EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E175

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XVIII - COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH, SÓISIALTA AGUS CRÍOCHACH
Airteagal 175 (sean-Airteagal 159 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 127–127 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_175/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/127


Airteagal 175

(sean-Airteagal 159 CCE)

Déanfaidh na Ballstáit a mbeartas eacnamaíoch a sheoladh agus a chomhordú d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 174 a bhaint amach freisin. Saineofar agus cuirfear beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais chun feidhme agus cuirfear an margadh inmheánach chun feidhme le haird ar na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 174 agus rannpháirteoidh siad i ngnóthú na gcuspóirí sin. Tacóidh an tAontas leis na cuspóirí sin a ghnóthú agus é ag gníomhú trí bhíthin na gcistí struchtúracha (Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, Ciste Sóisialta na hEorpa, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa), tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí na hionstraimí airgeadais eile atá ann cheana.

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus do Choiste na Réigiún gach trí bliana ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a ghnóthú agus ar an tslí inar rannchuidigh na meáin éagsúla dá bhforáiltear san Airteagal seo leis. Beidh tograí iomchuí in éineacht leis an tuarascáil más gá.

Más léir gur gá gníomhaíochtaí sonracha lasmuigh de na cistí agus gan dochar do na bearta arna gcinneadh faoi chuimsiú bheartais eile an Aontais, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na gníomhaíochtaí sin a ghlacadh, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún.


Top