Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22021A0430(02)

    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú agus a chosaint

    Seo téacs barántúil críochnúil an chomhaontaithe a chuirtear in ionad ab initio 22020A1231(02).

    IO L 149, 30.4.2021, p. 2540–2548 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(2)/oj

    Related Council decision

    30.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 149/2540


    COMHAONTÚ

    idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú agus a chosaint

    TÁ an tAontas Eorpach (“an tAontas”)

    agus

    Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”),

    dá ngairtear “na Páirtithe” go comhpháirteach,

    ÓS RUD É:

    gur cuspóirí do na Páirtithe araon a slándáil féin a neartú ar gach bealach,

    go gcomhaontaíonn na Páirtithe gur cheart comhar a fhorbairt eatarthu maidir le ceisteanna leasa choitinn sa réimse maidir le slándáil faisnéise,

    sa chomhthéacs sin, go bhfuil riachtanas buan ann, dá bhrí sin, faisnéis rúnaicmithe a mhalartú idir na Páirtithe,

    Á AITHINT DÓIBH go bhféadfadh sé go n-éileodh comhar agus comhairliúchán iomlán éifeachtach rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe agus ábhar rúnaicmithe na bPáirtithe agus go bhféadfaí an fhaisnéis agus an t-ábhar sin a mhalartú,

    AGUS IAD AR AN EOLAS gur gá bearta slándála iomchuí a dhéanamh chun rochtain agus malartuithe den sórt sin a dhéanamh ar fhaisnéis agus ábhar rúnaicmithe,

    Á ADMHÁIL DÓIBH gur comhaontú forlíontach é an Comhaontú seo ar an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, (dá ngairtear “an Comhaontú Trádála agus Comhair” anseo feasta),

    TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

    Airteagal 1

    1.   Chun na cuspóirí a chomhlíonadh maidir le slándáil gach Páirtí a neartú ar gach bealach, tá feidhm ag an gComhaontú seo maidir le faisnéis nó ábhar rúnaicmithe i bhfoirm ar bith a sholáthraíonn Páirtí amháin don Pháirtí eile nó a mhalartaítear idir na Páirtithe.

    2.   Cosnóidh gach Páirtí faisnéis rúnaicmithe a fhaightear ón bPáirtí eile ar nochtadh neamhúdaraithe nó ar chaillteanas i gcomhréir leis na téarmaí a leagtar amach sa Chomhaontú seo agus i gcomhréir le dlíthe, rialacha agus rialacháin faoi seach na bPáirtithe.

    3.   Ní bonn é an Comhaontú seo le hiallach a chur ar na Páirtithe faisnéis rúnaicmithe a sholáthar nó a mhalartú.

    Airteagal 2

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, ciallaíonn “faisnéis rúnaicmithe” aon fhaisnéis nó aon ábhar, in aon fhoirm, cineál nó modh tarchuir:

    (a)

    a chinneann aon cheann de na Páirtithe gur gá an fhaisnéis nó an t-ábhar sin a chosaint ar nochtadh neamhúdaraithe nó ar chaillteanas a d’fhéadfadh leibhéil éagsúla damáiste nó díobhála a dhéanamh do leasanna na Ríochta Aontaithe, do leasanna an Aontais nó do leasanna ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit; agus

    (b)

    atá marcáilte dá réir sin le haicmiú slándála mar a leagtar amach in Airteagal 7.

    Airteagal 3

    1.   Is iad an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (“SEGS”), an Coimisiún Eorpach, agus Ardrúnaíocht na Comhairle na hinstitiúidí agus na heintitis de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag an gComhaontú seo maidir leo.

    2.   Féadfaidh na hinstitiúidí agus na heintitis sin de chuid an Aontais faisnéis rúnaicmithe a fhaightear faoin gComhaontú seo a roinnt le hinstitiúidí agus eintitis eile de chuid an Aontais, faoi réir toiliú a fháil i scríbhinn roimh ré ón bPáirtí is soláthraí agus faoi réir ráthaíochtaí iomchuí go gcosnóidh an institiúid nó an t-eintiteas is faighteoir an fhaisnéis go leordhóthanach.

    Airteagal 4

    Áiritheoidh gach Páirtí go bhfuil córais agus bearta slándála iomchuí i bhfeidhm aige, ar córais agus bearta iad atá bunaithe ar na bunphrionsabail agus ar na caighdeáin íosta slándála a leagtar síos ina ndlíthe, ina rialacha nó ina rialacháin faoi seach, agus a léirítear sa socrú cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12, chun a áirithiú go gcuirfear leibhéal coibhéiseach cosanta i bhfeidhm maidir le faisnéis rúnaicmithe atá faoi réir an Chomhaontaithe seo.

    Airteagal 5

    1.   Maidir le faisnéis rúnaicmithe a chuirfear ar fáil nó a mhalartófar faoin gComhaontú seo, déanfaidh gach Páirtí an méid seo a leanas:

    (a)

    déanfaidh sé an fhaisnéis rúnaicmithe sin a chosaint, i gcomhréir lena dhlíthe, lena rialacha agus lena rialacháin féin, ar leibhéal cosanta atá coibhéiseach leis an leibhéal cosanta a thugann sé dá fhaisnéis rúnaicmithe féin ar an leibhéal comhfhreagrach rúnaicmithe slándála, mar a leagtar amach in Airteagal 7;

    (b)

    áiritheoidh sé go gcoinneoidh an fhaisnéis rúnaicmithe sin an mharcáil rúnaicmithe slándála a thug an Páirtí is soláthraí di, agus nach ndéanfar í a íosghrádú nó a scaoileadh ó rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón bPáirtí is soláthraí; cosnóidh an Páirtí is faighteoir an fhaisnéis rúnaicmithe i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach ina dhlíthe, ina rialacha agus ina rialacháin is infheidhme maidir le faisnéis a bhfuil aicmiú slándála coibhéiseach aici, mar atá sonraithe in Airteagal 7;

    (c)

    ní úsáidfidh sé faisnéis rúnaicmithe den sórt sin chun críocha seachas na críocha sin arna mbunú ag an tionscnóir nó iadsan dá soláthraítear nó dá malartaítear an fhaisnéis, ach amháin i gcás ina bhfuil toiliú i scríbhinn tugtha ag an bPáirtí is soláthraí;

    (d)

    faoi réir na módúlachtaí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, gan faisnéis rúnaicmithe den sórt sin a nochtadh do thríú páirtí nó faisnéis rúnaicmithe den sórt sin a chur ar fáil don phobal gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón bPáirtí is soláthraí;

    (e)

    ní cheadóidh sé rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe den sórt sin ag daoine aonair mura rud é go bhfuil gá acu le fios a bheith acu agus go bhfuil imréiteach slándála deonaithe dóibh nó go bhfuil siad cumhachtaithe nó údaraithe ar bhealach eile i gcomhréir le dlíthe, rialacha agus rialacháin infheidhme an Pháirtí is faighteoir;

    (f)

    áiritheoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis rúnaicmithe sin a láimhseáil agus a stóráil i saoráidí atá daingnithe, rialaithe agus cosanta go hiomchuí i gcomhréir lena dhlíthe, lena rialacha agus lena rialacháin; agus

    (g)

    áiritheoidh sé go ndéanfar gach duine a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis rúnaicmithe sin a chur ar an eolas faoina bhfreagracht í a chosaint i gcomhréir leis na dlíthe, na rialacha agus na rialacháin is infheidhme.

    2.   Déanfaidh an Páirtí is faighteoir an méid seo a leanas:

    (a)

    gach beart is gá a dhéanamh i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin chun cosc a chur ar fhaisnéis rúnaicmithe a sholáthraítear faoin gComhaontú seo a chur ar fáil don phobal nó d’aon tríú páirtí; má dhéantar aon iarraidh chun aon fhaisnéis rúnaicmithe a sholáthraítear faoin gComhaontú seo a chur ar fáil don phobal nó d’aon tríú páirtí, tabharfaidh an Páirtí is faighteoir fógra i scríbhinn láithreach don Pháirtí is soláthraí, agus rachaidh an dá Pháirtí i gcomhairle le chéile i scríbhinn sula ndéanfar cinneadh maidir le nochtadh na faisnéise sin;

    (b)

    an Páirtí is soláthraí a chur ar an eolas maidir le haon iarraidh ó údarás breithiúnach, mar chuid de phróiseas breithiúnach freisin, nó ó údarás reachtach atá ag gníomhú i gcáil imscrúdaitheach, chun faisnéis rúnaicmithe a fháil ón bPáirtí is soláthraí faoin gComhaontú seo; le linn dó iarraidh den sórt sin a mheasúnú, cuirfidh an Páirtí is faighteoir tuairimí an Pháirtí is soláthraí san áireamh a mhéid is féidir; más rud é, de bhua dhlíthe agus rialacháin an Pháirtí is faighteoir, go bhfuil tarchur na faisnéise rúnaicmithe chuig an údarás reachtach nó breithiúnach iarrthach i gceist leis an iarraidh sin, mar chuid de phróiseas breithiúnach freisin, áiritheoidh an Páirtí is faighteoir, a mhéid is féidir, go gcosnófar an fhaisnéis go hiomchuí, lena n-áirítear ó aon nochtadh d’údaráis eile nó do thríú páirtithe.

    Airteagal 6

    1.   Déanfar faisnéis aicmithe a nochtadh nó a scaoileadh i gcomhréir le prionsabal an toilithe ón tionscnóir.

    2.   Maidir le scaoileadh chuig faighteoirí eile seachas na Páirtithe, faoi réir phointe (d) d’Airteagal 5(1), déanfaidh an Páirtí is faighteoir cinneadh maidir le faisnéis rúnaicmithe a nochtadh nó a scaoileadh ar bhonn cás ar chás, faoi réir toiliú a fháil i scríbhinn roimh ré ón bPáirtí is soláthraí agus i gcomhréir le prionsabal an toilithe ón tionscnóir.

    3.   Ní dhéanfar aon scaoileadh cineálach mura gcomhaontóidh na Páirtithe nósanna imeachta maidir le catagóirí áirithe faisnéise is ábhartha dá gceanglais shonracha.

    4.   Ní fhéadfar faisnéis rúnaicmithe atá faoi réir an Chomhaontaithe seo a sholáthar do chonraitheoir nó do chonraitheoir ionchasach ach amháin le toiliú i scríbhinn roimh ré ón bPáirtí is soláthraí. Sula ndéanfaidh sé aon fhaisnéis rúnaicmithe a nochtadh do chonraitheoir nó do chonraitheoir ionchasach, áiritheoidh an Páirtí is faighteoir go mbeidh a shaoráidí daingnithe ag an gconraitheoir nó ag an gconraitheoir ionchasach agus go mbeidh sé in ann an fhaisnéis rúnaicmithe a chosaint i gcomhréir leis na dlíthe, na rialacha agus na rialacháin is infheidhme, agus go mbeidh an t-imréiteach slándála saoráide is gá ag an gconraitheoir nó ag an gconraitheoir ionchasach dó féin agus, i gcás inarb infheidhme, go mbeidh na himréitigh slándála iomchuí ag an gconraitheoir sin dá phearsanra ar gá dóibh rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe a bheith acu.

    Airteagal 7

    1.   Chun leibhéal coibhéiseach cosanta a bhunú d’fhaisnéis rúnaicmithe arna soláthar ag na Páirtithe nó arna malartú eatarthu, beidh na haicmithe slándála ar aon dul leis an méid seo a leanas:

    An tAontas Eorpach

    An Ríocht Aontaithe

    TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET

    UK TOP SECRET

    SECRET UE/EU SECRET

    UK SECRET

    CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL

    Gan a chomhionann – féach mír 2

    RESTREINT UE/EU RESTRICTED

    UK OFFICIAL-SENSITIVE

    2.   Mura gcomhaontaítear a mhalairt go frithpháirteach idir na Páirtithe, tabharfaidh an Ríocht Aontaithe leibhéal coibhéiseach cosanta d’fhaisnéis rúnaicmithe CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus a thugtar d’fhaisnéis rúnaicmithe UK SECRET.

    3.   Mura mbeidh fógra i scríbhinn tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Aontas go bhfuil sí tar éis a cuid faisnéise rúnaicmithe leagáide UK CONFIDENTIAL a íosghrádú nó a scaoileadh ó rúnaicmiú, tabharfaidh an tAontas leibhéal coibhéiseach cosanta don fhaisnéis sin agus a thugtar d’fhaisnéis rúnaicmithe CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL agus, mura mbeidh fógra i scríbhinn tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Aontas go bhfuil a cuid faisnéise rúnaicmithe leagáide UK RESTRICTED scaoilte ó rúnaicmiú aici, tabharfaidh an tAontas aon fhaisnéis rúnaicmithe leagáide UK RESTRICTED leibhéal coibhéiseach cosanta agus a thugtar d’fhaisnéis rúnaicmithe RESTREINT UE/EU RESTRICTED.

    Airteagal 8

    1.   Áiritheoidh na Páirtithe i ndáil le gach duine ar gá dó rochtain a bheith aige agus é i mbun a chuid dualgas oifigiúil, nó a d’fhéadfadh rochtain a fháil trína chuid dualgas nó feidhmeanna, ar fhaisnéis atá rúnaicmithe ag leibhéal CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIEL nó UK SECRET nó os a chionn arna soláthar nó arna malartú faoin gComhaontú seo, go mbeidh na himréitigh slándála iomchuí aige, nó go dtabharfar an chumhacht nó an t-údarú ar shlí eile dó i gcomhréir leis na dlíthe, na rialacha agus na rialacháin is infheidhme de chuid an Pháirtí is faighteoir, sula ndeonófar rochtain do na daoine sin ar an bhfaisnéis rúnaicmithe sin de bhreis ar an gceanglas riachtanach, mar a fhoráiltear i bpointe (e) d’Airteagal 5(1).

    2.   Ceapfar nósanna imeachta um imréiteach slándála chun a chinneadh an féidir nó nach féidir le duine aonair rochtain a bheith aige ar fhaisnéis rúnaicmithe, agus a dhílseacht, an méid is féidir brath air agus a iontaofacht á gcur san áireamh.

    Airteagal 9

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo:

    (a)

    déanfar gach faisnéis rúnaicmithe a scaoilfear chuig an Aontas faoin gComhaontú seo a sheoladh trí na nithe seo a leanas:

    (i)

    Clárlann Lárnach Ardrúnaíocht na Comhairle, má dhírítear í chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle nó chuig Ardrúnaíocht na Comhairle;

    (ii)

    Clárlann Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh, má dhírítear í chuig an gCoimisiún Eorpach;

    (iii)

    Clárlann na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, má dhírítear í chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nó chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí;

    (b)

    déanfar an fhaisnéis rúnaicmithe go léir a scaoilfear chuig an Ríocht Aontaithe faoin gComhaontú seo a chur chuig an Ríocht Aontaithe trí Mhisean na Ríochta Aontaithe chuig an Aontas;

    (c)

    féadfaidh na Páirtithe modhanna cuí a chomhaontú go frithpháirteach chun malartú éifeachtúil faisnéise rúnaicmithe a áirithiú, i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach i bpointí (a) agus (b).

    Airteagal 10

    Déanfar tarchuir leictreonacha faisnéise rúnaicmithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus tarchuir leictreonacha faisnéise rúnaicmithe idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas a chriptiú i gcomhréir le ceanglais an Pháirtí a scaoileann an fhaisnéis sin mar a leagtar amach iad ina dhlíthe, ina rialacha agus ina rialacháin; leagfar amach sa socrú cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12 dá réir sin, na coinníollacha faoina bhféadfaidh gach Páirtí faisnéis rúnaicmithe, arna soláthar ag an bPáirtí eile, a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil, ina líonraí inmheánacha.

    Airteagal 11

    Déanfaidh Ardrúnaí na Comhairle, an Comhalta den Choimisiún Eorpach atá freagrach as cúrsaí slándála, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Údarás Slándála Náisiúnta na Ríochta Aontaithe, an Oifig Comh-Aireachta, maoirseacht ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.

    Airteagal 12

    1.   Chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme, bunófar socrú cur chun feidhme idir údaráis slándála inniúla institiúidí an Aontais atá ainmnithe thíos, agus gach ceann acu ag gníomhú thar ceann a údaráis eagraíochtúil, agus Údarás Slándála Náisiúnta na Ríochta Aontaithe, an Oifig Comh-Aireachta, chun na caighdeáin a leagan síos maidir le cosaint chómhalartach faisnéise rúnaicmithe faoin gComhaontú seo:

    (a)

    Stiúrthóireacht Sábháilteachta agus Slándála Ardrúnaíocht na Comhairle;

    (b)

    Stiúrthóireacht Slándála na hArd-Stiúrthóireachta um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil an Choimisiúin Eorpaigh (DG.HR.DS); agus

    (c)

    Stiúrthóireacht Slándála agus Bonneagar SEGS.

    2.   Sula ndéanfar faisnéis rúnaicmithe a sholáthar nó a mhalartú faoin gComhaontú seo, comhaontóidh na húdaráis slándála inniúla dá dtagraítear i mír 1 go bhfuil an Páirtí is faighteoir in ann an fhaisnéis a chosaint ar bhealach atá i gcomhréir leis an socrú cur chun feidhme.

    Airteagal 13

    Comhoibreoidh na Páirtithe a mhéid is indéanta le réasún maidir le slándáil faisnéise rúnaicmithe atá faoi réir an Chomhaontaithe seo agus féadfaidh siad cúnamh frithpháirteach a sholáthar maidir le hábhair leasa choitinn sa réimse maidir le slándáil faisnéise. Déanfaidh na húdaráis slándála inniúla dá dtagraítear in Airteagal 12(1) comhairliúcháin chómhalartacha slándála agus cuairteanna measúnaithe a chur i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na socruithe slándála laistigh dá bhfreagrachtaí faoi seach. Déanfaidh na Páirtithe cinneadh go comhpháirteach maidir le minicíocht agus uainiú na gcomhairliúchán agus na gcuairteanna measúnaithe sin.

    Airteagal 14

    1.   Déanfaidh údarás slándála inniúil de chuid Páirtí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) údarás slándála inniúil an Pháirtí eile a chur ar an eolas láithreach faoi aon chás cruthaithe nó amhrasta ina bhfuil nochtadh neamhúdaraithe nó caillteanas faisnéise rúnaicmithe arna soláthar ag an bPáirtí sin. Déanfaidh údarás slándála inniúil an Pháirtí ábhartha imscrúdú, le cúnamh ón bPáirtí eile más gá, agus tuairisceoidh sé na torthaí don Pháirtí eile.

    2.   Bunóidh na húdaráis slándála inniúla dá dtagraítear in Airteagal 12(1) nósanna imeachta a bheidh le leanúint i gcásanna den sórt sin.

    Airteagal 15

    Íocfaidh gach Páirtí a chostais féin a thabhóidh sé tríd an gComhaontú seo a chur chun feidhme.

    Airteagal 16

    1.   Ní athróidh aon ní sa Chomhaontú seo comhaontuithe ná socruithe idir na Páirtithe ná comhaontuithe ná socruithe idir an Ríocht Aontaithe agus Ballstát amháin nó níos mó.

    2.   Ní choiscfidh an Comhaontú seo ar na Páirtithe comhaontuithe eile a thabhairt i gcrích a bhaineann le soláthar nó malartú faisnéise rúnaicmithe atá faoi réir an Chomhaontaithe seo, ar choinníoll nach bhfuil na comhaontuithe sin ar neamhréir leis na hoibleagáidí faoin gComhaontú seo.

    Airteagal 17

    Tabharfaidh gach Páirtí fógra i scríbhinn don Pháirtí eile faoi aon athruithe ar a dhlíthe, a rialacha agus a rialacháin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chosaint faisnéise rúnaicmithe dá dtagraítear sa Chomhaontú seo.

    Airteagal 18

    Déileálfaidh na Páirtithe le haon díospóidí a éireoidh as léiriú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo trí chomhairliúcháin.

    Airteagal 19

    1.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an dáta céanna a dtiocfaidh an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm, ar choinníoll go mbeidh fógra tugtha ag na Páirtithe, roimh an dáta sin, go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha féin chun a dtoiliú a bheith faoi cheangal curtha i gcrích acu.

    2.   Beidh feidhm ag an gComhaontú seo amhail ó dháta chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair nó ón dáta a mbeidh fógra tugtha ag na Páirtithe dá chéile go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha faoi seach curtha i gcrích acu maidir le faisnéis rúnaicmithe a scaoileadh faoin gComhaontú seo, cibé acu an dáta is déanaí. Mura mbeidh fógra tugtha ag na Páirtithe dá chéile go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha féin chun a dtoiliú a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú seo curtha i gcrích acu faoin dáta a scoirfear de chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige.

    3.   Féadfar an Comhaontú seo a athbhreithniú chun leasuithe a d’fhéadfadh a bheith ann a bhreithniú ar iarraidh ó cheachtar Páirtí.

    4.   Is i scríbhinn amháin, agus trí chomhaontú frithpháirteach na bPáirtithe, a dhéanfar aon leasú ar an gComhaontú seo.

    Airteagal 20

    1.   De bhun Airteagal 779 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, déanfar an Comhaontú seo a fhoirceannadh tráth fhoirceannadh an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair.

    2.   Ní dhéanfaidh foirceannadh an Chomhaontaithe seo difear d’oibleagáidí a rinneadh cheana faoin gComhaontú seo. Go háirithe, leanfaidh an fhaisnéis rúnaicmithe uile a sholáthrófar nó a mhalartófar faoin gComhaontú seo de bheith faoi chosaint i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo.

    Airteagal 21

    Dréachtófar an Comhaontú seo i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris. Faoin 30 Aibreán 2021, cuirfear gach leagan teanga faoi réir ag próiseas athbhreithnithe dhlítheangeolaíoch deiridh. D’ainneoin na habairte roimhe seo, cuirfear an próiseas athbhreithnithe dhlítheangeolaíoch deiridh don leagan Béarla den Chomhaontú i gcrích faoin lá dá dtagraítear in Airteagal 19(1) ar a dhéanaí más luaithe an lá sin ná an 30 Aibreán 2021.

    Rachaidh na leaganacha teanga a thiocfaidh as an bpróiseas athbhreithnithe dhlítheangeolaíoch deiridh thuasluaite in ionad na leaganacha sínithe de Chomhaontú ab initio agus bunófar mar leaganacha barántúla cinntitheacha iad trí mhalartú nótaí taidhleoireachta idir na Páirtithe. definitive by exchange of diplomatic notes between the Parties.

    Съставено в Брюксел и Лондон на тридесети декември две хиляди и двадесета година.

    Hecho en Bruselas y Londres, el treinta de diciembre de dos mil veinte.

    V Bruselu a v Londýně dne třicátého prosince dva tisíce dvacet.

    Udfærdiget i Bruxelles og London, den tredivte december to tusind og tyve.

    Geschehen zu Brüssel und London am dreißigsten Dezember zweitausendzwanzig.

    Kahe tuhande kahekümnenda aasta detsembrikuu kolmekümnendal päeval Brüsselis ja Londonis.

    Έγινε στις Βρυξέλλες και στο Λονδίνο, στις τριάντα Δεκεμβρίου δύο χιλιάδες είκοσι.

    Done at Brussels and London on the thirtieth day of December in the year two thousand and twenty.

    Fait à Bruxelles et à Londres, le trente décembre deux mille vingt..

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain, an tríochadú lá de mhí na Nollag an bhliain dhá mhíle fiche.

    Sastavljeno u Bruxellesu i Londonu tridesetog prosinca godine dvije tisuće dvadesete.

    Fatto a Bruxelles e Londra, addì trenta dicembre duemilaventi.

    Briselē un Londonā, divi tūkstoši divdesmitā gada trīsdesmitajā decembrī.

    Priimta du tūkstančiai dvidešimtų metų gruodžio trisdešimtą dieną Briuselyje ir Londone.

    Kelt Brüsszelben és Londonban, a kétezer-huszadik év december havának harmincadik napján.

    Magħmul fi Brussell u Londra, fit-tletin jum ta’ Diċembru fis-sena elfejn u għoxrin.

    Gedaan te Brussel en Londen, dertig december tweeduizend twintig.

    Sporządzono w Brukseli i Londynie dnia trzydziestego grudnia roku dwa tysiące dwudziestego.

    Feito em Bruxelas e em Londres, em trinta de dezembro de dois mil e vinte.

    Întocmit la Bruxelles și la Londra la treizeci decembrie două mii douăzeci.

    V Bruseli a Londýne tridsiateho decembra dvetisícdvadsať.

    V Bruslju in Londonu, tridesetega decembra dva tisoč dvajset.

    Tehty Brysselissä ja Lontoossa kolmantenakymmenentenä päivänä joulukuuta vuonna kaksituhattakaksikymmentä.

    Som skedde i Bryssel och i London den trettionde december år tjugohundratjugo.

    Image 1

    Image 2


    Top