Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52016PC0883

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún

COM/2016/0883 final - 2016/0409 (COD)

An Bhruiséil,21.12.2016

COM(2016) 883 final

2016/0409(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le dhá bhliain anuas, tá an tAontas Eorpach ag obair ar aghaidh a thabhairt, go comhuaineach, ar na dúshláin ar leithligh a ghabhann le bainistiú imirce, le bainistiú comhtháite teorann theorainneacha seachtracha an Aontais agus leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta trasteorann. Tá malartú éifeachtach faisnéise i measc na mBallstát, agus idir na Ballstáit agus na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, riachtanach chun freagairt dhaingean a sholáthar i ndáil leis na dúshláin sin agus chun fíor-Aontas Slándála éifeachtach a chur ar bun.

Is é Córas Faisnéise Schengen (SIS) an uirlis is rathúla atá ann ar mhaithe le comhar éifeachtach idir na húdaráis inimirce, phóilíneachta, chustaim agus bhreithiúnacha san Aontas agus i dtíortha a mbaineann Schengen leo. Is gá rochtain a bheith ag údaráis inniúla sna Ballstáit, amhail póilíní, gardaí teorann agus oifigigh chustaim, ar fhaisnéis ardcháilíochta faoi na daoine nó faoi na hábhair atá á seiceáil acu, agus treoracha soiléire acu faoi cad is gá a dhéanamh i ngach cás ar leith. Tá an córas faisnéise ardscála seo i gcroílár chomhar Schengen agus tá ról ríthábhachtach aige maidir le saorghluaiseacht daoine laistigh de limistéar Schengen a éascú. Cuireann sé ar chumas na núdarás inniúil sonraí fúthu seo a leanas a iontráil agus a cheadú: daoine a bhfuiltear sa tóir orthu, daoine a bhféadfadh sé a bheith amhlaidh ina leith nach bhfuil an ceart acu teacht isteach san Aontas, nó fanacht ann, daoine ar iarraidh – go háirithe leanaí – agus aon ábhair a bhféadfadh sé a bheith amhlaidh ina leith gur goideadh iad, gur mídhílsíodh iad nó gur cailleadh iad. Ní hamháin go bhfuil faisnéis in SIS faoi dhuine áirithe nó faoi ábhar áirithe ach, freisin, tá treoracha soiléire ann do na húdaráis inniúla faoi cad atá le déanamh leis an duine nó leis an ábhar sin nuair a aimsítear é.

In 2016, rinne an Coimisiún meastóireacht chuimsitheach 1 ar SIS, is é sin, trí bliana tar éis theacht i ngníomh a dhara glúin. Thaispeáin an mheastóireacht sin gur chinnte gur éirigh le SIS ó thaobh cúrsaí oibríochta de. In 2015, rinne na húdaráis náisiúnta inniúla seiceáil ar dhaoine agus ar ábhair in aghaidh sonraí a bhí á sealbhú in SIS ar bheagnach 2.9 billiún ócáid agus mhalartaigh siad os cionn 1.8 milliún mír faisnéise forlíontaí. Dá ainneoin sin, mar a fógraíodh i gClár Oibre an Choimisiúin 2017, ba cheart gurb é a leanfaidh as an taithí dearfach sin ná éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chórais a neartú tuilleadh. Chuige sin, tá an chéad sraith trí thogra á tíolacadh ag an gCoimisiún chun úsáid SIS a fheabhsú agus a leathnú mar thoradh ar an meastóireacht agus, ag an am céanna, tá sé ag leanúint dá chuid oibre maidir lena chur faoi deara go mbeidh córais forghníomhaithe dlí agus bainistithe teorainneacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo níos idir-inoibrithí i gcomhréir le hobair leanúnach an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe ar Chórais Fhaisnéise agus ar Idir-Inoibritheacht.

Clúdaíonn na tograí sin úsáid an chórais (a) le haghaidh bainistiú teorainneacha, (b) le haghaidh comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, agus (c) le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a chur ar ais. Is iad an dá chéad togra, le chéile, is bunúis dlí le bunú, oibriú agus úsáid SIS. Léis an togra maidir le húsáid SIS le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a chur ar ais forlíontar an togra maidir le bainistiú teorainneacha agus comhlánaítear na forálacha atá sa togra sin. Déantar catagóir nua foláirimh leis agus rannchuidíonn sé le cur chun feidhme Threoir 2008/115/CE 2 agus le faireachán a dhéanamh air.

De bharr na geoiméadrachta athraithí ó thaobh rannpháirtíocht na mBallstát i mbeartais AE i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, is gá trí ionstraim dhlíthiúla ar leithligh a ghlacadh ar ionstraimí iad, dá ainneoin sin, a oibreoidh le chéile gan chur isteach chun oibriú cuimsitheach agus úsáid chuimsitheach an chórais a chumasú.

I gcomhthráth leis sin, d'fhonn feabhas a chur ar bhainistiú faisnéise ar leibhéal AE, chuir an Coimisiún tús le próiseas machnaimh maidir le "Córais Faisnéise Níos Láidre agus Níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil" i mí Aibreáin 2016. 3 Is é atá sa chuspóir uileghabhálach ná a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis riachtanach ó na córais éagsúla faisnéise atá ar fáil acu ag na húdaráis inniúla ar bhonn córasach. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an ailtireacht faisnéise atá ann cheana chun bearnaí agus laigí ó thaobh faisnéise de a shainaithint, is é sin, bearnaí agus laigí a éiríonn as easnaimh i bhfeidhmiúlachtaí na gcóras atá ann cheana agus, chomh maith leis sin, a éiríonn as ilroinnt in ailtireacht fhoriomlán AE i réimse an bhainistithe sonraí. Rinne an Coimisiún Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe ar Chórais Faisnéise agus ar Idir-Inoibritheacht a chur ar bun chun tacú leis an obair sin agus baineadh úsáid as eolas i dtorthaí oibre tosaigh an ghrúpa sin le haghaidh na chéad sraithe tograí i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le cáilíocht sonraí. 4 In aitheasc an Uachtaráin Juncker faoi Staid an Aontais i Meán Fómhair 2016, rinneadh tagairt freisin don tábhacht a bhaineann le sárú na neasnamh reatha i mbainistiú faisnéise agus le feabhas a chur ar an idir-inoibritheacht agus ar an idirnasc idir córais faisnéise atá ann cheana.

Mar thoradh ar thorthaí oibre an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe ar Chórais Faisnéise agus ar Idir-Inoibritheacht, ar torthaí iad a thíolacfar sa chéad leath den bhliain 2017, déanfaidh an Coimisiún dara sraith tograí chun tuilleadh feabhais a chur ar idir-inoibritheacht SIS le córais eile TF a bhreithniú i lár na bliana 2017. Tá an tathbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 5 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA) ina ghné chomh tábhachtach céanna den obair seo agus is dóigh go mbeidh sé ina ábhar do thograí ar leithligh ón gCoimisiún in 2017 freisin. Tá infheistíocht i malartú faisnéise agus i mbainistiú faisnéise de chineál mear, éifeachtach agus cáilíochtúil agus áirithiú go bhfuil bunachair shonraí agus córais faisnéise AE idir-inoibritheach tábhachtach ó thaobh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha slándála de.

an togra seo ina chuid de chéad sraith tograí 6 chun feabhas a chur ar fheidhmiú SIS agus ar oibriú agus úsáid SIS i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla. Cuirtear an méid seo a leanas chun feidhme leis:

(1)fógra an Choimisiúin i leith feabhas a chur ar bhreisluach SIS chun críocha fhorghníomhú an dlí 7 d'fhonn freagairt ar bhagairtí nua;

(2)comhdhlúthú thorthaí na hoibre ar chur chun feidhme SIS atá déanta le trí bliana anuas agus ar cuid di leasuithe teicniúla ar an SIS Láir chun cuid de na catagóirí foláirimh atá ann cheana a leathnú agus chun feidhmiúlachtaí nua a sholáthar;

(3)moltaí maidir le hathruithe teicniúla agus athruithe nós imeachta a thagann as meastóireacht chuimsitheach ar SIS 8 ;

(4)iarrataí ó úsáideoirí deiridh SIS ar fheabhsuithe teicniúla; agus

(5)torthaí eatramhacha obair an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe ar Chórais Faisnéise agus ar Idir-Inoibritheacht 9 maidir le cáilíocht sonraí.

Ós rud é go bhfuil an togra seo nasctha go dlúth le togra an Choimisiúin le haghaidh Rialachán maidir le bunú, oibriú agus úsáid SIS i réimse na seiceálacha teorann, tá roinnt forálacha ann is coiteann don dá théacs. Ina measc sin áirítear bearta a chlúdaíonn úsáid SIS ó cheann go ceann, lena náirítear ní hamháin oibriú na lárchóras agus na gcóras náisiúnta ach, freisin, riachtanais úsáideoirí deiridh; bearta neartaithe maidir le leanúnachas gnó; bearta lena dtugtar aghaidh ar cháilíocht sonraí, ar chosaint sonraí agus ar shlándáil sonraí, agus forálacha a bhaineann le socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe. Déantar úsáid faisnéise bithmhéadraí a leathnú leis an dá thogra freisin. 10

Tá creat dlíthiúil reatha an dara glúin de SIS – a bhaineann lena úsáid chun críocha comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhar choiriúla – bunaithe ar ionstraim de chuid an iar-thríú colún: Cinneadh 2007/533/JHA 11 agus, chomh maith leis sin, ar ionstraim de chuid an iar-chéad cholúin: Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 12 . Leis an togra seo, comhdhlúthaítear ábhar na nionstraimí atá ann cheana féin agus, ag an am céanna, cuirtear forálacha nua isteach ionas go ndéanfar an méid seo a leanas:

comhchuibhiú níos fearr a dhéanamh ar nósanna imeachta náisiúnta maidir le húsáid SIS, go háirithe maidir le cionta a bhaineann le sceimhlitheoireacht agus, chomh maith leis sin, le leanaí atá i mbaol a bhfuadaithe ag tuismitheoir;

raon feidhme SIS a leathnú trí eilimintí nua aitheantóra bhithmhéadraigh a thabhairt isteach de bhreis ar fholáirimh atá ann cheana;

athruithe teicniúla a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar shlándáil agus chun cabhrú le laghdú an ualaigh riaracháin trí fhoráil a dhéanamh maidir le cóipeanna náisiúnta éigeantacha agus caighdeáin theicniúla choiteanna i ndáil le cur chun feidhme;

aghaidh a thabhairt ar úsáid iomlán SIS ó cheann go ceann, rud a chlúdaíonn ní hamháin na lárchórais agus na córais náisiúnta ach freisin a áirithíonn go bhfaigheann úsáideoirí deiridh na sonraí go léir is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus go gcomhlíonann siad na rialacha slándála go léir nuair a phróiseálann siad sonraí SIS. 

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais agus, chomh maith leis sin, le hionstraimí dlíthiúla atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo

Tá an togra seo nasctha go dlúth le beartais eile de chuid an Aontais agus comhlánaíonn sé iad, eadhon:

(1)Slándáil inmheánach mar a thugtar suntas di sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil 13 agus in obair an Choimisiúin i dtreo fíor-Aontas Slándála éifeachtach 14 , chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireanna tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trína chur ar chumas údarás forghníomhaithe dlí próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta daoine a bhfuil droch-amhras ann ina leith go bhfuil siad ag gabháil do ghníomhartha sceimhlitheoireachta nó do choireanna tromchúiseacha.

(2)Cosaint sonraí a mhéid a áirithíonn an togra seo cosaint na gceart bunúsach atá ag daoine aonair a ndéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil in SIS.

Ina theannta sin, tá an togra seo nasctha go dlúth le reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana agus comhlánaíonn sé an reachtaíocht sin, eadhon:

(3)An Garda Teorann agus Cósta Eorpach maidir lena rochtain ar SIS chun críocha Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) 15 agus chun comhéadan teicniúil i gcomhair rochtain ar SIS a sholáthar d'Fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, d'fhoirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh agus do bhaill na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce le go mbeidh ceart acu, de réir a sainordaithe, rochtain a fháil ar shonraí atá iontráilte in SIS agus chun cuardach a dhéanamh sna sonraí sin.

(4)Europol a mhéid a dheonaíonn an togra seo cearta breise do Europol chun rochtain a fháil ar shonraí atá iontráilte in SIS, agus cuardach a dhéanamh iontu, de réir a shainordaithe.

(5)Prüm a mhéid a chomhlánaíonn na forbairtí sa togra seo chun sainaithint daoine aonair ar bhonn méarlorg (chomh maith le híomhánna d'aghaidh agus próifílí DNA) a chumasú, a mhéid a chomhlíonann siad forálacha Prüm 16 atá ann cheana maidir le rochtain ar líne fhrithpháirteach trasteorann ar bhunachair shonraí DNA ainmnithe náisiúnta agus ar chórais uathoibrithe aitheanta méarlorg.

Ina theannta sin, tá an togra seo nasctha go dlúth le reachtaíocht de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo agus comhlánaíonn sé an reachtaíocht sin, eadhon:

(6)Bainistiú na dteorainneacha seachtracha. Comhlánaíonn an togra an prionsabal nua beartaithe i gCód Teorainneacha Schengen, is é sin, seiceálacha córasacha ar gach taistealaí, lena náirítear saoránaigh an Aontais Eorpaigh, sna bunachair shonraí ábhartha, ar theacht isteach i limistéar Schengen agus ar dhul amach as, de réir mar a bunaíodh mar fhreagairt ar fheiniméan na dtrodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta.

(7)Córas Dul Isteach/Imeachta. Leis an togra, féachtar le léiriú a dhéanamh ar úsáid méarlorg agus íomhá d'aghaidh le chéile mar aitheantóirí bithmhéadracha ar mhaithe le hoibriú an Chórais Dul Isteach/Imeachta (EES).

(8)ETIAS. Cuireann an togra san áireamh ETIAS atá beartaithe agus trína ndéantar foráil maidir le measúnú dian slándála, lena náirítear seiceáil in SIS, ar náisiúnaigh tríú tír a bheartaíonn taisteal a dhéanamh san Aontas Eorpach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Baineann an togra seo úsáid as Airteagail 82(1)(d), 85(1), 87(2)(a) agus 88(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar bhunúis dlí d'fhorálacha a bhaineann le comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla.

Geoiméadracht athraitheach

Cuireann an togra seo le forálacha acquis Schengen a bhaineann le comhar póilíneachta agus le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla. Dá bhrí sin, ní mór na hiarmhairtí seo a leanas a chur san áireamh i ndáil leis na prótacail agus leis na comhaontuithe éagsúla le tíortha comhlachais:

An Danmhairg: I gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis na conarthaí, cinnfidh an Danmhairg, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí an togra seo, a chuireann le acquis Schengen, chun feidhme ina dlí náisiúnta.

An Ríocht Aontaithe: I gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Chinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000, maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen 17 , tá an Ríocht Aontaithe faoi cheangal ag an Rialachán seo.

Éire: I gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002, maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen 18 , tá Éire faoi cheangal ag an Rialachán seo.

An Bhulgáir agus an Rómáin: Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005. Tá an Rialachán seo le léamh in éineacht le Cinneadh 2010/365/AE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010 19 lena ndearnadh, faoi réir roinnt srianta, feidhm a thabhairt d'fhorálacha de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen sa Bhulgáir agus sa Rómáin.

An Chipir agus an Chróit: Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

Tíortha comhlachaithe: Ar bhonn na gcomhaontaithe faoi seach lena ndéantar na tíortha sin a chomhlachú le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen, tá an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin faoi cheangal ag an Rialachán atá beartaithe.

Coimhdeacht

Leis an togra seo forbrófar SIS atá ann cheana agus atá i bhfeidhm ó bhí 1995 ann agus cuirfear leis. Rinneadh ionstraimí an Aontais a chur in ionad an chreata bunaidh idir-rialtasaigh ar an 9 Aibreán 2013 (Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle). Rinneadh anailís choimhdeachta iomlán ar ócáidí roimhe seo; tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo na forálacha atá ann cheana a scagadh a thuilleadh, aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sainaitheanta agus feabhas a chur ar nósanna imeachta oibríochtúla.

Ní féidir an leibhéal suntasach malartaithe faisnéise idir na Ballstáit trí SIS a bhaint amach trí réitigh dhíláraithe. De bharr scála, éifeachtaí agus thionchair an ghnímh, is fearr is féidir an togra seo a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

Cuimsíonn cuspóirí an togra seo, inter alia, feabhsuithe teicniúla chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht SIS agus, chomh maith leis sin, iarrachtaí chun comhchuibhiú a dhéanamh ar úsáid an chórais sna Ballstáit rannpháirteacha go léir. De bharr chineál trasnáisiúnta na naidhmeanna sin agus na ndúshlán ó thaobh malartú éifeachtach faisnéise a áirithiú chun cur i gcoinne bagairtí atá níos ilghnéithí ná riamh, is maith atá an tAontas Eorpach in ann réitigh a mholadh i leith na saincheisteanna seo, ar réitigh iad nach féidir leis na Ballstáit leo féin a bhaint amach go leordhóthanach.

Mura dtugtar aghaidh ar na sriantachtaí atá ann i láthair na huaire maidir le SIS, tá baol ann go gcaillfear deiseanna iomadúla i gcomhair éifeachtúlacht uasmhéadaithe agus breisluach an Aontais agus go mbeidh laigí ann a chuirfidh bac ar obair na núdarás inniúil. Mar shampla, ós rud é nach bhfuil rialacha comhchuibhithe ann faoi scriosadh foláireamh iomarcach sa chóras d'fhéadfadh sin bac a chur ar shaorghluaiseacht daoine mar phrionsabal bunúsach de chuid an Aontais.

Comhréireacht

Luaitear in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach rachaidh beart de chuid an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach sa Chonradh a bhaint amach. Maidir le foirm na gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, ba ghá foirm a roghnú chuici a d'fhágfadh go bhféadfaí cuspóirí an togra a bhaint amach agus a chur chun feidhme ar shlí chomh héifeachtach agus is féidir. Is ionann an tionscnamh atá beartaithe agus athbhreithniú ar SIS i ndáil le comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla.

Is é atá taobh thiar den togra prionsabail na príobháideachta trí dhearadh. I dtéarmaí an chirt i leith sonraí pearsanta a chosaint, tá an togra seo comhréireach ós rud é go ndéantar foráil leis maidir le rialacha sonracha i ndáil le scriosadh foláireamh agus nach néilítear leis sonraí a bhailiú agus a stóráil ar feadh tréimhse is faide ná mar atá fíor-riachtanach chun ligean don chóras feidhmiú agus a chuspóirí a bhaint amach. Bunaithe ar bhreithniú a rinneadh ar na riachtanais oibríochtúla, laghdaíonn an togra an tréimhse choinneála i gcás foláireamh i leith ábhar agus cuirtear iad i gcomhréir le foláirimh a bhaineann le daoine (ós rud é, ina lán cásanna, go mbaineann siad le sonraí pearsanta, amhail doiciméid aitheantais phearsanta nó uimhirphlátaí). Léiríonn taithí phóilíneachta gur féidir maoin ghoidte a aisghabháil laistigh de thréimhse ama measartha gairid, rud a fhágann go bhfuil dáta éaga 10 mbliana rófhada i gcás foláireamh maidir le hábhair.

Ní áirítear sna foláirimh SIS ach na sonraí is gá chun duine nó ábhar a shainaithint agus a aimsiú agus chun gníomhaíocht oibríochtúil iomchuí a chumasú. Déantar na sonraí breise eile go léir a sholáthar trí Bhiúrónna SIRENE, rud a chumasaíonn malartú faisnéise forlíontaí.

Sa bhreis air sin, déantar foráil leis an togra maidir le cur chun feidhme na gcoimircí agus na sásraí go léir is gá chun cearta bunúsacha na nábhar sonraí a chosaint go héifeachtach, go háirithe sonraí faoina saol príobháideach agus sonraí pearsanta a chosaint. Tá forálacha ann freisin atá ceaptha go sonrach chun slándáil sonraí pearsanta daoine aonair a choinnítear in SIS a neartú.

Ní bheidh gá le haon phróisis ná le haon chomhchuibhiú eile ar leibhéal an Aontais chun go noibreoidh an córas. Tá an beart atá beartaithe comhréireach sa mhéid agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach maidir le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun na cuspóirí sainithe a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Déanfar an tathbhreithniú atá beartaithe i bhfoirm Rialacháin agus glacfaidh sé ionad Chinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus, ag an am céanna, coimeádfaidh sé cuid mhór d'ábhar an Chinnidh sin. Rinneadh Cinneadh 2007/533/JHA a ghlacadh mar ionstraim ar a dtugtar 'ionstraim tríú colún' faoin iar-Chonradh ar an Aontas Eorpach. Rinne an Chomhairle ionstraimí 'tríú colún' den sórt sin a ghlacadh gan Parlaimint na hEorpa a bheith ann mar chomhreachtóir. Tá an bunús dlí don togra seo le fáil sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ón tráth ar scoir struchtúr na gcolún de bheith ar marthain nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2009. Éilíonn an bunús dlí go núsáidfear an gnáthnós imeachta reachtach. Ní mór Rialachán (ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) a roghnú mar go bhfuil na forálacha le bheith ina gceangal agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Feabhsóidh agus treiseoidh an togra seo an córas láraithe atá ann cheana féin, córas lena gcomhoibríonn na Ballstáit le chéile; chuige sin, teastóidh ailtireacht chomhchoiteann agus rialacha comhchoiteanna oibriúcháin. Thairis sin, leagtar rialacha éigeantacha síos leis maidir le rochtain ar an gcóras, lena náirítear chun críche fhorghníomhú an dlí, ar rialacha iad atá aonfhoirmeach do na Ballstáit go léir agus, chomh maith leis sin, don Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais 20 (eu-LISA). Ón 9 Bealtaine 2013 i leith, tá eu-LISA freagrach as bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar SIS Láir, rud a chuimsíonn na cúraimí go léir is gá chun oibriú iomlán SIS Láir a áirithiú 24 huaire sa lá agus 7 lá na seachtaine. Leis an togra seo, cuirtear le freagrachtaí eu-LISA i ndáil le SIS.

Thairis sin, déantar foráil leis an togra maidir le rialacha atá infheidhme go díreach agus lena gcumasaítear d'ábhair shonraí rochtain a fháil ar a gcuid sonraí féin agus ar leigheasanna gan aon ghá le tuilleadh beart cur chun feidhme ina leith seo.

Dá dhroim sin, ní féidir ach Rialachán a roghnú mar ionstraim dhlíthiúil.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le Cinneadh 2007/533/JHA, rinne an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar SIS II Láir agus, chomh maith leis sin, ar mhalartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit, trí bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm.

Léirigh torthaí na meastóireachta an gá atá le hathruithe a dhéanamh ar bhunús dlí SIS chun freagairt níos fearr a sholáthar i leith dúshláin nua slándála agus imirce. Áirítear leis sin, mar shampla, togra chun aghaidh a thabhairt ar pheirspictíocht ó cheann go ceann i dtaca le SIS trí rialáil a dhéanamh ar a úsáid ag na húsáideoirí deiridh agus trí chaighdeáin slándála sonraí a leagan amach a bheadh infheidhme maidir le hiarratais ó úsáideoirí deiridh, chun an córas a athneartú chun críoch frithsceimhlitheoireachta trí ghníomhaíocht nua a bheadh le déanamh a sholáthar, staid leanaí atá faoi bhagairt a bhfuadaithe ag a dtuismitheoirí a shoiléiriú agus, chomh maith leis sin, leathnú a dhéanamh ar na haitheantóirí bithmhéadracha atá ar fáil sa chóras.

Léirigh torthaí na meastóireachta freisin an gá atá le leasuithe dlíthiúla chun feabhas a chur ar fheidhmiú teicniúil an chórais agus chun cuíchóiriú a dhéanamh ar phróisis náisiúnta. Cuirfidh na bearta seo feabhas ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht SIS trína úsáid a éascú agus trí ualach nach bhfuil gá leis a laghdú. Tá bearta eile ceaptha chun feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí agus ar thrédhearcacht an chórais trí thuairisc níos soiléire a thabhairt ar chúraimí sonracha tuairiscithe na mBallstát agus eu-LISA.

Baineadh úsáid as torthaí na meastóireachta cuimsithí (glacadh an tuarascáil mheastóireachta agus an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann léi ar an 21 Nollaig 2016 21 ) mar bhonn do na bearta atá sa togra seo.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Le linn mheastóireacht an Choimisiúin ar SIS lorgaíodh aiseolas agus moltaí ar pháirtithe leasmhara ábhartha, lena náirítear toscairí do Choiste SIS-VIS faoin nós imeachta a bunaíodh in Airteagal 67 de Chinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle. Cuimsíonn an Coiste sin ionadaithe na mBallstát maidir le cúrsaí oibríochtúla SIRENE (comhar trasteorann i ndáil le SIS) agus maidir le cúrsaí teicniúla i ndáil le forbairt agus cothabháil SIS agus fheidhmchlár gaolmhar SIRENE.

Thug toscairí freagraí ar cheistneoirí mionsonraithe mar chuid den phróiseas meastóireachta. I gcás ina raibh gá le soiléiriú breise nó inar ghá tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an ábhar, baineadh an méid sin amach trí mhalartú teachtaireachtaí ríomhphoist nó trí agallamh spriocdhírithe. Mar thoradh ar an bpróiseas atriallach seo bhíothas in ann saincheisteanna a ardú ar mhodh cuimsitheach trédhearcach. Le linn 2015 agus 2016, phléigh toscairí do Choiste SIS-VIS na saincheisteanna sin le linn cruinnithe agus ceardlanna tiomnaithe.

Ina theannta sin, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go sonrach le húdaráis náisiúnta cosanta sonraí na mBallstát agus le comhaltaí de Ghrúpa Comhordaithe Maoirseachta SIS II i réimse na cosanta sonraí. Chomhroinn na Ballstáit a dtaithí maidir le hiarrataí ar rochtain ó ábhair shonraí agus maidir le hobair na núdarás náisiúnta cosanta sonraí trí fhreagraí a thabhairt ar shaincheistneoir. Baineadh úsáid as an eolas a fuarthas sna freagraí ar an gceistneoir sin i Meitheamh 2015 le linn an togra seo a fhorbairt.

Go hinmheánach, chuir an Coimisiún Grúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse ar bun, inar áiríodh an Ardrúnaíocht agus na hArdstiúrthóireachtaí um Imirce agus Gnóthaí Baile, um Cheartas agus Tomhaltóirí, um Acmhainní Daonna agus Slándáil, agus um Fhaisnéisíocht. Rinne an grúpa stiúrtha sin faireachán ar an bpróiseas meastóireachta agus chuir sé treoir ar fáil de réir mar ba ghá.

Cuireadh san áireamh i dtorthaí na meastóireachta freisin fianaise chuntais a bailíodh le linn cuairteanna meastóireachta láithreáin ar na Ballstáit ar lena linn a rinneadh mionscrúdú i dtaobh conas a bhaintear úsáid phraiticiúil as SIS. Áirítear leis sin plé agus agallaimh le cleachtóirí, le foireann Bhiúró SIRENE agus le húdaráis náisiúnta inniúla.

I bhfianaise an aiseolais sin, déantar foráil leis an togra seo maidir le bearta chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht an chórais ó thaobh cúrsaí teicniúla agus oibríochtúla de.

Bailiú agus úsáid saineolais

Sa bhreis ar na comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, lorg an Coimisiún saineolas seachtrach trí bhíthin trí cinn de staidéir agus cuireadh torthaí na staidéar sin san áireamh i bhforbairt an togra seo:

Measúnú Teicniúil SIS (Kurt Salmon) 22

Sa mheasúnú sin, sainaithníodh na príomh-shaincheisteanna maidir le feidhmiú SIS agus na riachtanais a bheidh ann amach anseo agus ar ceart aghaidh a thabhairt orthu, go príomha ábhair imní a shainaithint maidir le leanúnachas gnó a uasmhéadú agus maidir lena áirithiú gur féidir an ailtireacht fhoriomlán a oiriúnú do riachtanais mhéadaitheacha ó thaobh acmhainneachta de.

Measúnú Tionchair TFC ar Fheabhsuithe Ionchasacha ar Ailtireacht SIS II (Kurt Salmon) 23

Sa staidéar seo, rinneadh measúnú ar an gcostas reatha a ghabhann le SIS a oibriú ar an leibhéal náisiúnta agus measúnaíodh dhá chás theicniúla ionchasacha i ndáil le feabhsú an chórais. Áirítear sa dá chás sin sraith de thograí teicniúla atá dírithe ar fheabhsuithe ar an lárchóras agus ar an ailtireacht fhoriomlán;

"Measúnú Tionchair TFC ar na feabhsuithe teicniúla ar ailtireacht SIS II - Tuarascáil Chríochnaitheach", 10 Samhain 2016, (Wavestone) 24

Sa staidéar seo, rinneadh measúnú ar na tionchair chostais ar na Ballstáit mar thoradh ar chóip náisiúnta a chur chun feidhme agus rinneadh amhlaidh trí anailís a dhéanamh ar thrí chás (córas lánláraithe, cur chun feidhme caighdeánaithe N.SIS arna fhorbairt agus arna sholáthar do na Ballstáit ag eu-LISA agus cur chun feidhme sainiúil N.SIS ina gcuimsítear caighdeáin choiteanna theicniúla).

Measúnú tionchair

Ní dhearna an Coimisiún measúnú tionchair.

Baineadh úsáid as na trí mheasúnú neamhspleácha atá luaite thuas (in "Bailiú agus úsáid saineolais") mar bhonn leis an mbreithniú ar na tionchair a bheadh ag athruithe ar an gcóras ó thaobh cúrsaí teicniúla de. Sa bhreis air sin, tá dhá athbhreithniú ar Lámhleabhar SIRENE curtha i gcrích ag an gCoimisiún ó bhí 2013 ann, i.e. ón tráth ar tháinig SIS II i bhfeidhm ar an 9 Aibreán 2013 agus ar tháinig Cinneadh 2007/533/JHA i bhfeidhm. Áirítear leis sin measúnú athbhreithnitheach lárthéarma as ar lean lainseáil Lámhleabhar SIRENE nua 25 ar an 29 Eanáir 2015. Ghlac an Coimisiún Catalóg Dea-Chleachtas agus Moltaí 26 freisin. Ar a bharr sin, déanann eu-LISA agus na Ballstáit feabhsuithe teicniúla atriallacha go rialta ar an gcóras. Meastar go bhfuil na roghanna sin ídithe anois, rud a fhágann go bhfuil gá le leasú iomlán ar an mbunús dlí. Ní féidir soiléire i réimsí amhail feidhm córas úsáideora deiridh, chomh maith le rialacha mionsonraithe faoi scriosadh foláireamh, a bhaint amach trí chur chun feidhme feabhsaithe agus forghníomhú feabhsaithe amháin.

Thairis sin, rinne an Coimisiún meastóireacht chuimsitheach ar SIS de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 24(5), le hAirteagal 43(3) agus le hAirteagal 50(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le hAirteagal 59(3) agus le hAirteagal 66(5) de Chinneadh 2007/533/JHA agus d'fhoilsigh sé Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leo. Baineadh úsáid as torthaí na meastóireachta cuimsithí (glacadh an tuarascáil mheastóireachta agus an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann léi ar an 21 Nollaig 2016) mar bhonn leis na bearta atá sa togra seo.

Trí shásra meastóireachta Schengen, a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 27 , táthar in ann measúnú tréimhsiúil, de chineál dlí agus oibríochta, a dhéanamh ar fheidhmiú SIS sna Ballstáit. Déanann an Coimisiún agus na Ballstáit na meastóireachtaí i gcomhpháirt le chéile. Tríd an sásra sin, déanann an Coimisiún moltaí do Bhallstáit ar leithligh ar bhonn na meastóireachtaí a dhéantar mar chuid de chláir bhliantúla agus ilbhliantúla. Mar thoradh ar a gcineál ar leithligh, ní féidir na moltaí sin a chur in ionad rialacha atá ceangailteach ó thaobh an dlí agus atá infheidhme an tráth céanna maidir le gach Ballstát a úsáideann SIS.

Déanann Coiste SIS-VIS saincheisteanna praiticiúla, de chineál oibríochtúil agus teicniúil, a phlé go rialta. Cé go bhfuil na cruinnithe sin ina gcuid thábhachtach den chomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit, ní féidir le toradh na bpléite sin (gan athruithe reachtacha a bheith ann) saincheisteanna a thagann chun cinn de bharr cleachtais éagsúla náisiúnta, mar shampla, a leigheas.

Ní ghabhann tionchar suntasach eacnamaíochta ná timpeallachta leis na hathruithe atá beartaithe sa Rialachán seo. Meastar, áfach, go mbeidh tionchar suntasach dearfach sóisialta ag na hathruithe seo mar go ndéantar foráil leo maidir le slándáil mhéadaithe trí na nithe seo a leanas a chumasú: sainaithint níos fearr ar dhaoine a úsáideann aitheantas bréagach, ar choirpigh nach eol a gcéannacht fós tar éis coir thromchúiseach a dhéanamh agus ar mhionaoisigh atá ar iarraidh. Tá breithniú déanta ar thionchar na nathruithe seo ar chearta bunúsacha agus ar chosaint sonraí agus tá an tábhar sin leagtha amach ar bhealach níos mionsonraithe sa chéad roinn eile ("Cearta bunúsacha").

Rinneadh an togra a tharraingt suas trí úsáid a bhaint as an méid substaintiúil fianaise atá bailithe mar eolas le haghaidh mheastóireacht fhoriomlán an dara glúin de SIS ar lena linn a rinneadh scrúdú ar fheidhmiú an chórais agus ar réimsí ina bhféadfaí feabhsú a dhéanamh. Sa bhreis air sin, rinneadh staidéar measúnaithe tionchair costais chun a áirithiú gurbh í an ailtireacht náisiúnta a bhí roghnaithe an ailtireacht ab iomchuí agus ba chomhréirí.

Cearta bunúsacha agus cosaint sonraí

Leis an togra seo forbraítear agus feabhsaítear an córas atá ann cheana, seachas ceann nua a bhunú, agus, dá bhrí sin, cuirtear leis na coimircí tábhachtacha éifeachtacha atá curtha i bhfeidhm cheana. Mar sin féin, ós rud é go leanann an córas de shonraí pearsanta a phróiseáil, agus go mbeidh catagóirí breise sonraí íogaireacha bithmhéadracha á bpróiseáil aige, tá tionchair ionchasacha ann maidir leis na cearta bunúsacha atá ag daoine aonair. Tá breithniú iomlán déanta orthu sin agus tá coimircí breise curtha i bhfeidhm chun teorainn a chur le sonraí a bhailiú agus le tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu chun nach rachfar thar an méid a bhfuil géarghá leis agus thar an méid is gá ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de, agus rochtain ar na sonraí sin á srianadh dóibh siúd a bhfuil gá oibríochtúil acu chun iad a phróiseáil. Tá amscálaí soiléire coinneála sonraí leagtha amach sa togra seo, lena náirítear tréimhsí laghdaithe coinneála le haghaidh foláireamh maidir le hábhair. Tugtar aitheantas sainráite do chearta daoine aonair maidir le rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann leo agus iad a cheartú, agus maidir le léirscriosadh a iarraidh i gcomhréir lena gcearta bunúsacha, agus déantar foráil shainráite i leith na nithe sin (féach an roinn a bhaineann le cosaint sonraí agus slándáil).

Sa bhreis air sin, neartaíonn an togra bearta chun cearta bunúsacha a chosaint mar go leagann sé amach, i bhfoirm reachtaíochta, na ceanglais a bhaineann le scriosadh foláirimh agus go dtugann sé isteach measúnú comhréireachta má bhíonn foláireamh á leathnú. Beifear in ann daoine aonair a shainaithint ar bhonn níos iontaofa trí úsáid a bhaint as sonraí bithmhéadracha i leith daoine atá ar iarraidh agus a bhfuil gá acu le cosaint, á áirithiú go bhfuil sonraí pearsanta cruinn agus go bhfuil siad á gcosaint ar bhealach iomchuí. Leis an togra, déantar coimircí fairsinge daingne a shainiú maidir le húsáid aitheantóirí bithmhéadracha le go seachnófar ceataí do dhaoine neamhchiontacha.

Leis an togra freisin, leagtar amach ceanglais maidir le slándáil an chórais ó cheann go ceann, á áirithiú go mbeidh cosaint níos fearr ann do na sonraí a stóráiltear ann. Trí nós imeachta soiléir bainistithe teagmhais a thabhairt isteach agus, chomh maith leis sin, trí leanúnachas feabhsaithe gnó a thabhairt isteach do SIS, comhlíonann an togra seo Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 28 a mhéid a bhaineann leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Rannchuideoidh forbairt agus éifeachtacht leantach SIS le slándáil daoine sa tsochaí.

Beartaítear leis an togra athruithe suntasacha a bhaineann le haitheantóirí bithmhéadracha. Sa bhreis ar mhéarloirg, ba cheart loirg dhearnana a bhailiú agus a stóráil freisin má chomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla. Déantar logaí méarloirg a chur i gceangal le foláirimh alfa-uimhriúla SIS de réir mar a fhoráiltear ina leith sin in Airteagail 26, 32, 34 agus 36. Ba cheart go bhféadfaí, amach anseo, cuardach a dhéanamh sna sonraí dachtalagrafacha sin (méarloirg agus loirg dhearnana) in aghaidh méarlorg a fhaightear ar láthair coire ar choinníoll gur coir thromchúiseach nó sceimhlitheoireacht an cion sin agus gur féidir a rá, go hardleibhéal dóchúlachta, gur le déantóir an chiona iad. Ar a bharr sin, beartaítear leis an togra go ndéanfar méarloirg a stóráil i ndáil le daoine ar a dtugtar "daoine anaithnide a bhfuiltear sa tóir orthu" (déantar na coinníollacha a thuairisciú go mion i Roinn 5, an fhoroinn dar teideal "Grianghraif, íomhánna d'aghaidh, sonraí dachtalagrafacha agus próifílí DNA"). I gcás ina bhfuil éiginnteacht ann maidir le céannacht duine ar bhonn a chuid doiciméad, ba cheart do na húdaráis inniúla cuardach méarlorg a dhéanamh in aghaidh na méarlorg atá stóráilte i mbunachar sonraí SIS.

Leis an togra, ceanglaítear sonraí breise a bhailiú agus a stóráil (amhail mionsonraí faoi dhoiciméid aitheantais phearsanta), ar sonraí iad a éascóidh obair na noifigeach ar an láthair le linn dóibh céannacht duine a shuí.

Leis an togra, ráthaítear ceart an ábhair sonraí ar leigheasanna éifeachtacha atá ar fáil chun chur i gcoinne aon chinntí agus áireofar leo sin, in aon chás, leigheas éifeachtach os comhair cúirte nó binse i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Aon chóras aonair faisnéise amháin atá in SIS. Dá dhroim sin, níor cheart a mheas maidir leis an gcaiteachas atá beartaithe in dhá cheann de na tograí (an ceann reatha agus an Togra le haghaidh Rialachán maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann) gur dhá mhéid ar leith iad ach ba cheart a mheas gur méid amháin atá ann. Tá impleachtaí buiséadacha na nathruithe is gá chun an dá thogra a chur chun feidhme san áireamh in aon ráiteas airgeadais reachtach amháin.

De bharr chineál comhlántach an tríú togra (a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais), déileáiltear leis na himpleachtaí buiséadacha ar leithligh agus i ráiteas airgeadais neamhspleách ina dtugtar aghaidh ar bhunú na catagóire sonraí foláirimh seo agus uirthi sin amháin.

Ar bhonn measúnaithe ar na gnéithe éagsúla den obair a bhfuil gá léi i ndáil leis an líonra, le SIS Láir ag eu-LISA agus leis na forbairtí náisiúnta sna Ballstáit, beidh gá le méid iomlán EUR 64.3 milliún don dá thogra le haghaidh Rialachán don tréimhse 2018-2020.

Clúdaítear leis sin méadú ar bhandaleithead TESTA-NG ó tharla, i gcomhréir leis an dá thogra, go dtarchuirfidh an líonra comhaid mhéarlorg agus íomhánna d'aghaidh a mbeidh tréchur agus acmhainn níos airde ag teastáil ina leith (EUR 9.9 milliún). Ina theannta sin, clúdaítear leis costais eu-LISA i ndáil le foireann agus caiteachas oibríochtúil (EUR 17.6 milliún). Chuir eu-LISA in iúl don Choimisiún go bhfuil sé beartaithe 3 ghníomhaire conartha nua a earcú in Eanáir 2018 chun tús a chur le céim na forbartha in am trátha chun a áirithiú go dtiocfaidh feidhmiúlachtaí nuashonraithe SIS i bhfeidhm in 2020. Cuimsítear leis an togra seo leasuithe teicniúla ar SIS Láir chun leathnú a dhéanamh ar na catagóirí foláirimh atá ann cheana agus chun feidhmiúlachtaí nua a sholáthar. Léirítear sa ráiteas airgeadais atá i gceangal leis an togra seo na hathruithe sin.

Thairis sin, rinne an Coimisiún staidéar measúnaithe tionchair costais chun measúnú a dhéanamh ar chostais na bhforbairtí náisiúnta a bhfuil gá leo mar thoradh ar an togra seo. 29 Is é atá sa chostas measta ná EUR 36.8 milliún ar ceart é a dháileadh trí bhíthin cnapshuim do na Ballstáit. Ar an dóigh sin, gheobhaidh gach Ballstát suim EUR 1.2 milliún chun a chóras náisiúnta a uasghrádú i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach sa togra seo, lena náirítear chun cóip pháirteach náisiúnta a chur ar bun i gcás nach ndearnadh amhlaidh fós nó chun córas cúltaca a chur ar fáil.

Tá sé beartaithe athchlárú a dhéanamh ar an gcuid atá fágtha d'imchlúdach an Chiste Slándála Inmheánaí chun na huasghráduithe a dhéanamh agus chun na feidhmiúlachtaí atá á samhlú sa dá thogra a chur chun feidhme. Is é Rialachán Teorainneacha ISF 30 an ionstraim airgeadais a ndearnadh an buiséad i ndáil le cur chun feidhme phacáiste na dTeorainneacha Cliste a chur san áireamh inti. Le hAirteagal 5 den Rialachán, foráiltear go ndéanfar EUR 791 milliún a chur chun feidhme trí chlár chun córais TF a thacaíonn le bainistiú sreabh imirce thar an teorainn sheachtrach a chur ar bun faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15. Tá EUR 480 milliún den EUR 791 milliún thuasluaite á fhorchoimeád chun forbairt a dhéanamh ar an gCóras Dul Isteach-Imeachta agus tá EUR 210 milliún de á fhorchoimeád chun forbairt a dhéanamh ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS). Déanfar an fuílleach a úsáid go páirteach chun costais na nathruithe a shamhlaítear sa dá thogra maidir le SIS a chlúdach.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus eu-LISA athbhreithniú agus faireachán ar úsáid SIS go tráthrialta lena áirithiú go leanann sé de bheith ag feidhmiú go héifeachtach agus go héifeachtúil. Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ó Choiste SIS-VIS i ndáil le bearta teicniúla agus oibríochtúla a thuairiscítear sa togra a chur chun feidhme.

Sa bhreis air sin, áirítear sa Rialachán beartaithe seo forálacha in Airteagal 71(7) agus (8) maidir le próiseas foirmiúil rialta athbhreithniúcháin agus meastóireachta.

Tá sé de cheangal ar eu-LISA tuairisciú a dhéanamh do Pharlaimint na hEorpa gach dhá bhliain maidir le feidhmiú teicniúil SIS – lena náirítear staid slándála SIS –, maidir leis an mbonneagar cumarsáide atá ann mar thaca dó, agus maidir le malartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit.

Thairis sin, tá sé de cheangal ar an gCoimisiún meastóireacht fhoriomlán a dhéanamh ar SIS agus ar an malartú faisnéise idir na Ballstáit gach ceithre bliana agus an mheastóireacht sin a chomhroinnt leis an bParlaimint agus leis an gComhairle. Tríd an meastóireacht sin:

scrúdófar torthaí a baineadh amach de réir na gcuspóirí;

measfar an bhfuil an réasúnaíocht bhunúsach don chóras bailí fós;

déanfar scrúdú i dtaobh conas atá an Rialachán á chur i bhfeidhm maidir leis an lárchóras;

déanfar meastóireacht ar shlándáil an lárchórais;

scrúdófar na himpleachtaí a bhaineann le feidhmiú an chórais sa todhchaí.

Tá sé de chúram ar eu-LISA anois freisin staidreamh a sholáthar ar bhonn laethúil, míosúil agus bliantúil faoi úsáid SIS, rud a áirithíonn faireachán leanúnach ar an gcóras agus ar fheidhmiú an chórais de réir na gcuspóirí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Forálacha is coiteann don togra seo agus don togra le haghaidh Rialachán maidir le SIS a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann

Forálacha Ginearálta (Airteagail 1 – 3)

Ailtireacht theicniúil agus modhanna oibrithe SIS (Airteagail 4 – 14)

Freagrachtaí eu-LISA (Airteagail 15 – 18)

Ceart chun rochtain a fháil ar fholáirimh agus iad a choinneáil (Airteagail 43, 46, 48, 50 agus 51)

Próiseáil sonraí i gcoitinne agus rialacha maidir le cosaint sonraí (Airteagail 53 – 70)

Faireachán agus staidreamh (Airteagal 71)

Úsáid SIS ó cheann go ceann

Ós rud é go bhfuil os cionn 2 mhilliún úsáideoir deiridh sna húdaráis inniúla ar fud na hEorpa, is uirlis an-éifeachtach é SIS le haghaidh malartú faisnéise agus baintear úsáid fhorleathan as. Áirítear sna tograí seo rialacha a chlúdaíonn oibriú iomlán an chórais ó cheann go ceann, lena náirítear SIS Láir arna oibriú ag eu-LISA, na córais náisiúnta agus na feidhmchláir d'úsáideoirí deiridh. Tugann sé aghaidh ní hamháin ar na lárchórais agus na córais náisiúnta ach freisin ar riachtanais theicniúla agus oibríochtúla na núsáideoirí deiridh.

In Airteagal 9(2), sonraítear nach foláir d'úsáideoirí deiridh na sonraí is gá a fháil chun a gcúraimí a chomhlíonadh (go háirithe na sonraí uile is gá chun an tábhar sonraí a shainaithint agus chun an beart a bhfuil gá leis a dhéanamh). Déantar foráil leis freisin maidir le treoirphlean coiteann do chur chun feidhme SIS ag na Ballstáit, agus comhchuibhiú á áirithiú sna córais náisiúnta go léir. In Airteagal 6, sonraítear nach foláir do gach Ballstát a áirithiú go bhfuil sonraí SIS ar fáil d'úsáideoirí deiridh gan bhriseadh chun uasmhéadú a dhéanamh ar na tairbhí oibríochtúla trí laghdú a dhéanamh ar aga neamhfhónaimh ionchasach.

Le hAirteagal 10(3), áirithítear go náirítear le slándáil na próiseála sonraí gníomhaíochtaí próiseála sonraí na núsáideoirí deiridh freisin. Le hAirteagal 14, leagtar oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go bhfaigheann daoine foirne a bhfuil rochtain acu ar SIS oiliúint rialta leanúnach faoi shlándáil sonraí agus faoi na rialacha maidir le cosaint sonraí.

Mar thoradh ar na bearta sin a bheith ann, déantar feidhmiú iomlán SIS ó cheann go ceann a chlúdach leis an togra seo ar mhodh níos cuimsithí mar go bhfuil rialacha agus oibleagáidí ann a bhaineann leis na milliúin úsáideoirí deiridh ar fud na hEorpa. Chun SIS a úsáid ar bhonn iomlán a éifeachtachta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gurb amhlaidh, gach uair dá mbíonn a gcuid úsáideoirí deiridh i dteideal cuardach a dhéanamh i mbunachar sonraí náisiúnta póilíneachta nó inimirce, go ndéanann siad cuardach comhuaineach in SIS freisin. Sa tslí sin, is féidir le SIS a chuspóir a chomhlíonadh, is é sin feidhmiú mar an príomhbheart cúiteach sa limistéar gan aon rialuithe ag teorainneacha inmheánacha agus is féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt, ar bhealach níos fearr, ar an ngné thrasteorann den choiriúlacht agus ar shoghluaisteacht coirpeach. Ní mór an cuardach comhuaineach sin a bheith i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2016/680 31 .

Leanúnachas gnó

Neartaíonn na tograí forálacha a bhaineann le leanúnachas, ar an leibhéal náisiúnta agus do eu-LISA araon (Airteagail 4, 6, 7 agus 15). Áirithíonn siad sin go leanfaidh SIS de bheith feidhmiúil agus inrochtana do bhaill foirne ar an láthair, fiú amháin má bhíonn saincheisteanna ann a dhéanann difear don chóras.

Cáilíocht sonraí

Leis an togra, déantar prionsabal a chaomhnú ar dá réir is é an Ballstát is úinéir ar na sonraí atá freagrach as cruinneas na sonraí atá iontráilte in SIS (Airteagal 56). Tá gá, áfach, le foráil a dhéanamh maidir le sásra lárnach a bheidh á bhainistiú ag eu-LISA agus a ligfidh do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar na foláirimh sin ina bhféadfadh sé go mbeadh ábhar imní faoi cháilíocht sna réimsí sonraí sainordaitheacha. Dá bhrí sin, le hAirteagal 15 den togra, cumhachtaítear do eu-LISA tuarascálacha cáilíochta sonraí a thabhairt ar aird do na Ballstáit ag eatraimh rialta. D'fhéadfaí an ghníomhaíocht sin a éascú trí stóras sonraí a d'ullmhódh tuarascálacha staidrimh agus cáilíochta sonraí (Airteagal 71). Léiríonn na feabhsuithe sin torthaí oibre eatramhacha an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe ar Chórais Faisnéise agus ar Idir-Inoibritheacht.

Grianghraif, íomhánna d'aghaidh, sonraí dachtalagrafacha agus próifílí DNA

An fhéidearthacht maidir le cuardach a dhéanamh le méarloirg d'fhonn duine a shainaithint, leagtar amach cheana féin í in Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus i dTreoir 2007/533/JHA ón gComhairle. Leis na tograí déantar an cuardach sin éigeantach más rud é nach féidir céannacht an duine a fhionnadh ar aon slí eile. Thairis sin, mar thoradh ar athruithe ar Airteagal 22 agus mar thoradh ar Airteagail nua 40, 41 agus 42, beifear in ann úsáid a bhaint as íomhánna d'aghaidh, as loirg dhearnana agus as próifílí DNA chun duine a shainaithint, de bhreis ar úsáid a bhaint as méarloirg. Faoi láthair, ní féidir íomhánna d'aghaidh a úsáid ach amháin chun céannacht duine a dheimhniú tar éis cuardach alfa-uimhriúil a dhéanamh, seachas iad a úsáid mar bhonn le cuardach. Baineann dachtalagrafaíocht le staidéar eolaíoch méarlorg mar mhodh sainaitheantais. Aithníonn saineolaithe dachtalagrafaíochta go bhfuil saintréith uathúlachta ag loirg dhearnana agus go bhfuil pointí tagartha iontu trína gcumasaítear comparáidí cruinne dochloíte go díreach faoi mar a tharlaíonn i gcás méarlorg. Is féidir loirg dhearnana a úsáid chun céannacht duine a shuí ar an tslí chéanna inar féidir méarloirg a úsáid. Is cleachtas póilíneachta é leis na scórtha bliain loirg dhearnana a thógáil in éineacht le deich lorg rollta agus deich lorg chothroma an duine lena mbaineann. Baineann dhá phríomhúsáid le loirg dhearnana:

i)Chun críocha sainaithint a dhéanamh nuair atá damáiste déanta ag an duine lena mbaineann, go hintinneach nó go neamhintinneach, do bharra a mhéar. D'fhéadfadh sé gurbh é ba chúis leis sin iarracht chun sainaithint a dhéanamh nó glacadh méarlorg a sheachaint nó damáiste a tharla mar thoradh ar thionóisc nó ar thromobair láimhe. Le linn an phlé ar rialacha teicniúla SIS, thuairiscigh AFIS na hIodáile go raibh rath mór ann maidir le sainaithint imirceach neamhrialta a raibh damáiste déanta go hintinneach acu do bharra a méar agus iad ag iarraidh sainaithint a sheachaint. Ós rud é gur thóg údaráis na hIodáile loirg dhearnana, bhíothas in ann sainaithint a dhéanamh ina dhiaidh sin.

ii)Loirg neamhfhollasa ó láithreacha coire. Is minic a fhágann an duine atá faoi dhrochamhras rianta ag láthair coire agus tarlaíonn sé gur ó bhos na láimhe a tháinig siad. Is trí thógáil lorg dearnana mar ghnás, agus tríd sin amháin, is é sin, nuair atá méarloirg duine á dtógáil go dleathach, is féidir duine atá faoi dhrochamhras a shainaithint. Ina theannta sin, bíonn mionsonraí ó bhun na méar ann de ghnáth sa lorg dearnan ar mionsonraí iad a bhíonn ar iarraidh sna loirg rollta agus chothroma a thógtar, ós rud é go mbítear ag díriú ar bharra na méar agus ar na hailt uachtaracha sna loirg is déanaí atá luaite.

Trí úsáid a bhaint as íomhánna d'aghaidh chun daoine a shainaithint áiritheofar comhsheasmhacht níos mó idir SIS agus an Córas Dul Isteach-Imeachta Eorpach atá beartaithe, geataí leictreonacha agus bothanna féinfhreastail. Beidh an fheidhmiúlacht seo teoranta do na trasnuithe rialta teorann.

I gcásanna nach bhfuil méarloirg nó loirg dhearnana ar fáil, ceadaítear le hAirteagal 22(1)(b) úsáid a bhaint as próifílí DNA i ndáil le daoine ar iarraidh ar gá iad a chur faoi chosaint, go háirithe leanaí. Ní úsáidfear an fheidhmiúlacht sin ach amháin i gcás nach bhfuil méarloirg ann agus ní bheidh ach úsáideoirí údaraithe in ann rochtain a fháil uirthi. Dá bhrí sin, leis an bhforáil seo ceadaítear próifílí DNA a úsáid trí thuismitheoirí nó trí shiblíní an duine ar iarraidh/an linbh chun a chur ar a gcumas d'údaráis náisiúnta an duine aonair atá i dtrácht a shainaithint agus a aimsiú. Déanann na Ballstáit an fhaisnéis sin a mhalartú le chéile cheana féin ar an leibhéal oibríochtúil trí mhalartú faisnéise forlíontaí. Leis an togra seo cruthaítear creat rialála don chleachtas seo trí bhunús substainteach dlí maidir le hoibriú agus úsáid SIS a chur isteach ann agus trí phróisis shoiléire a chur chun feidhme maidir leis na himthosca ina bhféadfar próifílí den sórt seo a úsáid.

Ina theannta sin, mar thoradh ar na hathruithe atá beartaithe beifear in ann foláirimh SIS faoi dhaoine anaithnide a bhfuiltear sa tóir orthu i dtaca le coir a eisiúint ar bhonn méarlorg nó lorg dearnana (Airteagail 40 - 42). Féadfar na foláirimh sin a chruthú más rud é, mar shampla, go naimsítear méarloirg nó loirg dhearnana ag láthair coire tromchúisí agus más rud é go bhfuil cúiseanna láidre ann le bheith amhrasach gur le déantóir na coire sin na méarloirg. Mar shampla, nuair a aimsítear méarloirg ar arm a úsáideadh le linn an choir a dhéanamh nó ar aon rud eile a d'úsáid déantóir na coire nuair a rinne sé an choir. Comhlánú atá sa chatagóir nua foláirimh seo ar fhorálacha Prüm trína gcumasaítear idirnascthacht na gcóras náisiúnta aitheanta méarlorg coirpeach. Trí shásra Prüm, is féidir le Ballstát iarraidh a sheoladh chun a fháil amach an bhfuil céannacht déantóra coire a bhfuil a mhéarloirg aimsithe ar eolas ag aon Bhallstát eile (chun críoch imscrúdúcháin de ghnáth). Ní féidir duine a shainaithint trí shásra Prüm ach amháin más rud é gur tógadh a mhéarloirg nó a méarloirg i mBallstát eile chun críoch coiriúil. Ar an dóigh sin, ní féidir ciontóirí céaduaire a shainaithint. Mar thoradh ar na forbairtí atá sa togra seo, i.e. stóráil méarlorg daoine anaithnide a bhfuiltear sa tóir orthu, cumasófar méarloirg déantóra anaithnid coire a uaslódáil chuig SIS ionas gur féidir é a shainaithint mar dhuine a bhfuiltear sa tóir air má thagtar air i mBallstát eile. Is ionann úsáid a bhaint as an bhfeidhmiúlacht seo agus glacadh leis go ndearna na Ballstáit na foinsí náisiúnta agus idirnáisiúnta go léir a bhí ar fáil a cheadú roimh ré ach nach raibh siad in ann céannacht an duine a bhí i gceist a fhionnadh. Áirítear coimircí leordhóthanacha sa togra chun a áirithiú nach stóráiltear in SIS, faoin gcatagóir seo, ach méarloirg daoine a bhfuil drochamhras mór ann ina leith go ndearna siad coir thromchúiseach nó cion sceimhlitheoireachta. Dá réir sin, ní féidir an chatagóir nua seo foláirimh a lamháil ach amháin i gcásanna inar mórbhaol don tslándáil phoiblí é an déantóir anaithnid, ar baol é a fhágann gur ceart na méarloirg sin a chur i gcomparáid le méarloirg taistealaithe, mar shampla chun nach nimeoidh an duine ón limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha.

Ní cheadaítear leis an bhforáil seo d'úsáideoirí deiridh méarloirg a chur isteach faoin gcatagóir seo i gcás nach féidir an bhaint atá acu le déantóir na coire a shuí. Coinníoll eile a bheidh ann is ea nach féidir céannacht an duine a shuí trí úsáid a bhaint as aon bhunachair shonraí eile, de chineál náisiúnta, Eorpach nó idirnáisiúnta, ina stóráiltear méarloirg. Tar éis méarlorg den sórt sin a stóráil in SIS, úsáidfear é chun daoine nach féidir a gcéannacht a fhionnadh ar bhealaí eile a shainaithint. Má thagann meaitseáil ionchasach den tseiceáil sin, ba cheart do gach Ballstát seiceálacha eile a dhéanamh lena méarloirg féin, agus ról ag saineolaithe méarlorg, b'fhéidir, chun a fháil amach an é an duine a meaitseáladh úinéir na méarlorg atá stóráilte in SIS agus ba cheart dóibh céannacht an duine sin a shuí. Tá na nósanna imeachta faoi réir an dlí náisiúnta. D'fhéadfadh sé go leanfaidh gabháil duine as sainaithint mar úinéir méarlorg "duine anaithnid a bhfuiltear sa tóir air ".

Rochtain ar SIS

San fhoroinn seo, tuairiscítear na heilimintí nua ó thaobh na gceart rochtana ar SIS a mhéid a bhaineann le húdaráis náisiúnta inniúla agus, chomh maith leis sin, le Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (úsáideoirí institiúideacha).

Údaráis náisiúnta - údaráis inimirce

Chun a áirithiú go mbaintear an úsáid is éifeachtaí as SIS, tugann an togra rochtain ar SIS d'údaráis náisiúnta atá freagrach as coinníollacha a scrúdú, agus as cinntí a dhéanamh, maidir le teacht isteach, imeacht agus cur ar ais náisiúnach de chuid tríú tír atá ar chríoch Ballstát. Fágann sin gur féidir SIS a cheadú i ndáil le himircigh neamhrialta nár seiceáladh ag rialuithe rialta teorann. Áirithíonn an togra seo an chóir chéanna do náisiúnaigh tríú tír atá ag trasnú na dteorainneacha seachtracha ag pointí rialta trasnaithe teorann (agus atá, dá bhrí sin, faoi réir seiceálacha is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír) agus do náisiúnaigh tríú tír a thagann ar dhóigh neamhrialta chuig limistéar Schengen.

Thairis sin, áirithíonn an togra seo go mbeidh rochtain theoranta ag údaráis cláraithe feithiclí (Airteagal 44), bád agus aerárthaí ar an gcóras chun a gcuid cúraimí a chomhall, ar choinníoll gur seirbhísí rialtasacha iad. Beidh sé sin ina chabhair freisin maidir le clárú na gcóracha iompair réamhluaite a sheachaint más rud é gur córacha iompair goidte iad agus go ndéantar iad a chuardach i mBallstát eile. Ní tionscnamh nua é i dtaca le seirbhísí cláraithe feithiclí de ós rud é go ndearnadh foráil maidir le rochtain a bheith acu ar SIS in Airteagal 102a de Choinbhinsiún Schengen agus i Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 32 . De réir na loighce céanna, beartaítear leis an togra go mbeidh rochtain ag údaráis chláraithe bád agus aerárthaí ar fholáirimh SIS a bhaineann le báid agus le haerárthaí.

Úsáideoirí institiúideacha

Tá rochtain ag Europol (Airteagal 46), ag Eurojust (Airteagal 47) agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta – chomh maith lena bhfoirne, le foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, agus le baill na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce – (Airteagal 48 agus Airteagal 49) ar SIS agus ar shonraí SIS a bhfuil gá acu leo. Cuirtear coimircí iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéantar na sonraí sa chóras a chosaint go hiomchuí (lena náirítear freisin na forálacha in Airteagal 50 lena gceanglaítear nach bhféadfaidh na comhlachtaí sin ach rochtain a fháil ar na sonraí a bhfuil gá acu leo chun a gcúraimí a chomhall).

Leis na hathruithe seo, leathnaítear an rochtain atá ag Europol ar SIS chuig foláirimh faoi dhaoine ar iarraidh, á áirithiú go bhféadfaidh sé an úsáid is fearr a bhaint as an gcóras le linn dó a dhualgais a chomhall, agus cuirtear forálacha nua isteach trína náirithítear gur féidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, chomh maith lena bhfoirne, rochtain a fháil ar an gcóras le linn na hoibríochtaí éagsúla a chur i gcrích a thagann faoi réim a sainordaithe maidir le cúnamh a thabhairt do na Ballstáit. I gcomhthéacs obair an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe ar Chórais Fhaisnéise agus ar Idir-Inoibritheacht agus d'fhonn comhroinnt faisnéise faoi sceimhlitheoireacht a neartú a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an ceart go bhfaighidh Europol fógra go huathoibríoch ó SIS nuair a chruthaítear foláireamh faoi ghníomhaíocht a bhaineann le sceimhlitheoireacht.

Thairis sin, faoin togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) 33 , déanfaidh Láraonad ETIAS de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta cuardaigh in SIS trí ETIAS chun a fháil amach an bhfuil an náisiúnach tríú tír a bhfuil iarratas ar údarú taistil á dhéanamh aige ina ábhar d'fholáireamh SIS. Chuige sin, beidh rochtain iomlán ar SIS ag Láraonad ETIAS.

Athruithe sonracha ar fholáirimh

Le hAirteagal 26, déantar foráil maidir leis na Ballstáit a chumasú chun foláirimh ghabhála a chur ar fionraí go sealadach (i gcás ina bhfuil oibríocht nó imscrúdú fós ar siúl ag póilíní), gan iad a bheith le feiceáil ach ag Biúrónna SIRENE amháin agus ní ag na hoifigigh ar an láthair ar feadh tréimhse ama theoranta. Cuidiú is ea an fhoráil seo freisin chun staid a sheachaint ina ndéanfadh oifigeach póilíneachta nach bhfuil bainteach leis an ábhar oibríocht phóilíneachta rúnda maidir le gabháil duine a bhfuiltear go mór sa tóir air a chur i mbaol.

Déantar foráil le hAirteagal 32 agus le hAirteagal 33 maidir le daoine ar iarraidh. Mar thoradh ar athruithe orthu sin, ceadaítear foláirimh choisctheacha a eisiúint i gcásanna ina meastar gur baol mór é fuadach ag tuismitheoir agus déantar foráil maidir le catagóiriú de chineál níos mionchoigeartaithe i leith foláirimh a bhaineann le daoine ar iarraidh. Is minic a tharlaíonn fuadach ag tuismitheoir in imthosca atá pleanáilte go maith, le hintinn imeacht go mear ón mBallstát inar comhaontaíodh na socruithe maidir le coimeád. Tugann na hathruithe seo aghaidh ar bhearna ionchasach sa reachtaíocht reatha ar dá réir nach féidir foláirimh i leith leanaí a eisiúint go dtí go mbeidh siad ar iarraidh. Mar thoradh ar na hathruithe beidh údaráis sna Ballstáit in ann a chur in iúl cé na leanaí atá i mbaol ar leith. Ciallóidh na hathruithe seo go ndéanfar gardaí teorann agus oifigigh forghníomhaithe dlí a chur ar an eolas i gcás baol mór a bheith ann go bhfuil fuadach ag tuismitheoir ar tí tarlú agus go mbeidh siad in ann scrúdú níos cúramaí a dhéanamh ar na himthosca ina bhfuil leanbh i mbaol ag taisteal agus an leanbh a ghlacadh faoi choimeád cosantach más gá sin. Déanfar faisnéis fhorlíontach, lena náirítear faisnéis faoi chinneadh an údaráis bhreithiúnaigh inniúil a d'iarr an foláireamh, a sholáthar trí Bhiúrónna SIRENE. Déanfar Lámhleabhar SIRENE a athbhreithniú dá réir sin. Maidir leis an bhfoláireamh seo, beidh gá le cinneadh iomchuí ina leith ó na húdaráis bhreithiúnacha, cinneadh lena ndéantar coimeád a dheonú do dhuine amháin de na tuismitheoirí agus don duine sin amháin. Maidir le coinníoll eile, ní foláir garbhaol fuadaigh a bheith ann. Déanfar stádas foláireamh faoi leanaí ar iarraidh a nuashonrú go huathoibríoch chun léiriú a thabhairt ar aois duine fhásta a bheith slánaithe acu nuair is infheidhme sin.

Le hAirteagal 34, ceadaítear sonraí faoi fheithiclí a chur leis an bhfoláireamh má tá léiriú soiléir ann go bhfuil na sonraí sin bainteach leis an duine a bhfuiltear sa tóir air.

Le hAirteagal 37, tugtar isteach cineál nua seiceála, is é sin an 'tseiceáil fiosrúcháin'. Tá sí seo ceaptha, go háirithe, chun tacú le bearta chun cur i gcoinne sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach. Ligeann sí d'údaráis an duine lena mbaineann a stopadh agus a cheistiú. Tá sí níos fairsinge ná an tseiceáil dhiscréideach atá ann cheana ach níl cuardach colainne i gceist léi agus ní ghabhtar duine dá barr. Ach d'fhéadfadh sí dóthain faisnéise a sholáthar le go bhféadfar cinneadh a dhéanamh faoi bhearta eile atá le déanamh. Déantar Airteagal 36 a leasú freisin chun an cineál breise seiceála seo a léiriú.

Leis an togra seo, foráiltear go gclúdóidh foláirimh SIS doiciméid bhána oifigiúla agus páipéir aitheantais eisithe (Airteagal 36) agus feithiclí, lena náirítear báid agus aerárthaí (Airteagal 32 agus Airteagal 34) i gcás ina bhfuil na nithe sin bainteach le foláirimh faoi dhaoine arna neisiúint faoi na hairteagail sin. Déantar Airteagal 37 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le bearta a dhéanamh ar bhonn na bhfoláireamh sin. Cuspóir de chineál imscrúdaitheach amháin atá i gceist ós rud é go gcuirfidh sé ar a gcumas d'údaráis dul i ngleic le staideanna ina bhfuil roinnt daoine ag úsáid doiciméid bharántúla, ach gur doiciméid chomhchosúla iad, cé nach iad sealbhóirí dleathacha na ndoiciméad iad.

In Airteagal 38, leagtar amach liosta leathnaithe ábhar ar féidir foláirimh a eisiúint ina leith, agus cuirtear leis an liosta sin doiciméid fhalsaithe, feithiclí gan beann ar an gcóras tiomána atá acu (i.e. feithiclí leictreacha chomh maith le feithiclí peitril/díosail, etc.), nótaí bainc falsaithe, trealamh TF, agus comhpháirteanna in-sainaitheanta feithiclí agus trealamh tionscail. Níl aon fholáirimh ann a thuilleadh maidir le modhanna íoca ós rud é go raibh éifeachtúlacht na bhfoláireamh sin an-íseal i gcónaí agus gur beag an líon amas a bhí ann dá mbarr.

Chun soiléiriú a dhéanamh ar an bpróiseas atá le cur i bhfeidhm nuair a aimsítear ábhar atá faoi réir foláirimh, déantar Airteagal 39 a leasú chun go luaitear ann nach mór ábhair a urghabháil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, de bhreis ar theagmháil a dhéanamh leis an údarás a d'eisigh an foláireamh.

Cosaint agus slándáil sonraí

Leis an togra seo, soiléirítear an fhreagracht i ndáil le teagmhais a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil nó do shláine bhonneagar SIS, shonraí SIS nó faisnéise forlíontaí (Airteagal 10, Airteagal 16 agus Airteagal 57) a chosc agus a thuairisciú agus i ndáil le freagairt ar theagmhais den sórt sin.

Cuimsíonn Airteagal 12 forálacha maidir le logaí ar stair na bhfoláireamh a choinneáil agus a chuardach.

Ina theannta sin, tá forálacha in Airteagal 12 maidir le cuardaigh scanta uathoibrithe ar uimhirphlátaí mótarfheithiclí trí úsáid a bhaint as córais Uathaitheanta Uimhirphlátaí agus lena leagtar oibleagáid ar na Ballstáit loga de chuardaigh den sórt sin a choimeád i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Coinnítear Airteagal 15(3) de Chinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle in Airteagal 15(3) freisin agus foráiltear gurb é an Coimisiún a bheidh freagrach i gcónaí i ndáil le bainistiú conarthach an bhonneagair cumarsáide, lena náirítear cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid agus le fáil agus athnuachan. Déanfar na cúraimí sin a aistriú chuig eu-LISA sa dara sraith de thograí SIS i Meitheamh 2017.

Le hAirteagal 21, leathnaítear an ceanglas maidir le breithniú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil cás leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor le feidhm a bheith aige maidir le cinntí i dtaobh an ceart tréimhse bhailíochta foláirimh a leathnú. Mar rud úrnua, leis an Airteagal seo ceanglaítear ar na Ballstáit freisin foláireamh a chruthú faoi Airteagal 34, faoi Airteagal 36 agus faoi Airteagal 38 (de réir mar is iomchuí) i ngach imthoisc maidir le daoine nó maidir lena nábhair ghaolmhara ar daoine iad a dtagann a ngníomhaíocht faoi réim Airteagail 1, 2, 3 agus 4 de Chinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac.

Catagóirí sonraí agus próiseála sonraí

Leis an togra seo, leathnaítear na cineálacha faisnéise (Airteagal 20) is féidir a shealbhú faoi dhaoine a bhfuil foláireamh eisithe ina leith agus an méid seo a leanas san áireamh freisin:

an bhfuil an duine bainteach le haon ghníomhaíocht a thagann faoi réim Airteagail 1, 2, 3 agus 4 de Chinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle;

barúlacha eile a bhaineann le daoine; an chúis leis an bhfoláireamh;

mionsonraí faoi uimhir chláraithe náisiúnta agus áit chláraithe an duine;

catagóiriú an chineáil cáis maidir le duine ar iarraidh (foláirimh faoi Airteagal 32 amháin);

mionsonraí faoi chéannacht duine nó faoi dhoiciméad taistil duine;

cóip dhaite de dhoiciméad aitheantais nó taistil an duine;

próifílí DNA (i gcás nach bhfuil fáil ar mhéarloirg atá oiriúnach chun críocha sainaithint a dhéanamh, agus sa chás sin amháin)

Le hAirteagal 59, leathnaítear an liosta sonraí pearsanta a bhféadfar iad a iontráil in SIS chun déileáil le céannachtaí a bhfuil mí-úsáid bainte astu. Ní féidir na sonraí seo a iontráil ach amháin le toiliú íospartach na céannachta mí-úsáidte. Áireofar leis sin an méid seo a leanas anois freisin:

íomhánna d'aghaidh;

loirg dhearnana;

mionsonraí faoi dhoiciméid aitheantais;

seoladh an íospartaigh;

ainmneacha athair agus mháthair an íospartaigh.

Le hAirteagal 20, déantar foráil maidir le faisnéis níos mionsonraithe a bheith sna foláirimh. Áirítear leis sin mionsonraí faoi dhoiciméid aitheantais phearsanta na nábhar sonraí agus cead a thabhairt le gur féidir leanaí ar iarraidh a chatagóiriú de réir na caoi a ndeachaigh siad ar iarraidh, amhail mionaoisigh gan tionlacan, fuadach ag tuismitheoir, leanaí a theitheann ón mbaile, etc. Tá sé seo riachtanach le gur féidir leis na húsáideoirí deiridh na bearta atá ag teastáil a dhéanamh gan mhoill ar mhaithe le cosaint na leanaí sin. Fágann an fhaisnéis fheabhsaithe gur fearr is féidir an duine lena mbaineann a shainaithint agus, ar an taobh eile, fágann sí gur féidir leis na húsáideoirí deiridh cinneadh níos eolasaí a dhéanamh. Chun na húsáideoirí a dhéanann na seiceálacha a chosaint, tabharfaidh SIS léiriú freisin i dtaobh an dtagann an duine ar ina leith a eisíodh foláireamh faoi réim aon cheann de na catagóirí a luaitear in Airteagail 1, 2, 3 agus 4 de Chinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac 34 .

Leis an togra, léirítear nach ceadmhach do na Ballstáit sonraí atá iontráilte ag Ballstát eile a chóipeáil isteach i gcomhaid sonraí náisiúnta eile (Airteagal 53).

Coinneáil

Déanfar an tréimhse choinneála uasta maidir le foláireamh faoi dhaoine a fhadú go cúig bliana, ach amháin maidir le foláirimh a bhaineann le seiceálacha discréideacha, fiosrúcháin nó sonracha agus sa chás sin tréimhse choinneála bliana a bheidh ann mar atá faoi láthair. Is féidir leis na Ballstáit tréimhsí éagtha atá níos giorra na sin a shocrú. Tá fad uasta méadaithe an dáta éaga i gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta ar dá réir a fhadaítear an dáta éaga más rud é nach bhfuil cuspóir an fholáirimh bainte amach fós agus an duine lena mbaineann a bheith á thóraíocht i gcónaí. Thairis sin, ba ghá SIS a ailíniú leis an tréimhse choinneála dá bhforáiltear in ionstraimí eile, amhail an Treoir um Fhilleadh agus Eurodac. Ar mhaithe le trédhearcacht agus soiléire, is gá foráil a dhéanamh chun go mbeidh an tréimhse chéanna ann le haghaidh foláirimh a bhaineann le daoine, seachas foláirimh a chruthaítear le haghaidh seiceálacha discréideacha, fiosrúcháin agus sonracha. Ní chuirfidh fadú na tréimhse coinneála leas na nábhar sonraí i mbaol ós rud é nach féidir foláireamh a choimeád ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse is gá don chuspóir lena mbaineann. Leagtar rialacha faoi scriosadh foláireamh amach go sainráite in Airteagal 52. In Airteagal 51, leagtar amach an tamscála a bhaineann le foláirimh a athbhreithniú agus folaíonn sé, go háirithe, an tréimhse choinneála laghdaithe maidir le foláirimh faoi ábhair. In éagmais aon ghá oibríochtúil a bheith ann chun an tréimhse níos faide a choinneáil i ndáil le hábhair, tá sí laghdaithe anois go cúig bliana le go mbeidh sí i gcomhréir leis an tréimhse choinneála maidir le foláirimh a bhaineann le daoine. Ach deich mbliana a bheidh ann fós mar dháta éaga d'fholáirimh maidir le doiciméid eisithe agus doiciméid bhána ós rud é gur deich mbliana atá ann mar thréimhse bhailíochta i gcás doiciméad.

Scriosadh

In Airteagal 52, leagtar amach na himthosca a fhágann nach mór foláirimh a scriosadh, rud a áiritheoidh leibhéal méadaithe comhchuibhiúcháin sna cleachtais náisiúnta sa réimse seo. In Airteagal 51, leagtar amach forálacha ar leith d'fhoireann Bhiúrónna SIRENE le go bhféadfaidh siad foláirimh nach bhfuil gá leo a thuilleadh a scriosadh go réamhghníomhach mura bhfaightear aon fhreagra ó na húdaráis inniúla.

Cearta d'ábhair sonraí chun rochtain a fháil ar shonraí, sonraí míchruinne a cheartú agus sonraí atá á stóráil go neamhdhleathach a scriosadh

Níl aon athrú tagtha ar na rialacha mionsonraithe faoi chearta an ábhair sonraí ós rud é go náirithíonn na rialacha atá ann cheana ardleibhéal cosanta agus go bhfuil siad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 35 agus le Treoir 2016/680 36 . Sa bhreis air sin, déantar na himthosca ina bhféadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan faisnéis a chur in iúl d'ábhair sonraí a leagan amach in Airteagal 63. Ní mór cinneadh den sórt sin a dhéanamh ar cheann de na cúiseanna a liostaítear san Airteagal sin agus ní mór beart comhréireach riachtanach a bheith ann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Sonraí maidir le doiciméid chaillte, ghoidte, neamhbhailíochtaithe agus mídhílsithe a chomhroinnt le Interpol

Coinnítear Airteagal 55 de Threoir 2007/533/JHA ón gComhairle go hiomlán in Airteagal 63 ós rud é go ndéanfar aghaidh a thabhairt ar idir-inoibritheacht níos fearr idir roinn na ndoiciméad in SIS agus Bunachar Sonraí Interpol maidir le Doiciméid Ghoidte agus Chaillte tríd an Teachtaireacht ón nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe agus sa dara sraith de thograí SIS i Meitheamh 2017.

Staidreamh

Chun forléargas a choimeád i dtaobh conas atá leigheasanna ag feidhmiú go praiticiúil, leagtar foráil amach in Airteagal 66 maidir le córas caighdeánach staidrimh trína soláthrófar tuarascálacha bliantúla faoi líon na nithe seo a leanas:

iarrataí ar rochtain ó ábhair sonraí;

iarrataí ar cheartú sonraí míchruinne agus ar léirscriosadh sonraí atá á stóráil go neamhdhleathach;

cásanna atá os comhair na gcúirteanna;

cásanna inar rialaigh an chúirt i bhfabhar an iarratasóra; agus

barúlacha maidir le cásanna a bhaineann le haitheantas frithpháirteach do chinntí críochnaitheacha a dhéanann cúirteanna nó údaráis de chuid Ballstát eile faoi fholáirimh arna gcruthú ag an Stát a eisíonn an foláireamh.

Faireachán agus staidreamh

In Airteagal 71, leagtar amach na socruithe nach mór a bheith i bhfeidhm chun faireachán cuí ar SIS agus ar fheidhmiú SIS de réir a chuspóirí a áirithiú. Chuige sin, tá sé de chúram ar eu-LISA staidreamh laethúil, míosúil agus bliantúil a sholáthar maidir leis an gcaoi a bhfuil an córas á úsáid.

Le hAirteagal 71(5), ceanglaítear ar eu-LISA tuarascálacha staidrimh a ullmhaíonn sé a sholáthar do na Ballstáit, don Choimisiún, do Europol, do Eurojust agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus tugtar cead don Choimisiún tuarascálacha breise faoi cháilíocht staidrimh agus sonraí a bhaineann le cumarsáid SIS agus SIRENE a iarraidh.

Le hAirteagal 71(6), déantar foráil maidir le lárstóras sonraí a chruthú agus a óstáil mar chuid d'obair eu-LISA i ndáil le faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú SIS. Cuirfidh sin ar a gcumas d'fhoireann na mBallstát, an Choimisiúin, Europol, Eurojust agus na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta rochtain a fháil ar na sonraí a liostaítear in Airteagal 71(3) chun an staidreamh atá ag teastáil a ullmhú.

2016/0409 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (d) den dara fomhír d’Airteagal 82(1), Airteagal 85(1), Airteagal 87(2)(a) agus Airteagal 88(2)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Is uirlis riachtanach córas faisnéise Schengen (SIS) chun forálacha acquis Schengen, arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, a chur i bhfeidhm. Tá SIS ar cheann de na mórbhearta cúiteacha a rannchuidíonn le hardleibhéal slándála a choimeád i limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais Eorpaigh trí thacú le comhar eagraíochtúil idir gardaí teorann, údaráis phóilíneachta, údaráis chustaim agus údaráis bhreithiúnacha agus forghníomhaithe dlí nach iad in ábhair choiriúla.

(2)Cuireadh SIS ar bun de bhun fhorálacha Theideal IV de Choinbhinsiún an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile 37 (Coinbhinsiún Schengen) a chur chun feidhme. Cuireadh forbairt an dara glúin de SIS (SIS II) faoi chúram an Choimisiúin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2424/2001 ón gComhairle 38 agus Chinneadh 2001/886/JHA ón gComhairle 39 agus bunaíodh é le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 40 agus, chomh maith leis sin, le Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle 41 . Ghlac SIS II ionad SIS a cruthaíodh de bhun Choinbhinsiún Schengen.

(3)Trí bliana tar éis SIS II a thabhairt i bhfeidhm, rinne an Coimisiún meastóireacht ar an gcóras i gcomhréir le hAirteagal 24(5), le hAirteagal 43(5) agus le hAirteagal 50(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le hAirteagal 59 agus le hAirteagal 65(5) de Chinneadh 2007/533/JHA. Glacadh an tuarascáil mheastóireachta agus an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann léi ar an 21 Nollaig 2016 42 . Ba cheart na moltaí atá leagtha amach sna doiciméid sin a léiriú, de réir mar is iomchuí, sa Rialachán seo.

(4)Is é an Rialachán seo an bunús reachtach is gá chun SIS a rialú i dtaca le hábhair a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Rialachán (AE) 2018/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann 43 , is é an bunús reachtach is gá é chun SIS a rialú i dtaca le hábhair a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(5)Cé go bhfuil an bunús reachtach is gá chun SIS a rialú comhdhéanta d'ionstraimí ar leithligh ní dhéanann sin difear don phrionsabal gur córas amháin faisnéise é SIS ba cheart feidhmiú mar aon chóras amháin. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh forálacha áirithe de chuid na nionstraimí comhionann le chéile.

(6)Is gá cuspóirí SIS, a ailtireacht theicniúil agus an maoiniú ina leith a shonrú, rialacha a leagan síos maidir lena oibriú agus lena úsáid ó cheann go ceann agus sainiú a dhéanamh ar fhreagrachtaí, na catagóirí sonraí atá le hiontráil sa chóras, cad chuige a bhfuil na sonraí sin á niontráil, na critéir a ghabhann lena niontráil, na húdaráis atá údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí, an úsáid a bhainfear as aitheantóirí bithmhéadracha agus rialacha breise maidir le próiseáil sonraí.

(7)Cuimsíonn SIS lárchóras (SIS Láir) agus córais náisiúnta lena ngabhann cóip iomlán nó cóip pháirteach de bhunachar sonraí SIS. De bhrí gurb é SIS an ionstraim mhalartaithe faisnéise is tábhachtaí dá bhfuil san Eoraip, is gá a áirithiú go noibríonn sé gan cur isteach ar an leibhéal lárnach agus, chomh maith leis sin, ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart do gach Ballstát cóip iomlán nó cóip pháirteach de bhunachar sonraí SIS a dhéanamh agus ba cheart dóibh córas cúltaca a chur ar bun.

(8)Is gá lámhleabhar a choimeád ina leagtar amach na rialacha mionsonraithe a ghabhann le malartú faisnéise forlíontaí áirithe i dtaca leis an mbeart a éilítear de thoradh foláireamh. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta i ngach Ballstát (Biúrónna SIRENE) malartú na faisnéise sin a áirithiú.

(9)Chun malartú éifeachtúil faisnéise forlíontaí a choimeád ar bun i dtaca leis an mbeart atá sonraithe sna foláirimh agus nach mór a dhéanamh, is iomchuí feidhmiú Bhiúrónna SIRENE a neartú trí shonrú a dhéanamh ar na ceanglais i dtaca le hacmhainní atá ar fáil, i dtaca le hoiliúint úsáideoirí agus i dtaca leis an am freagartha i leith fiosrúcháin a fhaightear ó Bhiúrónna SIRENE eile.

(10)Is í an Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais 44 (an Ghníomhaireacht) a fheidhmíonn bainistiú oibríochtúil na gcomhchodanna lárnacha de SIS. Chun a chur ar chumas na Gníomhaireachta na hacmhainní riachtanacha airgeadais agus daonna a chlúdaíonn gach gné de bhainistiú oibríochtúil SIS Láir a chur ar fáil, ba cheart a cuid cúraimí a leagan amach go mionsonraithe sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis na gnéithe teicniúla de mhalartú faisnéise forlíontaí.

(11)Gan dochar don fhreagracht atá ar na Ballstáit i ndáil le cruinneas na sonraí a iontráiltear in SIS, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith freagrach as cáilíocht sonraí a neartú trí uirlis lárnach faireacháin cáilíochta sonraí a thabhairt isteach agus as tuarascálacha a sholáthar do na Ballstáit ag eatraimh rialta.

(12)Le gur féidir faireachán níos fearr a dhéanamh ar úsáid SIS chun anailís a dhéanamh ar threochtaí a bhaineann le cionta coiriúla, ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith in ann acmhainneacht úrscothach a fhorbairt chun staidreamh a thuairisciú do na Ballstáit, don Choimisiún, do Europol agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta gan sláine sonraí a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart lárstóras staidrimh a bhunú. Níor cheart aon sonraí pearsanta a bheith in aon staidreamh a ullmhaítear.

(13)Ba cheart catagóirí breise sonraí a bheith in SIS le go bhféadfaidh úsáideoirí deiridh cinntí eolasacha a dhéanamh ar bhonn foláirimh gan aon am a chailleadh. Dá bhrí sin, chun sainaithint daoine a éascú agus chun cásanna ina mbeadh céannachtaí éagsúla in úsáid a bhrath, ba cheart tagairt don doiciméad aitheantais phearsanta nó don uimhir aitheantais phearsanta agus cóip den doiciméad sin, má tá a leithéid ar fáil, a áireamh sna catagóirí a bhaineann le daoine.

(14)Níor cheart aon sonraí a úsáidtear le haghaidh cuardaigh a stóráil in SIS seachas logaí a choimeád chun a fhíorú an bhfuil an cuardach dleathach, chun faireachán a dhéanamh ar dhleathacht próiseála sonraí, chun féinfhaireachán a dhéanamh nó chun feidhmiú iomchuí N.SIS a áirithiú agus, chomh maith leis sin, ar mhaithe le sláine agus slándáil sonraí.

(15)Ba cheart do SIS próiseáil sonraí bithmhéadracha a cheadú chun cúnamh a thabhairt maidir le sainaithint iontaofa na ndaoine aonair lena mbaineann. Ar an dóigh chéanna, ba cheart do SIS próiseáil sonraí a cheadú a bhaineann le daoine aonair ar mí-úsáideadh a gcéannacht (chun aon cheataí a sheachaint a leanann a sainaithint mhícheart), ach sin faoi réir coimircí oiriúnacha a bheith ann; go háirithe, le toiliú ón duine aonair lena mbaineann agus teorainn dhian ar na críocha ar chucu is féidir sonraí den sórt sin a phróiseáil go dleathach.

(16)Ba cheart do na Ballstáit an socrú teicniúil is gá a dhéanamh ionas go ndéanfaidh úsáideoirí deiridh, gach uair dá mbeidh siad i dteideal cuardach a dhéanamh i mbunachar sonraí náisiúnta póilíneachta nó inimirce, cuardach in SIS freisin go comhuaineach i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 45 . Ba cheart go náiritheodh sé sin go bhfeidhmeoidh SIS mar an príomhbheart cúiteach sa limistéar gan aon rialuithe ag teorainneacha inmheánacha agus ba cheart, dá bharr, go ndéanfaí aghaidh a thabhairt, ar bhealach níos fearr, ar an ngné thrasteorann den choiriúlacht agus ar shoghluaisteacht coirpeach.

(17)Maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húsáid sonraí dachtalagrafacha agus úsáid íomhánna d'aghaidh chun críocha sainaithint a dhéanamh, ba cheart iad a leagan amach sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh úsáid íomhánna d'aghaidh in SIS chun críocha sainaithint a dhéanamh ina cabhair maidir le comhsheasmhacht a áirithiú i nósanna imeachta rialaithe ag teorainneacha i gcás inar gá sainaithint agus fíorú céannachta a dhéanamh trí úsáid a bhaint as méarloirg agus as íomhánna d'aghaidh. Ba cheart cuardach le sonraí dachtalagrafacha a bheith éigeantach má tá aon amhras ann maidir le céannacht duine. Níor cheart úsáid a bhaint as íomhánna d'aghaidh chun críocha sainaithint a dhéanamh ach amháin i gcomhthéacs rialuithe rialta teorann i mbothanna féinfhreastail agus ag geataí leictreonacha.

(18)Comhlánaíonn tabhairt isteach seirbhís uathoibrithe um shainaithint méarlorg laistigh de SIS sásra Prüm atá ann cheana maidir le rochtain ar líne fhrithpháirteach trasteorann ar bhunachair shonraí DNA ainmnithe náisiúnta agus ar chórais uathoibrithe um shainaithint méarlorg 46 . Cumasaíonn sásra Prüm idirnascthacht na gcóras náisiúnta aitheanta méarlorg ar tríothu is féidir le Ballstát iarraidh a sheoladh chun a fháil amach an bhfuil céannacht déantóra coire, arb iad a mhéarloirg a aimsíodh, ar eolas ag aon Bhallstát eile. Trí shásra Prüm, déantar fíorú i dtaobh an bhfuil an té ar leis na méarloirg ar eolas in aon phointe ama amháin agus, dá bhrí sin, má thagann déantóir na coire chun bheith ar eolas ag aon cheann de na Ballstáit ina dhiaidh sin ní gá go ngabhfar é. Ceadaíonn cuardach méarlorg SIS cuardach gníomhach i leith dhéantóir na coire. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé indéanta méarloirg déantóra coire atá ar eolas a uaslódáil chuig SIS, ar choinníoll gur féidir an té ar leis na méarloirg a shainaithint go hardleibhéal dóchúlachta mar dhéantóir coire tromchúisí nó gnímh sceimhlitheoireachta. Tá sé seo fíor go háirithe má aimsítear méarloirg ar arm nó ar aon ábhar a úsáideadh i gcomhair an chiona. Má aimsítear méarloirg ar láthair na coire, níor cheart a bhaint as sin go bhfuil ardleibhéal dóchúlachta ann gur le déantóir na coire na méarloirg sin. Ba cheart réamhchoinníoll eile a bheith ann maidir le cruthú foláirimh den sórt sin, is é sin le rá, nach féidir céannacht dhéantóir na coire a shuí trí aon bhunachair shonraí eile de chineál náisiúnta, Eorpach nó idirnáisiúnta. Má leanann meaitseáil ionchasach as an gcuardach méarlorg sin, ba cheart don Bhallstát seiceálacha eile a dhéanamh lena méarloirg féin, agus páirt ag saineolaithe méarlorg sna seiceálacha sin, b'fhéidir, chun a fháil amach an é an té ar leis na méarloirg atá stóráilte in SIS agus ba cheart dóibh céannacht an duine a shuí. Ba cheart go mbeadh na nósanna imeachta faoi réir an dlí náisiúnta. D'fhéadfadh sé go rannchuideodh sainaithint mar úinéir méarlorg "duine anaithnid a bhfuiltear sa tóir air" in SIS go mór le himscrúdú agus d'fhéadfadh sé go leanfadh gabháil as, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a bhaineann le gabháil a dhéanamh.

(19)Ba cheart cead a thabhairt méarloirg a aimsítear ar láthair coire a sheiceáil i gcomparáid leis na méarloirg atá stóráilte in SIS i gcás inar féidir a shuí, go hardleibhéal dóchúlachta, gur le déantóir na coire tromchúisí nó an chiona sceimhlitheoireachta iad. Is éard ba cheart a bheith i gcoir thromchúiseach na cionta a liostaítear i gCinneadh Réime 2002/584/JHA ón gComhairle 47 agus is éard ba cheart a bheith i 'cion sceimhlitheoireachta' na cionta faoin dlí náisiúnta dá dtagraítear i gCinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle 48 .

(20)Ba cheart é a bheith indéanta próifíl DNA a chur isteach i gcásanna nach bhfuil sonraí dachtalagrafacha ar fáil ina leith, agus ba cheart rochtain a bheith uirthi ag úsáideoirí údaraithe agus acu sin amháin. Ba cheart do phróifílí DNA sainaithint daoine ar iarraidh atá i ngá a gcosanta agus, go háirithe, sainaithint leanaí ar iarraidh a éascú, lena náirítear trí chead a thabhairt próifílí DNA tuismitheoirí nó siblíní a úsáid chun sainaithint a chumasú. Níor cheart tagairt do thionscnamh ciníoch a bheith i sonraí DNA.

(21)Ba cheart foláirimh a bheith in SIS maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch tabhairt suas agus a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch eiseachadta. Sa bhreis ar fholáirimh, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le malartú faisnéise forlíontaí a bhfuil gá léi ar mhaithe le nósanna imeachta um thabhairt suas agus nósanna imeachta eiseachadta. Go háirithe, ba cheart na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8 de Chinneadh Réime 2002/584/JHA ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit 49 a phróiseáil in SIS. De bharr cúiseanna oibríochtúla, is iomchuí go ndéanfaidh an Ballstát eisiúna a chur faoi deara nach bhfuil foláireamh maidir le gabháil ar fáil go sealadach tar éis údarú a fháil ó na húdaráis bhreithiúnacha nuair atá dianchuardach gníomhach á dhéanamh i leith duine is ábhar do Bharántas Gabhála Eorpach agus nuair a d'fhéadfadh úsáideoirí deiridh nach bhfuil bainteach leis an oibríocht chuardaigh nithiúil toradh rathúil an chuardaigh sin a chur i mbaol. Níor cheart gur faide ná 48 nuaire an chloig an tréimhse ar lena linn nach bhfuil foláirimh den sórt sin ar fáil go sealadach.

(22)Ba cheart é a bheith indéanta aistriúchán ar na sonraí breise a iontráiltear chun críche tabhartha suas faoin mBarántas Gabhála Eorpach agus chun críche eiseachadta a chur isteach in SIS.

(23)Ba cheart foláirimh maidir le daoine ar iarraidh a bheith in SIS chun a áirithiú go gcosnaítear iad agus chun bagairtí ar shlándáil phoiblí a chosc. Ba cheart eisiúint foláirimh in SIS i leith leanaí atá i mbaol a bhfuadaithe (i.e. chun díobháil sa todhchaí nár tharla fós a chosc, mar shampla i gcás leanaí atá i mbaol a bhfuadaithe ag tuismitheoir) a bheith teoranta agus, dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le coimircí dochta iomchuí. I gcás leanaí, ba cheart do na foláirimh sin agus do na nósanna imeachta comhfhreagracha fónamh do leas an linbh ag féachaint d'Airteagal 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989.

(24)Ba cheart gníomhaíocht nua a áireamh le haghaidh cásanna sceimhlitheoireachta agus coireachta tromchúisí amhrasta, gníomhaíocht a cheadaíonn duine a bhfuil drochamhras ann ina leith go ndearna sé coir thromchúiseach nó i gcás ina bhfuil cúis ann lena chreidiúint go ndéanfaidh sé coir thromchúiseach, a cheadaíonn an duine sin a stopadh agus a cheistiú chun an fhaisnéis is mionsonraithe agus is féidir a sholáthar don Bhallstát eisiúna. Níor cheart cuardach colainne ná gabháil an duine lena mbaineann a bheith i gceist leis an ngníomhaíocht nua sin. Ba cheart dóthain faisnéise, áfach, a fháil dá toradh le go bhféadfar cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí eile. Is éard ba cheart a bheith i gcoir thromchúiseach na cionta a liostaítear i gCinneadh Réime 2002/584/JHA ón gComhairle.

(25)Ba cheart catagóirí nua ábhar ardluacha a bheith in SIS, amhail trealamh leictreonach agus teicniúil, ar ábhair iad is féidir a shainaithint agus a chuardach trí úsáid a bhaint as uimhir uathúil.

(26)Ba cheart é a bheith indéanta ag Ballstát táscaire, ar a dtugtar bratach, a chur le foláireamh á chur in iúl nach ndéanfar an ghníomhaíocht, atá le cur i gcrích ar bhonn an fholáirimh, ar a chríoch. Nuair a eisítear foláirimh maidir le gabháil chun críoch tabhairt suas, níor cheart aon ní sa Chinneadh seo a fhorléiriú ar shlí a dhéanfadh maolú ar chur i bhfeidhm na bhforálacha i gCinneadh Réime 2002/584/JHA ná a dhéanfadh an cur i bhfeidhm sin a chosc. Níor cheart an cinneadh chun bratach a chur le foláireamh a bhunú ar aon ní seachas na forais maidir le diúltú atá sa Chinneadh Réime sin.

(27)I gcás ina gcuirtear bratach le foláireamh agus ina dtagann eolas chun solais faoin áit ina bhfuil an duine a bhfuiltear sa tóir air le haghaidh tabhairt suas, ba cheart an áit sin a chur in iúl i gcónaí don údarás breithiúnach eisiúna agus féadfaidh an túdarás sin a chinneadh Barántas Gabhála Eorpach a tharchur chuig an údarás breithiúnach inniúil i gcomhréir le forálacha Chinneadh Réime 2002/584/JHA.

(28)Ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit naisc a bhunú idir foláirimh in SIS. Níor cheart aon tionchar a bheith ag bunú nasc ag Ballstát idir dhá fholáireamh nó níos mó ar an ngníomhaíocht atá le cur i gcrích, ar thréimhse choinneála na bhfoláireamh ná ar na cearta chun rochtain a fháil ar na foláirimh.

(29)Níor cheart foláirimh a choinneáil in SIS ar feadh tréimhse is faide ná an tam atá ag teastáil chun na críocha ar chucu a eisíodh iad a chomhall. Chun laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin ar na húdaráis éagsúla atá bainteach le próiseáil sonraí faoi dhaoine aonair chun críoch éagsúil, is iomchuí an tréimhse choinneála i leith foláirimh faoi dhaoine a ailíniú leis na tréimhsí coinneála atá beartaithe chun críoch fillte agus fanacht neamhdhlíthiúil. Ar a bharr sin, is minic a fhadaíonn na Ballstáit dáta éaga foláireamh maidir le daoine más rud é nach rabhthas in ann an ghníomhaíocht a raibh gá léi a chur i gcrích laistigh den tréimhse ama bhunaidh. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhse uasta cúig bliana a bheith sa tréimhse choinneála le haghaidh foláireamh maidir le daoine. Mar phrionsabal ginearálta, ba cheart foláirimh maidir le daoine a scriosadh go huathoibríoch as SIS tar éis tréimhse cúig bliana, ach amháin i gcás foláirimh arna neisiúint chun críocha seiceálacha discréideacha, sonracha agus fiosrúcháin. Ba cheart na foláirimh sin a scriosadh tar éis bliana. Ba cheart foláirimh maidir le hábhair, arna niontráil le haghaidh seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha, a scriosadh go huathoibríoch as SIS tar éis tréimhse bliana ós rud é go mbíonn baint acu le daoine i gcónaí. Ba cheart foláirimh maidir le hábhair, ar foláirimh iad maidir le hurghabháil nó úsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla, a scriosadh go huathoibríoch as SIS tar éis tréimhse cúig bliana ós rud é go mbíonn an dóchúlacht go naimseofar iad tar éis tréimhse den sórt sin an-íseal agus go mbíonn laghdú mór tagtha ar a luach eacnamaíoch. Ba cheart foláireamh arna neisiúint maidir le doiciméid eisithe agus doiciméid bhána a choimeád ar feadh 10 mbliana ós rud é gurb é atá sa tréimhse bhailíochta tráth a neisiúna tréimhse 10 mbliana. I dtaca le cinntí chun foláirimh maidir le daoine a choimeád, ba cheart iad a bhunú ar mheasúnú cuimsitheach ar leithligh. Ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar fholáirimh maidir le daoine laistigh den tréimhse atá sainithe agus staidreamh a choimeád faoin líon foláireamh maidir le daoine a bhfuil fadú déanta ar an tréimhse choinneála ina leith.

(30)Ba cheart iontráil agus fadú dáta éaga foláirimh SIS a bheith faoi réir an cheanglais is gá maidir le comhréireacht ar dá réir a dhéantar scrúdú i dtaobh an bhfuil cás nithiúil leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor chun foláireamh maidir leis a chur isteach in SIS. Tá cionta de bhun Airteagail 1, 2, 3 agus 4 de Chinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac 50 ina mbagairt an-tromchúiseach ar shlándáil phoiblí agus ar shláine saoil daoine aonair agus ar an tsochaí, agus tá sé an-deacair cionta den sórt sin a chosc, a bhrath agus a imscrúdú i limistéar nach bhfuil rialuithe ann ag a theorainneacha inmheánacha, áit ar féidir le ciontóirí ionchasacha gluaiseacht go saor. I gcás ina mbítear sa tóir ar dhuine nó ar ábhar i ndáil leis na cionta sin, is gá i gcónaí foláireamh comhfhreagrach a chruthú in SIS maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu le haghaidh nós imeachta coiriúil breithiúnach, maidir le daoine nó ábhair atá faoi réir seiceáil dhiscréideach, fiosrúcháin agus shonrach agus, chomh maith leis sin, maidir le hábhair atá le hurghabháil, ós rud é nach mbeadh aon mhodh eile chomh héifeachtach céanna chun na críche sin.

(31)Is gá soiléire a sholáthar maidir le scriosadh foláireamh. Níor cheart foláireamh a choimeád ach amháin ar feadh an ama is gá chun an chríoch ar chuici a iontráladh é a bhaint amach. Agus cleachtais éagsúla na mBallstát maidir le sainiú an phointe ama a dhéantar cuspóir foláirimh a chomhall á gcur san áireamh, is iomchuí critéir mhionsonraithe a leagan amach maidir le gach catagóir foláirimh le go bhféadfar cinneadh a dhéanamh i dtaobh cathain ba cheart é a scriosadh as SIS.

(32)Tá tábhacht phríomhúil ag baint le sláine shonraí SIS. Dá bhrí sin, ba cheart coimircí iomchuí a sholáthar i ndáil le sonraí SIS a phróiseáil ar an leibhéal lárnach, chomh maith leis an leibhéal náisiúnta, chun slándáil sonraí ó cheann go ceann a áirithiú. Ba cheart na húdaráis atá bainteach le próiseáil sonraí a bheith faoi cheangal ag ceanglais slándála an Rialacháin seo agus a bheith faoi réir nós imeachta aonfhoirmeach maidir le tuairisciú teagmhas.

(33)Maidir le sonraí a phróiseáiltear in SIS le linn an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, níor cheart iad a aistriú chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ná a chur ar fáil dóibh. Is iomchuí, áfach, an comhar idir an tAontas Eorpach agus Interpol a neartú trí mhalartú éifeachtúil sonraí faoi phasanna a chur chun cinn. I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a aistriú ó SIS chuig Interpol, ba cheart na sonraí sin a bheith faoi réir leibhéal leordhóthanach cosanta, arna ráthú le comhaontú ina soláthraítear coimircí agus coinníollacha dochta.

(34)Is iomchuí rochtain ar SIS a dheonú d'údaráis a bhfuil freagracht orthu i ndáil le clárú feithiclí, bád agus aerárthaí chun ligean dóibh fíorú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an chóir iompair á cuardach cheana i mBallstát lena hurghabháil nó lena seiceáil. Ba cheart rochtain dhíreach a sholáthar d'údaráis ar seirbhísí rialtasacha iad. Ba cheart an rochtain sin a bheith teoranta d'fholáirimh a bhaineann leis na córacha iompair faoi seach agus lena ndoiciméad clárúcháin nó lena nuimhirphláta. Dá réir sin, ba cheart forálacha Rialachán (CE) 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 51 a áireamh sa Rialachán seo agus ba cheart an Rialachán sin a aisghairm.

(35)Maidir le próiseáil sonraí ag údaráis náisiúnta inniúla chun críocha coireacht thromchúiseach nó cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú nó a bhrath, nó chun críocha cionta coiriúla a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí, nó bagairtí den sórt sin a chosc, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2016/680. Ba cheart forálacha Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 52 agus Threoir (AE) 2016/680 a shonrú a thuilleadh sa Rialachán seo i gcás inar gá sin.

(36)Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo ag údaráis náisiúnta nuair nach bhfuil feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 maidir léi. Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais le linn dóibh a bhfreagrachtaí faoin Rialachán seo a chomhall.

(37)Ba cheart forálacha Threoir (AE) 2016/680, Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a shonrú a thuilleadh sa Rialachán seo i gcás inar gá sin. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/794 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Rialachán Europol) 54 .

(38)Maidir le forálacha Chinneadh 2002/187/JHA an 28 Feabhra 2002 55 lenar bunaíodh Eurojust d’fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí a athneartú, ar forálacha iad a bhaineann le cosaint sonraí, tá feidhm acu maidir le próiseáil shonraí SIS ag Eurojust, lena náirítear cumhachtaí an Chomhchomhlachta Maoirseachta, arna chur ar bun faoin gCinneadh sin, chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Eurojust agus ar an dliteanas i leith aon phróiseála neamhdhleathaí ar shonraí pearsanta ag Eurojust. I gcásanna ina nochtar le cuardaigh arna ndéanamh ag Eurojust in SIS go bhfuil foláireamh ann arna eisiúint ag Ballstát, ní féidir le Eurojust an ghníomhaíocht a éilítear a chur i gcrích. Dá bhrí sin, ba cheart dó an méid sin a chur in iúl don Bhallstát lena mbaineann, rud a ligfidh don Bhallstát sin beart leantach a dhéanamh maidir leis an gcás.

(39)A mhéid a bhaineann le rúndacht, ba cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha ábhartha de Rialacháin Foirne oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh maidir le hoifigigh nó le seirbhísigh eile atá fostaithe, agus atá ag obair, i ndáil le SIS.

(40)Ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht pleananna slándála a choimeád chun cur chun feidhme oibleagáidí slándála a éascú agus ba cheart dóibh comhoibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt, i gcomhpháirt le chéile, ar shaincheisteanna slándála.

(41)Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta neamhspleácha faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta a dhéanann na Ballstáit i ndáil leis an Rialachán seo. Ba cheart na cearta atá ag ábhair sonraí maidir le rochtain ar na sonraí pearsanta dá gcuid atá á stóráil in SIS, agus maidir leis na sonraí sin a cheartú agus a léirscriosadh, agus maidir le leigheasanna iardain os comhair cúirteanna náisiúnta agus, chomh maith leis sin, maidir le haitheantas frithpháirteach do bhreithiúnais, a leagan amach. Dá bhrí sin, is iomchuí staidreamh bliantúil a éileamh ar na Ballstáit.

(42)Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta a áirithiú go ndéantar iniúchadh ar na hoibríochtaí próiseála sonraí ina N.SIS i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta uair amháin ar a laghad gach ceithre bliana. Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta féin an tiniúchadh a chur i gcrích nó ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an tiniúchadh a ordú go díreach ó iniúchóir neamhspleách cosanta sonraí. Ba cheart an t-iniúchóir neamhspleách a bheith faoi rialú ag an údarás maoirseachta náisiúnta nó ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i gcónaí, agus ba cheart freagracht a bheith ar an údarás nó ar na húdaráis sin ina leith i gcónaí freisin, agus, dá bhrí sin, ba cheart don údarás nó do na húdaráis sin an t-iniúchadh a ordú agus cuspóir, raon feidhme agus modheolaíocht atá sainithe go soiléir a sholáthar i leith an iniúchta, chomh maith le treoir agus maoirseacht a chur ar fáil maidir leis an iniúchadh agus maidir lena thorthaí deiridh.

(43)Le Rialachán (AE) 2016/794 (Rialachán Europol), foráiltear go dtacóidh Europol le gníomhaíochtaí a chuireann údaráis inniúla na mBallstát i gcrích agus le comhar uathu i ndáil le sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach a chomhrac, agus go neartóidh sé na gníomhaíochtaí sin, agus go soláthróidh sé anailís agus measúnuithe faoi bhagairtí. Ba cheart gurbh é a leanfadh as leathnú an chirt atá ag Europol rochtain a fháil ar fholáirimh SIS maidir le daoine ar iarraidh ná tuilleadh feabhais a chur ar chumas Europol táirgí cuimsitheacha, de chineál oibríochtúil agus anailíseach, a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine agus le teacht i dtír gnéasach ar leanaí, lena náirítear ar líne, a sholáthar d'údaráis náisiúnta forghníomhaithe dlí. Rannchuideodh sé sin le cosc a chur leis na cionta sin ar dhóigh níos fearr, le cosaint íospartach ionchasach agus le himscrúdú maidir le déantóirí na gcionta sin. Ina theannta sin, thairbheodh Ionad Cibearchoireachta na hEorpa, ar cuid de Europol é, den rochtain nua do Europol ar fholáirimh SIS maidir le daoine ar iarraidh, lena náirítear i gcásanna ciontóirí gnéis taistil agus drochúsáid ghnéasach leanaí ar líne ar ina leith a mhaíonn déantóirí cionta go minic go bhfuil rochtain acu ar leanaí nó gur féidir leo rochtain a fháil ar leanaí a d'fhéadfadh bheith cláraithe mar dhaoine ar iarraidh. Thairis sin, ós rud é go bhfuil mór-ról straitéiseach ag an Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach, ar cuid de Europol é, maidir le héascú imirce neamhrialta a chomhrac, ba cheart go bhfaigheadh sé rochtain ar fholáirimh maidir le daoine a ndiúltaítear iontráil isteach i gcríoch Ballstáit, nó fanacht inti, dóibh ar fhorais choiriúla nó mar gheall ar neamhchomhlíonadh coinníollacha víosa agus fanachta.

(44)Chun an bhearna a dhúnadh i dtaca le comhroinnt faisnéise faoi sceimhlitheoireacht de, go háirithe faoi sceimhlitheoirí eachtracha – a bhfuil faireachán ar a ngluaiseachtaí ríthábhachtach – ba cheart do na Ballstáit faisnéis faoi ghníomhaíocht a bhaineann le sceimhlitheoireacht a chomhroinnt le Europol i gcomhthráth le foláireamh a thabhairt isteach in SIS, chomh maith le hamais agus faisnéis ghaolmhar a chomhroinnt. Ba cheart go ligfeadh sé sin do Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa, ar cuid de Europol é, fíorú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil aon fhaisnéis bhreise chomhthéacsúil i mbunachair shonraí Europol agus anailís ardchaighdeáin a sholáthar a rannchuideoidh le cur isteach a dhéanamh ar líonraí sceimhlitheoireachta agus, más féidir, a gcuid ionsaithe a chosc.

(45)Is gá freisin rialacha soiléire a leagan amach do Europol maidir le próiseáil agus íoslódáil shonraí SIS le go bhféadfar an úsáid is cuimsithí agus is féidir a bhaint as SIS, ar choinníoll go nurramaítear caighdeáin maidir le cosaint sonraí de réir mar a fhoráiltear sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2016/794. I gcásanna ina nochtar le cuardaigh arna ndéanamh ag Europol in SIS gurb ann d'fholáireamh arna eisiúint ag Ballstát, ní féidir le Europol an ghníomhaíocht a éilítear a chur i gcrích. Dá bhrí sin, ba cheart dó an méid sin a chur in iúl don Bhallstát lena mbaineann, rud a ligfidh don Bhallstát sin beart leantach a dhéanamh maidir leis an gcás.

(46)Le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 56 , foráiltear, chun críche an Rialacháin sin, go núdaróidh an Ballstát óstach do bhaill fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta nó d'fhoirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, arna nimscaradh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, breathnú ar bhunachair shonraí Eorpacha i gcás ina bhfuil gá leis an mbreathnú sin chun aidhmeanna oibriúcháin a chomhlíonadh atá sonraithe sa phlean oibríochta maidir le seiceálacha teorann, faireachas ar theorainneacha agus filleadh. Féadfaidh gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn agus Europol, saineolaithe a imscaradh freisin mar chuid d'fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce, ar saineolaithe iad nach baill foirne de chuid na ngníomhaireachtaí Aontais sin iad. Is é is cuspóir d'imscaradh foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh agus foirne tacaíochta don bhainistiú imirce foráil a dhéanamh maidir le hathneartú teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar do na Ballstáit iarrthacha, go háirithe dóibh sin a bhfuil dúshláin dhíréireacha rompu ó thaobh imirce de. Le go bhféadfar na cúraimí a shanntar d'fhoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, d'fhoirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh agus d'fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce a chomhall, tá gá le rochtain ar SIS trí chomhéadan teicniúil de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta lena ndéantar ceangal le SIS Láir. I gcásanna ina nochtar le cuardaigh arna ndéanamh ag an bhfoireann nó ag na foirne in SIS gurb ann d'fholáireamh arna eisiúint ag Ballstát, ní féidir leis an mball foirne ná leis an bhfoireann an ghníomhaíocht a éilítear a chur i gcrích mura rud é go bhfaightear údarú chuige sin ón mBallstát óstach. Dá bhrí sin, ba cheart dó an méid sin a chur in iúl do na Ballstáit lena mbaineann, rud a ligfidh dóibh beart leantach a dhéanamh maidir leis an gcás.

(47)I gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) 57 , déanfaidh Láraonad ETIAS de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta fíoruithe in SIS trí ETIAS chun measúnú a dhéanamh ar na hiarratais ar údarú taistil nach mór a fháil amach ina leith, inter alia, an bhfuil an náisiúnach tríú tír a bhfuil iarratas ar údarú taistil á dhéanamh aige ina ábhar d'fholáireamh SIS. Chuige sin, ba cheart rochtain a bheith ag Láraonad ETIAS laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ar SIS freisin a mhéid is gá chun a shainordú a chomhall, eadhon, rochtain ar na catagóirí go léir foláireamh maidir le daoine agus ar fholáirimh maidir le doiciméid aitheantais phearsanta bhána agus eisithe.

(48)Mar thoradh ar a nádúr teicniúil, ar an leibhéal mionsonraí atá iontu agus ar an ngá atá le nuashonrú rialta, ní féidir gnéithe áirithe de SIS a chlúdach ar bhealach uileghabhálach le forálacha an Rialacháin seo. Ina measc sin áirítear, mar shampla, rialacha teicniúla maidir le hiontráil sonraí, nuashonrú, scriosadh agus cuardach sonraí, cáilíocht sonraí agus rialacha cuardaigh a bhaineann le haitheantóirí bithmhéadracha, rialacha faoi chomhoiriúnacht agus tosaíocht foláireamh, bratacha a chur isteach, naisc idir foláirimh, catagóirí nua ábhar a shonrú sa chatagóir trealaimh theicniúil agus leictreonaigh, dáta éaga foláireamh a shocrú laistigh den teorainn ama uasta agus malartú faisnéise forlíontaí. Ba cheart, dá bhrí sin, cumhachtaí cur chun feidhme i leith na ngnéithe sin a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart oibriú rianúil feidhmchlár náisiúnta a chur san áireamh sna rialacha teicniúla a bhaineann le cuardach foláireamh.

(49)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 58 . Ba cheart gurb é an nós imeachta céanna a bheidh ann maidir le glacadh beart cur chun feidhme faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/xxx (seiceálacha teorann).

(50)Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart don Ghníomhaireacht tuarascáil faoi fheidhmiú teicniúil SIS Láir agus faoin mbonneagar cumarsáide, lena náirítear faoina shlándáil, agus faoi mhalartú faisnéise forlíontaí a ullmhú uair sa dá bhliain. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht fhoriomlán a eisiúint uair gach ceithre bliana.

(51)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon bunú agus rialáil comhchórais faisnéise agus malartú faisnéise forlíontaí, a bhaint amach go leordhóthanach i ngeall ar chineál na gcuspóirí sin, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. 

(52)Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Féachtar sa Rialachán seo go háirithe le timpeallacht shábháilte a áirithiú do gach duine a chónaíonn ar chríoch an Aontais Eorpaigh agus le cosaint speisialta a áirithiú do leanaí a d'fhéadfadh bheith ina níospartaigh gáinneála nó fuadaithe ag tuismitheoir agus, ag an am céanna, cosaint sonraí pearsanta á hurramú go hiomlán.

(53)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(54)Tá an Ríocht Aontaithe rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Chinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000, maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen 59 .

(55)Tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002, maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen 60 .

(56)Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 61 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe G d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle 62 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin.

(57)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe G d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(1) de Chinneadh 2004/849/CE ón gComhairle 63 agus Cinneadh 2004/860/CE ón gComhairle 64 .

(58)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt 65 , ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe G d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle 66  agus le hAirteagal 3 den Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 67 .

(59)Maidir leis an mBulgáir agus an Rómáin, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus ba cheart é a léamh i gcomhar le Cinneadh 2010/365/AE i ndáil leis na forálacha sin de acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin 68 .

(60)Maidir leis an gCipir agus leis an gCróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

(61)Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hÉirinn ar dhátaí a chinnfear i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha amach sna hionstraimí ábhartha a bhaineann le cur i bhfeidhm acquis Schengen maidir leis an Stát sin.

(62)Tá na costais mheasta a ghabhann le huasghrádú chórais náisiúnta SIS agus le cur chun feidhme na bhfeidhmiúlachtaí nua, atá beartaithe sa Rialachán seo, níos ísle ná an méid atá fágtha sa líne bhuiséid do Theorainneacha Cliste i Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 69 . Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfaí an méid atá curtha ar fáil chun forbairt a dhéanamh ar chórais TF a thacaíonn le bainistiú sreabh imirce thar na teorainneacha seachtracha, i gcomhréir le hAirteagal 5(5)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, a ath-leithdháileadh leis an Rialachán seo.

(63)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún 70 a aisghairm.

(64)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh maidir le....

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Cuspóir Ginearálta SIS

Is é is cuspóir do SIS ardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, lena náirítear slándáil phoiblí agus beartas poiblí a choimeád agus an tslándáil i gcríocha na mBallstát a choimirciú, agus forálacha Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le gluaiseacht daoine ar a gcríocha a chur i bhfeidhm agus úsáid á baint as faisnéis a chuirtear in iúl tríd an gcóras sin.

Airteagal 2
Raon feidhme

1.Leis an Rialachán seo, bunaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le foláirimh maidir le daoine agus ábhair a iontráil agus a phróiseáil in SIS, le malartú faisnéise forlíontaí agus le sonraí breise chun críocha comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla.

2.Leis an Rialachán seo freisin, leagtar síos forálacha maidir le hailtireacht theicniúil SIS, maidir le freagrachtaí na mBallstát agus na Gníomhaireachta Eorpaí chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, maidir le próiseáil sonraí i gcoitinne, maidir le cearta na ndaoine lena mbaineann agus maidir le dliteanas.

Airteagal 3
Sainmhínithe

1.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn 'foláireamh' tacar sonraí, lena náirítear aitheantóirí bithmhéadracha dá dtagraítear in Airteagal 22 agus in Airteagal 40, a iontráiltear in SIS agus a ligeann do na húdaráis inniúla duine nó ábhar a shainaithint d'fhonn gníomhaíocht shonrach a dhéanamh;

(b)ciallaíonn 'faisnéis fhorlíontach' faisnéis nach cuid den fholáireamh atá stóráilte in SIS í ach ar faisnéis í atá bainteach le foláirimh SIS agus atá le malartú:

(1)chun ligean do na Ballstáit dul i gcomhairle le chéile, nó chun fógra a thabhairt dá chéile, nuair atá foláireamh á iontráil;

(2)nuair a thagtar ar amas chun gur féidir an ghníomhaíocht iomchuí a dhéanamh;

(3)nuair nach féidir an ghníomhaíocht a éilítear a dhéanamh;

(4)nuair atáthar ag déileáil le cáilíocht shonraí SIS;

(5)nuair atáthar ag déileáil le comhoiriúnacht agus tosaíocht na bhfoláireamh;

(6)nuair atáthar ag déileáil le cearta rochtana;

(c)ciallaíonn 'sonraí breise' na sonraí atá stóráilte in SIS agus atá bainteach le foláirimh SIS, ar sonraí iad atá le cur ar fáil láithreach do na húdaráis inniúla i gcás inar aimsíodh duine ar iontráladh sonraí ina leith in SIS mar thoradh ar chuardaigh a rinneadh sa chóras sin;

(d)ciallaíonn 'sonraí pearsanta' aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta ('ábhar sonraí');

(e)ciallaíonn 'duine nádúrtha in-sainaitheanta' duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó do cheann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

(f)ciallaíonn 'próiseáil sonraí pearsanta' aon oibríocht nó aon tacar d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar thacair de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, logáil, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

(g)ciallaíonn 'amas' in SIS:

(1)go bhfuil cuardach déanta ag úsáideoir;

(2)go nochtann an cuardach foláireamh arna iontráil in SIS ag Ballstát eile;

(3)go meaitseálann na sonraí a bhaineann leis an bhfoláireamh in SIS na sonraí cuardaigh; agus

(4)go bhfuil gníomhaíochtaí eile á niarraidh.

(h) ciallaíonn 'bratach' fionraí bailíochta foláirimh ar an leibhéal náisiúnta, ar fionraí é a fhéadfar a chur le foláirimh maidir le gabháil duine, le foláirimh maidir le daoine ar iarraidh agus le foláirimh maidir le seiceálacha discréideacha, fiosrúcháin agus sonracha, i gcás ina measann Ballstát go bhfuil sé ar neamhréir lena dhlí náisiúnta, lena oibleagáidí idirnáisiúnta nó le leasanna bunúsacha náisiúnta éifeacht a thabhairt d'fholáireamh. I gcás ina gcuirtear bratach le foláireamh, ní chuirfear an ghníomhaíocht atá iarrtha i gcrích ar chríoch an Bhallstáit sin.

(i) ciallaíonn 'Ballstát eisiúna' an Ballstát a d'iontráil an foláireamh in SIS;

(j) ciallaíonn 'Ballstát forghníomhúcháin' an Ballstát a dhéanann, nó a rinne, na gníomhaíochtaí a éilítear nuair a thagtar ar amas;

(k) ciallaíonn 'úsáideoirí deiridh' údaráis inniúla a dhéanann cuardach díreach in CS-SIS, in N.SIS nó i gcóip theicniúil díobh;

(l)ciallaíonn 'sonraí dachtalagrafacha' sonraí faoi mhéarloirg agus faoi loirg dhearnana trína gcumasaítear, de bharr a nádúir uathúil agus na bpointí tagartha atá iontu, comparáidí cruinne dochloíte a dhéanamh maidir le céannacht duine;

(m)ciallaíonn 'coir thromchúiseach' na cionta a liostaítear in Airteagal 2(1) agus (2) de Chinneadh Réime 2002/584/JHA an 13 Meitheamh 2002 71 ;

(n)ciallaíonn 'cionta sceimhlitheoireachta' cionta faoin dlí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagail 1-4 de Chinneadh Réime 2002/475/JHA an 13 Meitheamh 2002 72 .

Airteagal 4
Ailtireacht theicniúil agus bealaí oibriúcháin SIS

1.Cuimseoidh SIS an méid seo a leanas:

(a)lárchóras (SIS Láir) ina gcuimseofar an méid seo a leanas:

feidhm thacaíochta teicniúla ('CS-SIS') ina mbeidh bunachar sonraí, is é sin 'bunachar sonraí SIS',

comhéadan aonfhoirmeach náisiúnta (NI-SIS);

(b)córas náisiúnta (N.SIS) i ngach ceann ar leith de na Ballstáit, ina gcuimseofar na córais sonraí náisiúnta trína ndéantar cumarsáid le SIS Láir. Beidh comhad sonraí ('cóip náisiúnta') in N.SIS agus beidh cóip iomlán nó cóip pháirteach de bhunachar sonraí SIS sa chomhad sin chomh maith le N.SIS cúltaca. Féadfar N.SIS agus N.SIS cúltaca a úsáid go comhuaineach chun a áirithiú go bhfuil an córas ar fáil ag úsáideoirí deiridh gan bhriseadh;

(c)bonneagar cumarsáide idir CS-SIS agus NI-SIS (an Bonneagar Cumarsáide) trína soláthraítear líonra fíorúil criptithe atá tiomnaithe do shonraí SIS agus do mhalartú faisnéise idir Bhiúrónna SIRENE dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

2.Déanfar sonraí SIS a iontráil, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach trí na N.SIS-anna éagsúla. Beidh cóip iomlán náisiúnta nó cóip pháirteach náisiúnta ar fáil chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh i gcríoch gach ceann ar leith de na Ballstáit trí úsáid a bhaint as cóip den sórt sin. Cuimseoidh an chóip pháirteach náisiúnta, ar a laghad, na sonraí a liostaítear in Airteagal 20(2) maidir le hábhair agus na sonraí a liostaítear in Airteagal 20(3) (a) go (v) den Rialachán seo a bhaineann le foláirimh maidir le daoine. Ní bheidh sé indéanta cuardach a dhéanamh i gcomhaid sonraí in N.SIS de chuid Ballstát eile.

3.Déanfaidh CS-SIS feidhmeanna maoirseachta teicniúla agus riaracháin a chomhlíonadh agus beidh CS-SIS cúltaca aige a mbeidh sé de chumas aige feidhmiúlachtaí uile phríomh-CS-SIS a áirithiú i gcás ina dtarlódh loiceadh sa chóras sin. Beidh CS-SIS agus CS-SIS cúltaca lonnaithe sa dá láithreán theicniúla atá ag an nGníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 73 ('an Ghníomhaireacht'). Féadfaidh cóip bhreise de bhunachar sonraí SIS a bheith in CS-SIS nó in CS-SIS cúltaca agus féadfar iad a úsáid go comhuaineach le linn oibríocht ghníomhach ar choinníoll go bhfuil sé de chumas ag gach ceann acu gach idirbheart a bhaineann le foláirimh SIS a phróiseáil.

4.Soláthróidh CS-SIS na seirbhísí is gá chun sonraí SIS a iontráil agus a phróiseáil, lena náirítear cuardaigh i mbunachar sonraí SIS. Déanfaidh CD-SIS an méid seo a leanas:

(a) nuashonrú ar líne ar na cóipeanna náisiúnta a sholáthar;

(b) sioncrónú na gcóipeanna náisiúnta agus bhunachar sonraí SIS, agus comhsheasmhacht eatarthu, a áirithiú;

(c) an oibríocht maidir le túsú agus athchóiriú na gcóipeanna náisiúnta a sholáthar;

(d) an córas a chur ar fáil gan bhriseadh.

Airteagal 5
Costais

1.Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a thitfidh na costais a ghabhann le SIS Láir, agus leis an mBonneagar Cumarsáide, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh.

2.I measc na gcostas sin, áireofar obair a dhéantar i leith CS-SIS chun soláthar na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 4(4) a áirithiú.

3.Is ar an mBallstát lena mbaineann a thitfidh na costais a ghabhann le gach N.SIS ar leith a chur ar bun, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh.

CAIBIDIL II

FREAGRACHTAÍ NA mBALLSTÁT

Airteagal 6
Córais náisiúnta

Beidh freagracht ar gach Ballstát ar leith i ndáil lena N.SIS féin a chur ar bun, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh agus i ndáil lena N.SIS a cheangal le NI.SIS.

Beidh freagracht ar gach Ballstát ar leith i ndáil le hoibriú leanúnach N.SIS, lena cheangal le NI.SIS agus le sonraí SIS a bheith ar fáil do na húsáideoirí deiridh a áirithiú.

Airteagal 7
Oifig N.SIS agus Biúró SIRENE

1.Déanfaidh gach Ballstát údarás (Oifig N.SIS) a ainmniú agus beidh freagracht lárnach ar an údarás sin i ndáil le N.SIS an Bhallstáit lena mbaineann.

Beidh freagracht ar an údarás sin i ndáil le hoibriú rianúil agus slándáil N.SIS, déanfaidh sé rochtain ar SIS a áirithiú do na húdaráis inniúla agus déanfaidh sé na bearta riachtanacha go léir chun comhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo a áirithiú. Beidh freagracht air i ndáil lena áirithiú go ndéantar feidhmiúlachtaí uile SIS a chur ar fáil go hiomchuí do na húsáideoirí deiridh.

Déanfaidh gach Ballstát a chuid foláireamh a tharchur trína Oifig N.SIS.

2.Ainmneoidh gach Ballstát ar leith an túdarás a áiritheoidh malartú agus infhaighteacht na faisnéise forlíontaí go léir (Biúró SIRENE) i gcomhréir le forálacha Lámhleabhar SIRENE dá dtagraítear in Airteagal 8.

Déanfaidh na Biúrónna sin fíorú cháilíocht na faisnéise a iontráiltear in SIS a chomhordú freisin. Chun na gcríoch sin, beidh rochtain acu ar shonraí atá próiseáilte in SIS.

3.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Ghníomhaireacht faoina noifig N.SIS II agus faoina mBiúró SIRENE. Foilseoidh an Ghníomhaireacht an liosta díobh sin, mar aon leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 53(8).

Airteagal 8
Malartú faisnéise forl
íontaí

1.Déanfar faisnéis fhorlíontach a mhalartú i gcomhréir le forálacha Lámhleabhar SIRENE agus trí úsáid a bhaint as an mBonneagar Cumarsáide. Soláthróidh na Ballstáit na hacmhainní teicniúla agus pearsanta is gá chun infhaighteacht leanúnach agus malartú faisnéise forlíontaí a áirithiú. I gcás nach bhfuil an Bonneagar Cumarsáide ar fáil, féadfaidh na Ballstáit modhanna teicniúla eile atá daingnithe go leordhóthanach a úsáid chun faisnéis fhorlíontach a mhalartú.

2.Ní dhéanfar faisnéis fhorlíontach a úsáid ach amháin chun na críche ar chuici a tarchuireadh í i gcomhréir le hAirteagal 61 mura rud é go bhfaightear toiliú roimh ré ón mBallstát eisiúna.

3.Comhallfaidh Biúrónna SIRENE a gcúram ar mhodh tapa éifeachtúil, go háirithe trí fhreagra a thabhairt ar iarraidh a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 12 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil.

4.Déanfar rialacha mionsonraithe maidir le malartú faisnéise forlíontaí a ghlacadh trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2) i bhfoirm lámhleabhair dá ngairtear 'Lámhleabhar SIRENE'.

Airteagal 9
Comhlíonadh teicniúil agus feidhmiúil

1.Nuair a bheidh a N.SIS á chur ar bun ag gach Ballstát ar leith, comhlíonfaidh siad comhchaighdeáin, prótacail agus nósanna imeachta teicniúla atá bunaithe chun comhoiriúnacht a N.SIS le CS-SIS a áirithiú ar mhaithe le tarchur pras éifeachtach sonraí. Déanfar na comhchaighdeáin, na prótacail agus na nósanna imeachta teicniúla sin a ghlacadh trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

2.Trí bhíthin na seirbhísí a sholáthraítear le CS-SIS, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, trí bhíthin na nuashonrúchán uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 4(4), go mbeidh na sonraí atá stóráilte sa chóip náisiúnta comhionann agus comhsheasmhach le bunachar sonraí SIS, agus go bhfuil toradh cuardaigh a dhéantar ina chóip náisiúnta coibhéiseach le toradh cuardaigh a dhéantar i mbunachar sonraí SIS. Gheobhaidh úsáideoirí deiridh na sonraí is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh go háirithe na sonraí go léir is gá chun an tábhar sonraí a shainaithint agus chun an beart a bhfuil gá leis a dhéanamh.

Airteagal 10
Slándáil – na Ballstáit

1.Déanfaidh gach Ballstát ar leith, i ndáil lena N.SIS, na bearta riachtanacha a ghlacadh, lena náirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a)sonraí a chosaint go fisiciúil, lena náirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun bonneagar criticiúil a chosaint;

(b)rochtain ar shaoráidí próiseála sonraí a úsáidtear chun sonraí pearsanta a phróiseáil a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe (rialú rochtana ar shaoráidí);

(c)léamh, cóipeáil, athrú nó baint neamhúdaraithe mheáin sonraí a chosc (rialú meáin sonraí);

(d)ionchur neamhúdaraithe sonraí a chosc chomh maith le cigireacht neamhúdaraithe, leasú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe na sonraí pearsanta stóráilte (rialú stórála);

(e)cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (rialú úsáideoirí);

(f)a áirithiú, maidir le daoine atá údaraithe chun úsáid a bhaint as córas uathoibrithe próiseála sonraí, nach bhfuil rochtain acu ach ar na sonraí atá cumhdaithe faoina núdarú rochtana, trí bhíthin aitheantais úsáideora atá indibhidiúil agus uathúil agus modhanna rochtana rúnda amháin (rialú rochtana ar shonraí);

(g)a áirithiú go gcruthóidh gach údarás a bhfuil ceart rochtana ar SIS nó ar na saoráidí próiseála sonraí acu próifílí a thugann tuairisc ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí daoine atá údaraithe chun rochtain a fháil ar shonraí agus sonraí a iontráil, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach, agus go gcuirfidh na húdaráis sin na próifílí sin ar fáil, gan mhoill, arna iarraidh sin dóibh, do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 66 (próifílí pearsanra);

(h)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé acu de na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu agus trealamh cumarsáide sonraí á úsáid (rialú cumarsáide);

(i)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí ina dhiaidh sin cé acu de na sonraí pearsanta a cuireadh isteach i gcórais uathphróiseála sonraí, cén uair a cuireadh isteach na sonraí sin, cé a chuir isteach iad agus cad chuige ar cuireadh isteach iad (rialú ionchuir);

(j)cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn sonraí pearsanta a tharchur nó le linn meáin sonraí a iompar, go háirithe trí bhíthin teicnící criptithe iomchuí (rialú iompair);

(k)faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin um fhaireachán inmheánach is gá a dhéanamh (féin-iniúchóireacht).

2.Déanfaidh na Ballstáit bearta atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i mír 1 maidir le slándáil i leith faisnéis fhorlíontach a phróiseáil agus a mhalartú, lena náirítear áitreabh Bhiúró SIRENE a dhaingniú.

3.Déanfaidh na Ballstáit bearta atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i mír 1 maidir le slándáil i leith phróiseáil shonraí SIS ag na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 43.

Airteagal 11
Rúndacht – na Ballstáit

Déanfaidh gach Ballstát a chuid rialacha maidir le sicréideacht ghairmiúil nó dualgais choibhéiseacha eile i leith rúndachta a chur i bhfeidhm, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, maidir le gach duine agus gach comhlacht a gceanglaítear orthu oibriú le sonraí SIS agus le faisnéis fhorlíontach. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin tar éis do na daoine sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí sin.

Airteagal 12
Logaí a choinneáil ar an leibhéal náisiúnta

1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach rochtain ar shonraí pearsanta atá in CS-SIS, agus gach malartú faisnéise pearsanta den sórt sin, a logáil ina N.SIS chun seiceáil a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an cuardach dleathach nó nach bhfuil, chun faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun feidhmiú iomchuí N.SIS, sláine sonraí agus slándáil a áirithiú.

2.Léireoidh na taifid, go háirithe, stair an fholáirimh, dáta agus am na gníomhaíochta próiseála sonraí, na sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh, tagairt do na sonraí a tarchuireadh agus ainm an údaráis inniúil agus ainm an duine ar a bhfuil freagracht i ndáil le próiseáil na sonraí.

3.Má dhéantar an cuardach le sonraí dachtalagrafacha nó le híomhá d'aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 40, le hAirteagal 41 agus le hAirteagal 42 léireoidh na logaí, go háirithe, an cineál sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh, tagairt don chineál sonraí a tarchuireadh agus ainm an údaráis inniúil agus ainm an duine ar a bhfuil freagracht i ndáil le próiseáil na sonraí

4.Ní fhéadfar na logaí a úsáid ach amháin chun na críche dá dtagraítear i mír 1 agus scriosfar iad bliain amháin, ar a luaithe, agus trí bliana, ar a dhéanaí, tar éis iad a chruthú.

5.Féadfar logaí a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná sin má tá gá leo ar mhaithe le nósanna imeachta faireacháin atá ar siúl cheana.

6.Maidir leis na húdaráis náisiúnta inniúla atá i gceannas ar sheiceáil a dhéanamh i dtaobh an bhfuil cuardaigh dleathach nó nach bhfuil, ar fhaireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí, ar fhéinfhaireachán a dhéanamh agus ar fheidhmiú iomchuí N.SIS, sláine sonraí agus slándáil a áirithiú, beidh rochtain acu, i gcomhréir le teorainneacha a ninniúlachta agus arna iarraidh sin dóibh, ar na logaí sin chun a gcuid dualgas a chomhall.

7.I gcás ina ndéanann na Ballstáit cuardaigh scanta uathoibrithe ar uimhirphlátaí mótarfheithiclí trí úsáid a bhaint as córais Uathaitheanta Uimhirphlátaí, déanfaidh na Ballstáit loga den chuardach a choimeád i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Déanfar ábhar an loga sin a bhunú trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2). I gcás ina ndéanfar meaitseáil dhearfach a bhaint amach i gcomparáid le sonraí atá stóráilte in SIS, nó i gcóip náisiúnta nó i gcóip theicniúil de shonraí SIS, déanfar cuardach iomlán in SIS chun a fhíorú go ndearnadh meaitseáil a bhaint amach go fírinneach. Beidh feidhm ag forálacha mhíreanna 1 go 6 den Airteagal seo maidir leis an gcuardach iomlán sin.

Airteagal 13
Féinfhaireachán

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach údarás atá i dteideal rochtain a fháil ar shonraí SIS na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh siad, más gá, leis an údarás maoirseachta náisiúnta.

Airteagal 14
Oiliúint foirne

Sula ndéantar baill foirne na núdarás ag a bhfuil ceart chun rochtain a fháil ar SIS a údarú chun sonraí atá stóráilte in SIS a phróiseáil, agus go tréimhsiúil tar éis rochtain ar SIS a dheonú dóibh, gheobhaidh na daoine sin oiliúint iomchuí faoi shlándáil sonraí, faoi rialacha a bhaineann le cosaint sonraí agus faoi na nósanna imeachta maidir le próiseáil sonraí de réir mar atá leagtha amach i Lámhleabhar SIRENE. Déanfar aon chionta coiriúla ábhartha agus aon phionóis ábhartha a chur in iúl do na baill foirne sin.

CAIBIDIL III

FREAGRACHTAÍ NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 15
Bainistiú oibríochtúil

1.Beidh freagracht ar an nGníomhaireacht i ndáil le bainistiú oibríochtúil SIS Láir. I gcomhar leis na Ballstáit, áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéantar an teicneolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil a úsáid i gcónaí le haghaidh SIS Láir, trí úsáid a bhaint as anailís costais agus tairbhe.

2.Beidh freagracht ar an nGníomhaireacht freisin i ndáil leis na cúraimí seo a leanas a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide:

(a)maoirseacht;

(b)slándáil;

(c)comhordú an chaidrimh idir na Ballstáit agus an soláthraí.

3.Beidh freagracht ar an gCoimisiún i ndáil le gach cúram eile a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid;

(b)fáil agus athnuachan;

(c)ábhair a bhaineann le conarthaí.

4.Beidh freagracht ar an nGníomhaireacht i ndáil leis na cúraimí seo a leanas a bhaineann le Biúrónna SIRENE agus le cumarsáid idir Biúrónna SIRENE:

(a)comhordú agus bainistiú tástála;

(b)na sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú faisnéise forlíontaí idir Biúrónna SIRENE agus maidir leis an mBonneagar Cumarsáide a chothabháil agus a nuashonrú agus tionchar athruithe teicniúla a bhainistiú i gcás ina ndéanann siad difear do SIS agus do mhalartú faisnéise forlíontaí idir Biúrónna SIRENE.

5.Déanfaidh an Ghníomhaireacht sásra agus nósanna imeachta maidir le seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na sonraí in CS-SIS, déanfaidh sí iad a fhorbairt agus a chothabháil agus soláthróidh sí tuarascálacha tráthrialta do na Ballstáit. Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil rialta a chlúdaíonn na saincheisteanna ar thángthas orthu agus na Ballstáit lena mbaineann a sholáthar don Choimisiún. Déanfar an sásra sin, na nósanna imeachta sin agus léirmhíniú comhlíontachta ó thaobh cáilíochta sonraí de a bhunú trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

6.Cuimseoidh bainistiú oibríochtúil SIS Láir na cúraimí go léir is gá chun CIS Láir a choinneáil i bhfeidhm 24 huaire an chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá ar mhaithe le dea-oibriú an chórais. I measc na gcúraimí sin áirítear freisin gníomhaíochtaí tástála trína náirithítear go noibríonn SIS Láir agus na córais náisiúnta i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla agus fheidhmiúla i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo.

Airteagal 16
Slándáil

1.Déanfaidh an Ghníomhaireacht na bearta riachtanacha, lena náirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste, a ghlacadh le haghaidh SIS Láir agus le haghaidh an Bhonneagair Cumarsáide chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a)sonraí a chosaint go fisiciúil, lena náirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun bonneagar criticiúil a chosaint;

(b)rochtain ar shaoráidí próiseála sonraí a úsáidtear chun sonraí pearsanta a phróiseáil a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe (rialú rochtana ar shaoráidí);

(c)léamh, cóipeáil, athrú nó baint neamhúdaraithe mheáin sonraí a chosc (rialú meáin sonraí);

(d)ionchur neamhúdaraithe sonraí a chosc chomh maith le cigireacht neamhúdaraithe, leasú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe na sonraí pearsanta stóráilte (rialú stórála);

(e)cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (rialú úsáideoirí);

(f)a áirithiú, maidir le daoine atá údaraithe chun úsáid a bhaint as córas uathoibrithe próiseála sonraí, nach bhfuil rochtain acu ach ar na sonraí atá cumhdaithe faoina núdarú rochtana, trí bhíthin aitheantais úsáideora atá indibhidiúil agus uathúil agus modhanna rochtana rúnda amháin (rialú rochtana ar shonraí);

(g)próifílí a chruthú ina dtuairiscítear na feidhmeanna agus na freagrachtaí do dhaoine atá údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí nó ar na saoráidí próiseála sonraí agus, arna iarraidh sin, na próifílí sin a chur ar fáil gan mhoill don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 64 (próifílí pearsanra);

(h)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé acu de na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu agus trealamh cumarsáide sonraí á úsáid (rialú cumarsáide);

(i)a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí ina dhiaidh sin cé acu de na sonraí pearsanta a cuireadh isteach i gcórais uathphróiseála sonraí, cén uair a cuireadh isteach na sonraí sin agus cé a chuir isteach iad (rialú ionchuir);

(j)cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn sonraí pearsanta a tharchur nó le linn meáin sonraí a iompar, go háirithe trí bhíthin teicnící criptithe iomchuí (rialú iompair);

(k)faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin um fhaireachán inmheánach is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo (féin-iniúchóireacht).

2.Déanfaidh an Ghníomhaireacht bearta atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i mír 1 maidir le slándáil i leith faisnéis fhorlíontach a phróiseáil agus a mhalartú tríd an mBonneagar Cumarsáide.

Airteagal 17
Rúndacht - An Ghníomhaireacht

1.Gan dochar d'Airteagal 17 de Rialacháin Foirne oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Ghníomhaireacht rialacha iomchuí maidir le sicréideacht ghairmiúil nó dualgais choibhéiseacha eile i leith rúndachta, ar rialacha agus dualgais iad lena ngabhann caighdeáin atá inchomparáide leo sin a leagtar síos in Airteagal 11 den Rialachán seo, a chur i bhfeidhm maidir leis na baill foirne go léir dá cuid ar gá dóibh oibriú le sonraí SIS. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na daoine sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a ngníomhaíochtaí.

2.Déanfaidh an Ghníomhaireacht bearta atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i mír 1 maidir le rúndacht i leith faisnéis fhorlíontach a mhalartú tríd an mbonneagar cumarsáide.

Airteagal 18
Logaí a choinneáil ar an leibhéal lárnach

1.Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar gach rochtain ar shonraí pearsanta, agus gach malartú sonraí pearsanta, atá in CS-SIS a logáil chun na gcríoch a luaitear in Airteagal 12(1).

2.Léireoidh na logaí, go háirithe, stair na bhfoláireamh, an dáta agus an tam a tarchuireadh na sonraí, an cineál sonraí a úsáideadh chun cuardaigh a dhéanamh, an tagairt don chineál sonraí a tarchuireadh agus ainm an údaráis inniúil ar a bhfuil freagracht i ndáil le próiseáil na sonraí.

3.Má dhéantar an cuardach le sonraí dachtalagrafacha nó le híomhá d'aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 40, le hAirteagal 41 agus le hAirteagal 42 léireoidh na logaí, go háirithe, an cineál sonraí a úsáideadh chun an cuardach a dhéanamh, tagairt don chineál sonraí a tarchuireadh agus ainm an údaráis inniúil agus ainm an duine ar a bhfuil freagracht i ndáil le próiseáil na sonraí

4.Ní fhéadfar na logaí a úsáid ach amháin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 agus scriosfar iad bliain amháin, ar a luaithe, agus trí bliana, ar a dhéanaí, tar éis iad a chruthú. Déanfar na logaí ina náirítear stair na bhfoláireamh a léirscriosadh tar éis tréimhse nach giorra ná bliain amháin agus nach faide ná trí bliana tar éis na foláirimh a scriosadh.

5.Féadfar logaí a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná sin má tá gá leo ar mhaithe le nósanna imeachta faireacháin atá ar siúl cheana.

6.Maidir leis na húdaráis inniúla atá i gceannas ar sheiceáil a dhéanamh i dtaobh an bhfuil cuardach dleathach nó nach bhfuil, ar fhaireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí, ar fhéinfhaireachán a dhéanamh agus ar fheidhmiú cuí CS-SIS, sláine sonraí agus slándáil a áirithiú, beidh rochtain acu, i gcomhréir le teorainneacha a ninniúlachta agus arna iarraidh sin dóibh, ar na logaí sin chun a gcuid cúraimí a chomhall.

CAIBIDIL IV

FAISNÉIS DON PHOBAL

Airteagal 19
Feachtais faisnéise faoi SIS

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, feachtais a chur i gcrích go tráthrialta chun faisnéis a thabhairt don phobal faoi chuspóirí SIS, faoi na sonraí a stóráiltear, faoi na húdaráis a bhfuil rochtain acu ar SIS agus faoi na cearta atá ag ábhair sonraí. Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar lena núdaráis mhaoirseachta náisiúnta, na beartais is gá chun faisnéis ghinearálta faoi SIS a thabhairt dá saoránaigh a cheapadh agus a chur chun feidhme.

CAIBIDIL V

CATAGÓIRÍ SONRAÍ AGUS BRATACH A CHUR ISTEACH

Airteagal 20
Catagóirí sonraí

1.Gan dochar d'Airteagal 8(1) nó d'fhorálacha an Rialacháin seo lena ndéantar foráil maidir le stóráil sonraí breise, ní bheidh in SIS ach na catagóirí sonraí sin a sholáthraíonn gach ceann ar leith de na Ballstáit, de réir mar a éilítear chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 26, 32, 34, 36 agus 38.

2.Is mar a leanas a bheidh na catagóirí sonraí:

(a)faisnéis faoi dhaoine a bhfuil foláireamh eisithe i ndáil leo;

(b)faisnéis faoi ábhair dá dtagraítear in Airteagal 32, in Airteagal 36 agus in Airteagal 38.

3.Ní bheidh ach na sonraí seo a leanas san fhaisnéis faoi dhaoine a bhfuil foláireamh eisithe i ndáil leo:

(a)sloinne (sloinnte)

(b)céadainm(neacha),

(c)ainm(neacha) tráth breithe

(d)ainmneacha agus ailiasanna a úsáideadh roimhe sin;

(e)aon saintréithe fisiceacha oibiachtúla nach bhféadfaí a athrú;

(f)áit bhreithe;

(g)dáta breithe;

(h)inscne;

(i)náisiúntacht/náisiúntachtaí;

(j)an bhfuil an duine lena mbaineann armáilte, foréigneach, tar éis éalú nó bainteach le gníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagail 1, 2, 3 agus 4 de Chinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac;

(k)cúis leis an bhfoláireamh;

(l)an túdarás a d'eisigh an foláireamh;

(m)tagairt don chinneadh is cúis leis an bhfoláireamh;

(n)gníomhaíocht atá le déanamh;

(o)nasc (naisc) le foláireamh (foláirimh) eile atá eisithe in SIS de bhun Airteagal 53;

(p)an cineál ciona ar ina leith a eisíodh an foláireamh;

(q)uimhir chláraithe an duine i gclár náisiúnta

(r)catagóiriú an chineáil cáis duine ar iarraidh (i gcás foláirimh dá dtagraítear in Airteagal 32, agus sa chás sin amháin);

(s)catagóir dhoiciméad aitheantais an duine;

(t)tír eisiúna dhoiciméad aitheantais an duine;

(u)uimhir (uimhreacha) dhoiciméad aitheantais an duine;

(v)dáta eisiúna dhoiciméad aitheantais an duine;

(w)grianghraif agus íomhánna d'aghaidh;

(x)próifílí DNA ábhartha, ach sin faoi réir Airteagal 22(1)(b) den Rialachán seo;

(y)sonraí dachtalagrafacha;

(``)cóip dhaite den doiciméad aitheantais.

4.Déanfar na rialacha teicniúla a bhfuil gá leo maidir le hiontráil, nuashonrú, scriosadh agus cuardach na sonraí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a leagan síos agus a fhorbairt trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

5.Déanfar na rialacha teicniúla a bhfuil gá leo maidir le cuardach sonraí dá dtagraítear i mír 3 a leagan síos agus a fhorbairt i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2). Beidh na rialacha teicniúla sin comhchosúil le chéile maidir le cuardaigh in CS-SIS, i gcóipeanna náisiúnta agus i gcóipeanna teicniúla, dá dtagraítear in Airteagal 53(2), agus beidh siad bunaithe ar chomhchaighdeáin arna leagan síos agus arna bhforbairt trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 21
Comhréireacht

1.Sula ndéantar foláireamh a eisiúint agus nuair atá tréimhse bhailíochta foláirimh á fadú, déanfaidh na Ballstáit cinneadh i dtaobh an bhfuil an cás leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor le gur gá foláireamh ina leith a iontráil in SIS.

2.I gcás ina bhfuil Ballstát sa tóir ar dhuine nó ar ábhar i ndáil le cion a thagann faoi réim Airteagail 1 go 4 de Chinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac, déanfaidh an Ballstát, i ngach imthoisc, foláireamh comhfhreagrach a chruthú faoi Airteagal 34, faoi Airteagal 36 nó faoi Airteagal 38, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 22
Rialacha sonracha maidir le grianghraif, íomhánna d'aghaidh, sonraí dachtalagrafacha agus próifílí DNA a iontráil

1.Beidh iontráil sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20(3)(w), (x) agus (y) in SIS faoi réir na bhforálacha seo a leanas:

(a)Ní dhéanfar grianghraif, íomhánna d'aghaidh, sonraí dachtalagrafacha agus próifílí DNA a iontráil ach amháin i ndiaidh do sheiceáil cháilíochta a bheith déanta chun a fháil amach an gcomhlíontar caighdeán íosta ó thaobh cáilíocht sonraí de.

(b)Ní fhéadfar próifíl DNA a chur isteach ach amháin i gcás foláirimh dá bhforáiltear in Airteagal 32(2)(a) agus (c) nuair nach bhfuil grianghraif, íomhánna d'aghaidh nó sonraí dachtalagrafacha atá oiriúnach i ndáil le sainaithint ar fáil. Féadfar próifílí DNA daoine ar dírshinsir, dírshliochtaigh nó dírshiblíní de chuid ábhar an fholáirimh iad a chur leis an bhfoláireamh ar choinníoll go dtugann na daoine lena mbaineann toiliú sainráite ina leith. Ní dhéanfar tionscnamh ciníoch an duine a áireamh sa phróifíl DNA.

2.Déanfar caighdeáin cháilíochta a bhunú i ndáil le stóráil na sonraí dá dtagraítear faoi mhír 1(a) den Airteagal seo agus faoi Airteagal 40. Déanfar sonraíocht na gcaighdeáin sin a leagan síos trí bhíthin bearta cur chun feidhme agus déanfar iad a nuashonrú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 23
Ceanglas maidir le foláireamh a iontráil

1.Seachas na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 40, ní fhéadfar foláireamh faoi dhuine a iontráil gan na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20(3)(a), (g), (k), (m), (n) agus, chomh maith leis sin, (p), más infheidhme.

2.I gcás ina bhfuil siad ar fáil, déanfar na sonraí go léir eile a liostaítear in Airteagal 20(3) a iontráil freisin.

Airteagal 24
Forálacha ginearálta maidir le bratacha a chur isteach

1.I gcás ina measann Ballstát, maidir le héifeacht a thabhairt d'fholáireamh atá iontráilte i gcomhréir le hAirteagal 26, le hAirteagal 32 agus le hAirteagal 36, go bhfuil an foláireamh sin ar neamhréir lena dhlí náisiúnta, lena oibleagáidí idirnáisiúnta nó le leasanna bunúsacha náisiúnta, féadfaidh sé, ina dhiaidh sin, a cheangal go gcuirfear bratach leis an bhfoláireamh á chur in iúl nach ndéanfar an ghníomhaíocht, atá le cur i gcrích ar bhonn an fholáirimh, ar a chríoch. Déanfaidh Biúró SIRENE an Bhallstáit eisiúna an bhratach a chur isteach.

2.Chun a chur ar chumas na mBallstát a cheangal go gcuirfear bratach le foláireamh arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 26, déanfar fógra maidir le haon fholáireamh nua den chatagóir sin a thabhairt go huathoibríoch do na Ballstáit go léir trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

3.Más rud é, i gcásanna fíorphráinneacha agus fíorthromchúiseacha, go niarrann Ballstát eisiúna go ndéanfar an ghníomhaíocht a fhorghníomhú, déanfaidh an Ballstát a mbeidh an foláireamh á fhorghníomhú aige scrúdú i dtaobh an bhfuil sé in ann an bhratach atá curtha isteach, arna iarraidh sin dó, a tharraingt siar. Má tá an Ballstát forghníomhúcháin in ann a leithéid a dhéanamh, déanfaidh sé na bearta riachtanacha go léir lena áirithiú gur féidir an ghníomhaíocht a dhéanamh láithreach.

Airteagal 25
Bratacha a bhaineann le foláirimh maidir le gabháil chun críoch tabhairt suas

1.I gcás feidhm a bheith ag Cinneadh Réime 2002/584/JHA, ní dhéanfar bratach lena gcoisctear gabháil a chur le foláireamh maidir le gabháil chun críoch tabhairt suas ach amháin i gcás ina mbeidh an túdarás breithiúnach inniúil tar éis forghníomhú Barántais Gabhála Eorpaigh a dhiúltú faoin dlí náisiúnta a bhaineann le forghníomhú den sórt sin ar bhonn forais maidir le neamh-fhorghníomhú agus i gcás ina raibh gá le bratach a chur isteach.

2.Arna iarraidh sin d'údarás breithiúnach inniúil faoin dlí náisiúnta, áfach, ar bhonn treoir ghinearálta nó i gcás sonrach, d'fhéadfadh sé, freisin, go mbeidh gá le bratach a chur le foláireamh maidir le gabháil chun críoch tabhairt suas más léir nach mór forghníomhú an Bharántais Gabhála Eorpaigh a dhiúltú.

CAIBIDIL VI

FOLÁIRIMH I LEITH DAOINE A BHFUILTEAR SA TÓIR ORTHU LENA nGABHÁIL CHUN CRÍOCH TABHAIRT SUAS NÓ EISEACHADTA

Airteagal 26
Cuspóirí agus coinníollacha a ghabhann le heisiúint foláireamh

1.Déanfar sonraí faoi dhaoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch tabhairt suas ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch eiseachadta a iontráil arna iarraidh sin d'údarás breithiúnach an Bhallstáit eisiúna.

2.Déanfar sonraí faoi dhaoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch tabhairt suas a iontráil freisin ar bhonn barántais ghabhála arna neisiúint i gcomhréir le Comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha ar bhonn Airteagal 37 den Chonradh ar an Aontas Eorpach chun daoine a thabhairt suas ar bhonn barántas gabhála, ar comhaontuithe iad lena ndéantar foráil maidir le tarchur barántais gabhála den sórt sin trí SIS.

3.Déanfar aon tagairt sa Rialachán seo d'fhorálacha Chinneadh Réime 2002/584/JHA a fhorléiriú mar ní a fholaíonn forálacha comhfhreagracha de chuid Comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha ar bhonn Airteagal 37 den Chonradh ar an Aontas Eorpach chun daoine a thabhairt suas ar bhonn barántas gabhála, ar comhaontuithe iad lena ndéantar foráil maidir le tarchur barántais gabhála den sórt sin trí SIS.

4.Féadfaidh an Ballstát eisiúna, i gcás oibríocht leanúnach cuardaigh agus tar éis údarú a fháil ó údarás breithiúnach ábhartha an Bhallstáit eisiúna, a chur faoi deara nach mbeidh foláireamh atá ann cheana maidir le gabháil, ar foláireamh é a eisíodh faoi Airteagal 26 den Rialachán seo, ar fáil go sealadach ar mhaithe le cuardach a dhéanamh, rud a fhágfaidh nach mbeidh an foláireamh inchuardaithe ag an úsáideoir deiridh agus nach mbeidh rochtain air ach amháin ag Biúrónna SIRENE. Úsáidfear an fheidhmiúlacht sin ar feadh tréimhse nach faide ná 48 nuaire an chloig. Más gá, ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de, áfach, féadfar an tréimhse sin a fhadú go ceann tréimhsí breise 48 nuaire an chloig. Coinneoidh na Ballstáit staidreamh faoin líon foláireamh ar úsáideadh an fheidhmiúlacht sin ina leith.

Airteagal 27
Sonraí breise faoi dhaoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch tabhairt suas

1.I gcás ina bhfuiltear sa tóir ar dhuine lena ghabháil chun críoch tabhairt suas ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach, déanfaidh an Ballstát eisiúna cóip den Bharántas Gabhála Eorpach bunaidh a iontráil in SIS.

2.Féadfaidh an Ballstát eisiúna cóip d'aistriúchán ar an mBarántas Gabhála Eorpach i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais Eorpaigh a iontráil.

Airteagal 28
Faisnéis fhorlíontach faoi dhaoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha tabhairt suas

Déanfaidh an Ballstát a d'iontráil foláireamh in SIS chun duine a ghabháil chun críocha tabhairt suas an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Chinneadh Réime 2002/584/JHA a chur in iúl do na Ballstáit eile trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

Airteagal 29
Faisnéis fhorlíontach faoi dhaoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil c
hun críoch eiseachadta

1.Déanfaidh an Ballstát a d'iontráil an foláireamh in SIS chun críoch eiseachadta na sonraí seo a leanas a chur in iúl do na Ballstáit eile trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú leis na Ballstáit go léir:

(a)an túdarás a d'eisigh an iarraidh ar ghabháil;

(b)faisnéis i dtaobh an bhfuil barántas gabhála nó doiciméad lena ngabhann an éifeacht dhlíthiúil chéanna, nó breithiúnas in-fhorghníomhaithe, ann;

(c)cineál agus aicmiú dlíthiúil an chiona;

(d)tuairisc ar na himthosca ina ndearnadh an cion, lena náirítear an tam, an áit agus an leibhéal rannpháirteachais sa chion ag an duine ar eisíodh an foláireamh ina leith;

(e)a mhéid is féidir, iarmhairtí an chiona;

(f)aon fhaisnéis eile atá úsáideach nó riachtanach i ndáil le forghníomhú an fholáirimh.

2.Ní dhéanfar na sonraí a liostaítear i mír 1 a chur in iúl i gcás ina ndearnadh na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 27 nó in Airteagal 28 a sholáthar cheana agus ina meastar go bhfuil siad leordhóthanach ar mhaithe le forghníomhú an fholáirimh ag an mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 30
Athrú a dhéanamh ar fholáirimh faoi dhaoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch tabhairt suas nó chun críoch eiseachadta

I gcás nach féidir gabháil a dhéanamh toisc go ndiúltaíonn Ballstát sin a dhéanamh, i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le bratacha a leagtar amach in Airteagal 24 nó in Airteagal 25, nó toisc, i gcás foláireamh maidir le gabháil chun críoch eiseachadta, nach bhfuil imscrúdú curtha i gcrích, measfaidh an Ballstát iarrtha gurb é atá i gceist leis an bhfoláireamh foláireamh chun an áit ina bhfuil an duine lena mbaineann a chur in iúl.

Airteagal 31
Forghníomhú gníomhaíochta ar bhonn foláirimh faoi dhuine a bhfuiltear sa tóir air lena ghabháil d'fhonn é a thabhairt suas nó a eiseachadadh

1.Is ionann foláireamh a iontráiltear in SIS i gcomhréir le hAirteagal 26, mar aon leis na sonraí breise dá dtagraítear in Airteagal 27, agus Barántas Gabhála Eorpach arna eisiúint i gcomhréir le Cinneadh Réime 2002/584/JHA i gcás ina bhfuil feidhm ag an gCinneadh Réime sin agus beidh an éifeacht chéanna aige agus atá ag Barántas Gabhála Eorpach den sórt sin.

2.I gcás nach bhfuil feidhm ag Cinneadh Réime 2002/584/JHA, beidh an éifeacht dhlíthiúil chéanna ag foláireamh arna iontráil in SIS i gcomhréir le hAirteagal 26 agus le hAirteagal 29 agus atá ag iarraidh ar ghabháil shealadach faoi Airteagal 16 de Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh an 13 Nollaig 1957 nó faoi Airteagal 15 de Chonradh Benelux maidir le hEiseachadadh agus Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla an 27 Meitheamh 1962.

CAIBIDIL VII

FOLÁIRIMH FAOI DHAOINE AR IARRAIDH

Airteagal 32
Cuspóirí agus coinníollacha a ghabhann le heisiúint foláireamh

1.Déanfar sonraí faoi dhaoine ar iarraidh nó faoi dhaoine eile ar gá iad a chur faoi chosaint, nó ar gá a fhionnadh cá bhfuil siad, a iontráil in SIS arna iarraidh sin d'údarás inniúil an Bhallstáit a eisíonn an foláireamh.

2.Féadfar na catagóirí daoine ar iarraidh seo a leanas a iontráil:

(a)daoine ar iarraidh ar gá iad a chur faoi chosaint

(i) ar mhaithe lena gcosaint;

(ii) chun bagairtí a chosc;

(b)daoine ar iarraidh nach gá iad a chur faoi chosaint;

(c)leanaí i mbaol a bhfuadaithe i gcomhréir le mír 4.

3.Beidh feidhm ag mír 2(a) go háirithe maidir le leanaí agus le daoine nach mór iad a imtheorannú tar éis cinneadh ó údarás inniúil.

4.Déanfar foláireamh maidir le leanbh dá dtagraítear i mír 2(c) a iontráil arna iarraidh sin d'údarás breithiúnach inniúil an Bhallstáit a bhfuil dlínse aige in ábhair maidir le freagracht tuismitheora i gcomhréir le Rialachán Uimh. 2201/2003 ón gComhairle 74 i gcás ina bhfuil baol nithiúil dealraitheach ann go bhféadfadh sé go ndéanfar an leanbh a aistriú go neamhdhleathach agus go luath as an mBallstát ina bhfuil an túdarás breithiúnach inniúil lonnaithe. I mBallstáit ar páirtithe iad i gCoinbhinsiún na Háige an 19 Deireadh Fómhair 1996 maidir le Dlínse, an Dlí is Infheidhme, Aitheantas, Forghníomhú agus Comhar i dtaca le Freagracht Tuismitheora agus le Bearta chun Leanaí a Chosaint agus i gcás nach bhfuil feidhm ag Rialachán Uimh. 2201/2003 ón gComhairle, tá forálacha Choinbhinsiún na Háige infheidhme.

5.Áiritheoidh na Ballstáit go léireoidh na sonraí a iontráiltear in SIS cé acu de na catagóirí dá dtagraítear i mír 2 atá i gceist leis an duine ar iarraidh. Thairis sin, áiritheoidh na Ballstáit freisin go léireoidh na sonraí a iontráiltear in SIS cén cineál cáis duine ar iarraidh nó duine leochailigh atá i gceist. Déanfar na rialacha maidir le catagóiriú na gcineálacha cásanna agus maidir le hiontráil sonraí den sórt sin a leagan síos agus a fhorbairt trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

6.Ceithre mhí sula slánóidh leanbh is ábhar d'fholáireamh faoin Airteagal seo aois duine fhásta, déanfaidh CS-SIS fógra a thabhairt go huathoibríoch don Bhallstát eisiúna á rá nach mór an chúis le hiarraidh agus an ghníomhaíocht atá le déanamh a nuashonrú nó nach mór an foláireamh a scriosadh.

7.I gcás inar léir go bhfuil feithiclí, báid nó aerárthaí bainteach le duine is ábhar d'fholáireamh de bhun mhír 2, féadfar foláirimh faoi na feithiclí, faoi na báid agus faoi na haerárthaí sin a eisiúint chun an duine a aimsiú. Sna cásanna sin, déanfar an foláireamh faoin duine ar iarraidh agus an foláireamh faoin ábhar a nascadh i gcomhréir le hAirteagal 60. Déanfar na rialacha teicniúla a bhfuil gá leo maidir le hiontráil, nuashonrú, scriosadh agus cuardach na sonraí dá dtagraítear sa mhír seo a leagan síos agus a fhorbairt trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 33
Forghníomhú gníomhaíochta ar bhonn foláirimh

1.I gcás ina naimsítear duine dá dtagraítear in Airteagal 32, déanfaidh na húdaráis inniúla, faoi réir mhír 2, an áit ina bhfuil an duine a chur in iúl don Bhallstát a d'eisigh an foláireamh. I gcás leanaí ar iarraidh nó leanaí ar gá iad a chur faoi chosaint, rachaidh an Ballstát forghníomhúcháin i gcomhairle láithreach leis an mBallstát eisiúna chun comhaontú a dhéanamh gan mhoill maidir leis na bearta atá le déanamh chun leas an linbh a choimirciú. Féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 32(2)(a) agus (c), an duine a aistriú chuig áit shábháilte chun cosc a chur air leanúint dá thuras, má údaraítear amhlaidh leis an dlí náisiúnta.

2.Maidir le cur in iúl sonraí faoi dhuine ar iarraidh atá aimsithe agus ag a bhfuil lánaois, seachas cur in iúl na sonraí sin idir na húdaráis inniúla, beidh sé faoi réir toiliú a fháil ón duine sin. Féadfaidh na húdaráis inniúla, áfach, a chur in iúl don duine a thuairiscigh go raibh an duine ar iarraidh go ndearnadh an foláireamh a scriosadh ós rud é gur aimsíodh an duine ar iarraidh.

CAIBIDIL VIIIl

FOLÁIRIMH FAOI DHAOINE ATÁ Á LORG CHUN CÚNAMH A THABHAIRT MAIDIR LE NÓS IMEACHTA BREITHIÚNACH

Airteagal 34
Cuspóirí agus coinníollacha a ghabhann le heisiúint foláireamh

1.Chun áit chónaithe nó sainchónaithe daoine a chur in iúl, déanfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin d'údarás inniúil, sonraí a iontráil in SIS maidir leis an méid seo a leanas:

(a)finnéithe;

(b)daoine a thoghairtear nó daoine atá á lorg chun láithriú os comhair na núdarás breithiúnach i dtaca le himeachtaí coiriúla chun go dtabharfaidís cuntas faoi ghníomhartha a bhfuil siad á nionchúiseamh ina leith;

(c)daoine a bhfuil breithiúnas coiriúil, nó doiciméid eile a bhaineann le himeachtaí coiriúla, le seirbheáil orthu chun go dtabharfaidís cuntas faoi ghníomhartha a bhfuil siad á nionchúiseamh ina leith;

(d)daoine a bhfuil toghairm le seirbheáil orthu chun teacht i láthair chun pionós a mbaineann cailleadh saoirse leis a chur i gcrích;

2.I gcás inar léir go bhfuil feithiclí, báid nó aerárthaí bainteach le duine is ábhar d'fholáireamh de bhun mhír 1, féadfar foláirimh faoi na feithiclí, faoi na báid agus faoi na haerárthaí sin a eisiúint chun an duine a aimsiú. I gcásanna den sórt sin, déanfar an foláireamh faoin duine agus an foláireamh faoin ábhar a nascadh i gcomhréir le hAirteagal 60. Déanfar na rialacha teicniúla a bhfuil gá leo maidir le hiontráil, nuashonrú, scriosadh agus cuardach na sonraí dá dtagraítear sa mhír seo a leagan síos agus a fhorbairt trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 35
Forghníomhú na gníomhaíochta ar bhonn foláirim
h

Déanfar faisnéis atá iarrtha a chur in iúl don Bhallstát iarrthach trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

CAIBIDIL IX

FOLÁIRIMH FAOI DHAOINE AGUS FAOI ÁBHAIR AR MHAITHE LE SEICEÁLACHA DISCRÉIDEACHA, SEICEÁLACHA FIOSRÚCHÁIN NÓ SEICEÁLACHA SONRACHA A DHÉANAMH

Airteagal 36
Cuspóirí agus coinníollacha a ghabhann le heisiúint foláireamh

1.Déanfar sonraí faoi dhaoine, nó faoi fheithiclí, faoi bháid, faoi aerárthaí agus faoi choimeádáin, a iontráil i gcomhréir le dlí náisiúnta Bhallstát eisiúna an fholáirimh ar mhaithe le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 37(4).

2.Féadfar an foláireamh a eisiúint chun cionta coiriúla a ionchúiseamh, chun pianbhreith choiriúil a fhorghníomhú agus chun bagairtí ar an tslándáil phoiblí a chosc:

(a)i gcás inar léir go bhfuil sé beartaithe ag duine coir thromchúiseach a dhéanamh, nó go bhfuil coir thromchúiseach á déanamh ag duine, go háirithe na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/JHA;

(b)i gcás ina bhfuil gá leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 37(1) chun pianbhreith choiriúil a fhorghníomhú a forchuireadh ar dhuine a ciontaíodh i gcoir thromchúiseach, go háirithe na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/JHA; nó

(c)i gcás ina bhfuil measúnú foriomlán a rinneadh ar dhuine, go háirithe ar bhonn cionta coiriúla roimhe seo, ina chúis lena chreidiúint go bhféadfadh sé go ndéanfaidh an duine sin coireanna tromchúiseacha sa todhchaí, go háirithe na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/JHA.

3.Sa bhreis air sin, féadfar foláireamh a eisiúint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta arna iarraidh sin do na húdaráis ar a bhfuil freagracht i ndáil le slándáil náisiúnta, i gcás ina bhfuil táscaire nithiúil ann go bhfuil gá leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 37(1) chun bagairt thromchúiseach ón duine lena mbaineann nó bagairtí tromchúiseacha eile ar an tslándáil náisiúnta inmheánach nó ar an tslándáil náisiúnta sheachtrach a chosc. Déanfaidh an Ballstát a eisíonn an foláireamh de bhun na míre seo an méid sin a chur in iúl do na Ballstáit eile. Cinnfidh gach Ballstát cé na húdaráis a dtarchuirfear an fhaisnéis sin chucu.

4.I gcás inar léir go bhfuil feithiclí, báid, aerárthaí agus coimeádáin bainteach le coireanna tromchúiseacha dá dtagraítear i mír 2 nó leis na bagairtí tromchúiseacha dá dtagraítear i mír 3, féadfar foláirimh a eisiúint maidir leis na feithiclí, maidir leis na báid, maidir leis na haerárthaí agus maidir leis na coimeádáin sin.

5.I gcás inar léir go bhfuil doiciméid oifigiúla bhána nó doiciméid aitheantais eisithe bainteach leis na coireanna tromchúiseacha dá dtagraítear i mír 2 nó leis na bagairtí tromchúiseacha dá dtagraítear i mír 3, féadfar foláirimh a eisiúint maidir leis na doiciméid sin, beag beann ar chéannacht shealbhóir bunaidh an doiciméid aitheantais, más ann dó. Déanfar na rialacha teicniúla a bhfuil gá leo maidir le hiontráil, nuashonrú, scriosadh agus cuardach na sonraí dá dtagraítear sa mhír seo a leagan síos agus a fhorbairt trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 37
Forghníomhú na gníomhaíochta ar bhonn foláirimh

1.Ar mhaithe le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha a dhéanamh, déanfar an fhaisnéis seo a leanas go léir, nó cuid di, a bhailiú agus a chur in iúl don údarás a eisíonn an foláireamh nuair a dhéantar seiceálacha rialaithe ag teorainneacha, seiceálacha póilíneachta agus custaim nó gníomhaíochtaí eile forghníomhaithe dlí a chur i gcrích laistigh de Bhallstát:

(a)go bhfuiltear tar éis an duine, nó an fheithicil, an bád, an taerárthach, an coimeádán, an doiciméad oifigiúil bán nó an páipéar aitheantais eisithe, ar eisíodh foláireamh ina leith, a aimsiú;

(b)áit agus am na seiceála agus an chúis atá léi;

(c)bealach an turais agus an ceann scríbe;

(d)na daoine atá ag tionlacan an duine lena mbaineann nó na ndaoine san fheithicil, sa bhád nó san aerárthach nó atá ag tionlacan shealbhóir an doiciméid oifigiúil bháin nó an doiciméid aitheantais eisithe, ar daoine iad ar féidir a chreidiúint le réasún maidir leo go bhfuil baint acu leis na daoine lena mbaineann;

(e)an chéannacht a nochtar agus tuairisc phearsanta an duine a bhfuil an doiciméad oifigiúil bán nó an páipéar aitheantais eisithe is ábhar don fholáireamh á úsáid aige;

(f)an fheithicil, an bád, an taerárthach nó an coimeádán a úsáideadh;

(g)ábhair a bhí á niompar, lena náirítear doiciméid taistil;

(h)na himthosca faoinar aimsíodh an duine nó an fheithicil, an bád, an taerárthach, an coimeádán, an doiciméad oifigiúil bán nó an páipéar aitheantais eisithe.

2.Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

3.Ag brath ar na himthosca oibríochtúla, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cuimseoidh seiceáil dhiscréideach gnáthsheiceáil ar dhuine nó ar ábhar d'fhonn cibé méid is féidir den fhaisnéis a thuairiscítear i mír 1 a bhailiú gan cineál discréideach na seiceála a chur i mbaol.

4.Ag brath ar na himthosca oibríochtúla, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cuimseoidh seiceáil fiosrúcháin seiceáil de chineál níos mine agus ceistiú an duine. I gcás nach bhfuil seiceálacha fiosrúcháin údaraithe le dlí Ballstáit, déanfar seiceálacha discréideacha a chur ina nionad sa Bhallstát sin.

5.Le linn seiceálacha sonracha, féadfar daoine, feithiclí, báid, aerárthaí, coimeádáin agus ábhair atá ar iompar a chuardach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 36. Déanfar cuardaigh a chur i gcrích i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. I gcás nach bhfuil seiceálacha sonracha údaraithe le dlí Ballstáit, déanfar seiceálacha fiosrúcháin a chur ina nionad sa Bhallstát sin.

CAIBIDIL X

FOLÁIRIMH FAOI ÁBHAIR AR MHAITHE LENA nURGHABHÁIL NÓ LENA nÚSÁID MAR FHIANAISE IN IMEACHTAÍ COIRIÚLA

Airteagal 38
Cuspóirí agus coinníollacha a ghabhann le heisiúint foláireamh

1.Déanfar sonraí faoi ábhair atá á lorg chun iad a urghabháil ar mhaithe le forghníomhú an dlí nó ar mhaithe lena núsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla a iontráil in SIS.

2.Déanfar na catagóirí ábhar seo a leanas atá in-sainaitheanta go héasca a iontráil:

(a)mótarfheithiclí, arna sainmhíniú leis an dlí náisiúnta, beag beann ar an gcóras tiomána;

(b)leantóirí ag a bhfuil meáchan neamhualaithe is mó ná 750 kg;

(c)carbháin;

(d)trealamh tionsclaíoch;

(e)báid;

(f)innill bháid;

(g)coimeádáin;

(h)aerárthaí;

(i)airm thine;

(j)doiciméid oifigiúla bhána a goideadh, a mídhílsíodh nó a cailleadh;

(k)doiciméid aitheantais eisithe amhail pasanna, cártaí aitheantais, ceadúnais tiomána, ceadanna cónaithe agus doiciméid taistil a goideadh, a mídhílsíodh nó a cailleadh nó a neamhbhailíochtaíodh nó a airbheartaíonn a bheith ina ndoiciméad den sórt sin ach gur doiciméid iad atá falsaithe;

(l)deimhnithe cláraithe feithicle agus uimhirphlátaí feithicle a goideadh, a mídhílsíodh nó a cailleadh nó a neamhbhailíochtaíodh nó a airbheartaíonn a bheith ina ndoiciméad nó ina bpláta den sórt sin ach gur doiciméid nó plátaí iad atá falsaithe;

(m)nótaí bainc (nótaí cláraithe) agus nótaí bainc falsaithe;

(n)trealamh teicniúil, ítimí teicneolaíochta faisnéise agus ábhair ardluacha eile atá in-sainaitheanta go héasca;

(o)comhpháirteanna in-sainaitheanta mótarfheithiclí;

(p)comhpháirteanna in-sainaitheanta trealaimh thionsclaíoch.

3.Déanfar sainmhíniú fochatagóirí nua ábhar faoi mhír 2(n) agus na rialacha teicniúla a bhfuil gá leo maidir le hiontráil, nuashonrú, scriosadh agus cuardach na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a leagan síos agus a fhorbairt trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 39
Forghníomhú na gníomhaíochta ar bhonn foláirimh

1.Más rud é, mar thoradh ar chuardach, go dtugtar foláireamh chun solais maidir le hábhar atá aimsithe, déanfaidh an túdarás a rinne meaitseáil idir an dá shonra an tábhar a urghabháil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus déanfaidh sé teagmháil leis an údarás a d'eisigh an foláireamh chun comhaontú a dhéanamh maidir leis na bearta atá le déanamh. Chuige sin, féadfar sonraí pearsanta a chur in iúl freisin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

3.Déanfaidh an Ballstát a d'aimsigh an tábhar na bearta a iarrtar a chur i gcrích i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

CAIBIDIL XI

FOLÁIRIMH FAOI DHAOINE ANAITHNIDE A BHFUILTEAR SA TÓIR ORTHU LENA SAINAITHINT DE RÉIR AN DLÍ NÁISIÚNTA AGUS CUARDACH LE SONRAÍ BITHMHÉADRACHA

Airteagal 40
Foláirimh faoi dhaoine anaithnide a
bhfuiltear sa tóir orthu ar mhaithe lena ngabháil faoin dlí náisiúnta

Féadfar sonraí dachtalagrafacha a iontráil in SIS nach bhfuil baint acu le daoine atá ina nábhar do na foláirimh. Is é a bheidh sna sonraí dachtalagrafacha sin ná sraitheanna iomlána nó neamhiomlána méarlorg nó lorg dearnana a aimsítear ag láithreacha coireanna atá á nimscrúdú agus ag láithreacha coireanna tromchúiseacha nó cionta sceimhlitheoireachta i gcás inar féidir a shuí, go hardleibhéal dóchúlachta, gur le déantóir an chiona iad. Déanfar na sonraí dachtalagrafacha sa chatagóir seo a stóráil mar "amhrastach anaithnid nó duine anaithnid a bhfuiltear sa tóir air", ar choinníoll nach féidir leis na húdaráis inniúla céannacht an duine a shuí trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí náisiúnta, Eorpach nó idirnáisiúnta eile.

Airteagal 41
Forghníomhú na gníomhaíochta ar bhonn foláirimh

I gcás ina mbíonn amas nó meaitseáil ionchasach sna sonraí a stóráiltear de bhun Airteagal 40, déanfar céannacht an duine a shuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus, chomh maith leis sin, fíorófar gur leis an duine lena mbaineann na sonraí dachtalagrafacha atá stóráilte in SIS. Déanfaidh na Ballstáit cumarsáid le chéile trí fhaisnéis fhorlíontach a úsáid chun imscrúdú tráthúil an cháis a éascú.

Airteagal 42
Rialacha sonracha maidir fíorú nó cuardach le grianghraif, íomhánna d'aghaidh, sonraí dachtalagrafacha agus próifílí DNA

1.Déanfar grianghraif, íomhánna d'aghaidh, sonraí dachtalagrafacha agus próifílí DNA a aisghabháil ó SIS chun céannacht duine atá aimsithe mar thoradh ar chuardach alfa-uimhriúil arna dhéanamh in SIS a fhíorú.

2.Féadfar sonraí dachtalagrafacha a úsáid freisin chun duine a shainaithint. Déanfar sonraí dachtalagrafacha atá stóráilte in SIS a chuardach chun críocha sainaithint a dhéanamh más rud é nach féidir céannacht an duine a fhionnadh ar mhodh eile.

3.Féadfar sonraí dachtalagrafacha atá stóráilte in SIS i ndáil le foláirimh arna neisiúint de bhun Airteagal 26, Airteagal 34(1) b) agus d) agus Airteagal 36 a chuardach freisin trí úsáid a bhaint as sraitheanna iomlána nó neamhiomlána méarlorg nó lorg dearnana a aimsítear ag láithreacha coireanna atá á nimscrúdú, agus i gcás inar féidir a shuí, go hardleibhéal dóchúlachta, gur le déantóir an chiona iad, ar choinníoll nach bhfuil na húdaráis inniúla in ann céannacht an duine a shuí trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí náisiúnta, Eorpach nó idirnáisiúnta eile.

4.A luaithe a bheidh sé indéanta ó thaobh cúrsaí teicniúla de, agus ar choinníoll go ndéantar ardleibhéal iontaofachta ó thaobh sainaitheanta de a áirithiú, féadfar úsáid a bhaint as grianghraif agus as íomhánna d'aghaidh chun duine a shainaithint. Ní dhéanfar sainaithint atá bunaithe ar ghrianghraif nó ar íomhánna d'aghaidh a úsáid ag pointí rialta trasnaithe teorann ach amháin in áiteanna ina bhfuil córais féinfhreastail agus córais uathoibrithe rialaithe teorann á núsáid.

CAIBIDIL XII

CEART CHUN ROCHTAIN A FHÁIL AR FHOLÁIRIMH AGUS CHUN IAD A CHOIMEÁD

Airteagal 43
Údaráis a bhfuil ceart acu chun rochtain a fháil ar fholá
irimh

1.Déanfar rochtain ar shonraí atá stóráilte in SIS agus an ceart chun na sonraí sin a chuardach go díreach nó i gcóip de SIS a fhorchoimeád do na húdaráis ar a bhfuil freagracht i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)rialú ag teorainneacha, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 lena mbunaítear Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen);

(b)seiceálacha póilíneachta agus custaim a dhéantar laistigh den Bhallstát lena mbaineann, agus comhordú na seiceálacha sin ag údaráis ainmnithe;

(c)gníomhaíochtaí eile forghníomhaithe dlí a dhéantar chun cionta coiriúla laistigh den Bhallstát lena mbaineann a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;

(d)scrúdú a dhéanamh ar na coinníollacha, agus déanamh cinntí, maidir le hiontráil agus fanacht náisiúnach tríú tír ar chríoch na mBallstát, lena náirítear ceadanna cónaithe agus víosaí fadfhanachta, agus maidir le náisiúnaigh tríú tír a chur ar ais.

2.Maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá iontráilte in SIS, agus maidir leis an gceart chun na sonraí sin a chuardach go díreach, féadfaidh údaráis bhreithiúnacha náisiúnta, lena náirítear iad siúd ar a bhfuil freagracht i ndáil le tionscnamh ionchúiseamh poiblí in imeachtaí coiriúla agus i ndáil le fiosrúcháin bhreithiúnacha roimh chúiseamh, féadfaidh siad na cearta sin a fheidhmiú freisin le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh, de réir mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta agus de réir mar a fhorálann a gcuid údaras comhordúcháin.

3.Maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá iontráilte in SIS, agus maidir leis an gceart chun na sonraí sin a chuardach go díreach, féadfaidh na húdaráis atá inniúil chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1(c) a chomhall na cearta sin a fheidhmiú le linn dóibh na cúraimí sin a chomhlíonadh. Déanfar rochtain ag na húdaráis sin a rialú le dlí gach ceann ar leith de na Ballstáit.

4.Déanfar na húdaráis dá dtagraítear san Airteagal seo a áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 53(8).

Airteagal 44
Údaráis chlárúcháin feithiclí

1.Beidh rochtain ag na seirbhísí sna Ballstáit ar a bhfuil freagracht i ndáil le deimhnithe cláraithe feithiclí a eisiúint, dá dtagraítear i dTreoir 1999/37/CE ón gComhairle 75 , ar na sonraí seo a leanas atá iontráilte in SIS i gcomhréir le hAirteagal 38(2)(a), (b), (c) agus (l) den Rialachán seo chun críche seiceáil a dhéanamh i dtaobh an bhfuil feithiclí a thíolactar dóibh lena gclárú ina bhfeithiclí goidte, mídhílsithe nó caillte, nó an bhfuil siad á lorg mar fhianaise in imeachtaí coiriúla, agus chun na críche sin amháin:

(a)sonraí faoi mhótarfheithiclí, arna sainmhíniú leis an dlí náisiúnta, beag beann ar an gcóras tiomána;

(b)sonraí faoi leantóirí ag a bhfuil meáchan neamhualaithe is mó ná 750 kg agus carbháin;

(c)sonraí faoi dheimhnithe cláraithe feithiclí agus uimhirphlátaí feithiclí a goideadh, a mídhílsíodh, a cailleadh nó a neamhbhailíochtaíodh.

Déanfar rochtain ar na sonraí sin ag na seirbhísí ar a bhfuil freagracht i ndáil le deimhnithe cláraithe a eisiúint d'fheithiclí a rialú le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin.

2.Beidh an ceart ag seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 agus ar seirbhísí rialtais iad chun rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí atá iontráilte in SIS.

3.Ní bheidh rochtain ag seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 agus ar seirbhísí neamhrialtasacha iad ar shonraí atá iontráilte in SIS ach amháin trí idirghabháil a dhéanann údarás dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán seo. Beidh an ceart ag an údarás sin chun rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí sin agus iad a thabhairt don tseirbhís lena mbaineann. Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil sé de cheangal ar an tseirbhís i dtrácht agus ar a cuid fostaithe aon teorainneacha ar úsáid cheadaithe na sonraí a thugann an túdarás dóibh a urramú.

4.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 39 den Rialachán seo maidir le rochtain a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo. Is leis an dlí náisiúnta a rialófar cásanna ina ndéanfaidh seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 aon fhaisnéis a thugtar chun solais mar thoradh ar rochtain a fháil ar SIS, ar faisnéis í is cúis le drochamhras go ndearnadh cion coiriúil, a chur in iúl do na húdaráis phóilíneachta nó bhreithiúnacha.

Airteagal 45
Údaráis chlárúcháin do bháid agus d'aerárthaí

1.Beidh rochtain ag na seirbhísí sna Ballstáit ar a bhfuil freagracht i ndáil le deimhnithe cláraithe a eisiúint, nó bainistiú tráchta a áirithiú, do bháid, lena náirítear innill bháid agus aerárthaí, ar na sonraí seo a leanas atá iontráilte in SIS i gcomhréir le hAirteagal 38(2) den Rialachán seo chun críche seiceáil a dhéanamh i dtaobh an bhfuil báid, lena náirítear innill bháid; aerárthaí nó coimeádáin, a thíolactar dóibh lena gclárú nó mar ábhar do bhainistiú tráchta, ina nithe goidte, mídhílsithe nó caillte, nó an bhfuil siad á lorg mar fhianaise in imeachtaí coiriúla, agus chun na críche sin amháin:

(a)sonraí faoi bháid;

(b)sonraí faoi innill bháid;

(c)sonraí faoi aerárthaí.

Faoi réir mhír 2, déanfar rochtain ar na seirbhísí sin i ngach ceann ar leith de na Ballstáit a rialú le dlí an Bhallstáit lena mbaineann. Beidh rochtain ar na sonraí atá liostaithe ó (a) go (c) thuas teoranta d'inniúlacht shonrach na seirbhísí lena mbaineann.

2.Beidh an ceart ag seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 agus ar seirbhísí rialtais iad chun rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí atá iontráilte in SIS.

3.Ní bheidh rochtain ag seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 agus ar seirbhísí neamhrialtasacha iad ar shonraí atá iontráilte in SIS ach amháin trí idirghabháil a dhéanann údarás dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán seo. Beidh an ceart ag an údarás sin chun rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí agus na sonraí sin a thabhairt don tseirbhís lena mbaineann. Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil sé de cheangal ar an tseirbhís i dtrácht agus ar a cuid fostaithe aon teorainneacha ar úsáid cheadaithe na sonraí a thugann an túdarás dóibh a urramú.

4.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 39 den Rialachán seo maidir le rochtain a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo. Is leis an dlí náisiúnta a rialófar cásanna ina ndéanfaidh seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 aon fhaisnéis a thugtar chun solais mar thoradh ar rochtain a fháil ar SIS, ar faisnéis í is cúis le drochamhras go ndearnadh cion coiriúil, a chur in iúl do na húdaráis phóilíneachta nó bhreithiúnacha.

Airteagal 46
Rochtain ag Europol ar shonraí SIS

1.Beidh an ceart ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), de réir a sainordaithe, chun rochtain a fháil ar shonraí a iontráiltear in SIS agus na sonraí sin a chuardach.

2.Más rud é, mar thoradh ar chuardach ag Europol, go nochtar go bhfuil foláireamh in SIS, cuirfidh Europol an méid sin in iúl don Bhallstát eisiúna trí na bealaí arna sainiú le Rialachán (AE) 2016/794.

3.Tá úsáid faisnéise a fhaightear ó chuardach in SIS faoi réir toiliú a fháil ina leith ón mBallstát lena mbaineann. Má cheadaíonn an Ballstát an fhaisnéis sin a úsáid, déanfar láimhseáil na faisnéise sin ag Europol a rialú le Rialachán (AE) 2016/794. Ní fhéadfaidh Europol faisnéis den sórt sin a chur in iúl do thríú tíortha nó do thríú comhlachtaí ach amháin le toiliú ón mBallstát lena mbaineann.

4.Féadfaidh Europol tuilleadh faisnéise a iarraidh ar na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2016/794.

5.Maidir le Europol:

(a)gan dochar do mhír 3, do mhír 4 agus do mhír 6, ní dhéanfaidh sé codanna de SIS a bhfuil rochtain aige orthu a cheangal le haon chóras ríomhaireachta atá ann chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag Europol nó in Europol, ná ní aistreoidh sé na sonraí atá sna codanna sin chuig aon chóras den sórt sin, ná ní dhéanfaidh sé aon chuid de SIS a íoslódáil nó cóip a dhéanamh, ar shlí eile, d'aon chuid de SIS;

(b)déanfaidh sé rochtain ar shonraí atá iontráilte in SIS a theorannú do bhaill foirne Europol atá údaraithe go sonrach ina leith sin;

(c)déanfaidh sé bearta dá bhforáiltear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11 a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm;

(d)ligfidh sé don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Europol i bhfeidhmiú a chirt chun rochtain a fháil ar shonraí atá iontráilte in SIS agus chun cuardach a dhéanamh in SIS.

6.Ní fhéadfar sonraí a chóipeáil ach amháin chun críoch teicniúil, ar choinníoll go bhfuil gá leis an gcóipeáil sin le go bhféadfaidh baill foirne Europol atá údaraithe go cuí cuardach díreach a dhéanamh. Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le cóipeanna den sórt sin. Déanfar an chóip theicniúil a úsáid chun sonraí SIS a stóráil le linn na sonraí sin a bheith á gcuardach. Nuair a bheidh cuardach déanta ar na sonraí scriosfar iad. Ní fhorléireofar úsáidí den sórt sin mar úsáidí a chuimsíonn íoslódáil neamhdhleathach nó cóipeáil neamhdhleathach shonraí SIS. Ní dhéanfaidh Europol sonraí foláirimh ná sonraí breise arna neisiúint ag na Ballstáit a chóipeáil ná ní dhéanfaidh sé cóip díobh a aistriú ó CS-SIS isteach i gcórais eile de chuid Europol.

7.Féadfar aon chóipeanna dá dtagraítear i mír 6 agus as a leanann bunachair shonraí as líne a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná 48 nuaire an chloig. Féadfar an tréimhse sin a fhadú i gcás éigeandála go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an éigeandáil. Tuairisceoidh Europol aon fhaduithe den sórt sin don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

8.Féadfaidh Europol faisnéis fhorlíontach maidir le foláirimh chomhfhreagracha SIS a fháil agus a phróiseáil ar choinníoll go ndéantar na rialacha maidir le próiseáil sonraí dá dtagraítear i míreanna 2 go 7 a chur i bhfeidhm de réir mar is iomchuí.

9.Chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun slándáil agus sláine iomchuí sonraí a áirithiú, ba cheart do Europol loga a choinneáil maidir le gach rochtain ar SIS agus maidir le gach cuardach in SIS. Ní mheasfar gurb ionann na logaí agus na doiciméid sin agus íoslódáil nó cóipeáil neamhdhleathach aon chuid de SIS.

Airteagal 47
Rochtain ag Eurojust ar shonraí SIS

1.Beidh an ceart ag baill náisiúnta Eurojust agus ag a gcúntóirí, de réir a sainordaithe, chun rochtain a fháil ar shonraí atá iontráilte in SIS, agus cuardach a dhéanamh sna sonraí sin, de réir a sainordaithe, i gcomhréir le hAirteagail 26, 32, 34, 38 agus 40.

2.I gcás ina nochtar go bhfuil foláireamh SIS ann tar éis do bhall náisiúnta Eurojust cuardach a dhéanamh, déanfaidh sé an méid sin a chur in iúl don Bhallstát eisiúna.

3.Ní léireofar aon ní san Airteagal seo mar ní a dhéanann difear d'fhorálacha Chinneadh 2002/187/JHA a bhaineann le cosaint sonraí agus leis an dliteanas i leith aon phróiseála neamhúdaraithe nó mícheart ar na sonraí sin arna déanamh ag baill náisiúnta Eurojust nó ag a gcúntóirí nó mar ní a dhéanann difear do chumhachtaí an Chomhchomhlachta Maoirseachta arna chur ar bun de bhun an Chinnidh sin.

4.Déanfar gach rochtain agus gach cuardach ag baill náisiúnta de chuid Eurojust, nó ag cúntóir dá chuid, a logáil i gcomhréir le forálacha Airteagal 12 agus déanfar gach úsáid a bhainfear as sonraí a mbeidh rochtain faighte acu orthu a logáil.

5.Ní dhéanfar aon chodanna de SIS a cheangal le haon chóras ríomhaireachta atá ann chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag Eurojust nó in Eurojust, ná ní dhéanfar na sonraí atá in SIS agus a bhfuil rochtain ag na baill náisiúnta nó ag a gcúntóirí orthu a aistriú chuig córas ríomhaireachta den sórt sin. Ní dhéanfar aon chuid de SIS a íoslódáil. Ní fhorléireofar logáil rochtana agus cuardach mar ní a chuimsíonn íoslódáil neamhdhleathach nó mar chóipeáil neamhdhleathach shonraí SIS.

6.Beidh rochtain ar shonraí atá iontráilte in SIS teoranta do na baill náisiúnta agus dá gcúntóirí agus ní leathnófar chuig foireann Eurojust í.

7.Déanfar bearta chun slándáil agus rúndacht a áirithiú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11, déanfar iad a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm.

Airteagal 48
Rochtain ar shonraí SIS ag foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, ag baill foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, agus ag baill na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce

1.I gcomhréir le hAirteagal 40(8) de Rialachán (AE) 2016/1624, beidh an ceart ag baill Fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta nó ag foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh agus, chomh maith leis sin, ag baill na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce, de réir a sainordaithe, chun rochtain a fháil ar shonraí atá iontráilte in SIS, agus cuardach a dhéanamh sna sonraí sin, de réir a sainordaithe.

2.Déanfaidh baill fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta nó foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh agus, chomh maith leis sin, baill na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce rochtain a fháil ar shonraí atá stóráilte in SIS, agus déanfaidh siad cuardach sna sonraí sin, i gcomhréir le mír 1 tríd an gcomhéadan teicniúil arna chur ar bun agus arna chothabháil ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta dá dtagraítear in Airteagal 49(1).

3.I gcás ina nochtar le cuardach arna dhéanamh ag ball Fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta nó ag foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh nó ag ball na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce go bhfuil foláireamh in SIS, cuirfear an méid sin in iúl don Bhallstát eisiúna. I gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2016/1624, ní fhéadfaidh baill na bhfoirne gníomhú chun freagairt ar fholáireamh in SIS ach amháin de réir treoracha ó ghardaí teorann nó ó bhaill foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, is é sin le rá, gardaí teorann agus baill foirne de chuid an Bhallstáit óstaigh ina bhfuil siad ag oibriú agus, mar riail ghinearálta, ní fhéadfaidh siad gníomhú amhlaidh ach amháin i láthair na ngardaí teorann nó na mball foirne sin. Féadfaidh an Ballstát óstach baill na bhfoirne a údarú chun gníomhú thar a cheann.

4.Déanfar gach rochtain agus gach cuardach ag ball Fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta nó ag foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh nó ag ball na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce a logáil i gcomhréir le forálacha Airteagal 12 agus déanfar gach úsáid a bhainfidh siad as sonraí a mbeidh rochtain faighte acu orthu a logáil.

5.Beidh rochtain ar shonraí atá iontráilte in SIS teoranta do bhall Fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta nó d'fhoirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh nó do bhall na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce agus ní leathnófar chuig aon bhaill foirne eile í.

6.Déanfar bearta chun slándáil agus rúndacht a áirithiú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm.

Airteagal 49
Rochtain ar shonraí SIS ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

1.Chun críocha Airteagal 48(1) agus mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta comhéadan teicniúil, trína gcumasófar ceangal díreach le SIS Láir, a chur ar bun agus a chothabháil.

2.Ar mhaithe lena cuid cúraimí a thugtar di leis an Rialachán lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a chomhlíonadh, beidh an ceart ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta chun rochtain a fháil ar shonraí atá iontráilte in SIS, agus chun cuardach a dhéanamh sna sonraí sin, i gcomhréir le hAirteagail 26, 32, 34, 36 agus 38(2) (j) agus (k).

3.I gcás ina nochtar le fíorú arna dhéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta go bhfuil foláireamh in SIS, tá feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS).

4.Ní léireofar aon ní san Airteagal seo mar ní a dhéanann difear d'fhorálacha Rialachán (AE) 2016/1624 a bhaineann le cosaint sonraí agus leis an dliteanas i leith aon phróiseála neamhúdaraithe nó mícheart ar na sonraí sin arna déanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

5.Déanfar gach rochtain agus gach cuardach ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a logáil i gcomhréir le forálacha Airteagal 12 agus déanfar gach úsáid a bhainfear as sonraí a mbeidh rochtain faighte acu orthu a chlárú.

6.Ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis ar mhaithe le comhlíonadh na gcúraimí ar chun críocha an Rialacháin lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) iad, ní dhéanfar aon chodanna de SIS a cheangal le haon chóras ríomhaireachta atá ann chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta nó sa Ghníomhaireacht sin, ná ní dhéanfar na sonraí atá in SIS a bhfuil rochtain ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta orthu a aistriú chuig córas den sórt sin. Ní dhéanfar aon chuid de SIS a íoslódáil. Ní fhorléireofar logáil rochtana agus cuardach mar ní a chuimsíonn íoslódáil nó cóipeáil shonraí SIS.

7.Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta bearta chun slándáil agus rúndacht a áirithiú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11, a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm.

Airteagal 50
Raon feidhme na rochtana

Ní fhéadfaidh úsáideoirí deiridh, lena náirítear Europol, baill náisiúnta Eurojust agus a gcúntóirí agus, chomh maith leis sin, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, rochtain a fháil ar shonraí seachas sonraí a bhfuil gá acu leo chun a gcúraimí a chomhlíonadh.

Airteagal 51
Tréimhse choinneála na bhfoláireamh

1.Ní dhéanfar foláirimh a iontráiltear in SIS de bhun an Rialacháin seo a choimeád ach amháin ar feadh an ama is gá chun na gcríoch ar chucu a iontráladh iad a bhaint amach.

2.Déanfaidh Ballstát a eisíonn foláireamh, laistigh de chúig bliana ón tráth a niontráiltear in SIS é, an gá atá lena choinneáil a athbhreithniú. Déanfar foláirimh arna neisiúint chun críocha Airteagal 36 den Rialachán seo a choimeád ar feadh tréimhse uasta aon bhliain amháin.

3.Déanfar foláirimh faoi dhoiciméid oifigiúla bhána agus doiciméid aitheantais eisithe arna niontráil i gcomhréir le hAirteagal 38 a choimeád ar feadh tréimhse uasta deich mbliana. Féadfar tréimhsí coinneála níos giorra le haghaidh catagóirí foláireamh faoi ábhair a bhunú trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

4.Déanfaidh gach Ballstát, i gcás inarb iomchuí, tréimhsí níos giorra le haghaidh athbhreithnithe a shocrú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

5.I gcásanna inar léir don fhoireann i mBiúró SIRENE ar a bhfuil freagracht i ndáil le comhordú agus fíorú cáilíochta sonraí go bhfuil an cuspóir atá le foláireamh faoi dhuine bainte amach agus gur cheart é a scriosadh as SIS, tabharfaidh an fhoireann fógra don údarás a chruthaigh an foláireamh chun aird an údaráis a tharraingt ar an tsaincheist sin. Beidh 30 lá féilire ag an údarás ón tráth a bhfaigheann sé an fógra sin chun a léiriú gur scriosadh, nó go scriosfar, an foláireamh, sin nó luafaidh sé cúiseanna leis an bhfoláireamh a choinneáil. Má théann an tréimhse 30 lá in éag gan freagra den sórt sin a bheith ann, scriosfaidh foireann Bhiúró SIRENE an foláireamh. Déanfaidh Biúrónna SIRENE aon saincheisteanna athfhillteacha sa réimse seo a thuairisciú dá núdarás maoirseachta náisiúnta.

6.Laistigh den tréimhse athbhreithnithe, féadfaidh an Ballstát a eisíonn an foláireamh, tar éis measúnú cuimsitheach aonair a logálfar, a chinneadh an foláireamh a choimeád go ceann tréimhse níos faide i gcás inar gá sin chun na gcríoch ar chucu a eisíodh an foláireamh. I gcás den sórt sin, beidh feidhm ag mír 2 maidir leis an bhfadú freisin. Déanfar aon fhadú ar fholáireamh a chur in iúl do CS-SIS.

7.Déanfar foláirimh a scriosadh go huathoibríoch tar éis na tréimhse athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 2 ach amháin i gcás ina mbeidh an Ballstát a eisíonn an foláireamh tar éis fadú an fholáirimh de bhun mhír 6 a chur in iúl do CS-SIS. Déanfaidh CS-SIS scriosadh sceidealta sonraí as an gcóras a chur in iúl do na Ballstáit ceithre mhí roimh ré.

8.Coimeádfaidh na Ballstáit staidreamh faoin líon foláireamh a bhfadaítear an tréimhse choinneála ina leith i gcomhréir le mír 6.

CAIBIDIL XIII

FOLÁIRIMH A SCRIOSADH

Airteagal 52
Foláirimh a scriosadh

1.Déanfar foláirimh maidir le gabháil chun críoch tabhairt suas nó eiseachadta de bhun Airteagal 26 a scriosadh nuair a bheidh an duine tugtha suas d'údaráis inniúla an Bhallstáit eisiúna nó eiseachadta chuig na húdaráis sin. Féadfar iad a scriosadh freisin i gcás ina ndéanfaidh an túdarás breithiúnach inniúil an cinneadh breithiúnach ar a raibh an foláireamh bunaithe a chúlghairm de réir an dlí náisiúnta.

2.Déanfar foláirimh faoi dhaoine ar iarraidh a scriosadh i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)Maidir le leanaí ar iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 32, déanfar foláireamh a scriosadh más rud é:

go réitítear an cás, amhail i gcás ina ndéantar an leanbh a aisdúichiú nó i gcás ina ndéanann na húdaráis inniúla sa Bhallstát forghníomhúcháin cinneadh maidir le cúram an linbh;

go dtéann an foláireamh in éag i gcomhréir le hAirteagal 51;

go ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna cinneadh; nó

go naimsítear an leanbh.

(b)    Maidir le daoine fásta ar iarraidh, de bhun Airteagal 32, i gcás nach niarrtar aon bhearta cosantacha, déanfar foláireamh a scriosadh más rud é:

go bhforghníomhaítear an ghníomhaíocht atá le déanamh (an áit ina bhfuil an duine a bheith fionnta ag an mBallstát forghníomhúcháin);

go dtéann an foláireamh in éag i gcomhréir le hAirteagal 51; nó

go ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna cinneadh.

(c)    Maidir le daoine fásta ar iarraidh, i gcás ina niarrtar bearta cosantacha, de bhun Airteagal 32, déanfar foláireamh a scriosadh más rud é:

go ndearnadh an ghníomhaíocht atá le déanamh (duine a bheith curtha faoi chosaint);

go dtéann an foláireamh in éag i gcomhréir le hAirteagal 51; nó

go ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna cinneadh.

Faoi réir an dlí náisiúnta, i gcás duine a bheith imtheorannaithe tar éis cinneadh ó údarás inniúil, féadfar foláireamh a choinneáil go dtí go ndéantar an duine sin a aisdúichiú.

3.Déanfar foláirimh faoi dhaoine atá á lorg ar mhaithe le nós imeachta breithiúnach a scriosadh i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

Maidir le foláirimh faoi dhaoine atá á lorg ar mhaithe le nós imeachta breithiúnach de bhun Airteagal 34, déanfar foláireamh a scriosadh más rud é:

(a)go bhfuiltear tar éis an áit ina bhfuil an duine a chur in iúl d'údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna. I gcás nach féidir gníomhú de réir na faisnéise a chuirtear ar aghaidh, tabharfaidh Biúró SIRENE an Bhallstáit eisiúna fógra do Bhiúró SIRENE an Bhallstáit forghníomhúcháin chun an fhadhb a réiteach;

(b)go dtéann an foláireamh in éag i gcomhréir le hAirteagal 51; nó

(c)go ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna cinneadh.

I gcás amas a bheith faighte i mBallstát agus go ndearnadh na mionsonraí faoin seoladh a chur ar aghaidh chuig an mBallstát eisiúna agus go ndéantar na mionsonraí céanna faoin seoladh a nochtadh le hamas ina dhiaidh sin sa Bhallstát sin, déanfar an tamas a logáil sa Bhallstát forghníomhúcháin ach ní dhéanfar na mionsonraí faoin seoladh ná an fhaisnéis fhorlíontach a athsheoladh chuig an mBallstát eisiúna. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an Ballstát forghníomhúcháin na hathamais a chur in iúl don Bhallstát eisiúna agus breithneoidh an Ballstát eisiúna an bhfuil gá leis an bhfoláireamh a choimeád.

4.Déanfar foláirimh faoi sheiceálacha discréideacha, fiosrúcháin agus sonracha a scriosadh i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

Maidir le foláirimh faoi sheiceálacha discréideacha, fiosrúcháin agus sonracha, de bhun Airteagal 36, déanfar foláireamh a scriosadh más rud é:

(a)go dtéann an foláireamh in éag i gcomhréir le hAirteagal 51;

(b)go ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna cinneadh chun scriosadh a dhéanamh.

5.Déanfar foláirimh faoi ábhair ar mhaithe lena nurghabháil nó lena núsáid mar fhianaise a scriosadh i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

Maidir le scriosadh foláireamh faoi ábhair ar mhaithe lena nurghabháil nó lena núsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla de bhun Airteagal 38, déanfar foláireamh a scriosadh más rud é:

(a)go ndéantar an tábhar a urghabháil nó go ndéantar beart coibhéiseach tar éis an malartú leantach faisnéise forlíontaí is gá a bheith déanta idir Biúrónna SIRENE nó go dtagann an tábhar chun bheith ina ábhar do nós imeachta breithiúnach nó riaracháin eile;

(b)go dtéann an foláireamh in éag; nó

(c)go ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna cinneadh chun scriosadh a dhéanamh.

6.Déanfar foláirimh faoi dhaoine anaithnide a bhfuiltear sa tóir orthu, de bhun Airteagal 40, a scriosadh i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

7.(a)déantar an duine a shainaithint; nó

8.(b)téann an foláireamh in éag.

CAIBIDIL XIV

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE PRÓISEÁIL SONRAÍ

Airteagal 53
Sonraí SIS a phróiseáil

1.Ní fhéadfaidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20 a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch atá leagtha síos maidir le gach catagóir foláirimh dá dtagraítear in Airteagail 26, 32, 34, 36, 38 agus 40.

2.Ní fhéadfar sonraí a chóipeáil ach amháin chun críoch teicniúil, ar choinníoll go bhfuil gá leis an gcóipeáil sin le go bhféadfaidh na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 43 cuardach díreach a dhéanamh. Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le cóipeanna den sórt sin. Ní chóipeálfaidh Ballstát sonraí faoi fholáirimh ná sonraí breise atá iontráilte ag Ballstát eile óna N.SIS nó ó CS-SIS isteach i gcomhaid sonraí náisiúnta eile.

3.Féadfar cóipeanna teicniúla, dá dtagraítear i mír 2, as a leanann bunachair shonraí as líne, a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná 48 nuaire an chloig. Féadfar an tréimhse sin a fhadú i gcás éigeandála go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an éigeandáil.

4.Coimeádfaidh na Ballstáit fardal cothrom le dáta maidir leis na cóipeanna sin, cuirfidh siad an fardal sin ar fáil dá núdarás maoirseachta náisiúnta, agus áiritheoidh siad go ndéanfar forálacha an Rialacháin seo, go háirithe forálacha Airteagal 10, a chur i bhfeidhm maidir leis na cóipeanna sin.

5.Ní údarófar rochtain ar shonraí ach amháin faoi chuimsiú inniúlacht na núdarás náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 43 agus do bhaill foirne atá údaraithe go cuí.

6.Maidir leis na foláirimh a leagtar síos in Airteagail 26, 32, 34, 36, 38 agus 40 den Rialachán seo, ní mór aon phróiseáil a dhéantar ar fhaisnéis atá iontu chun críoch seachas na críocha ar chucu a iontráladh iad a nascadh le cás sonrach agus ní mór údar a bheith léi chun an gá le gar-bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí agus ar an tslándáil phoiblí a chosc, ar fhorais thromchúiseacha slándála náisiúnta nó chun coir thromchúiseach a chosc. Chuige sin, gheofar údarú roimh ré ón mBallstát a eisíonn an foláireamh.

7.Maidir le haon úsáid sonraí nach gcomhlíonann míreanna 1 go 6, measfar gur mí-úsáid í faoi dhlí náisiúnta gach Ballstáit.

8.Déanfaidh gach Ballstát liosta de na húdaráis inniúla dá chuid atá údaraithe chun cuardach díreach a dhéanamh in SIS de bhun an Rialacháin seo agus, chomh maith leis sin, aon athruithe ar an liosta sin, a sheoladh chuig an nGníomhaireacht. Déanfar na sonraí a bhféadfaidh údarás cuardach a dhéanamh iontu, agus cad chuige an cuardach sin, a shonrú sa liosta. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go ndéanfar an liosta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gach bliain.

9.Sa mhéid nach bhfuil forálacha sonracha leagtha síos le dlí an Aontais, beidh feidhm ag dlí gach Ballstáit ar leith maidir le sonraí atá iontráilte ina N.SIS.

Airteagal 54
Sonraí SIS agus comhaid náisiúnta

1.Ní dhéanfaidh Airteagal 53(2) dochar don cheart atá ag Ballstát sonraí SIS a bhfuil gníomhaíocht déanta dá mbarr ar a chríoch féin a choimeád ina chomhaid náisiúnta. Coimeádfar na sonraí sin i gcomhaid náisiúnta ar feadh tréimhse nach faide ná trí bliana, ach amháin i gcás ina ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta maidir le tréimhse choinneála atá níos faide ná sin.

2.Ní dhéanfaidh Airteagal 53(2) dochar don cheart atá ag Ballstát sonraí atá i bhfoláireamh ar leith arna eisiúint in SIS ag an mBallstát sin a choimeád ina chomhaid náisiúnta.

Airteagal 55
Faisnéis i gcás nach bhforghníomhaítear foláireamh

I gcás nach féidir gníomhaíocht atá iarrtha a dhéanamh, déanfaidh an Ballstát iarrtha an méid sin a chur in iúl láithreach don Bhallstát a eisíonn an foláireamh.

Airteagal 56
Cáilíocht na sonraí a phróiseáiltear in SIS

1.Beidh ar an mBallstát a eisíonn foláireamh a áirithiú go bhfuil na sonraí cruinn, cothrom le dáta agus iontráilte go dleathach in SIS.

2.Ní bheidh sé d'údarás ach ag an mBallstát a eisíonn foláireamh na sonraí atá iontráilte aige a mhodhnú, a cheartú, a thabhairt cothrom le dáta nó a scriosadh nó chun cur leis na sonraí sin.

3.I gcás ina bhfuil fianaise ag Ballstát, nach é an Ballstát a d'eisigh foláireamh é, á thabhairt le tuiscint go bhfuil sonra mícheart go fíorasach, nó gur stóráladh go neamhdhleathach é, déanfaidh sé, trí mhalartú faisnéise forlíontaí, an méid sin a chur in iúl don Bhallstát eisiúna a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis a aird a bheith tarraingthe ar an bhfaisnéis sin. Seiceálfaidh an Ballstát eisiúna an chumarsáid agus, más gá, ceartóidh sé, nó scriosfaidh sé, an sonra i dtrácht gan mhoill.

4.I gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann teacht ar chomhaontú laistigh de dhá mhí ón tráth a dtagann an fhianaise chun solais den chéad uair, mar a thuairiscítear i mír 3, déanfaidh an Ballstát nár eisigh an foláireamh an tábhar a chur faoi bhráid na núdarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann chun cinneadh a fháil ina leith.

5.Déanfaidh na Ballstáit faisnéis fhorlíontach a mhalartú i gcás ina ndéanann duine gearán nach é féin an duine atá á lorg le foláireamh. I gcás ina dtaispeánann toradh na seiceála go bhfuil beirt éagsúla i gceist, le fírinne, cuirfear na bearta a leagtar síos in Airteagal 59 in iúl don ghearánach.

6.I gcás ina bhfuil duine ina ábhar foláirimh in SIS cheana, tiocfaidh Ballstát a iontrálann foláireamh breise ar chomhaontú faoi iontráil an fholáirimh sin leis an mBallstát a d'iontráil an chéad fholáireamh. Tiocfar ar an gcomhaontú ar bhonn malartú faisnéise forlíontaí.

Airteagal 57
Teagmhais slándála

1.Maidir le haon imeacht a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar shlándáil SIS, agus a d'fhéadfadh bheith ina chúis le damáiste do shonraí SIS, nó le cailleadh na sonraí sin, measfar gur teagmhas slándála é, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé go bhfuarthas rochtain ar shonraí nó i gcás ina ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol nó ina bhféadfadh sé go ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol.

2.Déanfar teagmhais slándála a bhainistiú chun freagairt thapa, éifeachtach agus iomchuí a áirithiú.

3.Déanfaidh na Ballstáit fógra faoi theagmhais slándála a thabhairt don Choimisiún, don Ghníomhaireacht agus don údarás maoirseachta náisiúnta. Déanfaidh an Ghníomhaireacht fógra faoi theagmhais slándála a thabhairt don Choimisiún agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

4.Déanfar faisnéis maidir le teagmhas slándála a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar oibriú SIS i mBallstát nó laistigh den Ghníomhaireacht nó ar infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí arna niontráil nó arna seoladh ag Ballstáit eile, déanfar í a thabhairt do na Ballstáit agus a thuairisciú de réir an phlean bainistithe teagmhais arna sholáthar ag an nGníomhaireacht.

Airteagal 58
Idirdhealú a dhéanamh ar dhaoine ag a bhfuil saintréithe comhchosúla

I gcás inar léir, nuair a iontráiltear foláireamh nua, go bhfuil duine áirithe in SIS cheana ag a bhfuil an eilimint chéanna tuairisce aitheantais, beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas:

(a)déanfaidh Biúró SIRENE teagmháil leis an údarás iarrthach chun soiléiriú a fháil i dtaobh an mbaineann an foláireamh leis an duine céanna nó nach mbaineann;

(b)i gcás ina nochtar, leis an gcros-seiceáil, gur mar a chéile ábhar an fholáirimh nua agus an duine atá áirithe in SIS cheana, déanfaidh Biúró SIRENE an nós imeachta maidir le hiontráil ilfholáireamh dá dtagraítear in Airteagal 56(6) a chur i bhfeidhm. I gcás inarb é is toradh don tseiceáil go bhfuil beirt éagsúla i gceist, le fírinne, formheasfaidh Biúró SIRENE an iarraidh chun an dara foláireamh a iontráil trí na heilimintí riachtanacha a chur isteach d'fhonn aon sainaithint mhícheart a sheachaint.

Airteagal 59
Sonraí breise chun déileáil le haitheantais a mhí-úsáidtear

1.I gcás ina bhféadfadh mearbhall a bheith ann maidir leis an duine atá beartaithe iarbhír mar ábhar foláirimh agus duine ar mí-úsáideadh a chéannacht, déanfaidh an Ballstát eisiúna, faoi réir toiliú sainráite a fháil ón duine sin, sonraí maidir leis an duine is déanaí atá luaite a chur leis an bhfoláireamh chun na hiarmhairtí diúltacha a ghabhann le sainaithint mhícheart a sheachaint.

2.Ní úsáidfear sonraí duine ar mí-úsáideadh a chéannacht ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:

(a)chun ligean don údarás inniúil idirdhealú a dhéanamh ar an duine ar mí-úsáideadh a chéannacht agus an duine a bhí beartaithe iarbhír mar ábhar an fholáirimh;

(b)chun ligean don duine ar mí-úsáideadh a chéannacht a chéannacht a chruthú agus a shuí gur mí-úsáideadh a chéannacht.

3.Chun críche an Airteagail seo, ní fhéadfar ach na sonraí pearsanta seo a leanas a iontráil agus a phróiseáil a thuilleadh in SIS:

(a)sloinne (sloinnte)

(b)céadainm(neacha),

(c)ainm(neacha) tráth breithe

(d)ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailiasanna a d'fhéadfadh bheith iontráilte ar leithligh óna chéile;

(e)aon saintréith fhisiceach oibiachtúil nach bhféadfaí a athrú;

(f)áit bhreithe;

(g)dáta breithe;

(h)inscne;

(i)grianghraif agus íomhánna d'aghaidh;

(j)méarloirg;

(k)náisiúntacht(aí);

(l)catagóir dhoiciméad aitheantais an duine;

(m)tír eisiúna dhoiciméad aitheantais an duine;

(n)uimhir (uimhreacha) dhoiciméad aitheantais an duine;

(o)dáta eisiúna dhoiciméad aitheantais an duine;

(p)seoladh an íospartaigh;

(q)ainm athair an íospartaigh;

(r)ainm mháthair an íospartaigh;

4.Déanfar na rialacha teicniúla a bhfuil gá leo chun na sonraí dá dtagraítear i mír 3 a iontráil agus a phróiseáil a thuilleadh a bhunú trí bhíthin bearta cur chun feidhme a leagan síos agus a fhorbairt i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

5.Déanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 3 a scriosadh an tráth céanna leis an bhfoláireamh comhfhreagrach nó níos luaithe ná sin i gcás ina niarrann an duine amhlaidh.

6.Ní fhéadfaidh aon údarás seachas na húdaráis a bhfuil ceart rochtana acu ar an bhfoláireamh comhfhreagrach rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear i mír 3. Ní fhéadfaidh siad déanamh amhlaidh ach amháin chun sainaithint mhícheart a sheachaint.

Airteagal 60
Naisc idir foláirimh

1.Féadfaidh Ballstát nasc a chruthú idir foláirimh in SIS. Is é a bheidh d'éifeacht ag nasc den sórt sin ná gaolmhaireacht a bhunú idir dhá fholáireamh nó níos mó.

2.Ní dhéanfaidh cruthú naisc difear don ghníomhaíocht shonrach atá le déanamh ar bhonn gach foláirimh nasctha ná don tréimhse choinneála a bhaineann le gach ceann de na foláirimh nasctha.

3.Ní dhéanfaidh cruthú naisc difear do na cearta rochtana dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ní bheidh údaráis nach bhfuil aon cheart acu chun rochtain a fháil ar chatagóirí áirithe foláireamh in ann an nasc le foláireamh nach bhfuil ceart acu chun rochtain a fháil air a fheiceáil.

4.Déanfaidh Ballstát nasc a chruthú idir foláirimh nuair atá gá oibríochtúil ann chuige sin.

5.I gcás ina measann Ballstát go bhfuil cruthú naisc idir foláirimh ag Ballstát eile ar neamhréir lena dhlí náisiúnta nó lena oibleagáidí idirnáisiúnta, féadfaidh sé na bearta riachtanacha a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir aon rochtain ar an nasc a bheith ann óna chríoch náisiúnta nó ag a chuid údarás atá lonnaithe lasmuigh dá chríoch.

6.Déanfar na rialacha teicniúla maidir le nascadh foláireamh a leagan síos agus a fhorbairt i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

Airteagal 61
Cuspóir agus tréimhse choinneála faisnéise forlíontaí

1.Déanfaidh na Ballstáit tagairt do na cinntí is cúis le foláireamh a choimeád i mBiúró SIRENE chun tacú le malartú faisnéise forlíontaí.

2.Sonraí pearsanta a shealbhaíonn Biúró SIRENE i gcomhaid mar thoradh ar fhaisnéis a mhalartaítear, ní dhéanfar iad a choimeád ach amháin ar feadh cibé méid ama is gá chun na gcríoch ar chucu a soláthraíodh iad a bhaint amach. Déanfar iad a scriosadh, ina aon chás, bliain amháin ar a dhéanaí tar éis an foláireamh gaolmhar a scriosadh as SIS.

3.Ní dhéanfaidh mír 2 dochar don cheart atá ag Ballstát sonraí a bhaineann le foláireamh ar leith atá eisithe ag an mBallstát sin nó le foláireamh ar ina leith a rinneadh gníomhaíocht ar a chríoch a choimeád i gcomhaid náisiúnta. Is leis an dlí náisiúnta a rialófar an tréimhse ar lena linn a fhéadfar sonraí den sórt sin a shealbhú sna comhaid sin.

Airteagal 62
Sonraí a aistriú chuig tríú páirtithe

Ní dhéanfar sonraí a phróiseáiltear in SIS agus an fhaisnéis fhorlíontach ghaolmhar de bhun an Rialacháin seo a aistriú chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ná ní dhéanfar iad a chur ar fáil dóibh.

Airteagal 63
Sonraí faoi phasanna goidte, mídhílsithe, caillte nó neamhbhailío
chtaithe a mhalartú le Interpol

1.De mhaolú ar Airteagal 62, féadfar uimhir an phas, an tír eisiúna agus an cineál doiciméid a bhaineann le pasanna goidte, mídhílsithe, caillte nó neamhbhailíochtaithe atá iontráilte in SIS a mhalartú le baill de chuid Interpol trí cheangal a bhunú idir SIS agus bunachar sonraí Interpol maidir le doiciméid taistil atá goidte nó ar iarraidh, ach sin a bheith faoi réir Comhaontú a thabhairt i gcrích idir Interpol agus an tAontas Eorpach. Forálfar leis an gComhaontú go mbeidh tarchur sonraí arna niontráil ag Ballstát faoi réir toiliú an Bhallstáit sin a fháil chuige sin.

2.Leis an gComhaontú dá dtagraítear i mír 1, forálfar nach mbeidh rochtain ar na sonraí a chomhroinntear ag aon duine seachas baill de chuid Interpol i dtíortha a áirithíonn leibhéal leordhóthanach cosanta do shonraí pearsanta. Sula ndéanfar an Comhaontú a thabhairt i gcrích, lorgóidh an Chomhairle tuairim an Choimisiúin faoi leordhóthanacht an leibhéil cosanta do shonraí pearsanta agus faoi urraim do chearta agus saoirsí bunúsacha a mhéid a bhaineann le próiseáil uathoibríoch sonraí pearsanta ag Interpol agus ag tíortha a bhfuil baill tarmligthe chuig Interpol acu.

3.Féadfar foráil a dhéanamh freisin leis an gComhaontú dá dtagraítear i mír 1 maidir le rochtain do na Ballstáit, trí SIS, ar shonraí ó bhunachar sonraí Interpol i ndáil le doiciméid taistil atá goidte nó ar iarraidh, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chinnidh seo lena rialaítear foláirimh atá iontráilte in SIS faoi phasanna goidte, mídhílsithe, caillte agus neamhbhailíochtaithe.

CAIBIDIL XV

COSAINT SONRAÍ

Airteagal 64
An reachtaíocht is infheidhme

1.Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht faoin Rialachán seo.

2.Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ar choinníoll nach bhfuil feidhm ag forálacha náisiúnta lena ndéantar Treoir (AE) 2016/680 a thrasuí.

3.Maidir le próiseáil sonraí ag údaráis náisiúnta inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú nó a bhrath, nó chun cionta coiriúla a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí, nó bagairtí den sórt sin a chosc, beidh feidhm ag forálacha náisiúnta lena ndéantar Treoir (AE) 2016/680 a thrasuí.

Airteagal 65
Ceart chun rochtain a fháil ar shonraí míchruinne, agus chun iad a cheartú, agus chun sonraí atá á stóráil go neamhdhleathach a léirscriosadh

1.Déanfar an ceart atá ag ábhair sonraí chun rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann leo agus atá iontráilte in SIS, agus chun a chur faoi deara go gceartaítear nó go léirscriostar sonraí den sórt sin, a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ar os a chomhair a dhéanann siad an ceart sin a agairt.

2.Má fhoráiltear amhlaidh leis an dlí náisiúnta, déanfaidh an túdarás maoirseachta náisiúnta cinneadh i dtaobh an bhfuil faisnéis le cur in iúl agus cén modh a úsáidfear ina leith sin.

3.Ní fhéadfaidh Ballstát seachas an ceann a d'eisigh foláireamh faisnéis maidir leis na sonraí sin a chur in iúl ach amháin má thugann sé deis ar dtús don Bhallstát a eisíonn an foláireamh chun a sheasamh a lua. Déanfar sin trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

4.Déanfaidh Ballstát cinneadh gan faisnéis a chur in iúl don ábhar sonraí, go hiomlán nó go páirteach, a ghlacadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a mhéid, agus ar feadh cibé tréimhse, atá srian iomlán nó páirteach den sórt sin ina bheart riachtanach comhréireach i sochaí dhaonlathach, agus aird chuí á tabhairt ar chearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an duine nádúrtha lena mbaineann, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a)bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint;

(b)dochar do chosc, do bhrath, d'imscrúdú nó d'ionchúiseamh cionta coiriúla, nó d'fhorghníomhú pionós coiriúil, a sheachaint;

(c)an tslándáil phoiblí a chosaint;

(d)an tslándáil náisiúnta a chosaint;

(e)cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

5.Tá an ceart ag aon duine a chur faoi deara go ndéanfar sonraí a bhaineann leis agus atá míchruinn go fíorasach a cheartú nó sonraí a bhaineann leis agus atá stóráilte go neamhdhleathach a léirscriosadh.

6.Cuirfear an duine lena mbaineann ar an eolas a luaithe is féidir agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 60 lá ón dáta a ndéanann sé iarratas ar rochtain nó tráth is luaithe ná sin má fhoráiltear amhlaidh leis an dlí náisiúnta.

7.Cuirfear an duine lena mbaineann ar an eolas faoin ngníomhaíocht leantach atá déanta i ndáil le feidhmiú a cheart maidir le ceartú agus léirscriosadh, agus déanfar amhlaidh a luaithe is féidir agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná trí mhí ón dáta a ndéanann sé iarratas ar cheartú nó ar léirscriosadh nó tráth is luaithe ná sin má fhoráiltear amhlaidh leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 66
Leigheasanna

1.Féadfaidh aon duine caingean a thionscnamh os comhair na gcúirteanna nó an údaráis inniúil faoi dhlí aon Bhallstáit chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, nó faisnéis a cheartú, a léirscriosadh nó a fháil, nó chun cúiteamh a fháil, i dtaca le foláireamh a bhaineann leis.

2.Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 70, geallann na Ballstáit go frithpháirteach cinntí críochnaitheacha a thugann na cúirteanna nó na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhorghníomhú.

3.Chun forléargas comhsheasmhach a fháil ar fheidhmiú leigheasanna, déanfaidh na húdaráis náisiúnta córas caighdeánach staidrimh a fhorbairt chun tuairisciú bliantúil a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)an líon iarrataí ar rochtain arna gcur faoi bhráid an rialaitheora sonraí ag ábhair sonraí agus an líon cásanna inar tugadh rochtain ar shonraí;

(b)an líon iarrataí ar rochtain arna gcur faoi bhráid an údaráis maoirseachta náisiúnta ag ábhair sonraí agus an líon cásanna inar tugadh rochtain ar shonraí;

(c)an líon iarrataí a seoladh chuig an rialaitheoir sonraí maidir le ceartú sonraí míchruinne agus léirscriosadh sonraí arna stóráil go neamhdhleathach agus an líon cásanna inar ceartaíodh nó inar léirscriosadh na sonraí sin;

(d)an líon iarrataí a cuireadh faoi bhráid an údaráis maoirseachta náisiúnta maidir le ceartú sonraí míchruinne agus léirscriosadh sonraí arna stóráil go neamhdhleathach;

(e)an líon cásanna a éisteadh os comhair na gcúirteanna;

(f)an líon cásanna inar rialaigh an chúirt i bhfabhar an iarratasóra i ndáil le haon ghné den chás;

(g)aon bharúlacha maidir le cásanna a bhaineann le haitheantas frithpháirteach do chinntí críochnaitheacha a dhéanann cúirteanna nó údaráis de chuid Ballstát eile faoi fholáirimh arna gcruthú ag an mBallstát a eisíonn an foláireamh.

Déanfar na tuarascálacha ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a chur ar aghaidh chuig an sásra comhair a leagtar amach in Airteagal 69.

Airteagal 67
Maoirseacht a dhéanamh ar N.SIS

1.Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh an túdarás maoirseachta náisiúnta (na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta) atá ainmnithe i ngach Ballstát agus dá dtugtar na cumhachtaí dá dtagraítear i gCaibidil VI de Threoir (AE) 2016/680 nó i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2016/679 faireachán neamhspleách ar dhlíthiúlacht na próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta SIS ar a gcríoch agus ar tharchur na sonraí sin óna gcríoch, agus ar mhalartú agus ar phróiseáil bhreise faisnéise forlíontaí.

2.Áiritheoidh an túdarás maoirseachta náisiúnta go ndéantar iniúchadh ar na hoibríochtaí próiseála sonraí ina N.SIS a chur i gcrích i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse ceithre bliana. Is é an túdarás maoirseachta náisiúnta a dhéanfaidh an tiniúchadh a chur i gcrích nó déanfaidh an túdarás maoirseachta náisiúnta (na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta) an tiniúchadh a ordú go díreach ó iniúchóir neamhspleách cosanta sonraí. Déanfaidh an túdarás maoirseachta náisiúnta smacht a choinneáil i gcónaí ar fhreagrachtaí an iniúchóra neamhspleách agus na freagrachtaí sin a ghlacadh chuige féin.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a dhóthain acmhainní ag an údarás náisiúnta maoirseachta chun na cúraimí a chuirtear air faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

Airteagal 68
Maoirseacht a dhéanamh ar an nGníomhaireacht

1.Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go ndéantar gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta na Gníomhaireachta a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo. Beidh feidhm ag na dualgais agus ag na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 46 agus in Airteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 dá réir sin.

2.Áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gur i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta a dhéanfar iniúchadh, gach ceithre bliana ar a laghad, ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta na Gníomhaireachta. Déanfar tuarascáil faoin iniúchadh sin a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an nGníomhaireacht, chuig an gCoimisiún agus chuig na hÚdaráis Mhaoirseachta Náisiúnta. Tabharfar deis don Ghníomhaireacht tuairimí a thabhairt sula nglactar an tuarascáil.

Airteagal 69
Comhoibriú idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus iad go léir ag gníomhú de réir raon feidhme a ninniúlachtaí féin, comhoibriú gníomhach le chéile faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí agus déanfaidh siad maoirseacht chomhordaithe ar SIS a áirithiú.

2.Déanfaidh siad, agus iad go léir ag gníomhú de réir raon feidhme a ninniúlachtaí féin, faisnéis ábhartha a mhalartú, cúnamh a thabhairt dá chéile le linn iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, deacrachtaí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gníomhartha dlíthiúla infheidhme eile de chuid an Aontais a scrúdú, staidéar ar fhadhbanna a nochtar trí fheidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó trí fheidhmiú na gceart atá ag ábhair sonraí, tograí comhchuibhithe a tharraingt suas maidir le réitigh chomhpháirteacha ar aon fhadhbanna agus feasacht ar chearta maidir le cosaint sonraí a chur chun cinn, de réir mar is gá.

3.Chun na gcríoch a leagtar síos i mír 2, tiocfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile dhá uair ar a laghad in aghaidh na bliana mar chuid den Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679. Is é an Bord a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2016/679 a sheasfaidh costais agus seirbhísiú na gcruinnithe sin. Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar forbairt ar mhodhanna oibre breise go comhpháirteach de réir mar is gá.

4.Déanfaidh an Bord arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/679 comhthuarascáil ar ghníomhaíochtaí maidir le maoirseacht chomhordaithe a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún uair sa dá bhliain.

CAIBIDIL XVI

DLITEANAS

Airteagal 70
Dliteanas

1.Beidh gach Ballstát faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéantar do dhuine trí úsáid a bhaint as N.SIS. Beidh feidhm ag an méid sin freisin maidir le damáiste arb é an Ballstát eisiúna is cúis leis, i gcás ina ndearna an Ballstát sin sonraí a bhí míchruinn go fíorasach a iontráil nó inar stóráil sé sonraí go neamhdhleathach.

2.I gcás nach é an Ballstát a dtionscnaítear caingean ina aghaidh an Ballstát a d'eisigh an foláireamh, beidh sé de cheangal ar an mBallstát is déanaí atá luaite suimeanna a íoctar mar chúiteamh a aisíoc, arna iarraidh sin, mura rud é go sáraíonn úsáid na sonraí ag an mBallstát a iarrann an aisíocaíocht an Rialachán seo.

3.I gcás ina bhfuil aon mhainneachtain ag Ballstát maidir lena chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh ina cúis le damáiste do SIS, beidh an Ballstát sin faoi dhliteanas i leith an damáiste, mura rud é, agus sa mhéid, gur mhainnigh an Ghníomhaireacht nó Ballstáit eile atá rannpháirteach in SIS bearta réasúnacha a dhéanamh chun tarlú an damáiste a chosc nó chun tionchar an damáiste a íoslaghdú.

CAIBIDIL XVII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 71
Faireachán agus staidreamh

1.Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú SIS de réir cuspóirí a bhaineann le haschur, cost-éifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

2.Chun críocha na cothabhála teicniúla, an tuairiscithe agus an staidrimh, beidh rochtain ag an nGníomhaireacht ar an bhfaisnéis is gá a bhaineann le hoibríochtaí próiseála arna gcur i gcrích ag SIS Láir.

3.Déanfaidh an Ghníomhaireacht staidreamh laethúil, míosúil agus bliantúil a ullmhú ina dtaispeánfar an líon taifead in aghaidh na catagóire foláirimh, an líon bliantúil amas in aghaidh na catagóire foláirimh, an líon uaireanta a cuardaíodh SIS agus an líon uaireanta a fuarthas rochtain ar SIS chun foláireamh a iontráil, a nuashonrú nó a scriosadh, is é sin, an líon iomlán agus an líon i ndáil le gach Ballstát ar leith. Ní bheidh aon sonraí pearsanta sa staidreamh a ullmhaítear. Foilseofar an tuarascáil bhliantúil staidrimh. Soláthróidh an Ghníomhaireacht staidreamh bliantúil freisin maidir le húsáid na feidhmiúlachta a bhaineann lena chur faoi deara nach mbíonn foláireamh arna eisiúint faoi Airteagal 26 den Rialachán seo inchuardaithe go sealadach, is é sin, an líon iomlán úsáidí agus an líon i gcás gach Ballstáit ar leith, lena náirítear aon fhaduithe ar an tréimhse choinneála 48 nuaire an chloig.

4.Déanfaidh na Ballstáit agus, chomh maith leis sin, déanfaidh Europol, Eurojust agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an fhaisnéis is gá i ndáil le dréachtú na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, i mír 7 agus i mír 8 a sholáthar don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún. Áireofar san fhaisnéis sin staidreamh ar leithligh faoin líon cuardach a rinne na seirbhísí sna Ballstáit ar a bhfuil freagracht i ndáil le deimhnithe cláraithe feithiclí a eisiúint agus na seirbhísí sna Ballstáit ar a bhfuil freagracht i ndáil le deimhnithe cláraithe a eisiúint, agus bainistiú tráchta a áirithiú, do bháid, lena náirítear innill bháid, nó faoin líon cuardach den sórt sin a rinneadh thar a gceann; aerárthaí agus coimeádáin. Ina theannta sin, taispeánfaidh an staidreamh an líon amas in aghaidh na catagóire foláirimh.

5.Déanfaidh an Ghníomhaireacht aon tuarascálacha staidrimh a ullmhaíonn sí a sholáthar do na Ballstáit, don Choimisiún, do Europol, do Eurojust agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta. Chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ghníomhartha dlíthiúla an Aontais, beidh an Coimisiún in ann a iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascálacha staidrimh sonracha breise a sholáthar, de chineál rialta nó ad hoc, maidir le feidhmíocht nó úsáid SIS agus le cumarsáid SIRENE.

6.Chun críche mhír 3, mhír 4 agus mhír 5 den Airteagal seo agus Airteagal 15(5), déanfaidh an Ghníomhaireacht lárstóras a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil sna láithreáin theicniúla dá cuid ina bhfuil na sonraí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagal 15(5), ar stóras é nach lamhálfaidh sainaithint daoine aonair agus a lamhálfaidh don Choimisiún agus do na gníomhaireachtaí dá dtagraítear i mír 5 tuarascálacha agus staidreamh sainordaithe a fháil. Déanfaidh an Ghníomhaireacht rochtain ar an lárstóras a thabhairt do na Ballstáit, don Choimisiún, do Europol, do Eurojust agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta trí bhíthin rochtain dhaingnithe tríd an mBonneagar Cumarsáide, agus rialú ar rochtain agus próifílí sonracha úsáideora ann, chun críche tuairiscithe agus staidrimh agus chun na críche sin amháin.

Déanfar rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an lárstórais agus na rialacha cosanta sonraí agus na rialacha slándála is infheidhme maidir leis an lárstóras a ghlacadh trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2).

7.Dhá bhliain tar éis SIS a thabhairt i bhfeidhm agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil SIS Láir agus an Bhonneagair Cumarsáide, lena náirítear cúrsaí slándála ina leith, agus ar mhalartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

8.Trí bliana tar éis SIS a thabhairt i bhfeidhm agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán a ullmhú maidir le SIS Láir agus maidir le malartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit. Áireofar san mheastóireacht fhoriomlán sin scrúdú ar thorthaí atá bainte amach de réir na gcuspóirí agus measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnaíochta, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i leith SIS Láir, ar shlándáil SIS Láir agus ar aon impleachtaí d'oibríochtaí amach anseo. Tarchuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 72
Nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste atá ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 cúnamh don Choimisiún.

2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 73
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 515/2014

Leasaítear Rialachán (AE) 515/2014 76 mar a leanas:

In Airteagal 6, cuirtear isteach an mhír 6 seo a leanas:

“6. Le linn na céime forbartha, gheobhaidh na Ballstáit leithdháileadh breise 36,8 milliún EUR a dháilfear trí chnapshuim a chuirfear lena mbun-leithdháileadh agus bainfidh siad úsáid as an maoiniú sin ar fad i ndáil le córais náisiúnta SIS chun uasghrádú tapa éifeachtach na gcóras sin i gcomhréir le cur chun feidhme SIS Láir a áirithiú, mar a cheanglaítear i Rialachán (AE) 2018/…* agus i Rialachán (AE) 2018/…** 

*Rialachán maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus i Rialachán (IO…..

**Rialachán (AE) 2018/…maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann agus i Rialachán (IO…)”.

Airteagal 74
Aisghairm

Ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déantar na gníomhartha dlíthiúla seo a leanas a aisghairm:

Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le rochtain ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) ag seirbhísí sna Ballstáit atá freagrach as deimhnithe cláraithe feithiclí a eisiúint;

Cinneadh 533/2007/JHA ón gComhairle an 12 Iúil 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid;

Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2010 maidir leis an bPlean Slándála do SIS II Láir agus don Bhonneagar Cumarsáide 77 .

Airteagal 75
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

1.Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.Beidh feidhm aige ón dáta a shocróidh an Coimisiún:

(a)tar éis na bearta cur chun feidhme riachtanacha a ghlacadh;

(b)tar éis do na Ballstáit a chur in iúl don Choimisiún go bhfuil na socruithe riachtanacha de chineál teicniúil agus dlíthiúil déanta acu chun sonraí SIS a phróiseáil agus chun faisnéis fhorlíontach a mhalartú de bhun an Rialacháin seo;

(c)tar éis don Ghníomhaireacht fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le críochnú na ngníomhaíochtaí tástála go léir maidir le CS-SIS agus maidir leis an idirghníomhaíocht idir CS-SIS agus N.SIS.

3.Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach maidir leis na Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún.

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 78  

Réimse beartais: Imirce agus Gnóthaí Baile (Teideal 18)

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 79  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Cuspóir – "Coireacht eagraithe a chosc"

Cuspóir – "Freagairt láidir ón Aontas Eorpach maidir le dul i ngleic le sceimhlitheoireacht agus radacú a chosc"

Tá béim leagtha ag an gCoimisiún roinnt uaireanta ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar bhunús dlí SIS chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua slándála agus imirce. Mar shampla, sa "Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil" 80 , d'fhógair an Coimisiún go raibh sé beartaithe aige meastóireacht a dhéanamh ar SIS sa tréimhse 2015-2016 agus measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil riachtanais nua oibríochtúla ann a bhfuil gá le hathruithe reachtacha ina leith. Thairis sin, sa chlár oibre maidir leis an tslándáil, leagadh béim ar SIS a bheith i gcroílár an mhalartaithe faisnéise póilíneachta agus sonraíodh gur cheart é a neartú a thuilleadh. Níos déanaí fós, ina Theachtaireacht dar teideal "Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil" 81 , luaigh an Coimisiún go ndéanfar breithniú ar fheidhmiúlachtaí breise don chóras ar bhonn na tuarascála foriomláine meastóireachta d'fhonn tograí a thíolacadh i ndáil le bunús dlí SIS a athbhreithniú. Ar deireadh, ar an 20 Aibreán 2016, ina Theachtaireacht dar teideal "An Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil a chur i bhfeidhm chun comhrac a dhéanamh i gcoinne sceimhlitheoireachta agus an bealach a réiteach d'fhíor-Aontas Slándála éifeachtach" 82 , mhol an Coimisiún roinnt athruithe ar SIS chun feabhas a chur ar a bhreisluach chun críocha fhorghníomhú an dlí.

Mar thoradh ar an meastóireacht fhoriomlán a rinne an Coimisiún, daingníodh go bhfuil ag éirí le SIS ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de. D'ainneoin an ratha mhóir a bhaineann leis, áfach, rinneadh roinnt moltaí mar thoradh ar an meastóireacht, agus é mar aidhm acu sin feabhas a chur ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht theicniúil agus oibríochtúil an chórais.

Ar bhonn na moltaí atá sa tuarascáil fhoriomlán meastóireachta, agus i gcomhréir go hiomlán le cuspóirí an Choimisiúin mar atá luaite sna teachtaireachtaí thuasluaite agus i bPlean Straitéiseach 2016-2020 AS Imirce agus Gnóthaí Baile 83 , tá sé mar aidhm ag an togra seo an méid seo a leanas a chur chun feidhme:

   Fógra an Choimisiúin i leith feabhas a chur ar bhreisluach SIS chun críocha fhorghníomhú an dlí d'fhonn freagairt ar bhagairtí nua;

   Moltaí maidir le hathruithe teicniúla agus nós imeachta a thagann as meastóireacht chuimsitheach ar SIS;

   Iarrataí ó úsáideoirí deiridh SIS ar fheabhsuithe teicniúla;

   Torthaí eatramhacha obair an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe ar Chórais Faisnéise agus ar Idir-Inoibritheacht maidir le cáilíocht sonraí.

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh.

Plean Bainistíochta AS Imirce agus Gnóthaí Baile 2017

Cuspóir sonrach 2.1 – Freagairt láidir ón Aontas Eorpach maidir le dul i ngleic le sceimhlitheoireacht agus radacú a chosc;

Cuspóir sonrach 2.2 – Coireacht thromchúiseach agus eagraithe trasteorann a chosc.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Caibidil 18 02 – Slándáil Inmheánach

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is é is príomhaidhm do na hathruithe dlíthiúla agus teicniúla atá molta i gcomhair SIS ná a chur faoi deara go mbeidh an córas níos éifeachtaí ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de. Sa mheastóireacht fhoriomlán ar SIS, a rinne AS um IMIRCE agus GNÓTHAÍ BAILE sa tréimhse 2015-2016, moladh go gcuirfí feabhsuithe teicniúla ar an gcóras agus go ndéanfaí nósanna imeachta náisiúnta a chomhchuibhiú i réimse an chomhair maidir le forghníomhú an dlí.

Leis an togra nua, tugtar bearta isteach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais oibríochtúla agus teicniúla na núsáideoirí deiridh. Go háirithe, mar thoradh ar réimsí nua sonraí d'fholáirimh atá ann cheana, cuirfear ar a gcumas d'oifigigh phóilíneachta an fhaisnéis go léir a bheith acu is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach. Thairis sin, leagann an togra béim go sonrach ar an tábhacht a bhaineann le SIS a bheith ar fáil gan bhriseadh, ós rud é gur féidir le hagaí neamhfhónaimh tionchar suntasach a bheith acu ar obair oifigeach forghníomhaithe dlí. Ar a bharr sin, soláthraíonn an togra seo athruithe teicniúla a fhágfaidh go mbeidh an córas níos éifeachtúla agus níos simplí.

Tar éis na tograí sin a ghlacadh agus a chur chun feidhme, méadóidh siad leanúnachas gnó freisin – beidh oibleagáid ar na Ballstáit cóip iomlán nó pháirteach agus cóip chúltaca a bheith acu. Fágfaidh sin córas atá ag feidhmiú agus ag oibriú go hiomlán ar fáil i gcónaí d'oifigigh ar an láthair.

Tugtar aitheantóirí bithmhéadracha nua isteach leis an togra – loirg dhearnana, íomhánna d'aghaidh agus próifílí DNA i gcásanna sonracha agus teoranta. Dá bharr sin, i dteannta na nathruithe atá beartaithe a dhéanamh ar Airteagal 32 agus ar Airteagal 33 (foláirimh faoi dhaoine ar iarraidh) chun iontráil foláireamh coisctheach agus catagóiriú cásanna maidir le daoine ar iarraidh a cheadú, déanfar, ar an gcéad ásc, cosaint mionaoiseach gan tionlacan a neartú go suntasach agus, lena chois sin, beifear in ann iad a shainaithint ar bhonn a bpróifíle DNA nó ar bhonn phróifíl DNA a dtuismitheoirí agus/nó a siblíní (ach toiliú a fháil chuige sin).

Ina cheann sin, beidh údaráis na mBallstát in ann foláirimh a eisiúint i ndáil le daoine aonair anaithnide atá á lorg i ndáil le coir, ar bhonn méarlorg nó lorg dearnana de chineál neamhfhollas nó de chineál a fhaightear ar láthair coire, agus ar an mbonn sin amháin. Níl sé sin indéanta faoin gcreat reatha dlíthiúil agus teicniúil agus, dá bhrí sin, is forbairt thábhachtach í.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Le linn an córas a uasghrádú:

Tar éis an togra a fhormheas agus tar éis na sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh, déanfar SIS a uasghrádú chun comhchuibhiú níos fearr a dhéanamh ar nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le húsáid an chórais, leathnófar raon feidhme an chórais trí eilimintí nua a thabhairt isteach i gcatagóirí foláirimh atá ann cheana, agus tabharfar isteach athruithe teicniúla chun feabhas a chur ar shlándáil agus cabhair a thabhairt maidir le hualaí riaracháin a laghdú. Comhordóidh eu-LISA an bhainistíocht tionscadail a bhaineann le huasghrádú an chórais. Bunóidh eu-LISA struchtúr bainistíochta tionscadail agus soláthróidh sé amlíne mhionsonraithe ina náireofar clocha míle maidir leis na hathruithe atá beartaithe a chur chun feidhme, rud a ligfidh don Choimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an togra.

Cuspóir sonrach – Teacht i bhfeidhm fheidhmiúlachtaí nuashonraithe SIS in 2020.

Táscaire – tástáil chuimsitheach réamhláinseála ar an gcóras athbhreithnithe a bheith críochnaithe go rathúil.

A luaithe a bheidh an córas oibríochtúil:

A luaithe a bheidh an córas oibríochtúil áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú Chóras Faisnéise Schengen de réir na gcuspóirí a bhaineann le haschur, cost-éifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse. Dhá bhliain tar éis SIS a thabhairt i bhfeidhm agus gach dhá bhliain dá éis sin, déanfaidh eu-LISA tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil SIS Láir agus an Bhonneagair Cumarsáide, lena náirítear cúrsaí slándála ina leith, agus ar mhalartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Thairis sin, déanfaidh eu-LISA staidreamh laethúil, míosúil agus bliantúil a ullmhú ina dtaispeánfar an líon taifead in aghaidh na catagóire foláirimh, an líon bliantúil amas in aghaidh na catagóire foláirimh, an líon uaireanta a cuardaíodh SIS agus an líon uaireanta a fuarthas rochtain ar SIS chun foláireamh a iontráil, a nuashonrú nó a scriosadh, is é sin, an líon iomlán agus an líon i ndáil le gach Ballstát ar leith. Sa bhreis air sin, soláthróidh an Ghníomhaireacht staidreamh bliantúil freisin maidir le húsáid na feidhmiúlachta a bhaineann lena chur faoi deara nach mbíonn foláireamh arna eisiúint faoi Airteagal 26 den Rialachán seo inchuardaithe go sealadach, is é sin an líon iomlán úsáidí agus an líon i gcás gach Ballstáit ar leith, lena náirítear aon fhaduithe ar an tréimhse choinneála 48 nuaire an chloig.

Trí bliana tar éis SIS a thabhairt i bhfeidhm agus gach ceithre bliana dá éis sin, ullmhóidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán maidir le SIS Láir agus maidir le malartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit. Áirítear sa mheastóireacht fhoriomlán sin scrúdú ar thorthaí atá bainte amach de réir na gcuspóirí agus measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnaíochta, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i leith SIS Láir, ar shlándáil SIS Láir agus ar aon impleachtaí d'oibríochtaí amach anseo. Seolfaidh an Coimisiún an mheastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Cuspóir sonrach 1 – Coireacht eagraithe a chosc.

Táscaire – An úsáid a bhaintear as sásraí malartaithe faisnéise an Aontais. Is féidir tomhas a dhéanamh uirthi sin trí mhéadú ar líon na namas in SIS. Is iad na táscairí na tuarascálacha staidrimh arna neisiúint ag eu-LISA agus ag na Ballstáit. Cuirfidh siad ar a gcumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh i dtaobh conas atá feidhmiúlachta nua an chórais á núsáid.

Cuspóir sonrach 2 – Freagairt láidir ón Aontas maidir le dul i ngleic le sceimhlitheoireacht agus radacú a chosc.

Táscaire – Méadú ar an líon foláireamh agus amas, go háirithe i ndáil le hAirteagal 36(3) den togra maidir le foláirimh faoi dhaoine agus faoi ábhair ar mhaithe le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha.

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

1. Rannchuidiú le hardleibhéal slándála a choimeád laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais;

2. Comhchuibhiú níos fearr a dhéanamh ar nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le húsáid SIS;

3. Leathnú a dhéanamh ar an liosta úsáideoirí institiúideacha a bhfuil rochtain acu ar shonraí SIS trí rochtain iomlán ar an gcóras a sholáthar do Europol agus don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach nua.

4. Eilimintí nua a sholáthar d'fholáirimh SIS agus feidhmiúlachtaí nua a sholáthar chun leathnú a dhéanamh ar raon feidhme an chórais, chun a chur ar a gcumas dóibh aghaidh a thabhairt ar an timpeallacht reatha slándála, chun feabhas a chur ar an gcomhar idir údaráis fhorghníomhaithe dlí agus slándála na mBallstát agus chun laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin;

5. Aghaidh a thabhairt ar úsáid iomlán SIS ó cheann go ceann, rud a chlúdaíonn ní hamháin na lárchórais agus na córais náisiúnta ach freisin a áirithíonn go bhfaigheann úsáideoirí deiridh na sonraí go léir is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh;

6. Leanúnachas gnó a athneartú agus oibriú SIS gan bhriseadh a áirithiú ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal náisiúnta;

7. Feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne coireacht idirnáisiúnta, sceimhlitheoireachta agus cibearchoireachta mar réimsí idirnasctha lena ngabhann gné láidir thrasteorann.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais Eorpaigh

Is é SIS an príomhbhunachar sonraí slándála dá bhfuil san Eoraip. Ós rud é nach bhfuil rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, baineann gné Eorpach le comhrac éifeachtach a dhéanamh i gcoinne na coireachta agus na sceimhlitheoireachta. Baineann cuspóirí an togra le feabhsuithe teicniúla chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht an chórais agus chun comhchuibhiú a dhéanamh ar úsáid an chórais ar fud na mBallstát rannpháirteach. Fágann cineál trasnáisiúnta na naidhmeanna sin, chomh maith leis na dúshláin a ghabhann lena áirithiú go bhfuil malartú éifeachtach faisnéise ann chun cur i gcoinne bagairtí atá ag éirí níos éagsúla ná riamh, fágann sin gurb é an tAontas Eorpach atá sa riocht is fearr chun réitigh ar na fadhbanna sin a mholadh. Ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí a bhaineann le feabhsú éifeachtúlacht agus úsáid chomhchuibhithe SIS, eadhon, méadú a dhéanamh ar mhéid, ar cháilíocht agus ar luas an mhalartaithe faisnéise trí chóras mórscála faisnéise arna bhainistiú ag gníomhaireacht rialála (eu-LISA), ní féidir leo iad a bhaint amach ina naonar agus tá gá le hidirghabháil ina leith ar leibhéal an Aontais. Mura dtugtar aghaidh ar na saincheisteanna atá ann anois, leanfaidh SIS de bheith ag oibriú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme faoi láthair agus, ar an dóigh sin, caillfear deiseanna chun uasmhéadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus ar bhreisluach an Aontais atá sainaitheanta trí mheastóireacht ar SIS agus ar úsáid SIS ag na Ballstáit.

In 2015 amháin fuair údaráis inniúla na mBallstát rochtain ar an gcóras beagnach 2.9 billiún uair, rud a léiríonn go soiléir rannchuidiú ríthábhachtach an chórais le comhar forghníomhaithe dlí laistigh de limistéar Schengen. Ní dhéanfaí an tardleibhéal malartaithe faisnéise sin idir na Ballstáit a bhaint amach trí réitigh dhíláraithe náisiúnta agus bheadh sé dodhéanta na torthaí sin a bhaint amach ar leibhéal na mBallstát. Thairis sin, is léir gurb é SIS an uirlis mhalartaithe faisnéise is éifeachtaí dá bhfuil ann chun cur i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus soláthraíonn sé breisluach ar leibhéal an Aontais ós rud é go ligeann sé do sheirbhísí slándála náisiúnta comhoibriú le chéile ar mhodh mear, rúnda agus éifeachtúil. Mar thoradh ar na tograí nua, déanfar malartú faisnéise agus comhar idir na Ballstáit a éascú a thuilleadh. Thairis sin, déanfar rochtain iomlán ar an gcóras a thabhairt, de réir a ninniúlachtaí, do Europol agus don Gharda Teorann agus Cósta Eorpach nua mar chomhartha soiléir ar bhreisluach rannpháirteachas an Aontais.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1. Níor cheart tús a chur leis an gcéim forbartha go dtí go mbeidh sainiú iomlán déanta ar na riachtanais ghnó agus ar riachtanais na núsáideoirí deiridh. Ní féidir forbairt a dhéanamh go dtí go mbeidh na bunionstraimí dlíthiúla, ina leagfar amach an cuspóir, an raon feidhme, na feidhmeanna agus na mionsonraí teicniúla a bhaineann léi, glactha go cinntitheach.

2. Sheol an Coimisiún comhairliúcháin leanúnacha leis na geallsealbhóirí ábhartha lena náirítear toscairí chuig Coiste SIS-VIS faoin nós imeachta coiste (agus leanann sé de na comhairliúcháin sin a sheoladh). Cuimsíonn an Coiste sin ionadaithe na mBallstát maidir le cúrsaí oibríochtúla SIRENE (comhar trasteorann i ndáil le SIS) agus maidir le cúrsaí teicniúla i ndáil le forbairt agus cothabháil SIS agus fheidhmchlár gaolmhar SIRENE. Rinneadh na hathruithe atá beartaithe leis an Rialachán seo a phlé ar bhealach an-trédhearcach agus an-chuimsitheach le linn sainchruinnithe agus saincheardlann. Go hinmheánach, chuir an Coimisiún Grúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse ar bun, inar cuimsíodh an Ardrúnaíocht agus na hArdstiúrthóireachtaí um Imirce agus Gnóthaí Baile, um Cheartas agus Tomhaltóirí, um Acmhainní Daonna agus Slándáil, agus um Fhaisnéisíocht. Rinne an grúpa stiúrtha sin faireachán ar an bpróiseas meastóireachta agus chuir sé treoir ar fáil de réir mar ba ghá.

3. Lorg an Coimisiún saineolas seachtrach freisin trí bhíthin dhá staidéar agus cuireadh torthaí na staidéar sin san áireamh i bhforbairt an togra seo:

- Measúnú Teicniúil SIS – mar thoradh ar an measúnú sainaithníodh na príomh-shaincheisteanna a bhaineann le SIS agus na riachtanais don todhchaí nach mór a bhreithniú; sainaithníodh ábhar imní maidir le huasmhéadú leanúnachais gnó agus maidir lena áirithiú gur féidir an ailtireacht fhoriomlán a oiriúnú do riachtanais mhéadaitheacha ó thaobh acmhainneachta de;

- Measúnú Tionchair TFC ar Fheabhsuithe Ionchasacha ar Ailtireacht SIS II – le linn an staidéir, rinneadh measúnú ar chostais oibrithe SIS ar an leibhéal náisiúnta agus rinneadh meastóireacht ar thrí chúinse ionchasacha i ndáil le feabhsú an chórais. Áiríonn gach cás sraith de thograí teicniúla atá dírithe ar fheabhsuithe ar an lárchóras agus ar an ailtireacht fhoriomlán.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Ba cheart breathnú ar an togra seo mar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá i dTeachtaireacht an 6 Aibreán 2016 maidir le "Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil 84 " ina dtugtar suntas don ghá go ndéanfaidh an tAontas Eorpach a chórais TF, an ailtireacht sonraí agus malartú faisnéise i réimse fhorghníomhú an dlí, na frithsceimhlitheoireachta agus na bainistíochta teorann a neartú agus a fheabhsú.

Thairis sin, tá an togra seo nasctha go dlúth le beartais eile de chuid an Aontais agus comhlánaíonn sé iad, eadhon:

a)    Slándáil inmheánach mar a thugtar suntas di sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil 85 , chun coireanna tromchúiseacha agus cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trína chur ar a gcumas d'údaráis forghníomhaithe dlí próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta daoine a bhfuil droch-amhras ann ina leith go bhfuil siad ag gabháil do ghníomhartha sceimhlitheoireachta nó do choireanna tromchúiseacha.

b)    Cosaint sonraí a mhéid is gá don togra seo cosaint ceart bunúsach a áirithiú d'fhonn saol príobháideach na ndaoine sin a bhfuil a sonraí pearsanta á bpróiseáil in in SIS a urramú.

Tá an togra seo comhoiriúnach freisin le reachtaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh atá ann cheana, eadhon:

a)    an Garda Teorann agus Cósta Eorpach 86 a mhéid a bhaineann, ar an gcéad ásc, leis an bhféidearthacht go ndéanfaidh foireann de chuid na Gníomhaireachta anailísí ar rioscaí agus, lena chois sin, leis an rochtain atá acu ar SIS chun críocha ETIAS atá beartaithe. Tá sé mar aidhm ag an togra freisin comhéadan teicniúil do rochtain ar SIS a sholáthar do bhaill fhoirne Eorpacha an Gharda Teorann agus Cósta, d'fhoirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh agus do bhaill na foirne tacaíochta don bhainistiú imirce le go mbeidh an ceart acu, de réir a sainordaithe, rochtain a fháil ar shonraí atá iontráilte in SIS agus cuardach a dhéanamh iontu;

b) Europol a mhéid a thugann an togra seo cearta breise do Europol chun rochtain a fháil ar shonraí atá iontráilte in SIS agus cuardach a dhéanamh iontu de réir a shainordaithe;

Prüm 87 a mhéid a chomhlánaíonn na forbairtí sa togra seo chun sainaithint daoine aonair ar bhonn méarlorg (chomh maith le híomhánna d'aghaidh agus próifílí DNA) a chumasú, a mhéid a chomhlíonann siad sin forálacha Prüm atá ann cheana maidir le rochtain ar líne fhrithpháirteach trasteorann ar bhunachair shonraí DNA ainmnithe náisiúnta agus ar chórais uathoibrithe aitheanta méarlorg.

Tá an togra seo comhoiriúnach freisin le reachtaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh a bheidh ann amach anseo, eadhon:

a) Bainistiú na dteorainneacha seachtracha. Comhlánaíonn an togra an prionsabal nua beartaithe i gCód Teorainneacha Schengen, is é sin seiceálacha córasacha a dhéanamh ar gach taistealaí, lena náirítear náisiúnaigh an Aontais, sna bunachair shonraí ábhartha, ar theacht isteach i limistéar Schengen agus ar dhul amach as, de réir mar a bunaíodh mar fhreagairt ar fheiniméan na sceimhlitheoirí eachtracha;

b) An Córas Dul Isteach/Imeachta 88 (EES) a mhéid a fhéachann an togra seo le léiriú a dhéanamh ar úsáid bheartaithe méarlorg agus íomhá d'aghaidh le chéile mar aitheantóirí bithmhéadracha ar mhaithe le hoibriú EES.

c) ETIAS a mhéid a chuireann an togra seo san áireamh ETIAS atá beartaithe agus trína ndéantar foráil maidir le measúnú dian slándála, lena náirítear seiceáil in SIS, ar náisiúnaigh tríú tír a bheartaíonn taisteal a dhéanamh san Aontas Eorpach.

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

– Céim ullmhúcháin 2017,

Cur chun feidhme le linn na tréimhse tosaigh ó 2018 go 2020,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 89  

Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

☑ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

☑ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí".

Nótaí

Beidh freagracht ar an gCoimisiún i ndáil le bainistiú foriomlán an bheartais agus beidh freagracht ar eu-LISA i ndáil le forbairt, oibriú agus cothabháil an chórais.

Aon chóras aonair faisnéise amháin atá in SIS. Dá dhroim sin, níor cheart a mheas maidir leis an gcaiteachas a sholáthraítear in dhá cheann de na tograí (an ceann reatha agus an Togra le haghaidh Rialachán maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann) gur dhá mhéid ar leith iad ach ba cheart a mheas gur méid amháin atá ann. Tá impleachtaí buiséadacha na nathruithe is gá chun an dá thogra a chur chun feidhme san áireamh in aon ráiteas airgeadais reachtach amháin.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Déanfaidh an Coimisiún, na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht athbhreithniú agus faireachán ar úsáid SIS go tráthrialta lena áirithiú go leanann sé de bheith ag feidhmiú go héifeachtach agus go héifeachtúil. Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste i ndáil le bearta teicniúla agus oibríochtúla a thuairiscítear sa togra seo a chur chun feidhme.

Ina theannta sin, déantar foráil leis an Rialachán beartaithe seo (Airteagal 71(7) agus (8)) maidir le próiseas foirmiúil rialta athbhreithniúcháin agus meastóireachta.

Tá sé de cheangal ar eu-LISA tuairisciú a dhéanamh do Pharlaimint na hEorpa, gach dhá bhliain, maidir le feidhmiú teicniúil SIS – lena náirítear staid slándála SIS –maidir leis an mbonneagar cumarsáide atá ann mar thaca dó, agus maidir le malartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit.

Thairis sin, tá sé de cheangal ar an gCoimisiún meastóireacht fhoriomlán a dhéanamh ar SIS agus ar an malartú faisnéise idir na Ballstáit gach ceithre bliana agus an mheastóireacht sin a chomhroinnt leis an bParlaimint agus leis an gComhairle. Tríd an meastóireacht sin:

a) scrúdófar na torthaí a baineadh amach de réir na gcuspóirí;

b) measfar an bhfuil an réasúnaíocht bhunúsach don chóras bailí fós;

c) déanfar scrúdú i dtaobh conas atá an Rialachán á chur i bhfeidhm maidir leis an lárchóras;

d) déanfar meastóireacht ar shlándáil an lárchórais;

e) scrúdófar na himpleachtaí a bhaineann le feidhmiú an chórais sa todhchaí.

Thairis sin, tá sé de cheangal ar eu-LISA anois freisin staidreamh a sholáthar ar bhonn laethúil, míosúil agus bliantúil faoi úsáid SIS, rud a áirithíonn faireachán leanúnach ar an gcóras agus ar fheidhmiú an chórais de réir na gcuspóirí.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Sainaithníodh na rioscaí seo a leanas:

1. Deacrachtaí ionchasacha do eu-LISA maidir leis na forbairtí a chuirtear chun cinn sa togra seo a bhainistiú i gcomhthráth le forbairtí leanúnacha eile (e.g. cur chun feidhme AFIS in SIS) agus i gcomhthráth le forbairtí amach anseo (e.g. an córas Dul Isteach/Imeachta, ETIAS agus uasghrádú Eurodac). D'fhéadfaí an riosca sin a mhaolú trína áirithiú go bhfuil a dhóthain ball foirne agus acmhainní ag eu-LISA chun na cúraimí sin a chomhall agus trí bhainistiú leanúnach an chonraitheora 'Coimeád in Ord Oibre (MWO)'.

2. Deacrachtaí do na Ballstáit:

2.1 Deacrachtaí de chineál airgeadais atá i gceist go príomha leis na deacrachtaí seo. Mar shampla, i measc na dtograí reachtacha áirítear forbairt éigeantach cóipe páirtí náisiúnta i ngach N.SIS II. Beidh ar Bhallstáit nach bhfuil cóip den sórt sin forbartha acu cheana an infheistíocht sin a dhéanamh. Mar an gcéanna, ba cheart gur cur chun feidhme iomlán a bheadh i gceist le cur chun feidhme náisiúnta an Doiciméid Rialaithe Comhéadain. Beidh ar na Ballstáit sin nach bhfuil sé sin déanta acu fós foráil a dhéanamh maidir leis i mbuiséid na nAireachtaí ábhartha. D'fhéadfaí an riosca a mhaolú trí mhaoiniú ón Aontas a sholáthar do na Ballstáit e.g. as comhchuid na dTeorainneacha den Chiste Slándála Inmheánaí (ISF).

2.2 Ní mór na córais náisiúnta a ailíniú le riachtanais lárnacha agus d'fhéadfadh sé go mbeidh moilleanna ar an bhforbairt mar gheall ar phlé leis na Ballstáit. D'fhéadfaí an riosca sin a mhaolú trí theagmháil a dhéanamh ag céim luath leis na Ballstáit maidir leis an tsaincheist seo chun a áirithiú gur féidir gníomhaíocht a dhéanamh ag an am iomchuí.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

Feidhmíonn eu-LISA na freagrachtaí i ndáil leis na comhchodanna lárnacha de SIS. Chun faireachán níos fearr ar úsáid SIS a chumasú d'fhonn anailís a dhéanamh ar threochtaí maidir le brú imirce, bainistiú teorainneacha agus cionta coiriúla, ba cheart go mbeadh eu-LISA in ann acmhainneacht úrscothach a fhorbairt i ndáil le tuairisciú staidrimh do na Ballstáit agus don Choimisiún.

Déanfar cuntais eu-LISA a thíolacadh lena bhformheas ag an gCúirt Iniúchóirí agus beidh siad faoi réir an nós imeachta um urscaoileadh. Déanfaidh Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin iniúchóireachtaí i gcomhar le hiniúchóir inmheánach eu-LISA.

2.2.3.Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis.

N/A

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Leagtar na bearta dá bhforáiltear chun calaois a chomhrac síos in Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ina ndéantar foráil maidir leis an méid seo a leanas:

1. Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.

2. Aontóidh an Ghníomhaireacht don Chomhaontú Idir-Institiúideach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus eiseoidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta.

3. Leagfar síos go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus maidir leis na comhaontuithe cur chun feidhme agus na hionstraimí cur chun feidhme a thagann astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, i measc fhaighteoirí mhaoiniú na Gníomhaireachta agus i measc na ngníomhairí atá freagrach as an maoiniú a leithdháileadh.

I gcomhréir leis an bhforáil sin, glacadh cinneadh an Bhoird Bainistíochta de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, maidir le téarmaí agus coinníollacha d’imscrúduithe inmheánacha i dtaca le calaois, éilliú, agus gníomhaíocht neamhdhleathach atá díobhálach do leasanna an Aontais an 28 Meitheamh 2012.

Beidh feidhm ag straitéis AS um IMIRCE agus GNÓTHAÍ BAILE chun calaois a chosc agus a bhrath.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghas
caiteachais

Ranníocaíocht



Ceannteideal 3 – Slándáil agus Saoránacht

Difr./Neamhdhifr. 90

ó thíortha de chuid CSTE 91

ó thíortha is iarrthóirí 92

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

18.0208 – Córas Faisnéise Schengen

LD

NÍL

Níl

NÍL

18.020101 – Tacú le bainistíocht teorann agus comhbheartas víosa chun taisteal dlisteanach a éascú

LD

NÍL

Níl

NÍL

18.0207 – Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA).

LD

NÍL

Níl

NÍL

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

3

Slándáil agus saoránacht

AS um IMIRCE agus GNÓTHAÍ BAILE

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

18.0208 Córas Faisnéise Schengen

Gealltanais

(1)

6,234

1,854

1,854

9,942

Íocaíochtaí

(2)

6,234

1,854

1,854

9,942

18.020101 (Teorainneacha agus Víosa)

Gealltanais

(1)

18,405

18,405

36,810

Íocaíochtaí

(2)

18,405

18,405

36,810

IOMLÁN leithreasuithe
do AS um IMIRCE agus GNÓTHAÍ BAILE

Gealltanais

=1+1a +3

6,234

20,259

20,259

46,752

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

6,234

20,259

20,259

46,752



EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

3

Slándáil agus saoránacht

eu-LISA

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Teideal 1: Caiteachas foirne

Gealltanais

(1)

0,210

0,210

0,210

0,630

Íocaíochtaí

(2)

0,210

0,210

0,210

0,630

Teideal 2: Caiteachas bonneagair agus oibríochtúil

Gealltanais

(1a)

0

0

0

0

Íocaíochtaí

(2 a)

0

0

0

0

Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil

Gealltanais

(1a)

12,893

2,051

1,982

16,926

Íocaíochtaí

(2 a)

2,500

7,893

4,651

15,044

IOMLÁN leithreasuithe
do eu-LISA

Gealltanais

=1+1a +3

13,103

2,261

2,192

17,556

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

2,710

8,103

4,861

15,674

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí



IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL <….>
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

• IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4
den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

19,337

22,520

22,451

64,308

Íocaíochtaí

=5+ 6

8,944

28,362

25,120

62,426

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: <…….>

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht <…….>

Leithreasuithe



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

IOMLÁN leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N 93

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

Íocaíochtaí

3.2.3.1.Tionchar measta ar leithreasuithe DG HOME

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2018

Bliain

2019

Bliain
2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 94

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 95

Forbairt na gcóras náisiúnta


Forbairt na gcóras náisiúnta

1

1

1,221

1

1,221

2,442

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2

Bonneagar

1

1

17,184

1

17,184

34,368

COSTAS IOMLÁN

18,405

18,405

36,810

3.2.3.2.Tionchar measta ar leithreasuithe oibríochtúla eu-LISA

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanais in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain
2018

Bliain

2019

Bliain
2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 96

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 97
Forbairt an lárchórais

- Conraitheoir

1

5.013

5.013

- Bogearraí

1

4,050

4,050

Crua-earraí

1

3,692

3,692

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

12,755

12,755

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2
Cothabháil an lárchórais

-Conraitheoir

1

0

1

0,365

1

0,365

0,730

Bogearraí

1

0

1

0,810

1

0,810

1,620

Crua-earraí

1

0

1

0,738

1

0,738

1,476

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

1,913

1,913

3,826

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3
Cruinnithe/Oiliúint

Gníomhaíochtaí oiliúna

1

0,138

1

0,138

1

0,069

0,345

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

0,138

0,138

0,069

0,345

COSTAS IOMLÁN

12,893

2,051

1,982

16,926

3.2.3.3.Tionchar measta ar acmhainní daonna eu-LISA

Achoimre

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

IOMLÁN

Oifigigh (Grádanna AD)

Oifigigh (Grádanna AST)

Baill foirne ar conradh

0,210

0,210

0,210

0,630

Baill foirne shealadacha

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

IOMLÁN

0,210

0,210

0,210

0,630

Tá sé beartaithe earcaíocht a dhéanamh in Eanáir 2018. Ní mór an fhoireann ar fad a bheith ar fáil go luath in 2018 le gur féidir tús a chur leis an bhforbairt in am trátha d'fhonn teacht i bhfeidhm SIS II Athmhúnlaithe in 2020 a áirithiú. Tá gá le 3 Ghníomhaire Conartha nua (GC-anna) chun déileáil le riachtanais a bhaineann le cur chun feidhme an tionscadail agus, chomh maith leis sin, le tacaíocht oibríochtúil agus cothabháil tar éis imscaradh ar mhaithe le táirgeadh. Úsáidfear na hacmhainní sin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

Tacú le cur chun feidhme an tionscadail mar bhaill foirne tionscadail, lena náirítear gníomhaíochtaí den sórt seo a leanas: sainiú riachtanas agus sonraíochtaí teicniúla, comhoibriú agus tacaíocht do na Ballstáit le linn cur chun feidhme, nuashonrú an Doiciméid Rialaithe Comhéadain (ICD), nithe a leanann as comhlíonadh an chonartha, seachadadh doiciméad agus nuashonrú ar dhoiciméid, etc.

Tacú le gníomhaíochtaí aistrithe chun an córas a chur ag feidhmiú i gcomhar leis an gconraitheoir (athleanúint iar-eisiúna, próisis oibríochtúla a nuashonrú, gníomhaíochtaí oiliúna (lena nairítear gníomhaíochtaí oiliúna na mBallstát) etc.

Tacú le gníomhaíochtaí fadtéarmacha, sainiú sonraíochtaí, ullmhúcháin chonarthacha i gcás inar gá an córas a athstruchtúrú (e.g. de bharr aithint íomhánna a thabhairt isteach) nó i gcás inar gá leasú a dhéanamh ar an gconradh nua maidir le SIS II a Choimeád in Ord Oibre (MWO) chun athruithe breise a chumhdach (ó thaobh cúrsaí teicniúla agus buiséadacha de).

An tacaíocht den dara leibhéal a fhorfheidhmiú tar éis teacht i bhfeidhm, le linn cothabháil leanúnach agus oibríochtaí leanúnacha.

Ní mór a lua go ngníomhóidh na trí acmhainn nua (FTE CA) de bhreis ar na hacmhainní inmheánacha foirne a shannfar freisin do ghníomhaíochtaí tionscadail/conartha agus do ghníomhaíochtaí leantacha/oibríochtúla airgeadais. Soláthróidh úsáid GC-anna ré agus leanúnachas leordhóthanach do na conarthaí chun leanúnachas gnó a áirithiú agus chun a áirithiú go núsáidfear na speisialtóirí céanna le haghaidh gníomhaíochtaí tacaíochta oibríochtúla tar éis an tionscadal a thabhairt i gcrích. Ar a bharr sin, mar thoradh ar na gníomhaíochtaí tacaíochta oibríochtúla tá gá le rochtain a thabhairt ar thimpeallacht táirgthe nach féidir a shannadh do chonraitheoirí ná do bhaill foirne sheachtracha.

3.2.3.4.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

 Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 98

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  99

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Tá sé beartaithe athchlárú a dhéanamh ar an gcuid atá fágtha den imchlúdach Teorainneacha Cliste de chuid an Chiste Slándála Inmheánaí chun na feidhmiúlachtaí agus na hathruithe atá á mbeartú sa dá thogra a chur chun feidhme. Is é an Rialachán maidir leis an gCiste Slándála Inmheánaí do Theorainneacha an ionstraim airgeadais a ndearnadh an buiséad i ndáil le cur chun feidhme phacáiste na dTeorainneacha Cliste a chur san áireamh inti. In Airteagal 5, déantar foráil maidir le EUR 791 mhilliún a chur chun feidhme trí chlár chun córais TF a bhunú a thacaíonn le bainistiú sreabh imirce thar theorainneacha seachtracha faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15. Tá EUR 480 milliún den EUR 791 mhilliún thuasluaite á fhorchoimeád chun forbairt a dhéanamh ar an gCóras Dul Isteach-Imeachta agus tá EUR 210 milliún de á fhorchoimeád chun forbairt a dhéanamh ar Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS). Déanfar an fuílleach, EUR 100.828 milliún, a úsáid go páirteach chun na costais a ghabhann leis na hathruithe a bhaineann le huasghrádú fheidhmiúlachtaí SIS II agus a shamhlaítear sa dá thogra a chlúdach.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

☑Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamhmheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

   ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 100

2018

2019

2020

2021

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal 6313 – ranníocaíocht ó thíortha comhlachaithe Schengen (CH, NO, LI, IS)

p.m

p.m

p.m

p.m

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

18.02.08 (Córas Faisnéise Schengen), 18.02.07 (eu-LISA)

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

Áireofar sa bhuiséad ranníocaíocht ó thíortha atá bainteach le cur chun feidhme, feidhmiú agus forbairt acquis Schengen.

(1) Tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an meastóireacht ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) i gcomhréir le hAirt. 24 (5), le hAirt. 43 (3) agus le hAirt. 50(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le hAirt. 59(3) agus le hAirt. 66(5) de Chinneadh 2007/533/JHA agus le Doiciméad Inmheánach Foirne a ghabhann leo. (IO…).
(2) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(3) COM(2016) 205 final an 6.4.2016.
(4) Cinneadh 2016/C 257/03 ón gCoimisiún an 17.6.2016.
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2018/xxx [seiceálacha teorann] agus Rialachán (AE) 2018/xxx [náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a chur ar ais].
(7) Féach an Teachtaireacht ar "An Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil a chur i bhfeidhm chun comhrac a dhéanamh i gcoinne sceimhlitheoireachta agus an bealach a réiteach d'fhíor-Aontas Slándála éifeachtach", lch. 4f, COM(2016) 230 final an 20.4.2016.
(8) Tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an meastóireacht ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) i gcomhréir le hAirt. 24(5), le hAirt. 43(3) agus le hAirt. 50(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le hAirt. 59(3) agus le hAirt. 66(5) de Chinneadh 2007/533/JHA agus le Doiciméad Inmheánach Foirne a ghabhann leo. (IO…).
(9) Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe - Tuarascáil ón gCathaoirleach an 21 Nollaig 2016.
(10) Féach Roinn 5 'Eilimintí eile' chun míniú mionsonraithe ar na hathruithe a áirítear sa togra seo a fháil.
(11) Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 205, 7.8.2007, lch. 63).
(12) Rialachán (CE) 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le rochtain ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) ag seirbhísí sna Ballstáit atá freagrach as deimhnithe cláraithe feithiclí a eisiúint (IO L 381, 28.12.2006, lch. 1).
(13) COM(2015) 185 final
(14) COM(2016) 230 final
(15) COM(2016) 731 final
(16) Cinneadh 2008/615/JHA ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch.1); agus Cinneadh 2008/616/JHA an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/JHA maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch.12).
(17) IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.
(18) IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.
(19) Cinneadh ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 166, 1.7.2010, lch. 17).
(20) Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, lch. 1).
(21) Tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an meastóireacht ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) i gcomhréir le hAirt. 24 (5), le hAirt. 43 (3) agus le hAirt. 50 (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le hAirt. 59 (3) agus le hAirt. 66 (5) de Chinneadh 2007/533/JHA agus le Doiciméad Inmheánach Foirne a ghabhann leo. 
(22) TUARASCÁIL CHRÍOCHNAITHEACH an Choimisiún Eorpaigh — measúnú teicniúil ar SIS II.
(23) TUARASCÁIL CHRÍOCHNAITHEACH an Choimisiún Eorpaigh — Measúnú Tionchair TFC ar Fheabhsuithe Ionchasacha ar Ailtireacht SIS II 2016.
(24) TUARASCÁIL CHRÍOCHNAITHEACH an Choimisiún Eorpaigh — Measúnú Tionchair TFC ar fheabhsuithe teicniúla ar ailtireacht SIS II – Tuarascáil Chríochnaitheach", 10 Samhain 2016, (Wavestone).
(25) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/219 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2015 lena gcuirtear Iarscríbhinn nua in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/115/AE maidir le Lámhleabhar SIRENE agus bearta eile cur chun feidhme don dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) (IO L 44, 18.2.2015, lch. 75).
(26) Moladh ón gCoimisiún lena mbunaítear catalóg moltaí agus dea-chleachtas maidir le cur i bhfeidhm cuí an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) agus maidir le malartú faisnéise forlíontaí ag údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil SIS II á chur chun feidhme agus á úsáid acu (C(2015)9169/1).
(27) Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena naisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).
(28) Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (2012/C 326/02).
(29) Wavestone "Measúnú Tionchair TFC ar na feabhsuithe teicniúla ar ailtireacht SIS II - Tuarascáil Chríochnaitheach", 10 Samhain 2016, Cúinse 3 Cur Chun Feidhme N. SIS II Sainiúil.
(30) Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
(31) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(32) Rialachán (CE) 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le rochtain ar an Dara Glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) ag seirbhísí sna Ballstáit atá freagrach as deimhnithe cláraithe feithiclí a eisiúint (IO L 381, 28.12.2006, lch. 1).
(33) COM(2016) 731 final.
(34) Cinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 164, 22.6.2002, lch. 3).
(35) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(36) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(37) IO L 239, 22.9.2000, lch. 19 . Coinbhinsiún arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1160/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( IO L 191, 22.7.2005, lch. 18 ).
(38) IO L 328, 13.12.2001, lch. 4 .
(39) Cinneadh 2001/886/JHA ón gComhairle an 6 Nollaig 2001 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a fhorbairt ( IO L 328, 13.12.2001, lch. 1 ).
(40) Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 181, 28.12.2006, lch. 4).
(41) Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 205, 7.8.2007, lch. 63).
(42) Tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an meastóireacht ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) i gcomhréir le hAirt. 24(5), le hAirt. 43(3) agus le hAirt. 50(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le hAirt. 59(3) agus le hAirt. 66(5) de Chinneadh 2007/533/JHA agus le Doiciméad Inmheánach Foirne a ghabhann leo. (IO…).
(43) Rialachán (AE) 2018/…
(44) Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, lch. 1).
(45) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/JHA ón gComhairle, IO L 119, 4.5.2016 (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(46) Cinneadh 2008/615/JHA ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch.1); agus Cinneadh 2008/616/JHA an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/JHA maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch.12).
(47) Cinneadh Réime 2002/584/JHA ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO L 190, 18.07.2002, lch. 1).
(48) Cinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 164, 22.6.2002 lch. 3).
(49) Cinneadh Réime 2002/584/JHA ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO L 190, 18.07.2002, lch. 1).
(50) Cinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 164, 22.6.2002 lch. 3).
(51) Rialachán (CE) 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le rochtain ar an Dara Glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) ag seirbhísí sna Ballstáit atá freagrach as deimhnithe cláraithe feithiclí a eisiúint (IO L 381, 28.12.2006, lch. 1).
(52) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(53) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(54) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/JHA, 2009/934/JHA, 2009/935/ JHA, 2009/936/ JHA agus 2009/968/ JHA ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 25.5.2016, lch. 53).
(55) Cinneadh 2002/187/JHA ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lenar bunaíodh Eurojust d'fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí a athneartú (IO L 63, 6.3.2002, lch. 1).
(56) Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(57) COM(2016) 731 final.
(58) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(59) IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.
(60) IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.
(61) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(62) IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.
(63) Cinneadh 2004/849/CE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach forálacha áirithe den Chomhaontú sin ( IO L 368, 15.12.2004 lch. 26 ).
(64) Cinneadh 2004/860/CE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach forálacha áirithe den Chomhaontú sin ( IO L 370, 17.12.2004 lch. 78 ).
(65) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(66) Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(67) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(68) IO L 166, 1.7.2010, lch. 17.
(69) Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
(70) Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2010 maidir leis an bPlean Slándála do SIS II Láir agus don Bhonneagar Cumarsáide (IO L 112, 5.5.2010, lch.31).
(71) Cinneadh Réime (2002/584/JHA) ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO L 190, 18.07.2002, lch. 1).
(72) Cinneadh Réime 2002/475/JHA ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 164, 22.6.2002 lch. 3).
(73) Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, lch. 1).
(74) Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO L 338, 23.12.2003, lch. 1).
(75) Treoir 1999/37 ón gComhairle maidir le clárú doiciméad d'fheithiclí (IO L 138, 1.6.1999, lch. 57).
(76) Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
(77) Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2010 maidir leis an bPlean Slándála do SIS II Láir agus don Bhonneagar Cumarsáide (IO L 112, 5.5.2010, lch.31).
(78) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(79) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(80) COM(2015) 185 final.
(81) COM(2016) 205 final.
(82) COM(2016) 230 final.
(83) Ares(2016)2231546 – 12/05/2016.
(84) COM(2016) 205 final.
(85) COM(2015) 185 final.
(86) Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(87) Cinneadh 2008/615/JHA ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch.1); agus Cinneadh 2008/616/JHA an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/JHA maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch.12).
(88) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí dul isteach agus imeachta a chlárú agus chun diúltú do shonraí náisiúnach tríú tír a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena ndéantar na coinníollacha maidir le rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí a chinneadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 (COM(2016) 194 final).
(89) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid:  http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
(90) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(91) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(92) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(93) Is í bliain N an bhliain a chuirfear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.
(94) Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(95) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(96) Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(97) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. 'Cuspóirí sonracha...'
(98) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(99) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(100) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top