This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02014R0283-20180802
Regulation (EU) No 283/2014 of the European Parliament and of the Council of 11 March 2014 on guidelines for trans-European networks in the area of telecommunications infrastructure and repealing Decision No 1336/97/EC (Text with EEA relevance)
Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 11 Márta 2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 11 Márta 2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
02014R0283 — GA — 02.08.2018 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 283/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Márta 2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 086 21.3.2014, lch. 14) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2017/1953 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Deireadh Fómhair 2017 |
L 286 |
1 |
1.11.2017 |
|
RIALACHÁN (AE, Euratom) 2018/1046 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 18 Iúil 2018 |
L 193 |
1 |
30.7.2018 |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 283/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Márta 2014
maidir le treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
Airteagal 1
Ábhar
1. Leis an Rialachán seo leagtar síos treoirlínte maidir le himlonnú tráthúil agus idir-inoibritheacht tionscadal leasa choitinn i réimse na ngréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide.
2. Go háirithe, foráiltear leis an Rialachán seo maidir leis an méid seo:
(a) cuspóirí agus tosaíochtaí oibríochtúla tionscadal leasa choitinn,
(b) tionscadail leasa choitinn a shainaithint;
(c) na critéir ar dá réir a bheidh gníomhaíochtaí a chuirfidh le tionscadail leasa choitinn incháilithe do chúnamh airgeadais de chuid an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ina bhforbairt, a gcur chun feidhme, a n-imlonnú, a n-idirnascadh agus a n-idir-inoibritheacht;
(d) tosaíochtaí le haghaidh cistiúcháin do thionscadail leasa choitinn.
Airteagal 2
Sainmhínithe
1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán(AE) Uimh. 1316/2013.
2. Chun críocha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:
(a) ciallaíonn "bonneagar teileachumarsáide" líonraí leathanbhanda agus bonneagair na seirbhíse digití;
(b) ciallaíonn "bonneagair na seirbhíse digití" bonneagair lenar féidir seirbhísí líonraithe a sheachadadh go leictreonach, tríd an idirlíon de ghnáth, lena soláthraítear seirbhísí idir-inoibritheacha tras-Eorpacha leasa choitinn do shaoránaigh, gnólachtaí agus/nóúdaráis phoiblí, agus atá comhdhéanta d'ardáin chroísheirbhíse agus de sheirbhísí cineálacha;
(c) ciallaíonn "bloic thógála" bonneagair bhunúsacha na seirbhíse digití, gur príomh-áisitheoirí iad as a mbainfear úsáid arís i mbonneagair na seirbhíse digití níos casta;
(d) ciallaíonn "ardáin chroísheirbhíse" moil lárnacha bhonneagair na seirbhíse digití arb é is aidhm leo idirnascthacht thras-Eorpach, rochtain agus idir-inoibritheacht a áirithiú agus ar ardáin chroísheirbhíse iad atá ar oscailt do na Ballstáit agus a fhéadfaidh bheith ar oscailt d'eintitis eile freisin;
(e) ciallaíonn "seirbhísí cineálacha" seirbhísí tairseach a nascann bonneagar náisiúnta amháin nó níos mó le hardán croísheirbhíse nó le hardáin chroísheirbhíse mar aon le seirbhísí a chuireann le cumas bonneagair seirbhíse digití trí rochtain ar áiseanna ríomhaireachta, stórála agus bainistíochta sonraí a sholáthar;
(f) ciallaíonn "líonraí leathanbhanda" líonraí rochtana sreangaithe agus gan sreang, bonneagar coimhdeach agus croíghréasáin atá in ann nascacht thar a bheith tapa a sheachadadh;
(g) ciallaíonn "gníomhaíochtaí cothrománacha" staidéir agus gníomhaíochtaí tacaíochta cláir mar a shainítear i bpointe (6) agus i bpointe (7) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, faoi seach;
(h) ciallaíonn "lárphointe rochtana áitiúil gan sreang" trealamh beag ísealchumhachta a fheidhmíonn laistigh de raon beag, agus a úsáideann, ar bhonn neamheisiach, speictream raidió a bhfuil na coinníollacha maidir lena infhaighteacht agus a úsáid éifeachtach chun na críche sin comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, agus lenar féidir le húsáideoirí líonra cumarsáide leictreonaí a rochtain gan sreang.
Airteagal 3
Cuspóirí
1. Rannchuideoidh na tionscadail leasa choitinn leis na cuspóirí ginearálta a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a bhaint amach.
2. Anuas ar na cuspóirí ginearálta, déanfaidh na tionscadail leasa choitinn ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha seo a leanas a shaothrú:
(a) borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus tacaíocht a thabhairt an margadh inmheánach a chur i gcrích agus a fheidhmiú ar mhaithe le hiomaíochas gheilleagar na hEorpa, lena n-áirítear iomaíochas fiontar beag agus meánmhéide (FBManna).
(b) feabhas a chur ar shaol laethúil na saoránach, na ngnólachtaí agus na n-údarás poiblí ar gach leibhéal trí líonraí leathanbhanda a chur chun cinn, mar aon le hidirnascthacht agus le hidir-inoibritheacht na líonraí leathanbhanda náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus trí rochtain neamh-idirdhealaitheach ar líonraí den sórt sin agus an cuimsiú digiteach a chur chun cinn.
3. Trí bhíthin na dtosaíochtaí oibríochtúla seo a leanas cuideofar na spriocanna dá dtagraítear i mír (1) agus i mír (2) a bhaint amach:
(a) idir-inoibritheacht, idirnascthacht, imlonnú inbhuanaithe, oibriú agus uasghrádú bhonneagair thras-Eorpacha na seirbhíse digití, mar aon le comhordú ar an leibhéal Eorpach;
(b) sreabhadh éifeachtúil infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí chun imlonnú agus nuachóiriú líonraí leathanbhanda a spreagadh d'fhonn rannchuidiú leis na spriocanna maidir le leathanbhanda atá sa Chlár Oibre Digiteach don Eoraip a bhaint amach.
Airteagal 4
Tionscadail leasa choitinn
1. Le tionscadail leasa choitinn déanfar an méid seo a leanas, go háirithe:
(a) féachfar le hardáin chroísheirbhíse a chruthú agus/nó a fheabhsú, a bheadh idir-inoibritheach agus, aon uair is féidir, comhoiriúnach go hidirnáisiúnta, maille le seirbhísí cineálacha le haghaidh bhonneagair na seirbhísí digití;
(b) dóigheanna éifeachtúla a chur ar fáil le hinfheistíocht a dhéanamh sna líonraí leathanbhanda, catagóirí nua infheisteoirí agus tionscnóirí tionscadal a mhealladh, agus in-mhacashamhailteacht tionscnamh agus samhlacha gnó a spreagadh;
(c) tacú le nascacht áitiúil gan sreang ar ardchaighdeán atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar i bpobail áitiúla.
2. Féadfaidh tionscadail leasa choitinn a dtimthriall iomlán a chuimsiú, lena n-áirítear staidéir féidearthachta, cur chun feidhme, feidhmiú agus uasghrádú leanúnach, comhordú agus meastóireacht.
3. Féadfar gníomhaíochtaí cothrománacha a úsáid chun tacú le tionscadail leasa choitinn.
4. Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar thionscadail leasa choitinn, agus ar gníomhaíochtaí a rannchuidíonn leo, san Iarscríbhinn.
Airteagal 5
Modhanna idirghabhála
1. I réimse bhonneagair na seirbhíse digití, is é an tAontas go príomha a chuirfidh chun feidhme ardáin chroísheirbhíse, ach is iad na páirtithe a bheidh á nascadh leis an ardán croísheirbhíse ábhartha a chuirfidh seirbhísí cineálacha chun feidhme. Is í an earnáil phríobháideach is mó a dhéanfaidh infheistíocht i líonraí leathanbhanda, agus tabharfar tacaíocht di trí chreat rialála iomaíoch atá fabhrach don infheistíocht. Ní thabharfar tacaíocht phoiblí le haghaidh líonraí leathanbhanda ach i gcás teipeanna margaidh nó infheistíocht fho-optamach a bheith ann.
2. Déanfar na Ballstáit agus eintitis eile atá i gceannas ar chur chun feidhme tionscadal leasa choitinn nó a rannchuidíonn lena gcur chun feidhme a spreagadh chun na bearta is gá a dhéanamh chun cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a éascú. Déanfar an cinneadh críochnaitheach maidir le cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn a bhaineann le críoch Ballstáit tar éis cheadú an Bhallstáit sin.
3. Gníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn, ar gníomhaíochtaí iad a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo, beidh siad incháilithe do chúnamh airgeadais de chuid an Aontais faoi na coinníollacha agus faoi na hionstraimí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013. Soláthrófar cúnamh airgeadais i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta ábhartha arna nglacadh ag an Aontas, de réir na dtosaíochtaí cistithe a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo, agus infhaighteacht acmhainní, agus riachtanais sonracha tairbhithe á gcur san áireamh.
4. Tacófar le gníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn i réimse bhonneagair na seirbhísí digiteacha leis an méid seo a leanas:
(a) soláthar;
(b) deontais; agus/nó
(c) na hionstraimí airgeadais dá bhforáiltear i mír 5.
4a. An ranníocaíocht fhoriomlán ó bhuiséad an Aontais le haghaidh ionstraimí airgeadais do bhonneagair seirbhíse digití dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4 den Airteagal seo, ní rachaidh sí thar 10 % den chlúdach airgeadais d’earnáil na teileachumarsáide dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.
5. Tacófar le gníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn i réimse na líonraí leathanbhanda leis an méid seo a leanas:
(a) ionstraimí airgeadais de réir an tsainmhínithe i Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, ar féidir ranníocaíochtaí a chur leo ó earnálacha eile de chuid SCE, ionstraimí, cláir agus línte buiséid eile i mbuiséad an Aontais, na Ballstáit, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus aon infheisteoirí eile, lena n-áirítear infheisteoirí príobháideacha i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013; agus/nó
(b) ionstraimí airgeadais agus deontais ó fhoinsí poiblí seachas SCE, bídís ina bhfoinsí poiblí de chuid an Aontais nó ina bhfoinsí náisiúnta, a chomhcheangal.
5a. Tacófar le gníomhaíochtaí a rannchuideoidh le tionscadail leasa choitinn a bhaineann le nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar i bpobail áitiúla trí bhíthin na nithe seo a leanas:
(a) deontais; agus/nó
(b) cineálacha eile cúnaimh airgeadais, gan ionstraimí airgeadais a áireamh.
6. Tacófar le gníomhaíochtaí cothrománacha leis an méid seo a leanas:
(a) soláthar agus/nó
(b) deontais.
7. Ní bheidh méid iomlán an bhuiséid a leithdháiltear ar ionstraimí airgeadais le haghaidh líonraí leathanbhanda níos mó ná an t-íosmhéid is gá chun idirghabhálacha cost-éifeachtúla a bhunú a chinnfear ar bhonn measúnuithe ex-ante mar a thagraítear dóibh in Airteagal 14(1)de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.
Suas le 15 % den imchlúdach airgeadais d'earnáil na teileachumarsáide dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a bheidh sa mhéid sin.
8. Féachfaidh an tríú cuid ar a laghad de na tionscadail leathanbhanda a fhaigheann cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo le luasanna leathanbhanda os cionn 100 Mbps a chur ar fáil.
9. Mar thoradh ar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 8(3), féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an méid a cinneadh i gcomhréir le mír 3d den Airteagal seo agus cionmhaireacht na dtionscadal dá dtagraítear i mír 3e den Airteagal seo a athbhreithniú, ar thogra ón gCoimisiún,.
10. I gcás ina gcomhlánaíonn tacaíocht ó SCE tacaíocht ó Chistí SIE agus tacaíocht phoiblí dhíreach eile, féadfar sineirgí idir gníomhaíochtaí de chuid SCE agus tacaíocht ó chistí SIE a neartú trí shásra comhordaithe cuí a úsáid.
Airteagal 6
Critéir incháilitheachta agus tosaíochtaí maidir le cistiúchán
1. Gníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn i réimse bhonneagair na seirbhíse digití, ní mór dóibh na coinníollacha uile seo a leanas go léir a chomhlíonadh le bheith incháilithe do chistiúchán:
(a) bheith aibí a ndóthain lena n-imlonnú, agus é sin a bheith cruthaithe le píolótú rathúil go háirithe, faoi chláir amhail cláir de chuid an Aontais a bhaineann le nuálaíocht agus taighde;
(b) cur le beartais agus le gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a thacaíonn leis an margadh inmheánach;
(c) breisluach Eorpach a chruthú agus straitéis a leagan amach agus pleanáil le haghaidh inbhuanaitheachta fadtéarmaí, nuair is ábhartha, trí fhoinsí cistiúcháin seachas SCE; agus beidh a cáilíocht siúd le léiriú le measúnú féidearthachta agus costais is tairbhe. Déanfar an straitéis sin a nuashonrú nuair is iomchuí;
(d) caighdeáin idirnáisiúnta agus/nó Eorpacha a chomhlíonadh, nó sonraíochtaí agus treoshuímh oscailte le haghaidh idir-inoibritheachta a chomhlíonadh, amhail an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta agus leas a bhaint as réitigh atá ann cheana.
2. Roghnófar gníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn ó thaobh bonneagar na seirbhíse digití a bheidh le cistiú faoi SCE, agus socrófar leibhéal an chistithe sin, mar chuid de chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.
3. Bloic thógála atá riachtanach maidir le bonneagair eile de chuid na seirbhíse digití mar a liostaítear i Roinn 1.1 den Iarscríbhinn a fhorbairt, a imlonnú agus a oibriú, agus ar féidir a léiriú gur dealraitheach go n-úsáidfear iad chuige sin, tabharfar barrthosaíocht dóibh ó thaobh cistiúcháin.
4. Tabharfar an dara tosaíocht do bhonneagair eile na seirbhíse digití atá mar thaca le dlí an Aontais, le beartais an Aontais agus le cláir an Aontais, mar a liostaítear i Roinn 1.2(a) agus i Roinn 1.2(b) den Iarscríbhinn iad agus, más féidir, beidh siad bunaithe ar na bloic thógála atá ann cheana.
5. Beidh tús áite ag an tacaíocht a thabharfar do na hardáin chroísheirbhíse ar sheirbhísí cineálacha.
6. Ar bhonn na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, féadfar critéir bhreise incháilitheachta agus tosaíochta i réimse bhonneagair na seirbhíse digití a shocrú leis an gcur síos ar na tionscadail leasa choitinn agus an buiséad atá ar fáil á chur san áireamh, agus leis na cláir oibre bliantúla agus ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.
7. Comhlíonfaidh ghníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn i réimse na líonraí leathanbhanda na critéir uile seo a leanas le bheith incháilithe do chistiúchán:
(a) rannchuideoidh siad go suntasach le cuspóirí an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip a bhaint amach;
(b) beidh siad aibí a ndóthain a fhad a bhaineann le forbairt tionscadail agus céimeanna ullmhúcháin, agus sásraí cur chun feidhme éifeachtacha a bheith ag tacú leo;
(c) tabharfaidh siad aghaidh ar theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamaí;
(d) ní bheidh saobhadh ar an margadh nó ní dhéanfar infheistíocht phríobháideach a phlódú mar gheall orthu;
(e) bainfidh siad leas as teicneolaíocht a mheastar a bheith ar an teicneolaíocht is oiriúnaí le dul i ngleic le riachtanais an limistéir gheografaigh atá i gceist, agus tosca geografacha, sóisialta agus eacnamaíocha á gcur san áireamh bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus de réir na neodrachta teicneolaíche;
(f) an teicneolaíocht is fearr a oirfeadh do thionscadal sonrach a imlonnú, agus an chothromaíocht is fearr idir teicneolaíochtaí úrscothacha ó thaobh acmhainn sreafa sonraí, slándáil tarchuir, athléimneacht líonraí agus éifeachtúlacht ó thaobh costas de á moladh acu;
(g) ardacmhainn in-mhacasamhlaitheachta a bheith iontu agus/nó a bheith bunaithe ar shamhlacha gnó nuálacha.
8. Ní bheidh na critéir dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 5 den Airteagal seo ina gceanglas i gcás tionscadal arna gcistiú ó ranníocaíochtaí imfhálaithe breise a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013.
8a. Maidir le gníomhaíochtaí a rannchuideoidh le tionscadail leasa choitinn a bhaineann le nascacht idirlín áitiúil ar ardchaighdeán gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar i bpobail áitiúla, ní mór dóibh na coinníollacha a leagtar amach i Roinn 4 den Iarscríbhinn a chomhlíonadh le bheith incháilithe don chistiú.
9. Comhlíonfaidh gníomhaíochtaí cothrománacha ceachtar de na critéir seo a leanas le bheith incháilithe do chistiúchán.
(a) ullmhóidh siad gníomhaíochtaí cur chun feidhme nó tacóidh siad leo ó thaobh iad a imlonnú, a rialú agus ó thaobh aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn maidir lena gcur chun feidhme;
(b) cruthóidh siad éileamh nua ar bhonneagair na seirbhíse digití.
Airteagal 7
Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta
1. Féadfaidh an tAontas teagmhálacha a bhunú, faisnéis a phlé agus a mhalartú, agus oibriú i gcomhar le húdaráis phoiblí nó le haon eagraíochtaí eile i dtríú tíortha chun aon chuspóir atá á shaothrú leis an Rialachán seo a bhaint amach. I dteannta cuspóirí eile, déanfar iarracht leis an gcomhar seo an idir-inoibritheacht idir líonraí i réimse an bhonneagair teileachumarsáide san Aontas agus líonraí comhchosúla i dtríú tíortha a chur chun cinn.
2. Féadfaidh tíortha i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), a bheith rannpháirteach san earnáil de SCE a chumhdaíonn bonneagar teileachumarsáide i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gComhaontú LEE.
3. De mhaolú ar Airteagal 8(3) agus ar Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, féadfaidh Stáit aontacha agus tíortha is iarrthóirí a bhfuil tairbhe á bhaint acu as straitéis réamhaontachais páirt a ghlacadh in earnáil SCE a chumhdaíonn bonneagar teileachumarsáide i gcomhréir le comhaontuithe a shínítear leis an Aontas.
4. Chun críocha rannpháirtíocht thíortha CSTE, measfar gur clár ar leithligh é earnáil SCE a chumhdaíonn bonneagar teileachumarsáide.
Airteagal 8
Malartú faisnéise, faireachán agus tuairisciú
1. Ar bhonn na faisnéise a fuarthas faoin tríú mír d’Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, malartóidh Ballstáit agus an Coimisiún faisnéis agus dea-chleachtais i ndáil leis an dul chun cinn a bheidh déanta i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear úsáid ionstraimí airgeadais. I gcás inarb iomchuí, beidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha de chuid na mBallstát rannpháirteach sa phróiseas. Foilseoidh an Coimisiún forléargas bliantúil den fhaisnéis sin agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle é.
2. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Grúpa Saineolaithe, comhdhéanta d'ionadaí ó gach Ballstát, agus cuideoidh an Grúpa Saineolaithe leis an gCoimisiún. Go háirithe, cuideoidh an Grúpa Saineolaithe leis an gCoimisiún i ndáil leis na nithe seo a leanas:
(a) faireachán a dhéanamh an Rialachán sin agus é a chur chun feidhme;
(b) pleananna náisiúnta nó straitéisí náisiúnta a chur san áireamh, más infheidhme;
(c) bearta a dhéanamh chun meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár oibre ar an leibhéal airgeadais agus teicniúil;
(d) aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn maidir le tionscadail a chur chun feidhme.
(e) treoshuímh straitéiseacha a shainiú sula ndréachtófar na cláir oibre bliantúla agus ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, agus aird ar leith á tabhairt do ghníomhaíochtaí a chuidíonn le tionscadail leasa choitinn a roghnú agus a aistarraingt agus do bhriseadh síos an bhuiséid a chinneadh, mar aon leis an athbhreithniú ar na cláir oibre sin.
3. Féadfaidh an Grúpa Saineolaithe breithniú a dhéanamh freisin ar aon saincheist eile a bhaineann le forbairt na ngréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide.
4. Cuirfidh an Coimisiún an Grúpa Saineolaithe ar an eolas maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar i ndáil leis na cláir oibre bliantúla agus ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 a chur chun feidhme.
5. Beidh an Grúpa Saineolaithe ag obair i gcomhar le heintitis atá páirteach i bpleanáil, i bhforbairt agus i mbainistiú líonraí agus seirbhísí digiteacha mar aon le geallsealbhóirí ábhartha eile.
Déanfaidh an Coimisiún agus na heintitis eile atá i bhfeighil ar an Rialachán seo a chur chun feidhme, amhail an Banc Eorpach Infheistíochta, aird ar leith a thabhairt ar bharúlacha an Ghrúpa Saineolaithe.
6. I gcomhar leis an meastóireacht lárthéarma agus leis an meastóireacht ex-post ar Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 faoi mar a thagraítear in Airteagal 27 den Rialachán sin agus le cúnamh ón nGrúpa Saineolaithe, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
7. Beidh meastóireacht sa tuarascáil ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le tionscadail leasa choitinn a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, moilleanna ar chur chun feidhme agus deacrachtaí a thagann chun cinn mar aon le faisnéis faoi ghealltanais agus faoi íocaíochtaí.
8. Sa tuarascáil, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht freisin á rá an áirítear fós faoi raon feidhme na dtionscadal leasa choitinn forbairtí agus nuálachtaí teicneolaíocha le cois forbairtí rialála nó forbairtí margaidh agus eacnamaíocha agus ar cheart, i bhfianaise forbairtí den sórt sin agus an ghá le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach, deireadh a chur, i leaba a chéile, le cistiú aon tionscadail leasa choitinn lena dtacaítear, nó foinsí eile a aimsiú lena aghaidh. I gcás tionscadal ar dócha go mbeidh éifeachtaí suntasacha acu ar an gcomhshaol, beidh anailís ar an tionchar ar an gcomhshaol sna tuarascálacha seo, agus, más cuí, riachtanais maidir le maolú ar athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, agus athléimneacht ó thubaistí á gcur san áireamh. Féadfar meastóireacht mar sin a dhéanamh tráth ar bith eile freisin de réir mar a mheastar é a bheith oiriúnach.
9. Déanfar a mhéid a baineadh amach na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 a mheas ex-post ar bhonn an méid seo a leanas, inter alia:
(a) a mhéid atá bonneagair na seirbhíse digití ar fáil, arna mheas le líon na mBallstát atá nasctha le gach bonneagar seirbhíse digití.
(b) céatadán na saoránach agus na ngnólachtaí atá ag úsáid bhonneagair na seirbhíse digití agus a mhéid atá na seirbhísí sin ar fáil thar theorainneacha.
(c) méid na n-infheistíochtaí a mealladh i réimsí na líonraí leathanbhanda agus an éifeacht luamhánaithe, le haghaidh tionscadal a chistítear trí ranníocaíochtaí ó fhoinsí poiblí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 5(5).
(d) an líon nasc idirlín leis na lárphointí rochtana áitiúla gan sreang arna mbunú de thoradh gníomhaíochtaí lena gcuirtear Roinn 4 den Iarscríbhinn chun feidhme.
Airteagal 9
Aisghairm
Aisghairtear leis seo Cinneadh Uimh. 1336/97/CE.
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
TIONSCADAIL LEASA CHOITINN
ROINN 1. BONNEAGAIR NA SEIRBHÍSE DIGITÍ
Bíonn idirghabhálacha i réimse bhonneagar na seirbhíse digití ag brath ar chur chuige dhá leibhéal: ardáin chroísheirbhíse agus seirbhísí cineálacha. Ní féidir bonneagar seirbhíse digití a bhunú in éagmais an ardáin chroísheirbhíse.
Leis na hardáin chroísheirbhíse tugtar aghaidh ar riachtanais idir-inoibritheachta agus slándála tionscadal leasa choitinn. Tá siad ceaptha chun gur féidir idirghníomhaíochtaí digiteacha a beith ann idir údaráis phoiblí agus saoránaigh, idir údaráis phoiblí agus gnólachtaí agus eagraíochtaí, nó idir údaráis phoiblí Ballstát éagsúil, trí ardáin idirghníomhaíochta chaighdeánaithe trasteorann atá so-úsáidte.
Bíonn tús áite ag bonneagair na seirbhíse digití ar bloic thógála iad ar bhonneagair eile na de chuid na seirbhíse digití, ó nach féidir na seirbhísí eile sin a sholáthar in éagmais bloc tógála. Is iad na seirbhísí cineálacha a fheidhmíonn mar nasc leis na hardáin chroísheirbhíse agus is dá mbarr is féidir do na seirbhísí náisiúnta breisluacha na hardáin chroísheirbhíse a úsáid. Feidhmíonn siad mar phasáiste idir seirbhísí náisiúnta agus ardáin chroísheirbhíse agus is dá mbarr is féidir le húdaráis phoiblí agus le heagraíochtaí, le gnólachtaí agus/nó le saoránaigh rochtain a fháil ar an ardán croísheirbhíse chun a gcuid idirbheart trasteorann a dhéanamh. Ní mór cáilíocht na seirbhísí agus na tacaíochta do gheallsealbhóirí a bhfuil baint acu le hidirbhearta trasteorann a áirithiú. Ní mór dóibh úsáid ardán croísheirbhíse a thacú agus a spreagadh.
Ní mór díriú ní amháin ar chruthú bhonneagair na seirbhíse digití agus seirbhísí gaolmhara ach ar an rialachas a bhaineann leis na hardáin sin a oibriú freisin.
Ní mór d'ardáin chroísheirbhíse nua a bheith bunaithe go príomha ar ardáin atá ann cheana agus ar a mbloic thógála agus/nó, más féidir é, ní mór dóibh bloic thógála nua a chur leis na cinn atá ann cheana.
1. Is iad seo a leanas na bloic thógála a sainaithníodh le bheith ina gcuid de na cláir oibre, faoi réir Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(3):
(a) Sainaithint leictreonach, agus deimhniú: tagraíonn sé seo do sheirbhísí atá ann chun gur féidir ríomhaitheantas agus ríomhshíniú a shainaithint agus a bhailíochtú thar theorainneacha.
(b) Ríomhsheachadadh doiciméad: tagraíonn sé seo do sheirbhísí a úsáidtear chun ríomhdhoiciméid a thraschur thar theorainneacha ar bhealach slán inrianaithe.
(c) Uathaistriúchán: tagraíonn sé seo d'innill uathaistriúcháin agus do shainacmhainní teanga lena n-áirítear na huirlisí agus comhéadain phleanála is gá chun seirbhísí uile-Eorpacha a oibriú i dtimpeallacht ilteangach.
(d) Tacaíocht do bhonneagair dhigiteacha chriticiúla: tagraíonn sé seo do bhealaí agus d'ardáin chumarsáide atá ceaptha feabhas a chur ar chumas an Aontais a bheith ullamh, faisnéis a roinnt, comhordú a dhéanamh agus déileáil le cibearbhagairtí.
(e) Ríomhshonrascú: tagraíonn sé seo do sheirbhísí lenar féidir sonraisc a mhalartú go leictreonach ar bhealach slán.
2. Bonneagair na seirbhíse digití atá seanbhunaithe a shainaithnítear go sonrach a bheith incháilithe do chistiúchán lena gcuidítear le seirbhís neamh-idirbhriste a bhaint amach, faoi réir Airteagal 6(1):
(a) Rochtain ar acmhainní digiteacha de chuid oidhreacht na hEorpa. Tagraíonn sé seo don ardán croísheirbhíse atá bunaithe ar an tairseach Eorpach atá ann faoi láthair. Leis an ardán soláthraítear an pointe rochtana ar ábhar oidhreachta cultúrtha Europeana ar leibhéal míre, tacar de shonraíochtaí comhéadain chun idirghníomhú a dhéanamh leis an mbonneagar (cuardach sonraí, íoslódáil sonraí), tacaíocht d'oiriúnú na meiteashonraí agus d'iontógáil ábhair nua, chomh maith le faisnéis faoi choinníollacha maidir le hathúsáid an ábhair is inrochtana tríd an mbonneagar.
(b) Bonneagar seirbhíse ar mhaithe le hidirlíon níos sábháilte. Tagraíonn sé seo don ardán ina ndéantar áiseanna ríomhaireachta, bunachair shonraí agus uirlísí bogearraí atá comhroinnte a fháil, a oibriú agus a chothabháil agus lena malartaítear na cleachtais is fearr do na hIonaid d'Idirlíon Níos Sábháilte (IINSanna) sna Ballstáit. Cuimsítear oibríochtaí cúloifige a dhéantar chun tuairisciú ábhar drochúsáide gnéasaí a láimhseáil freisin, mar aon leis an nasc le húdaráis phóilíneachta lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Interpol, agus nuair is iomchuí, an láimhseáil a dhéanann na suímh ghréasáin ábhartha i ndáil leis an ábhar seo a bhaint. Tacóidh bunachair shonraí choiteanna agus córais bhonneagair choiteanna leis seo. Is príomhghné den bhonneagar ar mhaithe le hIdirlíon níos Sábháilte iad IINSanna agus a gcuid gníomhaíochtaí ábhartha amhail línte cabhrach, beolínte, nóid feasachta agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta eile.
3. Bonneagair eile na seirbhíse digití a shainaithnítear le bheith incháilithe do chistiúchán faoi réir Airteagal 6(1):
(a) Seirbhísí ríomhsholáthair idir-inoibritheacha trasteorann: Tagraíonn sé seo do shraith seirbhísí, is féidir le soláthróirí seirbhísí ríomhsholáthair san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a úsáid chun ardáin ríomhsholáthair trasteorann a chur ar bun. Leis an mbonneagar seo, féadfaidh aon chuideachta san Aontas freagra a thabhairt ar nósanna imeachta um sholáthar poiblí ó aon údarás nó eintiteas conarthach in aon Bhallstát a chuimsíonn gníomhaíochtaí ríomhsholáthair réamh-dhámhachtana agus iar-dhámhachtana, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí amhail tairiscintí a chur isteach go leictreonach, sainchomhaid fhíorúla cuideachtaí, ríomhchatalóga, ríomhorduithe agus ríomhshonrascú.
(b) Seirbhísí ríomhshláinte trasteorann idir-inoibritheacha. Tagraíonn sé seo d'ardán lena gcumasaítear an t-idirghníomhú idir saoránaigh/othair agus soláthraithe cúraim shláinte, sonraí a tharchur ó institiúid go hinstitiúid agus ó eagraíocht go heagraíocht, nó cumarsáid piara le piara idir saoránaigh/othair agus/nó gairmithe sláinte agus institiúidí sláinte. Cuimseoidh na seirbhísí seo rochtain trasteorann ar ríomhthaifid sláinte agus ar ríomhsheirbhísí ordaithe cógas comh maith le teilisheirbhísí cianda sláinte/maireachtála cuidithe etc.
(c) Ardán Eorpach d'idirnasc na gclár gnó Eorpach. Tagraíonn sé seo d'ardán a sholáthraíonn sraith d'uirlisí lárnacha agus de sheirbhísí lárnacha lenar féidir do na cláir ghnó sna Ballstáit uile faisnéis a mhalartú faoi ghnólachtaí chláraithe, faoina gcuid brainsí, a gcumaisc agus a bhfoircinn. Soláthróidh sé freisin seirbhís chuardaigh ilnáisiúnta agus ilteangach d'úsáideoirí a úsáideann pointe rochtana lárnach ar féidir rochtain a fháil air tríd an tairseach ríomh-Cheartais.
(d) Rochtain ar fhaisnéis ath-inúsáidte san earnáil phoiblí: Tagraíonn sé seo don ionad ilfhreastail aonair ar na tacair sonraí ilteangacha (teangacha oifigiúla institiúidí an Aontais) atá i seilbh chomhlachtaí poiblí san Aontas ar an leibhéal Eorpach, go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil; uirlisí fiosrúcháin agus léirshamhlaithe de chuid na dtacar sonraí; dearbhú go bhfuil na tacair shonraí atá ar fáil gan tréithe pearsanta luaite, ceadúnaithe agus, más infheidhme, go bhfuil praghas curtha ar a bhfoilsiú, a n-athdháileadh agus a n-athúsáid, lena n-áirítear rian iniúchta foinse sonraí.
Nósanna imeachta leictreonacha maidir le gnólacht a chur agus a choinneáil ar bun i dtír Eorpach eile. Leis an tseirbhís seo féadfar na nósanna imeachta riaracháin ar fad a láimhseáil go leictreonach thar theorainneacha éagsúla trí phointí teagmhála aonair. Ceanglais de chuid Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) is ea an tseirbhís seo.
(e) Seirbhísí trasteorann idir-inoibritheacha ar líne. Tagraíonn sé seo d'ardáin a éascóidh idir-inoibritheacht agus comhar idir na Ballstáit i réimsí an leasa choitinn, go háirithe d'fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a éascú, amhail ríomh-Cheartas, lena bhféadfar rochtain trasteorann a bheith ag saoránaigh, ag gnólachtaí, ag eagraíochtaí agus ag cleachtóirí dlí ar acmhainní/dhoiciméid dlí agus ar nósanna imeachta breithiúnacha, ar Réiteach Díospóidí ar Líne (ODR) lenar féidir díospóidí trasteorann idir tomhaltóirí agus ceannaithe a réiteach ar líne agus Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) a dhéanamh, rud a chuideoidh le comhlachtaí slándála sóisialta ar fud an Aontais faisnéis a mhalartú ar dhóigh níos gasta agus níos sláine.
ROINN 2. LÍONRAÍ LEATHANBHANDA
1. Raon feidhme na ngníomhaíochtaí
Ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a bheidh sna gníomhaíochtaí:
(a) imlonnú bonneagair fhisiciúil éighníomhaigh, bonneagair fhisiciúil ghníomhaigh nó an dá rud a chomhcheangal le heilimintí bonneagair coimhdeacha, chomh maith le seirbhísí is gá chun bonneagar den sórt sin a oibriú;
(b) áiseanna gaolmhara agus seirbhísí gaolmhara, amhail sreangú foirgneamh, aeróga, túir agus struchtúir tacaíochta eile, duchta, seolphíobáin, crainn, dúnphoill agus caibinéid;
(c) sa chás inarb fhéidir, bainfear leas as sineirgí ionchasacha idir imlonnú na líonraí leathanbhanda agus líonraí fóntas eile (fuinneamh, iompar, uisce, séarachas, etc.), go háirithe na seirbhísí sin a bhaineann le dáileadh cliste leictreachais.
2. Rannchuidiú le spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip a bhaint amach.
Rannchuideoidh na tionscadail uile a fhaigheann tacaíocht airgeadais faoin roinn seo le spriocanna an Chláir Oibre Dhigitigh don Eoraip a bhaint amach ar bhealach suntasach.
Maidir le gníomhaíochtaí a chisteoidh an tAontas go díreach:
(a) beidh siad bunaithe ar theicneolaíocht sreangaithe nó gan sreang, lenar féidir seirbhísí leathanbhanda an-ardluais a sheachadadh, sa dóigh is go sásófar an t-éileamh ar fheidhmchláir a dteastaíonn bandaleithead ard lena n-aghaidh;
(b) beidh siad bunaithe ar shamhlacha gnó nuálacha agus/nó meallfaidh siad catagóirí nua tionscnóirí tionscadail nó catagóirí nua infheisteoirí; nó
(c) beidh ardacmhainn in-mhacasamhlaitheachta iontu, sa dóigh gur féidir leo tionchar níos leithne a imirt ar an margadh de bharr a n-éifeachta léiriúcháin;
(d) beidh siad, sa chás inarb fhéidir sin, ina gcúnamh chun an scoilt dhigiteach a laghdú; nó
(e) comhlíonfaidh siad an dlí is infheidhme, go háirithe dlí na hiomaíochta, agus oibleagáidí rochtana i gcomhréir le Treoir 2002/19/CE.
Gníomhaíochtaí a chisteofar le ranníocaíochtaí imfhálaithe breise a sholáthrófar i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, cuirfidh siad go suntasach le cumas an mhargaidh ó thaobh seirbhísí leathanbhanda a chur ar fáil, luasanna na seirbhisí sin agus a dtoilleadh. Tionscadail a sholáthraíonn luasanna traschuir sonraí faoi bhun 30 Mbps, ba cheart go méadóidis na luasanna sin go dtí 30 Mbps ar a laghad agus sa chás inarb fhéidir sin, go dtí 100 Mbps agus níos mó le himeacht ama.
3. Measúnú tionscadail chun struchtúir cistiúcháin bharrmhaithe a bhunú
Beidh cur chun feidhme gníomhaíochtaí bunaithe ar mheasúnú tionscadail cuimsitheach. Cuimseoidh an measúnú, inter alia, cúinsí margaidh, lena n-áirítear faisnéis faoi bhonneagar atá ann cheana agus/nó faoi bhonneagar atá pleanáilte, oibleagáidí rialála atá ar thionscnóirí tionscadail, chomh maith le straitéisí trádála agus margaíochta. Go háirithe, suífear an méid seo a leanas leis an measúnú tionscadail:
(a) an bhfuil an clár riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamaí, nach féidir a réiteach le bearta rialála;
(b) an dtagann saobhadh ar an margadh agus plódú infheistíochta príobháidí as an gclár.
Bunófar na critéir seo go príomha ar bhonn na hacmhainneachta ioncaim agus an leibhéil riosca a bhaineann leis an tionscadal agus an chineáil limistéir a chuimsítear le gníomhaíocht.
4. Foinsí cistiúcháin
(a) Cisteofar tionscadail leasa choitinn i réimse an leathanbhanda le hionstraimí airgeadais. Beidh an buiséad a leithdháilfear ar na hionstraimí sin leordhóthanach, ach ní bheidh sé níos mó ná an tsuim is gá chun idirghabháil lánoibríochtúil agus chun íosmhéid éifeachtach ionstraime a bhaint amach.
(b) Faoi réir rialacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus na rialacháin ábhartha uile a bhaineann le Cistí SIE, féadfar na hionstraimí airgeadais ábhartha uile dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhcheangal le ranníocaíochtaí breise ó na foinsí seo a leanas:
(i) earnálacha eile de chuid SCE,
(ii) ionstraimí, cláir agus línte buiséid eile i mbuiséad an Aontais;
(iii) na Ballstáit, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla, a chinnfidh ar a gcuid acmhainní féin nó acmhainní a bheidh ar fáil ó Chistí SIE a thabhairt. Beidh ranníocaíochtaí ó Chistí SIE imfhálaithe ar bhonn geografach chun a áirithiú go gcaithfear iad laistigh de Bhallstát nó de réigiún a thugann ranníocaíocht;
(iv) aon infheisteoirí eile, lena n-áirítear infheisteoirí príobháideacha.
(c) Féadfar freisin ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a chomhcheangal le deontais ó na Ballstáit, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla, ar mian leo a gcuid acmhainní féin nó acmhainní a bheidh ar fáil ó Chistí SIE a thabhairt, ar choinníoll:
(i) go gcomhlíonann an ghníomhaíocht i gceist na critéir uile maidir le cistiúchán faoin Rialachán seo; agus
(ii) go bhfuarthas an cead ábhartha maidir le Státchabhair a thabhairt.
ROINN 3. GNÍOMHAÍOCHTAÍ COTHROMÁNACHA
Maidir le himlonnú na ngréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide a chuideoidh chun baic ar an Margadh Aonair Digiteach a bhaint, beidh staidéir agus gníomhaíochtaí tacaíochta cláir ag gabháil leo. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis na gníomhaíochtaí seo:
(a) cúnamh teicniúil a thabhairt chun imlonnú agus rialachas gníomhaíochtaí cur chun feidhme a ullmhú nó chun tacú leo, agus chun dul i ngleic le fadhbanna cur chun feidhme atá ann cheana nó atá ag teacht chun cinn; nó
(b) gníomhaíochtaí chun éileamh nua ar bhonneagair na seirbhíse digití a chruthú.
Déanfar an tacaíocht a thabharfaidh an tAontas faoin Rialachán seo a chomhordú le cúnamh ó na foinsí eile uile a bheidh ar fáil, agus san am céanna athdhéanamh bonneagair a sheachaint agus easáitiú infheistíochtaí príobháideacha a chosc.
ROINN 4. NASCACHT GAN SREANG I bPOBAIL ÁITIÚLA
Ní mór gurb é is aidhm do ghníomhaíochtaí nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar in ionaid a thaithíonn an pobal, lena n-áirítear ionaid amuigh faoin aer ar a bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne agus ar áiteanna tábhachtachta iad i saol an phobail áitiúil, chun na gníomhaíochtaí sin a bheith incháilithe do chúnamh airgeadais. Chun críche na hinrochtaineachta, soláthrófar rochtain leis na gníomhaíochtaí sin ar sheirbhísí i dteangacha ábhartha an Bhallstáit i dtrácht ar a laghad agus, a mhéid is féidir, i dteangacha oifigiúla eile de chuid institiúdí an Aontais.
Beidh cúnamh airgeadais ar fáil do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) Uimh. 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), lena dtugtar gealltanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, faoi nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar trí lárphointí rochtana áitiúla gan sreang a shuiteáil.
Gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu nascacht idirlín áitiúil gan sreang a chur ar fáil, beidh siad incháilithe le cistiú a fháil ar an gcoinníoll:
(1) gur comhlacht de chuid na hearnála poiblí dá dtagraítear sa dara mír a chuirfidh chun feidhme iad, ar comhlacht é a bhfuil sé ar a chumas suiteáil lárphointí rochtana áitiúla gan sreang i spásanna poiblí laistigh agus lasmuigh a phleanáil agus maoirseacht a dhéanamh ar an tsuiteáil sin, mar aon le maoiniú na gcostas oibriúcháin a áirithiú ar feadh 3 bliana ar a laghad;
(2) go ndéanfaidh siad forbairt ar nascacht leathanbhanda ardluais lenar féidir seirbhís ardchaighdeáin idirlín d'úsáideoirí a chur ar fáil, ar seirbhís í:
(a) atá saor in aisce agus gan choinníollacha idirdhealaitheacha, is féidir a rochtain go héasca, atá slán agus a úsáideann trealamh is nuaí agus is úrscothaí, lenar féidir nascacht ardluais a sholáthar dá húsáideoirí; agus
(b) go dtacóidh siad le rochtain ar sheirbhísí digiteacha nuálacha, amhail iad sin a thairgtear trí bhonneagair seirbhísí digiteacha;
(3) go n-úsáidfear an sainaitheantas coiteann físeach a chuirfidh an Coimisiún ar fáil agus an nasc chuig na huirlisí gaolmhara ar líne;
(4) go ndéanfar na prionsabail maidir le neodracht na teicneolaíochta ar leibhéal an aisiompair, úsáid éifeachtach cistithe phoiblí agus an cumas tionscadail a oiriúnú do na tairiscintí teicneolaíochta is fearr a urramú;
(5) go dtabharfar gealltanas go soláthrófar an trealamh agus/nó na seirbhísí gaolmhara suiteála is gá i gcomhréir leis an dlí is infheidhme chun a áirithiú nach ndéanfaidh tionscadail an iomaíocht a shaobhadh go míchuí.
Gníomhaíochtaí arb ionann iad agus tairiscintí poiblí nó príobháideacha saor in aisce atá ann sa spás poiblí céanna agus a bhfuil na saintréithe comhchosúla acu, ní bheidh siad incháilithe le cistiú a fháil. Féadfar dúbailt den sórt sin a sheachaint ach a áirithiú go ndéanfar raon na lárphointí rochtana arna gcistiú faoin Rialachán seo a leagan amach sa chaoi go gcumhdófar, go príomha, spásanna poiblí agus sa chaoi nach mbeifear ag forluí ar thairiscintí poiblí nó príobháideacha atá ann cheana a bhfuil saintréithe comhchosúla acu.
Is go cothrom ó thaobh geografaíochta de ar fud na mBallstát a leithdháilfear an buiséad atá ar fáil ar ghníomhaíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa roinn seo i bhfianaise líon na moltaí a fhaightear agus, i bprionsabal, is ar bhonn “tús freastail ar an gceann is túisce” a leithdháilfear iad. Áireofar gach Ballstát i leithdháileadh na gcistí go léir faoi gach glao, óna bhfaighfear tograí atá incháilithe.
Beidh gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin roinn seo i bhfeidhm agus déanfaidh an Coimisiún grinnfhaireachán orthu ar feadh 3 bliana ar a laghad. Tar éis na tréimhse oibríochtúla leanfaidh an Coimisiún de bheith ag soláthar forléargas ar fheidhmiúlacht na ngníomhaíochtaí sin agus ionchur a d'fhéadfaí a úsáid do thionscnaimh sa todhchaí.
( 1 ) Treoir 2006/123/CE an 12 Nollaig 2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch 36).
( 2 ) Treoir (AE) Uimh. 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).