brath na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas agus feidhmíocht rialuithe éifeachtúla, éifeachtacha a éascú.

    9.  I gcás inar eisíodh ceadanna i gcomhréir le hAirteagal 8, déanfar tagairt sa dearbhú custaim nó sna fógraí ábhartha chuig an eintiteas teorann do cheadúnas bailí lena gcumhdaítear na hearraí atá dearbhaithe.

    Airteagal 16

    Fógraí luathbhraith

    1.  Bainfidh na Ballstáit úsáid as an gcóras faireachais a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 14 agus as an bhfaisnéis a bhailítear ag rialuithe oifigiúla dá bhforáiltear in Airteagal 15 chun luathbhrath thabhairt isteach nó láithreacht speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas don Aontas a dheimhniú.

    2.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra, i scríbhinn, don Choimisiún gan mhoill faoi luathbhrath láithreacht speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas agus cuirfidh sé na Ballstáit eile ar an eolas, go háirithe maidir leis an méid seo:

    (a) láithreacht, ar a gcríoch nó ar chuid dá gcríoch, aon speicis atá ar liosta an Aontais, nárbh eol é a bheith ann roimhe sin ina gcríoch nó i gcuid dá gcríoch;

    (b) teacht ar ais ar a gcríoch nó ar chuid dá gcríoch aon speicis atá ar liosta an Aontais, tar éis gur tuairiscíodh é a bheith díothaithe.

    Airteagal 17

    Díothú mear ag céim luath den ionradh

    1.  Tar éis an luathbhraith agus laistigh de thrí mhí tar éis an fógra luathbhraith dá dtagraítear in Airteagal 16 a tharchur, cuirfidh na Ballstáit bearta um dhíothú i bhfeidhm agus tabharfaidh siad fógra faoi na bearta sin don Choimisiún agus cuirfidh siad na Ballstáit eile ar an eolas fúthu.

    2.  Agus bearta um dhíothú á gcur i bhfeidhm acu, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na modhanna atá in úsáid éifeachtúil le díothú iomlán líon na speiceas coimhthíoch ionrach lena mbaineann a bhaint amach, ag féachaint go cuí do shláinte an duine agus don chomhshaol, go háirithe do speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu agus na gnáthóga atá acu, agus chun a áirithiú go spáráiltear na hainmhithe ar aon phian, anacra nó fulaingt atá inseachanta.

    3.  Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar éifeachtacht an díothaithe. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an gcóras faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 14 chuige seo. Leis an bhfaireachán, déanfar measúnú ar an tionchar ar na speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu, de réir mar is iomchuí.

    4.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi éifeachtacht na mbeart a rinneadh agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún nuair a bheidh díothú déanta ar líon de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas. Cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil freisin do Bhallstáit eile.

    Airteagal 18

    Maoluithe ó oibleagáid an díothaithe mhear

    1.  Féadfaidh Ballstát a chinneadh, bunaithe ar fhianaise dhaingean eolaíoch, agus laistigh de dhá mhí tar éis speiceas coimhthíoch ionrach dá dtagraítear in Airteagal 16 a bhrath, gan bearta um dhíothú a chur i bhfeidhm má chomhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

    (a) taispeántar nach bhfuil díothú indéanta go teicniúil ós rud é nach féidir na modhanna díothaithe atá ar fáil a chur i bhfeidhm sa timpeallacht ina bhfuil an speiceas coimhthíoch ionrach bunaithe;

    (b) léiríonn anailís costais agus sochair ar bhonn na sonraí atá ar fáil le cinnteacht réasúnach go mbeidh na costais, san fhadtéarma, go heisceachtúil ard agus díréireach i ndáil le sochair an díothaithe;

    (c) níl modhanna díothaithe ar fáil nó tá siad ar fáil ach tá tionchar diúltach an-tromchúiseach acu ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol nó ar speicis eile.

    Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra i scríbhinn don Choimisiún, gan mhoill, faoina chinneadh. Beidh an fhianaise ar fad dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír ag gabháil leis an bhfógra.

    2.  Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an cinneadh ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 a dhiúltú, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach ansin.

    3.  Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2). Cuirfear na dréachtghníomhartha cur chun feidhme faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 27(1) laistigh de dhá mhí ó fhógra an Bhallstáit a fháil.

    4.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta imshrianta i bhfeidhm chun leathadh breise an speicis choimhthígh ionraigh go dtí Ballstáit eile a sheachaint, nuair nach gcuirfear bearta um dhíothú i bhfeidhm, de bhun mhír 1.

    5.  I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún do chinneadh ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta díothaithe dá dtagraítear in Airteagal 17 a chur i bhfeidhm gan mhoill.

    6.  I gcás nach ndiúltóidh an Coimisiún do chinneadh ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, beidh an speiceas coimhthíoch ionrach faoi réir na mbeart bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 19.



    CAIBIDIL IV

    BAINISTIÚ NA SPEICEAS COIMHTHÍOCH IONRACH ATÁ LEATA GO FAIRSING

    Airteagal 19

    Bearta bainistíochta

    1.  Faoi 18 mí ar a dhéanaí ón uair a chuirtear speiceas coimhthíoch ionrach ar liosta an Aontais, beidh bearta bainistíochta éifeachtacha i bhfeidhm ag na Ballstáit do na speicis choimhthíocha ionracha sin is ábhar imní don Aontas a fuair na Ballstáit a bheith leata go fairsing ar a gcríoch, ionas go ndéanfar a dtionchar ar bhithéagsúlacht, ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar a íoslaghdú.

    Beidh na bearta bainistíochta sin comhréireach leis an tionchar ar an gcomhshaol agus oiriúnach do chúinsí sonracha na mBallstát, bunófar iad ar anailís ar chostais agus ar shochair agus cuimseofar iontu freisin na bearta um athchóiriú dá dtagraítear in Airteagal 20, a mhéid is féidir. Cuirfear in ord tosaíochta iad bunaithe ar an measúnú riosca agus ar a n-éifeachtúlacht costais.

    2.  Ar na bearta bainistíochta beidh gníomhaíochtaí marfacha nó neamh-mharfacha, fisiceacha, ceimiceacha nó bitheolaíochta atá dírithe ar líon speiceas coimhthíoch ionrach a dhíothú, a rialú nó a imshrianadh. Nuair is iomchuí, ar na bearta bainistíochta beidh gníomhaíochtaía a chuirfear i bhfeidhm ar an éiceachóras agus a bheidh dírithe ar a athléimneacht in aghaidh ionraí reatha agus ionraí amach anseo a mhéadú. Féadfar úsáid tráchtála na speiceas coimhthíoch ionrach atá bunaithe cheana a cheadú go sealadach mar chuid de na bearta bainistíochta atá dírithe ar líon speiceas coimhthíoch ionrach a dhíothú, a rialú nó a imshrianadh, faoi bhonn cirt dian agus ar an gcoinníoll go bhfuil na rialuithe iomchuí uile i bhfeidhm chun leathadh breise a sheachaint.

    3.  Agus bearta bainistíochta á gcur i bhfeidhm acu agus le linn modhanna a bheidh le húsáid á roghnú acu, tabharfaidh Ballstáit aird chuí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol go háirithe i ndáil le speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu agus a ngnáthóga, agus áiritheoidh siad, nuair a dhírítear ar ainmhithe, go ndéanfar iad a spáráil ar aon phian, anacra nó fulaingt, gan éifeachtacht na mbeart bainistíochta a mhaolú.

    4.  Ceapfar agus úsáidfear an córas faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 14 chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht díothaithe, rialaithe ar líon nó bhearta imshrianta chun an tionchar ar bhithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, agus i gcás inarb infheidhme, ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar a íoslaghdú. Leis an bhfaireachán, déanfar measúnú freisin ar an tionchar ar na speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu, de réir mar is iomchuí.

    5.  I gcás ina bhfuil riosca suntasach ann go leathfaidh speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas chuig Ballstát eile, tabharfaidh na Ballstáit a bhfuil an speiceas sin iontu fógra láithreach do na Ballstáit eile agus don Choimisiún. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann bearta bainistíochta atá aontaithe go comhpháirteach a bhunú. I gcás ina bhféadfadh tríú tíortha dul faoi thionchar an leata, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann a dhícheall na tríú tíortha lena mbaineann a chur ar an eolas.

    Airteagal 20

    Athchóiriú na n-éiceachóras damáistithe

    1.  Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí um athchóiriú chun cabhrú le téarnamh éiceachórais a bhí díghrádaithe, damáistithe nó scriosta ag speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas, mura léiríonn anailís costais agus sochair ar bhonn na sonraí atá ar fáil le cinnteacht réasúnach, go mbeidh costais na mbeart sin ard agus díréireach i ndáil le sochair an athchóirithe.

    2.  Ar na bearta um athchóiriú dá dtagraítear i mír 1, beidh ar a laghad an méid seo a leanas:

    (a) bearta chun cur le cumas éiceachórais atá ar a ris do shuaitheadh, mar thoradh ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas a bheith ann, seasamh in aghaidh thionchar an tsuaite, é a ionsú, dul in oiriúint dó agus téarnamh uaidh;

    (b) bearta a chuideoidh le hathionradh tar éis feachtais um dhíothú a chosc.



    CAIBIDIL V

    FORÁLACHA COTHROMÁNACHA

    Airteagal 21

    Gnóthú costas

    I gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus gan dochar do Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit díriú ar ghnóthú chostais na mbeart is gá chun tionchar diúltach na speiceas coimhthíoch ionrach a chosc, a íoslaghdú nó a mhaolú, lena n-áirítear costais chomhshaoil agus acmhainní mar aon leis an gcostas athchóirithe.

    Airteagal 22

    Comhar agus comhordú

    1.  Déanfaidh na Ballstáit, agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo i ndáil le speicis choimhthíocha ionracha á gcomhlíonadh acu, a seacht ndícheall dlúth-chomhordú a áirithiú leis na Ballstáit uile lena mbaineann agus, i gcás inar praiticiúil agus inarb iomchuí, struchtúir atá ann cheana féin a thig as comhaontuithe réigiúnacha nó idirnáisiúnta a úsáid. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann iarracht comhordú a áirithiú leis na Ballstáit eile a bhfuil na nithe seo a leanas acu freisin:

    (a) na fo-réigiúin mhuirí chéanna i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 2008/56/CE, maidir le speicis mhuirí;

    (b) an réigiún bithgheografach céanna i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (c) d’Airteagal 1 de Threoir 92/43/CEE, maidir le speicis neamh-mhuirí;

    (c) na teorainneacha céanna;

    (d) an abhantrach chéanna i gcomhréir le pointe (13) d’Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE, maidir le speicis fhionnuisce; nó

    (e) aon ábhar imní eile is coiteann.

    Arna iarraidh sin do na Ballstáit atá rannpháirteach, gníomhóidh an Coimisiún chun an comhordú a éascú.

    2.  Déanfaidh na Ballstáit, agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, a seacht ndícheall oibriú i gcomhar le tríú tíortha, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear struchtúir atá ann cheana féin a thig as comhaontuithe réigiúnacha nó idirnáisiúnta a úsáid, chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

    3.  Féadfaidh na Ballstáit forálacha, amhail na cinn sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a chur i bhfeidhm freisin d’fhonn comhordú agus comhar le Ballstáit ábhartha eile a áirithiú maidir le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát agus a shainaithnítear i liostaí náisiúnta a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 12(1). Féadfaidh na Ballstáit sásraí comhair a bhunú freisin ar an leibhéal iomchuí i dtaca leis na speicis choimhthíocha ionracha sin. Féadfar a áireamh i sásraí den sórt sin faisnéis agus sonraí a mhalartú, pleananna gníomhaíochta maidir le conairí agus dea-chleachtais a mhalartú i ndáil le speicis choimhthíocha ionracha a bhainistiú, a rialú agus a dhíothú, córais agus luathrabhaidh agus cláir a bhaineann le feasacht phoiblí nó le hoideachas.

    Airteagal 23

    Rialacha náisiúnta níos déine

    Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta níos déine a choimeád ar bun nó a leagan síos agus é mar aidhm acu tabhairt isteach, bunú agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc. Beidh na bearta sin comhoiriúnach le CFAE agus cuirfear an Coimisiún ar an eolas fúthu i gcomhréir le dlí an Aontais.



    CAIBIDL VI

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 24

    Tuairisciú agus athbhreithniú

    1.  Faoin 1 Meitheamh 2019, agus gach sé bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a nuashonrú agus a sheoladh chuig an gCoimisiún:

    (a) tuairisc ar an gcóras faireachais de bhun Airteagal 14 agus ar an gcóras um rialú oifigiúil ar speicis choimhthíocha a thagann isteach san Aontas de bhun Airteagal 15, nó leagan nuashonraithe di;

    (b) dáileadh an speicis choimhthígh ionraigh is ábhar imní don Aontas, nó is ábhar imní ar bhonn réigiúnach, agus atá ina gcríoch, i gcomhréir le hAirteagal 11(2), lena n-áirítear faisnéis faoi phatrúin imirce nó atáirgthe;

    (c) faisnéis faoi na speicis a mheastar mar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát de bhun Airteagal 12 (2);

    (d) na pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2);

    (e) faisnéis chomhiomlán a chumhdaíonn an chríoch náisiúnta iomlán maidir leis na bearta um dhíothú a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 17, na bearta bainistíochta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 19, agus a n-éifeachtacht, chomh maith lena dtionchar ar speicis nach speicis a dhírítear orthu iad;

    (f) líon na gceadanna dá dtagraítear in Airteagal 8 agus an chúis ar eisíodh iad;

    (g) bearta a glacadh chun an pobal a chur ar an eolas i dtaca le speiceas coimhthíoch ionrach a bheith i láthair agus aon ghníomhaíochtaí a iarradh ar shaoránaigh a ghlacadh;

    (h) na cigireachtaí a cheanglaítear faoi Airteagal 8(8); agus

    (i) faisnéis faoi chostas na gníomhaíochta a dhéantar chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, má bhíonn sí ar fáil.

    2.  Faoin 5 Samhain 2015, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus cuirfidh siad na Ballstáit eile ar an eolas faoi na húdaráis inniúla atá i gceannas ar an Rialachán seo a chur chun feidhme.

    3.  Faoin 1 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo lena n-áirítear liosta an Aontais, na pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2), an córas faireachais, rialuithe custaim, an oibleagáid um dhíothú agus na hoibleagáidí bainistithe, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a bhféadfaidh tograí reachtacha chun an Rialachán seo a leasú a bheith ag gabháil léi, lena n-áirítear athruithe ar liosta an Aontais. Leis an athbhreithniú sin, scrúdófar freisin éifeachtacht na bhforálacha cur chun feidhme maidir le speicis choimhthíocha is ábhar imní ar bhonn réigiúnach, an gá atá leis an speiceas atá dúchasach don Aontas a áireamh i liosta an Aontais agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh agus an bhfuil gá le comhchuibhiú breise chun éifeachtacht na bpleananna gníomhaíochta agus na mbeart arna ndéanamh ag na Ballstáit a mhéadú.

    4.  Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú d’fhonn oibleagáidí tuairiscithe a shimpliú agus a shruthlíniú do na Ballstáit i ndáil leis an bhfaisnéis de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

    Airteagal 25

    Córas tacaíochta faisnéise

    1.  Bunóidh an Coimisiún de réir a chéile córas tacaíochta faisnéise is gá chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú.

    2.  Faoin 2 Eanáir 2016 áireofar sa chóras sin sásra tacaíochta sonraí a idirnascfaidh na córais sonraí atá ann cheana maidir le speicis choimhthíocha ionracha, agus tabharfar aird ar leith ar fhaisnéis ar na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas chun an tuairisciú de bhun Airteagal 24 a éascú.

    An sásra tacaíochta sonraí dá dtagraítear sa chéad fomhír, tiocfaidh sé chun bheith ina uirlís a chuideoidh leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit na fógraí ábhartha a cheanglaítear le hAirteagal 16(2) a láimhseáil.

    3.  Faoin 2 Eanáir 2019, tiocfaidh an sásra tacaíochta sonraí dá dtagraítear i mír 2 chun bheith ina shásra chun faisnéis maidir le gnéithe eile den Rialachán seo a mhalartú.

    Féadfaidh sé freisin go n-áireofar faisnéis ann i ndáil le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát, agus i ndáil le conairí, le measúnú riosca agus le bearta bainistíochta agus le bearta um dhíothú, nuair a bhíonn sí ar fáil.

    Airteagal 26

    Rannpháirtíocht an phobail

    I gcás ina mbíonn pleananna gníomhaíochta á mbunú de bhun Airteagal 13 den Rialachán seo agus ina mbíonn bearta bainistíochta i bhfeidhm de bhun Airteagal 19 den Rialachán seo, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar deiseanna luatha, éifeachtacha don phobal a bheith rannpháirteach in ullmhú, i modhnú nó in athbhreithniú na mbeart sin, ag baint úsáide as na socruithe a chinn na Ballstáit cheana féin, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 2(3) de Threoir 2003/35/CE.

    Airteagal 27

    An Coiste

    1.  Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin agus féadfaidh sé cúnamh a fháil agus é i mbun a chúraimí ón bhfóram um an eolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 28.

    2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.  I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 28

    An fóram um an eolaíocht

    Áiritheoidh an Coimisiún rannpháirtíocht ionadaithe ó phobal na heolaíochta a cheap na Ballstáit i gcomhairle a sholáthar maidir le haon cheist eolaíoch a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe i ndáil le hAirteagal 4, Airteagal 5, Airteagal 10 agus Airteagal 18. Tiocfaidh na hionadaithe le chéile i bhfóram um an eolaíocht. Bunóidh an Coimisiún rialacha nós imeachta an fhóraim sin.

    Airteagal 29

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.  Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún.

    2.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(3) go ceann tréimhse cúig bliana ón 1 Eanáir 2015. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) a chúlghairm aon tráth. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

    5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an dara fomhír d’Airteagal 5(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh an tréimhse éaga, go mbeidh curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 30

    Pionóis

    1.  Leagfaidh na Ballstáit na forálacha síos maidir le pionóis a bheidh infheidhme i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur i bhfeidhm.

    2.  Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    3.  Féadfar a áireamh ar na pionóis dá bhforáiltear, inter alia:

    (a) fíneálacha;

    (b) urghabháil na speiceas coimhthíoch ionrach neamh-chomhlíontach is ábhar imní don Aontas;

    (c) cead a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 8 a fhionraí nó a aistarraingt láithreach.

    4.  Faoin 2 Eanáir 2016, cuirfidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún agus déanfaidh siad amhlaidh, gan mhoill, maidir le haon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin.

    Airteagal 31

    Forálacha idirthréimhseacha le haghaidh úinéirí neamh-thráchtála

    1.  De mhaolú ar phointí (b) agus (d) d’Airteagal 7(1), úinéirí na n-ainmhithe coimhdeachta nach mbíonn á gcoimeád chun críocha tráchtála agus a bhaineann leis na speicis coimhthíocha ionracha atá ar liosta an Aontais, ba cheart go gceadófaí dóibh iad a choimeád go dtí deireadh shaol nádúrtha na n-ainmhithe, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    (a) gur coimeádadh na hainmhithe roimh iad a chur ar liosta an Aontais;

    (b) go gcoimeádtar na hainmhithe faoi choimeád imshrianta agus go gcuirtear gach beart iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil atáirgeadh ná éalú indéanta.

    2.  Glacfaidh na húdaráis inniúla gach beart réasúnta chun úinéirí neamhthráchtála a chur ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann leis na hainmhithe dá dtagraítear i mír 1 a choimeád agus faoi na bearta a bheidh le déanamh chun riosca an atáirgthe agus an éalaithe a íoslaghdú trí bhíthin clár oideachais agus clár um ardú feasachta a eagróidh na Ballstáit.

    3.  Maidir le húinéirí neamhthráchtála nach féidir leo a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, ní bheidh cead acu na hainmhithe lena mbaineann a choimeád. Féadfaidh na Ballstáit deis a thabhairt dóibh go dtógfaí a n-ainmhithe uathu. I gcás ina dtarlaíonn sé sin, tabharfar aird chuí ar leas na n-ainmhithe.

    4.  Féadfaidh na bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 na hainmhithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a choimeád nó féadfar iad a choimeád i saoráidí arna mbunú ag Ballstáit chun na críche sin.

    Airteagal 32

    Forálacha idirthréimhseacha maidir le stoic tráchtála

    1.  Maidir le coimeádaithe stoic tráchtála d’eiseamail de speicis choimhthíocha ionracha a fuarthas sular cuireadh ar liosta an Aontais iad, ceadófar a fhad le dhá bhliain dóibh, tar éis na speicis a chur ar an liosta sin, eiseamail bheo nó codanna inatáirgthe de na speicis sin a choimeád agus a iompar d’fhonn iad a dhíol nó a aistriú chuig na bunaíochtaí taighde nó caomhnaithe ex-situ agus chun críocha na ngníomhaíochtaí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 8, ar choinníoll go gcoinnítear agus go n-iompraítear na heiseamail faoi choimeád imshrianta agus go gcuirtear gach beart iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil atáirgeadh ná éalú indéanta; nó chun na heiseamail a mharú nó iad a dhealú ar bhealach daonnachtúil chun a stoc a dhísciú.

    2.  Ceadófar eiseamail bheo a dhíol nó a aistriú chuig úsáideoirí neamhthráchtála go ceann bliana amháin tar éis na speicis a chur ar liosta an Aontais, ar choinníoll go gcoimeádtar agus go n-iompraítear na heiseamail faoi choimeád imshrianta agus go gcuirtear gach beart iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil atáirgeadh ná éalú indéanta.

    3.  I gcás inar eisíodh cead i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) 708/2007 le haghaidh speicis dhobharshaothraithe a chuirtear ina dhiaidh sin ar liosta an Aontais, agus go dtéann ré an cheada thar an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tarraingeoidh an Ballstát an cead siar i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) 708/2007 faoi dheireadh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

    Airteagal 33

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2015.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



    ( 1 ) Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí., lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).

    ( 2 ) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

    ( 3 ) Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).

    Top