Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52011PC0135

    Togra leasaithe le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith Chalaoise (OLAF) agus lena n aisghairtear Rialachán (EURATOM) Uimh. 1074/1999

    /* COIM/2011/0135 leagan deireanach */

    52011PC0135




    [pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

    An Bhruiséil 17.3.2011

    COIM(2011) 135 leagan deireanach

    2006/0084 (COD)

    Togra leasaithe le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (EURATOM) Uimh. 1074/1999

    SEC(2011) 343 leagan deireanach

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1. COMHTHÉACS AN TOGRA

    Bunaíodh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise ("an Oifig") sa bhliain 1999. Is iad seo a leanas na príomhionstraimí sa chreat dlíthiúil faoina bhfeidhmíonn an Oifig: Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[1] agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999[2], lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe i dtaobh imscrúduithe inmheánacha agus seachtracha arna seoladh ag an Oifig, agus Cinneadh 1999/352/CE, CECG, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig[3].

    Sa bhliain 2006, chuir an Coimisiún togra ar aghaidh chun Rialachán 1073/1999 a leasú[4]. Bhí an togra reachtach dírithe ar éifeachtúlacht oibríochtúil níos fearr agus rialachas feabhsaithe a bhaint amach don Oifig trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    - sreabhadh na faisnéise idir an Oifig, na hinstitiúidí agus comhlachtaí Eorpacha, na Ballstáit agus faisnéiseoirí a fheabhsú;

    - an caidreamh idir an Coiste Maoirseachta, an Oifig agus na hinstitiúidí agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile a shoiléiriú, agus "idirphlé struchtúrtha" a thabhairt isteach lena mbeidh baint ag an gCoiste Maoirseachta, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le mórcheisteanna rialachais;

    - cearta nós imeachta na ndaoine lena mbaineann imscrúduithe a neartú (ráthaíochtaí nós imeachta a leagan síos atá le hurramú le linn imscrúduithe inmheánacha agus seachtracha agus Comhairleoir Athbhreithnithe a thabhairt isteach).

    Pléadh an togra ón gCoimisiún sa Chomhairle agus i b Parlaimint na hEorpa . Ghlac an Pharlaimint Rún ar an 20 Samhain 2008 [5] sa chéad léamh faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta. Moladh ann tuairim is céad leasú ar thogra an Choimisiúin. Tá an Coimisiún sásta le cuid mhaith de na leasuithe sin. Ar iarraidh ó Uachtaránacht na Seice ar an gComhairle (Eanáir-Meitheamh 2009) thíolaic an Coimisiún Páipéar machnaimh i mí Iúil 2010 do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi athchóiriú na hOifige [6]. Sa doiciméad sin léirítear réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann chun an próiseas reachtach reatha a thabhairt chun cinn. Bhí fáilte ag Parlaimint na hEorpa roimh an bPáipéar machnaimh i mí Dheireadh Fómhair 2010 agus d'iarr sí ar an gCoimisiún tabhairt faoin nós imeachta reachtach arís. Ar an 6 Nollaig 2010, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an bPáipéar machnaimh a chuir an Coimisiún ar aghaidh. Chuir Coiste Maoirseachta OLAF leis an bplé trína thuairimí a thabhairt ar an bPáipéar machnaimh agus ar urraim a thabhairt do chearta bunúsacha agus ráthaíochtaí nós imeachta in imscrúduithe OLAF. [7]

    Tá togra leasaithe ullmhaithe ag an gCoimisiún anois ina gcuirtear san áireamh na seasaimh a léiríodh go dtí seo agus tá sé ag tnúth leis an athchóiriú reachtach reatha a bhaint amach a luaithe is féidir.

    2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE IARMHARTA

    N/B

    3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

    3.1. Éifeachtúlacht imscrúduithe na hOifige a neartú

    Tá forálacha breise sa togra leasaithe maidir le breis éifeachtúlachta i dtaobh imscrúduithe agus comhar treisithe leis na Ballstáit chun dlús éifeachtach a chur le nósanna imeachta imscrúduithe.

    Chun na críche sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún go scrúdódh an Coiste Maoirseachta fad na n-imscrúduithe agus go mbeadh an scrúdú sin bunaithe ar fhaisnéis arna fáil ón Oifig. I gcás nach féidir imscrúdú a dhruidim i ndiaidh 12 mhí, ba cheart don Oifig an Coiste Maoirseachta a chur ar an eolas gach sé mhí faoi na cúiseanna a bhfuil bac ar an imscrúdú a chríochnú. Sa dóigh sin, áiritheofar monatóireacht leanúnach ar fhad na n-imscrúduithe go ndruidtear iad.

    Rannchuidíonn an togra leasaithe chomh maith le héifeachtacht obair na hOifige trí chomhar agus malartú faisnéise a fheabhsú le hinstitiúidí, oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile an AE , mar aon le comhar agus malartú faisnéise leis na Ballstáit ag gach céim den phróiseas imscrúdaitheach.

    Maidir leis na h institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí a bhfuil baint ag comhalta/comhalta foirne nó buiséad dá gcuid le himscrúdú, ba cheart don Oifig iad a chur ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí. Sa dóigh sin, féadfaidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí bearta riaracháin réamhchúraim a dhéanamh. Fúthu féin atá sé an chosaint is fearr a áirithiú do leasanna airgeadais an AE agus aon neamhrialtacht nó méadú féideartha ar chaillteanas airgeadais a sheachaint. Ar an ábhar sin, tá a gcuid faisnéise fíor-riachtanach. I gcásanna eisceachtúla nuair nach féidir rúndacht an imscrúdaithe a áirithiú (má tá an leibhéal bainistíochta nó polaitiúil is airde d'institiúid, oifig, comhlacht nó gníomhaireacht i gceist mar shampla), ba cheart don Oifig bealaí iomchuí eile a úsáid chun faisnéis a sholáthar.

    Maidir le rochtain a bheith ag an Oifig ar fhaisnéis atá ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí , de bhun Airteagal 4(2) de Rialachán 1073/1999, tá rochtain láithreach gan fógra ag an Oifig go fóill ar aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an ábhar atá faoi imscrúdú agus atá ag institiúidí, oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an AE, gan dochar do na heisceachtaí de bhun an bhunúis dlí faoinar bunaíodh Europol[8].

    Leis an togra leasaithe seo daingnítear agus forbraítear an cur chuige de minimis atá i dtogra na bliana 2006, chomh maith leis an mbeartas neamhfhulaingthe i dtaobh na calaoise: maidir le himscrúduithe a oscailt, ba cheart don Oifig na tosaíochtaí beartais imscrúdaithe agus an gá atá le húsáid éifeachtúil acmhainní na hOifige a chur san áireamh. Ag féachaint go sonrach d'imscrúduithe inmheánacha, ba cheart don Oifig féachaint an é an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann is fearr imscrúduithe den chineál sin a dhéanamh nó an é an Oifig féin is fearr. Ina theannta sin, i gcásanna ina measann an Oifig, i ndiaidh di imscrúdú inmheánach a dhéanamh agus i bhfianaise nádúr na bhfíoras agus scála an damáiste airgeadais, go bhféadfaidh gníomhaíocht leantach níos iomchuí a dhéanamh le hidirbhearta inmheánacha, ba cheart dó an cás a chur ar aghaidh chuig Oifig Imscrúdaithe agus Araíonachta an Choimisiúin (IDOC) nó chuig na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí lena mbaineann seachas é a chur chuig na húdaráis inniúla náisiúnta bhreithiúnacha. Mar sin, sa togra leasaithe déantar an beartas de minimis a shoiléiriú (cásanna ina gcinneann an Oifig gan imscrúdú a oscailt nó gan cinntí imscrúdaithe a chur ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla náisiúnta bhreithiúnacha). Agus an beartas de minimus á chur chun feidhme, ba cheart don Oifig treoirlínte beachta a chur i bhfeidhm, mar atá molta ag an gComhairle ina Conclúidí an 6 Nollaig 2010.

    Chun dlús a chur le comhar idir an Oifig agus údaráis inniúla na mBallstát , ba cheart do gach Ballstát údarás a cheapadh (seirbhís comhordaithe frith-chalaoise) chun cúnamh a thabhairt don Oifig agus í ag comhoibriú leis na húdaráis inniúla náisiúnta. Ní chiallaíonn sin go mbunófar údarás nua. Is léir ón taithí a fuarthas gur minic a bhíonn sé iontach deacair don Oifig dul i dteagmháil leis an údarás inniúil i mBallstát ar leith toisc go bhfuil struchtúir éagsúla i ngach Ballstát.

    Tá sé tábhachtach go háirithe go ndéantar monatóireacht rialta i gcás imscrúduithe inmheánacha, chun a áirithiú go bhféadfaidh IDOC nó eintitis choibhéiseacha eile in institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile beart araíonachta nó bearta eile a dhéanamh. Beartaítear, dá bhrí sin, go ndéanfaidh Ballstáit tuairisciú, arna iarraidh sin don Oifig, maidir leis na torthaí a lean ón bhfaisnéis a tharchuir an Oifig chucu. Chun ualach neamhriachtanach riaracháin ar na Ballstáit a sheachaint, foráiltear sa togra leasaithe go dtuairisceoidh siad don Oifig, arna iarraidh sin di, maidir leis na bearta agus an dul chun cinn arna ndéanamh tar éis don Oifig faisnéis a tharchur.

    Chun tuilleadh comhair a spreagadh idir an Oifig agus Europol agus Eurojust , lena n-áirítear comhar i ndáil le forbairtí breise féideartha ar a bhfreagrachtaí, chomh maith le comhar le húdaráis inniúla tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta , beartaítear foráil a chur isteach sa Rialachán le go mbeidh seans ag an Oifig socruithe riaracháin a dhéanamh leis na heintitis sin chun malartú faisnéise a éascú. Tá socrú comhair den chineál sin ag an Oifig le Eurojust cheana. De réir an Chinnidh ón gComhairle lena mbunaítear Eurojust, féadfaidh Eurojust teacht ar chomhaontú leis an gCoimisiún maidir le socruithe riachtanacha praiticiúla[9]. Tá socruithe den chineál sin ag an Oifig le roinnt tríú tíortha freisin. Maidir le Europol, tá feidhm ag Cinneadh Réime nua ó 2010 agus leagtar síos ann go ndéanfaidh Europol socruithe oibre leis an Oifig. Dá bhrí sin, ba cheart riail chomhfhreagrach a bhunú don Oifig.Ag teacht le Cinneadh ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (2010/427/AE) agus lena ndéantar foráil in Airteagal 3(4) maidir le comhar idir an SEGS agus OLAF, ní mór do gach institiúid an tacaíocht is gá a thabhairt ionas go bhféadfaidh gníomhairí OLAF a gcúraimí a chomhlíonadh. Ba cheart na rialacha mionsonraithe a bhaineann le comhar idir OLAF agus údaráis tríú tíortha a leagan amach i meabhráin chomhthuisceana leis an SEGS agus le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin.

    Cé gurb é Ard-Stiúrthóir na hOifige atá freagrach i gcónaí as oscailt agus seoladh imscrúduithe, ba cheart do chomhlacht inmheánach cúnamh a thabhairt dó ar comhlacht inmheánach é lena rachaidh sé i gcomhairle agus imscrúdú á oscailt aige, roimh imscrúdú a dhruidim agus aon uair eile a mheasann sé is gá. Chun na nósanna imeachta cinnteoireachta inmheánacha a shoiléiriú maidir le ról Ard-Stiúrthóir na hOifige, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir feidhmiú díreach imscrúduithe a tharmligean i scríbhinn chuig comhaltaí aonair de chuid fhoireann na hOifige. Chun neamhspleáchas an Ard-Stiúrthóra a atreisiú, ba cheart nach féidir a théarma a athnuachan. Coinneofar an teideal "Ard-Stiúrthóir" a tugadh isteach le togra 2006. Is gá é sin a dhéanamh chun stádas OLAF mar Ard-Stiúrthóireacht de chuid an Choimisiúin a léiriú agus chun an tArd-Stiúrthóir a aithint ó chomhaltaí na foirne bainistíochta sinsearaí a bhfuil grád Stiúrthóra acu. Chun leanúnachas a áirithiú, agus i bhfianaise taithí a fuarthas le déanaí, déantar foráil maidir le rialacha ionaid sa togra leasaithe.

    Ba cheart an t-idirdhealú idir imscrúduithe inmheánacha agus imscrúduithe seachtracha a theorannú a mhéid is fíorghá. D'éascófaí seoladh na n-imscrúduithe sa dóigh sin. Mar is léir ó thaithí a fuarthas, is féidir tús a chur le himscrúdú seachtrach agus imscrúdú inmheánach a dhéanamh de níos moille nó a mhalairt. Faoin gcreat dlíthiúil reatha, ní mór do dhaoine a bhaineann le himscrúduithe inmheánacha comhoibriú leis an Oifig de réir na Rialachán Foirne nó de réir an Phrótacail ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh. Tá cumhachtaí imscrúdaitheacha na hOifige níos mionsonraithe i gcás imscrúduithe inmheánacha freisin. Ní mór cearta nós imeachta agus cearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán, is cuma más imscrúdú inmheánach nó seachtrach atá i gceist.

    3.2. Rialachas na hOifige: cothromaíocht idir neamhspleáchas agus freagracht na hOifige

    Cuideoidh na nithe seo a leanas cothromaíocht a bhaint amach idir neamhspleáchas agus freagracht na hOifige: rialachas feabhsaithe mar aon le bunú nós imeachta um athbhreithniú agus forálacha maidir le sreabhadh faisnéise idir an Oifig agus na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí lena mbaineann.

    Leanfaidh Coiste Maoirseachta na hOifige ag áirithiú go bhfuil an Oifig iomlán neamhspleách agus a misean á chomhlíonadh aici. Thairis sin, déantar ról an Choiste Maoirseachta a shoiléiriú níos mó. Ba cheart údarás sonrach a thabhairt dó chun monatóireacht a dhéanamh ar mhalartuithe faisnéise idir an Oifig agus na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí agus ar fhorbairtí maidir le cur i bhfeidhm ráthaíochtaí nós imeachta. Ba cheart dó monatóireacht a dhéanamh freisin, ar bhealach ginearálta agus córasach, ar fhorbairtí maidir le fad imscrúduithe, gan cur isteach ar sheoladh na n-imscrúduithe. Maidir le comhaltaí an Choiste Maoirseachta a cheapadh, tá sé beartaithe é a dhéanamh ag eatraimh agaithe chun saineolas na foirne a chaomhnú. Maidir le ceapadh an Ard-Stiúrthóra agus ainmniú na Stiúrthóirí ionaid, ba cheart dul i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta agus ba cheart an Coiste sin a chur ar an eolas maidir le nithe a tharchur chuig na húdaráis bhreithiúnacha.

    Seachas idirphlé foirmiúil struchtúrtha a bheith ann idir an Coiste Maoirseachta agus na hinstitiúidí maidir le feidhm imscrúdaitheach na hOifige, beartaítear anois malartú tréimhsiúil tuairimí a chur i bhfeidhm chun rialachas na hOifige a mhéadú ach chun a neamhspleáchas feidhmiúil a urramú ag an am céanna. Cuireann an Chomhairle i bhfios freisin ina conclúidí an 6 Nollaig 2010 go laghdófaí neamhspleáchas na hOifige de thoradh ar idirphlé foirmiúil struchtúrtha. Go bunúsach, tá cur chuige nach bhfuil chomh foirmiúil sin ag teacht le bunchuspóir an Choimisiúin, is é sin rialachas na hOifige a mhéadú ach a neamhspleáchas ó thaobh a himscrúduithe a ráthú ag an am céanna. Bunófar an malartú tuairimí idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach, le rannpháirtíocht ón Oifig agus ón gCoiste Maoirseachta. Ba cheart go gcuirfeadh an malartú tuairimí leis an malartú faisnéise agus tuairimí idir na geallsealbhóirí d'fhonn éifeachtúlacht ghníomhaíocht na hOifige a fheabhsú. Níor cheart go gcuirfeadh an malartú tuairimí isteach ar sheoladh imscrúduithe agus ba cheart go mbainfeadh sé leis na tosaíochtaí straitéiseacha maidir le beartais imscrúdaitheacha na hOifige, na tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí an Choiste Maoirseachta agus Ard-Stiúrthóir na hOifige, an caidreamh idir an Oifig agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an AE, an caidreamh idir an Oifig agus údaráis inniúla na mBallstát agus éifeachtacht obair na hOifige maidir le himscrúduithe agus éifeachtacht obair an Choiste Maoirseachta. Ag teacht leis na tuairimí a chuir na hinstitiúidí in iúl, beidh an malartú tuairimí solúbtha: tarlóidh sé go tráthrialta nó ar iarraidh a fháil ó cheann de na hinstitiúidí thuasluaite, ón Oifig nó ón gCoiste Maoirseachta.

    Tá neartú chearta nós imeachta na ndaoine lena mbaineann imscrúduithe na hOifige (Airteagal 7a) ar cheann de phríomhchuspóirí an togra leasaithe. Is iomchuí na ráthaíochtaí nós imeachta a shoiléiriú agus a thrédhearcú agus feidhm a bheith acu maidir le gach imscrúdú arna sheoladh ag an Oifig, go hinmheánach agus go seachtrach. Urramaíonn na ráthaíochtaí sin na cearta bunúsacha a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais. Déantar foráil maidir le cearta coitianta nós imeachta i gcás imscrúduithe inmheánacha agus seachtracha sa togra seo (an ceart ag an duine lena mbaineann imscrúdú a thuairimí a chur in iúl sula ndéantar conclúidí a thagraíonn dó, an ceart achoimre a fháil ar na hábhair atá faoi imscrúdú agus iarraidh a fháil ar thuairimí a thabhairt ar na hábhair sin; an ceart cúnamh a fháil ó dhuine dá rogha féin le linn agallaimh, an ceart a rogha féin de theangacha an AE a úsáid; an prionsabal go mbeidh aon duine lena mbaineann imscrúdú i dteideal féin-ionchoiriú a sheachaint). Ba cheart cur i bhfeidhm praiticiúil na gceart sin a léiriú i lámhleabhar nósanna imeachta na hOifige maidir le himscrúduithe (lámhleabhar OLAF) arna ghlacadh ag an Ard-Stiúrthóir.

    I dtogra na bliana 2006, bheartaigh an Coimisiún Comhairleoir Athbhreithnithe a chruthú a bhféadfaidh cásanna a chur faoina bhráid chun a thuairim neamhspleách a fháil maidir le ráthaíochtaí nós imeachta. Le nach mbeidh na cúraimí céanna ag an gCoiste Maoirseachta agus chun struchtúir fhoirmiúla bhreise a sheachaint fad is atá gearáin aonair á láimhseáil ar bhealach neamhspleách éifeachtach éifeachtúil, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún anois go gcuirfidh an tArd-Stiúrthóir nós imeachta um athbhreithniú ar bun laistigh den Oifig. Ba cheart don duine nó do na daoine a bhfuil an nós imeachta um athbhreithniú de chúram orthu gníomhú ar bhealach atá go hiomlán neamhspleách. Tuairisceoidh Ard-Stiúrthóir na hOifige do na hinstitiúidí maidir leis na bearta arna ndéanamh chun an nós imeachta um athbhreithniú a chur ar bun.

    I dtaca leis an gceart bunúsach maidir le cosaint sonraí pearsanta , atá aitheanta in Airteagal 8 den Chairt agus in Airteagal 16 den CFAE, déantar foráil sa togra leasaithe maidir le soiléiriú agus tuilleadh forálacha mionsonraithe chun prionsabail Rialachán (CE) Uimh. 45/2001[10] a chur chun feidhme, go háirithe an ceanglas go gceapfaidh OLAF Oifigeach Cosanta Sonraí.

    I g cumarsáid na hOifige leis an bpobal , ní mór rúndacht imscrúduithe agus toimhde na neamhchiontachta a chaomhnú agus ba cheart a bheith faichilleach agus neamhchlaon i gcónaí. Tá foráil déanta in Airteagal 8 den Rialachán reatha maidir le hoibleagáidí i dtaobh rúndachta agus cosanta sonraí.

    Ba cheart don Ard-Stiúrthóir lámhleabhar nósanna imeachta OLAF dá dtagraítear thuas a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta, leis an duine nó na daoine a bhfuil an nós imeachta um athbhreithniú de chúram orthu agus le hOifigeach Cosanta Sonraí na hOifige. Cuirfear treoirlínte ar fáil sa lámhleabhar sin maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil na n-imscrúduithe riaracháin de chuid na hOifige.

    Toisc go gcumhdófar inniúlachtaí EURATOM faoi Airteagal 325 den CFAE mar bhunús nua dlí do Rialachán 1073/1999, tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart Rialachán (Euratom) 1074/1999 a aisghairm dá réir sin.

    4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Léirítear sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an togra nach mbeidh aon impleacht do bhuiséad an AE.

    5. EILIMINTÍ ROGHNACHA

    N/B

    2006/0084 (COD)

    Togra leasaithe le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (EURATOM) Uimh. 1074/1999

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 325 de, i dteannta leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí[11],

    Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí[12],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    1. I bhfianaise thábhacht na mbeart coisctheach chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus a thábhachtaí atá siad sa chomhrac i gcoinne calaoise agus éillithe, is gá ról na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise ("an Oifig") a shoiléiriú i gcás imscrúduithe a sheoladh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999[13]. Ag brath ar thaithí oibríochtúil na hOifige, ba cheart don Oifig rannchuidiú freisin le modhanna a cheapadh agus a fhorbairt chun calaois a chosc agus a chomhrac ar leibhéal an Aontais agus ba cheart di tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí comhpháirteacha frith-chalaoise arna ndéanamh ag Ballstáit ar bhonn deonach.

    2. Chun go mbeidh gníomhaíocht imscrúdaitheach na hOifige níos éifeachtaí agus i bhfianaise na meastóireachtaí a rinne institiúidí an Aontais ar a gníomhaíochtaí, go háirithe an tuarascáil mheastóireachta ón gCoimisiún, Aibreán 2003, agus tuarascáil speisialta Uimh. 1/2005 ón gCúirt Iniúchóirí[14] maidir le bainistiú na hOifige, is gá gnéithe áirithe de sheoladh imscrúduithe na hOifige agus bearta áirithe is féidir léi a dhéanamh le linn a himscrúduithe a shoiléiriú agus a fheabhsú. Tugadh de chumhacht don Oifig na cigireachtaí agus seiceálacha sin a dhéanamh dá bhforáiltear i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996[15] maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile i dtaca le himscrúduithe inmheánacha agus i gcásanna calaoise atá nasctha le conarthaí a bhaineann le maoiniú ón Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain a bheith ag an Oifig ar fhaisnéis atá ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i dtaca le himscrúduithe seachtracha.

    3. Ba cheart na gníomhartha a fhéadfaidh an Oifig a dhéanamh in imscrúduithe seachtracha a shoiléiriú i gcásanna ina bhfaightear neamhchinnteachtaí dlíthiúla sa chóras atá ann cheana agus ba cheart iad a neartú i gcás nach féidir a áirithiú go seolfar imscrúduithe iontaofa seachtracha mura ndéanann an Oifig beart níos éifeachtaí.

    4. Ba cheart cúraimí imscrúdaitheacha na hOifige a fheidhmiú gan dochar d'fheidhmeanna rialaithe agus iniúchta sheirbhísí eile an Choimisiúin (oifigigh um údarú trí bhithín tarmligin go háirithe) atá leagtha amach i reachtaíocht atá sainiúil don earnáil.

    5. Ba cheart a chur de cheangal ar an Oifig institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a chur ar an eolas faoi imscrúduithe atá ar siúl i gcás ina mbaineann an t-ábhar atá faoi imscrúdú le comhalta nó le comhalta foirne nó nuair a fhéadfaidh gá a bheith le bearta riarcháin réamhchúraim nó bearta a bhaineann leis an dlí coiriúil chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

    6. I bhfianaise na mórshocar a bhaineann le comhar a neartú idir an Oifig, an Oifig Eorpach Poilíní (Europol) agus Eurojust, ba cheart go mbeadh an Oifig in ann socruithe riaracháin a chomhaontú leis an dá ghníomhaireacht sin. Chun comhar a neartú idir Eurojust, an Oifig agus údaráis inniúla na mBallstát maidir le gníomhartha a ndlífear imscrúdú coiriúil a dhéanamh orthu, ba cheart don Oifig Eurojust a chur ar an eolas go háirithe faoi na cásanna sin ina bhfuil amhras gur tharla gníomhaíocht neamhdhleathach a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais agus a bhaineann le saghsanna tromchúiseacha coiriúlachta.

    7. Tá éifeachtúlacht oibríochtúil na hOifige ag brath go mór ar chomhar leis na Ballstáit. Ní mór do na Ballstáit a n-údaráis inniúla atá in ann an cúnamh is gá a thabhairt don Oifig i bhfeidhmiú a dualgas a shainaithint. I gcás nach bhfuil sainroinn curtha ar bun ag Ballstát ar leibhéal náisiúnta chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus an comhrac i gcoinne na calaoise a chomhordú, ba cheart údarás a cheapadh (seirbhís comhordaithe frith-chalaoise) chun comhar agus malartú faisnéise éifeachtach a áirithiú leis an Oifig.

    8. Ba cheart rialacha soiléire a leagan síos lena ndaingneofar an tosaíocht atá ag an Oifig maidir le himscrúduithe inmheánacha a dhéanamh ar ábhair a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais ach lena gcuirfidh ar chumas institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais imscrúduithe den chineál sin a sheoladh go tapa fréisin i gcásanna ina socraíonn an Oifig gan idirghabháil a dhéanamh.

    9. Chun éifeachtúlacht a cuid oibre a fheabhsú, ní mór don Oifig a bheith ar an eolas faoi cad é mar a cuireadh le torthaí a himscrúduithe. Dá bhrí sin, ba cheart a chur de cheangal ar údaráis inniúla na mBallstát agus ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais tuairisc a dhéanamh don Oifig, arna iarraidh sin di, faoin mbeart a rinneadh agus faoi aon dul chun cinn atá déanta mar fhreagra ar an bhfaisnéis a chuir an Oifig chucu.

    10. Is gá, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, na ráthaíochtaí nós imeachta a shoiléiriú is infheidhme maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig. Ba cheart an ghné riaracháin de chuid imscrúduithe na hOifige a chur san áireamh agus na ráthaíochtaí nós imeachta á shoiléiriú.

    11. Chun cosaint cearta leithleacha daoine atá faoi imscrúdú a neartú, níor cheart teacht ar chonclúidí ina ndéanfar tagairt do dhuine lena mbaineann, faoina ainm, ag céim dheiridh imscrúdaithe, gan deis a thabhairt don duine sin a thuairimí a thabhairt ar fhíorais a bhaineann leis. I gcás ina measann comhalta, comhalta foirne nó duine nádúrtha nár comhlíonadh ráthaíochtaí nós imeachta, ní mór é a bheith i dteideal tuairim a iarraidh ón duine nó ó na daoine a bhfuil an nós imeachta um athbhreithniú, arna bhunú leis an Rialachán seo, de chúram orthu.

    12. I gcás ina suítear go bhféadfadh imeachtaí coiriúla a bheith mar thoradh ar fhíorais a tugadh chun solais sa tuarascáil chríochnaitheach ar imscrúdú inmheánach, ba cheart an fhaisnéis sin a tharchur chuig údaráis bhreithiúnacha náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, ach amháin má tá bearta inmheánacha ar fáil lena bhféadfar gníomhaíocht leantach níos iomchuí a dhéanamh, i bhfianaise nádúr na bhfíoras agus scála an tionchair airgeadais.

    13. Ba cheart cearta bunúsacha na ndaoine a mbaineann na himscrúduithe leo a urramú i gcónaí, go háirithe nuair a sholáthraítear faisnéis faoi imscrúduithe leanúnacha. Maidir le faisnéis faoi imscrúduithe de chuid na hOifige a sholáthraítear do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí, bíodh sin go déthaobhach nó mar chuid de mhalartú tuairimí, ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar agus rúndacht na n-imscrúduithe, cearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann agus, nuair is infheidhme, na forálacha náisiúnta a rialaíonn imeachtaí breithiúnacha á n-urramú. Ba cheart déileáil le faisnéis a chuirtear ar aghaidh nó a fhaightear le linn imscrúduithe ar bhealach atá i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí. Ba cheart an malartú faisnéise a bheith faoi rialú ag prionsabal na comhréireachta agus ar bhonn riachtanais.

    14. Ba cheart don Ard-Stiúrthóir a áirithiú go n-urramaíonn aon fhaisnéis a sholáthraítear don phobal cearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann.

    15. De bharr mhéid na gcistí ón Aontas a leithdháiltear ar earnáil na cabhrach seachtraí, agus de bharr líon na n-imscrúduithe a dhéanann an Oifig san earnáil sin agus an chomhair idirnáisiúnta atá ann chun críocha na n-imscrúduithe sin, ba cheart go bhféadfaidh an Oifig cúnamh praiticiúil a iarraidh, trí shocruithe riaracháin, ó na húdaráis inniúla i dtríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta i bhfeidhmiú a cúraimí.

    16. Is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir agus nós imeachta a bhaineann le comhaltaí an Choiste Maoirseachta a cheapadh agus is iomchuí na cúraimí sin de chuid an Choiste Maoirseachta a eascraíonn óna shainordú a shainiú níos mó.

    17. Chun a áirithiú go mbeidh an Coiste Maoirseachta in ann a mhisean a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtúil, ba cheart don Oifig feidhmiú neamhspleách na hArdrúnaíochta a ráthú.

    18. Ba cheart tuairimí a mhalartú go tráthrialta idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún. Leis an malartú tuairimí sin ba cheart go gcumhdófaí na tosaíochtaí straitéiseacha maidir le beartais imscrúdaitheacha agus éifeachtacht obair na hOifige, ach iad sin a chumhdach gan cur isteach ar neamhspleáchas na hOifige agus imscrúduithe á seoladh aici.

    19. Chun neamhspleáchas iomlán a atreisiú maidir le reáchtáil na hOifige, ba cheart an tArd-Stiúrthóir a cheapadh ar feadh téarma seacht mbliana nach féidir a athnuachan.

    20. Is léir ó thaithí oibríochtúil gurbh fhóinteach cead a thabhairt d'Ard-Stiúrthóir na hOifige feidhmiú cuid dá fheidhmeanna a tharmligean chuig comhalta amháin nó chuig roinnt comhaltaí d'fhoireann na hOifige. Chun leanúnachas a áirithiú ba cheart foráil a dhéanamh maidir le rialacha sainráite ionaid freisin.

    21. Ba cheart do chomhlacht inmheánach cúnamh a thabhairt don Ard-Stiúrthóir ar comhlacht é lenar féidir leis dul i gcomhairle.

    22. Ba cheart go bhféadfaidh an tArd-Stiúrthóir lámhleabhar nósanna imeachta a ghlacadh ina gcuirfear treoirlínte ar fáil maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil na n-imscrúduithe riaracháin de chuid na hOifige.

    23. Ba cheart an fhoráil reatha maidir le hathbhreithniú breithiúnach a scriosadh toisc go gclúdaítear ábhar na forála anois in Airteagal 90a de na Rialacháin Foirne.

    24. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1073/99 a leasú dá réir.

    25. Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, lena leathnaítear cur i bhfeidhm Airteagal 325 den CFAE chuig an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (EURATOM), ba cheart feidhm, maidir le EURATOM, a bheith ag na rialacha a rialaíonn na himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig i ndáil leis an Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/99 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)[16] a aisghairm.

    26. Urramaítear go hiomlán sa Rialachán seo prionsabal na coimhdeachta de réir mar atá sé leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, de réir mar atá sé leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    27. Urramaítear cearta bunúsacha sa Rialachán seo agus tá sé i gcomhréir leis na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go háirithe, agus go háirithe Airteagail 41, 47 agus 48 den chairt sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    28. Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 mar a leanas:

    29. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    "Airteagal 1

    Cuspóirí agus cúraimí

    1. Chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (dá ngairtear "an tAontas" anseo feasta má éilíonn an comhthéacs é), feidhmeoidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise a bunaíodh le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (dá ngairtear "an Oifig" anseo feasta) na cumhachtaí imscrúdaithe a thugtar don Choimisiún leis na nithe seo a leanas:

    (a) rialacha agus Rialacháin an Aontais atá i bhfeidhm i dtaobh na n-ábhar sin agus

    (b) na comhaontuithe comhair agus cúnaimh fhrithpháirtigh a rinne an tAontas le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i dtaobh na n-ábhar sin.

    2. Tabharfaidh an Oifig cúnamh do na Ballstáit agus dlúthchomhar rialta á eagrú acu idir a n-údaráis inniúla d'fhonn a ngníomhaíochtaí a chomhordú chun leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint i gcoinne calaoise. Rannchuideoidh an Oifig le modhanna a cheapadh agus a fhorbairt chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac. Maidir le taithí oibríochtúil agus dea-chleachtais nós imeachta a chomhroinnt sa réimse sin a bhaineann le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, déanfaidh an Oifig iad sin a chur chun cinn agus a chomhordú leis na Ballstáit agus i measc na mBallstát, agus tabharfaidh sí tacaíocht freisin do ghníomhaíochtaí comhpháirteacha frith-chalaoise arna ndéanamh ag Ballstáit ar bhonn deonach.

    3. Laistigh de na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí a bunaíodh leis na Conarthaí nó ar bhonn na gConarthaí (dá ngairtear "na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí" anseo feasta), seolfaidh an Oifig imscrúduithe riaracháin chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Chun na críche sin, imscrúdóidh sí ábhair thromchúiseacha a bhaineann le dualgais ghairmiúla a chomhlíonadh sa dóigh go bhfuil faillí déanta in oibleagáidí oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais ar faillí í a d'fhéadfadh imeachtaí araíonachta nó, de réir mar a bheidh, imeachtaí coiriúla a bheith mar thoradh uirthi, nó sa dóigh go bhfuil mainneachtain choibhéiseach déanta in oibleagáidí a chomhlíonadh ag comhaltaí institiúidí agus comhlachtaí, ceann oifigí agus gníomhaireachtaí nó ag comhaltaí foirne institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí nach bhfuil faoi réir Rialacháin Foirne oifigigh an Aontais Eorpaigh ná faoi réir Choinníollacha Fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh ("na comhaltaí nó comhaltaí foirne").

    30. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

    " Airteagal 2

    Sainmhínithe

    De réir bhrí an Rialacháin seo:

    - ciallóidh "imscrúduithe riaracháin" (dá ngairfear "imscrúduithe" anseo feasta) gach cigireacht, seiceáil agus beart eile a dhéanann an Oifig, i gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4, d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal l a bhaint amach agus d'fhonn cineál neamhrialta na ngníomhaíochtaí atá faoi imscrúdú a shuí, nuair is gá sin. Ní dhéanfaidh na himscrúduithe sin aon difear do chumhachtaí na mBallstát maidir le himeachtaí coiriúla a thionscnamh.

    - ciallóidh "duine lena mbaineann" duine a bhfuil amhras ann faoi go bhfuil neamhrialtacht nó calaois déanta aige agus atá, dá bhrí sin, faoi réir imscrúdaithe ag an Oifig.

    - ciallóidh "Rialacháin Foirne" Rialacháin Foirne oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh[17]."

    - Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    " Airteagal 3

    Imscrúduithe seachtracha

    1. Feidhmeoidh an Oifig na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 chun cigireachtaí agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh sna Ballstáit agus, i gcomhréir leis na comhaontuithe comhair atá i bhfeidhm, i dtríú tíortha agus in áitreabh eagraíochtaí idirnáisiúnta.

    Mar chuid dá hobair imscrúdaitheach, déanfaidh an Oifig na cigireachtaí agus na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95[18] agus sna rialacha earnála dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán sin sna Ballstáit agus, i gcomhréir leis na comhaontuithe comhair atá i bhfeidhm, i dtríú tíortha agus in áitreabh eagraíochtaí idirnáisiúnta.

    2. D'fhonn a shuí go ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile dá dtagraítear in Airteagal 1 i dtaca le comhaontú deontais nó le cinneadh nó conradh a bhaineann le maoiniú ón Aontas, féadfaidh an Oifig, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha atá bainteach go díreach nó go hindíreach leis an maoiniú sin.

    3. Fad agus atá seiceálacha agus imscrúduithe ar an láthair á ndéanamh ag an Oifig, gníomhóidh foireann na hOifige i gcomhréir leis na rialacha agus na cleachtais a rialaíonn imscrúduithe riaracháin an Bhallstáit lena mbaineann, agus i gcomhréir leis na ráthaíochtaí nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

    Arna iarraidh sin don Oifig, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann cibé cúnamh atá de dhíth ar fhoireann na hOifige di chun a cúram a chomhlíonadh, de réir mar a shonraítear san údarú scríofa dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

    Ní mór don Bhallstát lena mbaineann a áirithiú go bhfuil cead ag foireann na hOifige, faoi na téarmaí agus coinníollacha céanna agus atá ann i gcás a údaráis inniúla agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, rochtain a bheith aici ar gach faisnéis agus doiciméad a bhaineann leis an ábhar atá faoi imscrúdú agus atá riachtanach chun na seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

    4. Ceapfaidh Ballstáit seirbhís chun comhordú ceart a éascú idir na húdaráis inniúla go léir ar leibhéal náisiúnta (dá ngairtear "an tseirbhís comhair frith-chalaoise" anseo feasta). Áiritheoidh an tseirbhís sin go bhfuil comhar agus malartú faisnéise éifeachtach ann leis an Oifig.

    5. Le linn imscrúdaithe sheachtraigh, féadfaidh an Oifig rochtain a bheith aici ar aon fhaisnéis ábhartha atá ag na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí a bhfuil baint acu leis an ábhar atá faoi imscrúdú, i gcás ina bhfuil gá leis chun a shuí go ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais. Beidh feidhm ag Airteagal 4(2) agus (4) chun na críche sin.

    6. I gcás ina bhfuil ar an Oifig faisnéis a láimhseáil, roimh imscrúdú seachtrach a dhéanamh, a thugann le fios go ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais, féadfaidh an Oifig an tseirbhís inniúil comhair frith-chalaoise a chur ar an eolas faoi chomh maith le húdaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann agus, nuair is iomchuí, seirbhísí inniúla an Choimisiúin. Gan dochar do na rialacha earnála dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar beart iomchuí agus, nuair is gá, gabhfaidh siad i mbun imscrúduithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar imscrúduithe iad inar féidir leis an Oifig a bheith páirteach. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an Oifig ar an eolas faoin mbeart sin acu agus faoina gcinntí ar bhonn na faisnéise sin."

    31. Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

    (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1:

    "Déanfar na himscrúduithe inmheánacha sin faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus i gcinntí atá glactha ag gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht."

    (b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc de mhír 2:

    "Féadfaidh an Oifig faisnéis ó bhéal agus i scríbhinn a iarraidh ó chomhaltaí nó ó chomhaltaí foirne na n-institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí."

    (c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 3:

    "3. I gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar áitreabh oibreoirí eacnamaíocha atá bainteach go díreach nó go hindíreach chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann leis an ábhar atá faoi imscrúdú inmheánach."

    (d) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 go mír 6:

    "4. Cuirfear na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ar an eolas aon uair a dhéanann an Oifig imscrúdú ar a n-áitribh nó aon uair a théann sí i gcomhairle doiciméid nó a iarrann sí faisnéis uathu. Gan dochar d'Airteagal 8 ná d’Airteagal 9 den Rialachán seo, féadfaidh an Oifig an fhaisnéis arna fáil le linn imscrúduithe inmheánacha a chur ar aghaidh tráth ar bith chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann.

    5. Cuirfidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm agus déanfaidh siad gach beart is gá chun rúndacht na n-imscrúduithe a áirithiú.

    6. I gcás inar léir ó imscrúduithe go bhféadfadh comhalta nó comhalta foirne a bheith bainteach le himscrúdú inmheánach, cuirfear an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann sé ar an eolas.

    I gcásanna eisceachtúla nuair nach féidir rúndacht an imscrúdaithe a áirithiú, úsáidfidh an Oifig bealaí iomchuí eile chun faisnéis a sholáthar.

    7. Maidir leis an gcinneadh atá le glacadh ag gach institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de réir mar a fhoráiltear i mír 1, áireofar ann go háirithe dualgas ar chomhaltaí nó ar chomhaltaí foirne na n-institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí dul i gcomhar go dílis leis an Oifig agus faisnéis a sholáthar di."

    32. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

    " Airteagal 5

    Imscrúduithe a oscailt

    1. Féadfaidh an Oifig imscrúdú a oscailt má tá leoramhras ann go ndearnadh calaois nó éilliú nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais. Féadtar faisnéis anaithnid a chur san áireamh freisin. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cibé acu imscrúdú a oscailt nó gan é a oscailt, cuirfear san áireamh tosaíochtaí beartais an imscrúdaithe agus plean bliantúil bainistíochta na hOifige arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12(4). Agus an cinneadh sin á dhéanamh cuirfear san áireamh freisin an gá atá le húsáid éifeachtúil acmhainní na hOifige agus le comhréireacht sa dóigh a n-úsáidtear iad.

    Maidir le himscrúduithe inmheánacha, tabharfar aird ar leith ar an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht is fearr atá ann chun na himscrúduithe sin a dhéanamh agus bunófar an rogha sin ar na nithe seo a leanas go háirithe; nádúr na bhfíoras, tionchar airgeadais iarbhír an cháis nó an tionchar féideartha airgeadais, agus ionchas aon staidéir bhreithiúnaigh leantaigh.

    2. Is é an tArd-Stiúrthóir a dhéanfaidh an cinneadh maidir le himscrúdú a oscailt nó gan é a oscailt.

    Is é an tArd-Stiúrthóir a dhéanfaidh an cinneadh maidir le himscrúdú seachtrach a oscailt, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát lena mbaineann nó ó cheann d'institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais.

    Is é an tArd-Stiúrthóir a dhéanfaidh an cinneadh maidir le himscrúdú inmheánach a oscailt, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht ina ndéanfar an t-imscrúdú.

    3. Fad atá an Oifig ag déanamh imscrúdú inmheánach, ní osclóidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí lena mbaineann imscrúdú comhuaineach ar bhonn na bhfíoras céanna.

    4. Laistigh de dhá mhí ón iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a fháil ag an Oifig, déanfar cinneadh maidir le himscrúdú a oscailt nó gan é a oscailt an tráth sin. Cuirfear é sin in iúl don Bhallstát, institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht a rinne an iarraidh gan mhoill. Tabharfar cúiseanna leis an gcinneadh gan imscrúdú a oscailt.

    I gcás ina soláthraíonn comhalta nó comhalta foirne institiúide, comhlachta, oifige nó gníomhaireachta faisnéis don Oifig, ag gníomhú dó i gcomhréir le hAirteagal 22a de na Rialacháin Foirne, ar faisnéis í a bhaineann le calaois nó neamhrialtacht amhrasta, cuirfidh an Oifig é ar an eolas faoin gcinneadh maidir le himscrúdú a oscailt nó gan é a oscailt ar bhonn na bhfíoras i gceist.

    5. Má chinneann an Oifig nach n-osclóidh sí imscrúdú inmheánach, cuirfidh sí an fhaisnéis atá ar fáil chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann gan mhoill le go ndéanfar beart iomchuí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme ina leith. I gcásanna iomchuí, tiocfaidh an Oifig ar chomhaontú leis an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht sin maidir le bearta oiriúnacha chun rúndacht fhoinse na faisnéise sin a chosaint agus iarrfaidh sí, más gá, go gcuirfear ar an eolas í faoi na bearta sin."

    33. Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

    (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 go mír 4:

    "1. Is é an tArd-Stiúrthóir a stiúrfaidh seoladh na n-imscrúduithe. Féadfaidh sé treoracha i scríbhinn a thabhairt do chomhaltaí aonair de chuid fhoireann na hOifige chun seoladh na n-imscrúduithe a stiúradh. Seolfaidh foireann a cheapfaidh sé féin imscrúduithe ag gníomhú di faoina threoir.

    2. Cuirfidh foireann na hOifige a cuid cúraimí i gcrích ar thaispeáint údarú i scríbhinn lena sonrófar a céannacht agus a cáil. Eiseoidh an tArd-Stiúrthóir an t-údarú agus sonrófar ann ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na bunúis dlí atá le seoladh an imscrúdaithe agus na cumhachtaí imscrúdaitheacha a eascraíonn ó na bunúis sin.

    3. Áiritheoidh na Ballstáit go dtugann a n-údaráis inniúla an tacaíocht is gá, i gcomhréir le forálacha náisiúnta, ionas go bhféadfaidh foireann na hOifige a cúraimí a chomhlíonadh. Áiritheoidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí go dtugann a gcomhaltaí agus a gcomhaltaí foirne an cúnamh is gá d'fhoireann na hOifige ionas go bhféadfaidh sí a cúraimí a chomhlíonadh."

    (b) Déantar mír 4 de mhír 5 agus cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    "5. I gcás inar léir ó imscrúduithe go bhféadfadh sé gurb iomchuí bearta riaracháin réamhchúraim a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, cuirfidh an Oifig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann ar an eolas faoin imscrúdú atá ar siúl gan moill mhíchuí. Beidh na nithe seo a leanas san fhaisnéis a sholáthrófar:

    (a) céannacht an chomhalta nó an chomhalta foirne lena mbaineann agus achoimre ar na fíorais i gceist;

    (b) aon fhaisnéis a d'fhéadfadh cuidiú leis an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht agus cinneadh á dhéanamh an iomchuí bearta riaracháin réamhchúraim a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;

    (c) aon bhearta speisialta arna moladh i dtaobh rúndachta go háirithe i gcás ina n-úsáidtear bearta imscrúdaitheacha a thagann faoi inniúlacht údaráis náisiúnta bhreithiúnaigh nó, i gcás imscrúdaithe sheachtraigh, bearta a thagann faoi inniúlacht údaráis náisiúnta, i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta is infheidhme maidir le himscrúduithe.

    Féadfaidh an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann aon bhearta riaracháin réamhchúraim iomchuí a dhéanamh tráth ar bith agus cuirfidh sé an Oifig ar an eolas gan mhoill faoin gcinneadh na bearta sin a dhéanamh.

    6. I gcás ina suítear nach féidir imscrúdú a chur i gcrích laistigh de 12 mhí tar éis é a oscailt, cuirfidh an Oifig an Coiste Maoirseachta ar an eolas faoi na cúiseanna a bhaineann leis sin gach sé mhí."

    34. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

    " Airteagal 7

    An dualgas maidir leis an Oifig a chur ar an eolas

    "1. Déanfaidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí aon fhaisnéis a bhaineann le cásanna féideartha calaoise nó éillithe nó aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chur ar aghaidh chuig an Oifig gan mhoill.

    2. Maidir leis na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, agus, a mhéid a cheadaítear faoin dlí náisiúnta, na Ballstáit, déanfaidh siad aon doiciméad nó faisnéis atá acu a bhaineann le himscrúdú reatha de chuid na hOifige a chur ar aghaidh, arna iarraidh sin don Oifig nó ar a dtionscnamh féin.

    3. Déanfaidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, agus, a mhéid a cheadaítear faoin dlí náisiúnta, na Ballstáit, aon doiciméad nó faisnéis eile atá acu a chur chuig an Oifig freisin, ar doiciméad é nó faisnéis í a mheastar a bheith ábhartha agus a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

    4. Féadfaidh an Oifig, na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí lena mbaineann agus na seirbhísí comhordaithe frith-chalaoise socruithe riaracháin a chomhaontú maidir le haon fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig an Oifig."

    35. Cuirtear Airteagal 7a agus Airteagal 7b isteach mar a leanas:

    " Airteagal 7a

    Ráthaíochtaí nós imeachta

    "1. Agus imscrúdú á dhéanamh ag an Oifig, iarrfaidh sí fianaise ar son an duine lena mbaineann agus ina aghaidh. Déanfar imscrúduithe ar bhealach oibiachtúil agus neamhchlaonta agus i gcomhréir leis an bprionsabal i leith thoimde na neamhchiontachta agus leis na ráthaíochtaí nós imeachta atá leagtha síos san Airteagal seo.

    2. Ní mór fógra deich lá ar a laghad a thabhairt nuair a sheoltar cuireadh chun agallaimh, bíodh an t-agallamh sin le finné nó le duine lena mbaineann; féadfar an tréimhse atá i gceist leis an bhfógra a ghairidiú le toiliú sainráite an duine atá le cur faoi agallamh nó toisc go mbaineann cúiseanna cuí práinne leis an imscrúdú. Beidh liosta de chearta an duine atá le cur faoi agallamh san áireamh sa chuireadh. Tarraingeoidh an Oifig suas taifead den agallamh agus cuirfidh sí an taifead sin ar fáil don duine a cuireadh faoi agallamh le go mbeidh sé in ann é a fhormheas nó a bharúlacha ina leith a chur leis. Tabharfar cóip de thaifid an agallaimh don duine a cuireadh faoi agallamh. Níl feidhm ag na rialacha sin maidir le ráitis a ghlacadh i gcomhthéacs seiceálacha ar an láthair.

    Nuair a thagann fianaise chun cinn, le linn an agallaimh, go bhféadfadh sé go bhfuil an duine atá á chur faoi agallamh bainteach leis an imscrúdú, beidh feidhm ag na rialacha nós imeachta dá bhforáiltear i mír 3 agus i mír 4 láithreach.

    3. A luaithe a léiríonn imscrúdú go bhféadfadh comhalta nó comhalta foirne institiúide, comhlachta, oifige nó gníomhaireachta a bheith bainteach leis an imscrúdú, cuirfear an comhalta nó an comhalta foirne sin ar an eolas faoi sin, ar choinníoll nach ndéanfaidh sin dochar do sheoladh an imscrúdaithe.

    4. Gan dochar d'Airteagal 4(6) agus Airteagal 6(5), ní fhéadfar teacht ar chonclúidí ina ndéanfar tagairt do dhuine lena mbaineann, faoina ainm, a luaithe a bheidh an t-imscrúdú curtha i gcrích, gan deis a thabhairt don duine sin a thuairimí a chur in iúl, i scríbhinn nó ag agallamh le foireann arna ceapadh ag an Oifig, faoi fhíorais a bhaineann leis, agus gan an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 11 agus Airteagal 12 de Rialachán Uimh. 45/2001 a thabhairt dó. Déanfar tagairt do na tuairimí sin sa tuarascáil chríochnaitheach don chás. Ní mór achoimre ar na hábhair sin a thabhairt don duine lena mbaineann san iarraidh ar thuairimí agus ní mór don duine a thuairimí a chur isteach laistigh de na teorainneacha ama arna sonrú ag an Oifig i gcomhréir le mír 2. Le linn agallaimh, tá an duine lena mbaineann i dteideal cúnaimh ó dhuine dá rogha féin. Tá aon duine lena mbaineann i dteideal a rogha féin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh a úsáid; mar sin féin, féadfar a iarraidh ar oifigigh nó ar sheirbhísigh eile de chuid an Aontais teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a úsáid ar a bhfuil eolas críochnúil acu. Beidh aon duine lena mbaineann i dteideal féin-ionchoiriú a sheachaint.

    I gcás nach mór rúndacht imscrúdaithe a chaomhnú agus ina n-úsáidtear imeachtaí imscrúdaitheacha a thagann faoi réimse freagrachtaí údaráis náisiúnta bhreithiúnaigh, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir cinneadh a dhéanamh comhlíonadh na hoibleagáide a chur siar, is é sin an oibleagáid maidir le hiarraidh ar an duine lena mbaineann a thuairimí a chur in iúl. I gcás imscrúdaithe inmheánaigh, déanfaidh an tArd-Stiúrthóir an cinneadh i gcomhaontú leis an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann an duine i gceist. Mura bhfreagraíonn an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht laistigh d'aon mhí amháin, measfar go bhfuil comhaontú ann.

    5. Beidh feidhm ag rialacha an Rialacháin seo gan dochar do na nithe seo a leanas:

    (a) An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

    (b) An Prótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh;

    (c) Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa;

    (d) Na Rialacháin Foirne.

    Airteagal 7b

    Nós imeachta um athbhreithniú

    1. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir nós imeachta um athbhreithniú i bhfeidhm laistigh den Oifig.

    2. Ní ghlacfaidh an duine nó na daoine a bhfuil an nós imeachta um athbhreithniú de chúram orthu teagasc ó aon duine eile i gcomhlíonadh a ndualgas.

    Má mheasann an duine nó na daoine a bhfuil an nós imeachta um athbhreithniú de chúram orthu go dtugann beart arna dhéanamh ag an Ard-Stiúrthóir neamhspleáchas an duine nó na ndaoine sin faoi cheist, cuirfidh siad an Coiste Maoirseachta ar an eolas faoi sin láithreach.

    Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta sula gcuirfear tús, i gcomhréir le forálacha na Rialachán Foirne, le haon imeachtaí araíonachta a bhaineann leis an duine nó leis na daoine a bhfuil an nós imeachta um athbhreithniú de chúram orthu.

    3. Féadfaidh comhalta, comhalta foirne nó duine nádúrtha atá bainteach le himscrúdú iarraidh ar an duine nó ar na daoine a bhfuil an nós imeachta um athbhreithniú de chúram orthu tuairim a thabhairt maidir leis na ráthaíochtaí nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 7a. Féadtar an iarraidh a dhéanamh le linn an imscrúdaithe nó, ar a dhéanaí, mí amháin tar éis an comhalta, comhalta foirne nó duine nádúrtha lena mbaineann a chur ar an eolas faoi chur i gcrích an imscrúdaithe.

    Laistigh d'aon mhí amháin ón iarraidh a fháil, déanfaidh an duine nó na daoine a bhfuil an nós imeachta um athbhreithniú de chúram orthu a dtuairimí a chur in iúl don Ard-Stiúrthóir agus cuirfidh siad freagra réasúnaithe chuig an duine lena mbaineann. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir na bearta iomchuí.

    4. Ní chuirtear an t-imscrúdú ar fionraí ar iarraidh a chur isteach faoi mhír 3.

    5. Tuairisceoidh an duine nó na daoine a bhfuil an nós imeachta um athbhreithniú de chúram orthu go tráthrialta don Choiste Maoirseachta maidir lena ngníomhaíochtaí; tíolacfaidh siad tuarascálacha rialta staidrimh agus anailíseacha don Choiste agus don Choimisiún maidir le ceisteanna a bhaineann leis na ráthaíochtaí nós imeachta. Ní fhéadfar tagairt a dhéanamh do chásanna aonair atá faoi imscrúdú sna tuarascálacha sin."

    36. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 go mír 4 d'Airteagal 8:

    "2. Aon fhaisnéis a chuirtear ar aghaidh nó a fhaightear le linn imscrúduithe inmheánacha, i cibé foirm, beidh sí faoi réir rúndachta gairmiúla agus beidh an choimirce aici a thugtar leis na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais.

    3. Áiritheoidh na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí lena mbaineann go n-urramaítear rúndacht na n-imscrúduithe arna seoladh ag an Oifig, mar aon le cearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann, agus, i gcás imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh, áiritheofar go gcomhlíontar gach foráil náisiúnta is infheidhme maidir leis na himeachtaí sin.

    4. Ní dhéanfaidh an Oifig ach na sonraí pearsanta sin is gá a phróiseáil chun a cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Déanfar an phróiseáil sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, lena n-áirítear faisnéis ábhartha a sholáthar don duine is ábhar do na sonraí mar a cheanglaítear le hAirteagal 11 agus Airteagal 12 den Rialachán sin. Ní fhéadfar faisnéis den chineál sin a chur i bhfios do dhaoine seachas dóibh siúd atá in institiúidí an Aontais nó sna Ballstáit agus a bhfuil gá an fios sin a bheith acu de bharr a bhfeidhmeanna, agus ní fhéadfar an fhaisnéis a úsáid ach chun calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chosc.

    Ceapfaidh an Oifig Oifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

    5. Áiritheoidh an tArd-Stiúrthóir go dtugtar aon fhaisnéis don phobal ar bhealach neodrach neamhchlaonta agus i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach san Airteagal seo agus in Airteagal 7a."

    37. Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    "1. Ar imscrúdú a bheith críochnaithe ag an Oifig, tarraingeofar suas tuarascáil, faoi údarás an Ard-Stiúrthóra, ina dtabharfar cuntas ar bhunús dlí an imscrúdaithe, na céimeanna den nós imeachta a leanadh, na fíorais a suíodh agus bunús dlí na bhfíoras sin, an dóigh ar urramaíodh na ráthaíochtaí nós imeachta i gcomhréir le hAirteagal 7a, an tionchar ar leasanna airgeadais an Aontais, más ann dó, agus conclúidí an imscrúdaithe, lena n-áirítear moltaí maidir le beart leantach ba cheart a dhéanamh."

    (b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4:

    "3. Cuirfear tuarascálacha a tharraingítear suas tar éis imscrúdaithe sheachtraigh agus aon doiciméid úsáideacha ghaolmhara chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann le himscrúduithe seachtracha agus cuirfear chuig an gCoimisiún iad freisin. Arna iarraidh sin don Oifig, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát i lena mbaineann faisnéis ar aghaidh chuig an Oifig maidir le haon bheart agus dul chun cinn a rinneadh tar éis don Oifig a tuarascálacha imscrúdaithe a tharchur.

    4. Cuirfear tuarascálacha a tharraingítear suas tar éis imscrúdaithe inmheánaigh agus aon doiciméid úsáideacha ghaolmhara chuig an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann. Déanfaidh an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht cibé beart, go háirithe beart araíonachta nó beart dlíthiúil, maidir leis na himscrúduithe inmheánacha, is gá de réir thorthaí na n-imscrúduithe sin, agus tuairisceofar maidir leis an mbeart sin don Oifig, laistigh de theorainn ama a leagfar síos i moltaí na tuarascála.

    5. I gcás ina léirítear sa tuarascáil a tharraingítear suas tar éis imscrúdaithe inmheánaigh go bhfuil fíorais ann a bhféadfadh imeachtaí coiriúla a bheith mar thoradh orthu, déanfar an fhaisnéis sin a tharchur chuig údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit lena mbaineann, ach amháin má tá bearta inmheánacha ar fáil lena bhféadfar gníomhaíocht leantach níos iomchuí a dhéanamh, i bhfianaise nádúr na bhfíoras agus scála an tionchair airgeadais.

    6. Gan dochar don dara habairt de mhír 4, mura bhfuil aon fhianaise faighte, ar imscrúdú a bheith críochnaithe, i gcoinne comhalta nó comhalta foirne institiúide, comhlachta, oifige nó gníomhaireachta ná i gcoinne duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, druidfidh an tArd-Stiúrthóir an t-imscrúdú faoin duine sin agus cuirfidh sé an duine lena mbaineann ar an eolas faoi sin laistigh de dheich lá oibre."

    7. Maidir le faisnéiseoir a thugann faisnéis a bhaineann le calaois nó neamhrialtacht amhrasta don Oifig, féadfaidh an Oifig an duine sin a chur ar an eolas nuair a dhruidtear an t-imscrúdú, má iarrann an duine amhlaidh, agus nuair is iomchuí sin féadfar é a chur ar an eolas nuair a chuirtear an tuarascáil chríochnaitheach chuig na húdaráis inniúla. Féadfaidh an Oifig an iarraidh a dhiúltú, áfach, má mheasann sé go ndéanfaí dochar do leasanna dlisteanacha an duine lena mbaineann, d'éifeachtacht an imscrúdaithe agus don bheart atá le déanamh ina dhiaidh sin nó d'aon cheanglais rúndachta."

    38. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

    " Airteagal 10

    Faisnéis a mhalartú idir an Oifig agus údaráis na mBallstát

    1. Gan dochar d'Airteagal 8 agus Airteagal 9 den Rialachán seo agus d'fhorálacha Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig faisnéis a fuarthas le linn imscrúduithe seachtracha a chur ar aghaidh tráth ar bith chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ionas go bhféadfaidh siad beart iomchuí a dhéanamh.

    2. Gan dochar d'Airteagal 8 agus Airteagal 9, déanfaidh an tArd-Stiúrthóir, le linn imscrúduithe inmheánacha, faisnéis a chur ar aghaidh chuig údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit lena mbaineann, ar faisnéis ón Oifig í maidir le fíorais ar gá imeachtaí imscrúdaitheacha dóibh laistigh de dhlinse údaráis náisiúnta bhreithiúnaigh.

    Cuirfidh sé an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht lena mbaineann ar an eolas faoi ar dtús, áfach. Beidh céannacht an duine lena mbaineann, achoimre ar na fíorais a suíodh, réamh-mheastóireacht dhlíthiúil agus meastachán ar aon tionchar airgeadais san áireamh san fhaisnéis a chuirfear ar aghaidh.

    Beidh feidhm ag Airteagal 7a (4).

    3. A mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir leis an dlí náisiúnta, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, agus go háirithe údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit sin, an Oifig ar an eolas gan mhoill, nó arna iarraidh sin di, faoin mbeart a rinneadh ar bhonn na faisnéise a cuireadh ar aghaidh chucu faoin Airteagal seo.

    4. Féadfaidh an Oifig fianaise a sholáthar in imeachtaí os comhair cúirteanna náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis na Rialacháin Foirne."

    39. Cuirtear isteach Airteagal 10a mar a leanas:

    " Airteagal 10a

    Comhar idir an Oifig agus Eurojust, Europol agus eagraíochtaí idirnáisiúnta

    1. Comhoibreoidh an Oifig, mar is iomchuí, le Eurojust, an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) agus eagraíochtaí idirnáisiúnta chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.

    Maidir le faisnéis ábhartha a tharchur chuig Eurojust, déanfaidh an Oifig amhlaidh i gcás ina bhféadtar tacaíocht a thabhairt do chomhordú agus comhar idir údaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh agus iad a neartú tríd an bhfaisnéis a tharchur nó i gcás ina gcuireann an Oifig faisnéis ar aghaidh chuig na húdaráis inniúla sna Ballstáit lena luaitear na cúiseanna atá aici le bheith in amhras go ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile dá dtagraítear in Airteagal 1 i bhfoirm coireachta tromchúisí.

    2. Féadfaidh an Oifig na socruithe riaracháin is gá chun an comhar sin a éascú a chomhaontú le Eurojust agus Europol. Féadfaidh socruithe oibre den chineál sin a bheith bainteach le malartú faisnéise oibríochtúla, straitéisí nó teicniúla, lena n-áirítear sonraí pearsanta agus faisnéis rúnaicmithe.

    3. De réir mar is iomchuí, féadfaidh an Oifig teacht ar chomhaontú freisin maidir le socruithe riaracháin le seirbhísí inniúla i dtríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Oibreoidh an Oifig i gcomhar le seirbhísí an Choimisiúin lena mbaineann agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí."

    40. Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

    (a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 go mír 4:

    "1. Déanfaidh an Coiste Maoirseachta neamhspleáchas na hOifige a atreisiú trí mhonatóireacht rialta a dhéanamh ar chur chun feidhme na hoibre imscrúdaithí.

    Déanfaidh an Coiste Maoirseachta na nithe seo a leanas go háirithe:

    (a) monatóireacht ar fheidhmiú an mhalartaithe faisnéise idir an Oifig agus na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí;

    (b) monatóireacht ar fhorbairtí a bhaineann le cur i bhfeidhm ráthaíochtaí nós imeachta agus fad na n-imscrúduithe i bhfianaise na faisnéise arna soláthar ag an Ard-Stiúrthóir agus na dtuairimí agus tuarascálacha anailíse a dhéanann an duine nó na daoine a bhfuil an nós imeachta um athbhreithniú de chúram orthu a tharraingt suas go rialta.

    Díreoidh an Coiste Maoirseachta tuairimí ar an Ard-Stiúrthóir. Féadfaidh sé na tuairimí sin a thabhairt ar a thionscnamh féin. Tabharfar iad freisin arna iarraidh sin don Ard-Stiúrthóir nó ar iarraidh ó institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht, ach ní chuirfear isteach ar sheoladh aon imscrúduithe atá ar siúl.

    Tabharfar cóip de na tuairimí sin do na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí.

    Féadfaidh an Coiste Maoirseachta iarraidh ar an Oifig faisnéis bhreise a thabhairt faoi imscrúduithe i gcásanna a bhfuil údar cuí tugtha leo ach ní chuirfear isteach ar sheoladh na n-imscrúduithe.

    2. Is é a bheidh sa Choiste Maoirseachta cúigear comhaltaí neamhspleácha a bhfuil taithí acu ar obair shinsearach bhreithiúnach nó imscrúdaitheach nó ar obair eile den chineál sin a bhaineann le réimse gníomhaíochta na hOifige. Ceapfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún iad de thoil a chéile, ar bhonn liosta réamhroghnúcháin arna chur isteach ag an gCoimisiún.

    3. Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus ní fhéadfar é a athnuachan. Athrófar cuid de na comhaltaí gach 30 mí. Athrófar triúr comhaltaí agus beirt chomhaltaí gach re seach.

    4. Nuair a rachaidh a dtéarma oifige in éag, fanfaidh comhaltaí i seilbh oifige go gceapfar daoine ina n-ionad."

    (b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6 go mír 8:

    "6. Ceapfaidh an Coiste Maoirseachta a chathaoirleach. Glacfaidh sé a rialacha nós imeachta féin, a chuirfear mar eolas faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin sula nglacfar iad. Comórfar cruinnithe an Choiste Maoirseachta ar thionscnamh an chathaoirligh nó ar thionscnamh an Ard-Stiúrthóra. Beidh ar a laghad deich gcruinniú aige in aghaidh na bliana. Déanfaidh an Coiste Maoirseachta a chinntí trí thromlach a chomhaltaí. Is é an Oifig a sholáthróidh rúnaíocht an Choiste.

    7. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir plean bliantúil bainistíochta na hOifige ar aghaidh chuig an gCoiste Maoirseachta gach bliain. Cuirfidh sé an Coiste Maoirseachta ar an eolas go tráthrialta faoi ghníomhaíochtaí na hOifige, cur chun feidhme a oibre imscrúdaithí agus aon bheart a leanann ó imscrúduithe.

    Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir an Coiste Maoirseachta ar an eolas faoi na nithe seo a leanas go tráthrialta:

    (a) cásanna nach ngníomhaíonn an institiúid, comhlacht, gníomhaireacht nó oifig lena mbaineann nó údaráis inniúla na mBallstát de réir mholtaí na hOifige;

    (b) cásanna ina gcuirtear faisnéis ar aghaidh chuig údaráis bhreithiúnacha na mBallstát agus cásanna ina socraíonn an tArd-Stiúrthóir gan faisnéis maidir le himscrúduithe inmheánacha a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 9(5);

    (c) fad imscrúduithe i gcomhréir le hAirteagal 6(6).

    8. Glacfaidh an Coiste Maoirseachta ar a laghad aon tuarascáil ar a ghníomhaíochtaí in aghaidh na bliana, lena gcumhdófar go háirithe measúnú ar neamhspleáchas na hOifige, cur i bhfeidhm ráthaíochtaí nós imeachta agus fad imscrúduithe. Cuirfear na tuarascálacha sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

    Féadfaidh an Coiste tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí maidir le torthaí imscrúduithe na hOifige agus aon bheart a dhéantar ina leith."

    41. Cuirtear isteach Airteagal 11a mar a leanas:

    " Airteagal 11a

    Tuairimí a mhalartú leis na hinstitiúidí

    1. Tiocfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún le chéile go tráthrialta nó ar iarraidh a fháil ó cheann de na hinstitiúidí sin, ón Oifig nó ón gCoiste Maoirseachta chun tuairimí a mhalartú ar leibhéal polaitiúil agus beartas na hOifige i dtaobh imscrúduithe a phlé. Beidh an tArd-Stiúrthóir agus cathaoirleach an Choiste Maoirseachta rannpháirteach sa mhalartú tuairimí. Féadfar cuireadh a thabhairt do chomhaltaí Europol, Eurojust agus na Cúirte Iniúchóirí a bheith i láthair ar bhonn ad-hoc ar iarraidh a fháil ó cheann de na hinstitiúidí thuasluaite, ón Oifig nó ón gCoiste Maoirseachta.

    42. 2. Beidh baint ag an malartú tuairimí leis na nithe seo a leanas:

    (a) na tosaíochtaí straitéiseacha maidir le beartais imscrúdaitheacha na hOifige;

    (b) na tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí agus tuairimí an Choiste Maoirseachta dá bhforáiltear in Airteagal 11(1);

    (c) tuarascálacha an Ard-Stiúrthóra faoi fhomhír 2 d'Airteagal 12(3);

    (d) an caidreamh idir an Oifig agus na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí;

    (e) an caidreamh idir an Oifig agus údaráis inniúla na mBallstát;

    (f) éifeachtacht obair na hOifige maidir le himscrúduithe agus éifeachtacht obair an Choiste Maoirseachta.

    3. Ní chuirfidh malartú tuairimí isteach ar sheoladh na n-imscrúduithe.

    4. Rachaidh an Oifig i mbun gníomhaíochta iomchuí maidir leis na tuairimí arna sonrú sa mhalartú tuairimí agus soláthróidh sí faisnéis ar na bearta a dhéantar sna tuarascálacha dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 12(3)."

    43. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

    " Airteagal 12

    Ard-Stiúrthóir

    1. Beidh Ard-Stiúrthóir i gceannas ar an Oifig. Is é an Coimisiún a cheapfaidh an tArd-Stiúrthóir, i gcomhréir leis an nós imeachta atá sonraithe i mír 2. Seacht mbliana a bheidh i dtéarma oifige an Ard-Stiúrthóra agus ní fhéadfar é a athnuachan.

    2. Chun Ard-Stiúrthóir nua a cheapadh, foilseoidh an Coimisiún glao ar iarratais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Foilseofar sin ar a laghad se mhí roimh dheireadh shainordú an Ard-Stiúrthóra i seilbh oifige. Tar éis dó nós imeachta roghnúcháin a chur i gcrích, tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta d'iarrthóirí atá cuí-cháilithe, rachaidh sé i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle agus leis an gCoiste Maoirseachta ar bhonn an liosta sin agus glacfaidh sé cinneadh.

    3. Ní iarrfaidh an tArd-Stiúrthóir teagasc ná ní ghlacfaidh sé é ó aon rialtas ná ó aon institiúid, comhlacht, oifig ná gníomhaireacht i gcomhlíonadh a dhualgas maidir le himscrúduithe seachtracha agus inmheánacha a oscailt agus a dhéanamh nó maidir le tuarascálacha a dhréachtú i ndiaidh na n-imscrúduithe sin. Má mheasann an tArd-Stiúrthóir go dtugann beart arna dhéanamh ag an gCoimisiún a neamhspleáchas faoi cheist, cuirfidh sé an Coiste Maoirseachta ar an eolas faoi sin láithreach chun a thuairim a fháil agus chun cinneadh a dhéanamh maidir le caingean a thionscnamh in aghaidh an Choimisiúin os comhair na Cúirte Breithiúnais.

    Tuairisceoidh an tArd-Stiúrthóir go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus an don Choimisiún maidir le torthaí imscrúduithe a dhéanann an Oifig, aon bheart atá déanta agus na fadhbanna a bhaineann leis, agus ag an am céanna urramófar rúndacht na n-imscrúduithe, cearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann agus, nuair is iomchuí, aon fhorálacha náisiúnta is infheidhme maidir le himeachtaí breithiúnacha.

    4. Cinnfidh an tArd-Stiúrthóir tosaíochtaí beartais imscrúdaithe na hOifige gach bliain i gcomhthéacs an phlean bhliantúil bhainistíochta.

    5. Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir feidhmiú cuid dá fheidhmeanna faoi Airteagal 5 agus Airteagal 6(1) a tharmligean chuig comhalta foirne amháin nó chuig roinnt comhaltaí foirne de chuid na hOifige trí dhoiciméad scríofa lena sonraítear na coinníollacha agus teorannacha a rialaíonn an tarmligean.

    6. Tabharfaidh comhlacht inmheánach cúnamh don Ard-Stiúrthóir ar comhlacht é lena rachaidh sé i gcomhairle maidir le himscrúdú a oscailt, roimh imscrúdú a dhruidim agus aon uair eile is iomchuí dar leis.

    7. Glacfaidh an tArd-Stiúrthóir lámhleabhar nósanna imeachta tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta, Oifigeach Cosanta Sonraí na hOifige agus an duine nó na daoine a bhfuil an nós imeachta um athbhreithniú de chúram orthu i gcomhréir le hAirteagal 7b. Cuirfear treoirlínte ar fáil sa lámhleabhar sin maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil na n-imscrúduithe riaracháin de chuid na hOifige.

    8. Sula ndéanfar aon phionós araíonachta a fhorchur in aghaidh an Ard-Stiúrthóra, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta.

    Beidh pionóis araíonachta in aghaidh an Ard-Stiúrthóra ina n-ábhar do chinntí réasúnaithe a chuirfear ar aghaidh mar eolas chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoiste Maoirseachta.

    9. Ba cheart aon tagairt do "Stiúrthóir" na hOifige sna Rialacháin Foirne, sa Rialachán Airgeadais[19] agus in aon téacs dlíthiúil eile a thuiscint mar thagairt don Ard-Stiúrthóir."

    44. Cuirtear isteach Airteagal 12a mar a leanas:

    " Airteagal 12a

    Stiúrthóir(í) ionaid

    Beidh feidhm ag rialacha an Choimisiúin maidir le hionadú a dhéanamh.

    De mhaolú air sin, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir duine nó beirt dá Stiúrthóirí a cheapadh mar Stiúrthóirí ionaid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta. Mura bhfuil aon duine de na Stiúrthóirí ionaid ar fáil, beidh feidhm arís ag rialacha an Choimisiúin maidir le hionadú a dhéanamh."

    45. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

    " Airteagal 13

    Maoiniú

    Maidir leis na leithreasaí don Oifig, a ndéanfar an méid iomlán a bheidh i gceist leo a iontráil i líne shonrach buiséid laistigh den roinn de bhuiséad ginearálta an Aontais a bhaineann leis an gCoimisiún, leagfar amach go mionchruinn iad in Iarscríbhinn a ghabhann leis an roinn sin.

    Cuirfear plean bunaíochta na hOifige i gceangal le plean bunaíochta an Choimisiúin."

    46. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

    "Airteagal 14

    Tuarascáil mheastóireachta

    [ Ceithre bliana tar éis an dáta a nglacfar an Rialachán seo ] ar a dhéanaí, tarchuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, mar aon le tuairim ón gCoiste Maoirseachta. Sa tuarascáil sin sonrófar más gá an Rialachán seo a leasú."

    47. Scriostar Airteagal 15.

    Airteagal 2

    Aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999.

    Airteagal 3

    1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

    2. Beidh feidhm ag Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 arna leasú leis an Rialachán seo maidir le fad téarma oifige chomhaltaí an Choiste Maoirseachta atá i seilbh oifige tráth a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm. Díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, roghnóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa beirt chomhaltaí, trí chrannchur, a thiocfaidh deireadh lena bhfeidhmeanna i ndeireadh an chéad 30 mí dá dtéarma oifige, de mhaolú ar an gcéad abairt den tríú mír d'Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 arna leasú leis an Rialachán seo.

    3. Beidh feidhm ag an tríú habairt den chéad mhír d'Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 arna leasú leis an Rialachán seo maidir le sainordú an Ard-Stiúrthóra atá i seilbh oifige tráth a thagann an Rialachán seo i bhfeidhm.

    4. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    IARSCRÍBHINN

    […]

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

    [gabhann an fhoirm seo le gach aon togra nó tionscnamh a thíolactar don údarás reachtach

    (Airteagal 28 den Rialachán Airgeadais agus Airteagal 22 de na rialacha cur chun feidhme)]

    1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    1.1. Teideal an togra/tionscnaimh: Togra leasaithe lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (EURATOM) Uimh. 1074/1999

    1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB: Réimse beartais frith-chalaoise

    1.3. An cineál togra/tionscnaimh: reachtach

    1.4. Cuspóirí: éifeachtúlacht ghinearálta OLAF agus rialachas OLAF a fheabhsú

    1.5. Na forais leis an togra/tionscnamh: Airteagal 325 den CFAE, Airteagal 106a EURATOM

    1.6. Fad agus tionchar airgeadais: N/B

    1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe: Bainistiú dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

    2. BEARTA BAINISTÍOCHTA

    2.1. Rialacha monatóireachta agus tuairiscithe: Féach Airteagal 14 den Togra Leasaithe

    2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe: N/B

    2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc: Faoi raon feidhme an Rialacháin seo

    3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar: 24.010600.03.01.00 Caiteachas a tabhaíodh i gcás comhaltaí an Choiste Maoirseachta

    3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

    3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas Gan tionchar

    3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí Gan tionchar

    3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin Gan tionchar

    3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha Gan tionchar

    3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe Gan tionchar

    3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

    RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

    LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

    Teideal an togra/tionscnaimh

    Togra leasaithe chun Rialachán Uimh. 1073/1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a leasú agus lena n-aisghairtear Rialachán (EURATOM) Uimh. 1074/1999

    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[20]

    24.01. Caiteachas riaracháin an réimse bheartais a bhaineann le calaois a chomhrac

    24.02. Réimse beartais frith-chalaoise

    An cineál togra/tionscnaimh

    ( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

    ( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[21]

    ( Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

    ( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

    Cuspóirí

    Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

    Calaois a chomhrac

    Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    Cuspóir sonrach Uimh. 7.1.a

    Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

    24.01. Caiteachas riaracháin an réimse bheartais a bhaineann le calaois a chomhrac

    24.02. Gníomhaíochtaí frith-chalaoise

    An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

    Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

    Comhar feabhsaithe idir OLAF agus na geallsealbhóirí ar gach leibhéal: ar leibhéal an AE le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an AE, údaráis inniúla na mBallstát agus údaráis ó thríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

    Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

    Sonraigh na táscairí a léiríonn monatóireacht ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    I gcomhréir le hAirteagal 14

    Na forais leis an togra/tionscnamh

    Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

    Freagracht iomlán a bheith ag OLAF faoi choinníollacha a urramaíonn ráthaíochtaí bunúsacha, chomh maith le neamhspleáchas OLAF.

    Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

    In Airteagal 325 den CFAE foráiltear go ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit gníomhaíochtaí comhpháirteacha chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun calaois a chomhrac. San Airteagal sin, mar sin, tugtar freagrachtaí sonracha don Choimisiún maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

    Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

    -

    Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

    Luíonn an togra leasaithe le hionstraimí reachtacha ábhartha an Aontais Eorpaigh.

    Fad agus tionchar airgeadais

    ( Togra/tionscnamh d' fhad teoranta

    - ( Togra/tionscnamh in éifeacht ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

    - ( Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

    ( Togra/tionscnamh d' fhad neamhtheoranta

    - Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB,

    - agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

    Modhanna bainistíochta atá beartaithe[22]

    ( Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

    ( Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

    - ( gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

    - ( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[23]

    - ( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

    - ( daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

    ( Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

    ( Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

    ( Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

    I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

    Nótaí

    […]

    […]

    BEARTA BAINISTÍOCHTA

    Rialacha monatóireachta agus tuairiscithe

    Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

    Déanfaidh an Coiste Maoirseachta monatóireacht ar ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha OLAF i gcomhréir le hAirteagal 11.

    Chomh maith le hoibleagáidí nach ndéanann an togra leasaithe aon difear dóibh a chomhlíonadh, tuairisceoidh na daoine a bhfuil an nós imeachta um athbhreithniú de chúram orthu don Choiste Maoirseachta maidir lena ngníomhaíochtaí go rialta (Airteagal 7b)

    Córas bainistíochta agus rialaithe

    Na rioscaí a aithníodh

    N/B

    Modhanna rialaithe atá beartaithe

    N/B

    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

    Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

    Cur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

    […]

    AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

    - Línte buiséid atá ann cheana

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil | Líne buiséid | Saghas caiteachais | Ranníocaíocht |

    Uimhir [Tuairisc...........................................................] | LD/LN ([24]) | ó thíortha an CSTE[25] | ó thíortha is iarrthóirí[26] | ó thríú tíortha | de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais |

    24.0106 | 24.010600.030100 Caiteachas atá ann de thoradh shainordú chomhaltaí an Choiste Maoirseachta | LN | NÍL | NÍL | NÍL | NÍL |

    - Línte nua buiséid atá á n-iarraidh

    In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil | Líne buiséid | Saghas caiteachais | Ranníocaíocht |

    Uimhir [Ceannteideal………………………...……] | LD/LN | ó thíortha an CSTE | ó thíortha is iarrthóirí | ó thríú tíortha | de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais |

    […] | [XX.YY.YY.YY] […] | […] | TÁ/NÍL | TÁ/NÍL | TÁ/NÍL | TÁ/NÍL |

    An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

    Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: | Uimhir | [Ceannteideal………………………...……...................................................] |

    EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    -

    Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

    - ( Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna

    - ( Éilíonn an togra/an tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

    Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

    Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) |

    ( Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) |

    XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) | 8 |

    XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) |

    XX 01 05 01 (Taighde indíreach) |

    10 01 05 01 (Taighde díreach) |

    ( Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[34] |

    XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch") |

    XX 01 02 02 (CA, INT, TED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) |

    10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) |

    Línte buiséid eile (sonraigh) |

    IOMLÁN | 8 |

    Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

    Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun na bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

    Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

    Oifigigh agus gníomhairí sealadacha | Tacaíocht riaracháin do Chomhaltaí an Choiste Maoirseachta |

    Pearsanra seachtrach |

    Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

    - ( Tá an togra/an tionscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

    - ( Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

    Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    […]

    - ( Éilíonn an togra/an tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[37].

    Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

    […]

    Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

    - (Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

    - Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

    Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

    Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | Iomlán |

    Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a léiriú (féach pointe 1.6) |

    Airteagal … | | | | | | | | | |I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu.

    […]

    Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

    […][pic][pic][pic]

    [1] IO L 136, 31.5.1999, Lch. 1.

    [2] IO L 136, 31.5.1999, Lch. 8.

    [3] IO L 136, 31.5.1999, Lch. 20.

    [4] COIM (2006) 244

    [5] Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2008 maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), P6_TA-PROV(2008) 553. Féach A6-0394/2008 don tuairisc ullmhúcháin.

    [6] SEC (2010) 859

    [7] Tuairim Uimh. 2/2010 an 23 Meán Fómhair 2010 agus Tuairim Uimh. 5/2010 an 29 Samhain 2010, atá foilsithe i dTuarascáil Bhliantúil Choiste Maoirseachta OLAF (Meitheamh 2009 - Nollaig 2010).http://ec.europa.eu/anti_fraud/reports/sup_comm/2009-2010/Activity-report-2009-2010_en.pdf

    [8] Cinneadh 2009/371/JHA ón gComhairle an 6 Aibreán 2009, IO L 121, Lch. 37.

    [9] Cinneadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2002, IO L 63, 6.3.2002, Lch. 1 (Airteagal 11(3))

    [10] Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, IO L 8, 12.1.2001, lgh. 1-22.

    [11] IO C […], […], Lch. […].

    [12] IO C […], […], Lch. […].

    [13] IO L 136, 31.5.1999, Lch. 1.

    [14] Tuarascáil speisialta Uimh. 1/2005 (IO C 202, 18.8.2005, Lch. 1) atá formheasta ag Conclúidí ón gComhairle an 8 Samhain 2005.

    [15] IO L 292, 15.11.1996, Lch. 2.

    [16] IO L 136, 31.5.1999, Lch. 8.

    [17] IO L56.4.3.1968.

    [18] IO L 312, 23.12.1995, lgh. 1-4.

    [19] IO L 248, 16.9.2002, lgh. 1-48.

    [20] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

    [21] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

    [22] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

    [23] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

    [24] LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte

    [25] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

    [26] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ó na Balcáin Thiar .

    [27] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    [28] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

    [29] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    [30] Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

    [31] Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "Cuspóir sonrach/Cuspóirí sonracha..."

    [32] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

    [33] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

    [34] CA = Gníomhaire ar conrardh; INT= foireann ghníomhaireachta (" Intérimaire "); JED= " Jeune Expert en Délégation " (saineolaí óg i dToscaireacht); GÁ = Gníomhaire Áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

    [35] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

    [36] Le haghaidh na gCistí Struchtúrtha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

    [37] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

    [38] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e méideanna comhlána agus 25% de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

    Top