Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M031

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
    TEIDEAL V - FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
    CAIBIDIL 2 - FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
    ROINN 1 - FORÁLACHA COITEANNA
    Airteagal 31 (sean-Airteagal 23 CAE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 33–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2016/art_31/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/33


    Airteagal 31

    (sean-Airteagal 23 CAE)

    1.   Glacfaidh an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle cinntí faoin gCaibidil seo ag gníomhú dóibh d'aon toil, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Chaibidil seo. Déanfar glacadh gníomhartha reachtacha a eisiamh.

    Agus é ag staonadh ó vótáil, féadfaidh comhalta den Chomhairle a staonadh ó vótáil a cháiliú trí dhearbhú foirmiúil a dhéanamh faoin bhfomhír seo. Sa chás sin, ní bheidh d'oibleagáid air an cinneadh a chur i bhfeidhm ach glacfaidh sé leis go bhfuil an cinneadh de cheangal ar an Aontas. Staonfaidh an Ballstát i dtrácht, de mheon dlúthpháirtíochta frithpháirtí, ó aon ghníomhaíocht ar dóigh di bheith ar neamhréir le gníomhaíocht an Aontais a bheidh bunaithe ar an gcinneadh sin nó gníomhaíocht sin an Aontais a bhac agus urramóidh na Ballstáit eile a sheasamh. Má ionadaíonn líon na gcomhaltaí den Chomhairle a dhéanann a staonadh ó vótáil a cháiliú amhlaidh do thrian ar a laghad de na Ballstáit a chuimsíonn trian ar a laghad de dhaonra an Aontais, ní ghlacfar an cinneadh.

    2.   De mhaolú ar fhorálacha mhír 1, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe:

    nuair a ghlacfaidh sí cinneadh lena saineofar gníomhaíocht nó seasamh Aontais ar bhonn cinneadh ón gComhairle Eorpach a bhaineann le leasanna agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 22(1);

    nuair a ghlacfaidh sí cinneadh lena saineofar gníomhaíocht nó seasamh Aontais, ar thogra arna thíolacadh ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála mar thoradh ar iarraidh shonrach chuig an Ardionadaí ón gComhairle Eorpach ar a tionscnamh féin nó ar thionscnamh an Ardionadaí;

    nuair a ghlacfaidh sí aon chinneadh ag cur cinneadh chun feidhme lena saineofar gníomhaíocht nó seasamh Aontais;

    nuair a ainmneoidh sí ionadaí speisialta i gcomhréir le hAirteagal 33.

    Má dhearbhaíonn comhalta den Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aige, ar chúiseanna bunúsacha sonraithe beartais náisiúnta, cur i gcoinne cinneadh a ghlacadh atá le glacadh trí thromlach cáilithe, ní dhéanfar vótáil. Déanfaidh an tArdionadaí, i ndlúthchomhairle leis an mBallstát i dtrácht, réiteach is inghlactha ag an mBallstát a lorg. Má theipeann ar an iarracht, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar a tharchur chuig an gComhairle Eorpach chun cinneadh a ghlacadh d'aon toil.

    3.   Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh d'aon toil lena bhforálfar go ngníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe i gcásanna seachas na cinn dá dtagraítear i mír 2.

    4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 maidir le cinntí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu.

    5.   I gcás ceisteanna nós imeachta, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach a comhaltaí.


    Top